Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0112(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0444/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0444/2018

Díospóireachtaí :

PV 16/04/2019 - 22
CRE 16/04/2019 - 22

Vótaí :

PV 17/04/2019 - 8.6

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0398

Téacsanna atá glactha
PDF 277kWORD 93k
Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2019 - Strasbourg Eagrán sealadach
Cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirmheánaithe ar líne ***I
P8_TA-PROV(2019)0398A8-0444/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirmheánaithe ar líne (COM(2018)0238 – C8-0165/2018 – 2018/0112(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0238),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0165/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde, agus um Fhuinneamh, agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0444/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 177.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne
P8_TC1-COD(2018)0112

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Is áis fhíorthábhachtach don fhiontraíocht, agus do shamhlacha nua gnó, don trádáil agus don nuálaíocht iad na seirbhísí idirghabhála ar líne, is féidir leo feabhas a chur ar leas tomhaltóirí agus tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí astu. Cuireann siad rochtain ar fáil ar mhargaí nua agus ar dheiseanna tráchtála nua, rud a chuireann ar chumas gnóthas leas a bhaint as tairbhí an mhargaidh aonair. ▌Cuireann siad ar chumas tomhaltóirí san Aontas leas a bhaint as na tairbhí sin, go háirithe tríd an rogha earraí agus seirbhísí a thairgtear ar líne a mhéadú mar aon le rannchuidiú le praghsanna iomaíocha a thairiscint ar líne, ach is siocair iad freisin do dhúshláin ar gá aghaidh a thabhairt orthu chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú.

(2)  Maidir leis na gnóthais a úsáideann seirbhísí idirghabhála ar líne chun teagmháil a dhéanamh le tomhaltóirí, is féidir leis na seirbhísí sin a bheith ríthábhachtach ó thaobh a rathúnais tráchtála de. Chun go mbeifear in ann leas iomlán a bhaint as geilleagar na n-ardán ar líne, is den tábhacht mar sin gur féidir le gnóthais muinín a bheith acu i seirbhísí idirghabhála ar líne ar féidir leo caidrimh thráchtála a bheith acu leo. Tá ríthábhacht leis sin, thar aon rud eile mar, de thoradh an mhéadaithe ar an líon idirbheart idirghabhála arna ndéanamh trí bhíthin seirbhísí idirghabhála ar líne, arb éifeachtaí láidre indíreacha gréasáin sonraíbhunaithe is cúis leis, tá méadú ag teacht ar spleáchas na n-úsáideoirí gnó sin, go háirithe micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ar na seirbhísí sin chun tomhaltóirí a shroicheadh. I bhfianaise an mhéadaithe ar spleáchas sin, is minic a bhíonn cumhacht mhargála níos mó ag soláthraithe na seirbhísí sin, rud a fhágann go mbíonn siad in ann, i ndáiríre, gníomhú go haontaobhach ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith éagórach agus a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do leasanna dlíthiúla a n-úsáideoirí gnó agus, go hindíreach, do leasanna tomhaltóirí san Aontas. Mar shampla, d’fhéadfaidís cleachtais a fhorchur go haontaobhach a chlaonfadh go mór ó dhea-iompar tráchtála, nó a bheadh contrártha do mheon macánta agus cóirdhéileáil. Tugann an Rialachán seo aghaidh ar na heasaontais sin a d’fhéadfadh a bheith ann i ngeilleagar na n-ardán ar líne.

(3)  Tá úsáid seirbhisí idirghabhála ar líne glactha chucu féin ag tomhaltóirí. Tá éiceachóras ar líne atá iomaíoch, cothrom, trédhearcach ina ngníomhaíonn cuideachtaí go freagrach bunriachtanach freisin le haghaidh leas na dtomhaltóirí. Trí thrédhearcacht gheilleagar na n-ardán ar líne, agus muinín iontu, a áirithiú, i gcaidreamh gnólachta le gnólacht, d’fhéadfaí cabhrú go hindíreach freisin le muinín tomhaltóirí sa gheilleagar ardáin ar líne a fheabhsú. Tugtar aghaidh ar thionchair dhíreacha fhorbairt gheilleagar na n-ardán ar líne ar thomhaltóirí i ndlí eile de chuid an Aontais, áfach, go háirithe in acquis na dtomhaltóirí.

(4)  Ar an gcaoi chéanna, is féidir innill chuardaigh ar líne a bheith ina bhfoinsí tábhachtacha tráchta idirlín do ghnóthais a thairgeann earraí agus seirbhísí do thomhaltóirí ar líne trí shuíomhanna gréasáin agus, dá bhrí sin, is féidir leo difear mór a dhéanamh do rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a thairgeann a n-earraí agus a seirbhísí ar líne ar an margadh inmheánach. I ndáil leis sin, maidir leis an rangú a dhéanann soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, lena n-áirítear na suíomhanna gréasáin sin trína dtairgeann úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a n-earraí agus a seirbhísí do thomhaltóirí, imríonn sin tionchar mór ar rogha tomhaltóirí agus ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha sin. Toisc nach mbíonn aon chaidreamh conarthach acu leis na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, bíonn soláthraithe inneall cuardaigh ar líne in ann, i ndáiríre, gníomhú go haontaobhach ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith éagórach agus a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do leasanna dlisteanacha a n-úsáideoirí gnó agus, go hindíreach, do leasanna tomhaltóirí san Aontas.

(5)  Mar thoradh ar chineál an chaidrimh idir soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus úsáideoirí gnó, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann inar minic nach mbíonn ach deis theoranta ag úsáideoirí gnó sásamh a lorg i gcásanna ina bhfuil díospóid ann de dheasca gníomhaíochtaí aontaobhacha na soláthraithe a chuireann na seirbhísí sin ar fáil. Is minic nach gcuireann na soláthraithe sin córais inmheánacha éifeachtacha inrochtana láimhseála gearán ar fáil. Is féidir sásraí réitithe díospóide lasmuigh den chúirt atá ann cheana a bheith neamhéifeachtach freisin ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear easpa idirghabhálaithe speisialaithe agus an eagla a bhíonn ar úsáideoirí gnó roimh dhíoltas.

(6)  Ó nádúr, baineann acmhainneacht trasteorann le seirbhísí idirghabhála ar líne agus le hinnill chuardaigh ar líne, agus leis na hidirbhearta ▌ a éascaíonn siad, agus baineann tábhacht ar leith leo maidir le feidhmiú iomchuí mhargadh aonair an Aontais sa gheilleagar atá ann faoi láthair. Mar gheall ar na cleachtais tráchtála atá ag soláthraithe áirithe a chuireann na seirbhísí sin ar fáil, cleachtais a d’fhéadfadh a bheith míchothrom agus díobhálach, agus de cheal sásraí éifeachtacha cúitimh, cuirtear bac ar leas iomlán a bhaint as an bpoitéinseal sin agus imrítear tionchar diúltach ar fheidhmiú iomchuí an mhargaidh aonair. ▌

(7)  Ba cheart sraith rialacha éigeantacha aonfhoirmeacha spriocdhírithe a bhunú ar leibhéal an Aontais chun timpeallacht ghnó ar líne atá cóir intuartha inbhuanaithe iontaofa a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach. Go háirithe, ba cheart trédhearcacht iomchuí, mar aon le deiseanna éifeachtacha chun sásamh a fháil, a thabhairt d’úsáideoirí gnó seirbhísí idirghabhála ar líne, ar fud an Aontais, chun gnó trasteorann laistigh den Aontas a éascú agus, ar an gcaoi sin, chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus dul i ngleic leis an ilroinnt a d'fhéadfadh a theacht i réimsí sonracha a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(8)  ▌ Ba cheart foráil a dhéanamh leis na rialacha sin maidir le dreasachtaí chun cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn, go háirithe i dtaca le húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a rangú sna torthaí cuardaigh a ghintear le hinnill chuardaigh ar líne. Ag an am céanna, ba cheart na rialacha sin a bheith den chineál lena ndéanfar poitéinseal tábhachtach nuálaíochta atá i ngeilleagar na n-ardán ar líne i gcoitinne a aithint agus a choimirciú agus lamháil d’iomaíocht shláintiúil as a dtiocfaidh rogha níos mó do thomhaltóirí. Is iomchuí a shoiléiriú nár cheart go n-imreodh an Rialachán seo tionchar ar dhlí sibhialta náisiúnta, go háirithe dlí na gconarthaí, amhail na rialacha maidir le bailíocht, déanamh, éifeachtaí nó foirceannadh conartha sa mhéid go bhfuil na rialacha ar dhlí sibhialta náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais agus a mhéid nach gcumhdaítear na gnéithe ábhartha le forálacha an Rialacháin seo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun dlíthe náisiúnta a chur i bhfeidhm lena gcuirtear toirmeasc ar iompar aontaobhach nó ar chleachtais tráchtála éagóracha, nó lena ndéantar iompar nó cleachtais den sórt sin a phionósú, sa mhéid nach gcumhdaítear na gnéithe ábhartha leis an Rialachán seo.

(9)  Ós rud é gur gnách gné dhomhanda a bheith ag seirbhísí idirghabhála agus ag innill chuardaigh ar líne, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe na seirbhísí sin, gan beann ar cé acu i mBallstát nó lasmuigh den Aontas atá siad bunaithe ar choinníoll go gcomhlíonfar dhá choinníoll charnacha. Ar an gcéad dul síos, ba cheart na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a bheith bunaithe san Aontas. Ar an dara dul síos, ba cheart do na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, trí na seirbhísí sin a chur ar fáil, a seirbhísí agus a n-earraí a thairiscint do thomhaltóirí atá san Aontas i dtaca le cuid den idirbheart ar a laghad. Chun a chinneadh an bhfuil úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suímh gréasáin chorparáidigh ag tairiscint earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, is gá a fháil amach an bhfuil sé soiléir go ndíríonn na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suímh gréasáin chorparáidigh a ngníomhaíochtaí ar thomhaltóirí atá lonnaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Ba cheart an critéar sin a léiriú i gcomhréir le cás-dlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le pointe (c) d’Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3) agus pointe (b) d’Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4). Ba cheart na tomhaltóirí sin a bheith lonnaithe san Aontas ach ní gá dóibh a n-áit chónaithe a bheith san Aontas nó ní gá náisiúntacht aon Bhallstáit a bheith acu. Dá réir sin, níort cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo i gcás nach bhfuil úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha bunaithe san Aontas nó i gcás ina bhfuil siad bunaithe san Aontas ach ina n-úsáideann siad seirbhísí idirghabhála ar líne nó innill chuardaigh ar líne chun earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lasmuigh den Aontas nó do dhaoine nach tomhaltóirí iad. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan beann ar an dlí ab infheidhme in aon chás eile maidir le conradh.

(10)  Déanann soláthraithe a oibríonn seirbhísí iltaobhacha atá bunaithe i bhfírinne ar an tsamhail ghnó um thógáil éiceachórais idirmheánú ar éagsúlacht mhór caidrimh ▌ idir gnólachtaí agus tomhaltóirí. Chun na seirbhísí ábhartha a chuimsiú, ba cheart seirbhísí idirghabhála ar líne a shainmhíniú go cruinn agus ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Go háirithe, ba cheart a bheith sna seirbhísí sin seirbhísí sochaí faisnéise, a bhfuil sé de shaintréith acu gurb é is aidhm leo tionscnamh idirbheart díreach idir úsáideoirí agus tomhaltóirí a éascú, gan beann ar cibé acu a thabharfar na hidirbhearta chun críche ar deireadh ar líne, ar thairseach ar líne sholáthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne atá i gceist nó ar thairseach an úsáideora gnó, ▌ as líne nó go deimhin nach dtabharfar chun críche in aon chor iad, rud a chiallaíonn nár cheart aon cheanglas a bheith ann maidir le haon chaidreamh conarthach idir na húsáideoirí gnó agus na tomhaltóirí mar réamhchoinníoll do sheirbhísí idirghabhála ar líne a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart a mheas mar gheall ar sheirbhís a bheith san áireamh agus gan inti ach cineál imeallach gurb é is aidhm le suíomh gréasáin nó le seirbhís idirbhearta a éascú de réir bhrí seirbhísí idirghabhála ar líne. Ina theannta sin, ba cheart na seirbhísí a sholáthar ar bhonn caidreamh conarthach idir na soláthraithe agus na húsáideoirí gnó a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí. Ba cheart a mheas gur ann do chaidreamh conarthach den sórt sin i gcás ina gcuirfidh an dá pháirtí in iúl go neamhbhalbh ▌agus ar mheán marthanach go bhfuil fúthu a bheith faoi cheangal, gan an gá comhaontú sainráite i scríbhinn a bheith ann.

(11)  Dá bharr sin, ar na samplaí de na seirbhísí idirghabhála ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo tá margaí ríomhthráchtála ar líne, lena n-áirítear margaí comhoibríocha ar a mbíonn úsáideoirí gnó gníomhach, seirbhísí um bogearraí feidhmchláir ar líne, amhail siopaí ar líne ina ndíoltar feidhmchláir bogearraí, agus seirbhísí meán sóisialta ar líne, beag beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear chun na seirbhísí sin a chur ar fáil. Ar an gcuma sin, d’fhéadfaí seirbhísí idirghabhála ar líne a sholáthar le teicneolaíocht ghlórchúntóra. Chomh maith leis sin, níor cheart é a bheith ábhartha cibé acu atá nó nach bhfuil íocaíocht airgeadaíochta i gceist leis na hidirbhearta idir úsáideoirí gnó agus tomhaltóirí nó cibé acu an gcuirtear i gcrích i páirt iad as líne. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí idirghabhála ar líne idir piaraí gan úsáideoirí gnó a bheith i láthair, ná seirbhísí idirghabhála ar líne idir fíor-ghnólachtaí nach ndéantar a thairiscint do thomhaltóirí, maidir le huirlisí fógraíochta ar líne agus maidir le malartáin fógraíochta ar líne nach gcuirtear ar fáil chun é a dhéanamh níos éasca idirbhearta díreacha a thionscnamh agus nach mbaineann caidreamh conarthach le tomhaltóirí leo. Ar an gcúis chéanna, níor cheart a chumhdach sa Rialachán seo seirbhísí bogearraí maidir le hoptamú inneall cuardaigh ná seirbhísí bogearraí maidir le cosc fógraíochta. Níor cheart feidhmiúlachtaí teicneolaíocha agus comhéadain teicneolaíocha nach ndéanann ach crua-earraí agus feidhmchláir a nascadh a chumhdach leis an Rialachán seo, toisc nach gnách go gcomhlíontar leo na ceanglais maidir le seirbhísí idirghabhála ar líne. Féadfaidh na feidhmiúlachtaí nó na comhéadain sin a bheith bainteach nó coimhdeach le seirbhísí idirghabhála áirithe ar líne agus, más amhlaidh an cás, ba cheart soláthraithe ábhartha seirbhisí idirghabhála ar líne a bheith faoi réir ceanglais trédhearcachta a bhaineann le cóir dhifreáilte bunaithe ar na feidhmeanna agus na comhéadain sin. Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí íocaíochta ar líne toisc nach gcomhlíonann na seirbhísí sin iad féin na ceanglais is infheidhme ach gur seirbhísí cúnta iad go bunúsach i ndáil le soláthar earraí agus seirbhísí do na tomhaltóirí i gceist.

(12)  I gcomhréir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ós rud é gur léir gur staid spleách í staid na n-úsáideoirí gnó go háirithe i ndáil le seirbhísí idirghabhála ar líne a fheidhmíonn mar thairseach do thomhaltóirí i bhfoirm daoine nádúrtha, ba cheart a thuiscint gur ag tagairt do dhaoine nádúrtha, agus dóibh sin amháin, i gcás ina bhfeidhmíonn siad chun críocha atá lasmuigh dá dtrádáil, dá ngnó, dá gceird nó dá ngairm, atá an coincheap de thomhaltóir a úsáidtear chun raon feidhme an Rialacháin seo a thaispeáint.

(13)  Agus luas tapa na nuálaíochta á chur san áireamh, ba cheart an sainmhíniú ar inneall cuardaigh ar líne a úsáidtear sa Rialachán seo a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Go háirithe, ba cheart a thuiscint go gcuimsítear iarratais ghuta leis an sainmhíniú.

(14)  Bíonn claonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne téarmaí agus coinníollacha agus iad curtha le chéile roimh ré a úsáid agus chun úsáideoirí gnó a chosaint go héifeachtach i gcás inar gá, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, i gcás ina ndéanann soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne téarmaí agus coinníollacha caidirimh chonarthaigh, gan beann ar a n-ainm ná ar a bhfoirm, a chinneadh go haontaobhach. Maidir lena chinneadh cibé acu a rinneach téarmaí agus coinníollacha a chinneadh go haontaobhach, ba cheart meastóireacht cás ar chás a dhéanamh air sin ar bhonn measúnú foriomlán. Le haghaidh an mheasúnaithe fhoriomláin sin, níor cheart méid choibhneasta na bpáirtithe lena mbaineann, an fíoras go ndearnadh caibidlíocht, nó go bhféadfadh forálacha áirithe díobh a bheith faoi réir caibidlíocht den sórt sin agus a bheith cinnte le chéile ag an soláthraí ábhartha agus ag an úsáideoir gnó, ann féin, a bheith cinntitheach. Ina theannta sin, ciallaíonn an oibleagáid do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a gcuid téarmaí agus coinníollacha a chur ar fáil go héasca d’úsáideoirí gnó, lena n-áirítear sa chéim réamhchonarthacha dá gcaidreamh tráchtála, nach mbainfear an trédhearcacht a eascraíonn as an Rialachán seo de na húsáideoirí gnó mar thoradh ar iad ar aon bhealach a bheith in ann caibidlíocht a dhéanamh go rathúil.

(15)  Lena áirithiú go gcuirfidh téarmaí agus coinníollacha ginearálta caidrimh chonarthaigh ar a gcumas d'úsáideoirí gnó na coinníollacha tráchtála ar úsáid, ar fhoirceannadh agus ar fhionraí seirbhísí idirghabhála ar líne a dhéanamh amach, agus le hintuarthacht maidir lena gcaidreamh gnó a bhaint amach, ba cheart na téarmaí agus na coinníollacha sin a dhréachtú i bhfriotal atá simplí agus intuigthe▌. Níor cheart a mheas gur dréachtaíodh téarmaí agus coinníollacha i gcaint atá simplí agus intuigthe i gcás ina bhfuil siad doiléir, neamhshonrach nó nach bhfuil siad mionsonraithe go leor maidir le saincheisteanna tráchtála agus ar an gcaoi sin nach dtugann siad leibhéal réasúnach intuarthachta d’úsáideoirí gnó maidir leis na gnéithe is tábhachtaí den chaidreamh conarthach. Thairis sin, níor cheart a teanga mhíthreorach a mheas a bheith soiléir agus intuigthe.

(16)  Chun a áirithiú go mbeidh soiléireacht leordhóthanach ag úsáideoirí gnó maidir leis an áit a bhfuil a n-earraí nó a seirbhísí á margú, agus cé dóibh a bhfuil a n-earraí agus a seirbhísí á margú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne trédhearcacht a áirithiú i leith a n-úsáideoirí gnó maidir le haon bhealach dáileacháin breise agus cláir chleamhnaithe fhéideartha a d’fhéadfaidís a úsáid chun na hearraí agus na seirbhísí sin a mhargú. Ba cheart bealaí breise agus cláir chleamhnaithe a thuiscint ar bhealach neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de ach go bhféadfaí a bheith ar áireamh iontu, inter alia, suíomhanna gréasáin eile, aipeanna eile nó seirbhísí eile idirghabhála ar líne a úsáidtear chun na hearraí nó na seirbhísí a thairgeann an t-úsáideoir gnó a mhargú.

(17)  Is féidir tábhacht shuntasach eacnamaíoch do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus dá n-úsáideoirí gnó a bheith ag úinéireacht ar chearta maoine intleachtúla ar líne agus ag rialú a bheith á dhéanamh orthu. Ba cheart do soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, chun soiléireacht agus trédhearcacht a áirithiú agus chun go dtuigfí na rialacha sin níos fearr, laistigh dá dtéarmaí agus coinníollacha faisnéis ghinearálta nó faisnéis níos mionsonraithe, más mian leo, a chur san áireamh maidir le héifeachtaí foriomlána, más ann dóibh, na dtéarmaí agus na gcoinníollacha sin ar úinéireacht agus rialú chearta maoine intleachtúla an úsáideora gnó. D’fhéadfaí a áireamh san fhaisnéis sin, inter alia, faisnéis amhail úsáid ghinearálta lógónna, trádmharcanna nó ainmneacha branda.

(18)  Féadann trédhearcacht na dtéarmaí agus na gcoinníollach ginearálta bheith ríthábhachtach maidir le caidrimh ghnó inbhuanaithe a chur chun cinn agus iompar éagóir díobhálach d’úsáideoirí gnó a chosc. Dá brí sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a áirithiú go mbeadh na téarmaí agus na coinníollacha ar fáil go héasca ar feadh chéimeanna iomlána an chaidrimh tráchtála, lena n-áirítear d’úsáideoirí gnó ionchasacha ag an gcéim réamhchonarthach, agus go gcuirfí aon athruithe ar na téarmaí sin in iúl ar mheán marthanach d’úsáideoirí gnó lena mbaineann faoi cheann tréimhse fógra shocraithe atá réasúnach agus comhréireach i bhfianaise na n-imthosca sonracha agus ar tréimhse 15 dhéag ar a laghad í. Ba cheart tréimhsi comhréireacha fógra níos mó ná 15 lá a thabhairt i gcás ina gceanglófar leis na hathruithe atá beartaithe ar na téarmaí agus na coinníollacha ar úsáideoirí gnó oiriúnuithe teicniúla nó tráchtála a dhéanamh chun an t-athrú a chomhlíonadh, mar shampla trína cheangal orthu coigeartuithe teicniúla suntasacha a dhéanamh ar a gcuid earraí nó seirbhísí. Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra sin i gcás ina ndéanfaidh an t-úsáideoir gnó lena mbaineann é a tharscaoileadh ar bhealach nach bhfuil débhríoch nó i gcás ina dtiocfaidh ann don ghá an t-athrú a chur chun feidhme gan an tréimhse fógra a urramú de thoradh oibleagáid dhlíthiúil nó rialála atá ar an soláthraí seirbhísí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, agus a mhéid is ann don ghá dá thoradh sin. Mar sin féin, níor cheart athruithe eagarthóireachta atá beartaithe a chumhdach leis an téarma “athrú” a mhéid agus nach gcuirfidís aon athrú ar inneachar ná ar bhrí na dtéarmaí agus na gcoinníollacha. Leis an gceanglas a bhaineann le hathruithe atá beartaithe a chur in iúl ar mheán marthanach, ba cheart a chur ar chumas úsáideoirí gnó athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh ar na hathruithe sin tráth níos déanaí. Ba cheart úsáideoirí gnó a bheith i dteideal a gconradh a fhoirceannadh laistigh de 15 lá ón bhfógra a fháil maidir le haon athrú, ach amháin má tá feidhm ag tréimhse níos giorra leis an gconradh, mar shampla mar thoradh ar an dlí sibhialta náisiúnta.

(19)  Maidir le hearraí nó seirbhísí, lena n-áirítear feidhmchláir bogearraí, a chur isteach ar na seirbhísí idirghabhála ar líne, ba cheart, go ginearálta, é a mheas mar ghníomhaíocht shoiléir dhearfach as a leanann tarscaoileadh na tréimhse fógra is gá le haghaidh athruithe a bheith á ndéanamh ag an úsáideoir gnó ar na téarmaí agus coinníollacha. I gcásanna, áfach, ina bhfuil an tréimhse fógra réasúnta agus comhréireach níos faide ná 15 lá toisc go n-éilítear leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha go ndéanfaidh an t-úsáideoir gnó oiriúnuithe suntasacha teicniúla nó tráchtála ar a earraí nó seirbhísí, níor cheart a mheas go bhfuil an tréimhse fógra tarscaoilte go huathoibríoch i gcás ina gcuirfidh an t-úsáideoir gnó earraí agus seirbhísí nua isteach. Ba cheart do sholáthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith ag súil leis go gceanglófaí leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha ar an úsáideoir gnó coigeartuithe teicniúla suntasacha a dhéanamh i gcás, mar shampla, ina ndéanfaí gnéithe iomlána den tseirbhís idirghabhála ar líne a raibh rochtain ag na húsáideoirí gnó orthu a bhaint nó ina gcuirfí leo, nó i gcás ina bhféadfadh gá a bheith ag úsáideoirí gnó a n-earraí a oiriúnú nó a seirbhísí a ath-ríomhchlárú ionas go mbeidh siad in ann leanúint de bheith ag oibriú trí na seirbhísí idirghabhála ar líne.

(20)  Chun úsáideoirí gnó a chosaint agus chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt don dá thaobh, ba cheart téarmaí agus coinníollacha neamhchomhlíontacha a bheith ar neamhní go hiomlán, is é sin le rá, ba cheart a mheas nárbh ann dóibh riamh, le héifeachtaí erga omnes agus ex tunc. Níor cheart don mhéid sin a bheith ag baint ach le forálacha sonracha na dtéarmaí agus na gcoinníollacha nach bhfuil comhlíontach. Ba cheart an chuid eile de na forálacha leanúint de bheith bailí agus in-fhorfheidhmithe, a mhéid is gur féidir iad a scaradh ó na forálacha neamhchomhlíontacha. Féadfaidh athruithe tobanna ar théarmaí agus coinníollacha atá ann cheana cur isteach go mór ar oibríochtaí úsáideoirí gnó. Chun tionchar diúltach den sórt sin ar úsáideoirí gnó a theorannú, agus chun iompar den sórt sin a dhíspreagadh, ba cheart athruithe a dhéanfar de shárú ar an oibleagáid tréimhse sheasta fógra a thabhairt a bheith ar neamhní go hiomlán, is é sin le rá, ba cheart a mheas nárbh ann dóibh riamh, le héifeachtaí erga omnes agus ex tunc.

(21)  Chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí gnó leas iomlán a bhaint as na deiseanna tráchtála a thairgeann seirbhísí idirghabhála ar líne, níor cheart do sholáthraithe na seirbhísí sin cosc a chur go hiomlán ar a n-úsáideoirí gnó a gcéannacht trádála a chur ar fáil mar chuid dá dtairiscint ná dá láithreacht ar na seirbhísí idirghabhála ábhartha ar líne. Níor cheart an toirmeasc sin ar chur isteach a thuiscint, áfach, mar cheart d’úsáideoirí gnó cur i láthar a dtairisceana nó na seirbhísí idirghabhála ábhartha ar líne a bheith i láthair a chinneadh go haontaobhach.

(22)  Is féidir cúiseanna dlisteanacha a bheith ag soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne le cinneadh a dhéanamh soláthar a sheirbhísí ▌d’úsáideoir gnó áirithe a shrianadh, a fhionraí nó a fhoirceannadh, lena n-áirítear earraí nó seirbhísí aonair de chuid úsáideoirí gnó áirithe a dhíliostú nó torthaí cuardaigh a bhaint go héifeachtach. Murab ionann is a bheith ar fionraí, is féidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne liostaí aonair d’úsáideoirí gnó a shrianadh freisin; mar shampla trí ísliú a dhéanamh orthu nó trí dhifear diúltach a dhéanamh do chuma úsáideora gnó (“lagú”) rud is féidir a rangú a ísliú. Mar sin féin, toisc gur féidir leis na cinntí sin tionchar suntasach a imirt ar leasanna an úsáideora gnó lena mbaineann, ba cheart ráiteas faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin a sholáthar dóibh ar mheán marthanach sula ngabhfaidh éifeacht leis an srianadh, fionraí nó foirceannadh nó ag an tráth céanna. Chun tionchar diúltach na gcinntí sin ar úsáideoirí gnó a íoslaghdú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne deis a thabhairt freisin na fíricí a raibh an cinneadh sin mar thoradh orthu a shoiléiriú faoi chuimsiú an phróisis inmheánaigh láimhseála gearán, rud a chabhróidh leis an úsáideoir gnó comhlíonadh a athbhunú nuair is féidir sin a dhéanamh. Ina theannta sin, i gcás ina gcúlghairfidh soláthraí idirghabhála ar líne an cinneadh chun na seirbhísí a shrianadh, a fhionraí nó a fhoirceannadh, mar shampla toisc go ndearnadh an cinneadh trí earráid nó nach ndearnadh an sárú ar na coinníollacha as ar lean an cinneadh de mheon mímhacánta agus gur leigheasadh é ar bhealach sásúil, ba cheart don soláthraí an t-úsáideoir gnó lena mbaineann a athbhunú gan moill mhíchuí, lena n-áirítear trí aon rochtain ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó orthu araon, a bhí ar fáil roimh an gcinneadh a thabhairt don úsáideoir gnó. Leis an ráiteas faoi na cúiseanna atá leis sin an gcinneadh soláthar seirbhísí idirghabhála ar líne a shrianadh, a fhionraí nó a fhoirceannadh, ba cheart ligean d’úsáideoirí gnó a fháil amach an bhfuil deis ann agóid a dhéanamh faoin gcinneadh, agus ar an gcaoi sin na deiseanna a bheadh ag úsáideoirí gnó sásamh éifeachtach a lorg a fheabhsú i gcás inar ghá. Ba cheart forais ▌ an chinnidh sin a shainaithint sa ráiteas faoi chúiseanna, bunaithe ar na forais a bhí leagtha amach roimh ré ag an soláthraí sna téarmaí agus coinníollacha, agus go ndéanfaí tagairt ar dhóigh iomchuí do na himthosca ábhartha sonracha, lena n-áirítear fógraí tríú páirtí, ba chúis leis an gcinneadh sin. Níor cheart, áfach, a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ráiteas faoi chúiseanna atá le srianta, fionraithe nó foirceanta a mhéid a sháródh an méid sin oibleagáid dhlíthiúil nó rialála. Ina theannta sin, níor cheart ráiteas faoi chúiseanna a cheangal i gcás inar féidir le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne a léiriú gur sháraigh an t-úsáideoir gnó lena mbaineann na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme arís agus arís eile, rud a bhfuil soláthar iomlán na seirbhísí idirghabhála ar líne i dtrácht a fhoirceannadh mar thoradh air.

(23)  Caillteanas ollmhór saineolais a bheadh ann dá gcuirfí deireadh leis na seirbhísí idirghabhála ar líne ar fad agus dá scriosfaí sonraí gaolmhara a fhoráiltear le haghaidh na seirbhísí idirghabhála ar líne nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin, agus d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige sin ar úsáideoirí gnó agus d’fhéadfadh sé a bheith ina bhac orthu freisin cearta eile a thugtar faoin Rialachán seo a fheidhmiú go cuí. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraí seirbhísí idirghabhála ar líne ráiteas faoi na cúiseanna leis an gcinneadh sin a chur in iúl, ar mheán marthanach, don úsáideoir gnó lena mbaineann, 30 lá ar a laghad sula ngabhfadh éifeacht le foirceannadh sholáthar iomlán na seirbhísí idirghabhála ar líne atá aige. Mar sin féin, i gcásanna ina gcuirfidh oibleagáid dhlíthiúil nó rialála ceanglas ar sholáthraí seirbhísí idirghabhála ar líne deireadh a chur lena sheirbhísí uile idirghabhála ar líne d’úsáideoir gnó áirithe, níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse fógra sin. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse fógra 30 lá i gcás soláthraí a chuirfidh a chearta foirceanta i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir le dlí an Aontais lenar ceadmhach foirceannadh láithreach a dhéanamh más rud é, agus imthosca uile an cháis shonraigh á gcur san áireamh agus leas an dá pháirtí á mheá, nach féidir a bheith ag súil leis go leanfaidh an caidreamh conarthach ar aghaidh go dtí an dáta deiridh a comhaontaíodh nó go dtí go rachaidh an tréimhse fógra in éag. Ar deireadh, níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse fógra 30 lá i gcás ina bhféadfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne athshárú ar na téarmaí agus na coinníollacha a léiriú. Féadfaidh na heisceachtaí éagsúla ar an tréimhse fógra 30 lá teacht chun cinn go háirithe i dtaca le hinneachar mídhleathach nó míchuí sábháilteacht earra nó seirbhíse, góchumadh, calaois, bogearraí mailíseacha, turscar, sáruithe sonraí, rioscaí eile cibearshlándála nó oiriúnacht an earra nó na seirbhíse do mhionaoisigh. Chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, i gcás inar réasúnach agus ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, earraí nó seirbhísí aonair úsáideora gnó, agus iad sin amháin, a dhíliostú. Is é foirceannadh iomlán na seirbhísí idirghabhála ar líne an beart is déine.

(24)  I ndáil le rangú earraí agus seirbhísí ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, imríonn sin tionchar tábhachtach ar rogha an tomhaltóra agus, dá bharr sin, ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí gnó a thairgeann na hearraí agus na seirbhísí sin do thomhaltóirí. Baineann rangú leis an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do thairiscintí na n-úsáideoirí gnó nó don ábharthacht a thugtar do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n-eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as algartam lena mbaineann seicheamhú, rátáil nó sásraí athbhreithniúcháin, buaicphointí atá dírithe ar an tsúil nó uirlisí aireachtála eile, nó cónaisc díobh sin. Is é atá i gceist le hintuarthacht go gcinneann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne rangú ar bhealach neamhthreallach. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne na príomhpharaiméadair lena gcinnfear an rangú a leagan amach roimh ré, d’fhonn an intuarthacht a fheabhsú d’úsáideoirí gnó, chun ceadú dóibh feidhmiú an tsásra rangaithe a thuiscint níos fearr agus chun a chur ar a gcumas cleachtais rangaithe na soláthraithe éagsúla a chur i gcomparáid. Tá dearadh sonrach na hoibleagáide trédhearcachta sin tábhachtach d’úsáideoirí gnó mar tuigtear uaidh sainaithint sraith theoranta paraiméadar is mó atá ábhartha as líon i bhfad níos mó paraiméadar a bhfuil tionchar éigin acu ar an rangú. Leis an tuairisc réasúnaithe sin, ba cheart cuidiú le húsáideoirí gnó feabhas a chur ar chur i láthair a n-earraí agus a seirbhísí, nó ar roinnt buntréithe na n-earraí nó na seirbhísí sin. Ba cheart a thuiscint go dtagraíonn an coincheap príomhpharaiméadar d’aon chritéir ghinearálta, próisis, comharthaí sonracha a chorpraítear in algartaim nó aon sásraí coigeartaithe nó íslithe a úsáidtear i ndáil leis an rangú. ▌

(25)  Sa tuairisc ar na príomhpharaiméadair lena gcinntear an rangú, ba cheart míniú a bheith ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag úsáideoirí gnó tionchar gníomhach a imirt ar rangú os coinne luach saothair, mar aon le míniú ar na héifeachtaí coibhneasta a bhaineann leis sin. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé go dtagródh luach saothair d’íocaíochtaí a rinneadh – agus é mar phríomhaidhm nó mar aidhm aonair leo – rangú a fheabhsú, chomh maith le luach saothair indíreach arb é sin úsáideoir gnó ag glacadh le hoibleagáidí breise d’aon chineál ag a bhféadfadh é sin a bheith mar éifeacht phraiticiúil, amhail úsáid a bhaint as seirbhísí ar seirbhísí coimhdeacha iad nó as scothghnéithe. Maidir leis an gcur síos ar an inneachar, lena n-áirítear líon agus cineál na bpríomhpharaiméadar, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh éagsúlacht mhór i gceist ag brath ar na seirbhísí sonracha idirghabhála ar líne, ach ba cheart tuiscint leormhaith a thabhairt d’úsáideoirí gnó ar an gcaoi a gcuireann an sásra rangaithe tréithe na n-earraí agus na seirbhísí iarbhír a thairgeann an t-úsáideoir gnó san áireamh, agus a n-ábharthacht do thomhaltóirí na seirbhísí idirghabhála sonracha ar líne. Na táscairí sin lena dtomhaistear cáilíocht na n-earraí nó na seirbhísí a bhíonn ag úsáideoirí gnó, an úsáid a bhaintear as eagarthóirí maille lena gcumas tionchar a imirt ar rangú na n-earraí nó na seirbhísí céanna sin, a mhéid a fhágann tionchar an luacha saothair a lorg ar an rangú a dhéantar orthu, chomh maith le heilimintí nach mbaineann ach ar éigean nó nach mbaineann ar chor ar bith leis an earra nó leis an tseirbhís féin, amhail an chaoi a gcuirtear i láthair iad sa tairiscint ar líne, is rudaí iad sin ar fad a d’fhéadfaí a lua mar shamplaí de phríomhpharaiméadair a bheidh ina gcuidiú – ach iad a chuimsiú sa chur síos ginearálta a thugtar, i dteanga atá simplí agus intuigthe, ar an sásra rangaithe – ag úsáideoirí gnó chun tuiscint leormhaith riachtanach a fháil ar an gcaoi a bhfeidhmíonn sé.

(26)  Ar an gcaoi chéanna, imríonn an rangú a dhéanann soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, go háirithe na suíomhanna suíomhanna gréasáin sin trína dtairgeann gnóthais a n-earraí agus a seirbhísí do thomhaltóirí, imríonn sin tionchar mór ar rogha tomhaltóirí agus ar rathúnas tráchtála na n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha. Fágann sé sin gur cheart do sholáthraithe inneall cuardaigh tuairisc a chur ar fáil ar na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na suíomhanna gréasáin innéacsaithe uile, agus ar an tábhacht choibhneasta a bhaineann leis na príomhpharaiméadair sin seachas paraiméadair eile, lena n-áirítear suíomhanna úsáideoirí corparáideacha agus úsáideoirí suíomhanna eile. De bhreis ar thréithe na n-earraí agus na seirbhísí agus a ábhartha atá siad ó thaobh na dtomhaltóirí de, ba cheart a cheadú leis an tuairisc sin, i gcás innill chuardaigh ar líne, d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha ar líne tuiscint leordhóthanach a fháil an gcuirtear tréithe áirithe de dhearadh an tsuímh gréasáin a úsáidtear san áireamh, amhail iad a optamú lena dtaispeáint ar ghléasanna cumarsáide móibíleacha, agus má chuirtear, conas a dhéantar sin agus an méid a dhéantar é. Ba cheart míniú a thabhairt sa tuairisc sin freisin ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha tionchar gníomhach a imirt ar rangú os coinne luach saothair, mar aon le míniú a thabhairt freisin ar na héifeachtaí coibhneasta a bhaineann leis sin. D’uireasa caidreamh conarthach idir soláthraithe inneall cuardaigh ar líne agus úsáideoirí suíomhanna corparáideacha, ba cheart an tuairisc sin a chur ar fáil don phobal in áit fhollasach atá inrochtana gan stró ar an inneall cuardaigh ábhartha ar líne. Leis na leathanaigh sin ar shuíomhanna gréasáin ar gá logáil isteach orthu nó clárú leo, níor cheart a thuiscint go mbeadh fáil orthu go furasta agus go poiblí sa chiall sin. Chun intuarthacht a áirithiú d’úsáideoirí suíomhanna corparáideacha ba cheart an tuairisc a choinneáil cothrom le dáta, lena n-áirítear an deis aon athruithe ar na príomhpharaiméadair a bheith so-aitheanta. Thairbheodh úsáideoirí seachas úsáideoirí corparáideacha suíomhanna gréasáin an innill cuardaigh ar líne de thuairisc ar na príomhpharaiméadair a bheith ann. I gcásanna áirithe, is féidir le soláthraithe inneall cuardaigh ar líne a chinneadh tionchar a imirt ar an rangú i gcás ar leith nó suíomh gréasáin ar leith a dhíliostú ó rangú bunaithe ar fhógraí tríú páirtí. Murab ionann agus soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, ní féidir a bheith ag súil leis, mar gheall ar easpa caidrimh chonarthaigh idir na páirtithe, go dtabharfaidh soláthraithe inneall cuardaigh ar líne fógra d’úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh go díreach faoi athrú ar ord an rangaithe nó faoi dhíliostáil mar gheall ar fhógra tríú páirtí. Mar sin féin, ba cheart d’úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh a bheith in ann cigireacht a dhéanamh ar inneachar an fhógra arb é an t-athrú ar ord an rangaithe i gcás sonrach nó suíomh gréasáin ar leith a dhíliostú a raibh mar thoradh air, trí imscrúdú a dhéanamh ar inneachar an fhógra amhail i mbunachar sonraí ar líne atá inrochtana go poiblí. Chabhródh sé sin le maolú a dhéanamh ar mhí-úsáid a d’fhéadfadh iomaitheoirí a bhaint as fógraí a bhféadfadh díliostáil a bheith mar thoradh air.

(27)  Níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ná ar sholáthraithe inneall cuardaigh ar líne, feidhmiú mionsonraithe a sásraí rangaithe a nochtadh, lena n-áirítear a n-algartaim, faoin Rialachán seo. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart dochar a dhéanamh dá gcumas gníomhú i gcoinne cúbláil mhailíseach ar rangú ag tríú páirtí, lena n-áirítear chun leasa na dtomhaltóirí. Ba cheart, leis an gcur síos ginearálta ar na príomhpharaiméadair rangaithe, na leasanna sin a chaomhnú agus ag an am céanna tuiscint leormhaith a thabhairt d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí suíomhanna corparáideacha i dtaca le feidhmiú an rangaithe i gcomhthéacs a n-úsáid de sheirbhísí sonracha idirghabhála ar líne nó innill cuardaigh ar líne. Chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóir an Rialacháin seo, ní ceart leasanna tráchtála na soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó na soláthraithe inneall cuardaigh ar líne a bheith ina siocair gan na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú a nochtadh. Maidir leis sin, cé go bhfuil an Rialachán seo gan dochar do Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5), ba cheart an tuairisc a thabharfar a bheith bunaithe ar shonraí iarbhír maidir le hábharthacht na bparaiméadar rangaithe a úsáidfear.

(28)  Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a fhorbairt chun cabhrú le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh ar líne na ceanglais trédhearcachta um rangú a leagtar síos leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Leis an iarracht sin, ba cheart cuidiú leis an bhfeabhas is féidir a chur ar an gcaoi ina sainaithneofar na príomhpharaiméadair lena ndéantar rangú a chinneadh agus a chur i láthair d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha.

(29)   Ba cheart earraí agus seirbhísí coimhdeacha a thuiscint mar earraí agus seirbhísí arna dtairiscint don tomhaltóir go díreach sula ndéantar idirbheart a tionscnaíodh ar sheirbhísí idirghabhála ar líne a chur i gcrích chun na hearraí príomhúla agus na seirbhísí príomhúla atá á dtairiscint ag an úsáideoir gnó a chomhlánú. Le hearraí agus seirbhísí coimhdeacha, tagraítear do tháirgí a bhíonn ag brath de ghnáth ar an earra príomhúil nó ar an tseirbhís phríomhúil, agus a bhaineann go díreach leo, ionas gur féidir leo feidhmiú. Dá bhrí sin, ba cheart a eisiamh ón téarma earraí agus seirbhísí nach bhfuil ach á ndíol de bhreis ar an earra príomhúil nó an tseirbhís phríomhúil atá i dtrácht seachas iad a bheith de chineál comhlántach. I measc na samplaí de sheirbhísí coimhdeacha tá seirbhísí deisiúcháin le haghaidh earra sonrach nó táirgí airgeadais amhail árachas do charranna ar cíos a thairgtear ionas go gcomhlánófar na hearraí sonracha nó na seirbhísí sonracha atá á dtairiscint ag an úsáideoir gnó. Ar an dóigh chéanna, d’fhéadfaí a áireamh le hearraí coimhdeacha earraí a chomhlánaíonn an táirge sonrach atá á thairiscint ag an úsáideoir gnó trí bheith ina uasghrádú nó uirlis saincheapacháin atá nasctha leis an táirge sonrach sin. Soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí atá coimhdeach le hearra nó seirbhís a dhíolann úsáideoir gnó trí úsáid a bhaint as a seirbhísí idirghabhála ar líne, ba cheart dóibh a leagan amach ina dtéarmaí agus coinníollacha tuairisc ar chineál na n-earraí agus seirbhísí coimhdeacha atá á dtairiscint. Ba cheart tuairisc den sórt sin a bheith ar fáil sna téarmaí agus coinníollacha beag beann ar cibé an bhfuil an earra coimhdeach á sholáthar nó an bhfuil an tseirbhís choimhdeach á soláthar ag soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne é féin nó ag tríú páirtí. Ba cheart do thuairisc den sórt sin a bheith cuimsitheach go leor ionas go mbeidh úsáideoir gnó in ann a thuiscint an bhfuil aon earra á dhíol nó seirbhís á díol mar earra coimhdeach nó seirbhís choimhdeach le hearra nó seirbhís an úsáideora gnó. Ní gá gur cheart a áireamh leis an tuairisc an earra sonrach nó seirbhís shonrach, ach ba cheart a áireamh léi cineál an táirge atá á thairiscint mar tháirge atá coimhdeach le táirge príomhúil an úsáideora gnó. Thairis sin, ba cheart a áireamh sa tuairisc sin i ngach imthoisc an ligtear don úsáideoir gnó a chuid earraí nó seirbhísí coimhdeacha féin a thairiscint agus na coinníollacha faoina ligtear dó iad a thairiscint sa bhreis ar an earra príomhúil atá á thairiscint aige nó an tseirbhís phríomhúil atá á tairiscint aige trí na seirbhísí idirghabhála ar líne.

(30)  I gcás ina dtairgfidh soláthraí seirbhísí idirghabhála féin earraí agus seirbhísí áirithe do thomhaltóirí trína sheirbhísí idirghabhála ar líne, nó ina ndéanfaidh sé sin trí bhíthin úsáideoir gnó a bhfuil sé i gceannas air, d’fhéadfadh an soláthraí sin dul in iomaíocht go díreach le húsáideoirí eile gnó a bhaineann úsáid as a chuid seirbhísí idirghabhála ar líne nach bhfuil an soláthraí i gceannas orthu, rud a d'fhéadfadh dreasacht eacnamaíoch a thabhairt don soláthraí agus a chur ar a chumas a rialú ar na seirbhísí idirghabhála ar líne a úsáid chun buntáistí teicniúla nó eacnamaíocha a sholáthar dá thairiscint féin, nó dóibh siúd a thairgeann úsáideoir gnó a rialaíonn sé, ar buntáistí iad a d’fhéadfadh sé a dhiúltú d’úsáideoirí iomaíocha gnó. D’fhéadfadh iompar den sórt an bonn a bhaint ó iomaíocht chothrom agus rogha tomhaltóirí agus rogha tomhaltóirí a shrianadh. Sna cásanna sin, go háirithe, tá sé tábhachtach go ngníomhóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne ar bhealach trédhearcach agus go dtabharfaidh sé tuairisc iomchuí ar aon chóir dhifreáilte, agus go leagfaidh sé amach na breithnithe d'aon chóir dhifreáilte, cibé acu trí mhodhanna dlíthiúla, tráchtála nó teicniúla, amhail feidhmiúlachtaí a bhaineann le córais oibríochta, a d’fhéadfadh sé a dhéanamh i ndáil le hearraí nó seirbhísí a thairgeann sé féin i gcomparáid leis na hearraí sin a thairgeann úsáideoirí eile gnó. Chun an chomhréireacht a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le leibhéal na seirbhísí idirghabhála foriomlána ar líne seachas maidir le leibhéal na n-earraí nó na seirbhísí aonair a thairgtear trí bhíthin na seirbhísí sin.

(31)  I gcás ina dtairgfidh soláthraí innill chuardaigh ar líne earraí agus seirbhísí áirithe do thomhaltóirí trína sheirbhísí idirghabhála ar líne, nó ina ndéanfaidh sé sin trí bhíthin úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh a bhfuil sé i gceannas air, d’fhéadfadh an soláthraí sin dul in iomaíocht go díreach le húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a bhaineann úsáid as a chuid inneall cuardaigh ar líne nach bhfuil an soláthraí i gceannas orthu. Sna cásanna sin, go háirithe, tá sé tábhachtach go ngníomhóidh soláthraí na seirbhíse idirghabhála ar líne ar bhealach trédhearcach agus go dtabharfaidh sé tuairisc ar aon chóir dhifreáilte, cibé acu trí mhodhanna dlíthiúla, tráchtála nó teicniúla, a d’fhéadfadh sé a dhéanamh i leith earraí nó seirbhísí a thairgeann sé féin nó trí shuíomh gréasáin corparáideach a rialaíonn sé, i gcomparáid leis na hearraí sin a thairgeann úsáideoirí iomaíocha suíomhanna gréasáin corparáideacha. Chun an chomhréireacht a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le leibhéal an innill fhoriomláin chuardaigh ar líne seachas maidir le leibhéal na n-earraí nó na seirbhísí aonair a thairgtear trí bhíthin na seirbhísí sin.

(32)  Ba cheart díriú ar théarmaí conarthacha sonracha sa Rialachán seo, go háirithe i gcásanna éagothromaíochtaí cumhachta margála , chun a áirithiú go ndéanfar caidreamh conarthach de mheon macánta agus ar bhonn cóirdhéileála. Éilítear le hintuarthacht agus trédhearcacht go dtugtar fíordheis d’úsáideoirí gnó eolas a chur ar athruithe ar théarmaí agus coinníollacha nár cheart, dá bhrí sin, a fhorchur le héifeacht chúlghabhálach mura rud é go bhfuil siad bunaithe ar oibleagáid dhlíthiúil nó rialála nó go bhfuil siad tairbheach do na húsáideoirí gnó sin. Ina theannta sin, ba cheart soiléireacht a thairiscint d’úsáideoirí gnó maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfar a gcaidreamh conarthach le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a fhoirceannadh. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a áirithiú go bhfuil na coinníollacha foirceanta i gcónaí comhréireach agus gur féidir iad a fheidhmiú gan deacracht mhíchuí. Ar deireadh, ba cheart úsáideoirí gnó a chur ar an eolas go hiomlán maidir le haon rochtain a choimeádann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, tar éis dhul in éag an chonartha, ar an bhfaisnéis a dhéanann úsáideoirí gnó a sholáthar nó a ghiniúint i gcomhthéacs na húsáide a bhaineann siad as seirbhísí idirghabhála ar líne.

(33)  Leis an gcumas sonraí a rochtain agus a úsáid, lena n-áirítear sonraí pearsanta, is féidir cruthú luacha tábhachtach a chumasú i ngeilleagar na n-ardán ar líne, ní hamháin i gcoitinne, ach freisin do na húsáideoirí gnó agus na seirbhísí idirghabhála ar líne atá bainteach leis. Dá réir sin, tá sé tábhachtach go dtabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne tuairisc shoiléir d’úsáideoirí gnó ar raon feidhme agus cineál na rochtana atá acu ar chatagóirí áirithe sonraí agus na húsáide a bhaineann siad astu, agus na coinníollach a bhaineann leis an rochtain agus an úsáid sin. Ba cheart an tuairisc sin bheith comhréireach agus go dtagródh sé do choinníollacha ginearálta maidir le rochtain, de rogha ar shainaithint uileghabhálach sonraí nó catagóirí de shonraí. D’fhéadfaí a chur san áireamh sa tuairisc sainaithint agus rochtain shonrach, áfach, ar chineálacha áirithe sonraí iarbhír a d’fhéadfadh a bheith an-ábhartha d’úsáideoirí gnó. D’fhéadfaí a áireamh sna sonraí sin rátálacha agus athbhreithnithe arna gcarnadh ag úsáideoirí gnó ar na seirbhísí idirghabhála ar líne. Ba cheart, trí chéile, leis an tuairisc sin go ▌ gcuirfí ar chumas úsáideoirí gnó a dhéanamh amach an féidir leo na sonraí a úsáid chun cruthú luacha a fheabhsú, lena n-áirítear, b’fhéidir, trí tháille áirithíochta a thabhairt do sheirbhísí sonraí tríú páirtithe. ▌

(34)  Sa chaoi chéanna, tá sé tábhachtach d’úsáideoirí gnó a thuiscint an gcomhroinneann an soláthraí aon sonraí a gineadh trí sheirbhís idirghabhála a bheith á húsáid ag an úsáideoir gnó. Ba cheart, go háirithe, go gcuirfí úsáideoirí gnó ar an eolas faoi aon chomhroinnt sonraí a bheith á déanamh ar shonraí le tríú páirtithe chun críocha nach gá le haghaidh fheidhmiú chuí na seirbhísí idirghabhála ar líne; mar shampla i gcás ina gcuireann an soláthraí luach airgid ar na sonraí atá faoi bhreithniú tráchtála. Chun lamháil d’úsáideoirí gnó cearta atá ar fáil chun tionchar a bheith ar an gcomhroinnt sonraí sin a lánfheidhmiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith sainráiteach freisin faoi fhéidearthachtaí diúltú do chomhroinnt sonraí i gcás inarb ann dóibh faoina gcaidreamh conarthach leis an úsáideoir gnó.

(35)  Níor cheart na ceanglais sin a thuiscint mar aon oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne sonraí pearsanta nó neamhphearsanta a scaipeadh do na húsáideoirí gnó nó gan iad a scaipeadh dóibh. Is príomhfhoinse nuálaíochta agus fáis na bearta trédhearcachta, áfach, agus d’fhéadfaidís cuidiú le méadú na comhroinnte sonraí agus, ina theannta sin, feabhas a chur ar na haidhmeanna lena gcruthófar spás coiteann Eorpach do shonraí. Ba cheart próiseáil ar shonraí pearsanta a bheith i gcomhréir le creat dlíthiúil an Aontais maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, agus maidir le hurraim don saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679(6), Treoir (AE) 2016/680(7) agus Treoir 2002/58/CE(8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(36)  I gcásanna áirithe d’fhéadfadh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne srian a chur, ina dtéarmaí agus coinníollacha, ar an gcumas atá in úsáideoirí gnó earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí ar choinníollacha níos fabhraí ar bhealaí seachas trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin. Sna cásanna sin, ba cheart do na soláthraithe lena mbaineann na forais chun déanamh amhlaidh a leagan amach, go háirithe i ndáil le príomhbhreithnithe eacnamaíocha, tráchtála nó dlí na srianta. Níor cheart a thuiscint go ndéanfaí difear leis an oibleagáid trédhearcachta do mheasúnú dhlíthiúlacht na srianta sin faoi ghníomhartha eile de dhlí an Aontais nó de dhlí na mBallstát atá i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear i réimsí na hiomaíochta agus na gcleachtas tráchtála éagórach, agus cur i bhfeidhm na ndlíthe sin.

(37)  Lena chur ar a gcumas d’úsáideoirí gnó, lena n-áirítear na húsáideoirí sin a d’fhéadfadh an cead a bheadh acu na seirbhísí idirghabhála ar líne a úsáid a bheith srianta, curtha ar fionraí nó foirceanta, rochtain a fháil ar dheiseanna sásaimh láithreacha oiriúnacha éifeachtacha, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne foráil a dhéanamh maidir le córas inmheánach láimhseála gearán. Maidir leis an gcóras inmheánach láimhseála gearán sin, ba cheart é a bheith bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne a chuirtear i bhfeidhm ar staideanna coibhéiseacha, dírithe ar a áirithiú gur féidir leis an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne agus an úsáideoir gnó is ábhartha sciar suntasach de na gearáin a réiteach go déthaobhach, laistigh de thréimhse ama réasúnta. D’fhéadfadh na soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an cinneadh a rinne siad a choimeád i bhfeidhm le linn thréimse an ghearáin. Aon iarracht chun teacht ar chomhaontú tríd an bpróiseas inmheánach láimhseála gearán, ní dhéanfaidh sí difear do chearta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhála ar línena n-úsáideoirí gnó i dtaca le himeachtaí breithiúnacha a thionscnamh aon tráth le linn an phróisis inmheánaigh láimhseála gearán nó ina dhiaidh. Ina theannta sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne faisnéis a fhoilsiú agus, go bliantúil ar a laghad, a fhíorú faisnéis maidir le feidhmiú agus éifeachtacht a gcóras inmheánach láimhseála gearán chun cabhrú le húsáideoirí gnó tuiscint a fháil ar na príomhchineálacha saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcomhthéacs seirbhísí idirghabhála difriúla ar líne a sholáthar agus ar na deiseanna atá ann teacht ar réiteach déthaobhach gasta éifeachtach.

(38)  Is é is aidhm le ceanglais an Rialacháin seo maidir le córais inmheánacha láimhseála gearán méid réasúnach solúbthachta a cheadú do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus na córais sin á bhfeidhmiú acu agus iad ag déileáil le gearáin aonair ionas go laghdófar aon ualach riaracháin a bheidh ann. Ina theannta sin, leis na córais inmheánacha láimhseála gearán, ba cheart ligean do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne aghaidh a thabhairt, i gcás inar gá, ar bhealach comhréireach ar aon úsáid a dhéanfadh úsáideoirí gnó áirithe iarracht a bhaint as na córais sin de mheon mímhacánta. ▌I bhfianaise na gcostas a bhaineann leis na córais sin a bhunú agus a fheidhmiú, is iomchuí aon soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad a dhíolmhú ó na hoibleagáidí sin, i gcomhréir le forálacha ábhartha de Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún(9). Áirithíonn na rialacha maidir le comhdhlúthú a leagtar síos sa Mholadh sin nach mbeifear in ann teacht timpeall air. Mar sin féin, níor cheart don díolúine sin difear a dhéanamh do cheart na bhfiontar sin córas inmheánach láimhseála gearán, a chomhlíonann na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo, a chur ar bun ar bhonn deonach.

(39)  Níor cheart a thuiscint le húsáid an fhocail “inmheánach” go bhfuil cosc ar chóras inmheánach láimhseála gearán a tharmligean chuig soláthraí seirbhíse seachtrach nó struchtúr corparáideach eile, chomh fada agus atá údarás agus cumas iomlán soláthraí nó struchtúr corparáideach eile a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo leis an gcóras inmheánach láimhseála gearán.

(40)  Leis an idirghabháil tugtar do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus dá n-úsáideoirí gnó modh chun díospóidí a réiteach ar bhealach sásúil gan an gá dul i mbun imeachtaí dlíthiúla, rud a bhíonn fadálach costasach uaireanta. Dá bharr sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an idirghabháil a éascú, go háirithe, trí bheirt idirghabhálaithe phoiblí nó phríobháideacha ar a laghad, a mbeidís sásta déileáil leo, a shainaithint. Is é an aidhm go gceanglaítear íoslíon na n-idirghabhálaithe a shainaithint neodracht na n-idirghabhálaithe a chosaint. Níor cheart d’idirghabhálaithe a chuireann a seirbhísí ar fáil ó áit atá lasmuigh den Aontas a shainaithint ach amháin, i gcás ina n-úsáidtear na seirbhísí sin, má ráthaítear nach ndéanfar aon chosaint dlíthiúil a thugtar do na húsáideoirí gnó lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta a cheilt orthu, lena n-áirítear ceanglais an Rialacháin seo agus an dlí is infheidhme a bhaineann le sonraí pearsanta agus rúin trádála a chosaint. Chun a bheith chomh hinrochtana cóir gasta éifeachtúil agus éifeachtach agus is féidir, ba cheart do na hidirghabhálaithe sin critéir shocraithe áirithe a chomhlíonadh. Mar sin féin, fágtar faoi sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus a n-úsáideoirí gnó cinneadh a dhéanamh eatarthu féin pé idirghabhálaí is ansa leo a roghnú d’fhonn díospóid atá tagtha chun cinn eatarthu a réiteach. I gcomhréir le Treoir 2008/52/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10), ba cheart don idirghabháil dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith ina próiseas deonach sa chiall go bhfuil na páirtithe féin i gceannas ar an bpróiseas agus gur féidir leo í a thosú agus a fhoirceannadh aon tráth. Bíodh is gur seirbhísí deonacha atá i gceist, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne scrúdú a dhéanamh de mheon macánta ar iarrataí a dhéantar orthu tabhairt faoin tseirbhís idirghabhála dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(41)  Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne cion réasúnach de chostais uile na hidirghabhála a sheasamh agus gnéithe ábhartha uile an cháis i dtrácht á gcur san áireamh. Chuige sin, ba cheart don idirghabhálaí a mholadh cé acu coibhneas is réasúnach i ngach cás aonair. ▌I bhfianaise na gcostas agus an ualaigh riaracháin a bhaineann leis an ngá atá le hidirghabhálaithe a shainaithint sna téarmaí agus sna coinníollacha, is iomchuí aon soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad a dhíolmhú ón oibleagáid sin, i gcomhréir le forálacha ábhartha Mholadh 2003/361/CE. Áirithíonn na rialacha maidir le comhdhlúthú a leagtar síos sa Mholadh sin nach mbeifear in ann teacht timpeall ar an oibleagáid sin. Mar sin féin, níor cheart don mhéid sin difear a dhéanamh do cheart na bhfiontar sin idirghabhálaithe a shainaithint sna téarmaí agus sna coinníollacha, a chomhlíonann na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo.

(42)  Ós rud é gur cheart é a bheith de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne i gcónaí na hidirghabálaithe a bhfuil siad sásta déileáil leo a shainaithint, agus gur cheart é a bheith d’oibleagáid orthu páirt a ghlacadh de mheon macánta le linn aon iarrachtaí idirghabhála a sheoltar de bhun an Rialacháin seo, ba cheart na hoibleagáidí seo a bhunú ar bhealach a chuireann cosc ar úsáideoirí gnó mí-úsáid a bhaint as an gcóras idirghabhála. Chomh maith leis sin, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar úsáideoirí gnó dul i mbun idirghabhála de mheon macánta. Níor cheart oibleagáid a bheith ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne dul i mbun idirghabhála i gcás ina dtionscnaíonn úsáideoir gnó imeachtaí maidir le hábhar ar ina leith a thionscain an t-úsáideoir gnó sin imeachtaí roimhe sin ag lorg idirghabhála agus gur chinn an t-idirghabhálaí sa chás sin nár ghníomhaigh an t-úsáideoir gnó de mheon macánta. Níor cheart an oibleagáid a bheith ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne dul i mbun idirghabhála le húsáideoirí gnó a bhfuil iarrachtaí ar idirghabháil nár éirigh leo curtha arís agus arís eile acufaoi bhráid an idirghabhálaí. Leis na cásanna eisceachtúla sin, níor cheart teorainn a chur ar chumas an úsáideora gnó cás a chur chun idirghabhála i gcás, de réir mar a chinn an t-idirghabhálaí, nach bhfuil gaol ag an idirghabháil leis na cásanna roimhe sin.

(43)  Chun réiteach díospóidí a bhaineann le soláthar seirbhísí idirghabhála ar líne a éascú trí idirghabháil a dhéanamh san Aontas, ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, bunú eagraíochtaí idirghabhála speisialaithe a spreagadh, rud atá de dhíth faoi láthair. Rannpháirteachas idirghabhálaithe a mbeadh eolas speisialaithe acu ar sheirbhísí idirghabhála ar líne agus ar earnálacha sonracha den tionscal ina soláthraítear na seirbhísí seo, ba cheart don rannpháirteachas sin cur leis an muinín atá ag an dá pháirtí as an bpróiseas idirghabhála agus ba cheart é a bheith níos dóchúla go dtiocfadh as an bpróiseas sin toradh gasta cóir sásúil.

(44)  De thoradh tosca éagsúla, amhail acmhainní airgeadais teoranta, an eagla roimh dhíoltas agus gan ach an saghas sin rogha a bheith le fáil de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha, is féidir teorainn a bheith le héifeachtacht na ndeiseanna sásaimh bhreithiúnaigh atá ann, na deiseanna sin go háirithe lena gceanglaítear ar úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna corparáideacha gníomhú ina n-aonar nó ar bhealach ina n-aithneofaí iad. Chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an deis a thabhairt d’eagraíochtaí, do chomhlachais a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, mar aon le comhlachtaí poiblí áirithe atá bunaithe sna Ballstáit, caingean a thabhairt os comhair cúirteanna náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear ceanglais náisiúnta nósanna imeachta. Ba cheart gurbh é an aidhm le caingean den sórt sin os comhair cúirt náisiúnta sáruithe ar na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo a stopadh nó a chosc agus díobháil a chosc sa todhchaí a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den ghaol gnó inbhuanaithe i ngeilleagar na n-ardán ar líne. Lena áirithiú go bhfeidhmeoidh na heagraíochtaí nó na comhlachais sin an ceart sin go héifeachtach agus go hiomchuí, ba cheart dóibh critéir áirithe a chomhlíonadh. Go sonrach, caithfidh siad a bheith bunaithe go cuí i gcomhréir le dlí Ballstáit ar leith, a bheith ina eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus a gcuspóirí a chur i gcrích ar bhonn leanúnach. Ba cheart do na ceanglais sin cosc a chur ar bhunú ad hoc eagraíochtaí nó comhlachas chun críche gníomh nó gníomhartha sonracha, nó chun críche brabús a dhéanamh. Thairis sin, ba cheart a áirithiú nach bhfuil aon tionchar míchuí ó aon duine de na soláthraithe tríú páirtí ar chinnteoireacht a bheith á maoiniú ag na heagraíochtaí nó na comhlachais sin. Chun coinbhleacht leasa a sheachaint, ba cheart go háirithe cosc a bheith ar eagraíochtaí nó comhlachais a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí gnó nó ar úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a bheith faoi réir tionchar míchuí ó aon soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó inneall cuardaigh ar líne. Le nochtadh iomlán agus poiblí faisnéise maidir le comhaltas agus foinse maoinithe, ba cheart cúirteanna náisiúnta a éascú measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na critéir incháilitheachta á gcomhlíonadh. I bhfianaise an stádais ar leith atá ag na comhlachtaí poiblí ábhartha sna Ballstáit inar cuireadh na comhlachtaí sin ar bun, ba cheart gur ar na comhlachtaí sin amháin a cheanglófaí go leithleach, i gcomhréir le rialacha ábhartha an dlí náisiúnta, na caingne sin a thabhairt ar mhaithe le leasanna coiteanna na bpáirtithe lena mbaineann nó ar mhaithe leis an leas ginearálta, gan aon ghá a bheith ann na critéir sin a chur i bhfeidhm maidir leis na comhlachtaí sin. Ba cheart nach ndéanfadh caingne den sórt sin aon difear do na cearta atá ag úsáideoirí gnó agus úsáideoirí suíomhanna gréasáin caingean bhreithiúnach a thabhairt.

(45)  Ba cheart sainaitheantas na n-eagraíochtaí, na gcomhlachas agus na gcomhlachtaí poiblí sin atá cáilithe, dar leis na Ballstáit, chun caingean a thionscnamh faoin Rialachán seo, a chur in iúl don Choimisiún. Agus rudaí den sórt sin á gcur in iúl acu, ba cheart do na Ballstáit tagairt ar leith a dhéanamh do na forálacha ábhartha náisiúnta ar dá réir a rinneadh an eagraíocht, an comhlachas nó an comhlacht poiblí a bhunú, agus, i gcás inarb iomchuí, tagairt a dhéanamh don chlár poiblí ábhartha inar cláraíodh an eagraíocht nó an comhlacht. Leis an rogha bhreise sin atá ainmnithe ag na Ballstáit, ba cheart leibhéal áirithe de dheimhneacht dhlíthiúil agus d’intuarthacht a thabhairt ar féidir le húsáideoirí gnó agus le húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha brath air. Ag an am céanna, tá sé d’aidhm aige nósanna imeachta breithiúnacha a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos giorra, rud a dhealraíonn a bheith iomchuí sa chomhthéacs sin. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfoilseofar liosta de na heagraíochtaí, na comhlachais agus na comhlachtaí poiblí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá gcuirfí eagraíocht, comhlachas nó comhlacht poiblí ar an liosta sin, ba cheart don mhéid sin a bheith ina fhianaise inbhréagnaithe maidir le hinniúlacht dhlíthiúil na heagraíochta, an chomhlachais nó an chomhlachta phoiblí atá i mbun an chaingean a thionscnamh. I gcás ina bhfuil aon chúiseanna imní ann maidir le hainmniú, is ceart don Bhallstát a d’ainmnigh an eagraíocht, an comhlachas nó an comhlacht poiblí na húdair imní sin a fhiosrú. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag eagraíochtaí, comhlachais, agus comhlachtaí poiblí nach n-ainmnítear ag Ballstát, cás a thabhairt os comhair na gcúirteanna náisiúnta, agus is ceart dóibh siúd an inniúlacht dhlíthiúil a scrúdú de réir na gcritéar a shocraítear sa Rialachán seo.

(46)  Ba cheart é a bheith de cheangal ar na Ballstáit forfheidhmiú leormhaith agus éifeachtach ar an Rialachán seo a áirithiú. Is ann do chórais éagsúla forfheidhmithe sna Ballstáit cheana féin, agus níor cheart oibleagáid a bheith orthu comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe nua a chur ar bun. Tá sé de rogha ag Ballstáit forfheidhmiú an Rialacháin seo a fhágáil faoi na húdaráis atá ann cheana féin, cúirteanna san áireamh. Níor cheart don Rialachán seo oibleagáid a chur ar na Ballstáit foráil a dhéanamh d’fhorfheidhmiú ex officio ná do ghearradh fíneálacha.

(47)  Ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Sa chomhthéacs sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gCoimisiún líonra malartaithe faisnéise leathan a bhunú trí chomhlachtaí saineolaithe ábhartha, ionaid barrfheabhais, chomh maith leis an bhFaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne, a luamhanú. An tráth céanna, ba cheart do na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha atá acu sa chomhthéacs sin a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin. Ar deireadh, ba cheart don fheidhmiú sin tairbhiú den trédhearcacht fheabhsaithe fhoriomlán sa chaidreamh tráchtála idir úsáideoirí gnó agus soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus idir úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha agus innill chuardaigh ar líne arb aidhm don Rialachán seo é sin a bhaint amach. Chun a dhualgais maidir le faireachán agus athbhreithniú a chomhlíonadh go héifeachtach faoin Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún féachaint le faisnéis a bhailiú ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne comhoibriú de mheon macánta i mbailiú na sonraí sin a éascú, i gcás inarb infheidhme.

(48)  Féadfar le cóid iompair, a tharraingeoidh suas na soláthraithe seirbhísí lena mbaineann, nó na heagraíochtaí nó na comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, rannchuidiú le cur chun feidhme cuí an Rialacháin seo agus dá bharr sin ba cheart an méid sin a spreagadh. Agus na cóid iompair sin á dtarraingt suas, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, ba cheart aird chuí a thabhairt ar ghnéithe sonracha na n-earnálacha lena mbaineann agus ar thréithe FBManna. Ba cheart na cóid iompair sin a chur i bhfriotal ar bhealach oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

(49)  Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo go tráthrialta, agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar a éifeachtaí ar gheilleagar na n-ardán ar líne, go háirithe d’fhonn an gá atá le leasuithe a mheas i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta agus forbairtí tráchtála. Ba cheart a áireamh sa mheastóireacht sin na héifeachtaí ar na húsáideoirí gnó a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar úsáid ghinearálta a bheith á baint as rogha eisiach an dlí agus as forálacha fóraim a chinneann soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne go haontaobhach. Chun spléachadh leathan a fháil ar na forbairtí san earnáil, ba cheart taithí na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí ábhartha a chur i gcuntas sa mheastóireacht. Tá ról lárnach ag an ngrúpa saineolaithe don Fhaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne a bunaíodh i gcomhréir le Cinneadh C(2018)2393 ón gCoimisiún maidir le meastóireacht ag an gCoimisiún ar an Rialachán seo a chur in iúl. Ba cheart, dá bhrí sin, don Choimisiún na tuairimí agus na tuarascálacha a chuirfear faoina bhráid a bhreithniú go cuí. Tar éis na meastóireachta, ba cheart don Choimisiún na bearta iomchuí a dhéanamh. Féadfaidh bearta breise, lena n-áirítear de chineál reachtach, a bheith iomchuí más rud é go dtarlaíonn sé agus i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil na forálacha a bhunaítear sa Rialachán seo neamh-leordhóthanacha chun aghaidh a thabhairt ar bhealach leormhaith ar mhíchothromaíochtaí agus ar chleachtais tráchtála éagóracha atá fós san earnáil.

(50)  Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán á cur ar fáil, ba cheart riachtanais ar leith atá ag daoine faoi mhíchumas a chur san áireamh a mhéid is féidir, i gcomhréir le cuspóirí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD)(11).

(51)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon timpeallacht ghnó ar líne iontaofa inbhuanaithe intuartha cóir a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach ,a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir arna shaothrú a ghnóthú.

(52)  Féachann an Rialachán lena áirithiú go dtabharfar urraim iomlán don cheart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil a leagtar síos in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le cur chun cinn a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na saoirse gnó a sholáthar a leagtar síos in Airteagal 16 den Chairt,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Is é cuspóir an Rialacháin seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí rialacha a leagan síos lena áirithiú go gcuirtear trédhearcacht iomchuí, cothroime agus deiseanna éifeachtacha sásaimh ar fáil d’úsáideoirí gnó a bhaineann leas as seirbhísí idirghabhála ar líne agus d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha i dtaca le hinnill chuardaigh ar líne.

2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí idirghabhála ar líne agus innill chuardaigh ar líne a sholáthraítear, nó a thairgtear a sholáthar, d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, faoi seach, a bhfuil a n-áit bhunaíochta nó a n-áit chónaithe san Aontas agus a thairgeann, trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin nó trí na hinnill chuardaigh ar líne sin, earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaíochta nó áit chónaithe sholáthraithe na seirbhísí sin agus gan beann ar an dlí ab infheidhme in aon chás eile.

3.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí íocaíochta ar líne ná maidir le huirlisí seirbhíse fógraíochta ar líne ná maidir le malartáin fógraíochta ar líne nach soláthraítear leis an aidhm é a dhéanamh níos éasca idirbhearta díreacha a thionscnamh agus nach mbaineann caidreamh conarthach le tomhaltóirí leo.

4.  Is gan dochar an Rialachán seo do rialacha náisiúnta a dhéanann, i gcomhréir le dlí an Aontais, toirmeasc nó beart sriantach a chur ar iompar aontaobhach nó ar chleachtais tráchtála éagóracha, sa mhéid nach gcumhdaítear na gnéithe ábhartha leis an Rialachán seo. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear don dlí sibhialta náisiúnta, go háirithe do dhlí na gconarthaí, amhail na rialacha maidir le bailíocht, déanamh, éifeacht, nó foirceannadh conartha, a mhéid atá na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí sibhialta i gcomhréir le dlí an Aontais, agus a mhéid nach gcumhdaítear na gnéithe ábhartha faoin Rialachán seo.

5.  Is gan dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais, go háirithe dlí an Aontais is infheidhme i réimse an chomhair bhreithiúnaigh ar ábhair shibhialta, na hiomaíochta, na cosanta sonraí, chosaint na rún trádála, na cosanta tomhaltóirí, na ríomhthráchtála agus na seirbhísí airgeadais.

Airteagal 2,

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘úsáideoir gnó’aon duine aonair príobháideach atá ag gníomhú i gcáil tráchtála nó ghairmiúil ,nó aon duine dlítheanach a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí trí sheirbhísí idirghabhála ar líne chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm;

(2)  ciallaíonn ‘seirbhísí idirghabhála ar líne’ seirbhísí a chomhlíonann na riachtanais seo a leanas go léir:

(a)  is é atá iontu seirbhísí sochaí faisnéise de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 1(1) de Threoir (AE)  2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12);

(b)  tugann siad deis d’úsáideoirí gnó earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach idir na húsáideoirí gnó sin agus na tomhaltóirí sin a éascú, beag beann ar an áit ina dtugtar na hidirbhearta sin chun críche go hiomlán;

(c)  soláthraítear d'úsáideoirí gnó iad ar bhonn caidreamh conarthach idir ▌ soláthraí na seirbhísí sin agus ▌ úsáideoirí gnó a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí;

(3)  ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoirí gnó, nó a thairgeann iad a sholáthar dóibh;

(4)  ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críocha atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(5)  ciallaíonn ‘inneall cuardaigh ar líne’ seirbhís dhigiteach a chuireann ar chumas úsáideoirí iarratais a ionchur chun cuardaigh a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach suíomh gréasáin nó gach suíomh gréasáin i dteanga faoi leith, ar bhonn iarratas ar aon ábhar i bhfoirm eochairfhocail, glao-iarraidh, frása nó ionchuir eile, agus a sheolann torthaí ar ais in aon fhormáid ina bhfuil faisnéis le fáil a bhaineann leis an ábhar a iarradh;

(6)  ciallaíonn ‘soláthraí innill cuardaigh ar líne’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn innill cuardaigh ar líne do thomhaltóirí, nó a thairgeann iad a sholáthar dóibh;

(7)  ciallaíonn ‘úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann comhéadan ar líne, rud a chiallaíonn aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha, chun earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm;

(8)  ciallaíonn ‘rangú’ an tsuntasacht choibhéiseach a thugtar do na hearraí nó na seirbhísí a thairgtear ▌ trí sheirbhísí idirghabhála ar líne, nó an ábharthacht a thugann innill chuardaigh ar líne do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n-eagrú agus arna gcur in iúl ▌ ag soláthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, faoi seach, beag beann ar na modhanna teicneolaíocha a úsáidtear don chur i láthair, don eagrú nó don chur in iúl sin;

(9)  ciallaíonn ‘rialú’ úinéireacht ghnóthais, nó an cumas tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle(13);

(10)  ciallaíonn ‘téarmaí agus coinníollacha’ na téarmaí agus coinníollacha nó sonraíochtaí go léir, gan beann ar a n-ainm nó ar a bhfoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus a úsáideoirí gnó agus a chinneann soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne go haontaobhach, ar cinneadh aontaobhach é a ndéantar meastóireacht air ar bhonn measúnú foriomlán, ar ina leith nach bhfuil méid choibhneasta na gcomhpháirtithe lena mbaineann, an fíoras go ndearnadh caibidlíocht, ná go bhféadfadh forálacha áirithe díobh a bheith faoi réir caibidlíocht den sórt sin agus cinneadh a bheith déanta orthu le chéile ag an soláthraí ábhartha agus ag an úsáideoir gnó, ann féin, cinntitheach;

(11)  ciallaíonn ‘earraí agus seirbhísí coimhdeacha’ earraí agus seirbhísí a thairgtear don tomhaltóir sula ndéantar idirbheart a tionscnaíodh ar na seirbhísí idirghabhála ar líne a chur i gcrích sa bhreis ar an earra príomhúil nó an tseirbhís phríomhúil a thairgeann an t-úsáideoir gnó trí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus comhlántach ar an earra nó an tseirbhís sin;

(12)  Ciallaíonn ‘idirghabháil’ aon phróiseas struchtúrtha mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/52/CE;

(13)  ciallaíonn ‘meán marthanach’ aon ionstraim trínar féidir le húsáideoirí gnó faisnéis a díríodh chucu go pearsanta a stóráil ionas gur féidir tagairt di ina dhiaidh sin go ceann tréimhse leordhóthanach chun críocha na faisnéise sin agus ionas gur féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú.

Airteagal 3

Téarmaí agus coinníollacha

1.  Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne go bhfuil an méid seo a leanas i gceist lena gcuid téarmaí agus coinníollacha:

(a)  tá siad dréachtaithe i bhfriotal simplí agus intuigthe;

(b)  tá siad ar fáil go héasca d’úsáideoirí gnó ar feadh chéimeanna iomlána an chaidrimh tráchtála le soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne, lena n-áirítear ag an gcéim reámhchonarthach;

(c)  leagtar amach iontu na forais ▌ maidir le cinntí soláthar a seirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoirí gnó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, i bpáirt nó go hiomlán, nó aon chineál sriain eile a fhorchur orthu;

(d)  cuirtear san áireamh leo faisnéis maidir le haon bhealach dáilte breise agus maidir lena gcláir chleamhnaithe fhéideartha trína bhféadfadh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne seirbhísí a thairgeann an t-úsáideoir gnó a mhargú;

(e)  cuirtear san áireamh leo faisnéis ghinearálta maidir le héifeachtaí na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar úinéireacht agus ar rialú chearta maoine intleachtúla na n-úsáideoirí gnó.

2.  Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne fógra, ar mheán marthanach, do na húsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le haon athrú atá beartaithe ar a dtéarmaí agus a gcoinníollacha.

Ní chuirfear na hathruithe atá beartaithe chun feidhme sula rachaidh tréimhse fógra in éag atá réasúnta agus comhréireach le cineál agus réim na n-athruithe atá beartaithe agus lena n-iarmhairtí don úsáideoir gnó lena mbaineann. Mairfidh an tréimhse fógra sin 15 lá ar a laghad ón dáta a thugann an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne fógra do na húsáideoirí gnó lena mbaineann faoi na hathruithe atá beartaithe. Deonóidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne tréimhsí fógra níos faide nuair is gá sin chun lamháil d’úsáideoirí gnó oiriúnuithe teicniúla nó tráchtála a dhéanamh chun na hathruithe a chomhlíonadh.

Beidh sé de cheart ag an úsáideoir gnó lena mbaineann an conradh le soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne a fhoirceannadh sula rachaidh an tréimhse fógra in éag. Beidh éifeacht ag foirceannadh den sórt laistigh de 15 lá ón bhfógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre, mura mbeidh feidhm ag tréimhse níos giorra maidir leis an gconradh.

Féadfaidh an t-úsáideoir gnó lena mbaineann an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír a tharscaoileadh, cibé acu trí ráiteas i scríbhinn nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, tráth ar bith tar éis an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre.

Le linn na tréimhse fógra, measfar gur gníomhaíocht dhearfach shoiléir a bheidh in earraí nua nó seirbhísí nua a chur isteach ar na seirbhísí idirghabhála ar líne chun an tréimhse fógra a tharscaoileadh, ach amháin i gcásanna ina bhfuil an tréimhse fógra réasúnta agus comhréireach níos faide ná 15 lá toisc go n-éilítear leis na hathruithe ar na téarmaí agus na coinníollacha go ndéanfaidh an t-úsáideoir gnó coigeartuithe suntasacha teicniúla ar a earraí nó seirbhísí. I gcásanna den sórt sin, ní mheasfar an tréimhse fógra a bheith tarscaoilte go huathoibríoch i gcás ina gcuirfidh an t-úsáideoir gnó earraí agus seirbhísí nua isteach.

3.  Maidir le téarmaí agus coinníollacha, nó forálacha sonracha díobh, nach gcomhlíonann ceanglais mhír 1, chomh maith le hathruithe ar théarmaí agus coinníollacha arna gcur chun feidhme ag soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne, contrártha le forálacha mhír 2, beidh siad ar neamhní go hiomlán.

4.  Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 2, más rud é maidir le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne:

(a)   go bhfuil sé faoi réir oibleagáid dhlíthiúil nó rialála a cheanglaíonn air a théarmaí agus a choinníollacha a athrú ar bhealach nach dtugann deis dó an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 a urramú;

(b)  go bhfuil air a dtéarmaí agus coinníollacha a athrú go heisceachtúil chun aghaidh a thabhairt ar gharchontúirt neamhthuartha a bhaineann le cosaint a thabhairt do sheirbhísí idirghabhála ar líne, dá thomhaltóirí nó úsáideoirí eile gnó ó chalaois, bogearraí mailíseacha, turscar, sáruithe sonraí nó rioscaí eile cibearshlándála.

5.  Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne go mbeidh sainaitheantas an úsáideora gnó a sholáthraíonn na hearraí nó na seirbhísí ar na seirbhísí idirghabhála ar líne le feiceáil go soiléir.

Airteagal 4

Srianadh, fionraí agus foirceannadh

1.  I gcás ina ndéanann soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne cinneadh soláthar a sheirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoir gnó áirithe i ndáil le hearraí nó seirbhísí aonair a thairgeann an t-úsáideoir gnó sin a shrianadh nó a chur ar fionraí, déanfadih sé ráiteas faoi na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin a sholáthar don úsáideoir gnó lena mbaineann ar mheán marthanach sula ngabhfaidh éifeacht leis an srianadh nó leis an bhfionraí nó tráth a ngabhfaidh éifeacht leo.

2.  I gcás ina ndéanfaidh soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne cinneadh soláthar a sheirbhísí idirghabhála uile ar líne d’úsáideoir gnó áirithe a fhoirceannadh, déanfaidh sé ráiteas faoi na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin a sholáthar don úsáideoir gnó lena mbaineann ar mheán marthanach 30 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh.

3.  I gcás srianadh, fionraí nó foirceannadh, tabharfaidh soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne an deis don úsáideoir gnó na fíricí agus na himthosca a shoiléiriú faoi chuimsiú an phróisis inmheánaigh láimhseála gearán dá dtagraítear in Airteagal 11. I gcás ina ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse idirghabhála an srianadh, an fionraí nó an foirceannadh a chúlghairm, déanfaidh sé an t-úsáideoir gnó a athbhunú gan moill mhíchuí, lena n-áirítear rochtain a thabhairt don úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó sonraí eile, nó iad araon, a d’eascair as an úsáid a bhain sé as na seirbhísí idirghabhála ábhartha ar líne sular ghabh éifeacht leis an srianadh, leis an bhfionraí nó leis an bhfoirceannadh.

4.  Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra i mír 2 más rud é, maidir le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne:

(a)  go bhfuil sé faoi réir oibleagáid dhlíthiúil nó rialála a cheanglaíonn air soláthar uile a chuid seirbhísí idirghabhála ar líne d'úsáideoir gnó ar leith a fhoirceannadh ar bhealach nach dtugann deis dó an tréimhse fógra sin a urramú, nó

(b)  go bhfeidhmíonn sé ceart chun foirceannadh faoi chúis sháraitheach de bhun dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais;

(c)  gur féidir leis a léiriú gur sháraigh an t-úsáideoir gnó lena mbaineann na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme arís agus arís eile, rud a d’fhág go ndearna siad soláthar iomlán na seirbhísí idirghabhála ar líne i dtrácht a fhoirceannadh.

I gcásanna nach bhfuil feidhm ag an tréimhse fógra i mír 2, déanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne, gan moill mhíchuí, ráiteas faoi na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin a sholáthar don úsáideoir gnó ar mheán marthanach.

5.  Beidh tagairt sa ráiteas faoi na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus sa dara fomhír de mhír 4 do na fíricí sonracha nó do na himthosca sonracha, lena n-áiritear ábhar fógraí tríú páirtí, ba chúis leis an gcinneadh ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne, chomh maith le tagairt do na forais infheidhme a bhí leis an gcinneadh sin dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(1).

Ní gá do sholáthraí seirbhísí idirghabhála ar line ráiteas faoi na cúiseanna a thabhairt i gcás ina bhfuil sé faoi réir oibleagáid dhlíthiúil nó rialála gan na fíricí sonracha ná na himthosca sonracha ná an tagairt don fhoras is infheidhme nó do na forais is infheidhme a thabhairt, nó i gcás inar féidir le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne a léiriú go ndearna an t-úsáideoir gnó lena mbaineann na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme a shárú arís agus arís eile, rud a d’fhág go ndearnadh soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne i dtrácht a fhoirceannadh.

Airteagal 5

Rangú

1.  Leagfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne amach ina dtéarmaí agus coinníollacha na príomhpharaiméadair lena gcinntítear rangú agus na cúiseanna le tábhacht choibhéiseach na bpríomhpharaiméadar sin i gcodarsnacht le paraiméadair eile.

2.  Leagfaidh soláthraithe inneall cuardaigh ar líne amach ▌na príomhpharaiméadair, arb iad go leithleach nó i dteanna a chéile is suntasaí i gcinneadh an rangaithe agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin, trí thuairisc a sholáthar atá ar fáil go héasca agus go poiblí agus atá dréachtaithe i bhfriotal simplí agus intuigthe, maidir le hinnill cuardaigh ar líne na soláthraithe sin. Coinneoidh siad an tuairisc sin cothrom le dáta.

3.  I gcás ina n-áirítear sna príomhpharaiméadair an fhéidearthacht difear a dhéanamh don rangú trí bhíthin luach saothair díreach nó indíreach a íocann úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha lena soláthraí faoi seach, leagfaidh an soláthraí sin amach tuairisc ar na féidearthachtaí sin agus ar éifeachtaí luach saothair den sórt sin ar rangú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.

4.  I gcás ina bhfuil ord an rangaithe athraithe ag soláthraí innill chuardaigh ar líne i gcás sonrach nó i gcás ina bhfuil suíomh gréasáin díliostaithe aige tar éis fógra tríú páirtí, tairgfidh an soláthraí an fhéidearthacht don úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh ábhar an fhógra a imscrúdú.

5.  Beidh na tuairiscí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 cuimsitheach agus cruinn go leor chun gur féidir leis na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha tuiscint leormhaith a fháil an gcuirtear an méid seo a leanas san áireamh leis an sásra rangaithe, agus má chuirtear, conas a dhéantar sin agus an méid a dhéantar é:

(a)  airíonna na n-earraí agus na seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na seirbhísí idirghabhála ar líne nó an inneall cuardaigh ar líne;

(b)  ábharthacht na n-airíonna sin ó thaobh na dtomhaltóirí sin de;

(c)  maidir le hinnill chuardaigh ar líne, airíonna dearaidh an tsuímh gréasáin a úsáideann úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha.

6.  Ní cheanglófar ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ná ar sholáthraithe inneall cuardaigh ar líne, agus iad ag comhlíonadh cheanglais an Airteagail seo, go ndéanfaidís algartaim ná aon fhaisnéis a nochtadh arb é a mbeadh mar thoradh air, le cinnteacht réasúnach, go gcumasófaí meabhlaireacht ar thomhaltóirí nó dochar do thomhaltóirí trí na torthaí cuardaigh a chúbláil. Is gan dochar an tAirteagal seo do Threoir (AE) 2016/943.

7.  Chun a éascú do na soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne aguo na soláthraithe inneall cuardaigh ar líne ceanglais an Airteagail seo a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a chur ag gabháil leis na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 6

Earraí agus seirbhísí coimhdeacha

I gcás ina dtairgeann soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne nó tríú páirtithe earraí agus seirbhísí coimhdeacha, lena n-áirítear táirgí airgeadais, do thomhaltóirí trí na seirbhísí idirghabhála ar líne, leagfaidh soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne amach ina théarmaí agus coinníollacha tuairisc ar chineál na n-earraí coimhdeacha agus na seirbhísí coimhdeacha a thairgtear agus tuairisc i dtaobh an ligtear don úsáideoir gnó a thairgí agus seirbhísí coimhdeacha féin a thairiscint trí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus cad iad na coinníollacha ar fúthu is féidir leis déanamh amhlaidh.

Airteagal 7

Cóir dhifreáilte

1.  Áireoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ina dtéarmaí agus coinníollacha tuairisc ar aon chóir dhifreáilte a thugann siad, nó a d’fhéadfadh siad a thabhairt, i dtaca le hearraí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin ag an soláthraí féin nó ag aon úsáideoir gnó atá á rialú ag an soláthraí sin, ar thaobh amháin, agus ag úsáideoirí eile gnó, ar an taobh eile. Tagrófar sa tuairisc sin do na príomhbhreithnithe eacnamaíocha, tráchtála nó dlí a bhí leis an gcóir dhifreáilte sin.

2.  Leagfaidh soláthraithe inneall cuardaigh ar líne amach tuairisc ar aon chóir dhifreáilte a thugann siad, nó a d’fhéadfadh siad a thabhairt i dtaca le hearraí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na hinnill chuardaigh ar líne sin ag an soláthraí féin nó ag aon úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh atá á rialú ag an soláthraí sin, ar thaobh amháin, agus ag úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha eile, ar an taobh eile.

3.  Cumhdófar go háirithe leis na tuairiscí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, i gcás inarb infheidhme, ar a laghad aon chóir dhifreáilte arna tabhairt trí bhearta sonracha a dhéanfaidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne nó an soláthraí inneall cuardaigh ar líne, nó trína n-iompar, a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:

(a)  rochtain a fhéadfaidh a bheith ag an soláthraí, nó ag na húsáideoirí gnó nó ag úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha atá á rialú ag an soláthraí sin ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó orthu araon, a chuireann úsáideoirí gnó, úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne nó na hinnill chuardaigh ar líne lena mbaineann, nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin;

(b)  rangú nó socruithe eile a chuireann an soláthraí i bhfeidhm agus a mbíonn tionchar acu ar rochtain ar earraí nó ar sheirbhísí a thairgeann úsáideoirí eile gnó trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin nó a thairgeann úsáideoirí suíomhanna corparáideacha eile trí innill chuardaigh ar líne.

(c)  aon luach saothair díreach nó indíreach a ghearrfar as úsáid na seirbhísí idirghabhála ar líne nó inneall cuardaigh ar líne lena mbaineann;

(d)  rochtain ar ▌ sheirbhísí nó feidhmiúlachtaí, nó comhéadain theicniúla, atá ábhartha don úsáideoir gnó nó don úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh agus atá nasctha go díreach nó coimhdeach le húsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne nó na hinnill chuardaigh ar líne lena mbaineann, na coinníollacha maidir leis na seirbhísí, feidhmiúlachtaí nó coimhéadain sin a úsáid nó aon luach saothair díreach nó neamhdhíreach a ghearrtar ar an úsáid sin.

Airteagal 8

Téarmaí conarthacha sonracha

Chun a áirithiú go ndéanfar caidreamh conarthach idir soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus úsáideoirí gnó de mheon macánta agus bunaithe ar chóirdhéileáil, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an méid seo a leanas:

(a)  gan athruithe cúlghabhálacha a fhorchur ar théarmaí agus coinníollacha, ach amháin nuair a éileofar orthu oibleagáid dhlíthiúil nó rialála a urramú nó nuair a bhíonn na hathruithe cúlghabhálacha tairbhiúil d’úsáideoirí gnó;

(b)  a áirithiú go gcuimseoidh a dtéarmaí agus coinníollacha faisnéis faoi na coinníollacha faoinar féidir le húsáideoirí gnó an caidreamh conarthach le soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne a fhoirceannadh; agus

(c)  a áireamh ina dtéarmaí agus coinníollacha tuairisc ar an rochtain theicniúil agus chonarthach, nó easpa na rochtana sin, ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn nó a ghineann an t-úsáideoir gnó, ar faisnéis í a choimeádann siad tar éis an conradh idir soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne agus an t-úsáideoir gnó dul in éag.

Airteagal 9

Rochtain ar shonraí

1.  Áireoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, ina dtéarmaí agus coinníollacha, tuairisc ar an rochtain theicniúil agus chonarthach, nó easpa na rochtana sin, a bheidh ag úsáideoirí gnó ar aon sonraí pearsanta nó sonraí eile, nó iad araon, a chuireann úsáideoirí gnó nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin.

2.  Tríd an tuairisc dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an méid seo a leanas, go háirithe, in iúl go leormhaith d'úsáideoirí gnó:

(a)  cibé acu an bhfuil rochtain ag soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, a chuireann úsáideoirí gnó nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin, agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu;

(b)  cibé acu an bhfuil rochtain ag úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, a chuireann an t-úsáideoir gnó sin ar fáil i dtaca leis an úsáid a bhaineann an t-úsáideoir gnó as na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin don úsáideoir gnó sin agus do thomhaltóirí earraí nó sheirbhísí an úsáideora gnó sin, agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu;

(c)  sa bhreis ar phointe (b), cibé acu an bhfuil rochtain ag úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, lena n-áirítear i bhfoirm chomhiomlánaithe, arna soláthar ag na húsáideoirí gnó agus tomhaltóirí uile nó arna ngineadh trí sholáthar na seirbhísí idirghabhála ar líne do na húsáideoirí gnó agus tomhaltóirí uile agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu; agus

(d)  cibé acu an soláthraítear aon sonraí faoi phointe (a) do thríú páirtithe, i dteannta na faisnéise lena sonraítear críoch chomhroinnt na sonraí sin, i gcás nach gá na sonraí sin a sholáthar do thríú páirtithe le haghaidh fheidhmiú cuí na seirbhísí idirghabhála ar líne, chomh maith le féidearthachtaí le haghaidh úsáideoirí gnó diúltú don chomhroinnt sonraí sin.

3.  Ní dochar an tAirteagal seo do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 2016/679, Threoir (AE) 2016/680 agus Threoir 2002/58/CE.

Airteagal 10

Srianta maidir le coinníollacha éagsúla a thairiscint ar bhealaí eile

1.  I gcás ina gcuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, agus a gcuid seirbhísí á soláthar acu, srian ar chumas úsáideoirí gnó na hearraí nó seirbhísí céanna a thairiscint do thomhaltóirí ar choinníollacha éagsúla ar bhealaí seachas trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin, áireoidh siad forais an tsriain sin ina gcuid téarmaí agus coinníollacha agus cuirfidh siad ar fáil don phobal go héasca iad. Áireofar leis na forais sin príomhbhreithnithe eacnamaíocha, tráchtála nó dlí na srianta sin.

2.  Ní dhéanfaidh an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 difear d’aon toirmeasc ná teorainn i leith fhorchur na srianta sin a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar ghníomhartha eile de dhlí an Aontais nó de dhlí na mBallstát a chur i bhfeidhm atá i gcomhréir le dlí an Aontais agus a bhfuil soláthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne faoina réir.

Airteagal 11

Córas inmheánach láimhseála gearán

1.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne foráil do chóras inmheánach láimhseála gearán ó úsáideoirí gnó.

Beidh an córas inmheánach láimhseála gearán inrochtana go héasca agus saor in aisce d’úsáideoirí gnó agus áiritheofar leis go láimhseálfar le gearáin laistigh de thréimhse réasúnta ama. Beidh sé bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne a chuirtear i bhfeidhm ar staideanna comhionanna, agus lena ndéileálfar le gearáin ar bhealach atá comhréireach lena dtábhacht agus lena gcastacht. Tabharfaidh sé deis d’úsáideoirí gnó a ngearáin a thaisceadh go díreach leis an soláthraí lena mbaineann i dtaca le haon cheann de na saincheisteanna seo a leanas:

(a)  neamhchomhlíonadh a líomhnaítear a bheith déanta ag an soláthraí sin maidir le haon oibleagáidí ▌a leagtar síos sa Rialachán seo agus a dhéanann difear ▌ don úsáideoir gnó atá ag taisceadh an ghearáin (“an gearánaí”);

(b)  saincheisteanna teicneolaíocha a bhaineann go díreach le soláthar seirbhísí idirghabhála ar líne, agus a dhéanann ▌ difear don ghearánaí ▌;

(c)  bearta atá déanta ag an soláthraí, nó iompar an tsoláthraí, a bhaineann go díreach le soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne agus a bhfuil ▌ tionchar acu ar an ngearánaí ▌.

2.  Mar chuid dá gcóras inmheánach láimhseála gearán, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an méid seo a leanas:

(a)  breithniú cuí a dhéanamh ar ghearáin atá taiscthe agus ar an d’fhéadfadh a bheith le tabhairt acu don ghearánaí acu chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar an tsaincheist a ardaíodh ▌;

(b)  gearáin a phróiseáil go pras agus go héifeachtach, agus tábhacht agus castacht na saincheiste a ardaíodh á gcur san áireamh;

(c)  toradh an chórais inmheánaigh chun déileáil le gearáin a chur in iúl don ghearánaí ar bhonn aonair, i bhfriotal simplí agus intuigthe.

3.  An fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le rochtain ar a gcóras inmheánach láimhseála gearán, agus lena fheidhmiú, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fáil í ina dtéarmaí agus coinníollacha.

4.  ▌Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne feidhmiú agus éifeachtúlacht a gcóras inmheánach láimhseála gearán a leagan amach agus faisnéis maidir leis sin a chur ar fáil ar bhealach ina mbeidh fáil go héasca ag an bpobal air. Déanfaidh siad an fhaisnéis a fhíorú go bliantúil ar a laghad agus i gcás ina mbeidh gá le hathruithe suntasacha, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta.

Áireofar leis an bhfaisnéis sin líon iomlán na ngearán a thaiscfear, príomhchineálacha na ngearán, an mheántréimhse ama a bheidh de dhíth chun na gearáin a phróiseáil agus faisnéis chomhiomlánaithe maidir le toradh na ngearán.

5.  Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.

Airteagal 12

Idirghábháil

1.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne beirt idirghabhálaithe nó níos mó a shainaithint ina dtéarmaí agus coinníollacha a bhfuil siad sásta déileáil leo chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú le húsáideoirí gnó maidir le réiteach lasmuigh den chúirt ar aon díospóidí idir an soláthraí agus an úsáideoir gnó a eascróidh as soláthar na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann, lena n-áirítear gearáin nach bhféadfaí a réiteach tríd an gcóras inmheánach láimhseála gearán dá dtagraítear in Airteagal 11.

Ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne idirghabhálaithe a chuireann a seirbhísí idirghabhála ar fáil ó áit atá lasmuigh den Aontas a shainaithint ach amháin i gcás ina n-áirithítear nach ndéanfar na buntáistí a ghabhann le haon choimirce dhlíthiúil a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i ndlí na mBallstát a cheilt ar na húsáideoirí gnó mar thoradh ar na seirbhísí sin a bheith á gcur ar fáil ag na hidirghabhálaithe lasmuigh den Aontas.

2.  Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais seo a leanas:

(a)  tá siad neamhchlaonta agus neamhspleách;

(b)  tá a seirbhísí idirghabhála inacmhainne ag ▌ úsáideoirí gnó na seirbhísí idirghabhála ar líne lena mbaineann;

(c)  tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar i dteanga na dtéarmaí agus coinníollacha lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne agus an t-úsáideoir gnó lena mbaineann;

(d)  is féidir rochtain fhisiciúil a fháil orthu go héasca san áit ina bhfuil siad bunaithe nó in áit chónaithe an úsáideora gnó, nó go cianda trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide;

(e)  tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar gan aon mhoill mhíchuí;

(f)  tá tuiscint leordhóthanach acu ar chaidreamh tráchtála ginearálta gnólacht le gnólacht, rud a thugann deis dóibh cuidiú go héifeachtach leis an iarracht díospóidí a réiteach.

3.  D’ainneoin chineál deonach na hidirghabhála, glacfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála agus úsáideoirí gnó páirt de mheon macánta le linn aon iarrachtaí idirghabhála a sheoltar de bhun an Airteagail seo.

4.  Seasfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne cion réasúnach de chostais uile na hidirghabhála i ngach cás aonair. Cinnfear cion réasúnach de na costais iomlána sin, ar bhonn moladh ón idirghabhálaí, trí ghnéithe ábhartha uile an cháis atá idir lámha a chur san áireamh, go háirithe an fiúntas coibhéiseach atá le héilimh na bpáirtithe sa díospóid, iompar na bpáirtithe, chomh maith le méid agus neart airgeadais na bpáirtithe i gcoibhneas lena chéile. ▌

5.  Aon iarracht chun teacht ar chomhaontú trí bhíthin idirghabhála maidir le réiteach díospóide i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh sí difear do chearta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne agus na n-úsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le himeachtaí breithiúnacha a thionscnamh aon tráth roimh an bpróiseas idirghabhála, lena linn nó ina dhiaidh.

6.  Arna iarraidh sin d’úsáideoir gnó, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne faisnéis a chur ar fáil don úsáideoir gnó, sula rachaidh sé i mbun idirghabhála nó lena linn, maidir le feidhmiú agus éifeachtúlacht na hidirghabhála a bhaineann lena ghníomhaíochtaí.

7.  Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.

Airteagal 13

Idirghabhálaithe speisialaithe

Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne chomh maith leis na heagraíochtaí agus na comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu a spreagadh chun eagraíocht amháin nó níos mó a bhunú ar bhonn aonair nó go comhpháirteach d’fhonn seirbhísí idirghabhála a sholáthar lena gcomhlíonfar na riachtanais a shonraítear in Airteagal 12(2), leis an gcuspóir sonrach réiteach lasmuigh den chúirt a éascú ar dhíospóidí le húsáideoirí gnó, ar díospóidí iad a eascróidh i dtaca le soláthar na seirbhísí sin, agus cineál trasteorann na seirbhísí idirghabhála ar líne á chur san áireamh go háirithe.

Airteagal 14

Imeachtaí breithiúnacha ag eagraíochtaí ionadaíocha nó comhlachais ionadaíocha agus ag comhlachtaí poiblí

1.  Beidh sé de cheart ag eagraíochtaí agus ag comhlachais a bhfuil leas dlisteanach acu in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí gnó nó in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, chomh maith le comhlachtaí poiblí arna gcur ar bun sna Ballstáit, caingean a thabhairt os comhair cúirteanna inniúla náisiúnta san Aontas, i gcomhréir le rialacha dhlí an Bhallstáit ina dtabharfar an chaingean, chun aon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a stopadh nó a chosc.

2.  Spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit chun dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú le Ballstáit eile, bunaithe ar chlárlanna de ghníomhartha neamhdhleathacha a bhí faoi réir orduithe urghaire os comhair cúirteanna naisiúnta, i gcás ina gcuireann comhlachtaí nó údaráis phoiblí ábhartha clárlanna den sórt sin ar bun.

3.  Ní bheidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 ag eagraíochtaí ná comhlachais ach amháin i gcás ina bhfuil na ceanglais uile seo a leanas á gcomhlíonadh acu ▌:

(a)  tá siad bunaithe mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit;

(b)  saothraíonn siad cuspóirí atá ar mhaithe le leasanna coiteanna an ghrúpa soláthraithe gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha ar a ndéanann siad ionadaíocht ar bhonn leanúnach;

(c)  is de chineál neamhbhrabúsach iad;

(d)  níl tionchar míchuí ag aon soláthraithe tríú páirtí maoinithe ar a gcinnteoireacht, go háirithe ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó innill chuardaigh ar líne.

Chun na críche sin, déanfaidh eagraíochtaí nó comhlachais faisnéis maidir lena mballraíocht agus lena foinse maoinithe a nochtadh go hiomlán agus go poiblí.

4.  Sna Ballstáit ina bhfuil na comhlachtaí poiblí ▌ curtha ar bun, beidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 ag na comhlachtaí poiblí sin, i gcás ina gceanglófar orthu leasanna coiteanna úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a chosaint nó comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

5.  Féadfaidh na Ballstáit:

(a)  eagraíochtaí nó comhlachais arna mbunú ina mBallstát agus a chomhlíonann ar a laghad ceanglais mhír 3 arna iarraidh sin do na heagraíochtaí sin nó do na comhlachais sin;

(b)  comhlachtaí poiblí arna gcur ar bun ina mBallstát agus a chomhlíonann ceanglais mhír 4.

a ainmniú dá ndéantar an ceart dá dtagraítear i mír 1 a dheonú. Déanfaidh na Ballstáit ainm agus cuspóir aon eagraíochta, comhlachais nó comhlachta phoiblí ainmnithe den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún.

6.  Tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta de na heagraíochtaí, na comhlachais agus na comhlachtaí poiblí a ainmnítear i gcomhréir le mhr 5. Sonrófar sa liosta sin cuspóir na n-eagraíochtaí sin, na gcomhlachas sin agus na gcomhlachtaí poiblí sin. Foilseofar an liosta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar athruithe ar an liosta sin gan mhoill agus, in aon chás, déanfar liosta nuashonraithe a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach sé mhí.

7.  Glacfaidh an chúirt leis an liosta dá dtagraítear i mír 6 mar chruthúnas ar inniúlacht dhlíthiúil na heagraíochta sin, an chomhlachais sin nó an chomhlachta phoiblí sin, gan dochar do cheart na cúirte scrúdú a dhéanamh i gcás sonrach ar cé acu a bhfuil nó nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil ag an éilitheoir éileamh a dhéanamh.

8.  Má chuireann Ballstát nó an Coimisiún ábhar imní in iúl maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i mír 3 ag eagraíocht nó comhlachas nó maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i mír 4 ag comhlacht poiblí, déanfaidh an Ballstát a d’ainmnigh an eagraíocht, an comhlachas nó an comhlacht poiblí sin i gcomhréir le mír 5 imscrúdú ar an ábhar imní agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an t-ainmniú a chúlghairm i gcás nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir.

9.  Is gan dochar an ceart dá dtagraítear i mír 1 do chearta úsáideoirí gnó agus úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha aon chaingean a thionscnamh os comhair cúirteanna inniúla náisiúnta, i gcomhréir le rialacha dhlí an Bhallstáit ina dtugtar an chaingean sin, atá bunaithe ar chearta aonair agus a bhfuil sé d’aidhm aige aon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne nó ag soláthraithe inneall cuardaigh ar líne a stopadh maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a stopadh.

Airteagal 15

Forfheidhmiú

1.  Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go leormhaith agus go héifeachtach.

2.  Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha ina leagfar amach na bearta is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus áiritheoidh siad go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na bearta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 16

Faireachán

Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, dlúthfhaireachán ar thionchar an Rialacháin seo maidir leis an gcaidreamh idir seirbhísí idirghabhála ar líne agus a úsáideoirí gnó agus idir innill chuardaigh ar líne agus a n-úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha. Chuige sin, baileoidh an Coimisiún faisnéis ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar athruithe sa chaidreamh sin, lena n-áirítear trí staidéir ábhartha a dhéanamh. Cabhróidh na Ballstáit leis an gCoimisiún trí aon fhaisnéis ábhartha a bailíodh, lena n-áirítear faoi chásanna sonracha, a sholáthar, arna iarraidh sin. Féadfaidh an Coimisiún, chun críche an Airteagail seo agus Airteagal 18, féachaint le faisnéis a bhailiú ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne.

Airteagal 17

Cóid iompair

1.  Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, agus eagraíochtaí agus comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, mar aon le húsáideoirí gnó, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha, chun cóid iompair a tharraingt suas arb é is aidhm leo rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus sainairíonna na n-earnálacha éagsúla ina soláthraítear seirbhísí idirghabhála ar líne á gcur san áireamh, mar aon le sainairíonna FBManna.

2.  Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, agus na heagraíochtaí agus na comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, chun cóid iompair a tharraingt suas atá beartaithe go sonrach le rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí Airteagal 5 ▌.

3.  Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe na seirbhísí idirghabhála ar líne chun cóid iompair earnáilsonracha a ghlacadh agus a chur chun feidhme, i gcás inarb ann do na cóid iompair sin agus ina n-úsáidtear go forleathan iad.

Airteagal 18

Athbhreithniú

1.  Faoin ... [18 mí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.  Déanfar an chéad mheastóireacht ar an Rialachán seo, go háirithe, ag féachaint do na nithe seo a leanas:

(a)   measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 3 go 10, chomh maith le tionchar na n-oibleagáidí sin ar gheilleagar na n-ardán ar líne;

(b)  measúnú a dhéanamh ar thionchar agus éifeachtacht aon chód iompair atá bunaithe chun cothroime agus trédhearcacht a fheabhsú;

(c)  imscrúdú tuilleadh a dhéanamh ar na fadhbanna arb é spleáchas na n-úsáideoirí gnó ar sheirbhísí idirghabhála ar líne is cúis leo, agus ar fhadhbanna a eascraíonn as soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a bheith i mbun cleachtais tráchtála éagóracha, agus chun a mhéid a leanann na cleachtais sin de bheith forleathan a chinneadh tuilleadh;

(d)  imscrúdú a dhéanamh i dtaobh an iomaíocht chóir í an iomaíocht idir earraí nó seirbhísí a thairgeann úsáideoir gnó agus earraí nó seirbhísí a thairgeann nó a rialaíonn soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne agus i dtaobh an mbaineann soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne mí-úsáid as sonraí faoi phribhléid ina leith sin;

(e)  measúnú a dhéanamh ar éifeacht an Rialacháin seo maidir le haon mhíchothromaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann sa chaidreamh idir soláthraithe na gcóras oibríochta agus a n-úsáideoirí gnó;

(f)  measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil raon feidhme an Rialacháin, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar “úsáideoir gnó”, oiriúnach sa mhéid nach spreagtar féinfhostaíocht bhréagach leis.

Suífear leis an gcéad mheastóireacht agus leis na cinn ina diaidh sin an bhféadfadh gá a bheith le rialacha breise, lena n-airítear maidir le forfheidhmiú, chun timpeallacht ghnó ar líne atá cóir, intuartha, inbhuanaithe agus iontaofa a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach. Tar éis na meastóireachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith san áireamh leo.

3.  Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha atá acu a éileoidh an Coimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.

4.  Agus an meastóireacht ar an Rialachán seo á déanamh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh, inter alia, na tuairimí agus na tuarascálacha a bheidh curtha faoina bhráid ag grúpa na saineolaithe don Fhaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne. Cuirfidh sé comhthéacs agus feidhmiú aon chóid iompair dá dtagraítear in Airteagal 17 san áireamh freisin, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Beidh feidhm aige ón ... [dhá mhí dhéag tar éis lá a fhoilsithe].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)IO C 440, 6.12.2018, lch. 177.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).
(5)Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(6)Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(7) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(8) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201 , 31.7.2002, lch. 37).
(9)Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(10) Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe den idirghabháil in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 136, 24.5.2008, lch. 3).
(11)Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (IO L 23, 27.1.2010, lch. 37).
(12)Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(13)Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 24 Aibreán 2019Fógra dlíthiúil