Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/0353(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0277/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0277/2018

Díospóireachtaí :

PV 16/04/2019 - 21
CRE 16/04/2019 - 21

Vótaí :

PV 17/04/2019 - 8.5
CRE 17/04/2019 - 8.5
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0397

Téacsanna atá glactha
PDF 403kWORD 126k
Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2019 - Strasbourg Eagrán sealadach
Faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí ***I
P8_TA-PROV(2019)0397A8-0277/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011, (AE) Uimh. 528/2012, (AE) Uimh. 2016/424, (AE) Uimh. 2016/425, (AE) Uimh. 2016/426 agus (AE) Uimh. 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha 2004/42/CE, 2009/48/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2013/53/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE, 2014/68/AE agus 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2017)0795 – C8-0004/2018 – 2017/0353(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0795),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), agus d’Airteagail 33, 114 agus 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0004/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Bealtaine 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0277/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 283, 10.8.2018, lch. 19.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011
P8_TC1-COD(2017)0353

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 114 ▌de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Chun saorghluaiseacht táirgí laistigh den Aontas a ráthú, is gá a áirithiú go gcomhlíonann táirgí reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus, dá bhrí sin, go gcomhlíonann siad ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna poiblí amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht i gcoitinne, an tsláinte agus an tsábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, cosaint an chomhshaoil, an tslándáil phoiblí agus cosaint aon leasanna poiblí eile arna gcosaint faoin reachtaíocht sin. Tá forfheidhmiú láidir na gceanglas sin bunriachtanach chun na leasanna sin a chosaint agus chun na dálaí a chruthú inar féidir borradh a theacht faoin iomaíocht chóir i margadh earraí an Aontais. Dá bhrí sin, tá gá le rialacha chun an forfheidhmiú sin a áirithiú, gan beann ar tháirgí a bheith á gcur ar an margadh trí mhodhanna as líne nó ar líne agus gan beann ar cibé acu a mhonaraítear san Aontas iad nó nach monaraítear.

(2)  Le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú cumhdaítear sciar mór de tháirgí monaraithe. Cuireann táirgí neamhchomhlíontacha agus contúirteacha na saoránaigh i mbaol, agus d’fhéadfaidís an iomaíocht le hoibreoirí eacnamaíocha a dhíolann táirgí comhlíontacha laistigh den Aontas a shaobhadh.

(3)  Sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Upgrading the Single Market: more opportunities for people and business’ [‘An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí’], aithníodh mar thosaíocht an margadh aonair d’earraí a neartú trí thuilleadh iarrachta a dhéanamh le cosc a chur le táirgí neamhchomhlíontacha a chur ar mhargadh an Aontais. Ba cheart é sin a bhaint amach trí fhaireachas margaidh a neartú, rialacha soiléire, trédhearcacha agus cuimsitheacha a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha, na rialuithe comhlíonta a dhéanamh níos déine agus comhar trasteorann níos dlúithe idir údaráis forfheidhmiúcháin a chur chun cinn, lena n-áirítear comhar le húdaráis chustaim.

(4)  Leis an gcreat faireachais margaidh a bhunaítear leis an Rialachán seo ba cheart comhlánú agus neartú a dhéanamh ar na forálacha atá i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú cheana maidir le comhlíonadh táirgí a áirithiú agus an creat um chomhar le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí eacnamaíocha nó úsáideoirí deiridh, faireachas margaidh ar tháirgí agus rialuithe ar na táirgí sin atá ag teacht isteach san Aontas. I gcomhréir leis an bprionsabal lex specialis, áfach, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin a mhéid nach ann d’aon fhorálacha sonracha a bhfuil an cuspóir céanna nó an éifeacht chéanna acu, nó ar den chineál céanna iad, i rialacha eile atá ann nó a bheidh ann amach anseo de chuid reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag forálacha comhfhreagracha an Rialacháin seo sna réimsí a chumhdaítear le forálacha sonracha den sórt sin, cuir i gcás iad siúd a leagtar amach i Rialacháin (CE) Uimh. 1223/2009(3), (AE) 2017/745(4) agus (AE) 2017/746(5), lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le húsáid an bhunachair sonraí Eorpaigh i ndáil le feistí leighis (EUDAMED), agus (AE) 2018/858(6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)  I dTreoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) leagtar síos na ceanglais sábháilteachta ginearálta atá ar gach táirge tomhaltais agus foráiltear maidir le hoibleagáidí agus cumhachtaí sonracha de chuid na mBallstát maidir le táirgí contúirteacha mar aon le malartú faisnéise chuige sin tríd an gCóras Mear-Mhalartú Faisnéise (RAPEX). Ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis faireachais margaidh na bearta is sonraí atá ar fáil dóibh faoin Treoir sin a ghlacadh. Chun leibhéal níos airde sábháilteachta a bhaint amach do tháirgí tomhaltais, ba cheart na sásraí um malartú faisnéise agus um idirghabháil mhear dá bhforáiltear i dTreoir 2001/95/CE a dhéanamh níos éifeachtaí.

(6)  Leis na forálacha maidir le faireachas margaidh sa Rialachán seo ba cheart táirgí a chumhdach atá faoi réir na reachtaíochta de chuid an Aontais um chomhchuibhiú a liostaítear in ▌Iarscríbhinn I a bhaineann le táirgí monaraithe seachas bia, beatha, táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena n-úsáid sa tréidliacht, plandaí beo agus ainmhithe beo, táirgí de thionscnamh an duine agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo. Leis sin, áiritheofar creat aonfhoirmeach chun faireachas margaidh a dhéanamh ar na táirgí sin ar leibhéal an Aontais agus cuideofar le muinín tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile i dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a mhéadú. Má ghlactar reachtaíocht nua de chuid an Aontais um chomhchuibhiú amach anseo, beidh foráil le déanamh sa reachtaíocht sin maidir le feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an reachtaíocht sin.

(7)  Ba cheart Airteagail 15 go 29 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) lena leagtar síos creat Comhphobail faireachais margaidh agus rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Chomhphobail a scriosadh agus ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad na bhforálacha faoi seach. Áirítear leis an gcreat sin na forálacha maidir le rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Chomhphobail, in Airteagail 27, 28 agus 29 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, a bhfuil feidhm acu ní hamháin maidir le táirgí atá faoi chumhdach an chreata faireachais margaidh, ach maidir leis na táirgí uile a mhéid nach bhfuil forálacha sonracha i ndlí eile de chuid an Aontais maidir le heagrú rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, cur le raon feidhme fhorálacha an Rialacháin seo maidir le táirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais chun go gcumhdófar na táirgí uile.

(8)  Chun an creat reachtach foriomlán a chuíchóiriú agus a shimpliú, agus cuspóir na Rialála Níos Fearr á shaothrú ag an am céanna, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha is infheidhme maidir le rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais agus iad a chomhtháthú i gcreat reachtach aonair le haghaidh rialuithe ar tháirgí ag teorainneacha seachtracha an Aontais.

(9)  Ba cheart an fhreagracht as reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a fhorfheidhmiú a bheith ar na Ballstáit, agus ba cheart ceangal a bheith ar a n-údaráis faireachais margaidh a áirithiú go gcomhlíontar an reachtaíocht go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit, mar sin, cineálacha cur chuige córasacha a chur ar bun le héifeachtacht an fhaireachais margaidh agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin eile a áirithiú. I ndáil leis sin, ba cheart an mhodheolaíocht agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí a chomhchuibhiú tuilleadh i ngach Ballstát chun cothrom iomaíochta a áirithiú do na hoibreoirí eacnamaíocha ar fad.

(10)  Chun cuidiú le húdaráis faireachais margaidh an comhleanúnachas ina gcuid gníomhaíochtaí maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a neartú, ba cheart córas éifeachtach athbhreithnithe piaraí a bhunú do na húdaráis faireachais margaidh sin ar mian leo a bheith rannpháirteach.

(11)  Ba cheart sainmhínithe áirithe a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 faoi láthair a ailíniú le sainmhínithe a leagtar amach i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart iad a bheith ina léiriú ar ollstruchtúr na slabhraí soláthair nua-aimseartha. Níor cheart aon oibleagáidí a bhaint de na monaróirí de thoradh an tsainmhínithe ar ‘mhonaróir’ sa Rialachán seo, ar oibleagáidí iad a d’fhéadfadh a bheith orthu faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ina gcuirtear sainmhínithe sonracha ar mhonaróirí i bhfeidhm, ina bhféadfaí aon duine nádúrtha nó dlítheanach a áireamh a mhodhnaíonn táirge atá curtha ar an margadh cheana féin ar bhealach lena bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú agus a chuireann ar an margadh é, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a chuireann táirge ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc.

(12)  Ba cheart a bheith ag súil leis go n-iompróidh na hoibreoirí eacnamaíocha feadh an tslabhra soláthair ar fad iad féin go freagrach agus i lán-chomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme agus iad ag cur táirgí ar an margadh nó á gcur ar fáil ar an margadh, chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú maidir le táirgí a áirithiú. Níor cheart gur dochar an Rialachán seo do na hoibleagáidí a chomhfhreagraíonn do róil gach ceann de na hoibreoirí eacnamaíocha i bpróiseas an tsoláthair agus an dáilte de bhun forálacha sonracha i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, agus ba cheart an fhreagracht deiridh a bheith ar an monaróir fós go gcomhlíonann an táirge na ceanglais atá i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

(13)  Mar gheall ar na dúshláin a bhaineann leis an margadh domhanda agus na slabhraí soláthair a bheith ag éirí níos casta, mar aon leis an méadú atá tagtha ar an líon táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne le húsáideoirí deiridh laistigh den Aontas, tá gá le bearta forfheidhmiúcháin a neartú, chun sábháilteacht na dtomhaltóirí a áirithiú. Sa bhreis air sin, tá sé léirithe ag an taithí phraiticiúil a fuarthas ar fhaireachas margaidh go mbaineann na slabhraí soláthair sin uaireanta le hoibreoirí eacnamaíocha nach n-oireann go héasca, mar gheall ar a gcineál nuálach, do na slabhraí traidisiúnta soláthair de réir an chreata dhlíthiúil atá ann cheana. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás soláthraithe seirbhíse comhlíonta, a bhfuil cuid mhaith de na feidhmeanna céanna acu is atá ag allmhaireoirí ach nach mbeadh ag teacht i gcónaí leis an sainmhíniú traidisiúnta ar allmhaireoir i ndlí an Aontais. Chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis faireachais margaidh na freagrachtaí atá orthu a chur i gcrích go héifeachtach agus chun bearna sa chóras forfheidhmiúcháin a sheachaint, is iomchuí soláthraithe seirbhíse comhlíonta a chur san áireamh laistigh de liosta na n-oibreoirí eacnamaíocha a bhféadfadh na húdaráis faireachais margaidh bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh ina n-aghaidh. Trí sholáthraithe seirbhíse comhlíonta a chur san áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, is fearr a bheidh na húdaráis faireachais margaidh in ann déileáil le cineálacha nua gníomhaíochta eacnamaíche chun sábháilteacht na dtomhaltóirí agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfeidhmíonn an t-oibreoir eacnamaíoch mar allmhaireoir maidir le táirgí áirithe agus mar sholáthraí seirbhíse comhlíonta maidir le táirgí eile.

(14)  Tá a lán oibreoirí eacnamaíocha éagsúla ann i slabhraí soláthair an lae inniu ar cheart dóibh go léir a bheith faoi réir fhorfheidhmiú reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, agus a ról faoi seach sa slabhra soláthair agus an méid a chuireann siad le táirgí a chur ar fáil do mhargadh an Aontais á chur san áireamh go cuí. Dá bhrí sin, is gá an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a bhfuil baint dhíreach acu le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, amhail táirgeoir earra agus an t-úsáideoir foghabhálach mar a shainmhínítear iad i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) agus i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10), an suiteálaí mar a shainmhínítear é i dTreoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), an soláthróir mar a shainmhínítear é i Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) nó an déileálaí mar a shainmhínítear é i Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13).

(15)  I gcás táirge a tháirgtear lena dhíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin, ba cheart a mheas go bhfuil an táirge curtha ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint díolacháin dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas. I gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach, ba cheart anailís de réir an cháis a dhéanamh chun a shuí an bhfuil tairiscint dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas. Ba cheart a mheas go bhfuil tairiscint díolacháin dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas má dhíríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chuid gníomhaíochtaí, ar aon bhealach, ar Bhallstát. Maidir leis an anailís de réir an cháis, is gá imthosca ábhartha a chur san áireamh, amhail na ceantair gheografacha ar féidir seachadadh chucu, na teangacha atá ar fáil nó a úsáidtear don tairiscint nó don ordú nó modhanna íocaíochta. I gcás na ndíolachán ar líne, ní leor díreach go mbeadh suíomh gréasáin na n-oibreoirí eacnamaíocha nó na n-idirghabhálaithe inrochtana sa Bhallstát ina bhfuil an t-úsáideoir deiridh bunaithe nó ina bhfuil sainchónaí air.

(16)  Ina theannta sin, tá an ríomhthráchtáil tagtha chun cinn, cuid mhór, mar gheall ar iomadú na soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise, trí ardáin agus ar íocaíocht de ghnáth, a thairgeann seirbhísí idirghabhálacha trí inneachar tríú páirtí a stóráil, gan aon smacht a bheith acu ar an inneachar sin, agus nach bhfuil siad ag gníomhú thar ceann an oibreora eacnamaíoch dá bhrí sin. Má bhaintear inneachar a bhaineann le táirgí neamhchomhlíontacha nó, mura féidir sin, má chuirtear srian le rochtain ar tháirgí neamhchomhlíontacha a thairgtear trína seirbhísí, ba cheart sin a bheith gan dochar do na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14). Go háirithe, níor cheart aon oibleagáid ghinearálta a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse sochaí faisnéise faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann siad nó a stórálann siad, ná níor cheart oibleagáid ghinearálta a fhorchur orthu fíorais nó tosca a lorg go gníomhach a léireodh gníomhaíocht mhídhleathach. Thairis sin, níor cheart soláthraithe seirbhíse óstála a chur faoi dhliteanas fad is nach bhfuil eolas iarbhír acu ar ghníomhaíocht mhídhleathach nó ar fhaisnéis mhídhleathach agus nach bhfuil siad ar an eolas faoi na fíorais nó faoi na tosca a léiríonn an ghníomhaíocht mhídhleathach nó an fhaisnéis mhídhleathach.

(17)  Cé nach ndéileáiltear le cosaint na gceart maoine intleachtúla sa Rialachán seo, ba cheart a choinneáil san áireamh dá ainneoin sin gur minic nach gcomhlíonann táirgí góchumtha na ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, go mbaineann rioscaí leis na táirgí góchumtha do shláinte agus do shábháilteacht úsáideoirí deiridh, go saobhann siad iomaíocht, go gcuireann siad an leas poiblí i mbaol agus go dtacaíonn siad le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit leanúint de bhearta éifeachtacha a dhéanamh chun cosc a chur le táirgí góchumtha teacht isteach i margadh an Aontais de bhun Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15).

(18)  Ba cheart a áirithiú le margadh aonair níos córa dálaí cothroma iomaíochta do na hoibreoirí eacnamaíocha uile agus cosaint ar iomaíocht éagórach. Chun na críche sin, is gá forfheidhmiú neartaithe ar reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú maidir le táirgí. Tá an comhar maith idir monaróirí agus na húdaráis faireachais margaidh ina eilimint ríthábhachtach a fhágann gur féidir idirghabháil agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh láithreach i dtaobh an táirge. Tá sé tábhachtach i gcás táirgí áirithe go mbeadh oibreoir eacnamaíoch bunaithe san Aontas chun go mbeidh duine ann a bhféadann na húdaráis faireachais margaidh iarrataí a chur faoina bhráid, lena n-áirítear iarrataí chun faisnéis a sholáthar maidir le comhlíonadh reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ag táirge, agus ar féidir leis oibriú i gcomhar leis na húdaráis faireachais margaidh chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht cheartaitheach láithreach chun cásanna neamhchomhlíonta a leigheas. Maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha ar cheart dóibh na cúraimí sin a dhéanamh, is é ba cheart a bheith iontu ná an monaróir, nó an t-allmhaireoir nuair nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas, nó ionadaí údaraithe a bhfuil sainordú tugtha dó ag an monaróir chun na críche sin, nó soláthraí seirbhíse comhlíonta atá bunaithe san Aontas le haghaidh táirgí a láimhseálann sé nuair nach bhfuil aon oibreoir eacnamaíoch eile bunaithe san Aontas.

(19)  Cruthaíonn forbairt na ríomhthráchtála dúshláin áirithe d’údaráis faireachais margaidh i dtaca le comhlíonadh na dtáirgí a tháirgtear lena ndíol ar líne a áirithiú agus maidir le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Tá méadú ag teacht ar líon na n-oibreoirí eacnamaíocha a thairgeann táirgí go díreach do thomhaltóirí trí mhodhanna leictreonacha. Dá bhrí sin, tá ról bunriachtanach ag oibreoirí eacnamaíocha ar a bhfuil cúraimí maidir le táirgí áirithe atá faoi réir reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais um chomhchuibhiú trí theagmhálaí atá bunaithe san Aontas a chur ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh, agus trí thabhairt faoi shainchúraimí in am trátha chun a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí ceanglais reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, ar mhaithe le tomhaltóirí, úsáideoirí deiridh eile agus gnólachtaí laistigh den Aontas.

(20)  Ba cheart oibleagáidí an oibreora eacnamaíoch ar a bhfuil cúraimí maidir le táirgí atá faoi réir reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais um chomhchuibhiú a bheith gan dochar do na hoibleagáidí agus na freagrachtaí atá ar an monaróir, ar an allmhaireoir agus ar an ionadaí údaraithe cheana faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú.

(21)  Maidir le hoibleagáidí an Rialacháin seo lena gcuirtear ceangal ar an oibreoir eacnamaíoch a bheith bunaithe san Aontas chun táirgí a chur ar mhargadh an Aontais, níor cheart feidhm a bheith acu ach maidir le réimsí inar sainaithníodh go bhfuil gá le hoibreoir eacnamaíoch chun feidhmiú mar phointe idirchaidrimh do na húdaráis faireachais margaidh, ag cur san áireamh cur chuige rioscabhunaithe, ag tabhairt aird ar phrionsabal na comhréireachta agus ag cur san áireamh ardleibhéal cosanta na n-úsáideoirí deiridh san Aontas.

(22)  Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin i gcás ina mbaintear an toradh céanna amach i ndáiríre leis na ceanglais shonracha a leagtar amach i ngníomhartha áirithe dlí maidir le táirgí, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16), Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17), Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18), Treoir 2014/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19), Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20), Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21), Rialachán (AE) 2017/745, Rialachán (AE) 2017/746, Rialachán (AE) 2017/1369 agus Rialachán (AE) 2018/858. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar chásanna ina bhfuil na rioscaí nó na cásanna neamhchomhlíonta a d’fhéadfadh a bheith ann íseal, nó ina dtrádáiltear táirgí go príomha trí shlabhraí traidisiúnta soláthair, arb amhlaidh atá, mar shampla, i gcás Threoir 2014/33/AE, Rialachán (AE) 2016/424/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22) agus Threoir 2010/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23).

(23)  Ba cheart faisnéis teagmhála na n-oibreoirí eacnamaíocha ar a bhfuil cúraimí maidir le táirgí atá faoi réir reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais um chomhchuibhiú a chur in iúl i dteannta an táirge chun seiceálacha feadh an tslabhra soláthair a éascú.

(24)  Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha oibriú i gcomhar iomlán le húdaráis faireachais margaidh agus le húdaráis inniúla eile chun feidhmiú rianúil an fhaireachais margaidh a áirithiú agus chun gur féidir leis na húdaráis a gcúraimí a dhéanamh. Áirítear leis sin, i gcás ina n-iarrann na húdaráis sin, faisnéis teagmhála na n-oibreoirí eacnamaíocha ar a bhfuil cúraimí maidir le táirgí atá faoi réir reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais um chomhchuibhiú a sholáthar i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil dóibh.

(25)  Ba cheart rochtain éasca a bheith ag na hoibreoirí eacnamaíocha ar fhaisnéis ardcháilíochta agus chuimsitheach. Ós rud é go bhforáiltear leis an tairseach aonair dhigiteach a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24) do phointe aonair rochtana ar líne ar fhaisnéis, is féidir é a úsáid i ndáil le faisnéis ábhartha faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun rochtain a áirithiú ar na Pointí Teagmhála do Tháirgí a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(25)(26) chun cuidiú leis na hoibreoirí eacnamaíocha a gcuid iarrataí ar fhaisnéis a dhéanamh mar is cuí. Níor cheart an treoir faoi shaincheisteanna a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin chomhchuibhithe nó dearadh táirge shonraigh a bheith mar chuid de na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit agus faisnéis den sórt sin á soláthar.

(26)  Is féidir le húdaráis faireachais margaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh le húdaráis eile nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí eacnamaíocha nó úsáideoirí deiridh, d’fhonn comhlíonadh a chur chun cinn, neamhchomhlíonadh a shainaithint, feasacht a ardú agus treoir a thabhairt faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus i ndáil le catagóirí sonracha táirgí, lena n-áirítear iad siúd a thairgtear lena ndíol ar líne.

(27)  Ba cheart do na Ballstáit a n-údaráis faireachais margaidh féin a ainmniú. Níor cheart go gcuirfí cosc ar na Ballstáit leis an Rialachán seo na húdaráis inniúla a roghnú chun na cúraimí faireachais margaidh a dhéanamh. Chun cúnamh riaracháin agus comhar a éascú, ba cheart do na Ballstáit oifig idirchaidrimh aonair a cheapadh. Ba cheart d’oifigí idirchaidrimh aonair an seasamh comhordaithe ar a laghad idir na húdaráis faireachais margaidh agus na húdaráis atá i gceannas ar an rialú ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais a léiriú.

(28)  Tá dúshláin áirithe ag baint leis an ríomhthráchtáil do na húdaráis faireachais margaidh a mhéid a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh a chosaint ar tháirgí neamhchomhlíontacha. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-eagraítear a gcuid faireachais margaidh i leith táirgí a chuirtear ar fáil ar líne leis an éifeachtacht chéanna agus a eagraítear a gcuid faireachais margaidh i leith táirgí a chuirtear ar fáil as líne.

(29)  Agus iad i mbun faireachas margaidh ar tháirgí a thairgtear lena ndíol ar líne, bíonn deacrachtaí go leor ag na húdaráis faireachais margaidh, amhail táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne a rianú, na hoibreoirí eacnamaíocha atá freagrach a shainaithint, nó measúnuithe riosca nó tástálacha a dhéanamh cheal rochtain fhisiceach ar tháirgí. Sa bhreis ar na ceanglais a thugtar isteach leis an Rialachán seo, spreagtar na Ballstáit le húsáid a bhaint as treoir chomhlántach agus dea-chleachtais le haghaidh an fhaireachais margaidh agus le haghaidh na cumarsáide le gnólachtaí agus tomhaltóirí.

(30)  Ba cheart aird ar leith a dhíriú ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, á chur san áireamh go bhfuil tomhaltóirí ag baint níos mó úsáide de réir a chéile as gairis nasctha ina saol laethúil. Dá bhrí sin, ba cheart aghaidh a thabhairt i gcreat rialála an Aontais ar na rioscaí nua chun sábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh a áirithiú.

(31)  I ré na forbartha leanúnaí ar theicneolaíochtaí digiteacha, ba cheart féachaint ar réitigh nua a d’fhéadfadh rannchuidiú leis an bhfaireachas margaidh éifeachtach laistigh den Aontas.

(32)  Ba cheart an faireachas margaidh a bheith críochnúil agus éifeachtach, chun a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú maidir le táirgí i bhfeidhm go cuí. Ós rud é go bhféadfadh rialuithe a bheith ina n-ualach ar oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh gníomhaíochtaí cigireachta a eagrú agus a dhéanamh ar bhonn cur chuige rioscabhunaithe, ag cur leasanna na n-oibreoirí eacnamaíocha sin san áireamh agus an t-ualach réamhráite a theorannú don mhéid is gá chun rialuithe éifeachtúla éifeachtacha a dhéanamh. Thairis sin, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit an faireachas margaidh a dhéanamh leis an leibhéal céanna cúraim, gan beann ar neamhchomhlíonadh an táirge ar leith a bheith ábhartha ar chríoch an Bhallstáit sin nó an dóchúlacht tionchar a bheith aige ar mhargadh Ballstáit eile. D’fhéadfadh an Coimisiún coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe cigireachta arna ndéanamh ag na húdaráis faireachais margaidh i gcás ina mbaineann rioscaí sonracha le táirgí nó catagóirí táirgí nó i gcás ina ndéanann siad sárú tromchúiseach ar reachtaíocht is infheidhme an Aontais um chomhchuibhiú.

(33)  Bíonn ar na húdaráis faireachais margaidh, agus iad i mbun a gcuid dualgas, dul i ngleic le heasnaimh éagsúla ó thaobh acmhainní agus sásraí comhordúcháin de, mar aon le cumhachtaí maidir le táirgí neamhchomhlíontacha. Ciallaíonn na héagsúlachtaí sin go ndéantar forfheidhmiú ilroinnte ar reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus go mbíonn an faireachas margaidh níos déine i roinnt Ballstát thar a chéile, rud a d’fhéadfadh an cothrom iomaíochta i measc gnólachtaí a chur i mbaol agus éagothromaíochtaí a chruthú ó thaobh leibhéal sábháilteachta na dtáirgí ar fud an Aontais.

(34)  Chun a áirithiú go bhforfheidhmeofar reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú maidir le táirgí go cuí, ba cheart sraith chomhchoiteann cumhachtaí imscrúdaitheacha agus forfheidhmiúcháin a bheith ag na húdaráis faireachais margaidh, a fhágfaidh go mbeifear in ann tuilleadh comhair a dhéanamh idir údaráis faireachais margaidh agus gur éifeachtaí an díspreagadh maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a sháraíonn reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú dá dtoil féin. Ba cheart na cumhachtaí sin a bheith láidir go leor chun dul i ngleic leis na dúshláin forfheidhmiúcháin a bhaineann le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, mar aon le dúshláin na ríomhthráchtála agus na timpeallachta digití agus le cosc a chur ar oibreoirí eacnamaíocha leas a bhaint as bearnaí i gcóras an fhorfheidhmithe trí athlonnú i mBallstáit nach bhfuil sé d’acmhainn ag a n-údaráis faireachais margaidh dul i ngleic le cleachtais neamhdhleathacha. Go háirithe, ba cheart a áirithiú leis na cumhachtaí gur féidir faisnéis agus fianaise a mhalartú idir údaráis inniúla chun go bhféadfar forfheidhmiú a dhéanamh mar an gcéanna i ngach uile Bhallstát.

(35)  Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do shaoirse na mBallstát an córas forfheidhmiúcháin a roghnú a mheasann siad is iomchuí. Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an féidir lena n-údaráis faireachais margaidh imscrúdú agus forfheidhmiú a dhéanamh go díreach faoina n-údarás féin, trí dhul ar iontaoibh na n-údarás poiblí eile nó trí iarratas a dhéanamh ar na cúirteanna inniúla.

(36)  Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann tús a chur le himscrúduithe ar a dtionscnamh féin má fhaigheann siad amach gur cuireadh táirgí neamhchomhlíontacha ar an margadh.

(37)  Ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis faireachais margaidh ar an bhfianaise, ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis uile is gá a bhaineann leis an ábhar atá á imscrúdú chun a chinneadh ar sáraíodh an reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú, agus go háirithe chun an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach a shainaithint, is cuma cé aige a bhfuil an fhianaise, na sonraí nó an fhaisnéis atá i gceist agus is cuma cá bhfuil siad agus cén formáid ina bhfuil siad. Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann iarraidh ar oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear iad siúd atá sa slabhra breisluacha digiteach, an fhianaise, na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar.

(38)  Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann na cigireachtaí ar an láthair is gá a dhéanamh, agus ba cheart an chumhacht a bheith acu dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh nó ar aon mhodh iompair a úsáideann an t-oibreoir eacnamaíoch chun críocha a bhaineann lena ghníomhaíocht tráchtála, a ghnó, a cheird nó a ghairm.

(39)  Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann a cheangal ar ionadaí nó ar bhall foirne ábhartha de chuid an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann mínithe a thabhairt nó fíorais, faisnéis nó doiciméid a sholáthar a bhaineann le hábhar na cigireachta ar an láthair, agus na freagraí a thugann an t-ionadaí sin nó an ball ábhartha foirne sin a thaifeadadh.

(40)  Ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann a sheiceáil an gcomhlíonann táirgí atá le cur ar fáil ar an margadh reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus fianaise de neamhchomhlíonadh a fháil. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a bheith acu táirgí a fháil agus, mura féidir an fhianaise a fháil ar bhealaí eile, táirgí a cheannach faoi chéannacht cheilte.

(41)  Sa timpeallacht dhigiteach go háirithe, ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann deireadh a chur le neamhchomhlíonadh go gasta agus go héifeachtach, go háirithe i gcás ina gceilfidh an t-oibreoir eacnamaíoch a dhíolann an táirge a aitheantas nó ina n-athlonnóidh sé laistigh den Aontas nó chuig tríú tír chun an forfheidhmiú a sheachaint. I gcásanna ina bhfuil riosca ann go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeigheasta d’úsáideoirí deiridh de dheasca an neamhchomhlíonta, ba cheart na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann bearta ▌a dhéanamh, i gcás údar cuí a bheith leo agus iad a bheith comhréireach agus mura bhfuil bealach eile ann chun an díobháil sin a sheachaint nó a mhaolú, lena n-áirítear, i gcás inar gá, a cheangal go mbainfí inneachar den chomhéadan ar líne nó go dtaispeánfaí rabhadh. Nuair nach gcloítear le hiarraidh den sórt sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an údarás ábhartha a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse sochaí faisnéise srian a chur le rochtain ar an gcomhéadan ar líne. Ba cheart na bearta sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE. ▌

(42)  Le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus leis na cumhachtaí a fheidhmiú agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart dlí eile an Aontais agus an dlí náisiúnta eile freisin a chomhlíonadh, mar shampla Treoir 2000/31/CE, lena n-áirítear na coimircí nós imeachta is infheidhme agus prionsabail na gceart bunúsach. Ba cheart an cur chun feidhme sin agus feidhmiú na gcumhachtaí sin a bheith comhréireach agus leordhóthanach freisin i bhfianaise chineál an tsáraithe agus i bhfianaise na díobhála iarbhír agus ionchasaí foriomláine a bheadh ag an sárú. Ba cheart do na húdaráis inniúla fíorais agus imthosca uile an cháis a chur san áireamh agus ba cheart dóibh na bearta is iomchuí a roghnú, eadhon na bearta sin atá fíor-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart na bearta sin a bheith comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach. Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit i gcónaí coinníollacha agus teorainneacha a leagan amach chun na cumhachtaí chun dualgais a chomhlíonadh sa dlí náisiúnta a fheidhmiú. I gcás, mar shampla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ina gceanglaítear réamhúdarú ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann chun dul isteach ar áitreabh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, níor cheart an chumhacht chun dul isteach ar an áitreabh sin a úsáid ach tar éis an réamhúdarú sin a fháil.

(43)  Feidhmíonn na húdaráis faireachais margaidh chun leas na n-oibreoirí eacnamaíocha, na n-úsáideoirí deiridh, agus an phobail, chun a áirithiú go gcaomhnaítear agus go gcosnaítear i gcónaí, trí bhearta forfheidhmiúcháin cuí, na leasanna poiblí a chumhdaítear le reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú maidir le táirgí, agus go n-áirithítear comhlíonadh na reachtaíochta sin feadh an tslabhra soláthair trí sheiceálacha iomchuí, ag cur san áireamh nach féidir seiceálacha riaracháin amháin, i gcuid mhór cásanna, a chur in ionad na seiceálacha fisiceacha agus saotharlainne chun a fhíorú go gcomhlíonann táirgí reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú agus iad i mbun a gcuid gníomhaíochtaí agus ba cheart dóibh a chur ar fáil don phobal i gcoitinne aon fhaisnéis a mheasann siad a bheith ábhartha chun leasanna úsáideoirí deiridh san Aontas a chosaint.

(44)  Níor cheart gur dochar an Rialachán seo d’fheidhmiú RAPEX i gcomhréir le Treoir 2001/95/CE ▌.

(45)  Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar don nós imeachta um chlásal coimirce dá bhforáiltear i reachtaíocht earnálach an Aontais um chomhchuibhiú, de bhun Airteagal 114(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. D’fhonn leibhéal coibhéiseach cosanta a áirithiú ar fud an Aontais, tá na Ballstáit údaraithe bearta ▌a dhéanamh maidir le táirgí lena mbaineann riosca don tsláinte nó don tsábháilteacht, nó do ghnéithe eile de chosaint an leasa phoiblí. Tá ceangal orthu freisin fógra a thabhairt faoi na bearta sin do na Ballstáit eile agus don Choimisiún, chun go bhféadfadh an Coimisiún seasamh a ghlacadh i dtaobh an bhfuil údar cuí leis na bearta náisiúnta a chuireann srian le saorghluaiseachta táirgí d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

(46)  Ba cheart an malartú faisnéise idir údaráis faireachais margaidh, agus úsáid fianaise agus fionnachtana imscrúduithe prionsabal na rúndachta a urramú. Ba cheart faisnéis a láimhseáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, chun a áirithiú nach gcuirtear imscrúduithe i mbaol agus nach ndéantar dochar do chlú an oibreora eacnamaíoch.

(47)  I gcás, chun críocha an Rialacháin seo, inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart é sin a dhéanamh de réir dhlí an Aontais um chosaint sonraí pearsanta. Tá aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo faoi réir Rialacháin (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28), de réir mar is infheidhme.

(48)  Chun éifeachtacht agus comhréireacht na tástála ar fud an Aontais a áirithiú sa chreat faireachais margaidh maidir le táirgí sonracha nó catagóir nó grúpa sonrach táirgí nó le haghaidh rioscaí sonracha a bhaineann le catagóir nó grúpa táirgí, d’fhéadfadh an Coimisiún saoráidí tástála dá chuid féin nó saoráidí tástála poiblí Ballstáit a ainmniú mar shaoráid tástála de chuid an Aontais. Ba cheart saoráidí tástála uile an Aontais a bheith creidiúnaithe i gcomhréir le ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Chun coinbhleacht leasa a sheachaint, níor cheart go gcuirfeadh saoráidí tástála an Aontais seirbhísí ar fáil ach d’údaráis faireachais margaidh, don Choimisiún, do Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí (“an Líonra”) agus d’eintitis rialtais nó idir-rialtais eile.

(49)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha i gcónaí ar fáil chun foireann agus trealamh a sholáthar go cuí do na húdaráis faireachais margaidh. Tá faireachas margaidh éifeachtúil dian ó thaobh acmhainní de, agus ba cheart acmhainní cobhsaí a chur ar fáil, ag leibhéal atá iomchuí do riachtanais an fhorfheidhmithe ag aon am ar leith. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit an maoiniú poiblí a fhorlíonadh trí na costais a thabhaítear agus faireachas margaidh á dhéanamh maidir le táirgí a fuarthas amach go raibh siad neamhchomhlíontach a éileamh ar aisó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

(50)  Ba cheart sásraí cúnaimh fhrithpháirtigh a bhunú, toisc go bhfuil sé ríthábhachtach do mhargadh earraí an Aontais go n-oibreodh údaráis faireachais margaidh na mBallstát i gcomhar le chéile go héifeachtach. Ba cheart do na húdaráis gníomhú de mheon macánta agus, mar phrionsabal ginearálta, glacadh le hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach, go háirithe iad siúd a bhaineann le rochtain ar dhearbhú comhréireachta AE, ar dhearbhú feidhmíochta agus ar dhoiciméadacht theicniúil.

(51)  Is iomchuí go n-ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as an reachtaíocht custaim a chur i bhfeidhm agus aon údaráis eile a bheidh, de réir dlí náisiúnta, i gceannas ar rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais.

(52)  Ba mhodh éifeachtach é le seachaint go gcuirfí táirgí neamhshábháilte nó neamhchomhlíontacha ar mhargadh an Aontais na táirgí sin a bhrath sula scaoilfí i saorchúrsaíocht iad. Tá forléargas iomlán ag na húdaráis ▌atá i gceannas ar rialú na dtáirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais ar shreafaí trádála thar na teorainneacha seachtracha an Aontais agus, dá bhrí sin, ba cheart a cheangal orthu rialuithe iomchuí a dhéanamh ar bhonn measúnú riosca, chun an margadh a dhéanamh níos sábháilte, lena n-áirithítear ardleibhéal cosanta do leasanna poiblí. Is faoi na Ballstáit atá sé na húdaráis shonracha a ainmniú atá le bheith freagrach as na seiceálacha iomchuí doiciméadacha agus, i gcás inar gá, as na seiceálacha iomchuí fisiceacha nó saotharlainne a dhéanamh ar tháirgí sula scaoilfear na táirgí sin i saorchúrsaíocht. Ní féidir forfheidhmiú aonfhoirmeach a bhaint amach maidir le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú maidir le táirgí ach amháin trí chomhar córasach agus trí mhalartú faisnéise idir údaráis faireachais margaidh agus údaráis eile arna n-ainmniú mar údaráis atá i gceannas ar rialú na dtáirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais. An fhaisnéis uile is gá maidir le táirgí neamhchomhlíontacha nó faisnéis faoi oibreoirí eacnamaíocha ar aithníodh riosca níos airde neamhchomhlíonta ina leith, ba cheart na húdaráis sin an fhaisnéis sin a fháil i bhfad roimh ré ó na húdaráis faireachais margaidh. Dá réir sin, ba cheart do na húdaráis ▌atá i gceannas ar rialú na dtáirgí atá ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais na húdaráis faireachais margaidh a chur ar an eolas in am trátha faoi scaoileadh táirgí i saorchúrsaíocht agus faoi thorthaí rialuithe i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha maidir le forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú maidir le táirgí. Thairis sin, i gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint le táirge allmhairithe, ba cheart dó na Ballstáit a chur ar an eolas faoin riosca sin chun a áirithiú go ndéanfar rialuithe comhordaithe agus níos éifeachtaí ar chomhlíonadh agus ar fhorfheidhmiú ag na chéad phointí iontrála san Aontas.

(53)  Ba cheart a mheabhrú d’allmhaireoirí go bhforáiltear le hAirteagail 220, 254, 256, 257 agus 258 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29) go ndéanfar na táirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais a bhfuil tuilleadh próiseála ag teastáil uathu chun go gcomhlíonfaidh siad an reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú a chur faoin nós imeachta custaim iomchuí faoinar féidir leis an allmhaireoir an phróiseáil sin a dhéanamh. Go ginearálta, níor cheart scaoileadh i saorchúrsaíocht a mheas mar chruthúnas ar chomhlíonadh dhlí an Aontais, toisc nach gá go mbeadh seiceáil iomlán maidir le comhlíonadh mar chuid den scaoileadh sin.

(54)  Chun timpeallacht Fhuinneog Aonair AE a úsáid do chustam agus, dá bhrí sin, chun an t-aistriú sonraí idir na húdaráis chustaim agus faireachais margaidh a bharrfheabhsú agus an t-ualach a bhaint de, is gá comhéadain leictreonacha a bhunú lenar féidir sonraí a aistriú go huathoibríoch. Ba cheart do na húdaráis chustaim agus faireachais margaidh rannchuidiú chun na sonraí a bheidh le tarchur a chinneadh. Ba cheart aon ualach breise ar na húdaráis chustaim a bheith teoranta agus ba cheart na comhéadain a bheith an-uathoibrithe agus éasca lena n-úsáid.

(55)  Is gá an Líonra a bhunú, a bheith á óstáil ag an gCoimisiún, agus é mar aidhm leis comhordú agus comhar struchtúrtha a éascú idir údaráis forfheidhmiúcháin na mBallstát agus an Coimisiún, agus cuíchóiriú a dhéanamh ar na cleachtais faireachais margaidh laistigh den Aontas lena n-éascaítear do na Ballstáit gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin comhpháirteacha a chur chun feidhme, amhail imscrúduithe comhpháirteacha. Leis an struchtúr tacaíochta riaracháin sin, ba cheart a bheith in ann acmhainní a roinnt agus córas cumarsáide agus faisnéise a choimeád idir na Ballstáit agus an Coimisiún, sa dóigh go neartófar forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú maidir le táirgí agus díspreagfar sáruithe. Níor cheart rannpháirtíocht na ngrúpaí comhair riaracháin (ADCOnna) sa Líonra bac a chur ar rannpháirtíocht grúpaí comhchosúla eile a bhfuil baint acu le comhar riaracháin. Ba cheart don Choimisiún an tacaíocht riaracháin agus airgeadais is gá a chur ar fáil don Líonra.

(56)  Ba cheart malartú faisnéise éifeachtach, gasta agus cruinn a bheith ann idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Le roinnt uirlisí atá ann cheana, amhail an córas faisnéise agus cumarsáide maidir le faireachas margaidh (ICSMS) agus RAPEX is féidir comhordú idir údaráis faireachais margaidh san Aontas a éascú. Ba cheart na huirlisí sin, mar aon leis an gcomhéadan lenar féidir sonraí a aistriú ó ICSMS go RAPEX, a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh chun lánleas a bhaint astu agus chun cuidiú le leibhéal an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún a mhéadú.

(57)  Sa chomhthéacs sin, chun faisnéis a bhailiú faoi fhorfheidhmiú reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú maidir le táirgí, ba cheart ICSMS a uasghrádú agus rochtain a bheith ag an gCoimisiún, ag na hoifigí idirchaidrimh aonair, ▌ag na húdaráis chustaim agus ag na húdaráis faireachais margaidh air ▌. Thairis sin, ba cheart comhéadan leictreonach a fhorbairt chun go bhféadfar faisnéis a mhalartú go héifeachtach idir córais náisiúnta custaim agus údaráis faireachais margaidh. Maidir le cásanna na n-iarrataí ar chúnamh frithpháirteach, ba cheart do na hoifigí idirchaidrimh aonair aon tacaíocht is gá don chomhar idir na húdaráis ábhartha a chur ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart do ICSMS na feidhmeanna a chur ar fáil lenar féidir tuairisciú uathoibrithe a dhéanamh chuig na hoifigí idirchaidrimh aonair nuair nach gcloítear le sprioc-amanna. Nuair atá foráil déanta cheana féin sa reachtaíocht earnálach maidir le córais leictreonacha le haghaidh comhair agus malartú sonraí, mar atá i gcás EUDAMED le haghaidh feistí leighis mar shampla, ba cheart na córais sin a choinneáil in úsáid, nuair is iomchuí.

(58)  Go ginearálta, níor cheart ICSMS a úsáid chun faisnéis a mhalartú, ar faisnéis í a mheastar a bheith úsáideach d’údaráis faireachais margaidh eile. D’fhéadfaí a áireamh leis an méid sin seiceálacha a dhéantar i gcomhthéacs na dtionscadal faireachais margaidh, gan beann ar thoradh na dtástálacha. Ba cheart cothromaíocht a bhaint amach maidir leis an méid sonraí a bheidh le hiontráil in ICSMS idir ualach róthrom a bheith ag baint leis, nuair a bheadh níos mó oibre i gceist leis na hiarrachtaí na sonraí a iontráil ná an obair a bhainfeadh leis na seiceálacha féin a dhéanamh, agus a bheith sách cuimsitheach chun tacú le níos mó éifeachtúlachta agus éifeachtachta ó thaobh na n-údarás de. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí a iontráiltear in ICSMS seiceálacha níos simplí a chumhdach freisin seachas tástálacha saotharlainne amháin. Mar sin féin, níor cheart gá a bheith ann seiceálacha gearra amhairc a chur san áireamh. Mar threoir, ba cheart seiceálacha atá doiciméadaithe astu féin a iontráil in ICSMS freisin.

(59)  Spreagtar na Ballstáit le ICSMS a úsáid d’idirghníomhaíochtaí idir na húdaráis chustaim agus faireachais margaidh, mar rogha ar na córais náisiúnta. Níor cheart an méid sin teacht in ionad an Chórais Bainistíochta Riosca don Chomhphobal (CRMS) a úsáideann na húdaráis chustaim. D’fhéadfadh an dá chóras sin oibriú i gcomhar le chéile mar tá róil éagsúla chomhlántacha acu, ina n-éascaíonn ICSMS an chumarsáid idir na húdaráis chustaim agus faireachais margaidh chun go ndéileálfar go héasca le dearbhuithe custaim faoi raon feidhme an chreata maidir le sábháilteacht táirgí agus comhlíonadh, fad a úsáidtear CRMS chun bainistiú agus rialú comhchoiteann a dhéanamh ar rioscaí custaim.

(60)  Is faisnéis thábhachtach do na húdaráis faireachais margaidh na gortuithe arb iad táirgí neamhchomhlíontacha is cúis leo. Dá bhrí sin, ba cheart do ICSMS foráil do réimsí sonraí gaolmhara chun gur féidir leis na húdaráis faireachais margaidh tuarascálacha atá ar fáil go héasca a bheartaítear le linn a gcuid imscrúduithe a iontráil, rud a éascaíonn meastóireachtaí staidrimh ina dhiaidh sin.

(61)  Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann faisnéis faoi fhaireachas margaidh a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi chuimsiú na gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, d’fhonn a áirithiú go bhfuil táirgí comhlíontach sula n-onnmhaireofar iad go margadh an Aontais.

(62)  Chun ardleibhéal comhlíonta a bhaint amach ó thaobh chomhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú maidir le táirgí, fad a áirithítear san am céanna go leithdháilfear acmhainní go héifeachtach agus go ndéanfar rialú costéifeachtúil ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann córais shonracha don rialú réamhonnmhairiúcháin a fhormheas. D’fhéadfadh táirgí a thagann faoi chórais fhormheasta den sórt sin, mar chuid den mheasúnú riosca arna dhéanamh ag na húdaráis atá i gceannas ar rialú na dtáirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais, leas a bhaint as leibhéal níos airde muiníne ná táirgí inchomparáide nach bhfuil rialú réamhonnmhairiúcháin déanta orthu.

(63)  Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú ann, agus aird á tabhairt aige freisin ar fhorbairtí nua teicneolaíochta, eacnamaíocha, tráchtála agus dlí. De bhun phointe 22 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(30), ba cheart an mheastóireacht, a bheidh bunaithe ar éifeachtúlacht, ar éifeachtacht, ar ábharthacht, ar chomhleanúnachas agus ar bhreisluach, a bheith ina bunús do mheasúnuithe tionchair ar roghanna maidir le tuilleadh gníomhaíochta, go háirithe maidir le raon feidhme an Rialacháin seo, cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na bhforálacha a bhaineann le cúraimí na n-oibreoirí eacnamaíocha a chuireann táirgí ar an margadh agus an córas le haghaidh rialuithe réamhonnmhairiúcháin a bhaineann le táirgí.

(64)  Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionós airgeadais agus riaracháin a ghearradh.

(65)  Tá éagsúlacht na smachtbhannaí ar fud an Aontais ar na príomhchúiseanna le díspreagadh neamhleor agus le cosaint mhíchothrom. Is le dlínse náisiúnta a bhaineann rialacha faoi smachtbhannaí a bhunú, lena n-áirítear pionóis airgid, agus dá bhrí sin ba cheart iad a chinneadh sa dlí náisiúnta iad. ▌

(66)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis an méid seo a leanas: na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh seiceálacha a chinneadh, critéir chun minicíocht na seiceálacha a chinneadh agus líon na samplaí atá le seiceáil i ndáil le táirgí áirithe nó catagóirí táirgí áirithe, i gcás inar sainaithníodh rioscaí sonracha nó sáruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú go leanúnach; na nósanna imeachta a shonrú maidir le saoráidí tástála an Aontais a ainmniú ▌; tagarmharcanna agus teicnící a leagan síos le haghaidh na seiceálacha ar bhonn na hanailíse comhchoitinne ar leibhéal an Aontais na mionsonraí a shonrú maidir le sonraí staidrimh a chumhdaíonn rialuithe arna ndéanamh ag na húdaráis ainmnithe i leith táirgí atá faoi réir dhlí an Aontais, ▌na mionsonraí a shonrú i dtaobh socruithe cur chun feidhme don chóras faisnéise agus cumarsáide agus sonraí a shainiú a bhaineann le táirgí a chur faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ arna dtarchur ag na húdaráis chustaim; agus formheas na gcóras sonrach le haghaidh rialuithe réamhonnmhairiúcháin a bhaineann le táirgí ▌agus formheas den sórt sin a tharraingt siar. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31).

(67)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú tríd an bhfaireachas margaidh a dhéantar ar tháirgí atá cumhdaithe le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a neartú, a ghnóthú go leordhóthanach i bhfianaise an leibhéil mhóir comhair, idirghníomhaithe agus gníomhaíochta comhsheasmhaí atá riachtanach idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit uile, agus de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(68)  Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloíonn sé leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus atá i dtraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát. Dá réir sin, ba cheart an Rialachán seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus prionsabail sin, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le saoirse agus iolrachas na meán. Go háirithe, tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo urraim iomlán a áirithiú do chosaint an tomhaltóra, don tsaoirse gnó a sheoladh, don tsaoirse tuairimíochta agus rochtain ar fhaisnéis, don cheart chun maoine agus do chosaint sonraí pearsanta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.  Is é cuspóir an Rialacháin seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh tríd an bhfaireachas margaidh a dhéantar ar tháirgí atá faoi chumhdach reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú dá dtagraítear in Airteagal 2 a neartú, d’fhonn a áirithiú nach gcuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais ach táirgí comhlíontacha a chomhlíonann na ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna poiblí, amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht i gcoitinne, an tsláinte agus an tsábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, cosaint an chomhshaoil agus na slándála poiblí agus aon leasanna poiblí eile atá faoi chosaint na reachtaíochta sin.

2.  Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le táirgí atá faoi réir reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais um chomhchuibhiú agus bunaítear leis creat um chomhar le hoibreoirí eacnamaíocha.

3.   Ina theannta sin, soláthraítear leis an Rialachán seo creat le haghaidh rialuithe ar tháirgí ▌atá ag teacht isteach i margadh an Aontais.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le ▌táirgí atá faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a leagtar amach in Iarscríbhinn I (‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’), a mhéid nach mbeidh aon fhorálacha sonracha a bhfuil an cuspóir céanna acu i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, lena rialaítear ar bhealach níos sonraí gnéithe ar leith den fhaireachas margaidh agus den fhorfheidhmiú.

2.   Beidh feidhm ag Airteagail 25 go 28 maidir le táirgí a chumhdaítear faoi dhlí an Aontais a mhéid nach bhfuil forálacha sonracha i ndlí an Aontais maidir le heagrú rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais.

3.  Ní chuirfidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo cosc ar na húdaráis faireachais margaidh bearta níos sonraithe a dhéanamh dá bhforáiltear i dTreoir 2001/95/CE.

4.  Is gan dochar an Rialachán seo d’Airteagal 12 go 15 de Threoir 2000/31/CE.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidhtá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ táirge a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(2)  ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(3)  ciallaíonn ‘faireachas margaidh’ na gníomhaíochtaí agus na bearta a dhéanann na húdaráis faireachais margaidh chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí na ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht is infheidhme an Aontais um chomhchuibhiú agus chun cosaint an leasa phoiblí atá faoi chumhdach na reachtaíochta sin a áirithiú;

(4)  ciallaíonn ‘údarás faireachais margaidh’ údarás atá ainmnithe ag Ballstát faoi Airteagal 10 le bheith freagrach as ▌an bhfaireachas margaidh a dhéanamh i gcríoch an Bhallstáit sin;

(5)  ciallaíonn ‘údarás is iarratasóir’ an t-údarás faireachais margaidh a dhéanann an t-iarratas ar chúnamh frithpháirteach;

(6)  ciallaíonn ‘údarás iarrtha’ an t-údarás faireachais margaidh a fhaigheann iarratas ar chúnamh frithpháirteach;

(7)  ciallaíonn ‘neamhchomhlíonadh’ aon mhainneachtain i gcomhlíonadh aon cheanglais faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú nó faoin Rialachán seo.

(8)  ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a dhéanann táirge den sórt sin a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin, faoina ainm nó faoina thrádmharc;

(9)  ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ar mhargadh an Aontais ó thríú tír;

(10)  ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, ar duine é a chuireann táirge áirithe ar fáil ar an margadh;

(11)  ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse comhlíonta’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thairgeann, le linn gníomhaíocht tráchtála, dhá cheann ar a laghad de na seirbhísí seo a leanas: trádstóráil, pacáistiú, seolachán agus seoladh, gan úinéireacht a bheith aige ar na táirgí lena mbaineann, seachas i gcás na seirbhísí poist mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 2 de Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32), seirbhísí seachadta beartán mar a shainmhínítear i bpointe d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33), agus aon seirbhísí poist nó seirbhísí iompair lastais eile;

(12)  ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann i ndáil le cúraimí atá sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoin reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais um chomhchuibhiú nó faoi cheanglais an Rialacháin seo;

(13)  ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir, an soláthraí seirbhíse comhlíonta nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir oibleagáidí i ndáil leis na táirgí a mhonarú, iad a chur ar fáil ar an margadh nó iad a chur i mbun seirbhíse i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais um chomhchuibhiú;

(14)  ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise’ soláthraí seirbhíse mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(34);

(15)  ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, a oibríonn oibreoir eacnamaíoch nó a oibrítear thar a cheann, lena dtugtar rochtain d’úsáideoirí deiridh ar tháirgí an oibreora eacnamaíoch;

(16)  ciallaíonn ‘gníomhaíocht cheartaitheach’ aon ghníomhaíocht a dhéanann oibreoir eacnamaíoch chun deireadh a chur le aon neamhchomhlíonadh i gcás ina n-éilíonn údarás faireachais margaidh go ndéanfaí sin nó ar thionscnamh an oibreora eacnamaíoch féin;

(17)  ciallaíonn ‘beart deonach’ gníomhaíocht cheartaitheach i gcás nach n-éilíonn údarás faireachais margaidh go ndéanfaí sin;

(18)  ciallaíonn ‘riosca’ an dóchúlacht go dtarlódh guais lena ndéanfaí díobháil i gcomhcheangal lena thromchúisí is a bheadh an díobháil sin;

(19)  ciallaíonn ‘táirge lena mbaineann riosca’ táirge a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar shláinte agus ar shábháilteacht daoine i gcoitinne, ar shláinte agus ar shábháilteacht san ionad oibre, ar chosaint tomhaltóirí, ar an gcomhshaol, ar an tslándáil phoiblí agus ar leasanna poiblí eile, atá faoi chosaint na reachtaíochta is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú, ar bhealach a théann thar an méid a mheastar a bheith réasúnta agus inghlactha maidir leis an gcríoch atá ceaptha dó nó faoi ghnáthdhálaí úsáide an táirge lena mbaineann nó faoi dhálaí a mbeifí ag súil go réasúnta leo, lena n-áirítear fad na húsáide agus, i gcás inarb is iomchuí, é a chur i seirbhís, é a shuiteáil agus ceanglais maidir lena chothabháil;

(20)  ciallaíonn ‘táirge lena mbaineann riosca tromchúiseach’ táirge lena mbaineann riosca a meastar go bhfuil idirghabháil mhear ó na húdaráis faireachais margaidh ag teastáil lena aghaidh, bunaithe ar mheasúnú riosca agus ag cur san áireamh gnáthúsáid agus úsáid bheartaithe an táirge, de dheasca na dóchúlachta go dtarlódh guais lena ndéanfaí díobháil i gcomhcheangal lena thromchúisí is a bheadh an díobháil sin, lena n-áirítear cásanna nach mbíonn éifeachtaí láithreacha ag an riosca ▌;

(21)  ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ina chónaí nó bunaithe san Aontas, ar cuireadh táirge ar fáil dó i gcáil tomhaltóra taobh amuigh d’aon ghníomhaíocht tráchtála, gnó, ceird nó gairm nó i gcáil úsáideoir deiridh gairmiúil i rith a chuid gníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla;

(22)  ciallaíonn ‘aisghairm’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige táirge a cuireadh ar fáil cheana féin don úsáideoir deiridh a fháil ar ais;

(23)  ciallaíonn ‘tarraingt siar’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige cosc a chur ar tháirge sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;

(24)  ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ na húdaráis chustaim mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(25)  ciallaíonn ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(26)  ciallaíonn ‘táirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais’ táirgí ó thríú tíortha atá beartaithe a chur ar mhargadh an Aontais nó atá beartaithe d’úsáid phríobháideach nó do thomhailt phríobháideach laistigh de chríoch custaim an Aontais agus atá curtha faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’.

Caibidil II

Cúraimí na n-oibreoirí eacnamaíocha

Airteagal 4

Cúraimí na n-oibreoirí eacnamaíocha maidir le táirgí atá faoi réir reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais um chomhchuibhiú

1.  D’ainneoin aon oibleagáidí a leagtar amach sa reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú, ní fhéadfar táirge atá faoi réir na reachtaíochta dá dtagraítear i mír 5 a chur ar an margadh ach amháin más ann d’oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas atá freagrach as na cúraimí a leagtar amach i mír 3 i ndáil leis an táirge sin.

2.  Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)  monaróir atá bunaithe san Aontas ▌;

(b)  allmhaireoir, i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas;

(c)  ionadaí údaraithe a bhfuil sainordú i scríbhinn aige ón monaróir lena n-ainmnítear an t-ionadaí údaraithe chun na cúraimí a leagtar amach i mír 3 a dhéanamh thar ceann an mhonaróra;

(d)  soláthraí seirbhíse comhlíonta atá bunaithe san Aontas i ndáil leis na táirgí a láimhseálann sé, i gcás nach bhfuil aon oibreoir eacnamaíoch eile dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) bunaithe san Aontas.

3.  Gan dochar d’aon oibleagáidí de chuid na n-oibreoirí eacnamaíocha faoin reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 na cúraimí seo a leanas:

(a)  má dhéantar foráil i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme i leith an táirge maidir le dearbhú comhréireachta nó dearbhú feidhmíochta agus doiciméadacht theicniúil, a fhíorú gur tarraingíodh suas an dearbhú comhréireachta AE nó dearbhú feidhmíochta agus doiciméadacht theicniúil, agus an dearbhú comhréireachta nó dearbhú feidhmíochta á choimeád ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh ar feadh na tréimhse a cheanglaítear leis an reachtaíocht sin agus a áirithiú gur féidir an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin arna iarraidh sin;

(b)  mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás faireachais margaidh, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú a chur ar fáil don údarás sin i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca;

(c)  i gcás ina bhfuil cúis ann a chreidiúint go mbaineann riosca leis an táirge i dtrácht, na húdaráis faireachais margaidh a chur ar an eolas faoi sin;

(d)  comhoibriú leis na húdaráis faireachais margaidh, lena n-áirítear tar éis iarraidh réasúnaithe lena n-áirithítear go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá láithreach chun aon chás maidir le neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme i leith an táirge i dtrácht a leigheas, nó, mura féidir sin, na rioscaí a bhaineann leis an táirge sin a mhaolú, nuair a éilíonn na húdaráis faireachais margaidh go ndéanfaí sin nó ar a thionscnamh féin, i gcás ina measann an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 go mbaineann riosca leis an táirge i dtrácht nó i gcás ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint.

4.  Gan dochar d’oibleagáidí faoi seach na n-oibreoirí eacnamaíocha faoin reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú, déanfar ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, agus sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh poist, an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 a léiriú ar ▌an táirge nó ar a phacáistíocht, ar an mbeartán nó ar dhoiciméad a ghabhann leis.

5.  Níl feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir le táirgí atá faoi réir Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011(35), (AE) 2016/425(36) agus (AE) 2016/426(37) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus faoi réir Threoracha 2000/14/CE(38), 2006/42/CE(39), 2009/48/CE(40), 2009/125/CE(41), 2011/65/AE(42), 2013/29/AE(43), 2013/53/AE(44), 2014/29/AE(45), 2014/30/AE(46), 2014/31/AE(47), 2014/32/AE(48), 2014/34/AE(49), 2014/35/AE(50), 2014/53/AE(51), agus 2014/68/AE(52) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 5

Ionadaí údaraithe

1.  Chun críocha phointe (c) d’Airteagal 4(2), tabharfaidh an monaróir sainordú don ionadaí údaraithe na cúraimí a liostaítear in Airteagal 4(3) a dhéanamh, d’ainneoin aon chúraimí eile a shainordaítear faoin reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais um chomhchuibhiú.

2.  Déanfaidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú. Cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh arna iarraidh sin, i dteanga de chuid an Aontais a chinnfidh an t-údarás faireachais margaidh.

3.  Beidh na hacmhainní iomchuí ar fáil ag na hionadaithe údaraithe chun gur féidir leo a gcuid cúraimí a chur i gcrích.

Airteagal 6

Ciandíol

Táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin, measfar go bhfuil siad curtha ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas. Measfar go bhfuil tairiscint díolacháin dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas má dhíríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chuid gníomhaíochtaí, ar aon bhealach, ar Bhallstát.

Airteagal 7

Oibleagáid an chomhair

1.  Comhoibreoidh na húdaráis eacnamaíocha leis na húdaráis faireachais margaidh maidir le bearta lena bhféadfaí deireadh a chur le rioscaí a bhaineann le táirgí a chuireann na hoibreoirí sin ar fáil ar an margadh nó iad a mhaolú.

2.  Comhoibreoidh na soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise leis na húdaráis faireachais margaidh, arna iarraidh sin do na húdaráis faireachais margaidh agus i gcásanna sonracha, chun éascaíocht a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirge a thairgtear nó a tairgeadh lena dhíol ar líne trína gcuid seirbhísí nó, mura féidir sin, chun iad a mhaolú.

Caibidil III

Cúnamh d’oibreoirí eacnamaíocha agus comhoibriú leo

Airteagal 8

Faisnéis d’oibreoirí eacnamaíocha

1.  Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724, go gcuirfear ar fáil d’úsáideoirí le tairseach “An Eoraip Agatsa” rochtain éasca ar líne ar fhaisnéis faoi cheanglais an táirge agus na cearta, oibleagáidí agus rialacha a thagann ó reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

2.  Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta i bhfeidhm chun faisnéis i ndáil le trasuí náisiúnta agus cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme maidir le táirgí a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin dóibh agus saor in aisce. Chun na críche sin, beidh feidhm ag Airteagal 9(1), (4) agus (5) de Rialachán (AE) 2019/...(53).

Airteagal 9

Gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun comhlíonadh a chur chun cinn

1.  Féadfaidh údaráis faireachais margaidh comhaontú a dhéanamh le húdaráis ábhartha eile nó le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí eacnamaíocha nó le húsáideoirí deiridh maidir le ▌gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh a bhfuil sé d’aidhm acu ▌comhlíonadh a chur chun cinn, neamhchomhlíonadh a shainaithint, feasacht a ardú agus treoir a chur ar fáil maidir le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú i dtaca le catagóirí sonracha táirgí, go háirithe catagóirí na dtáirgí ar minic a mheastar go mbaineann riosca tromchúiseach leo, lena n-áirítear na táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne.

2.  Áiritheoidh an t-údarás faireachais margaidh i dtrácht agus na páirtithe dá dtagraítear i mír 1 nach mbeidh iomaíocht éagórach idir oibreoirí eacnamaíocha mar gheall ar an gcomhaontú maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus nach ndéanfaidh sé difear d’oibiachtúlacht, do neamhspleáchas ná do neamhchlaontacht na bpáirtithe.

3.  Féadfaidh údarás faireachais margaidh úsáid a bhaint as aon fhaisnéis a thiocfaidh as na gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanfar mar chuid d’aon imscrúdú a bhaineann le neamhchomhlíonadh a dhéanfaidh sé.

4.  Cuirfidh an t-údarás faireachais margaidh i dtrácht an comhaontú maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha, lena n-áirítear ainmneacha na bpáirtithe lena mbaineann, ar fáil don phobal agus iontrálfaidh sé an comhaontú sin sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34. Arna iarraidh sin do Bhallstát, cuideoidh an Líonra a bhunaítear faoi Airteagal 29 le tarraingt suas an chomhaontaithe maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha.

Caibidil IV

Eagrú, gníomhaíochtaí agus oibleagáidí na n-údarás faireachais margaidh agus na hoifige idirchaidrimh aonair

Airteagal 10

Na húdaráis faireachais margaidh agus an oifig idirchaidrimh aonair a ainmniú

1.  Eagróidh agus déanfaidh na Ballstáit faireachas margaidh amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2.  Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ainmneoidh gach Ballstát údarás faireachais margaidh amháin nó níos mó ina chríoch féin. Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ▌agus na Ballstáit eile ar an eolas faoina údaráis faireachais margaidh ▌agus faoi réimsí inniúlachta gach ceann de na húdaráis sin, ag baint úsáid as an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34.

3.  Ceapfaidh gach Ballstát oifig idirchaidrimh aonair.

4.  Beidh an oifig idirchaidrimh aonair ▌freagrach ar a laghad as ionadaíocht a dhéanamh ar sheasamh comhordaithe na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1) agus as na straitéisí náisiúnta a leagtar amach in Airteagal 13 a chur in iúl. Cabhróidh an oifig idirchaidrimh aonair freisin leis an gcomhar idir na húdaráis faireachais margaidh sna Ballstáit éagsúla, mar a leagtar amach i gCaibidil VI.

5.  Chun faireachas margaidh a dhéanamh ar tháirgí a chuirtear ar fáil ar líne agus as líne lena mbaineann an éifeachtacht chéanna do na bealaí dáileacháin ar fad, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag a n-údaráis faireachais margaidh agus ag a n-oifig idirchaidrimh aonair na hacmhainní is gá, lena n-áirítear acmhainní leordhóthanacha buiséadacha agus acmhainní leordhóthanacha eile, amhail líon leordhóthanach pearsanra inniúil, an saineolas, na nósanna imeachta agus na socruithe eile chun a ndualgais a chomhlíonadh go cuí.

6.  I gcás inarb ann do níos mó ná údarás faireachais margaidh amháin ina gcríoch féin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dualgais ar leith gach ceann de na húdaráis sin sainithe go soiléir agus go mbunófar sásraí cumarsáide agus comhordúcháin iomchuí chun go gcuirfear ar chumas na n-údarás sin oibriú i ndlúthchomhar le chéile agus a ndualgais a fheidhmiú go héifeachtach.

Airteagal 11

Gníomhaíochtaí na n-údarás faireachais margaidh

1.  Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh a gcuid gníomhaíochtaí ar bhealach lena n-áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)  faireachas éifeachtach ▌margaidh laistigh dá gcríoch ar tháirgí a chuirtear ar fáil ar líne agus as líne i dtaca le ▌táirgí atá faoi réir ▌reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ▌;

(b)  ▌go ndéanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha gníomhaíocht cheartaitheach atá iomchuí agus comhréireach i ndáil le comhlíonadh na reachtaíochta sin agus an Rialacháin seo;

(c)  go ndéanfar bearta atá iomchuí agus comhréireach i gcás i gcás ina mainníonn an t-oibreoir eacnamaíoch gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh.

2.  Feidhmeoidh na húdaráis faireachais margaidh a gcumhachtaí agus déanfaidh siad a ndualgais go neamhspleách, go neamhchlaonta agus gan laofacht.

3.  Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh, mar chuid dá ngníomhaíochtaí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, seiceálacha iomchuí ar shaintréithe na dtáirgí ar scála cuí, trí bhíthin seiceálacha doiciméadacha agus, i gcás inarb iomchuí, seiceálacha fisiceacha agus saotharlainne atá bunaithe ar shamplaí leormhaithe, ag tabhairt tús áite dá n-acmhainní agus dá mbearta chun faireachas éifeachtach margaidh a áirithiú agus ag cur san áireamh an straitéis náisiúnta faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 13.

Agus cinneadh á dhéanamh acu faoi cé na seiceálacha a dhéanfaidh siad, faoi na cineálacha táirgí agus faoi cé an scála, cloífidh na húdaráis faireachais margaidh le cur chuige rioscabhunaithe agus na himthosca seo a leanas á gcur san áireamh acu:

(a)  na guaiseacha agus an neamhchomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na táirgí agus, nuair is ann dóibh, na cásanna den sórt sin a tharla ar an margadh;

(b)  na gníomhaíochtaí agus na hoibríochtaí atá faoi rialú an oibreora eacnamaíoch;

(c)  teist an oibreora eacnamaíoch san am atá caite maidir le neamhchomhlíonadh;

(d)  i gcás inarb ábhartha, an próifíliú riosca a rinne na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1);

(e)  gearáin ó thomhaltóirí agus faisnéis eile a fhaightear ó údaráis eile, ó oibreoirí eacnamaíocha, ó na meáin agus ó fhoinsí eile lena bhféadfaí neamhchomhlíonadh a léiriú.

4.  Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Líonra, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinntear coinníollacha aonfhoirmeacha na seiceálacha, na critéir chun minicíocht na seiceálacha a chinneadh agus líon na samplaí atá le seiceáil i dtaca le táirgí áirithe nó catagóir áirithe táirgí, i gcás inar sainaithníodh rioscaí sonracha nó sáruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme go leanúnach, chun ardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta nó leasanna poiblí eile arna gcosaint ag an reachtaíocht sin a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

5.  I gcás ina soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha tuarascálacha tástála nó deimhnithe lena bhfianaítear comhréireacht a dtáirgí le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú arna n-eisiúint ag comhlacht um measúnú comhréireachta, arna chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh aird chuí ar na tuarascálacha sin nó ar na deimhnithe sin.

6.  Fianaise a úsáidfidh údarás faireachais margaidh i mBallstát amháin, féadfar í a úsáid mar chuid d’imscrúduithe a dhéanfaidh údaráis faireachais margaidh i mBallstát eile chun comhlíonadh táirgí a fhíorú, gan aon cheanglais fhoirmiúla breise.

7.  Bunóidh na húdaráis faireachais margaidh na nósanna imeachta seo a leanas i ndáil le táirgí atá faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú:

(a)  nósanna imeachta le haghaidh obair leantach a dhéanamh ar ghearáin nó ar thuairiscí i leith saincheisteanna a bhaineann le rioscaí nó cásanna maidir le neamhchomhlíonadh;

(b)  nósanna imeachta chun a fhíorú go ndearna na hoibreoirí eacnamaíocha an ghníomhaíocht cheartaitheach a bhí le déanamh acu.

8.  D’fhonn cumarsáid agus comhordú lena gcontrapháirtithe i mBallstáit eile a áirithiú, glacfaidh na húdaráis faireachais margaidh páirt ghníomhach i ngrúpaí comhair riaracháin (ADCOnna) dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

9.  Gan dochar d’aon nós imeachta coimirce de chuid an Aontais de bhun reachtaíocht is infheidhme an Aontais um chomhchuibhiú, na táirgí a measadh go bhfuil siad neamhchomhlíontach ar bhonn cinneadh ó údarás faireachais margaidh i mBallstát amháin, glacfaidh na húdaráis faireachais margaidh i mBallstát eile leis go bhfuil siad neamhchomhlíontach, ach amháin má chinn údarás faireachais margaidh ábhartha i mBallstát eile a mhalairt ar bhonn a imscrúdaithe féin, agus an t-ionchur a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ar fáil, más ann dó, á chur san áireamh.

Airteagal 12

Athbhreithnithe piaraí

1.  Eagrófar athbhreithnithe piaraí do na húdaráis faireachais margaidh ar mian leo a bheith rannpháirteach sna hathbhreithnithe sin, chun an comhleanúnachas sna gníomhaíochtaí faireachais margaidh a neartú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.  Forbróidh an Líonra an mhodheolaíocht agus an plean rollach do na hathbhreithnithe piaraí i measc na n-údarás faireachais margaidh atá rannpháirteach. Agus an mhodheolaíocht agus an plean rollach á mbunú aige, tabharfaidh an Líonra aird, ar a laghad, ar líon agus ar mhéid na n-údarás faireachais margaidh sna Ballstáit, ar an líon pearsanra atá ar fáil agus ar acmhainní eile chun an t-athbhreithniú piaraí a dhéanamh, mar aon le critéir ábhartha eile.

3.  Cumhdófar sna hathbhreithnithe piaraí na dea-chleachtais arna bhforbairt ag roinnt údaráis faireachais margaidh a bhféadfaidh údaráis faireachais margaidh eile tairbhe a bhaint astu, agus gnéithe ábhartha eile a bhaineann le héifeachtacht na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh.

4.  Tuairsceofar torthaí na n-athbhreithnithe piaraí don Líonra.

Airteagal 13

Straitéisí náisiúnta faireachais margaidh

1.  Tarraingeoidh gach Ballstát suas straitéis náisiúnta faireachais margaidh uileghabhálach, gach ceithre bliana ar a laghad. Tarraingeoidh gach Ballstát suas an chéad straitéis den sórt sin faoin ... [trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Cuirfear chun cinn leis an straitéis náisiúnta cur chuige comhsheasmhach, cuimsitheach agus comhtháite i leith an fhaireachais margaidh agus i leith fhorfheidhmiú reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú laistigh de chríoch an Bhallstáit. Agus an straitéis náisiúnta faireachais margaidh á tarraingt suas, breithneofar gach earnáil a chumhdaítear le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus gach céim den slabhra soláthair táirgí, lena n-áirítear allmhairí agus slabhraí soláthair digiteacha. Féadfar na tosaíochtaí a leagtar amach laistigh de chlár oibre an Líonra a bhreithniú freisin.

2.  Áireofar leis an straitéis náisiúnta faireachais margaidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad, nuair nach gcuireann na gnéithe sin isteach ar na gníomhaíochtaí faireachais margaidh:

(a)  an fhaisnéis atá ar fáil faoi tharlú tháirgí neamhchomhlíonta, go háirithe ag cur san áireamh na seiceálacha agus na rialuithe ▌dá dtagraítear in Airteagail 11(3) agus 25(3), faoi seach, agus, i gcás inarb infheidhme, treochtaí sa mhargadh a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar rátaí neamhchomhlíonta do na catagóirí táirgí, agus bagairtí agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn;

(b)  na réimsí a shainaithin na Ballstáit mar thosaíochtaí maidir le forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú;

(c)  na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá beartaithe chun neamhchomhlíonadh a laghdú sna réimsí sin a sainaithníodh mar thosaíochtaí, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, na híosleibhéil rialaithe atá beartaithe do chatagóirí táirgí lena mbaineann leibhéil neamhchomhlíonta shuntasacha;

(d)  measúnú ar an gcomhar le húdaráis faireachais margaidh i mBallstáit eile, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(8) agus i gCaibidil VI.

3.  Cuirfidh na Ballstáit a straitéis náisiúnta faireachais margaidh in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34. Foilseoidh gach Ballstát achoimre ar a straitéis.

Caibidil V

Cumhachtaí agus bearta faireachais margaidh

Airteagal 14

Cumhachtaí na n-údarás faireachais margaidh

1.  Tabharfaidh na Ballstáit dá n-údaráis faireachais margaidh na cumhachtaí faireachais margaidh, imscrúdaithe agus forfheidhmiúcháin is gá le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus le haghaidh chur i bhfeidhm ▌reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ▌.

2.  Feidhmeoidh údaráis faireachais margaidh na cumhachtaí a leagtar amach san Airteagal seo go héifeachtúil agus go héifeachtach, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a mhéid a bhaineann feidhmiú den sórt sin le hábhar agus le críoch na mbeart agus le cineál chás an neamhchomhlíonta agus leis an díobháil fhoriomlán nó ionchasach a eascraíonn as cás an neamhchomhlíonta. Déanfar cumhachtaí a thabhairt agus a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear prionsabail Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar aon le prionsabail an dlí náisiúnta a bhaineann le saoirse cainte agus le saoirse agus iolrachas na meán, le coimircí nós imeachta is infheidhme agus le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679.

3.  Agus cumhachtaí á dtabhairt acu faoi mhír 1, ▌féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh an chumhacht infheidhmithe ar cheann amháin de na bealaí seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a)  go díreach ag na húdaráis faireachais margaidh faoina n-údarás féin;

(b)  trí dhul ar iontaoibh údarás poiblí eile i gcomhréir le comhroinnt na gcumhachtaí agus eagrú institiúideach agus riaracháin an Bhallstáit i dtrácht;

(c)  ar iarratas a dhéanamh le cúirteanna atá inniúil chun an cinneadh is gá a dheonú chun feidhmiú na cumhachta sin a fhormheas, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ar achomharc, más rud é nár éirigh leis an iarratas chun an cinneadh is gá a dheonú.

4.  Áireofar ar na cumhachtaí a thabharfar d’údaráis faireachais margaidh faoi mhír 1 na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad ▌:

(a)  an chumhacht a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha doiciméid, sonraíochtaí teicniúla, sonraí nó faisnéis ábhartha maidir le comhlíonadh agus gnéithe teicniúla an táirge a sholáthar, lena n-áirítear rochtain ar bhogearraí leabaithe a mhéid is gá rochtain den sórt sin chun measúnú a dhéanamh ar tháirge a bheith ag comhlíonadh na reachtaíochta ábhartha de chuid an Aontais um chomhchuibhiú, in aon fhoirm nó in aon fhormáid agus gan beann ar an meán stórála ná ar an áit ina bhfuil doiciméid, sonraíochtaí teicniúla, sonraí nó faisnéis den sórt sin stóráilte, agus cóipeanna díobh a thógáil nó a fháil;

(b)  an chumhacht a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis ábhartha a sholáthar maidir leis an slabhra soláthair, maidir le mionsonraí an líonra dáileacháin, maidir le cainníochtaí táirgí ar an margadh agus maidir le samhlacha táirgí eile a bhfuil na gnéithe teicniúla céanna acu agus atá ag an táirge i dtrácht, i gcás inarb ábhartha chun na ceanglais is infheidhme faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a chomhlíonadh;

(c)  an chumhacht a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis ábhartha a sholáthar a bhfuil gá léi chun críche úinéireacht suíomhanna gréasáin a dhéanamh amach, i gcás ina mbaineann an fhaisnéis le hábhar an imscrúdaithe;

(d)  an chumhacht cigireachtaí ar an láthair agus seiceálacha fisiciúla ar tháirgí a dhéanamh gan réamhfhógra;

(e)  an chumhacht dul isteach in aon áitreamh, críoch nó modh iompair a úsáideann an t-oibreoir eacnamaíoch i dtrácht chun críocha a bhaineann le gníomhaíocht trádála, gnó, ceird nó gairm an oibreora eacnamaíoch, chun neamhchomhlíonadh a shainaithint agus chun fianaise a fháil;

(f)  an chumhacht imscrúduithe ▌a thosú ar thionscnamh na n-údarás faireachais margaidh chun neamhchomhlíonadh a shainaithint agus chun deireadh a chur leo;

(g)  an chumhacht a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun deireadh a chur le cás neamhchomhlíonta nó chun deireadh a chur leis an riosca;

(h)  an chumhacht bearta iomchuí a dhéanamh i gcás ina mainníonn oibreoir eacnamaíoch gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh nó i gcás ina leanann an neamhchomhlíonadh nó an riosca ar aghaidh, lena n-áirítear an chumhacht toirmeasc nó srian a chur ar tháirge a chur ar fáil ar an margadh nó chun ordú a dhéanamh an táirge a tharraingt siar nó a aisghairm;

(i)  an chumhacht pionóis a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 41;

(j)  an chumhacht samplaí táirgí a fháil, lena n-áirítear faoi chéannacht cheilte, chun cigireacht a dhéanamh ar na samplaí sin agus chun ais-innealtóireacht a dhéanamh orthu chun neamhchomhlíonadh a shainaithint agus chun fianaise a fháil;

(k)  an chumhacht, i gcás nach bhfuil aon mhodh éifeachtach eile ar fáil, deireadh a chur le riosca tromchúiseach:

(i)  chun a cheangal go ndéanfaí an t-inneachar a thagraíonn do na táirgí gaolmhara a bhaint ó chomhéadan ar líne nó chun a cheangal go ndéanfaí foláireamh i gcomhair úsáideoirí deiridh a léiriú go follasach, nuair a dhéanann siad comhéadan ar líne a rochtain; nó

(ii)  i gcás nár comhlíonadh iarraidh de réir phointe (i), chun a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse sochaí faisnéise srian a chur le rochtain ar an gcomhéadan ar líne, lena n-áirítear trí iarraidh ar thríú páirtí ábhartha na bearta sin a chur chun feidhme.

5.  Féadfaidh údaráis faireachais margaidh úsáid a bhaint as aon fhaisnéis, aon doiciméad, aon toradh, aon ráiteas, nó aon fhaisnéisíocht mar fhianaise chun críocha a n-imscrúduithe, gan beann ar an bhformáid ná ar an meán ina stóráiltear iad.

Airteagal 15

Costais a aisghabháil ag údaráis faireachais margaidh

1.  Féadfaidh na Ballstáit a údarú dá n-údaráis faireachais margaidh iomlán chostais a ngníomhaíochtaí a éileamh ar ais ón oibreoir eacnamaíoch ábhartha i ndáil le cásanna neamhchomhlíonta.

2.  Féadfar a áireamh ar na costais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na costais a bhaineann le tástálacha a dhéanamh, na costais a bhaineann le bearta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 28(1) agus (2), na costais stórála agus costais na ngníomhaíochtaí maidir le táirgí a chinntear a bheith neamhchomhlíontach agus atá faoi réir gníomhaíocht cheartaitheach sula scaoiltear i saorchúrsaíocht iad nó sula gcuirtear ar an margadh iad.

Airteagal 16

Bearta faireachais margaidh

1.   Nuair a úsáidtear táirge i gcomhréir lena chríoch bheartaithe nó faoi choinníollacha ar féidir iad a thuar go réasúnta agus nuair a dhéantar é a shuiteáil agus a chothabháil go cuí, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh bearta iomchuí más fíor an méid seo a leanas i leith an táirge:

(a)  tá baol ann go gcuirfear sláinte nó sábháilteacht na n-úsáideoirí i gcontúirt, nó

(b)  níl sé i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

2.  I gcás ina ndéanann údaráis faireachais margaidh fionnachtana dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) de mhír 1, déanfaidh siad a cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gan mhoill an ghníomhaíocht cheartaitheach iomchuí agus chomhréireach a dhéanamh chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh nó chun deireadh a chur leis an riosca laistigh de thréimhse a shonróidh siad.

3.  Chun críocha mhír 2, féadfar a áireamh ar an ngníomhaíocht cheartaitheach a bheidh le déanamh ag an oibreoir eacnamaíoch, inter alia:

(a)  an táirge a thabhairt i gcomhréir, lena n-áirítear trí neamhchomhlíonadh foirmiúil de réir mar a shainmhínítear i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme a cheartú, nó trína áirithiú nach mbaineann riosca leis an táirge a thuilleadh;

(b)  cosc a chur ar an táirge a chur ar fáil ar an margadh;

(c)  an táirge a tharraingt siar nó a aisghairm láithreach agus foláireamh a thabhairt don phobal faoin riosca atá ag baint leis;

(d)  an táirge a scriosadh nó a fhágáil ar bhealach eile i riocht nach n-oibreoidh sé;

(e)  rabhaidh oiriúnacha, i bhfoclaíocht shoiléir, atá éasca le tuiscint maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an táirge a ghreamú den táirge, sa teanga nó sna teangacha a chinnfidh an Ballstát ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh;

(f)  coinníollacha a shocrú roimh ré chun an táirge lena mbaineann a chur ar fáil ar an margadh;

(g)  foláireamh a thabhairt láithreach agus i bhfoirm oiriúnach do na húsáideoirí deiridh atá i mbaol, lena n-áirítear trí rabhaidh speisialta a fhoilsiú sa teanga nó sna teangacha a chinnfidh an Ballstát ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh.

4.  D’fhéadfadh sé nach mbeadh gá le gníomhaíochtaí cheartaitheacha dá dtagraítear i bpointí (e), (f) agus (g) de mhír 3 ach amháin i gcásanna nach bhfuil baol ann go mbeidh riosca ag gabháil leis an táirge ach amháin i gcoinníollacha áirithe nó i gcomhair úsáideoirí deiridh áirithe.

5.  Má mhainníonn an t-oibreoir eacnamaíoch gníomhaíocht cheartaitheach dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh nó i gcás ina leanann an neamhchomhlíonadh nó an riosca dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh, áiritheoidh údaráis faireachais margaidh go dtarraingeofar siar an táirge nó go n-aisghairfear é, nó go gcuirfear toirmeasc nó srian ar an táirge a chur ar fáil ar an margadh, agus go gcuirfear an pobal, an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir sin.

6.  Déanfar an fhaisnéis don Choimisiún agus do na Ballstáit eile de bhun mhír 5 den Airteagal seo a chur in iúl tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34. Leis an bhfaisnéis sin a chur in iúl, measfar freisin go mbeidh na ceanglais fógartha i gcomhair na nósanna imeachta coimirce is infheidhme de chuid reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú comhlíonta.

7.  I gcás ina meastar údar cuí a bheith le beart náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta coimirce is infheidhme, nó i gcás gur chinn údarás faireachais margaidh i mBallstát eile a mhalairt amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(9), déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh inniúla sna Ballstáit eile na bearta is gá i ndáil leis an táirge neamhchomhlíontach agus iontrálfaidh siad an fhaisnéis ábhartha sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34.

Airteagal 17

Faisnéis a úsáid, sicréideacht ghairmiúil agus tráchtála

Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh a gcuid gníomhaíochtaí le hardleibhéal trédhearcachta agus cuirfidh siad ar fáil don phobal aon fhaisnéis a mheasann siad a bheith ábhartha chun leasanna úsáideoirí deiridh a chosaint. Urramóidh údaráis faireachais margaidh prionsabail na rúndachta agus na sicréideachta gairmiúla agus tráchtála agus cosnóidh siad sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ▌.

Airteagal 18

Cearta nós imeachta na n-oibreoirí eacnamaíocha

1.  Maidir le haon bheart, cinneadh nó ordú a ghlacfaidh nó a dhéanfaidh údaráis faireachais margaidh de bhun reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú nó an Rialacháin seo, ▌luafar ann na forais bheachta ar a bhfuil sé bunaithe.

2.  Cuirfear aon bheart, cinneadh nó ordú den sórt sin in iúl gan mhoill don oibreoir eacnamaíoch ábhartha, agus cuirfear an t-oibreoir sin ar an eolas an tráth céanna faoi na leigheasanna atá ar fáil dó faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann agus faoi na teorainneacha ama a bhfuil na leigheasanna sin faoina réir.

3.  Sula nglacfar nó sula ndéanfar beart, cinneadh nó ordú dá dtagraítear i mír 1, tabharfar deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann éisteacht a fháil laistigh de thréimhse iomchuí nach lú ná 10 lá oibre, ach amháin mura féidir an deis sin a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch mar gheall ar phráinn an bhirt, an chinnidh nó an ordaithe, bunaithe ar na riachtanais sláinte nó sábháilteachta nó ar fhorais eile a bhaineann leis na leasanna poiblí a chumhdaítear le reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú.

Má ghlactar nó má dhéantar an beart, an cinneadh nó an t-ordú gan an deis a bheith tugtha don oibreoir eacnamaíoch éisteacht a fháil, tabharfar an deis don oibreoir eacnamaíoch a luaithe agus is féidir ina dhiaidh sin agus athbhreithneoidh an t-údarás faireachais margaidh an beart, an cinneadh nó an t-ordú sin go pras.

Airteagal 19

Táirgí lena mbaineann riosca tromchúiseach

1.  Áiritheoidh údaráis faireachais margaidh go n-aisghairfear nó go dtarraingeofar siar táirgí lena mbaineann riosca tromchúiseach, i gcás nach bhfuil modh éifeachtach eile ar fáil chun deireadh a chur leis an riosca tromchúiseach, nó i gcás ina dtoirmiscfear a gcur ar fáil ar an margadh. Déanfaidh údaráis faireachais margaidh an Coimisiún a chur ar an eolas faoin méid sin láithreach, i gcomhréir le hAirteagal 20.

2.  Cinneadh go mbaineann nó nach mbaineann riosca tromchúiseach le táirge, beidh sé bunaithe ar mheasúnú riosca iomchuí ina gcuirfear san áireamh cineál na guaise agus dóchúlacht a tarlaithe. An fhéidearthacht leibhéil sábháilteachta níos airde a bhaint amach agus táirgí eile a bheith ar fáil ar lú an méid riosca a bhaineann leo, ní cúis iad lena mheas go mbaineann riosca tromchúiseach le táirge.

Airteagal 20

Córas Mear-Mhalartú Faisnéise

1.  I gcás ina ndéanfaidh údarás faireachais margaidh beart nó i gcás ina mbeidh sé beartaithe aige beart a dhéanamh de bhun Airteagal 19 agus i gcás ina measann sé maidir leis na cúiseanna a spreag an beart nó maidir le héifeachtaí an bhirt gur fairsinge iad ná críoch a Bhallstáit féin, tabharfaidh sé fógra faoin mbeart sin don Choimisiún láithreach i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo. Cuirfidh an t-údarás faireachais margaidh an Coimisiún ar an eolas gan mhoill freisin faoi mhodhnú nó faoi tharraingt siar aon bhirt den sórt sin.

2.  Más rud é gur cuireadh táirge lena mbaineann riosca tromchúiseach ar fáil ar an margadh, tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh fógra láithreach don Choimisiún faoi aon bheart deonach arna dhéanamh agus arna gcur in iúl don údarás faireachais margaidh ag oibreoir eacnamaíoch.

3.  Áireofar leis an bhfaisnéis arna soláthar i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an táirge a shainaithint, bunús agus slabhra soláthair an táirge, an riosca a bhaineann leis an táirge, cineál agus fad an bhirt náisiúnta arna dhéanamh agus aon bheart deonach arna dhéanamh ag na hoibreoirí eacnamaíocha.

4.  Chun críocha mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, bainfear úsáid as an Córas Mear-Mhalartú Faisnéise (RAPEX) dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE. Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 2, 3 agus 4 d’Airteagal 12 den Treoir sin.

5.  Déanfaidh an Coimisiún comhéadan sonraí idir RAPEX agus an córas faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 a sholáthar agus a chothabháil chun go seachnófar iontráil dhúbailte sonraí.

Airteagal 21

Saoráidí tástála de chuid an Aontais

1.  Is é is cuspóir do shaoráidí tástála an Aontais rannchuidiú le hacmhainn saotharlainne a fheabhsú, mar aon le hiontaofacht agus comhsheasmhacht tástála a áirithiú chun críocha faireachais margaidh laistigh den Aontas.

2.  Chun críche mhír 1, féadfaidh an Coimisiún saoráid tástála phoiblí i mBallstát a ainmniú mar shaoráid tástála de chuid an Aontais i gcomhair catagóirí sonracha táirgí nó i gcomhair rioscaí sonracha a bhaineann le catagóir táirgí.

Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún ceann dá shaoráidí tástála féin a ainmniú mar shaoráid tástála de chuid an Aontais i gcomhair catagóirí sonracha táirgí nó i gcomhair rioscaí sonracha a bhaineann le catagóir táirgí, nó i gcomhair táirgí a bhfuil an acmhainneacht tástála in easnamh iontu nó nach leor í.

3.   Déanfar saoráidí tástála an Aontais a chreidiúnú i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

4.  Ní dhéanfaidh ainmniú shaoráidí tástála an Aontais difear do shaoirse na n-údarás faireachais margaidh, an Líonra agus an Choimisiúin saoráidí tástála a roghnú chun críche a ngníomhaíochtaí.

5.  Déanfaidh saoráidí ainmnithe tástála de chuid an Aontais a seirbhísí a sholáthar d’údaráis faireachais margaidh, don Líonra, don Choimisiún agus d’eintitis rialtais nó idir-rialtais eile, agus dóibh siúd amháin.

6.  Déanfaidh saoráidí tástála de chuid an Aontais, laistigh dá réimse inniúlachta, na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)  tástáil a dhéanamh ar tháirgí arna iarraidh sin d’údaráis faireachais margaidh, don Líonra nó don Choimisiún;

(b)  comhairle neamhspleách theicniúil nó eolaíoch a sholáthar arna iarraidh sin don Líonra;

(c)  teicnící agus modhanna anailíse nua a fhorbairt.

7.  Íocfar as na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus féadfaidh an tAontas iad a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 36(2) den Rialachán seo.

8.  Féadfaidh saoráidí tástála de chuid an Aontais maoiniú a fháil ón Aontas i gcomhréir le hAirteagal 36(2) chun a n-acmhainneacht tástála a mhéadú nó chun acmhainneacht tástála nua a chruthú i gcomhair catagóirí sonracha táirgí nó i gcomhair rioscaí sonracha a bhaineann le catagóir táirgí a bhfuil an acmhainneacht tástála in easnamh inti nó nach leor í.

9.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar na nósanna imeachta le haghaidh ainmniú shaoráidí tástála an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

Caibidil VI

Cúnamh frithpháirteach trasteorann

Airteagal 22

Cúnamh frithpháirteach

1.  Beidh comhar agus malartú faisnéise éifeachtúil ann i measc údaráis faireachais margaidh na mBallstát, agus idir údaráis faireachais margaidh agus an Coimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais.

2.  Nuair nach mbeidh údarás faireachais margaidh in ann a imscrúdú a thabhairt chun críche toisc nach raibh sé in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis áirithe, cé go ndearna sé gach iarracht iomchuí chun an fhaisnéis sin a fháil, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh d’údarás faireachais margaidh Ballstáit eile inar féidir rochtain ar an bhfaisnéis sin a fhorfheidhmiú. Sa chás sin, soláthróidh an t-údarás iarrtha don údarás is iarratasóir gan mhoill, agus i gcás ar bith laistigh de 30 lá, aon fhaisnéis a mheasfaidh an t-údarás iarrtha a bheith ábhartha chun a shuí an bhfuil táirge neamhchomhlíontach.

3.  Déanfaidh an t-údarás iarrtha imscrúduithe iomchuí nó aon bheart eile is iomchuí chun an fhaisnéis arna hiarraidh a bhailiú. I gcás inar gá, déanfar na himscrúduithe sin le cúnamh ó údaráis faireachais margaidh eile.

4.  Beidh an t-údarás is iarratasóir fós freagrach as aon imscrúdú a thionscain sé, mura gcomhaontaíonn an t-údarás iarrtha go nglacfaidh sé an fhreagracht air féin.

5.  I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh údarás iarrtha diúltú iarraidh ar fhaisnéis faoi mhír 2 a chomhlíonadh i gcás gur fíor an méid seo a leanas:

(a)  níl an t-údarás is iarratasóir tar éis a chruthú go leordhóthanach go bhfuil gá leis an bhfaisnéis arna hiarraidh chun neamhchomhlíonadh a shuí;

(b)  léiríonn an t-údarás iarrtha forais réasúnaithe lena dtaispeántar go gcuirfí isteach go suntasach ar fhorghníomhú a ghníomhaíochtaí féin dá gcomhlíonfaí an iarraidh.

Airteagal 23

Iarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin

1.  I gcás inar gá bearta a dhéanamh laistigh de dhlínse Ballstáit eile chun deireadh a chur le neamhchomhlíonadh maidir le táirge agus i gcás nach mbeidh na bearta sin mar thoradh ar cheanglais Airteagal 16(7), féadfaidh údarás is iarratasóir iarraidh réasúnaithe go cuí ar bhearta forfheidhmiúcháin a chur chuig údarás iarrtha sa Bhallstát eile sin.

2.  Déanfaidh an t-údarás iarrtha gach beart forfheidhmiúcháin is cuí agus is gá gan mhoill ag baint úsáid as na cumhachtaí a thugtar dó faoin Rialachán seo chun deireadh a chur le cás an neamhchomhlíonta trí na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 14 agus aon chumhacht bhreise arna dheonú dó faoin dlí náisiúnta a fheidhmiú.

3.  Cuirfidh an t-údarás iarrtha an t-údarás is iarratasóir ▌ar an eolas ▌faoi na bearta dá dtagraítear i mír 2 a rinneadh nó atáthar ag beartú a dhéanamh.

Féadfaidh údarás iarrtha diúltú iarraidh ar bhearta forfheidhmiúcháin a chomhlíonadh in aon cheann amháin de na cásanna seo a leanas:

(a)  cinneann an t-údarás iarrtha nach bhfuil faisnéis leordhóthanach soláthraithe ag an údarás is iarratasóir;

(b)  measann an t-údarás iarrtha go bhfuil an iarraidh contrártha do reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú;

(c)  léiríonn an t-údarás iarrtha forais réasúnacha lena dtaispeántar go gcuirfí isteach go suntasach ar fhorghníomhú a ghníomhaíochtaí féin dá gcomhlíonfaí an iarraidh.

Airteagal 24

Nós imeachta um iarrataí ar chúnamh frithpháirteach

1.  Sula dtíolacfaidh sé iarraidh faoi Airteagal 22 nó 23, déanfaidh an t-údarás is iarratasóir a dhícheall gach imscrúdú réasúnta féideartha a dhéanamh.

2.  Agus iarraidh faoi Airteagal 22 nó 23 á tíolacadh aige, soláthróidh an t-údarás is iarratasóir gach faisnéis atá ar fáil ionas gur féidir leis an údarás iarrtha an iarraidh a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon fhianaise riachtanach nach féidir a fháil ach i mBallstát an údaráis is iarratasóir.

3.  Iarrataí ▌faoi Airteagail 22 agus 23 agus an chumarsáid uile a bhaineann leo, déanfar iad ag baint úsáid as foirmeacha caighdeánacha leictreonacha trí bhíthin an chórais faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34.

4.  Déanfar an chumarsáid go díreach idir na húdaráis faireachais margaidh rannpháirteacha nó trí oifigí idirchaidrimh aonair na mBallstát lena mbaineann.

5.  Tiocfaidh na húdaráis faireachais margaidh lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis na teangacha a bheidh le húsáid i gcomhair iarrataí ▌faoi Airteagail 22 agus 23 agus i gcomhair na cumarsáide uile atá nasctha leo.

6.  I gcás nach féidir leis na húdaráis faireachais margaidh lena mbaineann teacht ar chomhaontú maidir leis na teangacha atá le húsáid, is i dteanga oifigiúil Bhallstát an údaráis is iarratasóir a sheolfar na hiarrataí ▌faoi Airteagail 22 agus 23, agus is i dteanga oifigiúil Bhallstát an údaráis iarrtha a sheolfar na freagraí ar na hiarrataí sin. I gcás den sórt sin, déanfaidh an t-údarás is iarratasóir agus an t-údarás iarrtha socrú maidir le haistriú na n-iarratas, na bhfreagraí nó na ndoiciméad eile a fhaigheann siad ón údarás eile.

7.  Leis an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34, soláthrófar faisnéis struchtúrtha maidir le cásanna cúnaimh fhrithpháirtigh do na hoifigí idirchaidrimh aonair rannpháirteacha. Agus úsáid á baint acu as an bhfaisnéis sin, tabharfaidh oifigí idirchaidrimh aonair aon tacaíocht is gá chun cúnamh a éascú.

Caibidil VII

Táirgí ag teacht isteach i margadh an Aontais

Airteagal 25

Rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais

1.  Ainmneoidh na Ballstáit údaráis chustaim, údarás faireachais margaidh amháin nó níos mó, nó aon údarás eile ina gcríoch féin mar údaráis i gceannas ar an rialú ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais.

Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas maidir leis na húdaráis arna n-ainmniú faoin gcéad fhomhír agus maidir lena réimsí inniúlachta tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34.

2.  Beidh ag na húdaráis arna n-ainmniú faoi mhír 1 na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá chun a gcúraimí dá dtagraítear sa mhír sin a fheidhmiú go cuí.

3.  Táirgí atá faoi réir reachtaíocht ▌an Aontais agus atá le cur faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’, beidh siad faoi réir rialuithe a dhéanfaidh na húdaráis arna n-ainmniú faoi mhír 1 den Airteagal seo. Déanfaidh siad na rialuithe sin ar bhonn anailís riosca i gcomhréir le hAirteagail 46 agus 47 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn cur chuige rioscabhunaithe amhail dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 11(3) den Rialachán seo.

4.  Malartófar faisnéis rioscabhunaithe idir:

(a)  na húdaráis arna n-ainmniú faoi mhír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013; agus

(b)  na húdaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 46(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Maidir le táirgí atá faoi réir dhlí ▌an Aontais agus atá á stóráil go sealadach nó atá curtha faoi nós imeachta custaim nach “scaoileadh i saorchúrsaíocht” é, i gcás ina mbeidh cúis ag na húdaráis chustaim ag an gcéad phointe iontrála a chreidiúint nach gcomhlíonann na táirgí sin dlí is infheidhme an Aontais nó go mbaineann riosca leo, cuirfidh na húdaráis chustaim sin an fhaisnéis uile is ábhartha ar aghaidh chuig oifig chustaim inniúil an chinn scríbe.

5.  Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh faisnéis ar fáil do na húdaráis arna n-ainmniú faoi mhír 1 maidir le catagóirí táirgí nó céannacht oibreoirí eacnamaíocha ar sainaithníodh riosca neamhchomhlíonta ní b’airde ina leith.

6.  Faoin 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit sonraí mionsonraithe staidrimh faoi bhráid an Choimisiúin lena gcumhdófar na rialuithe a rinne na húdaráis arna n-ainmniú faoi mhír 1 i dtaca le táirgí atá faoi réir dhlí an Aontais le linn na bliana féilire roimhe sin ▌. Leis na sonraí staidrimh sin, cumhdófar líon na n-idirghabhálacha i réimse na rialuithe ar tháirgí den sórt sin a mhéid a bhaineann le sábháilteacht agus comhlíonadh táirgí.

Tarraingeoidh an Coimisiún tuarascáil suas faoin 30 Meitheamh gach bliain ina mbeidh an fhaisnéis a sholáthair na Ballstáit don bhliain féilire roimhe sin agus anailís ar na sonraí arna tíolacadh. Is sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 a fhoilseofar an tuarascáil.

7.  I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach faoi riosca tromchúiseach ▌a bhaineann le táirgí atá faoi réir dhlí ▌an Aontais agus a allmhairítear ó thríú tír, molfaidh sé don Bhallstát lena mbaineann bearta faireachais margaidh iomchuí a dhéanamh.

8.  Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin leis an Líonra, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh 2) lena leagfar síos tagarmharcanna agus teicnící le haghaidh seiceálacha ar bhonn anailís chomhchoiteann riosca ar leibhéal an Aontais, chun a áirithiú go ndéanfar dlí an Aontais a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach, chun na rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais a neartú agus chun a áirithiú go bhfuil na rialuithe sin ar leibhéal éifeachtach agus aonfhoirmeach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

9.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar tuilleadh mionsonraí na sonraí atá le cur faoina bhráid faoi mhír 6 ▌den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

Airteagal 26

Scaoileadh i saorchúrsaíocht a chur ar fionraí

1.  Cuirfidh na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1) scaoileadh táirge i saorchúrsaíocht ar fionraí más rud é, i gcaitheamh na rialuithe de bhun Airteagal 25(3), go suífear:

(a)  nach bhfuil an doiciméadacht a cheanglaítear faoi dhlí ▌an Aontais is infheidhme maidir leis an táirge ag gabháil leis an táirge sin, nó go bhfuil amhras réasúnta ann maidir le barántúlacht, cruinneas, nó iomláine na doiciméadachta sin;

(b)  nach bhfuil an táirge marcáilte nó lipéadaithe i gcomhréir leis an dlí ▌de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis;

(c)  go bhfuil ar an táirge marc CE nó marc eile a cheanglaítear de réir an dlí ▌sin de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis a greamaíodh de ar bhealach bréagach nó míthreorach;

(d)  nach bhfuil ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh poist, oibreora eacnamaíoch ar a bhfuil cúraimí maidir leis an táirge faoi réir reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais um chomhchuibhiú léirithe nó inaitheanta i gcomhréir le hAirteagal 4(4); nó

(e)  nuair atá forais ann, ar fháth ar bith eile, a chreidiúint nach gcomhlíonann an táirge reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú is infheidhme maidir leis, ▌nó go mbaineann riosca tromchúiseach leis don tsláinte, don tsábháilteacht, don chomhshaoil nó do leas poiblí eile ar bith dá dtagraítear in Airteagal 1.

2.  Tabharfaidh na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1) fógra láithreach do na húdaráis faireachais margaidh faoi aon fhionraíocht maidir le scaoileadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.  I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag na húdaráis faireachais margaidh a chreidiúint nach gcomhlíonann táirge dlí an Aontais is infheidhme maidir leis, nó go mbaineann riosca tromchúiseach leis, iarrfaidh siad ar na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1) próiseas a scaoilte i saorchúrsaíocht a chur ar fionraí.

4.  Féadfar fógraí faoi mhír 2 agus iarrataí faoi mhír 3 den Airteagal seo a dhéanamh trí bhíthin an chórais faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as comhéadain leictreonacha idir an córas sin agus na córais a úsáidfidh na húdaráis chustaim, nuair a bheidh siad ar fáil.

Airteagal 27

Scaoileadh i saorchúrsaíocht

I gcás ina mbeidh scaoileadh táirge i saorchúrsaíocht ▌ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 26, scaoilfear an táirge sin i saorchúrsaíocht i gcás ina gcomhlíonfar gach ceanglas agus foirmiúlacht eile a bhaineann le scaoileadh den sórt sin, agus i gcás ina sásaítear aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  laistigh de cheithre lá oibre ón bhfionraíocht, nár iarr na húdaráis faireachais margaidh ar na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1) an fhionraíocht a choinneáil;

(b)  gur chuir na húdaráis faireachais margaidh na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1) ar an eolas maidir leis an bhformheas é a scaoileadh i saorchúrsaíocht.

Ní mheasfar scaoileadh i saorchúrsaíocht mar chruthúnas de bheith i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 28

Scaoileadh i aoirchúrsaíocht a dhiúltú

1.  I gcás inarb é conclúid na n-údarás faireachais margaidh go mbaineann riosca tromchúiseach le táirge, déanfaidh siad bearta chun toirmeasc a chur ar an táirge a chur ar an margadh, agus ceanglóidh siad ar na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1) gan é scaoileadh i saorchúrsaíocht. Ceanglóidh siad ar na húdaráis sin freisin an fógra seo a leanas a chur sa chóras próiseála sonraí custaim agus, i gcás inarb iomchuí, ar an sonrasc tráchtála a ghabhann leis an táirge agus ar aon doiciméad ábhartha eile a ghabhann leis ▌:"

“Táirge contúirteach – gan údarú lena scaoileadh i saorchúrsaíocht – Rialachán (AE) 2019/... (54)”.

"

Iontrálfaidh na húdaráis faireachais margaidh an fhaisnéis sin láithreach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34.

2.  I gcás inarb é conclúid na n-údarás faireachais margaidh nach féidir táirge a chur ar an margadh toisc nach gcomhlíonann sé an dlí ▌de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis, déanfaidh siad bearta chun toirmeasc a chur ar an táirge a chur ar an margadh, agus ceanglóidh siad ar na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1) gan é a scaoileadh i saorchúrsaíocht. Ceanglóidh siad ar na húdaráis sin freisin an fógra seo a leanas a chur sa chóras próiseála sonraí custaim agus, i gcás inarb iomchuí, ar an sonrasc tráchtála a ghabhann leis an táirge agus ar aon doiciméad ábhartha eile a ghabhann leis ▌:"

‘Táirge gan a bheith i gcomhréir – gan údarú lena scaoileadh i saorchúrsaíocht – Rialachán (AE) 2019/...(55).’

"

Iontrálfaidh na húdaráis faireachais margaidh an fhaisnéis sin láithreach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34.

3.  I gcás ina ndéanfar an táirge dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2 a dhearbhú ina dhiaidh sin le haghaidh nós imeachta custaim nach scaoileadh i saorchúrsaíocht é, agus ar choinníoll nach ndéanfaidh na húdaráis faireachais margaidh agóid ina choinne, déanfar an fógra a cheanglaítear de réir mhír 1 nó 2 a chur, faoi na coinníollacha céanna a leagtar síos de réir na míre sin, sna doiciméid a úsáidfear i ndáil leis an nós imeachta sin.

4.  Maidir leis an táirge lena mbaineann riosca do shláinte agus do shábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh, féadfaidh na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1) é a scriosadh nó é a chur as feidhm ar bhealach eile, i gcás ina measfaidh an t-údarás i dtrácht gur riachtanach agus comhréireach é sin a dhéanamh. Is é an duine nádúrtha nó dlítheanach a dhearbhaigh an táirge le haghaidh saorchúrsaíochta a íocfaidh as an gcostas a bhainfidh le beart mar sin.

Beidh feidhm dá réir sin ag Airteagal 197 agus ag Airteagal 198 ▌de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Caibidil VIII

Forfheidhmiú comhordaithe agus comhar idirnáisiúnta

Airteagal 29

Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí

1.   Bunaítear leis seo Líonra de chuid an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí.

2.  Is é cuspóir an Líonra fónamh mar ardán le haghaidh comhordú agus comhar struchtúrtha idir údaráis forfheidhmithe na mBallstát agus an Coimisiún agus chun cleachtais maidir le faireachas margaidh a chuíchóiriú laistigh den Aontas, rud a dhéanfaidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh níos éifeachtaí.

Airteagal 30

Comhdhéanamh agus feidhmiú an Líonra ▌

1.  Beidh an Líonra comhdhéanta d’ionadaithe ó gach Ballstát, lena n-áirítear ionadaí ó gach oifig idirchaidrimh aonair dá dtagraítear in Airteagal 10 agus saineolaí náisiúnta roghnach, cathaoirligh ADCOnna, agus ionadaithe ón gCoimisiún.

2.  Cuirfear ADCOnna ar leithligh nó comhpháirteacha ar bun ionas go ndéanfar reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a chur chun feidhme go haonfhoirmeach. Beidh ADCOnna comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis faireachais margaidh náisiúnta agus, más iomchuí, d’ionadaithe ó na hoifigí idirchaidrimh aonair.

Is d’ionadaithe na n-údarás faireachais margaidh agus an Coimisiún amháin atá cruinnithe ADCOnna beartaithe.

Féadfar cuireadh a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha amhail eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leibhéal an Aontais ar leas na hearnála tionsclaíochta, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), tomhaltóirí, saotharlanna tástála, comhlachtaí um mheasúnú caighdeánaithe agus comhréireachta chun freastal ar chruinnithe ADCOnna ag brath ar an ábhar atá á phlé.

3.  Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht agus spreagadh don chomhar idir údaráis faireachais margaidh tríd an Líonra agus trí rannpháirtíocht i gcruinnithe an Líonra, a fhoghrúpaí agus ADCOnna.

4.  Tiocfaidh an Líonra le chéile ar bhonn rialta agus, i gcás inar gá, ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó Bhallstát.

5.  Féadfaidh an Líonra foghrúpaí sealadacha nó buana a bhunú chun díriú ar cheisteanna agus ar chúraimí sonracha.

6.  Féadfaidh an Líonra cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do thríú páirtithe eile, lena n-áirítear na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leas na hearnála tionsclaíochta, FBManna, tomhaltóirí, saotharlanna tástála, comhlachtaí um chaighdeánú agus comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar leibhéal an Aontais, freastal ar chruinnithe mar bhreathnóirí nó aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn.

7.  Déanfaidh an Líonra a dhícheall teacht ar chomhthoil. Moltaí neamhcheangailteacha ó thaobh an dlí de a bheidh sna cinntí a dhéanfaidh an Líonra.

8.  Bunóidh an Líonra a chuid rialacha nós imeachta féin.

Airteagal 31

Ról agus cúraimí an Líonra

1.  Agus na cúraimí a leagtar amach i mír 2 á ndéanamh aige, tabharfaidh an Líonra aghaidh ar shaincheisteanna ginearálta cothrománacha a bhaineann le faireachas margaidh d’fhonn éascú a dhéanamh ar an gcomhar i measc na n-oifigí idirchaidrimh aonair mar aon leis an gCoimisiún.

2.  Beidh na cúraimí seo a leanas ar an Líonra:

(a)  cur chun feidhme a chláir oibre a ullmhú, a ghlacadh agus faireachán a dhéanamh air;

(b)  sainaithint tosaíochtaí comhchoiteanna do ghníomhaíocht faireachais margaidh agus malartú faisnéise ar bhonn trasearnálach a éascú maidir le meastóireachtaí ar tháirgí, lena n-áirítear measúnú riosca, modhanna agus torthaí tástála, forbairtí nua eolaíocha agus teicneolaíochtaí nua, rioscaí atá ag teacht chun cinn, agus gnéithe eile atá ábhartha i dtaca le gníomhaíochtaí rialaithe agus maidir le cur chun feidhme straitéisí agus gníomhaíochtaí náisiúnta faireachais margaidh;

(c)  comhordú a dhéanamh ar ADCOnna agus ar a ngníomhaíochtaí;

(d)  faireachas margaidh comhpháirteach trasearnálach a eagrú, tionscadail a thástáil agus a dtosaíochtaí a shainiú;

(e)  saineolas agus dea-chleachtais a mhalartú, go háirithe i ndáil le cur chun feidhme straitéisí náisiúnta faireachais margaidh;

(f)  eagrú clár oiliúna agus malartú pearsanra a éascú;

(g)  feachtais faisnéise agus cláir cuairteanna frithpháirteacha deonacha idir údaráis faireachais margaidh a eagrú i gcomhar leis an gCoimisiún;

(h)  ceisteanna a eascraíonn as sásraí um chúnamh frithpháirteach trasteorann a phlé;

(i)  rannchuidiú le forbairt treorach chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú;

(j)  maoiniú gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 36 a mholadh;

(k)  rannchuidiú le cleachtais riaracháin aonfhoirmeacha maidir le faireachas margaidh sna Ballstáit;

(l)  comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le saincheisteanna a bhaineann le forbairt bhreise RAPEX agus an chórais faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34;

(m)  an comhar agus an malartú saineolais a chur chun cinn mar aon le dea-chleachtas idir údaráis faireachais margaidh agus údaráis a bheidh i gceannas ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais;

(n)  comhoibriú le líonraí agus grúpaí ábhartha eile a chur chun cinn agus a éascú, d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí chun teicneolaíochtaí nua a úsáid chun críocha faireachais margaidh agus trédhearcachta táirgí;

(o)  meastóireacht rialta a dhéanamh ar straitéisí náisiúnta faireachais margaidh, an chéad mheastóireacht díobh siúd le tarlú roimh an ... [5 bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

(p)  dul i ngleic le haon saincheisteanna eile i ngníomhaíochtaí faoi réimse freagrachta an Líonra, agus é mar aidhm rannchuidiú le feidhmiú éifeachtach an fhaireachais margaidh laistigh den Aontas.

Airteagal 32

Ról agus cúraimí na ngrúpaí comhair riaracháin

1.  Agus na cúraimí a leagtar amach i mír 2 á ndéanamh acu, rachaidh ADCOnna i ngleic le hábhair shonracha a bhaineann leis an bhfaireachas margaidh agus le saincheisteanna earnáilsonracha.

2.  Beidh na cúraimí seo a leanas ar ADCOnna:

(a)  cur i bhfeidhm aonfhoirmeach reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a éascú laistigh dá réimse inniúlachta d’fhonn éifeachtúlacht an fhaireachais margaidh a mhéadú ar fud an mhargaidh inmheánaigh;

(b)  cumarsáid a chur chun cinn idir údaráis faireachais margaidh agus an Líonra agus muinín fhrithpháirteach a fhorbairt idir na húdaráis faireachais margaidh;

(c)  tionscadail chomhchoiteanna a bhunú agus a chomhordú amhail gníomhaíochtaí faireachais margaidh comhpháirteacha trasteorann;

(d)  cleachtais choiteanna agus modheolaíochtaí coiteanna d’fhaireachas margaidh éifeachtach a fhorbairt;

(e)  faisnéis a thabhairt dá chéile faoi mhodhanna agus faoi ghníomhaíochtaí faireachais margaidh náisiúnta, agus dea-chleachtais a chur chun cinn;

(f)  saincheisteanna comhleasa a shainaithint a bhaineann leis an bhfaireachas margaidh agus cineálacha cur chuige coiteann a mholadh lena nglacadh;

(g)  meastóireachtaí earnáilsonracha ar tháirgí a éascú, lena n-áirítear measúnuithe riosca, modhanna agus torthaí tástála, forbairtí eolaíocha nua agus gnéithe eile atá ábhartha i gcomhair gníomhaíochtaí rialaithe.

Airteagal 33

Ról agus cúraimí an Choimisiúin

1.  Beidh na cúraimí seo a leanas ar an gCoimisiún:

(a)  cuidiú leis an Líonra, lena fhoghrúpaí, agus le ADCOnna trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a sholáthraíonn tacaíocht theicniúil agus lóistíochta;

(b)  liosta nuashonraithe de chathaoirligh ADCOnna a choinneáil agus a chur ar fáil do na hoifigí idirchaidrimh aonair agus do chathaoirligh ADCOnna, lena n-áirítear a sonraí teagmhála;

(c)  cuidiú leis an Líonra i dtaca lena chlár oibre a ullmhú agus faireachán a dhéanamh air;

(d)  tacú le feidhmiú na bPointí Teagmhála do Tháirgí a bhfuil cúraimí sannta dóibh ag Ballstáit i dtaca le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú;

(e)  i gcomhairliúchán leis an Líonra, an gá atá le hacmhainneacht tástála bhreise a chinneadh agus réitigh a mholadh chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 21;

(f)  ionstraimí an chomhair idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 35 a chur i bhfeidhm;

(g)  tacaíocht a sholáthar i dtaca le bunú ADCOnna ar leithligh nó comhpháirteacha;

(h)  an córas faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 a fhorbairt agus a chothabháil, lena n-áirítear an comhéadan ▌dá dtagraítear in Airteagal 34(7), mar aon leis an gcomhéadan le bunachair sonraí faireachais margaidh náisiúnta, agus faisnéis a sholáthar don phobal trí bhíthin an chórais sin;

(i)  cuidiú leis an Líonra réamhobair nó obair choimhdeach a dhéanamh i ndáil le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faireachais mhargaidh atá nasctha le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a chur i bhfeidhm, amhail staidéir, cláir, meastóireachtaí, ▌anailísí comparáideacha, comhchuairteanna frithpháirteacha, agus cláir cuairteanna, malartú pearsanra, obair thaighde, ▌obair saotharlainne, tástáil inniúlachta, tástálacha idirshaotharlainne agus obair measúnaithe comhréireachta ▌;

(j)  ullmhúchán a dhéanamh agus cúnamh a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm fheachtais faireachais margaidh an Aontais agus gníomhaíochtaí comhchosúla;

(k)  tionscadail faireachais margaidh agus tástála comhpháirteacha agus cláir oiliúna chomhchoiteanna a eagrú, idirmhalartuithe pearsanra idir údaráis faireachais margaidh a éascú agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis faireachais margaidh tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus feachtais faisnéise agus cláir cuairteanna frithpháirteacha deonacha idir údaráis faireachais margaidh a eagrú;

(l)  gníomhaíochtaí a dhéanamh faoi chláir cúnaimh theicniúil, oibriú i gcomhar le tríú tíortha agus cur chun cinn agus feabhsú bheartais agus chórais faireachais margaidh an Aontais i measc páirtithe leasmhara ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(m)  saineolas teicniúil nó eolaíoch a éascú chun an comhar riaracháin um fhaireachas margaidh a chur chun feidhme;

(n)  scrúdú a dhéanamh, ▌arna iarraidh sin don Líonra nó ar a thionscnamh féin ar cheist ar bith lena gcumhdaítear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais a eisiúint chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a spreagadh ▌.

Airteagal 34

Córas faisnéise agus cumarsáide

1.  Déanfaidh an Coimisiún córas faisnéise agus cumarsáide a fhorbairt agus a chothabháil tuilleadh le haghaidh bailiú, próiseáil agus stóráil faisnéise, i bhfoirm struchtúrtha, faoi shaincheisteanna a bhaineann le forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, agus é mar aidhm leis feabhas a chur ar chomhroinnt sonraí i measc na mBallstát, lena n-áirítear chun críche iarrataí ar fhaisnéis, lena soláthrófar forléargas cuimsitheach ar ghníomhaíochtaí, torthaí agus treochtaí faireachais margaidh. Beidh rochtain ar an gcóras sin ag an gCoimisiún, ag údaráis faireachais margaidh, ag na hoifigí idirchaidrimh aonair, agus ag na húdaráis arna n-ainmniú faoi hAirteagal 25(1). Déanfaidh an Coimisiún comhéadan poiblí an chórais sin a fhorbairt agus a chothabháil, ar comhéadan é ina soláthrófar faisnéis bhunriachtanach d’úsáideoirí deiridh maidir le gníomhaíochtaí faireachais margaidh.

2.  Déanfaidh an Coimisiún forbairt agus cothabháil bhreise ar chomhéadain leictreonacha idir an córas dá dtagraítear i mír 1 agus na córais náisiúnta faireachais margaidh.

3.  Iontrálfaidh na hoifigí idirchaidrimh aonair an fhaisnéis seo a leanas sa chóras faisnéise agus cumarsáide:

(a)  sainaitheantas na n-údarás faireachais margaidh ina mBallstát agus réimsí inniúlachta na n-údarás sin de bhun Airteagal 10(2);

(b)  sainaitheantas na n-údarás arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1);

(c)  an straitéis náisiúnta faireachais margaidh arna tarraingt suas ag a mBallstát faoi Airteagal 13 agus na torthaí ón athbhreithniú agus measúnú ar an straitéis faireachais margaidh.

4.  Iontrálfaidh údaráis faireachais margaidh faisnéis sa chóras faisnéise agus cumarsáide ▌maidir le táirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh, a ndearnadh mionseiceáil comhlíonta ina leith, gan dochar d’Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE agus Airteagal 20 den Rialachán seo, agus i gcás inarb infheidhme, maidir le táirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais ar cuireadh an próiseas i dtaca le scaoileadh i saorchúrsaíocht ar fionraí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo, ina gcríoch, an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)  bearta i gcomhréir le hAirteagal 16(5) atá déanta ag an údarás faireachais margaidh sin;

(b)  tuarascálacha ar an tástáil atá déanta acu;

(c)  gníomhaíocht cheartaitheach atá déanta ag na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann;

(d)  tuarascálacha a bhfuil fáil éasca orthu maidir le gortuithe de dheasca an táirge i dtrácht;

(e)  aon agóid atá déanta ag Ballstát i gcomhréir leis an nós imeachta coimirce is infheidhme sa reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú maidir leis an táirge agus aon obair leantach ina dhiaidh sin;

(f)  i gcás ina bhfuil siad ar fáil, mainneachtain na n-ionadaithe údaraithe Airteagal 5(2) a chomhlíonadh;

(g)  i gcás ina bhfuil siad ar fáil, mainneachtain na monaróirí Airteagal 5(1) a chomhlíonadh.

5.  I gcás ina measann údaráis faireachais margaidh í a bheith úsáideach, féadfaidh siad aon fhaisnéis bhreise a iontráil sa chóras faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis na seiceálacha a dhéanann siad agus le torthaí na tástála atá déanta acu nó arna iarraidh sin dóibh.

6.  I gcás inarb ábhartha i gcomhair fhorfheidhmiú reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus chun críocha riosca a íoslaghdú ▌, bainfidh údaráis chustaim as na córais náisiúnta chustaim ▌faisnéis ▌faoi tháirgí a chuirtear faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ a bhaineann le forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus tarchuirfidh siad í chuig an gcóras faisnéise agus cumarsáide.

7.  Déanfaidh an Coimisiún comhéadan leictreonach a fhorbairt ionas gur féidir sonraí a tharchur idir na córais náisiúnta chustaim agus an córas faisnéise agus cumarsáide. Beidh an comhéadan sin i bhfeidhm taobh istigh de cheithre bliana ón dáta a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme ábhartha dá dtagraítear i mír 8.

8.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar mionsonraí na socruithe cur chun feidhme le haghaidh mhíreanna 1 go 7 den Airteagal seo, agus go háirithe an phróiseáil sonraí a chuirfear i bhfeidhm ar shonraí arna mbailiú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, agus ina saineofar na sonraí atá le tarchur i gcomhréir le míreanna 6 agus 7 den Airteagal seo . Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

Airteagal 35

Comhar idirnáisiúnta

1.  Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an fhaireachais margaidh san Aontas, féadfaidh an Coimisiún oibriú i gcomhar le húdaráis rialála tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus faisnéis ▌a bhaineann le faireachas margaidh a mhalartú leo faoi chuimsiú comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Beidh aon chomhaontuithe den sórt sin bunaithe ar chómhalartú, lena n-áirítear forálacha maidir le rúndacht a chomhfhreagraíonn do na forálacha sin is infheidhme san Aontas, agus áiritheofar leo go ndéanfar aon mhalartú faisnéise i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

2.  ▌ Féadfaidh baint a bheith ag an gcomhar nó ag an malartú faisnéise leis an méid seo a leanas, inter alia:

(a)  na modhanna measúnaithe riosca a úsáidtear agus torthaí na tástála táirgí;

(b)  aisghairmeacha táirgí comhordaithe nó gníomhaíochtaí comhchosúla eile;

(c)  na bearta arna ndéanamh ag údaráis faireachais margaidh faoi Airteagal 16.

3.  Córas sonrach maidir le rialú réamhonnmhairiúcháin a bhaineann le táirgí a chuireann tríú tír i bhfeidhm ar tháirgí díreach sula n-onnmhairítear isteach san Aontas iad chun a fhíorú go sásaíonn na táirgí sin ceanglais na reachtaíochta is infheidhme de chuid an Aontais um chomhchuibhiú maidir leo, féadfaidh an Coimisiún an córas sonrach sin a fhormheas. Féadfar an formheas a dheonú i leith táirge amháin nó níos mó, i leith catagóir táirge amháin nó níos mó, nó i leith táirgí nó catagóirí táirge a mhonaraíonn monaróirí áirithe.

4.  Déanfaidh an Coimisiún liosta a chruthú agus a chothabháil de na táirgí nó na catagóirí táirgí sin i ndáil le cé na táirgí nó na catagóirí táirge ar deonaíodh formheas dóibh amhail dá dtagraítear i mír 3 agus cuirfidh sé an liosta sin ar fáil don phobal.

5.  Ní féidir formheas a dheonú do thríú tír faoi mhír 3 ach amháin má shásaítear na coinníollacha seo a leanas:

(a)  tá córas fíoraithe éifeachtúil i leith chomhlíonadh na dtáirgí a onnmhairítear chuig an Aontas ag an tríú tír agus tá na rialuithe arna ndéanamh sa tríú tír sin éifeachtach agus éifeachtúil go leor chun teacht in ionad rialuithe allmhairiúcháin nó iad a laghdú;

(b)  léirítear le hiniúchtaí laistigh den Aontas agus, más ábhartha, sa tríú tír, go sásaíonn táirgí arna onnmhairiú ón tríú tír sin chuig an Aontas na ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú.

6.  I gcás inar deonaíodh an formheas sin, féadfar na formheasanna arna ndeonú a áireamh sa mheasúnú riosca arna gcur i bhfeidhm ar na rialuithe allmhairiúcháin ar na táirgí nó ar na catagóirí táirge sin atá ag teacht isteach i margadh an Aontais, dá dtagraítear i mír 3.

Féadfaidh na húdaráis ▌arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1) rialuithe a dhéanamh, áfach, ar na táirgí nó na catagóirí táirge sin atá ag teacht isteach i margadh an Aontais, lena n-áirítear chun a áirithiú go bhfuil na rialuithe réamhonnmhairiúcháin a rinne an tríú tír éifeachtach chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a chinneadh.

7.  Sonrófar san fhormheas dá dtagraítear i mír 3 an t-údarás inniúil de chuid an tríú tír a ndéanfar na rialuithe réamhonnmhairiúcháin faoina chúram, agus is é an t-údarás inniúil sin a bheidh ina pháirtí le haghaidh gach teagmhála leis an Aontas.

8.  Áiritheoidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 7 fíorú oifigiúil na dtáirgí sula dtiocfaidh siad isteach san Aontas.

9.  I gcás ina n-aimseofar neamhchomhlíonadh suntasach de thoradh na rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh fógra don Choimisiún láithreach tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 agus déanfaidh siad oiriúnú ar leibhéal na rialuithe ar na táirgí sin.

10.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena bhformheasfar gach córas sonrach le haghaidh rialuithe réamhonnmhairiúcháin a bhaineann le táirgí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

11.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar fheidhmiú cuí an fhormheasta arna dheonú faoi mhír 3 den Airteagal seo. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtarraingeofar siar an formheas sin i gcás ina bhfaighfear amach nach gcomhlíonann na táirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú i líon cásanna nach beag. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2). Cuirfidh an Coimisiún an triú tír lena mbaineann ar an eolas láithreach faoin méid sin.

12.  Déanfar meastóireacht ar an gcóras le haghaidh rialú réamhonnmhairiúcháin a bhaineann le táirgí i gcomhréir le hAirteagal 42(4).

Caibidil IX

Forálacha airgeadais

Airteagal 36

Gníomhaíochtaí a mhaoiniú

1.  Maoineoidh an tAontas feidhmiú na gcúraimí de chuid an Líonra dá dtagraítear in Airteagal 31 agus na meastóireachtaí piaraí dá dtagraítear in Airteagal 12.

2.  Féadfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo:

(a)  feidhmiú na bPointí Teagmhála do Tháirgí ▌;

(b)  bunú agus feidhmiú shaoráidí tástála an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 21;

(c)  forbairt ionstraimí comhair idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 35;

(d)  tarraingt suas agus nuashonrú na rannchuidithe leis na treoirlínte um fhaireachas margaidh;

(e)  cur ar fáil saineolais theicniúil nó eolaíoch don Choimisiún chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún le cur chun feidhme an chomhair riaracháin um fhaireachas margaidh;

(f)  cur chun feidhme na straitéisí náisiúnta faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 13;

(g)   feachtais faireachais margaidh na mBallstát agus an Aontais agus gníomhaíochtaí gaolmhara, lena n-áirítear acmhainní agus trealamh, uirlisí TF agus oiliúint;

(h)  réamhobair nó obair choimhdeach a dhéanamh i ndáil le gníomhaíochtaí faireachais mhargaidh a bhaineann le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a chur i bhfeidhm, amhail staidéir, cláir, meastóireachtaí, treoirlínte, anailísí comparáideacha, comhchuairteanna frithpháirteacha, agus cláir cuairteanna, malartú pearsanra, obair thaighde, gníomhaíochtaí oiliúna, obair saotharlainne, tástáil inniúlachta, tástálacha idirshaotharlainne agus obair measúnaithe comhréireachta;

(i)  gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chláir a sholáthraíonn cúnamh teicniúil, comhar le tríú tíortha agus cur chun cinn agus feabhsú bheartais agus chórais faireachais margaidh an Aontais i measc páirtithe leasmhara ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

3.  Tabharfaidh an tAontas maoiniú don chomhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 34(7), lena n-áirítear forbairt an chórais faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 lena gcuirfear ar chumas an chórais sin sreafaí uathoibríocha sonraí leictreonacha a fháil ó na córais náisiúnta chustaim. ▌

4.  Tabharfaidh an tAontas maoiniú do na comhéadain leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 34(2) lena gcumasófar an malartú faisnéise a dhéanamh idir an córas cumarsáide agus faisneise dá dtagraítear in Airteagal 34 agus na córais faireachais margaidh náisiúnta.

5.  Cuirfear chun feidhme cúnamh airgeadais an Aontais maidir leis na gníomhaíochtaí mar thaca leis an Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(56), go díreach nó trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh na n-eintiteas atá liostaithe i bpointe (c) d’Airteagal 58(1) den Rialachán sin.

6.  Na leithreasuithe arna leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo, déanfaidh an t-údarás buiséadach iad a chinneadh gach bliain laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais atá i bhfeidhm.

7.  Féadfaidh na leithreasuithe arna gcinneadh ag an údarás buiséadach do mhaoiniú na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh speansais i ndáil le hobair ullmhúcháin, gníomhaíochtaí faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a chumhdach freisin, ar gníomhaíochtaí iad atá riachtanach chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhainistiú agus chun a gcuid cuspóirí a bhaint amach. Áireofar ar na speansais sin na costais a bhaineann le staidéir a dhéanamh, cruinnithe saineolaithe a eagrú, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear an chumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh, speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise maille leis na speansais uile eile arna dtabhú ag an gCoimisiún a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin.

Airteagal 37

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.  Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.  Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoin Rialachán seo.

3.  Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(57) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(58) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh a mhaoinítear faoin Rialachán seo.

4.  Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a thiocfaidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Caibidil X

Leasuithe

Airteagal 38

Leasuithe ar Threoir 2004/42/CE

Déantar Airteagail 6 agus 7 de Threoir 2004/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(59) a scriosadh.

Airteagal 39

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 765/2008

1.  Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 mar a leanas:

(1)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: "

“Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93”;

"

(2)  in Airteagal 1, scriostar míreanna 2 agus 3;

(3)  in Airteagal 2, scriostar pointí 1, 2, 14, 15, 17, 18 agus 19;

(4)  scriostar Caibidil III, ina bhfuil Airteagail 15 go 29;

(5)  leasaítear mír 1 d’Airteagal 32 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

“(c) ábhar a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta a bhaineann le treoirlínte sna réimsí a bhaineann le creidiúnú, le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus le measúnú comhréireachta;”;

"

(b)  scriostar pointí (d) agus (e);

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (f) agus (g):"

“(f) réamhobair nó obair choimhdeach a dhéanamh i ndáil le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, méadreolaíochta agus creidiúnaithe atá nasctha leis an reachtaíocht Chomhphobail a chur chun feidhme, amhail staidéir, cláir, meastóireachtaí, treoirlínte, anailísí comparáideacha, comhchuairteanna frithpháirteacha, obair thaighde, bunachair sonraí a fhorbairt agus a chothabháil, gníomhaíochtaí oiliúna, obair saotharlainne, promhadh inniúlachta, tástálacha idirshaotharlainne agus obair measúnaithe comhréireachta;

   (g) gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chláir um chúnamh teicniúil, comhoibriú le tríú tíortha, agus an measúnú comhréireachta Eorpach agus beartais agus córais creidiúnaithe i measc na bpáirtithe leasmhara sa Chomhphobal agus ar leibhéal idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a fheabhsú.”.

"

2.  Maidir le tagairtí a dhéantar d’fhorálacha scriosta Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, forléireofar iad mar thagairtí d’fhorálacha an Rialacháin seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III a ghabann leis an Rialachán seo.

Airteagal 40

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 305/2011

In Airteagal 56(1) de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"

“1. I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag údaráis faireachais margaidh de chuid Bhallstáit amháin lena chreidiúint, maidir le táirge foirgníochta a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe nó maidir le táirge foirgníochta ar eisíodh Doiciméad um Measúnú Eorpach ina leith, nach mbaineann an táirge sin an fheidhmíocht dhearbhaithe amach agus go mbaineann riosca leis do chomhlíonadh na mbuncheanglas i leith oibreacha foirgníochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an táirge lena mbaineann ag cumhdach na gceanglas faoi seach a leagtar síos leis an Rialachán seo. De réir mar is gá, comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis faireachais margaidh.”.

"

Caibidil XI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 41

Pionóis

1.  Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialacháin seo agus ar reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a liostaítear in Iarscríbhinn II a leagan síos, lena bhforchuirtear oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.  Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na foralacha sin don Choimisiún faoin ... [27 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], i gcás nár tugadh fógra fúthu roimhe sin, agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 42

Meastóireacht, athbhreithniú agus treoirlínte

1.   Faoin 31 Nollaig 2026 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún ▌meastóireacht ar an Rialachán seo i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraíonn sé agus cuirfidh sé tuarascáil faoin meastóireacht sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.  Déanfar measúnú sa tuarascáil sin i dtaobh an bhfuil cuspóirí an Rialacháin seo bainte amach, go háirithe maidir le líon na dtáirgí neamhchomhlíontacha ar mhargadh an Aontais a laghdú, forfheidhmiú éifeachtach éifeachtúil reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú laistigh den Aontas a áirithiú, feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis inniúla agus na rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais a neartú, agus an tionchar ar lucht gnó agus go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide á chur san áireamh. Ina theannta sin, déanfar measúnú sa mheastóireacht freisin ar raon feidhme an Rialacháin seo, ar éifeachtacht an chórais athbhreithnithe piaraí agus na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a fhaigheann maoiniú ón Aontas i bhfianaise na gceanglas i mbeartais agus i reachtaíocht an Aontais agus na féidearthachtaí i dtaca le tuilleadh feabhais a chur ar chomhar idir na húdaráis faireachais margaidh agus na húdaráis chustaim.

3.  Faoin ... [ceithre bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi chur chun feidhme na bhforálacha maidir le hAirteagal 4. Go háirithe, déanfaidh an tuarascáil meastóireacht ar raon feidhme an Airteagail sin, a éifeachtaí agus a chostais agus tairbhí. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.

4.  Laistigh de cheithre bliana ón gcéad uair a formheasadh córas sonrach le haghaidh rialú réamhonnmhairiúcháin a bhaineann le táirgí dá dtagraítear in Airteagal 35(3), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar a éifeachtaí agus a chostéifeachtúlacht.

5.  Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a tharraingt suas i dtaca le cur chun feidhme praiticiúil Airteagal 4 chun críocha na n-údarás faireachais margaidh agus na n-oibreoirí eacnamaíocha.

Airteagal 43

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11(4), Airteagal 21(9), Airteagal 25(8), Airteagal 35(10) agus Airteagal 35(11), agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 44

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón ... [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 29, 30, 31, 32, 33 agus 36 ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Liosta de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú

1.  Treoir 69/493/CEE ón gComhairle an 15 Nollaig 1969 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le gloine chriostail (IO L 326, 29.12.1969, lch. 36);

2.  Treoir 70/157/CEE ón gComhairle an 6 Feabhra 1970 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis an leibhéal fuaime is incheadaithe agus leis an gcóras sceite do mhótarfheithiclí (IO L 42, 23.2.1970, lch. 16);

3.  Treoir 75/107/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1974 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le buidéil a úsáidtear mar choimeádáin tomhais (IO L 42, 15.2.1975, lch. 14);

4.  Treoir 75/324/CEE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1975 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le dáileoirí aerasóil (IO L 147, 9.6.1975, lch. 40);

5.  Treoir 76/211/CEE ón gComhairle an 20 Eanáir 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le táirgí réamhphacáistithe áirithe a dhéanamh suas de réir meáchain nó toirte (IO L 46, 21.2.1976, lch. 1);

6.  Treoir 80/181/CEE ón gComhairle an 20 Nollaig 1979 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le haonaid thomhais agus maidir le haisghairm Threoir 71/354/CEE (IO L 39, 15.2.1980, lch. 40);

7.  Treoir 92/42/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le ceanglais éifeachtúlachta le haghaidh coirí uisce te nua arna lasadh le breoslaí leachtacha nó gásacha (IO L 167, 22.6.1992, lch. 17);

8.  Treoir 94/11/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Márta 1994 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le lipéadú na n-ábhar a úsáidtear sna príomh-chomhchodanna de choisbheart atá ar díol don tomhaltóir (IO L 100, 19.4.1994, lch. 37);

9.  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl phacáistithe (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10);

10.  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle den 13 Deireadh Fómhair 1998 a bhaineann le cáilíocht na mbreoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58);

11.  Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí míochaine diagnóiseacha in vitro (IO L 331, 7.12.1998, lch. 1).11. Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh lena úsáid lasmuigh (IO L 162, 3.7.2000, lch. 1);

13.  Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34);

14.  Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 a bhaineann le leasacháin (IO L 304, 21.11.2003, lch. 1);

15.  Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh (IO L 104, 8.4.2004, lch. 1);

16.  Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 7);

17.  Treoir 2004/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le hastaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha a theorannú, ar astaíochtaí iad a éiríonn as úsáid tuaslagóirí orgánacha i bpéinteanna agus i vearnaisí áirithe agus i dtáirgí ath-bhailchríochnaithe feithiclí agus lena leasaítear Treoir 1999/13/CE (IO L 143, 30.4.2004, lch. 87);

18.  Treoir 2005/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena n-ath-inúsáideacht, lena n-athchúrsáilteacht agus lena n-in-aisghábháilteacht agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 310, 25.11.2005, lch. 10);

19.  Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24);

20.  Treoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir leis na hastaíochtaí ó chórais aerchóirithe mótarfheithiclí agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 161, 14.6.2006, lch. 12);

21.  Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola, agus lena leasaítear Treoir 91/157/CEE (IO L 266, 26.9.2006, lch. 1);

22.  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1);

23.  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1);

24.  Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla le haghaidh táirgí réamhphacáistithe, lena n-aisghairtear Treoir 75/106/CEE ón gComhairle agus Treoir 80/232/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 76/211/CEE ón gComhairle (IO L 247, 21.9.2007, lch. 17);

25.  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1);

26.  Rialachán (CE) Uimh. 78/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil le cosaint coisithe agus úsáideoirí soghonta eile bóithre, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/102/CE agus Treoir 2005/66/CE (IO L 35, 4.2.2009, lch. 1);

27.  Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE (IO L 35, 4.2.2009, lch. 32);

28.  Treoir 2009/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le forálacha coiteanna i leith uirlisí tomhais agus modhanna rialaithe méadreolaíoch araon (IO L 106, 28.4.2009, lch. 7);

29.  Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1);

30.  Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/EC agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1);

31.  Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 200, 31.7.2009, lch. 1);

32.  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10);

33.  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 1);

34.  Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlachta breosla agus paraiméadar riachtanach eile (IO L 342, 22.12.2009, lch. 46);

35.  Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59);

36.  Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1);

37.  Treoir 2010/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 maidir le brú-threalamh iniompartha (IO L 165, 30.6.2010, lch. 1);

38.  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5);

39.  Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88);

40.  Rialachán (CE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, 18.10.2011, lch. 1);

41.  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicíde a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1);

42.  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38);

43.  Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1);

44.  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52);

45.  Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí piriteicniúla a chur ar fáil ar an margadh (IO L 178, 28.6.2013, lch. 27);

46.  Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí siamsaíochta agus árthaí pearsanta uisce agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90);

47.  Treoir 2014/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar fáil ar an margadh agus a mhaoirsiú (IO L 96, 29.3.2014, lch. 1);

48.  Treoir 2014/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hárthaí brú simplí a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 45);

49.  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79);

50.  Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107);

51.  Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 149);

52.  Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí. (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251);

53.  Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309);

54.  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357);

55.  Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialachán agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, tíolacadh agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 1);

56.  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 2);

57.  Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 164);

58.  Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146);

59.  Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195);

60.  Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le leibhéal na fuaime ó mhótarfheithiclí agus ó chórais tosta athsholáthair, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 70/157/CEE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 131);

61.  Rialachán (AE) 2016/424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 1);

62.  Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51);

63.  Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99);

64.  Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 agus lena leasaítear, agus lena n‑aisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53);

65.  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1);

66.  Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176);

67.  Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (IO L 137, 24.5.2017, lch. 1);

68.  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (OJ L 198, 28.7.2017, p. 1);

69.  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1);

70.  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1), a mhéid a bhaineann le dearadh, táirgeadh agus cur ar an margadh aerárthaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 2(1) de, i gcás ina mbaineann sé le haerárthaí gan foireann agus a n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh lena ndéantar cianrialú orthu.

IARSCRÍBHINN II

Liosta de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú gan forálacha maidir le pionóis

1.  Treoir 69/493/CEE ón gComhairle an 15 Nollaig 1969 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le gloine chriostail (IO L 326, 29.12.1969, lch. 36);

2.  Treoir 70/157/CEE ón gComhairle an 6 Feabhra 1970 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis an leibhéal fuaime is incheadaithe agus leis an gcóras sceite do mhótarfheithiclí (IO L 42, 23.2.1970, lch. 16);

3.  Treoir 75/107/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1974 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le buidéil a úsáidtear mar choimeádáin tomhais (IO L 42, 15.2.1975, lch. 14);

4.  Treoir 75/324/CEE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1975 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le dáileoirí aerasóil (IO L 147, 9.6.1975, lch. 40);

5.  Treoir 76/211/CEE ón gComhairle an 20 Eanáir 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le táirgí réamhphacáistithe áirithe a dhéanamh suas de réir meáchain nó toirte (IO L 46, 21.2.1976, lch. 1);

6.  Treoir 92/42/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le ceanglais éifeachtúlachta le haghaidh coirí uisce te nua arna lasadh le breoslaí leachtacha nó gásacha (IO L 167, 22.6.1992, lch. 17);

7.  Treoir 94/11/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Márta 1994 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le lipéadú na n-ábhar a úsáidtear sna príomh-chomhchodanna de choisbheart atá ar díol don tomhaltóir (IO L 100, 19.4.1994, lch. 37);

8.  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl phacáistithe (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10);

9.  Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh lena úsáid lasmuigh (IO L 162, 3.7.2000, lch. 1);

10.  Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34);

11.  Treoir 2005/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena n-ath-inúsáideacht, lena n-athchúrsáilteacht agus lena n-in-aisghábháilteacht agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 310, 25.11.2005, lch. 10);

12.  Treoir 2006/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir leis na hastaíochtaí ó chórais aerchóirithe mótarfheithiclí agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 161, 14.6.2006, lch. 12);

13.  Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla le haghaidh táirgí réamhphacáistithe, lena n-aisghairtear Treoir 75/106/CEE ón gComhairle agus Treoir 80/232/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 76/211/CEE ón gComhairle (IO L 247, 21.9.2007, lch. 17);

14.  Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlachta breosla agus paraiméadar riachtanach eile (IO L 342, 22.12.2009, lch. 46);

15.  Treoir 2010/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 maidir le brú-threalamh iniompartha agus lena n-aisghairtear Cinntí 76/767/CEE, 84/525/CEE, 84/526/CEE, 84/527/Cee and 1999/36/CE ón gComhairle (IO L 165, 30.6.2010, lch. 1);

16.  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5);

17.  Rialachán (CE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, 18.10.2011, lch. 1);

18.  Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146);

19.  Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le leibhéal na fuaime ó mhótarfheithiclí agus ó chórais tosta athsholáthair, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 70/157/CEE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 131).

IARSCRÍBHINN III

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 765/2008

An Rialachán Seo

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2 pointe 1

Airteagal 3 pointe 1

Airteagal 2 pointe 2

Airteagal 3 pointe 2

Airteagal 2 pointe 14

Airteagal 3, pointe 22

Airteagal 2 pointe 15

Airteagal 3, pointe 23

Airteagal 2 pointe 17

Airteagal 3, pointe 3

Airteagal 2 pointe 18

Airteagal 3, pointe 4

Airteagal 2 pointe 19

Airteagal 3, pointe 25

Airteagal 15(1) agus (2)

Airteagal 2(1)

Airteagal 15(3)

Airteagal 2(3)

Airteagal 15(4)

-

Airteagal 15(5)

Airteagal 2(2)

Airteagal 16(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 16(5)

Airteagal 16(3)

-

Airteagal 16(4)

—  

Airteagal 17(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 17(2)

Airteagal 34(1), an abairt dheireanach agus Airteagal 34(3), pointe (a)

Airteagal 18(1)

Airteagal 10(6)

Airteagal 18(2), pointe (a)

Airteagal 11(7), pointe (a)

Airteagal 18(2), pointe (b)

-

Airteagal 18(2), pointe (c)

Airteagal 11(7), pointe (b)

Airteagal 18(2) pointe (d)

-

Airteagal 18(3)

Articles 10(5) agus 14(1)

Airteagal 18(4)

Airteagal 14(2)

Airteagal 18(5)

Airteagal 13

Airteagal 18(6)

Airteagal 31(2), pointe (o)

Airteagal 19(1), an chéad fhomhír

Airteagal 11(3)

Airteagal 19(1), an dara fomhír

Airteagal 14(4), pointí (a), (b), (e) agus (j)

Airteagal 19(1), an tríú fomhír

Airteagal 11(5)

Airteagal 19(2)

Airteagal 16(3), pointe (g)

Airteagal 19(3)

Airteagal 18(2)

Airteagal 19(4)

Airteagal 11(2)

Airteagal 19(5)

Airteagal 17

Airteagal 20(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 20(2)

Airteagal 19(2)

Airteagal 21(1)

Airteagal 18(1)

Airteagal 21(2)

Airteagal 18(2)

Airteagal 21(3)

Airteagal 18(3)

Airteagal 21(4)

-

Airteagal 22(1)

Airteagal 20(1)

Airteagal 22(2)

Airteagal 20(2)

Airteagal 22(3)

Airteagal 20(3)

Airteagal 22(4)

Airteagal 20(4)

Airteagal 23(1) agus (3)

Airteagal 34(1)

Airteagal 23(2)

Airteagal 34(4)

Airteagal 24(1)

Airteagal 22(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 22(2) go (5)

Airteagal 24(3)

-

Airteagal 24(4)

-

Airteagal 25(1)

-

Airteagal 25(2), pointe (a)

Airteagal 31(2), pointe (f) agus Airteagal 33(1), pointí (i) agus (k)

Airteagal 25(2) pointe (b)

Airteagal 31(2) pointi (g) agus (m) agus Airteagal 33(1), pointí (i) agus (k)

Airteagal 25(3)

-

Airteagal 26

-

Airteagal 27(1), an chéad abairt

Airteagal 25(2)

Airteagal 27(1), an dara habairt

Airteagal 25(3)

Airteagal 27(2)

Airteagal 25(4)

Airteagal 27(3), an chéad fhomhír

Airteagal 26(1)

Airteagal 27(3), an dara fomhír

Airteagal 26(2)

Airteagal 27(4)

-

Airteagal 27(5)

-

Airteagal 28(1)

Airteagal 27, an chéad mhír, pointe (a)

Airteagal 28(2)

Airteagal 27, an chéad mhír, pointe (b)

Airteagal 29(1)

Airteagal 28(1)

Airteagal 29(2)

Airteagal 28(2)

Airteagal 29(3)

Airteagal 28(3)

Airteagal 29(4)

Airteagal 28(4)

Airteagal 29(5)

Airteagal 25(5)

Airteagal 32(1), pointe (d)

-

Airteagal 32(1), pointe (e)

Airteagal 36(2), pointe (e)

(1)IO C 283, 10.8.2018, lch. 19.
(2)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019.
(3)Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).
(4)Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
(5)Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).
(6)Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
(7)Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).
(8)Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(9)Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(10)Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(11)Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251).
(12)Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair riachtanacha eile (IO L 342, 22.12.2009, lch. 46).
(13)Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).
(14)Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Iúil 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (Treoir um thráchtáil leictreonach) (IO L 178, 17.07.2000, lch. 1).
(15)Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15).
(16)Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh (IO L 104, 8.4.2004, lch. 1).
(17)Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).
(18)Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).
(19)Treoir 2014/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar fáil ar an margadh agus a mhaoirsiú (athmhúnlú) (IO L 96, 29.3.2014, lch. 1).
(20)Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).
(21)Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53).
(22)Rialachán (AE) 2016/424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 1).
(23)Treoir 2010/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 maidir le brú-threalamh iniompartha agus lena n-aisghairtear Treoracha 76/767/CEE, 84/525/CEE, 84/526/CEE, 84/527/CEE agus 1999/36/CE ón gComhairle (IO L 165, 30.6.2010, lch. 1).
(24)Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
(25)Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (IO L ...).
(26)+Nóta do IO: cuirtear isteach sa téacs an uimhir, agus cuirtear isteach san fhonóta uimhir, dáta, agus tagairt foilseacháin an doiciméid atá in PE-CONS 70/18 - COD 2017/0354.
(27)Rialachán (CE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(28)Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(29)Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(30)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(31)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(32)Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir leis na comhrialacha chun margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).
(33)Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann (IO L 112, 2.5.2018, lch. 19).
(34)Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(35)Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).
(36)Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51).
(37)Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99).
(38)Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh lena úsáid lasmuigh (IO L 162, 3.7.2000, lch. 1).
(39)Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24).
(40)Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).
(41)Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).
(42)Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88).
(43)Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le comhchuibhiú ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí piriteicniúla a chur ar fáil ar an margadh (athmhúnlú) (IO L 178, 28.6.2013, lch. 27).
(44)Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí siamsaíochta agus árthaí pearsanta uisce agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90).
(45)Treoir 2014/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hárthaí brú simplí a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 45).
(46)Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).
(47)Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107).
(48)Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 149).
(49)Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309).
(50)Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).
(51)Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62.).
(52)Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 164).
(53)+Nóta do IO: cuirtear isteach sa téacs an uimhir an doiciméid atá in PE-CONS 70/18 - COD 2017/0354.
(54)+Nóta do IO: cuirtear isteach sa téacs uimhir agus dáta an doiciméid atá in PE-CONS 45/19 -- COD 2017/0353.
(55)+Nóta do IO: cuirtear isteach sa téacs uimhir agus dáta an doiciméid atá in PE-CONS 45/19 - COD 2017/0353.
(56)Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(57)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(58)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(59) Treoir 2004/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le hastaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha a theorannú, ar astaíochtaí iad a éiríonn as úsáid tuaslagóirí orgánacha i bpéinteanna agus i vearnaisí áirithe agus i dtáirgí ath-bhailchríochnaithe feithiclí agus lena leasaítear Treoir 1999/13/CE (IO L 143, 30.4.2004, lch. 87).

An nuashonrú is déanaí: 24 Aibreán 2019Fógra dlíthiúil