Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 4 Aibreán 2019 - Brussels 
Na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin a liostú, a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
 Ceanglais forfheidhmiúcháin agus rialacha sonracha maidir le tiománaithe a phostú san earnáil iompair de bhóthar***I
 Tréimhsí tiomána laethúil agus seachtainiúla, sosanna íosta agus tréimhsí scíthe agus suíomh le tacagraif *** I
 Oiriúnú d’fhorbairt san earnáil iompair de bhóthar ***I
 Comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha ***I
 An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh ***I
 Plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar ***I
 Slándáil cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe arna n-eisiúint do shaoránaigh an Aontais a neartú ***I
 Sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú ***I
 Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) ***I
 Cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí ***I
 Buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit ***I
 Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) ***I
 Ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil ***I
 Faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid ***I
 Plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí ***I
 Íosleibhéal oiliúna do mharaithe ***I
 Coigeartú an réamh-mhaoinithe bhliantúil i gcomhair na mblianta 2021 go 2023 ***I
 Rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach ***I

Na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin a liostú, a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
PDF 172kWORD 55k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas (COM(2018)0745 – C8-0483/2018 – 2018/0390(COD))
P8_TA-PROV(2019)0336A8-0047/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0745),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C8‑/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 2 Aibreán 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0047/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear ▌Rialachán (EU) 2018/1806 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

P8_TC1-COD(2018)0390


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). An 21 Márta 2019, d'aontaigh an Chomhairle Eorpach síneadh a chur leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3), ar choinníoll go ndéanfaidh Teach na dTeachtaí sa Ríocht Aontaithe an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2)('an Comhaontú um Tharraingt Siar') a fhormheas. I gcás nach bhformheasann Teach na dTeachtaí sa Ríocht Aontaithe an Comhaontú um Tharraingt Siar, d'aontaigh an Chomhairle Eorpach síneadh go dtí an 12 Aibreán 2019.

(2)  Faoi Airteagal 21 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3), tá an ceart ag saoránaigh an Aontais gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena n-áirítear an ceart dul isteach ar chríoch na mBallstát gan víosa ná foirmiúlachtaí coibhéiseacha.

(3)  De dheasca tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, scoirfidh na Conarthaí agus Treoir 2004/38/CE, in éineacht leis an gceart dul isteach ar chríoch na mBallstát gan víosa ná foirmiúlachtaí coibhéiseacha, d'fheidhm a bheith acu maidir le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad ▌.Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, an Ríocht Aontaithe a áireamh i gceann amháin de na hiarscríbhinní a ghabhann le ▌Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4). In Iarscríbhinn I, liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh agus, in Iarscríbhinn II, liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.

(4)  Ní cuid den Ríocht Aontaithe é Giobráltar. De bhua Airteagal 355(3) CFAE amháin atá dlí an Aontais infheidhme maidir le Giobráltar a mhéid dá bhforáiltear in Ionstraim Aontachais 1972. Nuair a chuirfear an Ríocht Aontaithe le Cuid 1 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806, ní chumhdófar daoine is saoránaigh de chríocha Briotanacha thar lear a fuair a saoránacht de thairbhe nasc a bheith acu le Giobráltar. Dá bhrí sin, ba cheart Giobráltar a liostáil i dteannta críocha Briotanacha eile thar lear i gCuid 3 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806.

(5)  Na critéir ba cheart a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ▌, ar bhonn measúnú cáis ar chás, cé na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa nó díolmhaithe ón gceanglas sin, leagtar síos iad in Airteagal ▌1 de Rialachán (AE) 2018/1806. Áirítear ar na critéir sin inimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádáil choigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena n-áirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach.

(6)  Ag cur san áireamh na gcritéar uile a liostaítear in Airteagal ▌1 de Rialachán (AE) 2018/1806, is iomchuí náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad a dhíolmhú ón gceanglas víosa agus iad ag taisteal chuig críoch na mBallstát. I ngeall ar an ngaireacht gheografach, an nasc idir na geilleagair, an leibhéal trádála agus méid na ngluaiseachtaí gearrthéarmacha a dhéanann daoine idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas chun críocha gnó, áineasa nó eile, ba cheart, le taisteal gan víosa, an turasóireacht agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascú, rud a bheidh chun tairbhe an Aontais.

(7)  Maidir le saoránaigh Bhriotanacha, ba cheart dá bhrí sin an Ríocht Aontaithe a áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806.

(8)  Tá an Rialachán seo bunaithe ar an tuiscint, ar mhaithe le dlúthchaidreamh a choimeád, go ndeonóidh an Ríocht Aontaithe cómhalartacht iomlán víosaí do náisiúnaigh na mBallstát uile. I gcás ina dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe ceanglas víosa isteach do náisiúnaigh Ballstáit amháin ar a laghad sa todhchaí, ba cheart feidhm a bheith ag an sásra cómhalartachta dá bhforáiltear in ▌Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1806. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún gníomhú gan mhoill chun an sásra cómhalartachta a chur i bhfeidhm. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go leanúnach ar urramú phrionsabal na cómhalartachta agus ba cheart dó Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas láithreach faoi fhorbairtí ar bith a d'fhéadfadh urramú an phrionsabail sin a chur i mbaol.

(9)  Maidir leis an Íoslainn agus leis an ▌Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin ▌le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt(5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle(6).

(10)  Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt(7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointí (B) agus (C) d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle(8).

(11)  Maidir le ▌Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt(9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointí (B) agus (C) d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle(10).

(12)  Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle(11); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(13)  Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle(12); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(14)  Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d'Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(15)  Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(16)  Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/1806 a leasú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 mar a leanas:

(1)  in Airteagal 6(2)], cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):"

"(d) gan dochar do na ceanglais a eascraíonn as an gComhaontú Eorpach maidir le Deireadh a chur le Víosaí do Dhídeanaithe ó Chomhairle na hEorpa a síníodh in Strasbourg ar an 20 Aibreán 1959, dídeanaithe aitheanta agus daoine gan stát agus daoine eile nach bhfuil náisiúntacht aon tíre acu agus a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus a bhfuil doiciméad taistil acu a d'eisigh Éire, ar doiciméad é a aithníonn an Ballstát lena mbaineann.";

"

(2)  i gCuid 1 d'Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas isteach:"

"An Ríocht Aontaithe (ach amháin na náisiúnaigh Bhriotanacha dá dtagraítear i gCuid 3)";

"

(3)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chuid 3 d'Iarscríbhinn II:"

"NÁISIÚNAIGH BHRIOTANACHA NACH SAORÁNAIGH BHRIOTANACHA IAD";

"

(4)  i gCuid 3 d'Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas isteach tar éis na bhfocal "Daoine is saoránaigh de chríocha Briotanacha thar lear (BOTC)":"

"Áirítear sna críocha seo Anguilla, Beirmiúda, Críoch na Breataine san Antartach, Críoch na Breataine san Aigéan Indiach, Ógh-Oileáin na Breataine, Oileáin Cayman, Oileáin Fháclainne, Giobráltar*, Montserrat, Pitcairn, San Héilin, Oileán na Deascabhála agus Trsitan da Cunha, an tSeoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas agus Oileáin na dTurcach agus na gCaiceos.

_____________________________

* Is coilíneacht de chuid Choróin na Breataine é Giobráltar. Tá conspóid ann idir an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe maidir le ceannasacht ar Ghiobráltar, críoch ar gá teacht ar réiteach ina leith i bhfianaise rúin agus cinntí ábhartha ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.”.

"

Airteagal 2

I gcás ina dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe ceanglas víosa isteach do náisiúnaigh Ballstáit amháin ar a laghad, beidh feidhm ag an sásra cómhalartachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1806. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus na Ballstáit gan mhoill chun an sásra cómhalartachta a chur i bhfeidhm.

Airteagal 3

▌Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

▌Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019.
(2) IO C 66I, 19.2.2019, lch. 1.
(3)Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoir 64/221/CEE, Treoir 68/360/CEE, 72/194/CEE, Treoir 73/148/CEE, Treoir 75/34/CEE, Treoir 75/35/CEE, Treoir 90/364/CEE, Treoir 90/365/CEE agus Treoir 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch 77).
(4)Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch 39).
(5)IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(6)Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch 31).
(7)IO L 53, 27.2.2008, lch 52.
(8)Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch 1).
(9)IO L 160, 18.6.2011, lch 21.
(10)Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch 19).
(11)Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch 43).
(12)Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch 20).


Ceanglais forfheidhmiúcháin agus rialacha sonracha maidir le tiománaithe a phostú san earnáil iompair de bhóthar***I
PDF 256kWORD 74k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 maidir le togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/22/CE maidir le ceanglais forfheidhmiúcháin agus lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le hoibrithe a phostú san earnáil iompair de bhóthar(COM(2017)0278 – C8-0170/2017 – 2017/0121(COD))
P8_TA(2019)0339A8-0206/2018

Tá an téacs seo á phróiseáil i gcónaí lena fhoilsiú i do theanga. Tá fáil ar an leagan PDF nó Word ach cliceáil ar an deilbhín thuas ar dheis.


Tréimhsí tiomána laethúil agus seachtainiúla, sosanna íosta agus tréimhsí scíthe agus suíomh le tacagraif *** I
PDF 250kWORD 81k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 maidir le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 i dtaca le híoscheanglais maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla agus, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla agus Rialachán (AE) 165/2014 i dtaca le suíomh le tacagraif (COM(2017)0277 – C8-0167/2017 – 2017/0122(COD))
P8_TA(2019)0340A8-0205/2018

Tá an téacs seo á phróiseáil i gcónaí lena fhoilsiú i do theanga. Tá fáil ar an leagan PDF nó Word ach cliceáil ar an deilbhín thuas ar dheis.


Oiriúnú d’fhorbairt san earnáil iompair de bhóthar ***I
PDF 253kWORD 73k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí san earnáil (COM(2017)0281 – C8-0169/2017 – 2017/0123(COD))
P8_TA(2019)0341A8-0204/2018

Tá an téacs seo á phróiseáil i gcónaí lena fhoilsiú i do theanga. Tá fáil ar an leagan PDF nó Word ach cliceáil ar an deilbhín thuas ar dheis.


Comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha ***I
PDF 195kWORD 56k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/73/CE maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (COM(2017)0660 – C8-0394/2017 – 2017/0294(COD))
P8_TA-PROV(2019)0342A8-0143/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0660),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0394/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Seanad na Fraince, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Aibreán 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 16 Bealtaine 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A8-0143/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/73/CE maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha.

P8_TC1-COD(2017)0294


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Is é is aidhm don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha, atá á chur chun feidhme de réir a chéile ó 1999 i leith, fíor-rogha a thabhairt do chustaiméirí deiridh uile an Aontais, cibé acu saoránaigh nó gnólachtaí iad, mar aon le deiseanna nua gnó, dálaí cóir iomaíochta, praghsanna iomaíocha, comharthaí infheistíochtaí éifeachtúla agus caighdeáin níos airde seirbhíse, agus cuidiú chun cinnteacht an tsoláthair agus an inbhuanaitheacht a áirithiú.

(2)  Chuidigh Treoir 2003/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6), agus Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), go mór chun margadh inmheánach sa ghás nádúrtha a chur ar bun.

(3)  Tá sé mar aidhm ag an Treoir seo dul i ngleic ▌ leis na bacainní atá ar chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha de dheasca rialacha margaidh an Aontais nár comhlíonadh maidir le línte tarchuir gáis go dtí tríú tíortha agus uathu. Beartaítear leis na leasuithe a thugtar isteach leis an Treoir seo a áirithiú go mbeidh na rialacha is infheidhme maidir le línte tarchuir gáis a nascann dhá Bhallstát nó níos mó, go mbeidh siad infheidhme freisin, laistigh den Aontas, maidir le línte tarchuir gáis go dtí tríú tíortha agus uathu. Ar an gcaoi sin, suífear comhsheasmhacht an chreata dhlíthiúil laistigh den Aontas ach seachnófar ag an am céanna saobhadh na hiomaíochta i margadh inmheánach fuinnimh an Aontais agus dochar do chinnteacht an tsoláthair. Ina theannta sin, feabhsófar an trédhearcacht agus soláthrófar deimhneacht dhlíthiúil do rannpháirtithe sa mhargadh, go háirithe infheisteoirí faoi leith sa bhonneagar gáis agus úsáideoirí gréasáin, i dtaca leis an gcóras dlí is infheidhme.

(4)  Chun an t-easnamh i dtaca le rialacha sonracha de chuid an Aontais is infheidhme maidir le línte tarchuir gáis go dtí tríú tíortha agus uathu a chur san áireamh roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann maoluithe ó fhorálacha áirithe de Threoir 2009/73/CE a thabhairt i dtaca le línte tarchuir gáis sin arna gcur i gcrích roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo nó roimh an dáta sin. Ba cheart an dáta ábhartha le haghaidh cur i bhfeidhm samhlacha díchuachta, cé is moite de dhíchuachadh úinéireachta, a oiriúnú i dtaca le línte tarchuir gáis go dtí tríú tíortha agus uathu.

(5)  I dtaca le píblínte a nascann tionscadal do ghineadh ola nó gáis tríú tír le monarcha próiseála nó, le críochfort cósta laistigh de Bhallstát, is mar ghréasáin phíblíne réamhtheachtacha a chaithfear lena leithéid. I dtaca le píblínte a nascann tionscadal do ghineadh ola nó gáis i mBallstát le monarcha próiseála nó, le críochfort cósta laistigh de thríú tír, ní mar ghréasáin phíblíne réamhtheachtacha a chaithfear lena leithéid chun críche na Treorach seo, ós rud é nach dócha go mbeidh tionchar suntasach ag píblínte den sórt sin ar an margadh inmheánach fuinnimh.

(6)  Ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag oibreoirí córais tarchuir comhaontuithe teicniúla a thabhairt i gcrích le hoibreoirí córais tarchuir nó eintitis eile i dtríú tíortha maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú agus idirnascadh na gcóras tarchuir, ar choinníoll go bhfuil ábhar na gcomhaontuithe sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

(7)   Ba cheart comhaontuithe teicniúla maidir le feidhmiú línte tarchuir, idir oibreoirí córais tarchuir nó eintitis eile a bheith i bhfeidhm i gcónaí, ar choinníoll go bhfuil siad i gcomhréir le dlí an Aontais agus cinntí ábhartha an údaráis rialála náisiúnta.

(8)  Nuair atá comhaontuithe teicniúla den sórt sin i bhfeidhm, ní cheanglaítear leis an Treoir seo go dtabharfaí comhaontú idirnáisiúnta i gcrích idir Ballstát agus tríú tír ná comhaontú idir an tAontas agus tríú tír maidir le hoibriú líne tarchuir gáis lena mbaineann.

(9)  Bainfidh infheidhmeacht Threoir 2009/73/CE le línte tarchuir gáis go dtí tríú tíortha agus uathu le críoch na mBallstát amháin i gcónaí. Maidir le línte tarchuir gáis amach ón gcósta, ba cheart Treoir 2009/73/CE a bheith infheidhme maidir le huiscí teorann an Bhallstáit ina bhfuil an chéad phointe idirnaisc chuig gréasán an Bhallstáit eile.

(10)  Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ann do chomhaontuithe reatha a tugadh i gcrích idir Ballstát agus tríú tír maidir le hoibriú líne tarchuir fanacht i bhfeidhm, i gcomhréir leis an Treoir seo.

(11)  Maidir le comhaontuithe nó codanna de na comhaontuithe sin le tríú tíortha a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar rialacha comhchoiteanna an Aontais, ba cheart nós imeachta comhtháite agus trédhearcach a bhunú chun údarú a thabhairt do Bhallstát, arna iarraidh sin dó, comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú, a athnuachan nó a thabhairt i gcrích le tríú tír maidir le hoibriú líne tarchuir nó hoibriú ghréasán na píblíne réamhtheachtaí idir an Ballstát agus tríú tír. Níor cheart go gcuirfeadh an nós imeachta moill ar chur chun feidhme na Treorach seo, níor cheart go ndéanfadh sé dochar do leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, agus ba cheart feidhm a bheith aige maidir le comhaontuithe atá ann cheana féin agus do chomhaontuithe nua.

(12)  Más rud é gur léir go dtagann ábhar an chomhaontaithe i bpáirt faoi inniúlacht an Aontais agus i bpáirt faoi inniúlacht Ballstáit, is den ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh dlúthchomhar idir an Ballstát sin agus institiúidí an Aontais.

(13)  Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2015/703 ón gCoimisiún(8), Rialachán (AE)2017/459 ón gCoimisiún(9), Cinneadh 2012/409/AE ón gCoimisiún(10), mar aon le Caibidlí III, V, VI agus IX, agus Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2017/460 ón gCoimisiún(11) maidir le pointí isteach-amach chuig an tríú tír agus ar ais, faoi réir chinntí ábhartha an údaráis rialála náisiúnta, agus tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 312/2014 ón gCoimisiún(12) maidir le criosanna cothromúcháin laistigh de theorainneacha an Aontais amháin.

(14)   D'fhonn cinntí a ghlacadh lena gceadaítear nó lena ndiúltaítear do Bhallstáit comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú nó a athnuachan, nó a thabhairt i gcrích le tríú tír, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13).

(15)   Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon comhsheasmhacht an chreata dhlíthiúil laistigh den Aontas a bhunú agus saobhadh na hiomaíochta i margadh inmheánach fuinnimh an Aontais a sheachaint, a ghnóthú ina n-aonar agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(16)   I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin(14), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de Threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.

(17)  Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/73/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2009/73/CE

Leasaítear Treoir 2009/73/CE mar a leanas:

(1)  in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (17):"

"(17) ciallaíonn 'idirnascaire' líne tharchuir a thrasnaíonn teorainn nó a shíneann thar theorainn idir Ballstáit chun críche córas tarchuir náisiúnta na mBallstát sin a nascadh nó líne tharchuir idir Ballstát agus tríú tír chomh fada le críoch an Bhallstáit sin nó chomh fada le huiscí teorann an Bhallstáit sin;”;

"

(2)  leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)  i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"

"8. Sa chás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar an 3 Meán Fómhair 2009, féadfaidh Ballstát a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm. Maidir leis an gcuid sin den chóras tarchuir a nascann Ballstát le tríú tír idir críoch an Bhallstáit sin agus an chéad phointe nasctha chuig gréasán an Bhallstáit sin, sa chás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar an [dáta theacht i bhfeidhm na treorach leasaithí seo], féadfaidh Ballstát a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm.

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:"

"9. Sa chás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar an 3 Meán Fómhair 2009 agus i gcás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar an 8 Samhain 2017 agus go bhfuil socruithe i bhfeidhm a ráthóidh neamhspleáchas níos éifeachtaí oibreoir an chórais tarchuir i gcomparáid le forálacha Chaibidil IV, féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh gan mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

Maidir leis an gcuid sin den chóras tarchuir a nascann Ballstát le tríú tír idir críoch an Bhallstáit sin agus an chéad phointe nasctha chuig gréasán an Bhallstáit sin, más rud é gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir agus go bhfuil socruithe i bhfeidhm a ráthóidh neamhspleáchas níos éifeachtaí oibreoir an chórais tarchuir i gcomparáid le forálacha Chaibidil IV ar an… [dáta theacht i bhfeidhm na treorach leasaithí seo], féadfaidh an Ballstát sin cinneadh a dhéanamh gan mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.";

"

(3)  in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d'Airteagal 14:"

"1. Sa chás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar an 3 Meán Fómhair 2009, féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh gan Airteagal 9(1) a chur i bhfeidhm, agus oibreoir córais neamhspleách a ainmniú ar mholadh ó úinéir an chórais tarchuir.

Maidir leis an gcuid sin den chóras tarchuir a nascann Ballstát le tríú tír idir críoch an Bhallstáit sin agus an chéad phointe nasctha chuig gréasán an Bhallstáit sin, sa chás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar… [dáta theacht i bhfeidhm na treorach leasaithí seo], féadfaidh an Ballstát sin cinneadh a dhéanamh gan Airteagal 9(1) a chur i bhfeidhm agus oibreoir córais neamhspleách a ainmniú ar mholadh ó úinéir an chórais tarchuir.

Beidh ainmniú oibreoir córais neamhspleách faoi réir formheas ón gCoimisiún.";

"

(4)  in Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

"4. I gcás ina mbeidh díospóidí trasteorann ann, cuirfear i bhfeidhm na socruithe um réiteach díospóide don Bhallstát ag a bhfuil dlínse ar ghréasán na píblíne réamhtheachtaí a dhiúltaíonn an rochtain. I gcás ina gcumhdaíonn níos mó ná Ballstát amháin an gréasán lena mbaineann i ndíospóidí trasteorann, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile d'fhonn a áirithiú go gcuirfear forálacha na Treorach seo i bhfeidhm go comhsheasmhach. I gcás ina dtagann gréasán na píblíne réamhtheachtaí as tríú tír agus go ndéanann sí nasc le Ballstát amháin, ar a laghad ▌, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile agus rachaidh an Ballstát ina bhfuil an chéad phointe isteach chuig gréasán an Bhallstáit eile i gcomhairle leis ▌ an tríú tír lena mbaineann as a dtagann gréasán na píblíne réamhtheachtaí, d'fhonn a áirithiú, ó thaobh an ghréasáin lena mbaineann, go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm go comhsheasmhach ar chríoch na mBallstát.";

"

(5)  leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

(a)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):"

"(e) níor cheart don díolúine dochar a dhéanamh don iomaíocht sna margaí ábhartha ar dócha go ndéanfadh an infheistíocht difear dóibh, d'fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha, d'fheidhmiú éifeachtach na gcóras rialáilte lena mbaineann, nó do shlándáil an tsoláthair gáis nádúrtha san Aontas.";

"

(b)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

“3. Féadfaidh an t-údarás rialála dá dtagraítear i gCaibidil VIII, ar bhonn gach cáis ar leith, cinneadh a dhéanamh maidir leis an díolúine dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Sula nglacfar an cinneadh maidir leis an díolúine, rachaidh an t-údarás rialála náisiúnta, nó i gcás inarb iomchuí údarás inniúil eile an Bhallstáit sin, i gcomhairle leis na húdaráis seo a leanas:

   (a) údaráis rialála náisiúnta na mBallstát ar dócha a ndéanfaidh an bonneagar nua difear dóibh; agus
   (b) údaráis ábhartha na dtríú tíortha, i gcás ina bhfuil an bonneagar i dtrácht nasctha le gréasán an Aontais faoi dhlínse Ballstáit, agus go dtagann sé nó go gcríochnaíonn sé i dtríú tír amháin nó níos mó.

I gcás ina ndeachthas i gcomhairle le húdaráis tríú tíortha, agus sa chás nach bhfreagraíonn siad den chomhairliúchán laistigh de thréimhse réasúnta ama nó den spriocdháta a leagtar síos nach faide ná trí mhí é, féadfaidh an t-údarás rialála naisiúnta lena mbaineann an cinneadh is gá a ghlacadh.";

"

(c)  i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"

"I gcás ina dtagann na húdaráis rialála uile lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis an iarraidh ar dhíolúine laistigh de shé mhí ón dáta a bhfuair an t-údarás rialála deireanach é, cuirfidh siad an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir lena gcinneadh. I gcás gur líne tharchuir idir Ballstát agus tríú tír an bonneagar lena mbaineann, sula nglacfar cinneadh, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta, nó i gcás inarb iomchuí, údarás inniúil eile de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an chéad phointe idirnaisc chuig gréasán an Bhallstáit eile, dul i gcomhairle le húdarás ábhartha na tríú tíre sin sula nglacfar cinneadh, d'fhonn a áirithiú, maidir leis an mbonneagar lena mbaineann, go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm go comhsheasmhach i gcríoch an Bhallstáit agus, i gcás inarb infheidhme, in uiscí teorann an Bhallstáit sin. I gcás ina ndeachthas i gcomhairle le húdarás an tríú tír, agus sa chás nach bhfreagraíonn sé don chomhairliúchán laistigh de thréimhse réasúnta ama nó an laistigh de spriocdháta nach faide ná trí mhí é, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann an cinneadh is gá a ghlacadh.";

"

(6)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c), i mír 1, d'Airteagal 41:"

"(c) comhoibriú le húdarás rialála nó le húdaráis rialála na mBallstát lena mbaineann agus leis an nGníomhaireacht i ndáil le saincheisteanna trasteorann ▌. I dtaca le bonneagar go dtí tríú tíortha agus uathu, féadfaidh údarás rialála an Bhallstáit ina bhfuil an chéad phointe idirnaisc chuig gréasán an Bhallstáit oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha na tríú tíre tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis rialála na mBallstát eile lena mbaineann, ar mhaithe le, ó thaobh an bhonneagair seo de, an Treoir seo a chur i bhfeidhm i gcríoch na mBallstát;";

"

(7)  in Airteagal 42, cuirtear an mhír seo a leanas leis:"

"6. Féadfaidh na húdaráis rialála, nó, i gcás inarb iomchuí, údaráis inniúla eile, dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha tríú tíortha agus oibreoidh siad i gcomhar leo maidir le bonneagar gáis a oibriú go dtí tríú tíortha agus uathu d'fhonn a áirithiú, maidir leis an mbonneagar lena mbaineann, go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm go comhsheasmhach i gcríoch agus in uiscí teorann Ballstáit.";

"

(8)   cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

"Airteagal 48a

Comhaontuithe teicniúla maidir le feidhmiú línte tarchuir

Ní dhéanann an Treoir seo difear do shaoirse oibreoirí an chórais tarchuir ná d'oibreoirí eacnamaíocha eile a choimeád i bhfeidhm nó comhaontuithe teicniúla maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú línte tarchuir idir Ballstát agus tríú tír a thabhairt i gcrích, a mhéid atá na comhaontuithe sin i gcomhréir le dlí an Aontais agus iad ag luí le cinntí ábhartha údaráis rialála náisiúnta na mBallstát lena mbaineann. Cuirfear údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann ar an eolas maidir leis na comhaontuithe sin.";

"

(9)   cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:"

"Airteagal 49a

Maolú maidir le línte tarchuir go dtí tríú tíortha agus uathu

1.  Maidir leis na línte tarchuir gáis idir Ballstát agus tríú tíortha arna gcur i gcrích roimh an [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], féadfaidh an Ballstát ina bhfuil an chéad phointe nasctha leis an líne tharchuir sin le gréasán Ballstáit cinneadh a dhéanamh maolú ó Airteagail 9, 10, 11 agus 32 agus ó Airteagal 41(6), (8) agus (10) do na codanna de sin ina bhfuil líne tharchuir gáis ina chríoch agus ina uiscí teorann, ar chúiseanna oibiachtúla amhail trí aisghabháil an infheistíocht a rinneadh a éascú nó ar chúiseanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair, ar choinníoll nach ndéanfadh an maolú dochar do chumas iomaíochta ná d'fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh don ghás nádúrtha, ná do shlándáil an tsoláthair san Aontas.

Beidh teorainn ama leis an maolú sin suas go dtí 20 bliain bunaithe ar údar oibiachtúil, tréimhse is féidir a athnuachan má bhíonn údar leis sin agus féadfaidh sé bheith faoi réir coinníollacha a chuideoidh chun na dálaí thuas a bhaint amach.

Ní bheidh na maoluithe sin infheidhme maidir le línte tarchuir idir Ballstát agus tríú tír a bhfuil sé d'oibleagáid air an Treoir seo a thrasuí agus a chuireann an Treoir seo chun feidhme go héifeachtach ina dhlíchóras faoi chomhaontú arna thabhairt i gcrích leis an Aontas.

2.  I gcás ina bhfuil an líne tharchuir gáis lena mbaineann suite i gcríoch níos mó ná Ballstát amháin, is é an Ballstát ina bhfuil an chéad phointe nasctha ina chríoch chuig gréasán na mBallstát a dhéanfaidh cinneadh maidir le maolú i dtaca leis an líne tharchuir gáis sin a dheonú tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit uile lena mbaineann.

Ar iarraidh ó na Ballstáit lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh gníomhú mar bhreathnóir i gcomhairliúchán idir an Ballstát a bhfuil an chéad phointe nasctha ar a chríoch agus an tríú tír a bhaineann le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na Treorach seo i gcríoch agus in uiscí teorann an Bhallstáit ina bhfuil an chéad phointe idirnaisc suite, lena n-áirítear díolúintí a dheonú i ndáil le línte tarchuir den sórt sin.

3.  Glacfar cinntí de bhun mhíreanna 1 agus 2 faoin... [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi aon chinntí den sórt sin don Choimisiún agus foilseoidh siad iad.

Airteagal 49b

Nós imeachta cumhachtaithe

1.   Gan dochar d'oibleagáidí eile faoi dhlí an Aontais, agus do leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, féadfar na comhaontuithe atá ann cheana féin idir Ballstát agus tríú tír maidir le líne tharchuir nó gréasán na píblíne réamhtheachtaí a oibriú agus a choimeád i bhfeidhm go dtí go mbeidh comhaontú a dhéanfar ina dhiaidh sin idir an tAontas agus an tríú tír chéanna sin i bhfeidhm nó go dtí go mbeidh an nós imeachta faoi mhíreanna 2 go 15 den Airteagal seo i bhfeidhm.

2.   Gan dochar do leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, i gcás ina mbeidh sé ar intinn ag Ballstát dul i mbun caibidlíochta le tríú tír d'fhonn comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú, a athnuachan nó a thabhairt i gcrích, maidir le líne tharchuir a oibriú le tríú tír i dtaca le nithe a thagann, go hiomlán nó i bpáirt, laistigh de raon feidhme na Treorach seo, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoina intinn i scríbhinn.

Áireofar san fhógra sin an doiciméadacht ábhartha agus léiriú ar na forálacha a dtabharfar aghaidh orthu sa chaibidlíocht nó atá le hathchaibidliú, cuspóirí na caibidlíochta agus aon fhaisnéis ábhartha ar bith eile agus tarchuirfear an méid sin ar fad chuig an gCoimisiún, cúig mhí, ar a laghad, roimh an dáta atá beartaithe tús a chur leis an gcaibidlíocht.

3.   De bhun aon fhógra a fháil de bhun mhír 2, tabharfaidh an Coimisiún údarú don Bhallstát lena mbaineann, dul i mbun caibidlíochta foirmiúla le tríú tír maidir leis an gcuid a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais ach i gcás ina measann sé – dá rachfaí i mbun na caibidlíochta sin:

   (a) bheadh an méid sin ar neamhréir le dlí an Aontais seachas na neamhluithe a eascraíonn as leithdháileadh inniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit;
   (b) dhéanfaí dochar d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha, d'iomaíocht, nó do shlándáil an tsoláthair i mBallstát nó san Aontas;
   (c) bhainfí an bonn ó chuspóirí na caibidlíochta atá ar feitheamh maidir leis na comhaontuithe idir-rialtasacha atá ag an Aontas le tríú tír;
   (d) bheadh an méid sin idirdhealaitheach.

4.   Agus an measúnú á dhéanamh faoi mhír 3, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an mbaineann an comhaontú atá beartaithe le líne tharchuir nó le píblíne réamhtheachtach a rannchuidíonn le héagsúlú soláthairtí agus soláthróirí gáis nádúrtha trí bhíthin foinsí nua gáis nádúrtha.

5.   Laistigh de 90 lá ón tráth a bhfaighfear an fógra iarrata dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena dtabharfar údarú nó lena ndiúltófar údarú do Bhallstát dul i mbun caibidlíochta d'fhonn comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú, nó a athnuachan nó a thabhairt i gcrích le tríú tír. Sa chás go mbeidh gá le faisnéis bhreise le cinneadh a ghlacadh, rithfidh an tréimhse 90 lá sin ón dáta a bhfaighfear an fhaisnéis bhreise sin.

6.   I gcás go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh lena ndiúltófar údarú a thabhairt do Bhallstát dul i mbun caibidlíochta d'fhonn comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú, nó a athnuachan nó a thabhairt i gcrích le tríú tír de bhun mhír 5, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus tabharfaidh sé na cúiseanna a bhí leis sin.

7.   Glacfar cinntí lena dtabharfar údarú nó lena ndiúltófar údarú do Bhallstát dul i mbun caibidlíochta d'fhonn comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú, nó a athnuachan nó a thabhairt i gcrích le tríú tír, trí bhíthin cinntí cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

8.   Féadfaidh an Coimisiún treoir a sholáthar agus féadfaidh sé a iarraidh go gcuirfear clásail ar leith isteach sa chomhaontú atá beartaithe d'fhonn comhréireacht le dlí an Aontais a áirithiú i gcomhréir le Treoir (AE) 2017/684 o Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**.

9.   Coinneofar an Coimisiún ar an eolas faoi dhul chun cinn agus torthaí na caibidlíochta maidir le comhaontú a leasú, a shíneadh, a oiriúnú, a athnuachan nó a thabhairt i gcrích ó chéim go céim, agus féadfaidh sé rannchuidiú sa chaibidlíocht idir an Ballstát agus an tríú tír a iarraidh i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/684.

10.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cinntí a glacadh de bhun mhír 5.

11.   Sula síneoidh sé comhaontú le tríú tír, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le toradh na gcaibidlíochtaí agus déanfaidh sé téacs an chomhaontaithe chaibidlithe a tharchur chuig an gCoimisiún.

12.   Chomh luath agus a gheobhaidh sé fógra de bhun mhír 11, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcomhaontú caibidlithe de bhun mhír 3. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún go bhfuil comhaontú ann mar thoradh ar na caibidlíochtaí agus go bhfuil sé i gcomhréir le mír 3, tabharfaidh sé údarú don Bhallstát an comhaontú a shíniú agus a thabhairt i gcrích.

13.   Laistigh de 90 lá ón tráth a bhfaighfear an iarraidh dá dtagraítear i mír 11, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena dtabharfar údarú nó lena ndiúltófar údarú don Bhallstát an comhaontú le tríú tír a shíniú agus a thabhairt i gcrích, nó cinneadh maidir le diúltú do Bhallstát an comhaontú le tríú tír a shíniú agus a thabhairt i gcrích. I gcás inar gá faisnéis bhreise le cinneadh a ghlacadh, tosóidh an tréimhse 90 lá ón dáta a bhfaightear an fhaisnéis bhreise sin.

14.   I gcás ina nglacann an Coimisiún cinneadh de bhun mhír 13, lena n-údarófar do Bhallstát an comhaontú le tríú tír a shíniú agus a thabhairt i gcrích, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le tabhairt i gcrích agus teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe, agus maidir le haon hathruithe sin a dhéanfar ar stádas an chomhaontaithe sin dá éis sin.

15.   I gcás go nglacann an Coimisiún cinneadh lena ndiúltófar údarú a thabhairt do Bhallstát an comhaontú le tríú tír a shíniú agus a thabhairt i gcrích de bhun mhír 13, cuirfidh sé an an Bhallstát lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus tabharfaidh sé na cúiseanna a bhí leis sin.

________________

* Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra a bhunú chun eolas a mhalartú i ndáil le comhaontuithe idir-rialtasacha agus ionstraimí neamhcheangailteacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha i réimse an fhuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 994/2012/EU (IO L 99, 12.4.2017, lch. 1).".

"

Airteagal 2

Trasuí

1.  Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialúcháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin… [naoi mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], gan dochar d'aon mhaolú a d'fhéadfadh a bheith ann de bhun Airteagal 49a de Threoir 2009/73/CE. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bheidh oibleagáid ar Bhallstáit thalamhiata nach bhfuil aon teorainneacha geografacha ná aon línte tarchuir acu le tríú tíortha, na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bheidh sé d'oibleagáid ar an gCipir ná ar Mhálta, mar thoradh ar a suíomh geografach, na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm a fhad is nach bhfuil acu aon bhonneagair a nascann iad le tríú tíortha, lena n-áirítear gréasáin phíblíne réamhtheachtacha.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 262, 25.7.2018, lch. 64.
(2) IO C 361, 5.10.2018, lch. 72.
(3)IO C 262, 25.7.2018, lch. 64.
(4)IO C 361, 5.10.2018, lch. 72.
(5)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019.
(6)Treoir 2003/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (IO L 176, 15.7.2003, lch. 57).
(7)Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).
(8) Rialachán ón gCoimisiún (AE) 2015/703 an 30 Aibreán 2015 lena mbunaítear Cód Gréasáin maidir le hidir-inoibritheacht agus rialacha maidir le malartú sonraí (IO L 113, 1.5.2015, lch. 13).
(9)Rialachán ón gCoimisiún (AE) 2017/459 an 16 Márta 2017 lena mbunaítear cód gréasáin maidir le sásraí leithdháilte acmhainneachta i gcórais tarchuir gáis agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 984/2013 (IO L 72, 17.3.2017, lch. 1).
(10)Cinneadh ón gCoimisiún 2012/490/AE an 24 Lúnasa 2012 lena leasaítear Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha (IO L 231, 28.8.2012, lch. 16).
(11)Rialachán ón gCoimisiún (AE) 2017/460 an 16 Márta 2017 lena mbunaítear cód gréasáin maidir le struchtúir chomhchuibhithe do tharaifí tarchuir gáis (IO L 72, 17.3.2017, lch. 29).
(12)Rialachán ón gCoimisiún (AE) Uimh 312/2014 an 26 Márta 2014 lena mbunaítear an Cód Gréasáin maidir le Cothromú Gáis ar na gréasáin tarchuir gáis nádúrtha (IO L 72, 17.3.2017, lch. 29).
(13)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(14) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh ***I
PDF 452kWORD 180k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2018)0390 – C8-0270/2018 – 2018/0210(COD))
P8_TA(2019)0343A8-0176/2019

Tá an téacs seo á phróiseáil i gcónaí lena fhoilsiú i do theanga. Tá fáil ar an leagan PDF nó Word ach cliceáil ar an deilbhín thuas ar dheis.


Plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar ***I
PDF 241kWORD 91k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar (COM(2018)0115 – C8-0104/2018 – 2018/0050(COD))
P8_TA-PROV(2019)0344A8-0005/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0115),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0104/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach agus don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0005/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar aon leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

P8_TC1-COD(2018)0050


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  I gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige, a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, déantar foráil maidir le hoibleagáidí caomhnaithe, lena n-áirítear an líon speiceas atá á saothrú a choinneáil ar leibhéil nó a thabhairt ar ais chuig leibhéil ar ar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach.

(2)  Ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe a tionóladh i Nua-Eabhrac in 2015, gheall an tAontas agus a Bhallstáit go ngníomhóidís faoi 2020 chun saothrú an éisc a rialú go héifeachtach, chun cosc a chur leis an ró-iascaireacht, an iascaireacht neamhdhleathach, an iascaireacht neamhthuairiscithe, an iascaireacht neamhrialáilte, mar aon le cleachtais iascaireachta dhíobhálacha, agus chun pleananna bainistithe eolaíochtbhunaithe a chur chun feidhme chun stoic éisc a athbhunú, a luaithe is féidir, chuig na leibhéil sin lenar féidir MSY a tháirgeadh ar a laghad, arna gcinneadh ag a saintréithe bitheolaíocha.

(3)  Leis an dearbhú MedFish4Ever ó Chomhdháil na nAirí i Málta an 30 Márta 2017(4), leagtar síos creat do rialachas na hiascaireachta sa Mheánmhuir agus soláthraítear clár oibre ar a bhfuil cúig ghníomhaíocht nithiúla do na deich mbliana amach romhainn. Ceann de na gealltanais a rinneadh is ea pleananna ilbhliantúla a chur ar bun.

(4)  Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) rialacha an chomhbheartais iascaigh (CBI) i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Is ann do CBI chun cur le cosaint na muirthimpeallachta, le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar na speicis uile sin a ndéantar saothrú tráchtála orthu, agus go háirithe le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020.

(5)  Is iad cuspóirí CBI, inter alia, a áirithiú go ndéanfar iascaireacht agus dobharshaothrú a bheidh inbhuanaithe san fhadtéarma go sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil agus an gheilleagair de, go mbeidh cur chuige an réamhchúraim á chur i bhfeidhm i ndáil le bainistiú iascaireachta agus go mbeidh cur chuige bunaithe ar an éiceachóras á chur chun feidhme i ndáil le bainistiú iascaireachta. Cuireann CBI le caighdeán cothrom maireachtála don earnáil iascach freisin, lena n-áirítear an earnáil iascaireachta ar mhionscála, ceirde nó cósta. Cabhraítear, trí na cuspóirí sin a bhaint amach, le hinfhaighteacht soláthairtí bia agus cuirtear sochair fostaíochta ar fáil.

(6)  D'fhonn cuspóirí CBI a bhaint amach, ba cheart roinnt beart caomhnaithe amhail pleananna ilbhliantúla agus bearta teicniúla chomh maith le socrú agus leithdháileadh na huasiarrachta iascaireachta incheadaithe a ghlacadh.

(7)  De bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh gach plean ilbhliantúil bunaithe ar chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch. I gcomhréir leis na forálacha sin, ba cheart a bheith sa phlean ilbhliantúil a bhunaítear leis an Rialachán seo ("an plean") cuspóirí, spriocanna inchainníochtaithe a bhfuil amchláir shoiléire ag gabháil leo, pointí tagartha caomhnaithe, coimircí agus bearta teicniúla arna gceapadh chun laghdú a dhéanamh ar ghabhálacha de thaisme.

(8)  Ba cheart a thuiscint le "an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil" go ndéantar tagairt do chomhairle eolaíoch a bhfuil teacht ag an bpobal uirthi agus a dtugtar tacaíocht di leis na sonraí eolaíocha agus na modhanna eolaíocha is nua-aimseartha dá bhfuil ann agus atá eisithe nó athbhreithnithe ag comhlacht eolaíoch neamhspleách a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(9)  Ba cheart teacht a bheith ag an gCoimisiún ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil maidir leis na stoic éisc a thagann faoi raon feidhme an phlean. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún go háirithe dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI). Ba cheart, go háirithe, teacht a bheith ag an gCoimisiún ar chomhairle eolaíoch atá ar fáil don phobal, lena n-áirítear comhairle maidir le hiascaigh ilspeiceas, lena gcuirtear san áireamh an plean agus lena léirítear raonta FMSY agus pointí tagartha caomhnaithe (BPA agus BLIM).

(10)  Le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle(6), bunaítear creat bainistithe do shaothrú inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir agus ceanglaítear leis go nglacfar pleananna bainistithe d'iascaigh ina mbaintear úsáid as tráil, saighní báid, saighní cladaigh, eangacha timpeallaithe agus dreidirí in uiscí teorann na mBallstát.

(11)  Tá pleananna bainistithe glactha ag an bhFrainc, an Iodáil agus an Spáinn faoi Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006. Tá easpa comhsheasmhachta idir na pleananna sin, áfach, agus ní chuirtear san áireamh sna pleananna na trealaimh ar fad lena saothraítear stoic ghrinnill agus an dáileadh traslimistéir maidir le stoic agus cabhlaigh iascaireachta áirithe. Anuas air sin, léiríodh go raibh na pleananna sin neamhéifeachtach maidir le cuspóirí CBI a bhaint amach. Tá sé curtha in iúl ag na Ballstáit agus ag geallsealbhóirí go bhfuil siad i bhfách le plean ilbhliantúil a cheapadh agus a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais Eorpaigh do na stoic lena mbaineann.

(12)  Maidir le saothrú cuid mhór de na stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar, tá sé léirithe ag CETEI go sáraíonn an saothrú sin go mór na leibhéil a theastaíonn chun MSY a bhaint amach.

(13)  Is iomchuí, mar sin, plean ilbhliantúil a chur ar bun chun stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe.

(14)  Sa phlean sin, ba cheart a chur san áireamh gur iascaigh ilspeiceas iad na hiascaigh agus go mbíonn dinimic ann idir na stoic éisc dá bharr, i.e an colmóir (Merluccius merluccius), an lannach riabhach (Mullus barbatus), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) agus an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea). Ba cheart freisin speicis foghabhála a ghabhtar in iascaigh ghrinnill agus stoic ghrinnill nach bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil ina leith a chur san áireamh sa phlean. Ba cheart feidhm a bheith ag an bplean maidir le hiascaireacht ghrinnill a dhéantar in uiscí an Aontais nó a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais lasmuigh d'uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar, go háirithe i gcás ina n-úsáidtear tráil, eangacha grinnill, gaistí agus spiléir.

(15)  I gcás ina mbeidh mórthionchar ag básmhaireacht arb í iascaireacht áineasa is cúis léi ar na stoic lena mbaineann, ba cheart don Chomhairle bheith in ann teorainneacha neamh-idirdhealaitheacha a leagan síos d'iascairí áineasa. Ba cheart don Chomhairle tagairt a dhéanamh do chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla agus teorainneacha mar sin á leagan síos aici. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit na bearta comhréireacha is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar shonraí agus chun sonraí a bhailiú ar mhaithe le meastachán iontaofa a dhéanamh ar leibhéil ghabhála áineasa iarbhír. Thairis sin, ba cheart é a bheith indéanta bearta caomhnaithe teicniúla a ghlacadh a mhéid a bhaineann le hiascaigh áineasa.

(16)  Ba cheart raon feidhme geografach an phlean a bheith bunaithe ar dháileadh geografach na stoc de réir mar a léirítear é sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil. D'fhéadfaí gur gá athruithe a dhéanamh ar dháileadh geografach na stoc éisc mar a leagtar amach sa phlean é de bharr feabhas a bheith ag teacht ar an bhfaisnéis eolaíoch. Ar an ábhar sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gcoigeartaítear dáileadh geografach na stoc éisc a leagtar amach sa phlean i gcás inar léir ó chomhairle eolaíoch go bhfuil athrú ar dháileadh geografach na stoc éisc ábhartha.

(17)  Ba cheart gurb é cuspóir an phlean rannchuidiú le cuspóirí CBI a bhaint amach agus, go háirithe, chun MSY a shroicheadh agus a choinneáil i gcás na spriocstoc éisc, chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás stoic ghrinnill agus foghabhálacha peiligeacha a ghabhtar in iascaigh ghrinnill atá faoi réir íosmhéid tagartha caomhnaithe a chur chun feidhme, agus chun caighdeán cothrom maireachtála a chur chun cinn dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus aird á tabhairt ar iascaigh chósta agus ar ghnéithe socheacnamaíocha. Leis an bplean, ba cheart cur chuige a chur chun feidhme freisin bunaithe ar éiceachóras i dtaca le bainistiú iascaigh chun tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a laghdú a oiread is féidir. Ba cheart é a bheith i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoin mbliain 2020, i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), agus cuspóirí Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) agus Threoir 92/43/CEE ón gComhairle(9).

(18)  Is iomchuí spriocbhásmhaireacht iascaireachta (F), a chomhfhreagraíonn don chuspóir MSY a shroicheadh agus a choinneáil, a shocrú mar raonta luachanna atá comhsheasmhach le huastáirgeacht inbhuanaithe MSY (FMSY), a bhaint amach. Is gá na raonta sin, agus iad bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, chun an tsolúbthacht a sholáthar chun forbairtí sa chomhairle eolaíoch a chur san áireamh, chun rannchuidiú le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus chun iascaigh mheasctha a chur san áireamh. Bunaithe ar an bplean sin, ceaptar na raonta sin chun laghdú nach mó ná 5 % i dtáirgeacht fhadtéarmach a dhéanamh i gcomparáid le MSY. Anuas air sin, cuirtear uasteorainn le raon FMSY, ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoin bpointe tagartha teorann i dtaca le bithmhais (BLIM).

(19)  Chun críche uasiarracht iascaireachta incheadaithe a shocrú, ba cheart raonta FMSY a bheith ann maidir le "gnáthúsáid" agus, faoi réir dhea-stádas na stoc lena mbaineann,ba cheart go bhféadfaí uasiarracht iascaireachta incheadaithe a shocrú os cionn na raonta FMSY sin don stoc is leochailí más amhlaidh, ar bhonn comhairle eolaíoch, gur gá sin a dhéanamh chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach in iascaigh ilspeiceas nó chun díobháil a dhéantar do stoc éisc de bharr dinimic stoic laistigh den aon speiceas amháin nó idir speicis dhifriúla a sheachaint, nó chun na héagsúlachtaí ó bhliain go bliain san uasiarracht iascaireachta incheadaithe a theorannú. Ba cheart spriocbhásmhaireacht iascaireachta i gcomhréir leis na raonta FMSY sin a bhaint amach de réir a chéile ar bhonn forásach faoi 2020 i gcás inar féidir, agus faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí.

(20)  I gcás stoic a bhfuil spriocanna maidir le MSY ar fáil ina leith, is gá, chun críche coimircí a chur i bhfeidhm, pointí tagartha caomhnaithe, arna sloinneadh i dtéarmaí pointí tagartha réamhchúraim (BPA) agus pointí tagartha teorann (BLIM), a bhunú.

(21)  Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le coimircí iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach na spriocanna agus, i gcás inar gá sin, chun bearta ceartaitheacha a ghníomhachtú inter alia i gcás ina dtitfidh stoic faoi bhun na bpointí tagartha caomhnaithe. Ba cheart a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin bearta éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, uasiarracht iascaireachta incheadaithe agus bearta sonracha caomhnaithe eile.

(22)  Chun a áirithiú go mbeidh teacht ar iascaigh ar dhóigh thrédhearcach agus go mbainfear amach spriocbhásmhaireacht iascaireachta, ba cheart córas iarrachta iascaireachta a ghlacadh i dtaca le tráil arb é an príomhthrealamh é a úsáidtear chun stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar a shaothrú. Chuige sin, is iomchuí grúpaí iarrachta iascaireachta a shocrú chun gur féidir leis an gComhairle uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhunú, arna sloinneadh i dtéarmaí líon na laethanta iascaireachta, ar bhonn bliantúil. I gcás inar gá, ba cheart trealaimh eile iascaireachta a áireamh sa chóras iarrachta iascaireachta.

(23)  Mar thoradh ar an gcaoi a bhfuil cuid mhór stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar, ar ábhar imní é, agus chun na rátaí arda básmhaireachta iascaireachta atá ann faoi láthair a laghdú, ba cheart laghdú suntasach ar iarracht iascaireachta a bheith i gceist sa chóras sa chéad chúig bliana de chur chun feidhme an phlean.

(24)  Ba cheart do na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an córas iarrachta iascaireachta éifeachtach agus inoibrithe, trí mhodh chun cuótaí iarrachta iascaireachta a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a áireamh sa chóras, trí liosta soithí a chur ar fáil, trí údaruithe iascaireachta a eisiúint agus trí shonraí ábhartha maidir le hiarracht iascaireachta a thaifeadadh agus a tharchur.

(25)  Chun cabhrú cuspóirí an phlean a bhaint amach ar bhealach éifeachtach, agus i gcomhréir le prionsabail an dea-rialachais a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit córais rannpháirtíocha bhainistithe a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil.

(26)  Chun iasclanna agus gnáthóga íogaire chomh maith leis an iascaireacht ar mhionscála a chosaint, ba cheart an crios cósta a choimeád le haghaidh iascaireacht níos roghnaí. Dá bhrí sin, leis an bplean, ba cheart cosc iascaireachta a bhunú do thráil a oibríonn laistigh sé mhuirmhíle amach ón gcósta cé is moite de limistéir níos doimhne ná an iseabat 100 méadar le linn trí mhí gach bliain. Ba cheart é a bheith indéanta limistéir choiscthe eile a bhunú, i gcás inar bhféadfaí laghdú 20 % ar a laghad a áirithiú i gcás gabhálacha colmóirí óga.

(27)  Ba cheart bearta breise caomhnaithe a dhéanamh maidir le stoic ghrinnill. Is iomchuí, go háirithe, ar bhonn comhairle eolaíoch, tréimhse choiscthe a bhunú i limistéir ina bhfuil comhbhailiúcháin mhóra d'éisc sceite chun an chéim aosach den cholmóir a bhfuil díobháil mhór déanta dóibh a chosaint.

(28)  Ba cheart cur chuige an réamhchúraim a chur i bhfeidhm maidir le stoic foghabhála agus maidir le stoic ghrinnill nach bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil ina leith. Ba cheart bearta sonracha caomhnaithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcás ina léireofar lecomhairle eolaíoch go bhfuil bearta ceartaitheacha ag teastáil.

(29)  Leis an bplean seo, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bearta breise teicniúla caomhnaithe atá le glacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Is gá sin chun cuspóirí an phlean a bhaint amach, go háirithe i dtaca le stoic ghrinnill a chaomhnú agus roghnaíocht a fheabhsú.

(30)  Chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír arna bunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chomhlíonadh, ba cheart leis an bplean ▌foráil a dhéanamh do bhearta bainistithe breise a shonrófar a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(31)  Chun an plean ▌ a oiriúnú go tráthúil don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo a fhorlíonadh le bearta ceartaitheacha agus teicniúla caomhnaithe, leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme agus le gnéithe áirithe den phlean a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(10). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, tabharfar na doiciméid uile do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna agus a thabharfar iad do na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag na saineolaithe sna Ballstáit ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(32)  Mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart an spriocdháta a bhunú faoinar cheart do na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistithe acu moltaí comhpháirteacha a thíolacadh.

(33)  Chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le MSY, ba cheart go mbeifí in ann, de thoradh an phlean, ▌ faireachán rialta eolaíoch a dhéanamh ar na stoic lena mbaineann agus, i gcás inar féidir, ar stoic foghabhála.

(34)  I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh go tréimhsiúil ar leordhóthanacht agus ar éifeachtacht an Rialacháin seo. Ba cheart measúnú den sórt sin a bheith bunaithe ar mheastóireacht thréimhsiúil ar an bplean, ar bhonn comhairle eolaíoch ó CETEI, faoin … [cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach trí bliana ina dhiaidh sin. Mar thoradh ar an tréimhse sin, d'fhéadfaí an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme ina hiomláine, bearta réigiúnaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus tionchar a imirt ar na stoic éisc agus ar na hiascaigh. ▌

(35)  Chun deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir bearta sealadacha scoir atá glactha chun cuspóirí an phlean a bhaint amach a mheas mar incháilithe do thacaíocht faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11).

(36)  D'fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir acmhainneacht iascaireachta an chabhlaigh agus an uasiarracht iascaireachta incheadaithe atá ar fáil, ba cheart tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh le haghaidh scor buan gníomhaíochtaí iascaireachta a bheith ar fáil sna ranna cabhlaigh neamhchothroma a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a leasú dá réir sin.

(37)  Rinneadh measúnú ar thionchar geilleagrach agus sóisialta dóchúil an phlean sular dréachtaíodh é, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(38)  Agus é á áireamh go ndéantar an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a shocrú le haghaidh gach bliain féilire, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le córas iarrachta iascaireachta amhail ón 1 Eanáir 2020. Agus inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch á cur san áireamh, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha faoi raonta FMSY agus faoi choimircí do stoic faoi BPA amhail ón 1 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leis an Rialachán seo bunaítear plean ilbhliantúil ("an plean") chun stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe.

2.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na stoic seo a leanas:

(a)  an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i bhfolimistéir 1, 5, 6 agus 7 CGIM (an Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir);

(b)  an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i bhfolimistéir 1, 5, 6 agus 9-10-11 CGIM;

(c)  an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) i bhfolimistéir 9-10-11 CGIM;

(d)  an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius) i bhfolimistéir 1-5-6-7 agus 9-10-11 CGIM;

(e)  gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) i bhfolimistéir 5, 6, 9 agus 11 CGIM;

(f)  an lannach riabhach (Mullus barbatus) i bhfolimistéir 1, 5, 6, 7, 9, 10 agus 11 CGIM.

3.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir leis na stoic foghabhála a ghabhtar sa Mheánmhuir Thiar nuair atá iascaireacht á déanamh ar na stoic a liostaítear i mír 2. Beidh feidhm ag an Rialachán freisin maidir le stoic eile ghrinnill a ghabhtar sa Mheánmhuir Thiar nach bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil ina leith.

4.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiascaigh thráchtála ▌ lena ngabhtar na stoic ghrinnill dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3, i gcás ina ndéanfar sin in uiscí an Aontais nó i gcás ina ndéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais sin lasmuigh d'uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar.

5.  Leis an Rialachán seo freisin, sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar maidir le gach stoc éisc de speicis a bhfuil an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír infheidhme ina leith faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus a ghabhtar in iascaigh ghrinnill.

6.  Foráiltear, leis an Rialachán seo, do bhearta teicniúla, mar a leagtar amach in Airteagal 14, atá infheidhme sa Mheánmhuir Thiar i dtaca le haon stoc.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle(12) agus in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006:

(1)  ciallaíonn 'an Mheánmhuir Thiar' na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM (FLGanna) seo a leanas: folimistéar 1 (Muir Alboran Thuaidh), folimistéar 2 (Oileán Alboran), folimistéar 5 (na hOileáin Bhailéaracha), folimistéar 6 (Tuaisceart na Spáinne), folimistéar 7 (Murascaill an Leoin), folimistéar 8 (Oileán na Corsaice), folimistéar 9 (an Mhuir Liogúrach agus Muir Thoirian Thuaidh), folimistéar 10 (Muir Thoirian Theas), agus folimistéar 11 (Oileán na Sairdíne), mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13).

(2)  ciallaíonn 'na stoic lena mbaineann' na stoic a liostaítear in Airteagal 1(2);

(3)   ciallaíonn 'an stoc is leochailí' an stoc dá bhfuil, tráth a socraítear an uasiarracht incheadaithe iascaireachta, an bhásmhaireacht iascaireachta ón mbliain roimhe sin is faide ó luach phointe FMSY a cinneadh de réir na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil;

(4)  ciallaíonn 'raon FMSY' raon luachanna a chuirtear ar fáil leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe comhairle eolaíoch ón CETEI, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna sainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ina bhfuil uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) fhadtéarmach ann mar thoradh ar gach leibhéal básmhaireachta iascaireachta laistigh den raon sin bunaithe ar phatrún iascaireachta agus faoi mheándálaí comhshaoil reatha gan difear suntasach á dhéanamh don phróiseas atáirgthe do na stoic éisc lena mbaineann. Ceaptar an raon sin chun laghdú nach mó ná 5 % i dtáirgeacht fhadtéarmach a dhéanamh i gcomparáid le MSY. Cuirtear uasteorainn leis an raon ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc éisc faoin bpointe tagartha teorann (BLIM);

(5)  ciallaíonn 'luach phointe FMSY' luach an ráta básmhaireachta iascaireachta measta bunaithe ar phatrún iascaireachta áirithe agus ar mheándálaí comhshaoil reatha, a thugann an uastáirgeacht fhadtéarmach;

(6)  ciallaíonn 'MSY FLOWER' an luach is ísle laistigh de raon FMSY;

(7)  ciallaíonn 'MSY FUPPER' an luach is airde laistigh de raon FMSY;

(8)  ciallaíonn 'an raon is ísle de FMSY' raon ina bhfuil luachanna ó MSY FLOWER go luach phointe FMSY;

(9)  ciallaíonn "an raon is airde de FMSY' raon ina bhfuil luachanna ó luach phointe FMSY sgo MSY FUPPER;

(10)  ciallaíonn 'BLIM an pointe tagartha teorann, arna shloinneadh i dtéarmaí bithmhais stoic sceite agus dá soláthraítear sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CETEI, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna shainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar faoina bhun is féidir laghdú a bheith ar acmhainneacht atáirgthe na stoc éisc;

(11)  ciallaíonn 'BPA' an pointe tagartha réamhchúraim, arna shloinneadh i dtéarmaí bithmhais stoic sceite agus dá soláthraítear sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CETEI, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna shainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, a áirithíonn gur lú ná 5 % an dóchúlacht go mbeidh an bhithmhais stoic sceite faoi bhun BLIM;

(12)  ciallaíonn 'grúpa iarrachta iascaireachta' aonad bainistithe cabhlaigh Ballstáit a socraítear uasiarracht iascaireachta incheadaithe ina leith;

(13)   ciallaíonn 'stocghrúpa' grúpa stoc a ghabhtar le chéile mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(14)  ciallaíonn 'lá iascaireachta' aon tréimhse leanúnach 24 uair an chloig, nó cuid di, ina mbíonn soitheach sa Mheánmhuir Thiar agus nach mbíonn sé sa chalafort;

Airteagal 3

Cuspóirí

1.  Bunófar an plean ar chóras iarrachta iascaireachta a mbeidh d'aidhm leis rannchuidiú le cuspóirí CBI a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach, go háirithe trí chur chuige an réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, mar aon lena áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas saothraithe a athbhunú agus a choinneáil os cionn leibhéil lenar féidir MSY a bhaint amach.

2.  Beidh an plean ina chuidiú le hábhair mhuirí aischurtha a dhíothú trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir, agus le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bhunaítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcás na speiceas atá faoi réir íosmhéideanna tagartha caomhnaithe faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.

3.  Leis an bplean, cuirfear chun feidhme cur chuige bunaithe ar éiceachóras i dtaca le bainistiú iascaigh chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a laghdú a oiread is féidir. Beidh sé i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoin mbliain 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ▌.

4.  Go háirithe, beidh sé d'aidhm ag an bplean:

(a)  a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i dtuairisceoir 3 atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE; ▌

(b)  rannchuidiú le comhlíonadh na dtuairisceoirí ábhartha eile atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE i gcomhréir leis an ról atá ag na hiascaigh ina gcomhlíonadh; agus

(c)  rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE agus in Airteagal 6 agus in Airteagal 12 de Threoir 92/43/CEE a bhaint amach, go háirithe le tionchar diúltach gníomhaíochtaí iascaireachta ar ghnáthóga leochaileacha agus ar speicis faoi chosaint a íoslaghdú.

5.  Déanfar bearta faoin bplean i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil. ▌

CAIBIDIL II

SPRIOCANNA, POINTÍ TAGARTHA CAOMHNAITHE AGUS COIMIRCÍ

Airteagal 4

Spriocanna

1.  Déanfar an spriocbhásmhaireacht iascaireachta a bhaint amach i gcomhréir leis na raonta FMSY a shainítear in Airteagal 2 ▌ de réir a chéile ar bhonn forásach faoin mbliain 2020, i gcás inar féidir, agus faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí, do na stoic éisc lena mbaineann, agus déanfar é a choinneáil ina dhiaidh sin laistigh de raonta FMSY.

2.  Déanfar raonta FMSY bunaithe ar an bplean seo a iarraidh, go háirithe ar CETEI, nó ar chomhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna shainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

3.  I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a shocraíonn an Chomhairle an uasiarracht incheadaithe iascaireachta, bunóidh sí na hiarrachtaí iascaireachta sin i dtaca le gach grúpa iarrachta laistigh de raon FMSY atá ar fáil an tráth sin don stoc is leochailí.

4.  D'ainneoin mhír 1 agus mhír 3, is féidir an uasiarracht incheadaithe iascaireachta a shocrú ar leibhéil is ísle ná raonta FMSY.

5.  D'ainneoin mhír 1 agus mhír 3, is féidir an uasiarracht incheadaithe iascaireachta a shocrú os cionn raon FMSY atá ar fáil an tráth sin don stoc is leochailí, ar choinníoll go mbeidh na stoic uile lena mbaineann os cionn BPA:

(a)  más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 i gcás iascach ilspeiceas a bhaint amach;

(b)  más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, gur gá sin chun díobháil thromchúiseach a dhéanfadh dinimic stoic laistigh d'aon speiceas amháin nó idir speicis dhifriúla a sheachaint; nó

(c)  chun éagsúlachtaí san uasiarracht incheadaithe iascaireachta idir blianta as a chéile a theorannú go líon nach mó ná 20 %.

6.  I gcás nach féidir na raonta FMSY a chinneadh do stoc a liostaítear in Airteagal 1(2) siocair nach ann d'fhaisnéis eolaíoch leordhóthanach, déanfar an stoc sin a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 12 go dtí go mbeidh raonta FMSY ar fáil de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 5

Pointí tagartha caomhnaithe

Chun críocha Airteagal 6, déanfar na pointí tagartha caomhnaithe seo a leanas a iarraidh, go háirithe ar CETEI, nó ar chomhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna shainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar bhonn an phlean:

(a)  pointí tagartha réamhchúraim (BPA), arna sloinneadh i dtéarmaí bithmhais stoic sceite; agus

(b)  pointí tagartha teorann (BLIM), arna sloinneadh i dtéarmaí bithmhais stoic sceite.

Airteagal 6

Coimircí

1.  I gcás ina léireofar le comhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite ceachtar de na stoic éisc lena mbaineann faoi bhun BPA, glacfar gach beart ceartaitheach iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil na stoc éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann MSY a tháirgeadh. Go háirithe, d'ainneoin Airteagal 4(3), socrófar an uasiarracht incheadaithe iascaireachta ar leibhéil a bheidh ag teacht le ráta básmhaireachta iascaireachta arna laghdú laistigh de raon FMSY don stoc is leochailí, agus an laghdú i mbithmhais á gcur san áireamh.

2.  I gcás ina léireofar le comhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite ceachtar de na stoic éisc lena mbaineann faoi bhun BLIM, déanfar bearta ceartaitheacha breise chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann MSY a tháirgeadh. Go háirithe, d'ainneoin Airteagal 4(3) ▌, féadfar a áireamh ar bhearta ceartaitheacha den sórt sin, spriociascach an stoic éisc lena mbaineann a chur ar fionraí agus an uasiarracht incheadaithe iascaireachta a laghdú go leordhóthanach.

3.  Féadfar a áireamh i mbearta ceartaitheacha dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a)  bearta de bhun Airteagail 7, 8 agus 11 go 14 den Rialachán seo; agus

(b)  bearta éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

4.  Déanfar rogha na mbeart dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir le cineál, tromchúis, fad agus atriall na staide i gcás inar lú an bhithmhais stoic sceite ná na leibhéil dá dtagraítear in Airteagal 5.

CAIBIDIL III

IARRACHT IASCAIREACHTA

Airteagal 7

An córas iarrachta iascaireachta

1.  Beidh feidhm ag córas iarrachta iascaireachta maidir le gach soitheach a dhéanann iascaireacht le tráil sna limistéir, sna stocghrúpaí agus sna catagóirí maidir le fad na dtrál a shainítear in Iarscríbhinn I.

2.  Gach bliain, ar bhonn comhairle eolaíoch agus de bhun Airteagal 4, socróidh an Chomhairle uasiarracht incheadaithe iascaireachta do gach grúpa iarrachta iascaireachta de réir an Bhallstáit.

3.  De mhaolú ar Airteagal 3(1) agus d'ainneoin mhír 2 den Airteagal seo,le linn na chéad chúig bliana de chur chun feidhme an phlean: ▌

(a)  don chéad bhliain de chur chun feidhme an phlean, cé is moite d'fholimistéir gheografacha (FLGanna) a ndearnadh an iarracht iascaireachta ina leith a laghdú cheana faoi níos mó ná 20 % le linn na tréimhse bonnlíne, déanfar laghdú 10 % ar an uasiarracht iascaireachta le hais na bunlíne;

(b)  don dara bliain go dtí an cúigiú bliain de chur chun feidhme an phlean, laghdófar an uasiarracht incheadaithe iascaireachta faoi 30 % ar a mhéid le linn na tréimhse sin. Féadfar an laghdú ar an iarracht iascaireachta a fhorlíonadh le haon bhearta ábhartha teicniúla nó caomhnaithe eile arna nglacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, chun FMSY a bhaint amach faoin 1 Eanáir 2025.

4.  Ríomhfaidh gach Ballstát an bhunlíne dá dtagraítear i mír 3 do gach grúpa iarrachta iascaireachta nó FLG ▌ mar an mheániarracht iascaireachta arna sloinneadh i dtéarmaí líon na laethanta iascaireachta idir an 1 Eanáir 2015 agus an 31 Nollaig 2017 agus ní chuirfear san áireamh ach soithí a bhí gníomhach le linn na tréimhse sin.

5.  I gcás ina dtabharfar le fios leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil go bhfuil méideanna móra de stoc ar leith á ngabháil le trealaimh iascaireachta nach tráil iad, is féidir an uasiarracht iascaireachta incheadaithe don trealamh ar leith sin a shocrú ar bhonn na comhairle eolaíche sin.

Airteagal 8

Iascaigh áineasa

1.  I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil tionchar mór ag iascaireacht áineasa ar bhásmhaireacht iascaireachta stoic a liostaítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Chomhairle teorainneacha neamh-idirdhealaithe a shocrú d'iascairí áineasa.

2.  Agus na teorainneacha dá dtagraítear i mír 1 á shocrú aici, tagróidh an Chomhairle do chritéir thrédhearcacha oibiachtúla, lena n-áirítear cinn de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch. D'fhéadfaí tionchar na hiascaireachta áineasa ar an gcomhshaol, tábhacht shochaíoch na gníomhaíochta sin agus rannchuidiú na gníomhaíochta leis an ngeilleagar i limistéir chósta a áireamh, go háirithe, ar na critéir a d'fhéadfaí a úsáid.

3.  I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit na bearta comhréireacha is gá chun faireachán a dhéanamh ar shonraí agus chun sonraí a bhailiú ar mhaithe le meastachán iontaofa a dhéanamh ar leibhéil ghabhála áineasa iarbhír.

Airteagal 9

Oibleagáidí na mBallstát

1.  Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26 go hAirteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.  Socróidh gach Ballstát modh chun an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a leithdháileadh ar shoithí aonair nó ar ghrúpa soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. ▌

3.  Féadfaidh Ballstáit a leithdháiltí iarrachta iascaireachta a leasú trí laethanta iascaireachta a aistriú trasna grúpaí iarrachta iascaireachta ón limistéar geografach céanna, ar choinníoll go bhfeidhmeoidh sé fachtóir coinbhéartachta lena dtacaíonn an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil. Cuirfear na laethanta iascaireachta malartaithe agus an fachtóir coinbhéartachta ar fáil don Choimisiún agus do Bhallstáit eile láithreach, agus tráth nach déanaí ná 10 lá oibre.

4.  I gcás ina gceadóidh Ballstát do shoithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu iascaireacht a dhéanamh le tráil, déanfaidh sé deimhin de go mbeidh iascaireacht den sórt sin teoranta do 15 uair an chloig in aghaidh an lae iascaireachta, cúig lá iascaireachta in aghaidh na seachtaine nó a chomhionann.

Féadfaidh na Ballstáit maolú suas le 18 uair an chloig in aghaidh an lae iascaireachta a dheonú chun an t-am idirthurais idir an calafort agus an talamh iascaireachta a chur san áireamh. Cuirfear an maoluithe sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena mbaineann gan mhoill.

5.  D'ainneoin mhír 3, i gcás ina ndéanann soitheach iascaireacht ar dhá ghrúpa éagsúla stoic le linn aon lá amháin iascaireachta, déantar leathlá iascaireachta a bhaint as an uasiarracht incheadaithe iascaireachta arna leithdháileadh ar an soitheach sin le haghaidh gach stocghrúpa.

6.  I gcás na limistéar dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, eiseoidh gach Ballstát údaruithe iascaireachta chuig na soithí sin a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu agus a bhfuil iascaireacht á déanamh acu ar na stoic lena mbaineann.

7.  Le linn thréimhse chur i bhfeidhm an phlean, áiritheoidh na Ballstáit nach méadófar an acmhainneacht iomlán, arna sloinneadh in OT (olltonnáiste) agus kW (cileavatanna), a chomhfhreagraíonn do na húdaruithe iascaireachta a eisítear i gcomhréir le mír 6.

8.  Bunóidh agus coimeádfaidh gach Ballstát liosta soithí a mbeidh na húdaruithe iascaireachta eisithe ina leith i gcomhréir le mír 6 agus cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile é. Déanfaidh na Ballstáit a liostaí a tharchur, den chéad uair, laistigh de thrí mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, ina dhiaidh sin, tráth nach déanaí ná an 30 Samhain gach bliain.

9.  Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar a gcóras iarrachta iascaireachta agus áiritheoidh siad nach sáraíonn an uasiarracht iascaireachta incheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 na teorainneacha bunaithe.

10.  I gcomhréir le prionsabail an dea-rialachais a bhunaítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh Ballstáit córais rannpháirtíocha bhainistithe a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil chun cuspóirí an phlean a bhaint amach.

Airteagal 10

Sonraí ábhartha a chur in iúl

1.  Déanfaidh na Ballstáit taifead ar na sonraí maidir le hiarracht iascaireachta agus tarchuirfidh siad chuig an gCoimisiún iad i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus Airteagal 146c, 146d agus Airteagal 146e de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún(14).

2.  Déanfar na sonraí maidir le hiarracht iascaireachta a chomhiomlánú uair in aghaidh na míosa agus beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II mar chuid de na sonraí sin. Is é an Sainiú ar Scéimre XML bunaithe ar CEFACT P1000-12 na Náisiún Aontaithe an fhormáid ina mbeidh na sonraí comhiomlánaithe.

3.  Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí maidir le hiarracht iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 chuig an gCoimisiún roimh an 15ú lá de gach mí.

CAIBIDIL IV

BEARTA TEICNIÚLA CAOMHNAITHE

Airteagal 11

Limistéir choiscthe

1.  Sa Mheánmhuir Thiar, sa bhreis ar an méid a fhoráiltear in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, cuirfear cosc ar úsáid a bhaint as tráil laistigh de shé mhuirmhíle amach ón gcósta cé is moite de limistéir níos doimhne ná an iseabat 100 méadar le linn trí mhí gach bliain agus, i gcás inarb iomchuí, go comhleanúnach, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil. Is é gach Ballstát ar leith a chinnfidh na trí mhí ina mbeidh an cosc bliantúil sin i bhfeidhm agus feidhmeofar é le linn na tréimhse is ábhartha arna gcinneadh ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil. Cuirfear an tréimhse sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena mbaineann gan mhoill.

2.  De mhaolú ar mhír 1 agus ar an gcoinníoll go mbeidh bonn cirt leis de réir srianta geografacha ar leith, amhail méid theoranta na scairbhe ilchríochaí nó achair fhada go meánna iascaireachta, féadfaidh na Ballstáit limistéir choiscthe eile a bhunú, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, ar choinníoll go ndéanfar laghdú 20 % ar a laghad a bhaint amach ar ghabhálacha colmóirí óga i ngach fo-cheantar geografach. Déanfar an maolú sin a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena mbaineann gan mhoill.

3.  Faoin … [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, bunóidh na Ballstáit lena mbaineann limistéir choiscthe eile má tá fianaise ann gurb ann do líon mór iasc óg, faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe agus láithreacha sceite stoc grinnill, go háirithe i dtaca leis na stoic éisc lena mbaineann.

4.  Is é CETEI go háirithe, nó comhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna shainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, a dhéanfaidh measúnú ar na limistéir choiscthe arna mbunú de bhun mhír 3. Más rud é go léireofaí, sa mheasúnú sin, nach bhfuil na limistéir choiscthe sin i gcomhréir lena gcuspóirí, athbhreithneoidh na Ballstáit na limistéir sin i bhfianaise na moltaí sin.

5.  I gcás ina ndéanfaidh na limistéir choiscthe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo difear do shoithí iascaireachta roinnt Ballstát, tugtar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na limistéir choiscthe lena mbaineann a chur ar bun.

Airteagal 12

Stoic foghabhála agus stoic ghrinnill nach bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil ina leith a bhainistiú

1.  Déanfar na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(3) den Rialachán seo a bhainistiú ar bhonn chur chuige an réamhchúraim maidir le bainistiú iascach mar a shainmhínítear é i bpointe 8 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.  Maidir le bearta bainistithe do na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(3), go háirithe bearta sonracha caomhnaithe amhail iad siúd a liostaítear in Airteagal 13 , bunófar iad agus an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ann á cur san áireamh.

Airteagal 13

Bearta caomhnaithe sonracha

1.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena bhforlíonófar an Rialachán seo trí na bearta teicniúla caomhnaithe seo a leanas a bhunú:

(a)  sonraíochtaí saintréithe trealaimh iascaireachta agus rialacha a rialaíonn a úsáid, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(b)  sonraíochtaí modhnuithe nó feistí breise a chuirtear le trealaimh iascaireachta, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(c)  teorannú nó toirmisc ar úsáid trealaimh iascaireachta áirithe agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó i dtréimhsí áirithe chun éisc sceite, éisc atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint, nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(d)  íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú d'aon cheann de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, chun cosaint a áirithiú do na hóg‑orgánaigh mhuirí; agus

(e)  maidir le hiascaigh áineasa.

2.  Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

CAIBIDIL V

AN OIBLEAGÁID GABHÁLACHA A THABHAIRT I dTÍR

Airteagal 14

Forálacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír

Maidir le gach stoc éisc de speicis sa Mheánmhuir Thiar a bhfuil an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír infheidhme ina leith faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus maidir le gabhálacha de thaisme speiceas peiligeach sna hiascaigh a shaothraíonn na stoic a liostaítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ina leith, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena bhforlíonófar an Rialachán seo trí shonraí na hoibleagáide sin dá bhforáiltear i bpointí (a) go (e) d'Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a mhionsonrú.

CAIBIDIL VI

RÉIGIÚNÚ

Airteagal 15

Comhar Réigiúnach

1.  Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagail 11 go 14 den Rialachán seo.

2.  Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistithe acu moltaí comhpháirteacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013:

(a)  den chéad uair tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus ina dhiaidh sin, tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis gach meastóireacht ar an bplean a chuirfear isteach i gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Rialachán seo;

(b)  faoin 1 Iúil den bhliain roimh an mbliain a bheidh na bearta le cur i bhfeidhm; agus/nó

(c)  am ar bith a mheasfaidh siad gur gá déanamh amhlaidh, go háirithe i gcás athrú tobann ar staid stoc ar bith a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis.

3.  Beidh an cumhachtú a dheonaítear faoi Airteagail 11 go 14 den Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi fhorálacha eile de dhlí an Aontais, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL VII

LEASUITHE AGUS OBAIR LEANTACH

Airteagal 16

Leasuithe ar an bplean

1.  I gcás ina dtabharfaidh comhairle eolaíoch le fios go bhfuil athrú ar dháileadh geografach na stoc éisc lena mbaineann, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 lena leasófar an Rialachán seo trí na limistéir a shonraítear in Airteagal 1(2) agus Iarscríbhinn I a choigeartú chun an t-athrú sin a léiriú.

2.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn comhairle eolaíche, gur gá liosta na stoc éisc lena mbaineann a leasú, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun an liosta sin a leasú.

Airteagal 17

Faireachán agus meastóireacht ar an bplean

1.  Chun críocha na tuarascála bliantúla dá bhforáiltear in Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, áireofar ar na táscairí inchainníochtaithe meastacháin bhliantúla ar rátaí reatha básmhaireachta san iascaireacht thar FMSY (F/FMSY), bithmhais stoic sceite (BMSS) agus táscairí socheacnamaíocha maidir leis na stoic éisc lena mbaineann, agus, i gcás inar féidir, maidir le stoic foghabhála. Ar bhonn na comhairle eolaíche, féadfar na táscairí sin a fhorlíonadh le táscairí eile.

2.  Faoin … [cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí an phlean agus maidir le tionchar an phlean ar na stoic lena mbaineann agus maidir leis na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, go háirithe maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 11, 12, 13, 14 agus 16 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó …[dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 11 go 14 agus 16, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra maidir leis an ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 11 go 14 agus 16 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL IX

CISTE EORPACH MUIRÍ AGUS IASCAIGH

Airteagal 19

Tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh

Measfar bearta scoir shealadaigh arna nglacadh chun cuspóirí an phlean a bhaint amach mar scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta chun críocha phointe (a) agus phointe (c) d'Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.

Airteagal 20

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe i ndáil leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh

Leasaítear Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 mar seo a leanas:

(1)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

"4. Is féidir tacaíocht a thabhairt faoin Airteagal seo go dtí an 31 Nollaig 2017, seachas i gcás ina nglacfaí na bearta le haghaidh scor buan chun go mbainfí amach cuspóirí an phlean ilbhliantúil chun stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe, arna mbunú le Rialachán (AE) …/…(15)ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

___________________________

* Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le (IO L …, lch …).";

"

(2)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

"4a. Beidh an caiteachas a bhaineann le bearta le haghaidh scor buan arna nglacadh chun cuspóirí Rialachán (AE) …/…(16) a bhaint amach, beidh sé incháilithe do thacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) amhail ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin.".

"

CAIBIDIL X

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Agus inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch á cur san áireamh, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus Airteagal 6(1) ón 1 Eanáir 2025.

Beidh feidhm ag Airteagal 7 ón 1 Eanáir 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

An córas iarrachta iascaireachta

(dá dtagraítear in Aireagal 7)

Sainmhínítear grúpaí iarrachta iascaireachta mar seo a leanas:

A)  Tráil lena ndéantar iascaireacht ar an milléad dearg, an colmóir, an rós-séacla domhainmhara agus gliomach na hIorua ar an scairbh ilchríochach agus ar an bhfána uachtarach

An cineál trealaimh

Ceantar geografach

Stocghrúpaí

Fad foriomlán na soithí

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Tráil

(TBB, OTB, PTB, TBN, TBS, TB, OTM, PTM, TMS, TM, OTT, OT, PT, TX, OTP, TSP)

Folimistéir 1-2-5-6-7 CGIM

Lannach riabhach i bhfolimistéir gheografacha (FLGanna) 1, 5, 6 agus 7; colmóir in FLGanna 1-5-6-7; rós-séacla domhainmhara in FLGanna 1, 5 agus 6; agus gliomach na hIorua in FLGanna 5 agus 6.

< 12 m

EFF1/MED1_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

EFF1/MED1_TR1

≥ 18 m agus < 24 m

EFF1/MED1_TR3

≥ 24 m

EFF1/MED1_TR4

Folimistéir 8-9-10-11 CGIM

Lannach riabhach in FLG ▌ 9, FLG 10 agus FLG 11; colmóir in FLGanna 9-10-11; rós-séacla domhainmhara in FLGanna 9-10-11; agus gliomach na hIorua in FLGanna 9 agus 10.

< 12 m

EFF1/MED2_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

EFF1/MED2_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

EFF1/MED2_TR3

≥ 24 m

EFF1/MED1_TR4

B)  Tráil lena ndéantar iascaireacht ar an séacla gorm agus dearg agus ar an séacla mór dearg in uiscí domhainmhara

An cineál trealaimh

Ceantar geografach

Stocghrúpaí

Fad foriomlán na soithí

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Tráil

(TBB, OTB, PTB, TBN, TBS, TB, OTM, PTM, TMS, TM, OTT, OT, PT, TX, OTP, TSP)

Folimistéir 1-2-5-6-7 CGIM

Séacla gorm agus dearg in

FLGanna 1, 5, 6 agus 7.

< 12 m

EFF2/MED1_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

EFF2/MED1_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

EFF2/MED1_TR3

≥ 24 m

EFF2/MED1_TR4

Folimistéir 8-9-10-11 CGIM

Séacla mór dearg in

FLGanna 9, 10 agus 11

< 12 m

EFF2/MED2_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

EFF2/MED2_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

EFF2/MED2_TR3

≥ 24 m

EFF2/MED1_TR4

IARSCRÍBHINN II

Liosta faisnéise maidir le sonraí iarrachta iascaireachta

(dá dtagraítear in Aireagal 10)

Faisnéis

Sainmhíniú agus tuairimí

(1)  Ballstát

Cód Alfa-3 ISO an Bhallstáit brataí tuairiscithe

(2)  Grúpa iarrachta iascaireachta

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I

(3)  Tréimhse iarrachta iascaireachta

Dáta tosaigh agus dáta críochnaithe na míosa tuairiscithe

(4)  Deimhniú iarrachta iascaireachta

Líon iomlán na laethanta iascaireachta

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Tá sé beartaithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle na cumhachtuithe chun bearta teicniúla a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 13 den Rialachán seo a aisghairm nuair a bheidh rialachán nua maidir le bearta teicniúla á nglacadh acu lena n-áirítear cumhachtú lena gcumhdaítear na bearta céanna.

(1) IO C 367, 10.10.2018, lch. 103.
(2)IO C 367, 10.10.2018, lch. 103.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019.
(4)Dearbhú MedFish4Ever ó Chomhdháil na nAirí i Málta. An chomhdháil aireachta maidir le hinbhuanaitheacht na n-iascach sa Mheánmhuir (Málta, an 30 Márta 2017).
(5)Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(6)Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).
(7)Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(8)Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(9)Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(10)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(11)Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).
(12)Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(13)Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (an Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistithe do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).
(14)Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú. (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).
(15)+ IO: Cuir isteach, le do thoil, sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS 32/19 (2018/0050(COD)) agus cuir isteach uimhir, teideal, dáta agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(16)+ IO: Cuir isteach le do thoil sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS 32/19 (2018/0050 (COD)).


Slándáil cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe arna n-eisiúint do shaoránaigh an Aontais a neartú ***I
PDF 228kWORD 78k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n-eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta (COM(2018)0212 – C8-0153/2018 – 2018/0104(COD))
P8_TA-PROV(2019)0345A8-0436/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0212),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 21(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0153/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0436/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n-eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta

P8_TC1-COD(2018)0104


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Beartaíodh leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE)saorghluaiseacht daoine a éascú agus sábháilteacht agus slándáil phobal na hEorpa á n-áirithiú leo, trí limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar bun, i gcomhréir le forálacha CAE agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)  Le saoránacht an Aontais, tugtar an ceart chun saorghluaiseachta do shaoránaigh uile an Aontais faoi réir teorainneacha agus coinníollacha áirithe. Tugtar éifeacht don cheart sin le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4). In Airteagal 45 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), déantar foráil freisin maidir le saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe. Is é atá i gceist leis an tsaoirse gluaiseachta an ceart chun imeacht as Ballstáit agus dul isteach iontu le cárta aitheantais nó pas bailí.

(3)  De bhun Threoir 2004/38/CE, déanfaidh na Ballstáit cártaí aitheantais nó pasanna a eisiúint dá náisiúnaigh agus na cártaí aitheantais nó pasanna sin a athnuachan, i gcomhréir le dlíthe naisiúnta. Thairis sin, foráiltear sa Treoir sin go bhféadfaidh Ballstáit a chur de cheangal ar shaoránaigh an Aontais agus ar bhaill dá dteaghlaigh clárú leis na húdaráis ábhartha. Ceanglaítear ar na Ballstáit deimhnithe clárúcháin a eisiúint do shaoránaigh an Aontais faoi na coinníollacha a leagtar amach ann. De bhun na Treorach sin, ceanglaítear ar na Ballstáit freisin cártaí cónaithe a eisiúint do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad agus, de bhun Airteagal 20 de Threoir 2004/38/CE, ar iarratas, doiciméid ina ndeimhnítear buanchónaí agus ina ndéantar cártaí buanchónaithe a eisiúint.

(4)  Foráiltear le Treoir 2004/38/CE go bhféadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun aon cheart a thugtar leis an Treoir sin a dhiúltú, a fhoirceannadh nó a tharraingt siar i gcás mí-úsáid ceart nó calaoise. Sainaithníodh mar ghnáthchásanna calaoise faoin Treoir sin brionnú doiciméid nó cur in iúl bréagach fíorais ábharaigh a bhaineann leis na coinníollacha atá leis an gceart cónaithe.

(5)  Tá difríochtaí suntasacha idir leibhéil slándála na gcártaí aitheantais náisiúnta arna n-eisiúint ag Ballstáit agus ceadanna cónaithe do náisiúnaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile agus do bhaill dá dteaghlaigh. Cuireann na difríochtaí sin leis an riosca falsú agus calaois doiciméad a bheith ann, agus i ngeall ar na deacrachtaí sin freisin bíonn deacrachtaí praiticiúla ag saoránaigh agus iad ag iarraidh a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú. Léirítear i staitisticí ón Líonra an Aontais Eorpaigh le haghaidh Anailís Riosca maidir le Calaois Doiciméad go bhfuil méadú tagtha le himeacht ama ar theagmhais de chártaí aitheantais calaoiseacha.

(6)  Sa Teachtaireacht uaidh an 14 Meán Fómhair 2016 dar teideal “Enhancing security in a world of mobility: improved information exchange in the fight against terrorism and stronger external borders” [An tslándáil a fheabhsú i ré na soghluaisteachta: malartú faisnéise feabhsaithe chun sceimhlitheoireacht a chomhrac agus teorainneacha seachtracha a neartú], leag an Coimisiún béim ar a ríthábhachtaí atá doiciméid taistil agus aitheantais slána i gcás ina bhfuil gá le céannacht duine a shuí thar amhras, agus d’fhógair sé go mbeadh sé i gceist aige plean gníomhaíochta a chur i láthair chun dul i ngleic le calaois doiciméad taistil. De réir na Teachtaireachta sin, tá cur chuige feabhsaithe ag brath ar chórais dhochta chun cosc a chur le mí-úsáid agus le bagairtí ar shlándáil inmheánach a eascraíonn as mainneachtain i dtaca le slándáil doiciméad, go háirithe maidir le sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann.

(7)  De réir Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin an 8 Nollaig 2016 chun an fhreagairt Eorpach ar chalaois doiciméad taistil a neartú (Plean Gníomhaíochta 2016),, maítear gurbh iad na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe Schengen a d’eisigh ar a laghad trí cheathrú de na doiciméid chalaoiseacha a braitheadh ag na teorainneacha seachtracha, sa bhreis ar an limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha. Cártaí aitheantais náisiúnta nach bhfuil chomh slán sin arna n-eisiúint ag na Ballstáit, is iad sin na doiciméid bhréagacha is minice a bhraitear agus a úsáidtear le haghaidh taisteal laistigh de limistéar Schengen.

(8)  Chun calaois aitheantais a dhíspreagadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ngearrfar pionós leormhaith ar fhalsú agus ar ghóchumadh doiciméad aitheantais agus ar úsáid na ndoiciméad falsaithe nó góchumtha sin de réir a ndlí náisiúnta.

(9)  Le Plean Gníomhaíochta 2016, tugadh aghaidh ar an riosca a bhaineann le cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe atá calaoiseach. I bPlean Gníomhaíochta 2016 agus ina Thuarascáil AE ar Shaoránacht 2017, thug an Coimisiúngealltanas go ndéanfaí anailís ar roghanna beartais chun feabhas a chur ar shlándáil cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe.

(10)  De réir Phlean Gníomhaíochta 2016, chun cártaí aitheantais barántúla slána a eisiúint, is gá próiseas iontaofa a bheith ann le haghaidh céannacht a chlárú chomh maith le doiciméid fhoinseacha shlána chun tacú leis an bpróiseas iarratas. Ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus do ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais leanúint de bheith ag obair i gcomhar chun nach mbeadh doiciméid fhoinseacha i mbaol calaoise, i bhfianaise úsáid mhéadaithe doiciméad foinseach bréagach.

(11)  Ní chuirtear de cheangal ar na Ballstáit leis an Rialachán seo cártaí aitheantais nó doiciméid chónaithe a thabhairt isteach i gcás nach ndéantar foráil dóibh faoin dlí náisiúnta, ná ní dhéanann sé dochar d’inniúlacht na mBallstát doiciméid chónaithe eile a eisiúint faoin dlí náisiúnta nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, mar shampla cártaí cónaithe a eisítear do na cónaitheoirí go léir atá ar an gcríoch, gan beann ar a náisiúntacht.

(12)  Ní chuirtear cosc ar na Ballstáit leis an Rialachán seo glacadh le doiciméid seachas doiciméid taistil chun críocha aitheantais, ar shlí neamh-idirdhealaitheach, chun críocha céannaithe, amhail ceadúnais tiomána.

(13)  Maidir le doiciméid aitheantais a eisítear do shaoránaigh a ndearnadh srian a chur lena gceart chun saorghluaiseachta i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, agus ina léirítear go sainráite nach féidir iad a úsáid mar dhoiciméid taistil, níor cheart iad a mheas mar dhoiciméid a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(14)  Doiciméid taistil a chomhlíonann cuid 5 de Dhoiciméad 9303 ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) maidir le doiciméid taistil meaisín-inléite, (an seachtú heagrán, 2015) (“Doiciméad ICAO 9303”)g, ar doiciméid iad nach bhfónann críocha céannaithe sna Ballstáit eisiúna, amhail an paschárta arna eisiúint ag Éirinn, níor cheart iad a mheas mar dhoiciméid a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(15)  Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’úsáid cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe lena ngabhann feidhm eID ag na Ballstáit chun críocha eile ná ní dhéanann sé difear do na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5), lena ndéantar foráil d’aitheantas frithpháirteach ar fud an Aontais do ríomh-shainaitheantais agus rochtain á tabhairt ar sheirbhísí poiblí, agus lena gcuidítear le saoránaigh atá ag bogadh go Ballstát eile trína cheangal go n-aithneofaí go frithpháirteach meáin ríomh-shainaitheantais sa Bhallstát eile sin faoi réir coinníollacha áirithe. Le cártaí aitheantais feabhsaithe, ba cheart go n-áiritheofaí céannú níos fusa agus go rannchuideofaí le rochtain níos fearr ar sheirbhísí.

(16)  Chun gur cuí an fíorú a dhéantar ar chártaí aitheantais agus ar dhoiciméid chónaithe, ceanglaítear ar na Ballstáit an teideal ceart a úsáid le haghaidh gach cineáil doiciméid a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Chun gur fusa a bheidh sé seiceáil a dhéanamh ar na doiciméid a chumhdaítear leis an Rialachán seo i mBallstáit eile, ba cheart teideal an doiciméid a bheith i dteanga oifigiúil amháin bhreise ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais. I gcás ina bhfuil ainmnithe seanbhunaithe seachas an teideal ‘cárta aitheantais’ in úsáid i mBallstáit cheana féin, ba cheart dóibh a bheith in ann leanúint de sin ina dteanga nó ina dteangacha oifigiúla féin. Níor cheart aon ainmniú nua a thabhairt isteach amach anseo, áfach.

(17)  Tá gá le gnéithe slándála chun a fhíorú an doiciméad barántúil atá ann agus chun céannacht duine a shuí. Maidir le híoschaighdeáin slándála a bhunú agus sonraí bithmhéadracha a chomhtháthú i gcártaí aitheantais agus i gcártaí cónaithe ball teaghlaigh nach náisiúnaigh de chuid Ballstáit iad, is céimeanna tábhachtacha iad chun úsáid na gcártaí sin san Aontas a dhéanamh níos sláine. Ach na sainaitheantóirí bithmhéadracha sin a chur ar áireamh, ba cheart go bhféadfadh saoránaigh an Aontais lán-tairbhe a bhaint as a gcearta chun saorghluaiseachta.

(18)  I gcás ina ndéantar íomhá den aghaidh agus dhá mhéarlorg ( “sonraí bithmhéadracha”) a stóráil ar chártaí aitheantais agus cónaithe, mar a fhoráiltear dó cheana féin i ndáil le pasanna bithmhéadracha agus ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír, is ionann é sin agus meascán iomchuí de chéannú agus fíordheimhniú iontaofa a bhfuil riosca laghdaithe calaoise ag baint leis, ar mhaithe le slándáil na gcártaí aitheantais agus cónaithe a neartú.

(19)  Mar chleachtas ginearálta, ba cheart do na Ballstáit, chun barántúlacht an doiciméid agus céannacht an tsealbhóra a fhíorú, an íomhá den aghaidh a fhíorú go príomha agus, i gcás ina bhfuil gá ann barántúlacht an doiciméid agus céannacht an tsealbhóra a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit na méarloirg a fhíorú freisin.

(20)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcásanna nach ndeimhnítear barántúlacht an doiciméid ná céannacht an tsealbhóra le fíorú sonraí bithmhéadracha, go ndéanfaidh foireann cháilithe seiceáil de láimh éigeantach.

(21)  Ní sholáthraítear leis an Rialachán seo bunús dlí chun bunachair sonraí a chur ar bun nó a chothabháil ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh stóráil sonraí bithmhéadracha sna Ballstáit, ar ábhar don dlí náisiúnta é nach mór dó dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh. Thairis sin, ní sholáthraítear bunús dlí leis an Rialachán chun bunachar sonraí láraithe a bhunú nó a chothabháil ar leibhéal an Aontais.

(22)  Ba cheart aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú agus a stóráil i meán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe chun barántúlacht an doiciméid agus céannacht an tsealbhóra a fhíorú. Níor cheart ach d’fhoireann chuí-údaraithe an fíorú sin a dhéanamh agus níor cheart é sin a dhéanamh ach amháin nuair a cheanglaítear le dlí an doiciméad a thabhairt ar aird. Sa bhreis air sin, maidir le sonraí bithmhéadracha a stóráiltear chun críocha cártaí aitheantais nó doiciméid chónaithe a phearsanú, ba cheart iad a choinneáil ar bhealach an-slán agus go dtí dáta bailithe an doiciméid agus in aon chás i gcomhair tréimhse nach faide ná 90 lá ó dháta eisiúna an doiciméid. Tar éis na tréimhse sin, déanfar na sonraí bithmhéadracha sin a scriosadh nó a dhíothú láithreach. Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar d’aon phróiseáil eile a dhéantar ar na sonraí sin i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí.

(23)  Chun críche an Rialacháin seo, ba cheart aird a thabhairt ar shonraíochtaí Dhoiciméad ICAO 9303 lena n-áirithítear idir-inoibritheacht dhomhanda, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le meaisín-inléiteacht agus leas a bhaint as amharc-chigireacht.

(24)  Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh i dtaobh an áireofar inscne duine ar dhoiciméad a chumhdaítear leis an Rialachán seo. I gcás ina n-áireoidh Ballstát inscne duine ar doiciméad sin den sórt sin, ba cheart na sonraíochtaí ‘F’, ‘M’ nó ‘X’/‘<’ nó an túslitir aonair comhfhreagrach a úsáidtear i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit sin de chuid Dhoiciméad ICAO 9303 a úsáid, de réir mar is iomchuí.

(25)  Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a áirithiú go ndéanfar caighdeáin slándála agus sonraíochtaí teicniúla a bheidh ann amach anseo arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle(6) a chur san áireamh go cuí, i gcás inarb iomchuí, maidir le cártaí aitheantais, cártaí cónaithe agus cártaí buanchónaithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7). Chun na críche sin, beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle(8) de chúnamh ag an gCoimisiún. I gcás inar gá, ba cheart go bhféadfadh na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar fanacht faoi rún chun baol góchumtha agus falsaithe a chosc.

(26)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta iomchuí agus éifeachtacha i bhfeidhm maidir le haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, ar nósanna imeachta iad a chomhlíonann na cearta agus na prionsabail a leagtar amach sa Chairt, i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbíonn sárleasanna an linbh ina bpríomhchomaoin i gcaitheamh an nós imeachta bailithe. Chun na críche sin, ba cheart oiliúint chuí ar chleachtais lena dtacaítear le leanaí a chur ar fáil d’fhoireann cháilithe d’fhonn aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú.

(27)  I gcás ina mbíonn deacrachtaí ann aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm chun dínit an duine lena mbaineann a urramú. Dá bhrí sin, ba cheart breithnithe sonracha a bhaineann le hinscne, chomh maith le riachtanais shonracha leanaí agus daoine leochaileacha, a chur san áireamh.

(28)  Ach íoschaighdeáin slándála agus formáide a thabhairt isteach do chártaí aitheantais, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit dul in iontaoibh bharántúlacht na ndoiciméad sin nuair a fheidhmíonn saoránaigh an Aontais a gceart chun saorghluaiseachta. Le tabhairt isteach caighdeán treisithe slándála, ba cheart ráthaíochtaí leordhóthanacha a sholáthar d’údaráis phoiblí agus d’eintitis phríobháideacha chun go mbeidh siad in ann brath ar bharántúlacht cártaí aitheantais agus iad in úsáid ag saoránaigh an Aontais chun críocha céannaithe.

(29)  Le sainchomhartha i bhfoirm cód tíre dhá litir an Bhallstáit a eisíonn an doiciméad, agus é clóite droim ar ais i ndronuilleog ghorm agus dhá cheann déag de réaltaí buí i gciorcal timpeall air, éascaítear amharciniúchadh an doiciméid, go háirithe nuair a bhíonn an ceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú ag an sealbhóir.

(30)  Cé go gcoinnítear an rogha foráil a dhéanamh do ghnéithe náisiúnta breise, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanann na gnéithe sin laghdú ar éifeachtúlacht na ngnéithe coiteanna slándála ná nach ndéanann siad dochar do chomhoiriúnacht trasteorann na gcártaí aitheantais, amhail an fhéidearthacht na cártaí aitheantais a léamh le meaisíní arna n-úsáid ag Ballstáit seachas na Ballstáit a eisíonn na cártaí aitheantais.

(31)  Níor cheart go dtiocfadh méadú díréireach ar tháillí do shaoránaigh an Aontais nó do náisiúnaigh tríú tír mar thoradh ar chaighdeáin slándála a thabhairt isteach maidir le cártaí aitheantais agus cártaí cónaithe ball teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad. Ba cheart do na Ballstáit an prionsabal sin a chur san áireamh agus glaonna ar thairiscintí á n-eisiúint acu.

(32)  Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh lena áirithiú go sainaithnítear i gceart, le sonraí bithmhéadracha, an duine ar eisíodh cárta aitheantais dóibh. Chuige sin, d’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobh aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, go háirithe an íomhá den aghaidh, trí bhíthin rollú beo ag na húdaráis náisiúnta a eisíonn cártaí aitheantais.

(33)  Ba cheart do na Ballstáit malartú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin is gá chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá ar an meán stórála slán, agus chun í a fhíordheimhniú agus a fhíorú. Ba cheart na formáidí a úsáidtear leis an meán stórála slán a bheith idir-inoibritheach, lena n-áirítear i dtaca le pointí trasnaithe teorann uathoibrithe.

(34)  Le Treoir 2004/38/CE, tugtar aghaidh ar an gcás sin inar cheart bhfuil gach deis réasúnach le tabhairt do shaoránaigh an Aontais nó do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, nach bhfuil na doiciméid taistil atá riachtanach acu, chun a chruthú ar mhodhanna eile go bhfuil siad cumhdaithe leis an gceart chun saorghluaiseachta. Féadfar a áireamh ar na modhanna sin doiciméid aitheantais a úsáidtear ar bhonn sealadach agus cártaí cónaithe arna n-eisiúint do na baill teaghlaigh sin.

(35)  Urramaítear leis an Rialachán seo na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chairt agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas. Dá bhrí sin, spreagtar na Ballstáit chun oibriú leis an gCoimisiún chun go gcomhtháthófar gnéithe breise a dhéanann cártaí aitheantais níos inrochtana agus níos fusa lena n-úsáid ag daoine atá faoi mhí-chumas, amhail daoine lagamhairc. Fiosróidh na Ballstáit réitigh, amhail gléasanna clárúcháin soghluaiste, lena bhféadfar cártaí aitheantais a eisiúint do dhaoine nach bhfuil ar a gcumas cuairt a thabhairt ar na húdaráis atá freagrach as cártaí aitheantais a eisiúint.

(36)  Ba cheart faisnéis shonrach a áireamh sna doiciméid chónaithe a eisítear do shaoránaigh an Aontais chun a áirithiú gurb amhlaidh a shainaithnítear iad. Leis sin, ba cheart gurbh fhusa a bheadh sé a aithint nuair a bhaineann saoránach soghluaiste de chuid an Aontais úsáid as an gceart chun saorghluaiseachta agus as na cearta a bhaineann go dlúth leis an úsáid sin, ach níor cheart go rachadh comhchuibhiú thar a bhfuil iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar laigí na ndoiciméad atá ann faoi láthair. Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit an fhormáid ina n-eisítear na doiciméid sin a roghnú agus d’fhéadfaidís iad a eisiúint i bhformáid a chomhlíonann sonraíochtaí Dhoiciméad ICAO 9303.

(37)  Maidir le doiciméid chónaithe a eisítear do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, is iomchuí leas a bhaint as an bhformáid chéanna agus na gnéithe slándála céanna dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9). Sa bhreis ar chruthúnas a thabhairt ar an gceart cónaithe, déanann na doiciméid sin a sealbhóirí, a bhíonn faoi réir oibleagáid víosa i ngach cás eile, a dhíolmhú ón gceanglas víosa a fháil nuair a thionlacann siad an saoránach de chuid an Aontais nó nuair a thagann siad anall ina dhiaidh nó ina diaidh laistigh de chríoch an Aontais.

(38)  I dTreoir 2004/38/CE, foráiltear gur “Cárta cónaithe baill teaghlaigh de shaoránach an Aontais” atá le tabhairt ar na doiciméid a eisítear do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad. Chun céannú na ndaoine sin a éascú, ba cheart teideal agus cód caighdeánaithe a bheith ar chárta cónaithe baill teaghlaigh de shaoránach an Aontais.

(39)  Agus aird á tabhairt ar an riosca slándála do na Ballstáit agus ar na costais a thabhódh siad, ba cheart cártaí aitheantais agus cártaí cónaithe baill teaghlaigh de shaoránach an Aontais nach bhfuil a gcaighdeáin slándála leordhóthanach a chéimniú amach. Go hiondúil, ba cheart gur leor tréimhse céimnithe amach deich mbliana i gcás cártaí aitheantais agus cúig bliana i gcás cártaí cónaithe chun cothromaíocht a bhaint amach idir a mhinice a dhéantar doiciméid a ionadú de ghnáth agus an gá leis an mbearna shlándála atá ann faoi láthair laistigh den Aontas a dhúnadh. Mar sin féin, tá gá, ar fhorais na slándála, le tréimhse céimnithe amach níos giorra ▌le haghaidh cártaí nach bhfuil gnéithe slándála tábhachtacha acu nó nach bhfuil meaisín-inléite.

(40)  Tá feidhm ag Rialachán (CE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10) maidir leis na sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Is gá na coimircí is infheidhme maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseáiltear a shonrú tuilleadh agus go háirithe maidir le sonraí íogaire amhail aitheantóirí bithmhéadracha. Ba cheart na hábhair sonraí a chur ar an eolas gurb ann ina ndoiciméid don mheán stórála ina bhfuil a sonraí bithmhéadracha, lena n-áirítear inrochtaineacht éadadhaill air, agus faoi gach cás ina n-úsáidtear na sonraí atá ina gcártaí aitheantais agus ina ndoiciméid chónaithe. Ar chaoi ar bith, ba cheart rochtain a bheith ag na hábhair sonraí ar shonraí pearsanta a phróiseáiltear ina gcártaí aitheantais agus ina ndoiciméid chónaithe, agus ba cheart go bhféadfaí na sonraí sin a cheartú trí dhoiciméad nua a eisiúint, i gcás ina bhfuil na sonraí sin earráideach nó neamhiomlán. Ba cheart an meán stórála a bheith an-slán agus ba cheart sonraí pearsanta atá stóráilte ann a bheith cosanta go héifeachtach ar rochtain neamhúdaraithe.

(41)  Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as próiseáil cheart na sonraí bithmhéadracha, ó bhailiú go comhtháthú na sonraí ar an meán stórála atá an-slán, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(42)  Ba cheart do na Ballstáit a bheith an-chúramach nuair a bhíonn siad ag comhoibriú le soláthraí seirbhíse seachtrach. Aon dliteanas Ballstát a thagann chun cinn faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i leith sáruithe oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta, níor cheart é sin a eisiamh sa chomhoibriú sin.

(43)  Is gá sonrú a dhéanamh sa Rialachán seo ar an mbunús atá le sonraí a bhailiú agus a stóráil ar mheán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe. I gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus urraim á tabhairt do phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann sonraí eile a stóráil ▌ar mheán stórála le haghaidh ríomhsheirbhísí nó chun críocha eile a bhaineann leis an gcárta aitheantais nó leis an doiciméad cónaithe. Is le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta ba cheart údarú a dhéanamh ar phróiseáil na sonraí sin, lena n-áirítear bailiú na sonraí sin agus na críocha ar chucu is féidir iad a úsáid. Ba cheart na sonraí náisiúnta go léir a scaradh go fisiciúil nó go loighciúil ó na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear sa Rialachán seo agus ba cheart iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(44)  Ba cheart do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm 24 mhí ar a dhéanaí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm. Amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, níor cheart do na Ballstáit ach doiciméid lena n-urramaítear na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo amháin a eisiúint.

(45)  Ba cheart don Choimisiún tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo dhá bhliain agus aon bhliain déag tar éis dháta a chur i bhfeidhm, faoi seach, lena n-áirítear ar a iomchuí atá an leibhéal slándála, agus a thionchar ar chearta bunúsacha agus prionsabail cosanta sonraí á thabhairt san áireamh. I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016,(11) ba cheart don Choimisiún, sé bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach sé bliana ina dhiaidh sin, meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn faisnéis a bhailítear trí chomhaontuithe sonracha faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Rialacháin agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile. Chun críocha faireachán a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit staidreamh a bhailiú ar líon na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe a d’eisigh siad.

(46)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon slándáil a fheabhsú agus feidhmiú chearta na saorghluaiseachta ag saoránaigh an Aontais agus ag baill a dteaghlaigh a éascú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(47)  Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt, lena n-áirítear dínit an duine, an ceart chun iomláine an duine, toirmeasc ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart chun comhionannais os comhair an dlí agus chun neamh-idirdhealú, cearta an linbh, cearta daoine scothaosta, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun saorghluaiseachta agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil. Ba cheart do na Ballstáit cloí leis an gCairt agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu.

(48)  Thug an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha i gcomhréir le hAirteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus sí tuairim uaithu an 10 Lunasa 2018(12) agus an 5 Meán Fómhair 2018(13) faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo neartaítear na caighdeáin slándála is infheidhme maidir le cártaí aitheantais a eisíonn na Ballstáit dá náisiúnaigh agus le doiciméid chónaithe a eisíonn na Ballstáit do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh agus a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu laistigh den Aontas.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  cártaí aitheantais arna n-eisiúint ag na mBallstáit dá náisiúnaigh féin, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Threoir 2004/38/CE;

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le doiciméid aitheantais arna n-eisiúint ar bhonn sealadach le tréimhse bhailíochta níos giorra ná sé mhí.

(b)  deimhnithe clárúcháin a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2004/38/CE do shaoránaigh an Aontais a chónaíonn i mBallstát óstach ar feadh níos mó ná trí mhí agus doiciméid lena ndeimhnítear buanchónaí a eisítear ar iarratas agus i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2004/38/CE do shaoránaigh an Aontais;

(c)  cártaí cónaithe a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2004/38/CE do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad agus cártaí buanchónaithe a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir 2004/38/CE do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad.

CAIBIDIL II

CÁRTAÍ AITHEANTAIS NÁISIÚNTA

Airteagal 3

Caighdeáin slándála/formáid/sonraíochtaí

1.   Déanfar na cártaí aitheantais arna n-eisiúint ag na Ballstáit a tháirgeadh i bhformáid ID-1 agus beidh limistéar meaisín-inléite (MRZ) orthu. Beidh na cártaí aitheantais sin bunaithe ar na sonraíochtaí agus na bunchaighdeáin slándála arna leagan amach i ndoiciméad ICAO 9303 agus déanfaidh siad na ceanglais a leagtar amach i bpointí (c), (d), (f) agus (g) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 a chomhlíonadh.

2.  Comhlíonfaidh na gnéithe sonraí a bheidh san áireamh ar chártaí aitheantais na sonraíochtaí a leagtar amach i gcuid 5 de dhoiciméad ICAO 9303.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar uimhir an doiciméid a chur isteach i limistéar 1 agus beidh sainiú inscne an duine roghnach.

3.  Beidh an teideal (‘Cárta aitheantais’) ar an doiciméad nó ainmniú sean-bhunaithe náisiúnta eile i dteanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna, agus na focail ‘Cárta aitheantais’ i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais.

4.  Beidh ar an gcárta aitheantais, ar an taobh tosaigh, cód tíre dhá litir an Bhallstáit a eiseoidh an cárta, agus é clóite droim ar ais i ndronuilleog ghorm agus dhá cheann déag de réaltaí buí i gciorcal timpeall air.

5.  Áireofar sna cártaí aitheantais meán stórála an-slán ina mbeidh sonraí bithmhéadracha lena n-áireofar íomhá d’aghaidh shealbhóir an chárta agus dhá mhéarlorg i bhformáidí idir-inoibritheacha digiteacha. Chun aitheantóirí bithmhéadracha a ghabháil, cuirfidh na Ballstáit na sonraíochtaí teicniúla arna mbunú le Cinneadh C(2018)7767 ón gCoimisiún i bhfeidhm(14).

6.  Beidh acmhainneacht agus cumas leordhóthanach sa mheán stórála chun sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí a ráthú. Beidh rochtain éadadhaill ar na sonraí a stóráiltear agus déanfar iad a shlánú amhail dá bhforáiltear i gCinneadh C(2018)7767. Malartóidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun fíorú a dhéanamh ar an meán stórála agus chun na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear i mír 5 a rochtain agus a fhíorú.

7.  Féadfaidh leanaí faoi 12 bhliain d’aois a bheith díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

Beidh leanaí faoi 6 bhliain d’aois díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

▌Na daoine sin nach féidir méarloirg a fháil ina leith ar chúis fhisiciúil, beidh siad díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

8.  Más gá agus más comhréireach i leith na haidhme atá le baint amach, féadfaidh na Ballstáit mionsonraí agus barúlacha a iontráil le haghaidh úsáid náisiúnta de réir mar a cheanglaítear i bhfianaise a ndlí náisiúnta. Ní laghdófar éifeachtúlacht na n-íoschaighdeán slándála agus idir-inoibritheacht trasteorann na gcártaí aitheantais mar thoradh air sin.

9.  I gcás ina ndéanann na Ballstáit dé-chomhéadan nó meán stórála ar leith a ionchorprú sa chárta aitheantais, comhlíonfaidh an meán stórála breise na caighdeáin ábhartha de chuid ISO agus ní chuirfidh siad isteach ar an meán stórála dá dtagraítear i mír 5.

10.  I gcás ina ndéanann na Ballstáit sonraí le haghaidh ríomhsheirbhísí amhail ríomhrialtas agus ríomhghnó a stóráil sna cártaí aitheantais, déanfar na sonraí náisiúnta sin a scaradh go fisiciúil nó go loighciúil ó na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear i mír 5.

11.  I gcás ina gcuireann na Ballstáit gnéithe slándála breise leis na cártaí aitheantais, ní laghdófar comhoiriúnacht trasteorann na gcártaí aitheantais sin ná éifeachtúlacht na n-íoschaighdeán slándála mar thoradh air sin.

Airteagal 4

Tréimhse bhailíochta

1.  Beidh íostréimhse bhailíochta 5 bliana ag na cártaí aitheantais agus uastréimhse bhailíochta 10 mbliana.

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhse bhailíochta a bheidh:

(a)  níos giorra ná cúig bliana, i gcomhair cártaí aitheantais arna n-eisiúint do mhionaoisigh;

(b)  i gcásanna eisceachtúla, níos lú ná cuig bliana, do chártaí aitheantais arna n-eisiúint do dhaoine in imthosca speisialta agus teoranta agus i gcás ina bhfuil a dtréimhse bhailíochta teoranta i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta;

(c)  níos faide ná 10 mbliana, i gcomhair cártaí aitheantais arna n-eisiúint do dhaoine in aois 70 agus níos sine.

3.  Eiseoidh na Ballstáit cárta aitheantais a bhfuil bailíocht 12 mhí nó níos lú aige i gcás ina bhfuil sé dodhéanta go fisiciúil méarloirg a thógáil d'aon mhéar de chuid an iarratasóra.

Airteagal 5

Céimniú amach

1.   Scoirfidh cártaí aitheantais nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoi [deich mbliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cibé acu is túisce. ▌

2.   De mhaolú ar mhír 1:

(a)   maidir le cártaí aitheantais nach gcomhlíonann na híoscheanglais a leagtar amach i gcuid 2 de dhoiciméad ICAO 9303 nó nach bhfuil MRZ orthu, mar a shainítear i mír 3, scoirfidh a mbailíocht ar dhul in éag dóibh nó faoi [cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cibé acu is túisce;

(b)  maidir le cártaí aitheantais de dhaoine atá in aois 70 agus níos sine ar [dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], a chomhlíonann na híoscheanglais a leagtar amach i gcuid 2 de dhoiciméad ICAO 9303 agus a bhfuil MRZ orthu, mar a shainítear i mír 3, scoirfidh a mbailíocht ar dhul in éag dóibh.

3.   Chun críche mhír 2, ciallóidh MRZ feidhmiúil:

(a)  limistéar meaisín-inléite a chomhlíonann cuid 3 de dhoiciméad 9303 ICAO; nó

(b)  aon limistéar meaisín-inléite eile dá dtugann an Ballstát eisiúna fógra maidir leis na rialacha chun an fhaisnéis atá ann a léamh agus a léiriú, mura dtugann Ballstát fógra don Choimisiún, faoin [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], maidir lena easpa acmhainneachta i dtaca leis an bhfaisnéis sin a léamh agus a léiriú.

Ar fhógra dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a fháil, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann agus an Chomhairle ar an eolas dá réir sin.

Caibidil III

Doiciméid chónaithe do shaoránaigh an Aontais

Airteagal 6

An fhaisnéis íosta atá le sonrú

Sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad sna doiciméid chónaithe nuair a eisíonn na Ballstáit iad do shaoránaigh an Aontais:

(a)  teideal an doiciméid i dteanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann agus i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais;

(b)  tagairt shoiléir go bhfuil an doiciméad á eisiúint do shaoránach de chuid an Aontais i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE;

(c)  uimhir an doiciméid;

(d)  ainm (sloinne agus céadainm(neacha)) an tsealbhóra;

(e)  dáta breithe an tsealbhóra;

(f)   an fhaisnéis a bheidh le háireamh ar dheimhnithe clárúcháin agus ar dhoiciméid lena ndeimhnítear buanchónaí, arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 19 de Threoir 2004/38/CE faoi seach;

(g)  an t-údarás eisiúna;

(h)  ar an taobh tosaigh, cód tíre dhá litir an Bhallstáit a eisíonn an doiciméad, clóite droim ar ais i ndronuilleog ghorm agus dhá cheann déag de réaltaí buí i gciorcal timpeall air.

Má chinneann Ballstát méarloirg a ghabháil, beidh feidhm dá réir sin ag Airteagal 3(7).

Na daoine sin nach féidir méarloirg a fháil ina leith ar chúis fhisiciúil, beidh siad díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

Caibidil IV

Cártaí cónaithe do BHAILL teaghlaigh NACH NÁISIÚNAIGH DE BHALLSTÁT IAD

Airteagal 7

Formáid aonfhoirmeach

1 Agus cártaí cónaithe á n-eisiúint acu do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, bainfidh na Ballstáit úsáid as an bhformáid chéanna a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954 agus arna cur chun feidhme le Cinneadh C(2018)7767.

2 De mhaolú ar mhír 1, beidh ▌an teideal ‘Cárta cónaithe ▌’ nó ‘Cárta buanchónaithe ▌’ ar chárta. Cuirfidh na Ballstáit in iúl go n-eisítear na doiciméid sin do bhall teaghlaigh shaoránach de chuid an Aontais i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE. Chun na críche sin, bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcód caighdeánaithe ‘Ball Teaghlaigh AE Art 10 DIR 2004/38/CE’ nó ‘Ball Teaghlaigh AE Art 20 DIR 2004/38/CE’, i réimse sonraí [10], amhail dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954.

3 Féadfaidh na Ballstáit sonraí a iontráil le haghaidh úsáid náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Agus sonraí á n-iontráil agus á stóráil acu, urramóidh na Ballstáit na ceanglais a leagtar amach sa dara mhír d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954.

Airteagal 8

Cártaí cónaithe atá ann cheana a chéimniú amach

1.  Scoirfidh cártaí cónaithe de bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, agus nach gcomhlíonann ceanglais Airteagal 7 de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoi [cúig bliana tar éis ▌dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cibé acu is túisce.

2.  De mhaolú ar mhír 1, scoirfidh cártaí cónaithe de bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, agus nach gcomhlíonann na híoscheanglais slándála a leagtar amach i gcuid 2 de dhoiciméad ICAO 9303 nó nach bhfuil MRZ orthu i gcomhréir le cuid 3 de dhoiciméad ICAO 9303, de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoi [dhá bhliain tar éis ... ▌dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cibé acu is túisce.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 9

Pointe teagmhála ▌

1.  Ainmneoidh gach Ballstát údarás lárnach amháin ar a laghad ina phointe teagmhála maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás lárnach amháin ainmnithe ag Ballstát, ainmneoidh sé cé acu de na húdaráis sin a bheidh ina phointe teagmhála maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Cuirfidh sé ainm an údaráis sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Má athraíonn Ballstát a údarás ainmnithe, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na pointí teagmhála ar an eolas faoi na seirbhísí ábhartha faisnéise agus cúnaimh ▌ar leibhéal an Aontais, atá san áireamh ar an Tairseach Aonair Dhigiteach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15), agus go bhféadfaidh siad oibriú i gcomhar leis na seirbhísí sin.

Airteagal 10

Aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú

1.  Ní bhaileoidh ach foireann cháilithe agus chuí-údaraithe ag na húdaráis atá freagrach as cártaí aitheantais nó cártaí cónaithe a eisiúint na haitheantóirí bithmhéadracha, chun críche a bheith comhtháite sa mheán stórála an-slán dá bhforáiltear in Airteagal 3(5) i gcomhair cártaí aitheantais agus in Airteagal 7(1) i gcomhair cártaí cónaithe. De mhaolú ar an gcéad abairt, ní bhaileoidh ach foireann cháilithe agus chuí-údaraithe na n-údarás sin méarloirg ach amháin i gcás iarratais a thíolacfar chuig údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha an Bhallstáit.

D’fhonn comhsheasmhacht aitheantóirí bithmhéadracha le céannacht an iarratasóra a áirithiú, beidh an t-iarratasóir i láthair go pearsanta uair amháin ar a laghad le linn phróiseas na heisiúna i gcomhair gach iarratais.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta iomchuí agus éifeachtacha i bhfeidhm maidir le haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, ar nósanna imeachta iad a chomhlíonann na cearta agus na prionsabail a leagtar amach sa Chairt, sa Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

I gcás ina mbíonn deacrachtaí ann aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, áiritheoidh na Ballstáit gur ann do nósanna imeachta iomchuí chun dínit an duine lena mbaineann a urramú.

3.  Seachas i gcás ina bhfuil gá leo chun críche próiseála i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, coinneofar aitheantóirí bithmhéadracha a stóráiltear chun críche cártaí aitheantais nó doiciméid chónaithe a phearsanú, ar bhealach an-slán agus go dtí dáta bailithe an doiciméid, agus go dtí an dáta sin amháin, agus in aon chás i gcomhair tréimhse nach faide ná 90 lá ó dháta eisiúna an doiciméid sin. Tar éis na tréimhse sin, déanfar na haitheantóirí bithmhéadracha sin a scriosadh nó a dhíothú láithreach.

Airteagal 11

Sonraí pearsanta a chosaint agus dliteanas

(1)  Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit slándáil, sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí a bhaileofar agus a stórálfar chun críche an Rialacháin seo.

(2)  Chun críche an Rialacháin seo, measfar na húdaráis a bheidh freagrach as cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe a eisiúint mar an rialaitheoir dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 agus beidh freagracht orthu as próiseáil sonraí pearsanta.

(3)  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le húdaráis mhaoirseachta a gcúraimí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/679 a fheidhmiú ina n-iomláine, lena n-áirítear rochtain ar na sonraí pearsanta uile agus ar an bhfaisnéis go léir is gá, mar aon le rochtain ar aon áitreabh nó trealamh próiseáilte sonraí de chuid na n-údarás inniúil.

(4)  Le comhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha, ní eiseofar aon dliteanas ar thaobh an Bhallstáit a d’fhéadfadh a theacht chun cinn faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar oibleagáidí i ndáil le sonraí pearsanta.

(5)  Ní áireofar faisnéis i bhfoirm meaisín-inléite i gcárta aitheantais nó i ndoiciméad cónaithe ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit eisiúna.

(6)  Ní bhainfear leas as sonraí bithmhéadracha a stóráiltear i meán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe ach amháin i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta agus ghníomhaireachtaí an Aontais, chun fíorú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(a)  barántúlacht an chárta aitheantais nó an doiciméid cónaithe;

(b)  céannacht an tsealbhóra trí bhíthin gnéithe inchomparáide atá ar fáil go díreach i gcás inar gá de réir an dlí an cárta aitheantais nó an doiciméad cónaithe a thaispeáint.

(7)  Coinneoidh na Ballstáit liosta na n-údarás inniúil a bhfuil rochtain acu ar na sonraí bithmhéadracha atá stóráilte ar an meán stórála dá dtagraítear in Airteagal 3(5) den Rialachán seo agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi ar bhonn bliantúil. Foilseoidh an Coimisiún cnuasach de na liostaí náisiúnta sin ar líne.

Airteagal 12

Faireachán

Faoi cheann 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún clár mionsonraithe ar bun chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchair an Rialacháin seo, lena n-áirítear a thionchar ar chearta bunúsacha.

Leagfar amach leis an gclár faireacháin na modhanna trína mbaileofar na sonraí agus an fhianaise eile is gá agus na tráthanna ag a mbaileofar iad. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na sonraí agus fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú.

Soláthróidh na Ballstáit na sonraí agus fianaise eile don Choimisiún atá riachtanach chun an faireachán sin a dhéanamh.

Airteagal 13

Tuairisciú agus meastóireacht

1.  Dhá bhliain agus aon bhliain déag, faoi seach, tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar a chur chun a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, go háirithe maidir le cosaint na gceart bunúsacha agus sonraí pearsanta.

2.  ▌Sé bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach sé bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Leagfar béim sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)  tionchar an Rialacháin seo ar chearta bunúsacha;

(b)  soghluaisteacht shaoránaigh an Aontais;

(c)  éifeachtacht an fhíoraithe bhithmhéadraigh chun slándáil doiciméad taistil a fhíorú;

(d)  úsáid fhéideartha cártaí cónaithe mar dhoiciméid taistil;

(e)  comhchuibhiú féideartha breise ar chuma na gcártaí aitheantais;

(f)  an gá le gnéithe comhchoiteanna slándála a thabhairt isteach do dhoiciméid aitheantais a úsáidtear ar bhonn sealadach d’fhonn iad a aithint ar bhealach níos fearr.

3.  Soláthróidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais an fhaisnéis don Choimisiún atá riachtanach chun na tuarascálacha sin a ullmhú.

Airteagal 14

Sonraíocht theicniúil bhreise

1.  Chun a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go gcomhlíonfaidh cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 2 na híoschaighdeáin slándála a bheidh ann amach anseo, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí teicniúla breise a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)   gnéithe slándála breise agus ceanglais bhreise lena n-áirítear caighdeáin fheabhsaithe in aghaidh brionnú, góchumadh agus falsú;

(b)  sonraíochtaí teicniúla do mheán stórála na ngnéithe bithmhéadracha dá dtagraítear in Airteagal 3(5) agus dá slándáil, lena n-áirítear rochtain neamhúdaraithe a chosc agus fíorú a éascú;

(c)  ceanglais cháilíochta agus comhchaighdeáin theicniúla don íomhá den aghaidh agus do na méarloirg.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

2.  I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2), féadfar a chinneadh go mbeidh an tsonraíocht dá dtagraítear san Airteagal seo rúnda agus nach bhfoilseofar í. I gcás mar sin, ní dhéanfar iad a chur ar fáil ach do na comhlachtaí sin a d’ainmnigh na Ballstáit ina gcomhlachtaí atá freagrach as iad a chur i gcló agus do dhaoine a bhfuil údarú cuí faighte acu ó Bhallstát nó ón gCoimisiún.

3.  Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht amháin a mbeidh an fhreagracht air as cártaí aitheantais a chló agus comhlacht amháin a mbeidh an fhreagracht air as cártaí cónaithe bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais a chló agus cuirfidh sé ainmneacha na gcomhlachtaí sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Beidh na Ballstáit i dteideal comhlachtaí ainmnithe den sórt sin a athrú agus cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin comhlacht amháin a ainmniú a mbeidh freagracht uirthi chun cártaí aitheantais agus cártaí cónaithe bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais a chló agus cuirfidh siad ainm an chomhlachta sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó a chinneadh freisin comhlacht amháin a ainmniú chun na críocha sin agus cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile dá réir.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.  Beidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 de chúnamh ag an gCoimisiún.

Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 367, 10.10.2018, lch. 78.
(2)IO C 367, 10.10.2018, lch. 78.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019.
(4)Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(5)Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaobhais le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíortha (IO L 286, 1.11.2017 , lch. 9).
(10)Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(11)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(12) IO L 338, 21.9.2018, lch. 22
(13) Nár foilsíodh go fóill.
(14) Cinneadh C(2018)7767 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2018, lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír.
(15) Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018), lch. 1).


Sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú ***I
PDF 230kWORD 74k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2008/96/CE maidir le sábhailteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú (COM(2018)0274 – C8-0196/2018 – 2018/0129(COD))
P8_TA-PROV(2019)0346A8-0008/2019
CEARTÚCHÁIN

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0274),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91(1)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0196/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Feabhra 2019(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0008/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2008/96/CE maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú(3)

P8_TC1-COD(2018)0129


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(4),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(5),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(6),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Iúil 2010 chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal ‘I dtreo limistéir Eorpaigh sábháilteachta ar bhóithre: treoshuíomhanna beartas maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-2020’, sonraíodh gurb iad cuspóirí straitéiseacha an Aontais líon na mbásanna ar na bóithre a laghdú faoina leath faoi 2020 i gcomparáid le 2010 agus, faoin mbliain 2050, é a laghdú go nialas nó geall leis. Mar sin féin, is beag dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Ina conclúidí an 8 Meitheamh 2017 maidir le sábháilteacht ar bhóithre, lena bhformhuinítear Dearbhú Vaileite Mhárta 2017, formhuinítear sprioc eatramhach nua chun líon na ngortuithe tromchúiseacha a laghdú faoina leath faoi 2030 i gcomparáid lena líon in 2020. Tá gá le hiarrachtaí níos mó, dá bhrí sin, chun an dá sprioc sin a bhaint amach.

(2)  De réir chur chuige an Chórais Shábháilte, is féidir bás agus gortú tromchúiseach i dtionóiscí bóthair a chosc, den chuid is mó. Ba cheart gur freagracht chomhroinnte ar gach leibhéal é a áirithiú nach mbíonn gortuithe tromchúiseacha nó bás ann mar thoradh ar thionóiscí bóthair. Go háirithe, ba cheart dóchúlacht na dtionóiscí bóthair a laghdú le bóithre atá dea-dheartha agus atá cothabháilte mar is ceart agus ar a bhfuil marcálacha agus comharthaíocht shoiléir, agus ba cheart, le bóithre atá ‘maiteach’ (bóithre a leagtar amach ar bhealach cliste chun a áirithiú nach mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha nó marfacha ann ar an toirt i gcás earráidí tiomána), déine na dtionóiscí bóthair a laghdú. Ba cheart go soláthródh an Coimisiún treoir do sholáthar agus do chothabháil ‘cois bóthar atá maiteach’, ag tógáil ar an taithí atá ag na Ballstáit go léir.

(3)  Na bóithre sa ghréasán bóithre tras-Eorpach (gréasán TEN-T) a shainaithnítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), is ríthábhachtach iad chun tacú le lánpháirtíocht na hEorpa. Ba cheart ardleibhéal sábháilteachta a ráthú, dá bhrí sin, ar na bóithre sin.

(4)  Leis na nósanna imeachta maidir le bainistiú na sábháilteachta bonneagair bóithre, a cuireadh chun feidhme ar ghréasán TEN-T, cuidíodh le básanna, agus le gortuithe tromchúiseacha, a laghdú san Aontas. Is léir ón meastóireacht ar éifeachtaí Threoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) go bhfuil feidhmíocht i bhfad níos fearr bainte amach ag na Ballstáit sin a bhfuil prionsabail i ndáil le sábháilteacht bonneagair bóithre a bhainistiú (RISM) á gcur i bhfeidhm acu, ar bhonn deonach, ar a gcuid bóithre náisiúnta lastall de ghréasán TEN-T ná mar atá ag na Ballstáit sin nach ndearna amhlaidh. Is inmhianaithe freisin, dá bhrí sin, go gcuirfí i bhfeidhm na prionsabail RISM sin i leith codanna eile den ghréasán bóithre Eorpach.

(5)  Maidir leis na codanna de bhóithre atá tógtha ar dhroichid agus na codanna de bhóithre a ghabhann trí tholláin atá ina gcuid freisin den ghréasán, tá sé tábhachtach go mbeidh siad faoi raon feidhme na Treorach seo, a mhéid a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, cé is moite de tholláin a chumhdaítear le Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9).

(6)  Ar chúiseanna sábháilteachta ar bhóithre, tá sé tábhachtach gurb ann do bhealaí isteach i limistéir pháirceála ar feadh an ghréasáin a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, go háirithe mótarbhealaí agus príomhbhóithre, agus gurb ann do bhealaí amach astu.

(7)  Tá dálaí séasúracha an-éagsúil lena chéile idir na Ballstáit agus idir na réigiúin. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfear na dálaí sin san áireamh mar is iomchuí sna forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo.

(8)  Tarlaíonn líon mór tionóiscí bóthair ar líon beag bóithre, ar a mbíonn méid mór tráchta agus ardluasanna agus réimse leathan tráchta ag taisteal ar luasanna éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart, leis an leathnú teoranta ar raon feidhme Threoir 2008/96/CE do mhótarbhealaí agus do phríomhbhóithre eile lastall de ghréasán TEN-T, go rannchuideofaí go mór leis an tsábháilteacht bonneagair bóithre ar fud an Aontais a fheabhsú.

(9)  Chun a áirithiú go mbeidh an éifeacht bheartaithe ag an leathnú ar an raon feidhme, luíonn sé le réasún go n-áireofaí i measc na bpríomhbhóithre seachas mótarbhealaí na bóithre uile a bhaineann leis an gcatagóir is airde de bhóithre faoi bhun na catagóire ‘mótarbhealach’ san aicmiú náisiúnta bóithre. Ar an gcúis chéanna, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a áirithiú go gcumhdófar leis an Treoir seo ar a laghad gach bóthar a raibh feidhm ag Treoir 2008/96/CE ina leith roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear ar bhonn deonach.

(10)  Ba cheart go n-áiritheofaí, le cur i bhfeidhm éigeantach nósanna imeachta a leagtar síos i dTreoir 2008/96/CE, ar aon tionscadal bonneagair bóthair lasmuigh de cheantair uirbeacha a thugtar chun críche agus leas á bhaint as cistiú ón Aontas, nach n-úsáidtear cistí de chuid an Aontais chun bóithre neamhshábháilte a thógáil.

(11)  Is bonneagar bóithre amháin a chumhdaítear le Treoir 2008/96/CE. Dá bhrí sin, ní dhéanann an Treoir seo difear do dhlí an tráchta ar bhóithre, ná d’inniúlacht na mBallstát cinntí a dhéanamh ar a n-údarás féin i dtaca le dlí an tráchta ar bhóithre. Ba cheart urraim a tabhairt do Choinbhinsiún na Ginéive um Thrácht ar Bhóithre an 19 Meán Fómhair 1949 agus do Choinbhinsiún Vín um Thrácht ar Bhóithre an 8 Samhain 1968, chomh maith le Coinbhinsiún Vín um Chomharthaíocht Bhóthair an 8 Samhain 1968.

(12)  Tá an measúnú rioscabhunaithe ar shábháilteacht ar bhóithre ar fud an ghréasáin tar éis teacht chun cinn mar uirlis éifeachtúil éifeachtach chun codanna den ghréasán a shainaithint ar cheart díriú orthu le cigireachtaí sábháilteachta bóithre níos mionsonraithe agus chun tús áite a thabhairt don infheistíocht de réir a hacmhainneachta feabhsuithe sábháilteachta ar fud an ghréasáin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart an gréasán bóithre ina iomláine a chumhdaítear leis an Treoir seo a mheasúnú go córasach, lena n-áirítear trí mheán sonraí arna mbailiú trí mhodhanna leictreonacha agus digiteacha, chun cur leis an tsábháilteacht ar bhóithre ar fud an Aontais.

(13)  Leis na heilimintí is fearr feidhmíocht ón ‘nós imeachta maidir le rangú agus bainistiú sábháilteachta an ghréasáin bóithre atá in úsáid cheana’, a bhí ann roimhe seo, a chomhtháthú sa nós imeachta nua maidir le measúnú ar shábháilteacht ar bhóithre ar fud an ghréasáin, ba cheart go bhféadfaí codanna bóithre, lena mbaineann na deiseanna is mó chun an tsábháilteacht a fheabhsú agus ina mbainfí na feabhsuithe is fearr amach ach idirghabhálacha spriocdhírithe a dhéanamh, a shainaithint ar bhonn níos fearr.

(14)  Chun feabhas a chur ar cháilíocht, oibiachtúlacht agus éifeachtacht nósanna imeachta RISM, is tairbhiúil a chur ar chumas na mBallstát leas a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as na teicneolaíochtaí le haghaidh codanna den bhóthar a iniúchadh, dálaí maidir le sábháilteacht ar bhóithre a dhoiciméadú agus sonraí eile a bhaineann le sábháilteacht an ghréasáin bóithre, ar teicneolaíochtaí iad atá á bhforbairt i rith an ama.

(15)  Tá sé ríthábhachtach obair leantach chórasach a dhéanamh ar thorthaí na nósanna imeachta maidir le RISM chun na feabhsuithe ar an tsábháilteacht bonneagair bóthair a bhaint amach, ar feabhsuithe iad a theastaíonn chun cuspóirí an Aontais a chomhlíonadh i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre. Chuige sin, ba cheart a áirithiú, le pleananna gníomhaíochta tosaíochta, go gcuirfear na hidirghabhálacha is gá chun feidhme a luaithe is féidir. Go háirithe, mar bhearta leantacha i dtaobh thorthaí an mheasúnaithe ar shábháilteacht ar bhóithre a rinneadh ar fud an ghréasáin, ba cheart cigireachtaí spriocdhírithe a dhéanamh ar shábháilteacht ar bhóithre nó, más féidir agus más cost-éifeachtúil, gníomhaíocht cheartaitheach dhíreach a dhéanamh a mbeadh sé mar aidhm léi rioscaí sábháilteachta ar bhóithre a dhíothú nó a laghdú gan ualach riaracháin míchuí a bheith ag baint léi.

(16)  Ba cheart feidhmíocht sábháilteachta na mbóithre atá ann cheana a fheabhsú trí infheistíocht a spriocdhíriú ar na codanna bóithre lena mbaineann an dlús tionóiscí is airde agus an acmhainneacht is airde chun tionóiscí a laghdú.

(17)  Is féidir, i gcomhréir leis na coinníollacha is infheidhme, úsáid a bhaint as cistiú agus dreasachtaí airgeadais ar leibhéal an Aontais chun tacaíocht a sholáthar don infheistíocht sin, agus, sa chaoi sin, infheistíocht náisiúnta agus dreasachtaí náisiúnta comhfhreagracha a chomhlánú.

(18)  Tá ardriosca tionóisce ag roinnt, go háirithe, le codanna den ghréasán bóithre atá tadhlach le tolláin bhóthair an ghréasáin thras-Eorpaigh bóithre a chumhdaítear le Treoir 2004/54/CE. Ba cheart cigireachtaí comhpháirteacha ar an tsábháilteacht ar bhóithre a thabhairt isteach, dá bhrí sin, i gcás na gcodanna bóithre sin, a mbeadh idir ionadaithe ó na húdaráis inniúla bóithre agus ó na húdaráis inniúla tollán rannpháirteach iontu, d’fhonn feabhas a chur ar shábháilteacht an ghréasáin bóithre a chumhdaítear leis an Treoir seo.

(19)  B’úsáideoirí soghonta bóithre iad 47 % de na daoine a maraíodh ar bhóithre san Aontas in 2017. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na húsáideoirí soghonta níos sábháilte ar an mbóthar trína áirithiú go gcuirfear a leasanna san áireamh i ngach nós imeachta maidir le RISM agus trí fhorbairt na gceanglas cáilíochta le haghaidh an bhonneagair do na húsáideoirí sin.

(20)  Chun na Ballstáit a chumasú feabhas a chur ar a nósanna imeachta arb é is aidhm dóibh úsáid oibríochtúil a marcanna bóthair agus a gcomharthaí bóthair a áirithiú, ba cheart sonraíochtaí comhchoiteanna a bhunú chun inléiteacht agus inbhraiteacht éifeachtach marcanna bóthair agus comharthaí bóthair a chothú do thiománaithe agus do chórais uathoibrithe chúnta tiománaí.

(21)  Is tosaíocht é freisin an tsábháilteacht a fheabhsú maidir le trasnuithe iarnróid (i.e. comharthaíocht, feabhsú bonneagair). De réir Thuarascáil 2018 ar Shábháilteacht agus Idir-inoibritheacht Iarnróid ó Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, in 2016, bhí 433 thionóisc shuntasacha ann ar 108 000 crosaire comhréidh san Aontais, agus ag eascairt uathu maraíodh 255 dhuine agus gortaíodh go dona 217 nduine. Dá bhrí sin, ba cheart crosairí comhréidhe a bhfuil riosca mór sábháilteachta ag baint leo a shainaithint, d’fhonn iad a fheabhsú.

(22)  Tá marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair ardcháilíochta ríthábhachtach chun tacú le tiománaithe agus le feithiclí nasctha agus uathoibrithe. Ba cheart go mbeadh sonraíochtaí coiteanna le haghaidh marcálacha agus comharthaí bóthair ina mbonn chun éascú a dhéanamh ar leathadh amach na n-ardchóras soghluaisteachta nasctha agus uathoibrithe. B’fhearr cur chuige comhpháirteach Eorpach i gcomhréir le Coinbhinsiún Vín 1968 maidir le Comharthaí Bóthair agus Comharthaí a bheith ann.

(23)  Chun na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ó chur i bhfeidhm na Treorach seo a threisiú agus chun leibhéal leormhaith sábháltachta i gcásanna éigeandála a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit comhar a éascú idir a seirbhísí cosanta sibhialta, freagartha éigeandála agus póilíneachta tráchta, i gcás inarb iomchuí agus go háirithe i gcodanna trasteorann de bhóithre. I gcás ina bhfuil gá le comhar idir na Ballstáit sna gníomhaíochtaí sin, tá creat na críche sin ag gabháil le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta de bhun Chinneadh 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10).

(24)  Gan dochar do reachtaíocht maidir le soláthar poiblí, go háirithe Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), ba cheart go mbeadh rochtain ag an bpobal ar na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le sábháilteacht i gcásanna ina ndéanfar soláthairtí poiblí in earnáil an bhonneagair bóithre.

(25)  Chun trédhearcacht a bhaint amach agus cuntasacht a fheabhsú, ba cheart rátálacha sábháilteachta bóithre a thuairisciú ionas go mbeifear in ann úsáideoirí bóithre a chur ar an eolas faoi staid an bhonneagair agus go músclófaí a bhfeasacht i gcoitinne.

(26)  Ba cheart go spreagfaí malartú taithí maidir le modheolaíochtaí Córais Shábháilte idir cleachtóirí agus malartú faisnéise idir iniúchóirí sábháilteachta bóthair.

(27)  Ba cheart go bhféadfaí leibhéal na sábháilteachta bonneagair bóithre a chur i gcomparáid ar fud an Aontais ach na torthaí ar na measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin a fhoilsiú.

(28)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon nósanna imeachta a bhunú chun ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre a áirithiú ar fud ghréasáin TEN-T agus ar fud ghréasán na mótarbhealaí agus na bpríomhbhóithre ar fud an Aontais, a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir, ós rud é go bhfuil feabhsú riachtanach ar fud an Aontais chun cóineasú a áirithiú i dtreo caighdeáin níos airde sábháilteachta bonneagair bóthair, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Mar thoradh ar ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, ba cheart go mbeadh an taisteal ar fud an Aontais níos sábháilte amach anseo agus, ba cheart, ag eascairt ón méid sin, go gcuirfí feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus go dtacófaí le cuspóir an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh.

(29)  D’fhonn a áirithiú go léireofar i gcónaí, le hábhar nósanna imeachta maidir le RISM, an t-eolas teicniúil is fearr atá ar fáil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(30)  Tá gá le bearta sonracha chun cleachtais bhainistíochta sábháilteachta bóithre a fheabhsú go leanúnach agus le gur fusa a bheidh sé d’fheithiclí atá feistithe le córais cúnaimh tiománaí nó a bhfuil leibhéil níos airde uathoibrithe acu marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair a aithint. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha ábhartha na Treorach seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13).

(31)  Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2008/96/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2008/96/CE

Leasaítear Treoir 2008/96/CE mar a leanas:

(1)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:"

‘Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leis an Treoir seo, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit nósanna imeachta a chur chun feidhme agus a bhunú, maidir le measúnuithe tionchair i leith na sábháilteachta ar bhóithre, iniúchtaí ar an tsábháilteacht ar bhóithre, cigireachtaí sábháilteachta bóithre agus measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin.

2.  Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le bóithre atá mar chuid den ghréasán bóithre tras-Eorpach, maidir le mótarbhealaí agus maidir le príomhbhóithre eile, bíodh siad á ndearadh, á dtógáil nó in úsáid cheana.

3.  Beidh feidhm ag an Treoir seo, freisin, maidir le bóithre agus maidir le tionscadail bonneagair bóithre nach gcumhdaítear le mír 2 atá suite lasmuigh de limistéir uirbeacha, nach bhfreastalaíonn ar réadmhaoin atá i dteorainn leo, a thugtar chun críche agus leas á bhaint as cistiú ón Aontas, ach amháin bóithre nach bhfuil oscailte do trácht mótarfheithicle ginearálta, amhail raonta rothar, nó bóithre nach bhfuil deartha le haghaidh trácht ginearálta, amhail bóithre rochtana ar láithreáin thionsclaíocha, talmhaíochta agus foraoiseachta.

4.  Féadfaidh na Ballstáit príomhbhóithre a bhfuil riosca íseal do shábháilteacht ag baint leo a dhíolmhú ó raon feidhme na Treorach seo, bunaithe ar fhorais a bhfuil údar cuí leo agus atá nasctha le méideanna tráchta agus le staitisticí tionóisce.

Féadfaidh na Ballstáit bóithre nach dtagraítear dóibh i mír 2 ná i mír 3 a áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo.

Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin faoin ... [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], an liosta de mhótarbhealaí agus de phríomhbhóithre ar a chríoch agus, aon athruithe a dhéanfar air ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na bóithre a bhfuil díolúine acu i gcomhréir leis an mír seo ó raon feidhme na Treorach seo nó atá san áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo, agus, maidir le haon athruithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

Foilseoidh an Coimisiún an liosta de na bóithre a dtabharfar fógra ina leith i gcomhréir leis an Airteagal seo.

5.  Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na tollán bóthair a chumhdaítear le Treoir 2004/54/CE.”;

"

(2)  Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:"

"1. ciallaíonn ‘gréasán tras-Eorpach bóithre’ an gréasán bóithre a shainaithnítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;

_____________________

* Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).’;

"

(b)  cuirtear na pointí seo a leanas isteach:"

"2a. ciallaíonn ‘mótarbhealach’ bóthar a dheartar agus a thógtar go speisialta le haghaidh mótarthráchta, nach bhfreastalaíonn ar réadmhaoin atá i dteorainn leis, agus a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

   (a) tá sé feistithe, ach amháin ag pointí speisialta nó go sealadach, le carrbhealaí ar leith don trácht ó dhá threo, scartha óna chéile le stiall dhealaithe nach bhfuil beartaithe le haghaidh tráchta, nó go heisceachtúil, trí mhodhanna eile;
   (b) ní thrasnaíonn ar leibhéal le haon bhóthar, iarnród, trambhealach, raon rothar nó cosán;
   (c) tá sé ainmnithe go sonrach mar mhótarbhealach;

2b.  ciallaíonn ‘príomhbhóthar’ bóthar atá lasmuigh de limistéir uirbeacha agus a nascann mórchathracha nó réigiúin, nó iad araon, ar bóthar é a bhaineann leis an gcatagóir is airde de bhóithre faoi bhun na catagóire ‘mótarbhealach’ san aicmiú náisiúnta bóithre atá i bhfeidhm an ... [dáta foilsithe na Treorach leasaithí seo in IO];”

"

(c)  scriostar pointe 5;

(d)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6 agus phointe 7:"

"6. ciallaíonn ‘rátáil sábháilteachta’ codanna den ghréasán bóithre atá ann cheana a rangú i gcatagóirí de réir a sábháilteachta ionsuite, ar sábháilteacht ionsuite í a thomhaistear go hoibiachtúil;

7.  ciallaíonn ‘cigireacht spriocdhírithe sábháilteachta bóithre’ imscrúdú spriocdhírithe chun dálaí guaiseacha, fabhtanna agus fadhbanna a shainaithint, lena méadaítear an riosca go dtarlódh tionóiscí agus gortuithe, bunaithe ar chuairt ar láthair bóthair nó coda de bhóthar;;

"

(e)   cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"

"7a. ciallaíonn ‘cigireacht thréimhsiúil sábháilteachta bóithre’ gnáthfhíorú tréimhsiúil na saintréithe agus na bhfabhtanna a bhfuil gá le hobair chothabhála ina leith ar chúiseanna sábháilteachta;”;

"

(f)  cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

"10. ciallaíonn ‘úsáideoir soghonta bóithre’ úsáideoirí bóithre gan inneall, lena n-áirítear, go háirithe, rothaithe agus coisithe, mar aon le húsáideoirí dé-rothaigh chumhachtaithe.”;

"

(3)  in Airteagal 4, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:"

"5a. Soláthróidh an Coimisiún treoirlínte do dhearadh ‘cois bóthair atá maiteach’ agus ‘bóithre féinmhínitheacha agus féin-fhorfheidhmithe’ sa chéad iniúchadh de chéim an deartha mar aon le ceanglais maidir le húsáideoirí soghonta bóthair. Déanfar an treoir sin a fhorbairt i ndlúthchomhar le saineolaithe de chuid na mBallstát.”;

"

(4)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:"

Airteagal 5

Measúnú sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin, ar an ngréasán bóithre ina iomláine atá in úsáid cheana agus a chumhdaítear leis an Treoir seo. ▌

2.  Le measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin, déanfar meastóireacht ar an riosca go dtarlódh tionóiscí agus imbhuailtí tromchúiseacha, bunaithe orthu seo a leanas:

   (a) go príomha, amharcscrúdú, bíodh sin ar an láthair nó trí mheáin leictreonacha, ar shaintréithe deartha an bhóthair (sábháilteacht ionsuite); agus
   (b) anailís ar chodanna den ghréasán bóithre atá i seirbhís le níos mó ná trí bliana anuas agus ar ar tharla líon mór tionóiscí tromchúiseacha i gcomhréir leis an sreabhadh tráchta.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an chéad mheasúnú sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin a chur i gcrích faoi 2024 ar a dhéanaí. Measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin a chuirfear i gcrích ina dhiaidh sin, cuirfear i gcrích iad minic go leor chun leibhéil leordhóthanacha sábháilteachta a áirithiú ach, in aon chás, cuirfear i gcrích iad gach cúig bliana ar a laghad.

4.  Agus an measúnú sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin á chur i gcrích, féadfaidh na Ballstáit na heilimintí táscacha a leagtar síos in Iarscríbhinn III a chur san áireamh.

5.  Soláthróidh an Coimisiún treoir maidir leis an modheolaíocht le haghaidh measúnuithe córasacha sábháilteachta bóithre agus rátálacha sábháilteachta bóithre a chur i gcrích ar fud an ghréasáin.

6.  Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, agus chun críche riachtanais maidir le gníomhaíocht bhreise a chur in ord tosaíochta, déanfaidh na Ballstáit na codanna uile den ghréasán bóithre a aicmiú i dtrí chatagóir ar a laghad de réir a leibhéil sábháilteachta.”;

"

(5)  Leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Airteagal 6

Cigireachtaí tréimhsiúla sábháilteachta bóithre”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

"1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cigireachtaí tráthúla ar an tsábháilteacht ar bhóithre minic a ndóthain chun leibhéil sábháilteachta leormhaithe a choimirciú don bhonneagar bóithre i dtrácht.”;

"

(c)  scriostar mír 2;

(d)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

"3. Áiritheoidh na Ballstáit sábháilteacht na gcodanna sin den ghréasán bóithre atá tadhlach le tolláin bhóthair a chumhdaítear le Treoir 2004/54/CE trí chigireachtaí comhpháirteacha ar an tsábháilteacht ar bhóithre lena mbaineann na heintitis inniúla a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme na Treorach seo agus Threoir 2004/54/CE. Déanfar na cigireachtaí comhpháirteacha minic a ndóthain chun leibhéil leormhaithe sábháilteachta a áirithiú, ach in aon chás, déanfar iad ar a laghad gach bliana.”;

"

(6)  cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:"

“Airteagal 6a

Nósanna imeachta leantacha maidir le bóithre atá in úsáid cheana

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreastalófar ar na torthaí a bheidh ar na measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin, a chuirfear i gcrích de bhun Airteagal 5, trí cigireachtaí spriocdhírithe ar an tsábháilteacht ar bhóithre nó gníomhaíocht dhíreach feabhais a dhéanamh ina ndiaidh.

2.  Agus cigireachtaí spriocdhírithe ar an tsábháilteacht ar bhóithre á chur i gcrích, féadfaidh na Ballstáit na heilimintí táscacha a leagtar síos in Iarscríbhinn IIa a chur san áireamh.

3.  Is foirne saineolaithe a chuirfidh cigireachtaí spriocdhírithe sábháilteachta bóithre i gcrích. Comhlíonfaidh comhalta amháin ar a laghad den fhoireann saineolaithe na ceanglais a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 9(4).

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreastalófar ar thorthaí na gcigireachtaí ▌spriocdhírithe sábháilteachta bóithre trí chinntí réasúnaithe a dhéanamh ina ndiaidh lena gcinnfear an gá gníomhaíocht feabhais a dhéanamh. Go háirithe, sainaithneoidh na Ballstáit codanna bóthair a dteastaíonn ▌feabhsuithe ina leith ó thaobh shábháilteacht an bhonneagair bóthair agus saineoidh siad gníomhaíochtaí chun sábháilteacht na gcodanna bóthair sin a fheabhsú.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíocht feabhais a spriocdhíriú go príomha ar chodanna bóthair lena ngabhann leibhéil ísle sábháilteachta agus a bhfuil an deis ann bearta a chur chun feidhme ina leith a bhféadfadh forbairt sábháilteachta agus coigiltis maidir le costais tionóisce a bheith ag roinnt leo.

6.  Ullmhóidh na Ballstáit plean gníomhaíochta rioscabhunaithe, a dtabharfar tosaíocht dó, chun cur chun feidhme gníomhaíochta feabhais a shainaithnítear a rianú agus tabharfaidh siad an plean sin cothrom le dáta go tráthrialta.▌

Airteagal 6b

Úsáideoirí soghonta bóithre a chosaint

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear riachtanais úsáideoirí soghonta bóithre san áireamh i gcur i bhfeidhm na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 3 go hAirteagal 6.

Airteagal 6c

Marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair

1.  Déanfaidh na Ballstáit aird ar leith a thabhairt, sna nósanna imeachta atá acu faoi láthair agus sna cinn a bheidh acu amach anseo maidir le marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair, ar inléiteacht agus inbhraiteacht do thiománaithe agus do chórais uathoibríocha cúnaimh tiománaí. Leis na nósanna imeachta sin, cuirfear san áireamh sonraíochtaí comhchoiteanna i gcás inar bunaíodh sonraíochtaí comhchoiteanna i gcomhréir le mír 3.

2.  Déanfaidh grúpa saineolaithe arna bhunú ag an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná Meitheamh 2021, measúnú ar an deis chun sonraíochtaí comhchoiteanna a bhunú lena n-áirítear gnéithe éagsúla arb é is aidhm dóibh úsáid oibríochtúil a marcálacha bóthair agus a gcomharthaí bóthair a áirithiú chun inléiteacht agus inbhraiteacht éifeachtach marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair do thiománaithe agus do chórais uathoibríocha chúnaimh tiománaí a chothú. Is saineolaithe a ainmneoidh an Ballstát a bhunóidh an grúpa. Beidh comhairliúchán le Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip san áireamh sa mheasúnú.

Cuirfear na heilimintí seo a leanas, go háirithe, san áireamh sa mheasúnú:

   (a) an idirghníomhaíocht idir teicneolaíochtaí éagsúla cúnaimh tiománaí agus bonneagar;
   (b) an éifeacht atá ag aimsir agus ag feiniméin atmaisféaracha, agus ag an trácht, ar mharcálacha bóthair agus ar chomharthaí bóthair a bhíonn ar chríoch an Aontais;
   (c) cineál agus minicíocht na n-iarrachtaí cothabhála is gá le haghaidh teicneolaíochtaí éagsúla, lena n-áirítear meastachán ar chostais.

3.  Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 2 á chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sonraíochtaí comhchoiteanna a bhunú, a bhaineann le nósanna imeachta na mBallstát dá dtagraítear i mír 1 arb é is aidhm dóibh úsáid oibríochtúil a marcanna bóthair agus a gcomharthaí bóithre a áirithiú, i dtaca le hinléiteacht agus inbhraiteacht éifeachtach na marcanna do thiománaithe agus do chórais uathoibríocha chúnaimh tiománaí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Beidh na gníomhartha cur chun feidhme gan dochar d’inniúlacht an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú maidir le caighdeáin le haghaidh marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair.

Airteagal 6d

Faisnéis agus trédhearcacht

Foilseoidh an Coimisiún léarscáil Eorpach den ghréasán bóthair atá faoi raon na Treorach seo, ar léarscáil í a mbeidh rochtain uirthi ar líne agus ina leagfar béim ar chatagóirí éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 5(6).

Airteagal 6e

Tuairisciú deonach

Déanfaidh na Ballstáit iarracht córas tuairiscithe dheonaigh a bhunú, a mbeidh rochtain air ar líne, chun bailiú na sonraí maidir le tarluithe, arna dtarchur ag úsáideoirí bóthair agus feithiclí, a éascú mar aon le haon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht an bhonneagair bóithre.”;

"

(7)  in Airteagal 7, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:"

"1a. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun treoir a sholáthar ar dá réir a bheidh déine tionóiscí, lena n-áirítear líon na mbásanna agus na ndaoine a ghortaítear, le tuairisciú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).”;

"

(8)  in Airteagal 9, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:"

"1a. Maidir le hiniúchóirí sábháilteachta bóthair a dhéanfaidh a gcuid oiliúna ón ... [5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sna curaclaim oiliúna gnéithe a bhaineann le húsáideoirí soghonta bóthair agus leis an mbonneagar do na húsáideoirí sin.”;

"

(9)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:"

“Airteagal 10

Malartú dea-chleachtas

Chun an tsábháilteacht ar bhóithre an Aontais a fheabhsú, bunóidh an Coimisiún córas le haghaidh malartú faisnéise agus dea-chleachtas idir na Ballstáit, lena gcumhdófar, inter alia, curaclaim oiliúna d’iniúchóirí sábháilteachta bóthair, tionscadail sábháilteachta bonneagair bóthair atá ann cheana agus teicneolaíocht chruthaithe sábháilteachta bóithre.”;

"

(10)  in Airteagal 11, scriostar mír 2;

(11)  cuirtear isteach an tAirteagal a leanas:"

“Airteagal 11a

Tuairisciú

1.  Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 maidir le rangú sábháilteachta an ghréasáin ar fad arna mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 5. I gcás inar féidir, bunófar an tuarascáil ar mhodheolaíocht chomhchoiteann. Más infheidhme, cumhdófar sa tuarascáil freisin liosta na bhforálacha i dtreoirlínte nuashonraithe náisiúnta, lena n-áirítear go háirithe na feabhsuithe maidir leis an dul chun cinn teicneolaíoch agus cosaint úsáideoirí soghonta bóithre. Ón 31 Deireadh Fómhair 2025 i leith, soláthrófar na tuarascálacha gach cúig bliana.

2.  Ar bhonn anailíse a dhéanfar ar thuarascálacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, ar an gcéad ásc faoin 31 Deireadh Fómhair 2027 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur chun feidhme na Treorach seo, go háirithe maidir leis na gnéithe dá dtagraítear i mír 1, agus ar bhearta féideartha eile, lena n-áirítear an Treoir seo a leasú lena hoiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

"

(12)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:"

“Airteagal 12

Na hIarscríbhinní a leasú

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a lena leasaítear na hIarscríbhinní chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

"

(13)  cuirtear isteach an tAirteagal a leanas:"

“Airteagal 12a

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithíseo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr ▌*.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

_____________________

* IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

"

(14)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:"

“Airteagal 13

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

_____________________

* Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;

"

(15)  déantar na hIarscríbhinní a leasú mar a leagtar é sin amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Trasuí

1.  Tabharfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh i bhfeidhm faoin ... [24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Treorach seo]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/96/CE mar a leanas:

(1)  Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“IARSCRÍBHINN I

GNÉITHE TÁSCACHA DE MHEASÚNUITHE TIONCHAIR MAIDIR LEIS AN tSÁBHÁILTEACHT AR BHÓITHRE”;

(b)  i roinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

"(e) trácht (e.g. méid an tráchta, catagóiriú tráchta de réir cineáil), lena n-áirítear sreafaí measta coisithe agus rothar arna chinneadh ó thréithe úsáid na talún cois bóthair;”;

(2)  Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“IARSCRÍBHINN II

GNÉITHE TÁSCACHA D’INIÚCHTAÍ MAIDIR LEIS AN tSÁBHÁILTEACHT AR BHÓITHRE”;

(b)  i roinn 1, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(n) forálacha d’úsáideoirí soghonta bóithre:

(i)  forálacha do choisithe,

(ii)  forálacha do rothaithe, lena n-áirítear bealaí malartacha nó bealaí atá scartha ó mhótarthrácht ardluais,

(iii)  forálacha do dhé-rothaigh chumhachtaithe,

(iv)  dlús agus suíomh na gcrosairí do choisithe agus do rothaithe,

(v)  forálacha do choisithe agus do rothaithe ar bhóithre a ndéanfar difear dóibh sa limistéar,

(vi)  deighilt coisithe agus rothaithe ó mhótarthrácht ardluais nó bealaí díreacha malartacha a bheith ann cheana féin ar bhóithre níos ísle san aicmiú;";

(c)  i roinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

"(h) forálacha d’úsáideoirí soghonta bóithre:

(i)  forálacha do choisithe,

(ii)  forálacha do rothaithe,

(iii)  forálacha do dhé-rothaigh chumhachtaithe.";

(3)  cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:

“IARSCRÍBHINN IIa

EILIMINTÍ TÁSCACHA NA gCIGIREACHTAÍ SPRIOCDHÍRITHE SÁBHÁILTEACHTA BÓITHRE

1.  Ailíniú bóthair agus trasghearradh bóthair:

(a)  infheictheacht agus faid radhairc;

(b)  teorainn luais agus criosú luais;

(c)  ailíniú féinmhínitheach (i.e. ‘inléiteacht’ an ailínithe d’úsáideoirí bóthair);

(d)  rochtain ar mhaoin agus ar fhorbairtí cois bóthair;

(e)  rochtain ag feithiclí éigeandála agus seirbhíse;

(f)  ceapa ag droichid agus ag lintéir;

(g)  leagan amach cois bóthair (guaillí bóthair, titim phábhála, fánaí gearrtha agus líonta).

2.  Trasbhóithre agus acomhail mótarbhealaigh:

(a)  oiriúnacht cineáil trasbhóthair/ acomhail mótharbhealaigh;

(b)  geoiméadracht trasbhóthair/ leagan amach acomhail mótarbhealaigh;

(c)  infheictheacht agus inléiteacht (aireachtáil) trasbhóithre;

(d)  infheictheacht ag an dtrasbhóthar;

(e)  leagan amach na lánaí tánaisteacha ag trasbhóithre;

(f)  rialú tráchta trasbhóthair (e.g. stoprialaithe, soilse tráchta etc.);

(g)  crosairí coisithe agus rothaíochta a bheith ann.

3.  Forálacha d'úsáideoirí soghonta bóithre:

(a)  forálacha do choisithe;

(b)  forálacha do rothaithe;

(c)  forálacha do dhé-rothaigh chumhachtaithe.;

(d)  Iompar poiblí agus bonneagair phoiblí;

(e)  crosairí bóthair / iarnróid (taifead a dhéanamh, go háirithe, de chineál an chrosaire agus i dtaobh an bhfuil siad foireannaithe, gan foireann nó uathoibrithe).

4.  Soilsithe, comharthaí agus marcanna:

(a)  comharthaí bóthair comhtháite, nach laghdaíonn infheictheacht;

(b)  inléiteacht na gcomharthaí bóthair (suíomh, méid, dath);

(c)  cuaillí eolais;

(d)  marcanna bóthair agus teorainneacha bóthair comhtháite;

(e)  inléiteacht na marcanna bóthair (suíomh, méideanna agus ais-fhrithchaiteacht faoi choinníollacha fliucha nó tirime);

(f)  codarsnacht chuí marcanna bóthair;

(g)  bóithre agus trasbhóithre soilsithe a shoilsiú;

(h)  trealamh iomchuí cois bóthair.

5.  Soilse tráchta:

(a)  oibriúchán;

(b)  infheictheacht.

6.  Réada, criosanna folmha agus córais srianta bóthair:

(a)  timpeallacht cois bóthair lena n-áirítear fásra;

(b)  guaiseacha cois bóthair agus fad ó chiumhais charrbhealaigh nó ó imeall raon rothaíochta;

(c)  dea-oiriúnú córas srianta bóthair (lárthearmainn débhealaigh agus bacainní tuairte d’fhonn úsáideoirí soghonta bóithre a chosaint ar ghuaiseacha);

(d)  ceapa deiridh bacainní tuairte;

(e)  córais iomchuí srianta bóthair ag droichid agus ag lintéir;

(f)  fálta (maidir le bóithre ar a bhfuil rochtain shrianta).

7.  Pábháil:

(a)  fabhtanna pábhála;

(b)  neamhsciorracht;

(c)  ábhar scaoilte/ gairbhéal/ clocha;

(d)  linnte, draenáil uisce.

8.  Droichid agus tolláin:

(a)  droichid a bheith ann agus líon na ndroichead;

(b)  tolláin a bheith ann agus líon na dtollán;

(c)  gnéithe físiúla a léiríonn guaiseacha sábhailteachta le haghaidh fheidhmíocht structúrach an bhonneagair.

9.  Saincheisteanna eile:

(a)  limistéir pháirceála agus scíthe atá sábháilte a sholáthar;

(b)  foráil a dhéanamh d'fheithiclí troma;

(c)  dianloinnir cheannlampa;

(d)  oibreacha bóthair;

(e)  gníomhaíochtaí cois bóthair nach bhfuil sábháilte;

(f)  faisnéis iomchuí a bheith ar fáil ó threalamh córais cliste iompair (e.g. comharthaí um theachtaireachtaí athraitheacha)

(g)  fiadhúlra agus ainmhithe;

(h)  foláirimh creasa scoile (más infheidhme).";

(4)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

“IARSCRÍBHINN III

EILIMINTÍ TÁSCACHA NA MEASÚNUITHE SÁBHÁILTEACHTA BÓITHRE AR FUD AN GHRÉASÁIN

1.  Faisnéis Ghinearálta:

(a)  cineál bóthair i ndáil le cineál agus méid na réigiún/ na gcathracha lena nasctar é;

(b)  fad cuid de bhóthar;

(c)  cineál limistéir (limistéar tuaithe nó uirbeach);

(d)  úsáid talún (le haghaidh oideachais, tráchtála, tionscail agus monaraíochta, cónaithe, feirmeoireachta agus talmhaíochta, nó limistéir neamhfhorbartha);

(e)  dlús pointí rochtana ar mhaoin;

(f)  bóthar seirbhíse a bheith ann (e.g. le haghaidh siopaí);

(g)  oibreacha bóthair a bheith ann;

(h)  limistéar páirceála a bheith ann.

2.  Toirteanna tráchta:

(a)  toirteanna tráchta:

(b)  toirteanna gluaisrothar breathnaithe;

(c)  toirteanna coisithe breathnaithe ar an dá thaobh, agus "ar an taobh" nó "ag trasnú" taifeadta leo;

(d)  toirteanna rothair breathnaithe ar an dá thaobh, agus ‘ar an taobh’ nó ‘ag trasnú’ taifeadta leo;

(e)  toirteanna feithiclí troma breathnaithe;

(f)  sreafaí coisithe measta, bunaithe ar thréithe úsáid na talún cois bóthair;

(g)  sreafaí coisithe measta, bunaithe ar thréithe úsáid na talún cois bóthair.

3.  Sonraí faoi thionóiscí:

(a)  Líon, áit agus cúis na mbásanna de réir grúpa úsáideoirí bóthair

(b)  Líon agus suíomh na ngortuithe tromchúiseacha de réir grúpa úsáideoirí bóthair.

4.  Saintréithe oibriúcháin:

(a)  luasteorainn (luasteorainn ghinearálta do ghluaisrothair; do leoraithe);

(b)  luas oibriúcháin (85ú peircintíl);

(c)  bainistiú luais agus/nó moilliú tráchta;

(d)  trealamh córais cliste iompair a bheith ann: foláirimh scuaine, comharthaí um theachtaireachtaí athraitheacha;

(e)  foláireamh creasa scoile;

(f)  maoirseoir crosaire scoile a bheith i láthair ag tréimhsí forordaithe.

5.  Tréithe geoiméadracha:

(a)  tréithe trasghearrtha (líon, cineál agus leithead lánaí, leagan amach agus ábhar na nguaillí lárstráice, rianta rothair, cosáin etc.), lena n-áirítear a n-athraitheacht;

(b)  cuaire chothrománach;

(c)  leibhéal agus ailíniú ingearach;

(d)  infheictheacht agus faid radhairc.

6.  Réada, criosanna folmha agus córais srianta bóthair:

(a)  timpeallacht cois bóthair agus criosanna folmha;

(b)  bacainní fosaithe cois bóthair (e.g. cuaillí solais, crainn, etc.);

(c)  fad na mbacainní ó thaobh an bhóthair;

(d)  dlús na mbacainní;

(e)  stiallacha tormáin;

(f)  córais srianta bóthair.

7.  Droichid agus tolláin:

(a)  droichid a bheith ann agus líon na ndroichead, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leo;

(b)  tolláin a bheith ann agus líon na dtollán, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leo;

(c)  gnéithe físiúla a léiríonn guaiseacha sábhailteachta le haghaidh fheidhmíocht structúrach an bhonneagair.

8.  Trasbhóithre:

(a)  cineál an trasbhóthair agus líon a ghéag (taifead a dhéanamh go háirithe de chineál an rialaithe agus de thiontaithe cosanta más ann dóibh);

(b)  cainéalú a bheith ann;

(c)  cáilíocht an trasbhóthair;

(d)  toirt tráchta trasnaithe;

(e)  crosairí bóthair-iarnróid a bheith ann (taifead a dhéanamh go háirithe de chineál an chrosaire agus i dtaobh an bhfuil siad foireannaithe, gan foireann nó uathoibrithe).

9.  Cothabháil:

(a)  fabhtanna pábhála;

(b)  neamhsciorracht pábhála;

(c)  riocht gualainne (lena n-áirítear fásra);

(d)  riocht na gcomharthaí, na marcanna agus na dteorainneacha;

(e)  riocht na gcóras srianta bóthair.

10.  Saoráidí d'úsáideoirí soghonta bóithre:

(a)  crosairí coisithe agus rothaíochta (crosairí ar an dromchla agus deighilt leibhéal);

(b)  crosairí rothaíochta (crosairí ar an dromchla agus deighilt leibhéal);

(c)  fálú coisithe;

(d)  cosán nó saoráid scartha a bheith ann;

(e)  saoráidí rothar agus a gcineál (raonta rothaíochta, lánaí rothaíochta, eile);

(f)  cáilíocht crosaire coisithe sa mhéid a bhaineann le feiceálacht agus comharthaí na saoráide sin;

(g)  saoráidí trasnaithe coisithe agus rothaíochta ar ghéag iontrála mionbhóthair agus é ag nascadh le gréasán.

(h)  bealaí malartacha a bheith ann do choisithe agus do rothaithe in áiteanna nach bhfuil saoráidí deighilte ann.

11.  Córais réamhthuairte/iarthuairte le haghaidh gortú tráchta agus gnéithe maolaithe tromchúise:

(a)  Lárionaid oibríochtúla ghréasáin agus saoráidí patrólaithe eile;

(b)  Sásraí chun úsáideoirí bóthair a chur ar an eolas faoi dhálaí tiomána chun tionóiscí agus teagmhais a chosc;

(c)  Córais um Bhrath Uathoibríoch Teagmhais (AID): braiteoirí agus ceamaraí;

(d)  Córais Bainistithe Teagmhais;

(e)  Córais chun cumarsáid a dhéanamh le comhlachtaí éigeandála.”;

(5)  Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

"1. chomh beacht agus is féidir, suíomh na tionóisce, lena n-áirítear comhordanáidí GNSS;”;

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

‘(5) déine timpiste.’.

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 261
(2) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(3)* NÍL BHAILCHRÍOCH DHLÍTHEANGEOLAÍOCH DÉANTA AR AN TÉACS GO FÓILL
(4) IO C 62, 15.2.2019, lch. 261.
(5) IO C ...
(6) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019.
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
(8) Cinneadh 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le bainistiú na sábháilteachta bonneagair bóithre (IO L 319, 29.11.2008, lch. 59).
(9) Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le híoscheanglais sábháilteachta do tholláin sa Ghréasáin Tras-Eorpach Bóithre (IO L 167, 30.4.2004, lch. 39).
(10) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(11) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(12) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(13) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) ***I
PDF 413kWORD 146k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (COM(2017)0343 – C8-0219/2017 – 2017/0143(COD))
P8_TA-PROV(2019)0347A8-0278/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0343),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0219/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2017(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 13 Feabhra 2014 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0278/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU)

P8_TC1-COD(2017)0143


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Tá teaghlaigh de chuid an Aontais ar na coigilteoirí is airde ar domhan, ach coinnítear méid mór den choigilteas sin i gcuntais bhainc a bhfuil aibíochtaí gearra acu. Trí níos mó infheistíochta a dhéanamh i margaí caipitil, is féidir cuidiú le dul i ngleic leis na dúshláin a thagann as aosú an phobail agus rátaí úis ísle.

(2)  Is cuid riachtanach d’ioncam duine atá ar scor iad pinsin seanaoise, agus, i gcás go leor daoine, is ionann soláthar leormhaith pinsin agus an difríocht idir compord sa tseanaois agus an bhochtaineacht. Is réamhchoinníoll iad sin d’fheidhmiú na gceart bunúsach a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear in Airteagal 25 maidir le cearta daoine scothaosta, ina sonraítear an méid seo a leanas: “Aithníonn agus urramaíonn an tAontas cearta daoine scothaosta chun saol faoi dhínit agus neamhspleáchas a bheith acu agus chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha”.

(3)  Tá roinnt dúshlán ann nach mór don Aontas aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear dúshláin dhéimeagrafacha sa mhéid go bhfuil daonra mhór-roinn na hEorpa ag dul in aois. Sa bhreis air sin, tá athruithe radacacha ag teacht ar phatrúin ghairme, ar an margadh saothair agus ar dháileadh an rachmais, go háirithe mar thoradh ar an réabhlóid dhigiteach.

(4)   Soláthraítear cuid shuntasach de phinsin seanaoise faoi scéimeanna poiblí. D’ainneoin na hinniúlachta eisiaiche náisiúnta i ndáil le córais phinsin a eagrú, mar a chinntear sna Conarthaí í, tá leormhaitheas ioncaim agus inbhuanaitheacht airgeadais na gcóras pinsin náisiúnta ríthábhachtach do chobhsaíocht an Aontais ina iomláine. Trí níos mó de choigilteas na nEorpach a threorú ó airgead tirim agus taiscí bainc go táirgí infheistíochta fadtéarmacha, amhail táirgí pinsin deonacha de chineál scoir fhadtéarmaigh, ba thairbheach, dá bhrí sin, an tionchar do dhaoine aonair (a bhainfeadh sochar as torthaí níos airde agus as leormhaitheas feabhsaithe pinsin) agus don gheilleagar i gcoitinne.

(5)  In 2015, bhí 11,3 milliún saoránach de chuid an Aontais a bhí in aois oibre (20 bliain d’aois go 64 bliana d’aois) ina gcónaí i mBallstát nárbh é sin an Ballstát a bhfuil siad ina saoránach de agus bhí 1,3 milliún saoránach de chuid an Aontais ag obair i mBallstát nárbh é a mBallstát cónaithe é.

(6)  Le Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach (TPPU) iniompartha de chineál scoir fhadtéarmaigh, méadófar a tharraingteacht mar tháirge, go háirithe do dhaoine óga agus oibrithe soghluaiste, agus cuideofar le ceart shaoránaigh an Aontais cónaí agus oibriú ar fud an Aontais a éascú tuilleadh.

(7)  Is tábhachtach iad na pinsin phearsanta sa mhéid is go nascann siad coigilteoirí fadtéarmacha le deiseanna infheistíochta fadtéarmacha. Má bhíonn margadh Eorpach níos mó i leith pinsin phearsanta ann, tacóidh sé sin le cistí a sholáthar d’infheisteoirí institiúideacha agus le hinfheistíocht a dhéanamh san fhíorgheilleagar.

(8)  Leis an Rialachán seo, féadfar táirge pinsin phearsanta a chruthú, a mbeidh cineál scoir fhadtéarmaigh aige agus a chuirfidh tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) san áireamh, amhail dá dtagraítear sna Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach lena dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe, agus ar táirge é a bheidh, a mhéid is féidir, simplí, sábháilte, ar phraghas réasúnach, trédhearcach, tairbhiúil don tomhaltóir agus iniompartha ar fud an Aontais, agus a bheidh ina chomhlánú ar na córais atá cheana ann sna Ballstáit.

(9)   Faoi láthair, ▌ níl an margadh inmheánach le haghaidh táirgí pinsin phearsanta ag feidhmiú go rianúil. I mBallstáit áirithe, ní ann fós do mhargadh le haghaidh táirgí pinsin phearsanta. I mBallstáit eile,táirgí pinsin phearsanta ar fáil, ach tá ilroinnt sách mór ann idir na margaí náisiúnta. Mar thoradh air sin, tá iniomparthacht táirgí pinsin phearsanta teoranta ▌. Dá dheasca sin, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag daoine aonair úsáid a bhaint as a saoirsí bunúsacha. Mar shampla, b’fhéidir go gcuirfí cosc orthu dul i mbun poist nó dul ar scor i mBallstát eile. Sa bhreis air sin, tá an easpa caighdeánaithe i leith táirgí pinsin phearsanta atá ann cheana ina constaic maidir leis an bhféidearthacht atá ag soláthraithe úsáid a bhaint as an tsaoirse bhunaíochta agus as an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.

(10)  Ós rud é go bhfuil an margadh inmheánach do tháirgí pinsin phearsanta ilroinnte agus ilchineálach, d’fhéadfadh tionchar TPPUnna a bheith an-éagsúil ar fud na mBallstát, agus d’fhéadfadh an spriocphobal a bheith chomh héagsúil céanna. I mBallstáit áirithe, d’fhéadfadh TPPUnna a bheith ina réiteach do dhaoine nach bhfuil rochtain acu faoi láthair ar sholáthar leormhaith. I mBallstáit eile, d’fhéadfadh TPPUnna leathnú a dhéanamh ar an rogha don tomhaltóir, nó réitigh a sholáthar do shaoránaigh shoghluaiste. Níor cheart, áfach, go mbeadh sé mar aidhm ag TPPU teacht in ionad na gcóras pinsin náisiúnta atá cheana ann, ós rud é gur táirge pinsin phearsanta breise agus comhlántach is ea é.

(11)  Trí aontas na margaí caipitil (CMU), cuideofar le caipiteal a chur i gcúrsaíocht san Eoraip agus é a dhíriú ar gach cuideachta, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus tionscadail bhonneagair agus tionscadail inbhuanaithe fhadtéarmacha a bhfuil gá acu leis chun leathnú agus chun poist a chruthú Tá sé ar cheann de phríomhchuspóirí CMU méadú a dhéanamh ar an infheistíocht agus ar roghanna le haghaidh infheisteoirí miondíola trí úsáid níos fearr a bhaint as coigilteas Eorpach. Chun na críche sin, beidh TPPU ina chéim chun tosaigh ó thaobh feabhas a chur ar chomhtháthú na margaí caipitil toisc go dtacaítear le maoiniú fadtéarmach an fhíorgheilleagair trína bhíthin, agus cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge agus inbhuanaitheacht infheistíochtaí á gcur san áireamh.

(12)  Mar a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin chun CMU a Thógáil an 30 Meán Fómhair 2015, “déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcás i gcomhair creat beartais chun margadh Eorpach rathúil a bhunú do phinsin phearsanta shimplí éifeachtacha agus iomaíocha, agus chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh gá a bheith ann le reachtaíocht AE chun tacú leis an margadh sin.”

(13)  I rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2016 maidir leis an measúnú ar Rialachán Seirbhísí Airgeadais an Aontais agus na dúshláin a ghabhann leis: tionchar agus an bealach chun tosaigh i dtreo chreat AE i gcomhair Rialáil Airgeadais agus Aontas Margaí Caipitil(4), d’áitigh Parlaimint na hEorpa nach “mór timpeallacht a chothú ina gcothófar nuálaíocht táirgí airgeadais agus ina gcruthófar níos mó éagsúlachta agus sochar don fhíorgheilleagar agus ina gcuirfear dreasachtaí méadaithe i gcomhair infheistíochtaí ar fáil, agus timpeallacht a d’fhéadfadh rannchuidiú le pinsin leordhóthanacha shábháilte inbhuanaithe a sholáthar freisin, amhail, mar shampla, Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) a fhorbairt a mbeidh dearadh trédhearcach simplí aige”.

(14)  Ina conclúidí an 28 Meitheamh 2016, d’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí “dul chun cinn gasta agus diongbháilte chun rochtain níos éasca ar mhaoiniú a áirithiú do ghnólachtaí agus chun tacú le hinfheistíocht san fhíorgheilleagar trí bhogadh ar aghaidh leis an gclár oibre le haghaidh Aontas na Margaí Caipitil”.

(15)  I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2016, dar teideal Aontas na Margaí Caipitil – Dlús a chur leis an Athchóiriú, d’fhógair an Coimisiún go ndéanfadh sé “breithniú ar thograí le haghaidh táirge pinsin phearsanta de chuid an Aontais a bheadh simplí, éifeachtúil agus iomaíoch [..] Ar na roghanna atá á mbreithniú tá togra reachtach féideartha a d’fhéadfaí a chur síos in 2017.”

(16)  I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017, dar teideal Athbhreithniú Meántéarma ar Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil, d’fhógair an Coimisiún “togra reachtach maidir le Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach (TPPU) faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2017. Leagfar bonn do mhargadh a bheidh níos sábháilte, níos costéifeachtaí agus níos trédhearcaí, ar margadh coigiltis pinsin phearsanta dheonaigh é a fhéadfar a bhainistiú ar bhonn uile-Eorpach. Beidh sé ag freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag iarraidh cur le leormhaitheas a gcoigiltis scoir, aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach, na táirgí agus na scéimeanna pinsin atá ann cheana a chomhlánú, agus tacú le cost-éifeachtúlacht pinsean pearsanta trí dheiseanna maithe a thairiscint le haghaidh infheistíocht fhadtéarmach coigiltis phearsanta”.

(17)  Trí TPPU a fhorbairt, rannchuideofar leis na roghanna maidir le coigilteas scoir a mhéadú, go háirithe d’oibrithe soghluaiste, agus bunófar margadh de chuid an Aontais i gcomhair soláthraithe TPPUnna. Níor cheart, áfach, go mbeadh sé ina chomhlánú ach amháin ar chórais pinsin phoiblí.

(18)  Is féidir leis an oideachas airgeadais tacú leis an tuiscint agus leis an bhfeasacht ar roghanna coigiltis teaghlach i réimse na dtáirgí pinsin phearsanta deonacha. Ba cheart, freisin, go mbeadh deis chothrom ag coigilteoirí tuiscint iomlán a fháil ar na rioscaí agus ar na gnéithe a bhaineann le TPPU.

(19)  I gcreat reachtach do TPPU, leagfar síos an dúshraith do mhargadh rathúil in infheistíochtaí scoir inacmhainne agus deonacha is féidir a bhainistiú ar scála uile-Eorpach. Trí na scéimeanna agus táirgí pinsin reachtúla agus ceirde atá cheana ann a chomhlánú, rannchuideoidh sé le freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag iarraidh cur le leordhóthanacht a gcoigiltis scoir, le haghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach, agus le sárfhoinse nua chaipitil phríobháidigh a sholáthar don infheistíocht fhadtéarmach. Ní thiocfaidh an creat sin in ionad táirgí ná scéimeanna pinsin phearsanta náisiúnta atá cheana ann ná ní dhéanfaidh sé iad a chomhchuibhiú, ná ní dhéanfaidh sé difear do scéimeanna agus táirgí pinsin reachtúla agus ceirde atá cheana ann.

(20)  Is táirge pinsin neamh-cheirde aonair é TPPU, a shuibscríobhann coigilteoir TPPU leis go deonach ag féachaint don scor. Toisc gur cheart go ndéanfaí foráil le TPPU i gcomhair carnadh caipitil fadtéarmach, ba cheart teorainn a chur le deiseanna i dtaca le haistarraingt luath caipitil agus d’fhéadfaí pionós a ghearradh i gcás mar sin.

(21)  Leis an Rialachán seo, déantar sraith de chroíghnéithe don TPPU a chomhchuibhiú a bhaineann le príomheilimintí amhail dáileadh, inneachar íosta conarthaí, beartas infheistíochta, malartú soláthraithe, nó soláthar agus iniomparthacht trasteorann. Trí na croíghnéithe sin a chomhchuibhiú, cuirfear feabhas ar chothroime iomaíochta do sholáthraithe pinsin phearsanta i gcoitinne agus cuideofar le dlús a chur le cur i gcrích CMU agus le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh do phinsin phearsanta. Is é a leanfaidh as sin ná go gcruthófar táirge uile-Eorpach atá caighdeánaithe den chuid is mó, a bheidh ar fáil sna Ballstáit ar fad, agus a chumasóidh tomhaltóirí chun lánúsáid a bhaint as an margadh inmheánach trína gcearta pinsin a aistriú thar lear agus go dtairgfear rogha níos leithne idir cineálacha difriúla soláthraithe, lena n-áirítear ar bhealach trasteorann. Toisc go laghdófar na bacainní a bheidh ann roimh sholáthar seirbhísí pinsin thar theorainneacha, déanfaidh TPPU an iomaíocht idir soláthraithe a mhéadú ar bhonn uile-Eorpach agus cruthóidh sé barainneachtaí scála ar cheart go rachaidís chun sochair do choigilteoirí.

(22)  Faoi Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is féidir gníomhartha a ghlacadh i bhfoirm rialachán nó treoracha araon. Ba é rogha na tosaíochta rialachán a ghlacadh mar go mbeadh sé sin infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, bhainfí úsáid as TPPU níos gasta i ngeall ar rialachán agus chuirfeadh sé dlús le haghaidh a thabhairt ar an ngá atá le breis coigiltis agus infheistíochtaí pinsin i gcomhthéacs CMU. Ós rud é go bhfuil croíghnéithe TPPUnna á gcomhchuibhiú leis an Rialachán seo, ní gá iad a bheith faoi réir rialacha náisiúnta sonracha agus dealraíonn sé, dá réir, gurb oiriúnaí rialachán ná treoir sa chás seo. Os a choinne sin, tá na gnéithe atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo (e.g, coinníollacha chéim an charntha) faoi réir rialacha náisiúnta.

(23)  Leis an Rialachán seo, ba cheart go leagfaí síos rialacha aonfhoirmeacha maidir le clárú, soláthar, dáileadh agus maoirseacht i leith TPPUnna. Ba cheart go mbeadh TPPUnna faoi réir na bhforálacha atá sa Rialachán seo, dhlí earnálach ábhartha an Aontais agus gníomhartha comhfhreagracha tarmligthe agus cur chun feidhme freisin. Sa bhreis air sin, ba cheart feidhm a bheith ag na dlíthe arna nglacadh ag na Ballstáit i gcur chun feidhme dhlí earnálach an Aontais. Mura gcumhdaítear iad cheana leis an Rialachán seo nó le dlí earnálach an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag dlíthe faoi seach na mBallstát. Ba cheart freisin go mbeadh TPPU faoi réir conradh arna chur i gcrích idir an coigilteoir TPPU agus an soláthraí TPPUnna (an ‘conradh TPPU’). Tá tacar príomhghnéithe den táirge ar cheart iad a chur san áireamh sa chonradh TPPU. Beidh an Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais maidir leis an dlí príobháideach idirnáisiúnta, go háirithe rialacha a bhaineann le dlínse cúirteanna agus an dlí is infheidhme. Ina theannta sin, ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar don dlí náisiúnta conarthach, sóisialta, saothair agus cánach.

(24)  Ba cheart go mbeadh sé soiléir ón Rialachán seo gur gá do chonradh TPPU gach riail is infheidhme a chomhlíonadh. Thairis sin, ba cheart go ndéanfaí cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe a shocrú agus tacar príomhghnéithe den táirge a áireamh leis an gconradh TPPU. D’fhéadfadh ionadaí de ghrúpa coigilteoirí TPPU conradh TPPU a chur i gcrích freisin, amhail comhlachas neamhspleách coigilteoirí, ag gníomhú dó thar ceann an ghrúpa sin, ar choinníoll go ndéantar sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus go bhfaigheann coigilteoirí TPPU a shuibscríobhann leis ar an mbealach sin an fhaisnéis agus an chomhairle chéanna le coigilteoirí TPPU a chuireann conradh TPPU i gcrích go díreach le soláthraí TPPUnna nó trí dháileoir TPPUnna.

(25)  Ba cheart go mbeadh soláthraithe TPPUnna in ann margadh iomlán an Aontais a rochtain le clárúchán táirge aonair amháin atá le deonú ar bhonn tacar aonair de rialacha. Chun táirge a mhargú faoin ainmníocht “TPPU”, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna is iarratasóirí iarratas ar chlárúchán a dhéanamh lena n-údaráis inniúla. Ní chuireann an Rialachán seo cosc ar chlárú táirge pinsin phearsanta atá ann cheana agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán seo. Ba cheart do na húdaráis inniúla cinneadh maidir le clárú a dhéanamh má tá an fhaisnéis uile is gá tugtha ag an soláthraí TPPUnna is iarratasóir agus má tá socruithe oiriúnacha i bhfeidhm chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Tar éis do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le clárú, ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEÁPC), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5), dá réir sin chun an soláthraí TPPUnna agus an TPPU a chlárú ar an gclár lárnach poiblí. Ba cheart clárú den chineál sin a bheith bailí ar fud an Aontais trí chéile. Chun maoirseacht éifeachtach ar chomhlíonadh na gceanglas aonfhoirmeach arna leagan síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart aon mhodhnú ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis agus ar na doiciméid arna soláthar sa nós imeachta clárúcháin a chur in iúl láithreach do na húdaráis inniúla agus do ÚEÁPC, i gcás inarb infheidhme.

(26)  Ba cheart do ÚEÁPC clár lárnach poiblí a chruthú ina mbeidh faisnéis faoi na TPPUnna ar cláraíodh iad agus a bhféadfaí iad a sholáthar agus a dháileadh san Aontas, mar aon le faisnéis faoi na soláthraithe TPPUnna agus liosta de na Ballstáit ina dtairgtear an TPPU. I gcás nach ndáileann soláthraithe TPPUnna TPPU laistigh de chríoch Bhallstáit ach gur féidir leo fochuntas a oscailt don Bhallstát sin chun iniomparthacht a áirithiú dá gcustaiméirí TPPU, ba cheart go mbeadh faisnéis sa chlár sin freisin maidir leis na Ballstáit dá dtairgeann an soláthraí TPPUnna fo-chuntais.

(27)  Tá éagsúlacht shuntasach idir na Ballstáit maidir leis an mbealach ina n-eagraítear agus a rialaítear institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6). I mBallstáit áirithe, ní cheadaítear do na hinstitiúidí sin ach amháin gníomhaíochtaí pinsin cheirde a dhéanamh ach, i mBallstáit eile, ceadaítear do na hinstitiúidí sin, lena n-áirítear na heintitis údaraithe atá freagrach as a n-oibriú agus as gníomhú ar a son, i gcás nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil ag IORPanna, gníomhaíochtaí pinsin cheirde agus phearsanta a dhéanamh. Ní hamháin go bhfuil strúchtúir eagrúcháin dhifriúla do IORPanna tagtha as sin ach gabhann maoirseacht dhifriúil leis freisin ar an leibhéal náisiúnta. Go háirithe, tá maoirseacht stuamachta IORPanna atá údaraithe chun gníomhaíochtaí pinsin cheirde agus phearsanta a dhéanamh níos leithne ná maoirseacht stuamachta na IORPanna sin nach ndéanann ach gníomhaíochtaí pinsin cheirde.

Chun nach gcuirfí cobhsaíocht airgeadais i mbaol agus go gcuirfí san áireamh an struchtúr eagrúcháin agus an mhaoirseacht dhifriúil, níor cheart go gceadófaí ach amháin do na IORPanna sin atá údaraithe freisin chun táirgí pinsin phearsanta a sholáthar de bhun an dlí náisiúnta, agus a ndéantar maoirseacht orthu dá bhun sin freisin, TPPUnna a sholáthar. Ina theannta sin, agus chun an chobhsaíocht airgeadais a choimirciú tuilleadh, ba cheart na sócmhainní agus na dliteanais go léir a chomhfhreagraíonn do ghnólacht a sholáthraíonn TPPUnna a imfhalú, gan aon fhéidearthacht a bheith ann iad a aistriú chuig gnólacht soláthair scoir eile na hinstitiúide; Maidir le IORPanna a sholáthraíonn TPPUnna, ba cheart dóibh na caighdeáin ábhartha arna socrú le Treoir (AE) 2016/2341 a chomhlíonadh i gcónaí, lena n-áirítear na rialacha infheistíochta níos mionsonraithe arna leagan síos ag na Ballstáit ina bhfuil siad cláraithe nó údaraithe i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2341 agus an Treoir sin á trasuí, agus forálacha a gcórais rialaithe. Mar a bhíonn i gcás soláthraithe eile TPPUnna, nuair a leagtar síos forálacha níos déine leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin.

(28)  Áiritheofar leis an bpas TPPU aonair go gcruthófar margadh inmheánach le haghaidh TPPU.

(29)  Ba cheart go mbeadh dáileoirí TPPUnna in ann TPPUnna a mhonaraigh siad agus TPPU nár mhonaraigh siad a dháileadh ar choinníoll go mbeadh sé sin i gcomhréir leis an dlí earnálach ábhartha. Ba cheart go mbeadh dáileoirí TPPUnna i dteideal TPPUnna nár mhonaraigh siad a dháileadh. Níor cheart go ndéanfadh dáileoirí TPPUnna ach na táirgí sin ar ina leith atá an t-eolas agus an inniúlacht iomchuí acu a dháileadh i gcomhréir leis an dlí earnálach ábhartha.

(30)  Ba cheart do sholáthraithe TPPUnna nó dáileoirí TPPUnna comhairle a thabhairt do choigilteoirí TPPU sula ndéanfar conradh TPPU a thabhairt i gcrích agus cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, éilimh agus riachtanais aonair an choigilteora TPPU agus an infhuascailteacht theoranta á gcur san áireamh. Ba cheart go mbeadh an chomhairle dírithe go háirithe ar choigilteoir TPPU a chur ar an eolas faoi ghnéithe na roghanna infheistíochta, faoi leibhéal na cosanta caipitil agus faoi na foirmeacha eisíocaíochtaí.

(31)   Faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta, féadfaidh soláthraithe TPPUnna TPPU a sholáthar, agus féadfaidh dáileoirí TPPUnna é a dháileadh, laistigh de chríoch an Bhallstáit óstaigh sin tar éis fochuntas a oscailt don Bhallstát óstach sin. Chun seirbhís ar ardcháilíocht agus cosaint éifeachtach do thomhaltóirí a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit bhaile agus óstacha oibriú i ndlúthchomhar le chéile agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo á bhforfheidhmiú. I gcás ina dtéann soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna i mbun gnó i mBallstáit éagsúla faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile a bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, mar go bhfuil naisc níos dlúithe acu leis an soláthraí TPPUnna. Chun comhroinnt chothrom na bhfreagrachtaí idir údaráis inniúla na mBallstát baile agus óstach a áirithiú, más rud é go bhfaigheann údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh fios i dtaobh aon sáraithe ar oibleagáidí a bheith ag tarlú laistigh dá gcríoch, ba cheart dóibh é sin a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar an mBallstát sin bearta iomchuí a dhéanamh ansin. Thairis sin, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a bheith i dteideal idirghabháil a dhéanamh má mhainníonn údaráis inniúla an Bhallstáit bhaile bearta iomchuí a dhéanamh nó mura leor na bearta a dhéantar.

(32)  Ba cheart go mbeadh na hacmhainní uile is gá ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát chun a áirithiú go mbeadh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna ag dul i mbun gnó go rianúil ar fud an Aontais, cibé acu atáthar á dhéanamh i gcomhréir leis an tsaoirse bhunaíochta nó i gcomhréir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Chun éifeachtacht na maoirseachta a áirithiú, ba cheart do gach gníomhaíocht a dhéanann na húdaráis inniúla a bheith comhréireach le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó soláthraí nó dáileora ar leith▐.

(33)  Is féidir an ghné uile-Eorpach den TPPU a fhorbairt, ní hamháin ar leibhéal an tsoláthraí, trí bhíthin na ndeiseanna dá ghníomhaíocht trasteorann, ach ar leibhéal an choigilteora TPPU freisin trí bhíthin iniomparthacht an TPPU agus na seirbhíse malartaithe, agus rannchuideofar ar an gcaoi sin le coimirciú a dhéanamh ar chearta pinsin phearsanta na ndaoine atá ag feidhmiú a gceart chun saorghluaiseachta faoi Airteagal 21 agus Airteagal 45 CFAE. Is é atá i gceist le hiniomparthacht gur féidir leis an gcoigilteoir TPPU áit chónaithe a athrú go Ballstát eile gan soláthraithe TPPUnna a athrú agus, os a choinne sin, ní gá go mbeadh athrú áit chónaithe i gceist le malartú soláthraithe TPPUnna.

(34)  Ba cheart go gcuimseodh TPPU fochuntais náisiúnta, gach ceann acu ag riar ar ghnéithe táirge pinsin phearsanta lenar féidir ranníocaíochtaí chuig an TPPU nó eisíocaíochtaí a bheith incháilithe chun dreasachtaí a fháil má tá fáil orthu sna Ballstáit ar i ndáil leo a dhéanann an soláthraí TPPUnna fochuntas a chur ar fáil. Ba cheart leas a bhaint as an bhfochuntas chun taifead a choimeád ar na ranníocaíochtaí arna ndéanamh le linn chéim an carntha agus na heisíocaíochtaí arna ndéanamh le linn chéim an dícharntha i gcomhréir le dlí an Bhallstáit dár osclaíodh an fochuntas. Ar leibhéal an choigilteora TPPU aonair, ba cheart an chéad fhochuntas a chruthú nuair a thabharfar conradh TPPU chun críche.

(35)  Chun gur féidir le soláthraithe TPPUnna aistriú go rianúil, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid TPPUnna ina gcuimsítear fochuntais a sholáthar do dhá Bhallstát laistigh de thrí bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tráth TPPU a sheoladh, ba cheart don soláthraí TPPUnna faisnéis a sholáthar faoi na fochuntais atá ar fáil láithreach, chun go seachnófaí an fhéidearthacht coigilteoirí TPPU ar chur ar míthreoir. Má aistríonn coigilteoir TPPU go Ballstát eile agus mura bhfuil fochuntas ar fáil don Bhallstát sin, ba cheart go gcuirfeadh an soláthraí TPPUnna ar chumas an choigilteora TPPU malartú gan mhoill agus saor in aisce go soláthraí TPPUnna eile a sholáthraíonn fochuntas don Bhallstát sin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an coigilteoir TPPU leanúint de ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an bhfochuntas i gcás ina ndearnadh ranníocaíochtaí sular athraíodh áit chónaithe.

(36)  Agus cineál scoir fhadtéarmaigh an TPPU agus an t-ualach riaracháin lena mbaineann á gcur san áireamh, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna agus do dháileoirí TPPUnna faisnéis shoiléir, shothuigthe, agus leormhaith a sholáthar do choigilteoirí TPPU ionchasacha agus do thairbhithe TPPU chun tacú leo nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh acu faoina dtréimhse scoir féin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna agus do dháileoirí TPPUnna ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú freisin ar feadh na gcéimeanna éagsúla de TPPU, lena n-áirítear an chéim réamhchonarthach, críochnú an chonartha, céim an charntha (lena n-áirítear an tréimhse réamhscoir) agus chéim an dícharntha a mhéid a bhaineann leis an gconradh. Go háirithe, ba cheart faisnéis maidir le teidlíochtaí fabhraithe scoir, leibhéil réamh-mheasta sochar scoir TPPU, rioscaí agus ráthaíochtaí, comhtháthú thosca ESG agus costais a thabhairt. I gcás ina mbeidh leibhéil réamh-mheasta sochar scoir TPPU bunaithe ar chásanna eacnamaíocha, ba cheart go n-áireofaí freisin san fhaisnéis sin cás den mheastachán is fear agus cás mífhabhrach a bheadh thar meán ach réadúil.

(37)  Sula ndéanfaidh siad conradh TPPU ▌ a thabhairt i gcrích, ba cheart gach faisnéis atá riachtanach chun cinneadh eolasach a dhéanamh a thabhairt do choigilteoirí TPPU ionchasacha. Sula ndéanfar conradh TPPU a thabhairt i gcrích, ba cheart éilimh agus riachtanais a bhaineann le scor a shonrú agus ba cheart comhairle a thabhairt.

(38)  Chun trédhearcacht táirge optamach a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a tharraingt suas do na TPPUnna a mhonaraíonn siad sular féidir na TPPUnna sin a dháileadh ar choigilteoirí TPPU. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a bheith freagrach as an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a bheith cruinn. Ba cheart an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a theacht in ionad an doiciméid faisnéise bunriachtanaí do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe agus é a oiriúnú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) nach mbeadh gá é a sholáthar, dá thoradh sin, do TPPUnna. Ba cheart doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU neamhspleách a tharraingt suas don TPPU Bunúsach. I gcás ina dtairgeann an soláthraí TPPU roghanna infheistíochta malartacha, ba cheart go soláthrófaí doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU cineálach do na roghanna infheistíochta malartacha a bhféadfadh tagairtí do dhoiciméid eile a bheith ann freisin. De rogha air sin, i gcás nach féidir an fhaisnéis is gá maidir leis na roghanna infheistíochta malartacha a sholáthar laistigh de dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU neamhspleách aonair, ba cheart go soláthrófaí doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU neamhspleách do gach rogha infheistíochta malartach. Níor cheart, áfach, gurbh amhlaidh an cás ach amháin mura mbeadh soláthar doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU chineálaigh do na roghanna infheistíochta malartacha chun leasa chustaiméirí TPPU. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh ag na húdaráis inniúla ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, ba cheart dóibh inchomparáideacht optamach roghanna infheistíochta éagsúla a áirithiú, más infheidhme, agus aird á tabhairt go háirithe ar eolas cothrom le dáta faoi anailís ar iompraíocht chun go seachnófaí aon chlaonadh cognaíoch de dheasca chur i láthair na faisnéise.

(39)  Chun a áirithiú go scaipfear doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU go forleathan agus go mbeidh siad ar fáil go forleathan, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo go bhfoilseoidh an soláthraí TPPUnna na doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU ar a shuíomh gréasáin féin. Ba cheart go bhfoilseodh an soláthraí TPPUnna an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU do gach Ballstát ina ndáiltear an TPPU faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta, ina mbeidh an fhaisnéis shonrach i dtaobh na gcoinníollacha a bhaineann le céim an charntha agus céim an dícharntha i gcás an Bhallstáit sin.

(40)  Tá áireamháin do tháirgí pinsin phearsanta á bhforbairt cheana ar an leibhéal náisiúnta. Chun na háireamháin sin a bheith chomh úsáideach agus is féidir do thomhaltóirí, áfach, ba cheart go gcumhdóidís na costais agus na táillí a fhorchuireann soláthraithe TPPUnna éagsúla, mar aon le haon chostais nó táillí breise a fhorchuireann idirghabhálaithe nó aon chodanna eile den slabhra infheistíochta nach bhfuil curtha san áireamh cheana ag na soláthraithe TPPUnna.

(41)  Ba cheart mionsonraí na faisnéise a bheidh le cur san áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU agus cur i láthair na faisnéise sin a chomhchuibhiú tuilleadh trí bhíthin caighdeáin theicniúla rialála ▌agus taighde atá ann cheana agus taighde atá ar siúl faoi láthair ar iompraíocht tomhaltóirí, lena n-áirítear torthaí ar éifeachtacht na mbealaí éagsúla chun faisnéis a chur i láthair na dtomhaltóirí a thástáil, á gcur san áireamh. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeánacha teicniúla rialála a ghlacadh. Ba cheart don ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a fhorbairt tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) eile - leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010(8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Údarás Maoirseachta Eorpacha (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010(9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcás inarb infheidhme mar aon leis an mBanc Ceannais Eorpach, údaráis inniúla agus tar éis tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena sonraítear mionsonraí an chur i láthair á sonrú, lena n-áirítear fad agus inneachar na faisnéise a bheidh le cur san áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU; na coinníollacha faoinar cheart athbhreithniú agus athcheartú a dhéanamh ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU; na rialacha lena gcinntear na toimhdí ar réamh-mheastacháin sochair pinsin; mionsonraí maidir le cur i láthair na faisnéise a bheidh sa Ráiteas Sochair TPPU; agus na critéir íosta atá le comhlíonadh ag na theicnící maolaithe riosca. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, ba cheart go gcuirfeadh ÚEÁPC san áireamh na cineálacha éagsúla TPPUnna a d’fhéadfadh a bheith ann, cineál fadtéarmach TPPUnna, acmhainneachtaí coigilteoirí TPPU, agus gnéithe TPPUnna. Sula ndéanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a thíolacadh don Choimisiún, ba cheart go ndéanfaí tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail le fíorshonraí, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Chomh maith leis sin, Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeánacha teicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag an ÚEÁPC maidir leis na mionsonraí le haghaidh comhair agus malartú faisnéise, mar aon leis na ceanglais is gá chun an fhaisnéis sin a chur i láthair i bhformáid caighdeánach lena bhféadfaí comparáid a dhéanamh, agus tar éis dul i gcomhairle le hUMEnna eile agus na húdaráis inniúla agus tar éis tástáil tionscail, i dtaca le formáid na tuairisciú maoirseachta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

(42)  Ba cheart an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a bheith inaitheanta go soiléir ó aon ábhar margaíochta agus ba cheart é a bheith ar deighilt ón ábhar sin.

(43)  Ba cheart do sholáthraithe TPPUnna ráiteas sochair TPPU, a bheidh dírithe ar choigilteoirí TPPU, a tharraingt suas, chun sonraí bunriachtanacha pearsanta agus sonraí cineálacha faoin TPPU ▌ a chur faoina mbráid agus chun faisnéis chothrom le dáta air a áirithiú. Ba cheart don ráiteas sochair TPPU a bheith soiléir agus cuimsitheach agus ba cheart faisnéis ábhartha agus iomchuí a bheith ann ionas go n-éascófar tuiscint ar theidlíochtaí pinsin le himeacht ama agus thar tháirgí pinsin agus ba cheart dó freastal ar shoghluaisteacht lucht saothair. Ba cheart go n-áireofaí freisin sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU faisnéis faoin mbeartas infheistíochta a bhaineann le tosca ESG agus ba cheart go léireofaí ann an áit agus an dóigh ar féidir le coigilteoirí TPPU teacht ar fhaisnéis fhorlíontach maidir le comhtháthú tosca ESG. Ba cheart go ndéanfaí an ráiteas sochair TPPU a sholáthar do choigilteoirí TPPU ar bhonn bliantúil.

(44)  Ba cheart do sholáthraithe TPPUnna coigilteoirí TPPU a chur ar an eolas, dhá mhí roimh na dátaí ar a mbeidh deis ag coigilteoirí TPPU a roghanna eisíocaíochta a mhodhnú, faoin tús a chuirfear go gairid le céim an dícharntha, faoi chineálacha féideartha na n-eisíocaíochtaí agus faoin bhféidearthacht go bhféadfaí modhnú a dhéanamh ar chineál na n-eisíocaíochtaí. I gcás ina bhfuil níos mó ná fochuntas amháin oscailte, ba cheart coigilteoirí TPPU a chur ar an eolas faoin tús chéim an dícharntha a d’fhéadfaí a chur le gach fochuntas.

(45)  Le linn chéim an dícharntha, ba cheart do thairbhithe TPPU leanúint de bheith ag fáil faisnéise faoina sochair TPPU agus faoina roghanna eisíocaíochta comhfhreagracha. Tá tábhacht ar leith leis sin toisc gur suntasach an leibhéal riosca infheistíochta a bhíonn le hiompar ag tairbhithe TPPU ag céim na heisíocaíochta.

(46)  Chun cearta coigilteoirí TPPU agus tairbhithe TPPU a chosaint go leormhaith, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna a bheith in ann leithdháileadh sócmhainní a roghnú a oireann do chineál beacht agus tréimhse a ndliteanas, lena n-áirítear iad sin lena mbaineann ionchas fadtéarmach. Dá bhrí sin, is gá maoirseacht éifeachtúil a dhéanamh agus is gá cur chuige i leith rialacha infheistíochta lena dtugtar go leor solúbthachta do sholáthraithe TPPUnna chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbeartas infheistíochta is sláine agus is éifeachtúla, agus lena gcuirtear d’oibleagáid orthu, ag an am céanna, gníomhú go stuama agus ar mhaithe le leas fadtéarmach is fearr coigilteoirí TPPU i gcoitinne. I dtaca le riail an duine stuama a chomhlíonadh, tá gá, dá bhrí sin, le beartas infheistíochta atá dírithe ar struchtúr custaiméirí an tsoláthraí TPPUnna.

(47)  Trí riail an duine stuama a shocrú mar an bunphrionsabal don infheistíocht chaipitil agus trína chumasú do sholáthraithe TPPUnna feidhmiú thar theorainneacha, déantar atreorú an choigiltis chuig earnáil soláthair scoir phearsanta a spreagadh, rud a chuireann leis an dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta. Ina theannta sin, le riail an duine stuama, ba cheart go gcuirfí san áireamh go follasach an ról atá ag tosca ESG sa phróiseas infheistíochta.

(48)  Ba cheart don Rialachán seo leibhéal iomchuí saoirse infheistíochta a áirithiú do sholáthraithe TPPUnna. Mar infheisteoirí an-fhadtéarmacha a bhfuil rioscaí ísle leachtachta acu, tá soláthraithe TPPUnna in ann cur le forbairt CMU trí infheistiú i sócmhainní neamhleachtacha amhail scaireanna agus in ionstraimí eile a bhfuil próifíl eacnamaíoch fhadtéarmach acu agus nach ndéantar iad a thrádáil ar mhargaí rialáilte, saoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna) ná saoráidí trádála eagraithe (OTFanna) laistigh de theorainneacha stuama. Is féidir leo freisin leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis an éagsúlú idirnáisiúnta. I gcomhréir le riail an duine stuama, níor cheart srian a chur le hinfheistíochtaí i scaireanna in airgeadraí cé is moite díobh sin a bhaineann leis na dliteanais, agus le hinfheistíochtaí in ionstraimí eile a bhfuil próifíl eacnamaíoch fhadtéarmach acu agus nach ndéantar iad a thrádáil ar mhargaí rialáilte, MTFanna ná OTFanna ionas go ndéanfar leas coigilteoirí TPPU agus tairbhithe TPPU a chosaint, seachas ar fhorais stuamachta.

(49)  I gcomhthéacs CMU a dhoimhniú, is ar bhealach leathan a thuigtear cad is ionstraimí ann a bhfuil próifíl eacnamaíoch fhadtéarmach acu. Is urrúis dho-aistrithe iad na hionstraimí sin agus dá bhrí sin ní bhíonn rochtain acu ar leachtacht na margaí tánaisteacha. Is minic a éilíonn siad gealltanais téarma sheasta lena gcuirtear srian lena n-indíoltacht agus ba cheart a thuiscint ina dtaobh go gcuimsíonn siad rannpháirtíocht i ngnóthais neamhliostaithe chomh maith le hionstraimí fiachais sna gnóthais sin agus iasachtaí a thugtar do na gnóthais sin. Áirítear ar ghnóthais neamhliostaithe tionscadail bhonneagair, cuideachtaí neamhliostaithe atá ag iarraidh fás, eastát réadach nó sócmhainní eile a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach do chuspóirí na hinfheistíochta fadtéarmaí. Is minic gur sócmhainní neamhliostaithe iad tionscadail bhonneagair ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de agus bíonn siad ag brath ar chreidmheasanna fadtéarmacha do mhaoiniú tionscadail. I bhfianaise chineál fadtéarmach a ndliteanas, tugtar spreagadh do sholáthraithe TPPUnna cuid leordhóthanach dá bpunann sócmhainní a shannadh d’infheistíochtaí inbhuanaithe san fhíorgheilleagar a bhfuil sochair fhadtéarmacha eacnamaíocha acu, go háirithe do thionscadail bhonneagair agus do chorparáidí bonneagair.

(50)  Is tábhachtach iad tosca ESG don bheartas infheistíochta agus do chórais bainistithe riosca soláthraithe TPPUnna. Ba cheart soláthraithe TPPUnna a spreagadh chun aird a thabhairt ar na tosca sin i gcinntí infheistíochta agus an chaoi a bhfuil siad ina gcuid dá gcóras bainistithe riosca a chur san áireamh chun ‘sócmhainní tréigthe’ a sheachaint. Ba cheart an fhaisnéis maidir le tosca ESG a bheith ar fáil do ÚEÁPC, do na húdaráis inniúla agus do choigilteoirí TPPU.

(51)  Ceann de na cuspóirí a bhaineann le TPPUnna a rialú is ea táirge coigiltis scoir sábháilte, cost-éifeachtach agus fadtéarmach a chruthú. De bhrí gur infheistíochtaí fadtéarmacha iad na hinfheistíochtaí a bhaineann le táirgí pinsin phearsanta, ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar iarmhairtí fadtéarmacha leithdháileadh na sócmhainní. Go háirithe, ba cheart tosca ESG a chur san áireamh. Ba cheart coigilteas TPPU a infheistiú agus tosca ESG á gcur san áireamh amhail iad siúd a leagtar amach i gcuspóirí aeráide agus inbhuanaitheachta an Aontais amhail mar a leagtar amach i gComhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide (Comhaontú Pháras), i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, agus i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine.

(52)  Agus iad ag áirithiú go gcomhlíonfar a n-oibleagáid maidir le beartas infheistíochta a fhorbairt i gcomhréir le riail an duine stuama, ba cheart cosc a chur ar sholáthraithe TPPUnna infheistíocht a dhéanamh i ndlínsí neamh-chomhoibríocha arna sainaithint i gconclúidí is infheidhme na Comhairle maidir leis an liosta de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach, ná i dtríú tír ardriosca ina bhfuil easnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag an Rialachán Tarmligthe is infheidhme ón gCoimisiún arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10).

(53)  I bhfianaise chuspóir scoir fhadtéarmaigh TPPU, ba cheart na roghanna infheistíochta a thabharfar do choigilteoirí TPPU a cheapadh ar chaoi a fhágfaidh go gcumhdófar na heilimintí lena gceadaítear d’infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh, lena n-áirítear líon na roghanna infheistíochta as a bhféadfaidh siad rogha a dhéanamh. I ndiaidh na rogha tosaigh a dhéanamh ar shuibscríobh TPPU, ba cheart an deis a bheith ag an gcoigilteoir TPPU an rogha sin a mhodhnú tar éis cúig bliana ar a laghad ó TPPU a shuibscríobh, nó i gcás modhnú a rinneadh ina dhiaidh sin, ón modhnú is deireanaí a rinneadh ar an rogha infheistíochta, ionas go dtabharfar cobhsaíocht leordhóthanach do sholáthraithe le haghaidh a straitéise infheistíochta fadtéarmaí agus ionas go n-áiritheofar cosaint infheisteoirí ag an am céanna. Ba cheart, áfach, go bhféadfadh soláthraithe TPPUnna a cheadú do choigilteoirí TPPU an rogha infheistíochta arna roghnú a mhodhnú níos minice.

(54)  Ba cheart gur tháirge simplí agus sábháilte é an TPPU bunúsach, agus ba cheart go mbeadh sé ina rogha infheistíochta réamhshocraithe. D’fhéadfadh sé a bheith ina theicníc maolaithe riosca atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ann maidir le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh, nó ina ráthaíocht ar an gcaipiteal arna infheistiú. D’fhéadfadh sé gurbh ionann teicníc maolaithe riosca atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ann maidir le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh agus straitéis infheistíochta choimeádach nó straitéis saolré lena laghdaítear, de réir a chéile, riosca foriomlán neamhchosanta le himeacht aimsire. Leis na ráthaíochtaí a sholáthraítear faoin rogha infheistíochta réamhshocraithe, ba cheart go gcumhdófaí ar a laghad na ranníocaíochtaí le linn chéim an charntha tar éis gach táille agus muirear a aisbhaint. Ina theannta sin, ba cheart go gcumhdófaí na táillí agus na muirir leis na ráthaíochtaí agus d’fhéadfaidís foráil a dhéanamh do chuimsiú iomlán nó páirteach an bhoilscithe. Ba cheart ráthaíocht ar an gcaipiteal arna infheistiú a bheith dlite ag tús chéim an dícharntha agus le linn chéim an dícharntha, i gcás inarb infheidhme.

(55)  Chun cost-éifeachtúlacht agus feidhmíocht leordhóthanach a áirithiú i gcás coigilteoirí TPPU, ba cheart na costais agus na táillí don TPPU Bunúsach a bheith teoranta do chéatadán seasta den chaipiteal carntha. Cé gur cheart an teorainn sin a shocrú ag 1% den chaipiteal carntha, b’iomchuí tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar na cineálacha costas agus táillí a bheidh le cur san áireamh le caighdeáin theicniúla rialála, chun cothroime iomaíochta a áirithiú idir soláthraithe éagsúla TPPUnna agus cineálacha éagsúla TPPUnna lena struchtúir áirithe costas agus táillí. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeánacha teicniúla rialála den sórt sin, ar cheart dóibh a bheith forbartha ag EIOPA, a ghlacadh. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á dtarraingt suas aige, ba cheart go ndéanfadh ÚEÁPC, go háirithe, breithniú i dtaobh chineál fadtéarmach an TPPU, i dtaobh na gcineálacha éagsúla TPPUnna agus i dtaobh na dtosca is ábhartha do chostais atá nasctha lena ngnéithe sonracha, ionas go n-áiritheofar cóir chothrom agus chomhionann na soláthraithe éagsúla TPPUnna agus a dtáirgí agus go gcuirfear san áireamh, ag an am céanna, gné an TPPU Bhunúsaigh mar tháirge simplí, cost-éifeachtúil agus trédhearcach lena soláthraítear toradh leordhóthanach réadach ar infheistíocht fhadtéarmach. Thairis sin, chun cineál fadtéarmach agus scoir an táirge a chaomhnú, ba cheart foirm na n-eisíocaíochtaí, go háirithe i ndáil le blianachtaí saoil, a mheasúnú go cúramach. Faoina chuimsiú sin, chun a áirithiú go rachaidh cothroime iomaíochta le soláthraithe eile chun sochair do sholáthraithe TPPUnna a thairgeann ráthaíocht chaipitil, ba cheart do ÚEÁPC aird chuí a thabhairt ar struchtúr na gcostas agus na dtáillí. De bhreis air sin, ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na luachanna céatadáin le haghaidh costas agus táillí chun a leormhaitheas leantach a áirithiú agus aon athruithe ar leibhéal na gcostas á gcur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Chun cost-éifeachtúlacht leantach a áirithiú agus chun custaiméirí TPPU a chosaint ar struchtúir chostais ró-achrannacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis an luach céatadáin a leasú, agus a athbhreithnithe á gcur san áireamh, go háirithe an leibhéal iarbhír agus athruithe ar leibhéal iarbhír na gcostas agus na dtáillí agus tionchar na huasteorann costais ar infhaighteacht TPPUnna, agus rochtain iomchuí ar an margadh atá ag soláthraithe éagsúla TPPUnna a sholáthraíonn cineálacha éagsúla TPPUnna.

(56)  Ba cheart do na húdaráis inniúla a gcumhachtaí a fheidhmiú agus é de phríomhchuspóirí acu cearta coigilteoirí TPPU agus tairbhithe TPPU a chosaint agus cobhsaíocht agus fóntacht soláthraithe TPPUnna a áirithiú.

(57)  I gcás inar IORPBainisteoir Cistí Infheistíochta Malartacha AE (AE AIFM) é an soláthraí TPPUnna, ba cheart dó taisclann a cheapadh i dtaca leis na sócmhainní a chomhfhreagraíonn don ghnólacht a sholáthraíonn TPPUnna a choinneáil slán. Tá gá le coimircí breise i dtaca leis an eintiteas atá ag gníomhú mar thaisclann agus lena feidhmeanna óir, faoi láthair, tá na rialacha i dtaca leis an taisclann a leagtar amach i dTreoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) dírithe ar chistí a mhargaítear le hinfheisteoirí gairmiúla, agus leo siúd amháin, cé is moite de chistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) arna margú le hinfheisteoirí miondíola agus maidir leis an dlí earnálach is infheidhme i leith IORPanna , ní taisclann a cheapadh ina leith siúd i ngach cás. Chun an leibhéal is airde cosanta do thomhaltóirí a áirithiú i dtaca le sócmhainní a chomhfhreagraíonn don ghnólacht a sholáthraíonn TPPUnna a choinneáil slán, leis an Rialachán seo, ceanglaítear ar IORPanna agus ar AIFM AE a sholáthraíonn TPPU go gcomhlíonfaidís rialacha Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) a mhéid a bhaineann le ceapadh na taisclainne, le forghníomhú a cúraimí agus lena dualgais formhaoirseachta.

(58)  Tá trédhearcacht agus cothroime costas agus táillí bunriachtanach chun muinín coigilteoirí TPPU a fhorbairt agus chun a cheadú dóibh roghanna eolasacha a dhéanamh. Dá réir sin, ba cheart úsáid modhanna praghsála neamh-thrédhearcacha a thoirmeasc.

(59)  Chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na coinníollacha le haghaidh fheidhmiú na gcumhachtaí idirghabhála ag ÚEÁPC agus ag na húdaráis inniúla a shonrú agus na critéir agus na gnéithe atá le glacadh ag EIOPA chun a dheimhniú nuair atá ábhar imní suntasach maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(14). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(60)  Gan dochar do cheart custaiméirí TPPU caingean a thionscnamh sna cúirteanna, ba cheart nósanna imeachta maidir le réiteach malartach díospóide (ADR) atá inrochtana, leormhaith, neamhspleách, neamhchlaonta, trédhearcach agus éifeachtach a bhunú idir soláthraithe TPPUnna nó dáileoirí TPPUnna agus custaiméirí TPPU chun díospóidí a réiteach a eascraíonn as na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

(61)  D’fhonn nós imeachta éifeachtúil agus éifeachtach maidir le réiteach díospóidí a bhunú, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna agus do dháileoirí TPPUnna nós imeachta éifeachtach gearán a chur i bhfeidhm a fhéadfaidh a gcustaiméirí a leanúint sula ndéanfar an díospóid a atreorú lena réiteach i nós imeachta ADR nó os comhair cúirte. Ba cheart tréimhsí ama atá gearr agus sainithe go soiléir a bheith sa nós imeachta gearán, ar laistigh díobh ba cheart don soláthraí TPPUnna nó don dáileoir TPPUnna freagra a thabhairt ar ghearán. Ba cheart go mbeadh acmhainneacht leordhóthanach ag comhlachtaí ADR dul i mbun comhoibriú trasteorann ar bhealach leordhóthanach agus éifeachtúil maidir le díospóidí a bhaineann le cearta agus oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo.

(62)  Chun dálaí níos fearr a aimsiú le haghaidh a n-infheistíochtaí, agus ar an gcaoi sin iomaíocht a spreagadh freisin i measc soláthraithe TPPUnna, ba cheart an ceart a bheith ag coigilteoirí TPPU athrú go soláthraí TPPU difriúil, atá lonnaithe sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile, le linn chéim an charntha agus le linn chéim an dícharntha trí bhíthin nós imeachta soiléir, tapa agus sábháilte. Níor cheart, áfach, go mbeadh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe TPPUnna an tseirbhís malartaithe a sholáthar le haghaidh TPPUnna, i gcás ina bhfuil eisíocaíochtaí á bhfáil ag coigilteoirí i bhfoirm blianachtaí saoil. Le linn an mhalartaithe, ba cheart go n-aistreodh soláthraithe aistritheacha TPPUnna na méideanna comhfhreagracha nó, i gcás inarb infheidhme, sócmhainní comhchineáil ón gcuntas TPPU agus é a dhúnadh. Ba cheart do choigilteoirí TPPU conarthaí a thabhairt i gcrích le soláthraithe TPPUnna is faighteoirí maidir le hoscailt chuntais TPPU nua. Ba cheart an struchtúr fochuntais céanna leis an iarchuntas TPPU a bheith ag an gcuntas TPPU nua.

(63)  Le linn na seirbhíse malartaithe, féadfaidh coigilteoirí TPPU a roghnú nach n-aistreoidh siad ach sócmhainní comhchineáil agus an malartú á dhéanamh idir soláthraithe TPPUnna (amhail gnólachtaí infheistíochta nó soláthraithe incháilithe eile a bhfuil ceadúnas breise acu) atá ag gabháil do bhainistiú punainne do choigilteoirí TPPU. Sa chás sin, is gá toiliú i scríbhinn ón soláthraí is faighteoir. I gcás comhbhainistiú ar infheistíochtaí, ní féidir sócmhainní comhchineáil a mhalartú ar an ábhar nach ann do scaradh sócmhainní i gcás gach coigilteora TPPU.

(64)  Ba cheart don phróiseas malartaithe a bheith sách simplí don choigilteoir TPPU. Dá réir sin, ba cheart don soláthraí TPPUnna is faighteoir a bheith freagrach as an bpróiseas a thionscnamh agus a bhainistiú thar ceann an choigilteora TPPU agus arna iarraidh sin aige. Ba cheart do sholáthraithe TPPUnna a bheith in ann úsáid a bhaint as acmhainní breise, amhail réiteach teicniúil, ar bhonn deonach agus an tseirbhís malartaithe á bunú acu. I ngeall ar chineál uile-Eorpach an táirge, ba cheart go mbeadh coigilteoirí TPPU in ann malartú gan mhoill agus saor in aisce i gcás nach mbeidh fáil ar fhochuntas ar bith sa Bhallstát a n-aistreoidh an coigilteoir TPPU chuige.

(65)  Sula ndéantar an malartú a údarú, ba cheart an coigilteoir TPPU a chur ar an eolas maidir le gach céim den nós imeachta agus na costais is gá chun an malartú a chur i gcrích, chun go bhféadfaidh an coigilteoir TPPU cinneadh eolasach a dhéanamh maidir leis an tseirbhís malartaithe.

(66)  Tá comhoibriú an tsoláthraí TPPUnna aistrithigh riachtanach chun go mbeidh rath ar an malartú. Dá bhrí sin, ba cheart don soláthraí TPPUnna aistritheach gach faisnéis is gá a thabhairt don soláthraí TPPUnna is faighteoir chun go gcuirfear na híocaíochtaí ar ais sa chuntas TPPU eile. Níor cheart, áfach, go rachadh an fhaisnéis sin thar a bhfuil riachtanach chun an malartú a chur i gcrích.

(67)  Níor cheart do choigilteoirí TPPU a bheith faoi réir caillteanais airgeadais, lena n-áirítear muirir agus ús, a tharlaíonn de dheasca aon bhotún a dhéanfaidh ceachtar de na soláthraithe TPPUnna atá rannpháirteach sa phróiseas malartaithe. Go háirithe, níor cheart do choigilteoirí TPPU aon chaillteanas airgeadais a iompar a eascraíonn as táillí breise, ús nó muirir eile a íoc, mar aon le fíneálacha, pionóis nó aon chineál aimhleasa airgeadais de dheasca moill a bheith ar fhorghníomhú an mhalartaithe. Ar an ábhar gur cheart cosaint chaipitil a áirithiú ag tús chéim an dícharntha agus le linn chéim an dícharntha, i gcás inarb infheidhme, níor cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar an soláthraí TPPUnna aistritheach an chosaint chaipitil nó an ráthaíocht chaipitil a áirithiú tráth an mhalartaithe. B’fhéidir freisin go gcinnfeadh an soláthraí TPPUnna aistritheach an chosaint chaipitil a áirithiú nó an ráthaíocht a sholáthar tráth an mhalartaithe.

(68)  Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gcoigilteoir TPPU cinneadh eolasach a dhéanamh sula ndéanfaidh sé an malartú. Ba cheart go gcomhlíonfadh an soláthraí TPPUnna is faighteoir na ceanglais dáileacháin agus faisnéise uile, lena n-áirítear soláthar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU, comhairle agus faisnéise leormhaith maidir leis na costais a bhaineann leis an malartú agus na himpleachtaí dochracha a d’fhéadfadh a bheith ar an gcosaint chaipitil agus TPPU lena ngabhann ráthaíocht á mhalartú. Ba cheart na costais don mhalartú a ghearrfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir a choimeád ag méid nach bhfuil ina bhac ar shoghluaisteacht agus in aon chás a bheith teoranta do 0,5% de na méideanna comhfhreagracha nó luach airgeadaíochta na sócmhainní comhchineáil a bheidh le haistriú.

(69)  Tar éis TPPU a shuibscríobh agus nuair atá fochuntas nua á oscailt acu, ba cheart an tsaoirse a thabhairt do choigilteoirí TPPU cinneadh a dhéanamh faoina rogha eisíocaíochta (blianachtaí, cnapshuim, nó eile) le linn chéim an dícharntha, ach an fhéidearthacht a bheith acu a rogha a athbhreithniú bliain amháin sula gcuirfidh siad tús le chéim an dícharntha, ag tús an dícharntha agus tráth an mhalartaithe, chun gur féidir leo a rogha eisíocaíochta a oiriúnú ar an mbealach is fearr dá riachtanais nuair a bhíonn an t-am scoir ag druidim leo. Dá ndéanfadh an soláthraí TPPUnna níos mó ná cineál amháin eisíocaíochta a chur ar fáil, ba cheart go mbeadh an coigilteoir TPPU in ann rogha eisíocaíochta éagsúil a roghnú i gcás gach fochuntais arna oscailt ina chuntas TPPU.

(70)  Ba cheart cead a bheith ag soláthraithe TPPUnna réimse leathan d'fhoirmeacha eisíocaíochta a chur ar fáil do choigilteoirí TPPU. Leis an gcur chuige sin, bhainfí an sprioc amach maidir le húsáid mhéadaithe a bhaint as an TPPU trí sholúbthacht agus rogha mhéadaithe do choigilteoirí TPPU. Cheadófaí do sholáthraithe a TPPUnna a dhearadh ar an gcaoi is cost-éifeachtaí. Tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais agus indéanta ó thaobh na polaitíochta de mar go gcoimeádtar dóthain solúbthachta ann do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh i dtaobh cé na foirmeacha eisíocaíochta atá siad ag iarraidh a spreagadh. I gcomhréir le cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun tosaíocht a thabhairt do chineálacha ar leith eisíocaíochtaí amhail teorainneacha cainníochtúla le haghaidh íocaíochtaí cnapshuime chun blianachtaí saoil agus íocaíochtaí íostarraingthe a spreagadh tuilleadh.

(71)   I bhfianaise ghné uile-Eorpach an TPPU, tá gá le hardleibhéal comhsheasmhach cosanta do choigilteoirí TPPU ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Éilítear uirlisí leormhaithe leis sin chun sáruithe a chomhrac go héifeachtach agus díobháil do thomhaltóirí a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfaí cumhachtaí ÚEÁPC agus na n-údarás inniúil a chomhlánú le sásra sainráite chun cosc nó srian a chur ar mhargú, ar dháileadh agus ar dhíol aon TPPU is cionsiocair le húdair imní thromchúiseacha maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU, lena n-áirítear i dtaca le cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, le feidhmiú ordúil agus sláine an mhargaidh airgeadais, nó le cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine, nó cuid de, mar aon le cumhachtaí comhordaithe agus teagmhasachta iomchuí do ÚEÁPC.

Ba cheart cumhachtaí ÚEÁPC a bheith bunaithe ar Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ionas go n-áiritheofar go bhféadfar sásraí idirghabhála den sórt sin a chur i bhfeidhm i gcás údair imní shuntasacha maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU, lena n-áirítear i dtaca le gné scoir fhadtéarmaigh an TPPU. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann toirmeasc nó srian a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar TPPU a mhargú, a dháileadh nó a dhíol le coigilteoirí TPPU. Ní shaorann na cumhachtaí sin an soláthraí TPPUnna óna fhreagracht na ceanglais ábhartha uile faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

(72)  Ba cheart trédhearcacht iomlán maidir le costais agus táillí a bhaineann le hinfheistíocht in TPPU a ráthú. Bhunófaí cothroime iomaíochta idir soláthraithe, agus d’áiritheofaí cosaint do thomhaltóirí ag an am céanna. Bheadh faisnéis chomparáideach ar fáil do tháirgí éagsúla agus spreagfaí praghsáil iomaíoch dá réir.

(73)  Cé gurb iad na húdaráis inniúla faoi seach a fheidhmeoidh an mhaoirseacht leanúnach a dhéanfar ar sholáthraithe TPPUnna, ba cheart do ÚEÁPC an mhaoirseacht maidir le TPPUnna a chomhordú, chun a ráthú go gcuirfear modheolaíocht chomhaontaithe mhaoirseachta i bhfeidhm go comhsheasmhach, rud a rannchuideoidh ar an mbealach sin le cineál uile-Eorpach agus scoir fhadtéarmaigh na TPPUnna.

(74)  Chun cearta custaiméirí a neartú agus chun rochtain ar nós imeachta gearán a éascú, ba cheart go mbeadh coigilteoirí TPPU in ann, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann, gearáin a thíolacadh d’údaráis inniúla a mBallstáit chónaithe, gan beann ar an áit inar tharla an sárú.

(75)  Ba cheart do ÚEÁPC comhoibriú le húdaráis inniúla agus comhoibriú agus comhsheasmhacht eatarthu a éascú. I ndáil leis sin, ba cheart do ÚEÁPC ról a imirt i gcumhacht na n-údarás inniúil ▌chun bearta maoirseachta a chur i bhfeidhm trí fhianaise a sholáthar faoi sháruithe a bhaineann le TPPUnna. Ba cheart do ÚEÁPC idirghabháil cheangailteach a sholáthar freisin i gcás easaontas idir na húdaráis inniúla i gcásanna trasteorann.

(76)  Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna an Rialachán seo agus chun a áirithiú go mbeidh siad faoi réir cóireáil chomhchosúil ar fud an Aontais, ba cheart pionóis riaracháin agus bearta eile atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a sholáthar.

(77)  I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2010 dar teideal ‘Córais smachtbhannaí a dhaingniú in earnáil na seirbhísí airgeadais’ agus chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanfadh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear sáruithe ar an Rialachán seo faoi réir pionóis riaracháin iomchuí agus bearta eile.

(78)  Cé go bhféadfaidh na Ballstáit rialacha maidir le pionóis riaracháin agus choiriúla a leagan síos i ndáil leis na sáruithe céanna, níor cheart go gcuirfí de cheangal ar na Ballstáit rialacha maidir le pionóis riaracháin a leagan síos i gcomhair sáruithe ar an Rialachán seo atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta. Níor cheart, áfach, a bheith mar thoradh ar phionóis choiriúla a choimeád ar bun in ionad pionóis riaracháin i gcomhair sáruithe ar an Rialachán seo, go laghdófaí ná go n-athrófaí ar shlí eile cumas na n-údarás inniúil a bheith ag comhoibriú nó faisnéis a rochtain nó a mhalartú go tráthúil le húdaráis inniúla i mBallstáit eile chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear tar éis sáruithe ábhartha a chur ar aghaidh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla le haghaidh ionchúiseamh coiriúil.

(79)  Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag údaráis inniúla pionóis airgid a fhorchur atá ard go leor chun na brabúis iarbhír nó ionchasacha a fhritháireamh, agus atá athchomhairleach fiú do na gnóthais mhóra airgeadais agus dá mbainisteoirí.

(80)  Chun a áirithiú go gcuirfear pionóis i bhfeidhm go comhleanúnach ar fud an Aontais, ba cheart do na húdaráis inniúla na himthosca ábhartha uile a chur san áireamh nuair a bheidh cineál an phionóis riaracháin nó na mbeart eile agus leibhéal na bpionós airgid á gcinneadh acu.

(81)  Chun a áirithiú, mar thoradh ar chinntí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla faoi sháruithe agus faoi phionóis go mbeidh éifeacht athchomhairleach ar an bpobal i gcoitinne agus chun an chosaint do thomhaltóirí a neartú trí rabhadh a thabhairt dóibh faoi TPPUnna arna ndáileadh de shárú ar an Rialachán seo, ba cheart na cinntí sin a fhoilsiú mura ndéanfadh an nochtadh sin cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá ar siúl a chur i mbaol.

(82)  Chun sáruithe ionchasacha a bhrath, ba cheart go mbeadh na cumhachtaí imscrúdúcháin is gá ag na húdaráis inniúla, agus ba cheart dóibh sásraí éifeachtacha a bhunú chun gur féidir leo sáruithe ionchasacha nó iarbhír a thuairisciú.

(83)  Ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar d’aon fhorálacha i ndlíthe na mBallstát maidir le cionta cóiriúla.

(84)  Maidir le haon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, amhail malartú nó tarchur sonraí pearsanta arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla nó próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag soláthraithe TPPUnna nó dáileoirí TPPUnna, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16). Maidir le haon mhalartú nó tarchur faisnéise arna dhéanamh ag na ÚMEnna, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17).

(85)   I bhfianaise go bhfuil sonraí airgeadais pearsanta ina sonraí íogaire, tá sé ríthábhachtach go mbeadh cosaint sonraí dhaingean ann. Dá bhrí sin, moltar go mbeadh dlúthbhaint ag údaráis cosanta sonraí le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maoirseacht air.

(86)  Níor cheart go dtiocfadh an nós imeachta clárúcháin agus um fhógra a thabhairt a leagtar síos sa Rialachán seo in ionad aon nós imeachta náisiúnta bhreise atá i bhfeidhm chun an fhéidearthacht a bheith ann tairbhe a bhaint as na buntáistí agus na dreasachtaí arna socrú ar an leibhéal náisiúnta.

(87)  Déanfar meastóireacht ar an Rialachán seo, inter alia, trí fhorbairtí sa margadh a mheasúnú, amhail teacht ann do chineálacha nua TPPUnna, chomh maith le forbairtí i réimsí eile de dhlí an Aontais agus i dtaithí na mBallstát. Ní mór go dtabharfadh meastóireacht den chineál sin aird ar na haidhmeanna agus na cuspóirí difriúla a bhaineann le margadh TPPU a fheidhmíonn go cuí a bhunú, agus go háirithe go ndéanfaí meastóireacht inti agus ar cé acu atá nó nach bhfuil níos mó saoránaigh Eorpacha ag coigilt do phinsin inbhuanaithe agus leormhaithe mar thoradh air sin. Mar gheall ar a thábhachtaí is atá íoschaighdeáin Eorpacha le haghaidh maoirseacht ar sholáthraithe TPPUnna, tá gá freisin le meastóireacht ar na soláthraithe TPPUnna ó thaobh chomhlíonadh an Rialacháin seo agus an dlí earnálaigh is infheidhme.

(88)  I bhfianaise na n-impleachtaí fadtéarmacha a ghabhann leis an Rialachán seo, tá sé bunriachtanach go ndéanfaí dlúthfhaireachán ar fhorbairtí le linn na chéad chéime den chur i bhfeidhm. Agus an mheastóireacht á déanamh aige, ba cheart don Choimisiún a mhachnamh a dhéanamh freisin ar thaithí ÚEÁPC, taithí geallsealbhóirí, agus taithí saineolaithe, agus aon bharúlacha a d’fhéadfadh a bheith aige a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(89)  Leis an Rialachán seo, ba cheart go n-áiritheofaí urraim do chearta bunúsacha agus go gcomhlíonfaí ann na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe cearta daoine scothaosta chun saol faoi dhínit agus neamhspleáchas a bheith acu agus chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun maoine, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, prionsabal an chomhionannais idir fir agus mná agus an prionsabal maidir le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí.

(90)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cosaint do choigilteoirí TPPU agus a muinín i TPPUnna a fheabhsú, lena n–áirítear i gcás ina ndáiltear na táirgí sin thar theorainneacha, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha maidir le clárú, monarú, dáileadh agus maoirsiú táirgí pinsin phearsanta a dháiltear san Aontas faoin ainmníocht ‘táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach’ nó ‘TPPU’.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘táirge pinsin phearsanta’ táirge:

(a)  atá bunaithe ar chonradh idir coigilteoir aonair agus eintiteas ar bhonn deonach agus atá ina chomhlánú ar aon táirge pinsin reachtúil nó cheirde;

(b)  ina ndéantar foráil do charnadh caipitil fadtéarmach leis an gcuspóir sainráite ioncam a sholáthar tráth scoir agus lena ngabhann ▌féidearthachtaí teoranta chun aistarraingt luath a dhéanamh roimh an tráth sin;

(c)  nach táirge pinsin reachtúil ná cheirde é;

(2)  ciallaíonn ‘Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach’ nó ‘TPPU’ táirge pinsin phearsanta coigiltis fhadtéarmaigh, arna sholáthar faoi chonradh TPPU ag gnóthas airgeadais rialáilte atá incháilithe de réir Airteagal 6(1), agus a shuibscríobhann coigilteoir TPPU leis, nó comhlachas neamhspleách coigilteoirí TPPU thar ceann a chomhaltaí, ar mhaithe le scor ceirde, a bhfuil infhuascailteacht an-teoranta nó nach bhfuil aon infhuascailteacht ag baint leis, agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(3)  ciallaíonn ‘coigilteoir TPPU’ duine nádúrtha a bhfuil conradh tugtha i gcrích aige le soláthraí TPPUnna;

(4)  ciallaíonn ‘conradh TPPU’ conradh idir coigilteoir TPPU agus soláthraí TPPUnna lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4;

(5)  ciallaíonn ‘cuntas TPPU’ cuntas pinsin phearsanta atá á choinneáil in ainm coigilteora TPPU nó tairbhí TPPU a úsáidtear chun idirbhearta a thaifeadadh lena gceadaítear don choigilteoir ranníocaíochtaí a dhéanamh go tréimhsiúil i ndáil lena dhul ar scor▐ agus don tairbhí TPPU sochair TPPU a fháil;

(6)  ciallaíonn ‘tairbhí TPPU’ duine nádúrtha a fhaigheann sochair TPPU;

(7)  ciallaíonn ‘custaiméir TPPU’ coigilteoir TPPU, nó coigilteoir TPPU ionchasach nó tairbhí TPPU;

(8)  ciallaíonn ‘dáileadh TPPU’ comhairle a thabhairt i dtaobh, moladh a dhéanamh i dtaobh, nó dul d’obair eile is ullmhúchán do chonarthaí maidir le soláthar TPPU a thabhairt chun críche, na conarthaí sin a thabhairt chun críche, nó cuidiú leis na conarthaí sin a riar agus a fheidhmiú, lena n-áirítear faisnéis a sholáthar maidir le conradh TPPU amháin nó níos mó i gcomhréir leis na critéir arna roghnú ag custaiméirí TPPU trí shuíomh gréasáin nó trí mheán eile agus liosta rangaithe TPPU a thiomsú, lena n-áirítear comparáid idir praghsanna agus táirgí, nó lascaine ar phraghas TPPU, i gcás ina bhfuil sé ar chumas an chustaiméara TPPU conradh TPPU a thabhairt i gcrích go díreach nó go hindíreach trí úsáid a bhaint as suíomh gréasáin nó meán eile;

(9)  ciallaíonn ‘sochair scoir TPPU’ sochair a íoctar de bharr aois scoir ceirde a bhaint amach, nó de bharr an ionchais go mbainfear é sin amach, i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 58(1);

(10)  ciallaíonn ‘sochair TPPU’ sochair scoir TPPU agus sochair bhreise eile a bhfuil tairbhí TPPU ina dteideal i gcomhréir leis an gconradh TPPU, go háirithe maidir leis na cásanna atá teoranta go docht d’fhuascailt luath nó má sholáthraítear cumhdach rioscaí bithmhéadracha leis an gconradh TPPU;

(11)  ciallaíonn ‘céim an charntha’ an tréimhse ina ndéantar sócmhainní a charnadh i gcuntas TPPU agus is iondúil go leanann sé ar aghaidh go dtí go dtosóidh céim an dícharntha;

(12)  ciallaíonn ‘céim an dícharntha’ an tréimhse ina bhféadfar tarraingt ar na sócmhainní i gcuntas TPPU chun riachtanais scoir nó riachtanais ioncaim eile a chistiú;

(13)  ciallaíonn ‘blianacht’ suim is féidir a íoc ag eatraimh shonraithe thar thréimhse, amhail saol thairbhí an TPPU nó líon áirithe blianta, i gcomaoin infheistíochta;

(14)  ciallaíonn ‘íocaíochtaí íostarraingthe’ méideanna lánroghnacha a bhféadfaidh tairbhithe TPPU iad a tharraingt ▌ faoi réir teorainn áirithe ar bhonn tréimhsiúil;

(15)  ciallaíonn ▌‘soláthraí TPPUnna’ gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) atá údaraithe chun TPPU a mhonarú agus an TPPU sin a dháileadh;

(16)  ciallaíonn ▌‘dáileoir TPPUnna’ gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) atá údaraithe chun TPPUnna nár mhonaraigh sé féin a dháileadh, gnólacht infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, idirghabhálaí árachais mar a shainmhínítear é i bpointe (3) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18);

(17)  ciallaíonn ‘meán marthanach’ aon ionstraim:

(a)  lena gcuirtear de chumas ar chustaiméir TPPU faisnéis a seoladh chuig an gcustaiméir sin go pearsanta a stóráil ar bhealach inrochtana mar phointe tagartha amach anseo agus go ceann tréimhse atá leordhóthanach chun críocha na faisnéise; agus

(b)  lenar féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;

(18)  ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ ▌údaráis náisiúnta arna ainmniú ag Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe TPPUnna nó ar dháileoirí TPPUnna, de réir mar a bheidh, nó chun na dualgais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh;

(19)  ciallaíonn ‘Ballstát baile an tsoláthraí TPPUnna’ Ballstát baile mar a shainmhínítear é sa ghníomh reachtach ábhartha amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1);

(20)  ciallaíonn ‘Ballstát baile an dáileora TPPUnna’ an méid seo a leanas:

(a)  i gcás inar duine nádúrtha é an dáileoir, an Ballstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi;

(b)  i gcás inar duine dlítheanach é an dáileoir, an Ballstáit ina bhfuil a oifig chláraithe lonnaithe nó, i gcás nach bhfuil oifig chláraithe ag an dáileoir faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig lonnaithe;

(21)  ciallaíonn ‘Ballstát óstach an dáileora TPPUnna’ Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina ndéanann an dáileoir TPPUnna TPPUnna a sholáthar faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta nó ar ina leith atá fochuntas oscailte ag an dáileoir TPPUnna;

(22)  ciallaíonn ‘Ballstát óstach an dáileora TPPUnna’ Ballstát, seachas Ballstát baile an dáileora TPPUnna, ina ndéanann dáileoir an TPPUnna TPPUnna a dháileadh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta;

(23)  ciallaíonn ‘fochuntas’ rannán náisiúnta a osclaítear laistigh de gach aon chuntas TPPU agus a chomhfhreagraíonn do na ceanglais agus coinníollacha dlí chun úsáid a bhaint as dreasachtaí féideartha arna socrú ar an leibhéal náisiúnta maidir le hinfheistiú in TPPU ag an mBallstát ina bhfuil áit chónaithe an choigilteora TPPU; dá réir sin, féadfaidh duine aonair a bheith ina choigilteoir TPPU nó ina thairbhí TPPU i ngach fochuntas, ag brath ar na ceanglais dlí faoi seach do chéim an charntha agus do chéim an dícharntha;

(24)  ciallaíonn ‘caipiteal’ ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána ▌, arna ríomh ar bhonn méideanna in-infheistithe tar éis na táillí, na muirir agus na speansais uile a iompraíonn coigilteoirí TPPU go díreach nó go hindíreach a asbhaint;

(25)  ciallaíonn ‘ionstraimí airgeadais’ na hionstraimí sin a shonraítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19);

(26)  ciallaíonn ‘taisclann’ institiúid a bhfuil sé de chúram uirthi sócmhainní a choimeád slán agus comhlíonadh na rialacha maidir le cistí agus an dlí is infheidhme a fhormhaoirsiú:

(27)   ciallaíonn ‘TPPU bunúsach’ rogha infheistíochta mar a leagtar síos in Airteagal 45;

(28)  ciallaíonn ‘teicnící maolaithe riosca’ teicnící chun méid na neamhchosanta ar riosca agus/nó ar an dóchúlacht go dtarlódh sé a mhaolú go córasach;

(29)  ciallaíonn ‘rioscaí bithmhéadracha’ rioscaí atá nasctha le bás, le míchumas agus/nó le fad saoil;

(30)  ciallaíonn ‘soláthraithe a mhalartú’ na méideanna comhfhreagracha, nó i gcás inarb infheidhme na sócmhainní comhchineáil a aistriú, arna iarraidh sin ag coigilteoir TPPU, ó sholáthraí TPPUnna amháin go soláthraí TPPUnna eile i gcomhréir le hAirteagal 52(4), ó chuntas TPPU amháin chuig an gcuntas eile, agus an t-iarchuntas TPPU ▌a dhúnadh gan dochar d’fhorálacha phointe (e) d’Airteagal 53(4).;

(31)  ciallaíonn ‘comhairle’ moladh pearsanta arna sholáthar ag an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna do chustaiméir TPPU, i dtaca le conradh TPPU ▌amháin nó níos mó;

(32)  ciallaíonn ‘comhpháirtíocht’ comhar idir soláthraithe TPPUnna chun fochuntais a thairiscint i mBallstáit éagsúla i gcomhthéacs na seirbhíse iniomparthachta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(2);

(33)  ciallaíonn ‘tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais’ nó “tosca ESG” tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais amhail iad siúd dá dtagraítear i gComhaontú Pháras, i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus sna Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach lena dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe.

Airteagal 3

Rialacha is infheidhme

Beidh clárú, monarú, daileadh agus maoirsiú TPPUnna faoi réir an méid seo a leanas:

(a)  an Rialachán seo, agus

(b)   i gcás nithe nach rialaítear leis an Rialachán seo ▌:

(i)  dlí earnálach ábhartha an Aontais lena n-áirítear na gníomhartha comhfhreagracha tarmligthe agus cur chun feidhme;

(ii)  dlíthe arna nglacadh ag na Ballstáit tráth dlí earnálach ábhartha an Aontais a bheith á chur chun feidhme agus tráth bearta a bhaineann go sonrach le TPPUnna a bheith á gcur chun feidhme;

(iii)  dlíthe náisiúnta eile a bhfuil feidhm acu maidir le TPPUnna.

Airteagal 4

Conradh TPPU

1.  Leagfar síos sa chonradh TPPU na forálacha sonracha le haghaidh an TPPU i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 3.

2.  Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sa chonradh TPPU:

(a)  tuairisc ar an TPPU Bunúsach amhail dá dtagraítear in Airteagal 45, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an ráthaíocht ar chaipiteal arna infheistiú nó leis an straitéis infheistíochta atá dírithe ar gcosaint chaipitil a áirithiú;

(b)  tuairisc ar na roghanna infheistíochta malartacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 42(2), i gcás inarb infheidhme;

(c)  na coinníollacha a bhaineann le modhnú na rogha infheistíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 44;

(d)  i gcás ina dtairgtear cumhdach rioscaí bithmhéadracha leis an TPPU, mionsonraí an chumhdaigh sin, lena n-áirítear na cúinsí lena dtionscnófaí é;

(e)  tuairisc ar shochair scoir an TPPU, go háirithe na cineálacha féideartha eisíocaíochtaí agus an ceart chun athrú a dhéanamh ar an gcineál eisíocaíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 59;

(f)  na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís iniomparthachta amhail dá dtagraítear in Airteagail 17 go 20 lena n-áirítear faisnéis faoi na Ballstáit a bhfuil fochuntas ar fáil ina leith;

(g)  na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís mhalartaithe amhail dá dtagraítear in Airteagial 52 go 55;

(h)  na catagóirí costas agus iomlán na gcostas comhiomlán arna sloinneadh i dtéarmaí céatadáin agus i dtéarmaí airgeadaíochta, i gcás inarb infheidhme;

(i)  na coinníollacha a bhaineann le céim an charntha don fhochuntas a chomhfhreagraíonn do Bhallstát cónaithe an choigilteora TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 47;

(j)  na coinníollacha a bhaineann le céim an dícharntha don fhochuntas a chomhfhreagraíonn do Bhallstát cónaithe an choigilteora TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 57;

(k)  i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha faoina mbeidh buntáistí agus dreasachtaí arna ndeonú le haisíoc le Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU.

CAIBIDIL II

CLÁRÚ

Airteagal 5

Clárú

1.  Ní fhéadfar TPPU a sholáthar agus a dháileadh san Aontas ach amháin i gcás ina mbeidh sé cláraithe sa chlár lárnach poiblí a choimeádann ÚEÁPC i gcomhréir le hAirteagal 13.

2.  Beidh clárú TPPU bailí sna Ballstáit uile. Leis sin, tugtar teidlíocht don soláthraí TPPUnna an TPPU a sholáthar agus don dáileoir TPPUnna an TPPU atá cláraithe sa chlár lárnach poiblí dá dtagraítear in Airteagal 13 a dháileadh.

Is i gcomhréir le Caibidil IX a dhéanfar maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ar bhonn leanúnach.

Airteagal 6

Iarratas ar TPPU a chlárú

1.  Ní fhéadfaidh ach na gnóthais airgeadais seo a leanas, arna n-údarú nó arna gclárú faoi dhlí an Aontais, iarratas a dhéanamh ar TPPU a chlárú:

(a)  institiúidí creidmheasa arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20);

(b)  gnóthais árachais arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21), atá i mbun árachas saoil díreach de réir Airteagal 2(3) de Threoir 2009/138/CE agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin;

(c)  institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2341 agus atá, de bhun an dlí náisiúnta, údaraithe agus faoi mhaoirseacht chun táirgí pinsin phearsanta a sholáthar freisin. Sa chás sin, déanfar na sócmhainní agus na dliteanais go léir a chomhfhreagraíonn do ghnólacht a sholáthraíonn TPPUnna a imfhalú, gan aon fhéidearthacht a bheith ann iad a aistriú chuig gnólacht soláthair scoir eile na hinstitiúide;

(d)  gnólachtaí infheistíochta arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE, a sholáthraíonn bainistiú punainne ;

(e)  cuideachtaí infheistíochta nó cuideachtaí bainistíochta arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE;

(f)   bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha AE (AIFM AE) arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE;

2.  Déanfaidh gnóthais airgeadais a liostaítear i mír 1 an t-iarratas ar chlárú TPPU a thíolacadh dá n-údaráis inniúla. Beidh an méid seo a leanas san iarratas:

(a)   téarmaí conartha caighdeánacha an chonartha TPPU, a bheidh le moladh do choigilteoirí TPPU, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)  faisnéis faoi chéannacht an iarratasóra ;

(c)  faisnéis faoi shocruithe maidir le bainistiú agus riar punainne agus riosca a mhéid a bhaineann leis an TPPU, lena n-áirítear socruithe amhail dá dtagraítear in Airteagail 19(2), 42(5) agus 49(3);

(d)  liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna is iarratasóir an TPPU a mhargú, i gcás inarb infheidhme;

(e)  faisnéis faoi chéannacht na taisclainne, i gcás inarb infheidhme;

(f)  faisnéis bhunriachtanach TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 26;

(g)   liosta de na Ballstáit ar ina leith a bheidh an soláthraí TPPUnna is iarratasóir in ann oscailt láithreach fochuntais a áirithiú.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú i dtaobh an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a bheith críochnaithe ina iomláine laistigh de 15 lá oibre ón iarratas a fháil.

Déanfaidh na húdaráis inniúla teorainn ama a shocrú faoina mbeidh breis faisnéise le soláthar ag an iarratasóir, mura mbeidh an t-iarratas críochnaithe ina iomláine. Tar éis a mheas go bhfuil an t-iarratas críochnaithe ina iomláine, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don iarratasóir faoi dá réir.

4.   Laistigh de thrí mhí ón dáta a thíolacfar an t-iarratas críochnaithe de bhun mhír 3, glacfaidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir le TPPU a chlárú ach ní dhéanfaidh siad sin, ach amháin má bhíonn an t-iarratasóir incháilithe chun TPPUnna a sholáthar de réir mhír 1 agus má dhéanann an fhaisnéis agus na doiciméid arna dtíolacadh san iarratas ar chlárúchán amhail dá dtagraítear i mír 2 an Rialachán seo a chomhlíonadh.

5.   Laistigh de chúig lá oibre ó chinneadh a ghlacadh maidir leis an TPPU a chlárú, déanfaidh na húdaráis inniúla an cinneadh a chur in iúl do ÚEÁPC mar aon leis an bhfaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d), (f) agus (g) de mhír 2 agus cuirfidh siad an soláthraí TPPU is iarratasóir ar an eolas faoi dá réir.

Ní bheidh ÚEÁPC freagrach as cinneadh maidir le clárúchán ag údaráis inniúal, ná ní bheidh sé faoi dhliteanas ina leith.

I gcás ina ndiúltóidh na húdaráis inniúla clárúchán a dheonú, déanfaidh siad cinneadh réasúnaithe a eisiúint a bheidh faoi réir ceart achomhairc.

6.  I gcás ina mbeidh níos mó ná aon údarás inniúil amháin ann i mBallstát do chineál sonrach gnóthais airgeadais dá dtagraítear i mír 1, ainmneoidh an Ballstát sin údarás aonair inniúil do gach cineál gnóthais airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a bheidh freagrach as an nós imeachta clárúcháin agus as an gcumarsáid le ÚEÁPC.

Aon mhodhnuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfáisnéis agus ar na doiciméid arna soláthar san iarratas dá dtagraítear i mír 2, tabharfar fógra láithreach do na húdaráis inniúla ina dtaobh. I gcás ina mbainfidh na modhnuithe leis an bhfaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d), (f) agus (g) de mhír 2, déanfaidh na húdaráis inniúla na modhnuithe sin a chur in iúl do ÚEÁPC gan moill mhíchuí.

Airteagal 7

Clárú TPPU

1.  Laistigh de chúig lá oibre ón dáta a dhéanfar an cinneadh maidir le clárúchán mar aon leis an bhfaisnéis agus na doiciméid a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 6(5), déanfaidh ÚEÁPC an TPPU a chlárú sa chlár lárnach poiblí amhail dá dtagraítear in Airteagal 13 agus tabharfaidh sé fógra ina thaobh dá réir sin do na húdaráis inniúla gan moill mhíchuí.

2.  Laistigh de chúig lá oibre ón bhfógra maidir le clárú an TPPU amhail dá dtagraítear i mír 1 a fháil, cuirfidh na húdaráis inniúla an soláthraí TPPUnna is iarratasóir ar an eolas faoi dá réir.

3.   Féadfaidh an soláthraí TPPUnna an TPPU a sholáthar agus féadfaidh an dáileoir TPPUnna an TPPU a dháileadh amhail ón dáta a chlárófar an TPPU sa chlár lárnach poiblí amhail dá dtagraítear in Airteagal 13.

Airteagal 8

Coinníollacha le haghaidh díchlárú TPPU

1.  Eiseoidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir le díchlárú an TPPU i gcás ina ndéanfaidh an soláthraí TPPUnna na nithe seo a leanas:

(a)  an clárúchán a thréigean go sainráite;

(b)  an clárúchán a fháil trí ráitis bhréige a dhéanamh nó trí aon mhodhanna neamhrialta eile;

(c)  an Rialachán seo a shárú go tromchúiseach nó go córasach; nó

(d)  i gcás nach ndéanfaidh an TPPU na coinníollacha faoinar deonaíodh an clárúchán a chomhlíonadh a thuilleadh.

2.  Laistigh de chúig lá oibre ó chinneadh a ghlacadh maidir le díchlárú an TPPU, déanfaidh na húdaráis inniúla an cinneadh sin a chur in iúl do ÚEÁPC agus cuirfidh siad an soláthraí TPPUnna ar an eolas faoi dá réir.

3.  Laistigh de chúig lá oibre ón gcinneadh maidir le díchlárú amhail dá dtagraítear i mír 2 a fháil, déanfaidh ÚEÁPC an TPPU a dhíchlárú agus tabharfaidh sé fógra ina thaobh dá réir sin do na húdaráis inniúla.

4.  Laistigh de chúig lá oibre ón bhfógra maidir le díchlárú an TPPU amhail dá dtagraítear i mír 3 a fháil, lena n-áirítear dáta an díchláraithe, cuirfidh na húdaráis inniúla an soláthraí TPPUnna is iarratasóir ar an eolas faoi dá réir.

5.  Ní dhéanfaidh an soláthraí TPPUnna an TPPU a sholáthar a thuilleadh agus ní dhéanfaidh an dáileoir TPPUnna an TPPU a dháileadh a thuilleadh amhail ón dáta a dhíchlárófar an TPPU sa chlár lárnach poiblí amhail dá dtagraítear in Airteagal 13.

6.  I gcás ina mbeidh faisnéis faighte ag ÚEÁPC maidir le ceann de na himthosca dá dtagraítear i bpointí (b) nó (c) de mhír 1 den Airteagal seo a bheith ann, i gcomhréir leis an dualgas comhair idir na húdaráis inniúla agus ÚEÁPC dá dtagraítear in Airteagal 66, iarrfaidh ÚEÁPC ar údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna a fhíorú gur ann do na himthosca sin agus déanfaidh na húdaráis inniúla a dtátail agus an fhaisnéis chomhfhreagrach a thíolacadh do ÚEÁPC.

7.  Sula ndéanfaidh siad cinneadh maidir leis an TPPU a dhíchlárú, déanfaidh na húdaráis inniúla agus ÚEÁPC a ndícheall chun a áirithiú go ndéanfar leasanna na gcoigilteoirí TPPU a choimirciú.

Airteagal 9

Ainmniú ▌

Ní fhéadfar an ainmníocht ‘Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach’ nó ‘TPPU’ i dtaca le táirge pinsin phearsanta a úsáid ach amháin i gcás ina mbeidh an táirge pinsin phearsanta cláraithe ag ÚEÁPC lena dháileadh faoin ainmníocht ‘TPPU’ i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 10

Dáileadh TPPUnna

1.  Féadfaidh gnóthais airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) TPPUnna a mhonaraigh siad féin a dháileadh. Féadfaidh siad TPPUnna nár mhonaraigh siad féin a dháileadh freisin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad an dlí earnálach ábhartha ar i gcomhréir leis a fhéadfaidh siad táirgí nár mhonaraigh siad féin a dháileadh.

2.  Idirghabhálaithe árachais arna gclárú i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/97 agus gnólachtaí infheistíochta arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE chun comhairle infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe 4 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE a sholáthar, féadfaidh siad TPPUnna nár mhonaraigh siad féin a dháileadh.

Airteagal 11

An córas stuamachta is infheidhme maidir le cineálacha éagsúla soláthraithe

Déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna an Rialachán seo a chomhlíonadh▌, chomh maith leis an gcóras stuamachta ábhartha is infheidhme maidir leo i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus Airteagal 10(2).

Airteagal 12

Forálacha náisiúnta a fhoilsiú

1.  I gcás inarb infheidhme, maidir le téacsanna na ndlíthe náisiúnta, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin lena rialaítear na coinníollacha a bhaineann le céim an charntha amhail dá dtagraítear in Airteagal 47 agus na coinníollacha a bhaineann le céim an dícharntha amhail dá dtagraítear in Airteagal 57, lena n-áirítear faisnéis maidir le nósanna imeachta náisiúnta breise arna gcur i bhfeidhm chun buntáistí agus dreasachtaí arna socrú ar an leibhéal náisiúnta a chur i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás náisiúnta ábhartha iad a chur ar fáil don phobal agus a choimeád cothrom le dáta.

2.  Déanfaidh gach údarás inniúil i mBallstát nasc chuig na téacsanna dá dtagraítear i mír 1 a choinneáil agus a choimeád cothrom le dáta ar a shuíomh gréasáin.

3.  Is chun críocha faisnéise, agus chun na gcríoch sin amháin, a bheidh foilsiú na dtéacsanna dá dtagraítear i mír 1, agus ní chruthóidh sé oibleagáidí ná dliteanais dhlíthiúla do na húdaráis náisiúnta ábhartha.

Airteagal 13

Clár lárnach poiblí

1.  Coinneoidh ÚEÁPC clár lárnach poiblí ina sainaithneofar gach TPPU a chlárófar faoin Rialachán seo, uimhir chlárúcháin an TPPU, soláthraí TPPUnna an TPPU sin, údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna, dáta cláraithe an TPPU, liosta iomlán de na Ballstáit ina dtairgtear an TPPU sin agus liosta iomlán de na Ballstáit ar ina leith a dhéanann an soláthraí TPPUnna fochuntas a thairiscint. Beidh an clár ar fáil go poiblí i bhformáid leictreonach agus coinneofar cothrom le dáta é.

2.  Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEÁPC ar an eolas faoi na naisc dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus coinneoidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta.

3.  Déanfaidh ÚEÁPC na naisc dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta sa chlár lárnach poiblí dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL III

SOLÁTHAR TRASTEORANN AGUS INIOMPARTHACHT TPPU

ROINN I

AN tSAOIRSE CHUN SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR AGUS AN tSAOIRSE BHUNAÍOCHTA

Airteagal 14

An tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú ag soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna

1.   Féadfaidh soláthraithe TPPUnna TPPUnna a sholáthar, agus féadfaidh dáileoirí TPPUnna é a dháileadh, laistigh de chríoch Ballstáit óstaigh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta, ar choinníoll go ndéanfaidh siad é sin i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha arna mbunú le dlí sin an Aontais, nó faoi dhlí sin an Aontais, is infheidhme maidir leo amhail dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d) agus (e) d’Airteagal 6(1) nó in Airteagal 10(2) agus tar éis dóibh fógra a thabhairt go bhfuil rún acu fochuntas a oscailt don Bhallstát óstach sin i gcomhréir le hAirteagal 21.

2.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna amhail dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (f) d’Airteagal 6(1) na rialacha a leagtar amach in Airteagal 15 chomhlíonadh.

Airteagal 15

An tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú ag IORPanna agus AIFM AE

1.  Maidir le soláthraithe TPPUnna amhail dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (f) d’Airteagal 6(1) a bhfuil rún acu TPPUnna a sholáthar do choigilteoirí TPPU laistigh de chríoch Ballstáit óstaigh den chéad uair faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus tar éis dóibh fógra a thabhairt go bhfuil rún acu fochuntas a oscailt don Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 21, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d’údaráis inniúla a mBallstáit baile:

(a)  ainm agus seoladh an tsoláthraí TPPUnna;

(b)  an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna TPPUnna a sholáthar do choigilteoirí TPPU nó a dháileadh orthu.

2.  Laistigh de 10 lá oibre ón dáta a gheobhaidh siad í, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile an fhaisnéis a tharchur chuig an mBallstát óstach maille le deimhniú go ndéanann an soláthraí TPPUnna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6(1) a chomhlíonadh. Déanfar an fhaisnéis a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh mura mbeidh cúis ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile a bheith in amhras i dtaobh leormhaitheas an struchtúir riaracháin i ndáil le soláthar an TPPU nó i dtaobh staid airgeadais an tsoláthraí TPPUnna amhail dá dtagraítear i bpointí (c) agus (f) d’Airteagal 6(1).

I gcás ina ndiúltóidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile an fhaisnéis a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, tabharfaidh siad na cúiseanna leis an diúltú sin don soláthraí TPPUnna lena mbaineann laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fhaisnéis agus na doiciméid uile a fháil. Beidh an diúltú nó aon mhainneachtain freagra a thabhairt faoi réir an chirt achomharc a dhéanamh chun na gcúirteanna i mBallstát baile an tsoláthraí TPPUnna.

3.  Laistigh de 10 lá oibre, admhóidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh go bhfuarthas an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don soláthraí TPPUnna ina dhiaidh sin go bhfuil an fhaisnéis faighte ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus gur féidir leis an soláthraí TPPUnna tosú ar TPPU a sholáthar do choigilteoirí TPPU sa Bhallstát sin.

4.  In éagmais admháil fála amhail dá dtagraítear i mír 3 laistigh de 10 lá oibre ó dháta tharchur na faisnéise amhail dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don soláthraí TPPUnna gur féidir leis an soláthraí TPPUnna tosú ar sheirbhísí a sholáthar sa Bhallstát óstach sin.

5.  I gcás athrú ar aon chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an soláthraí TPPUnna fógra d’údaráis inniúil an Bhallstáit baile maidir leis an athrú sin mí amháin ar a laghad sula gcuirfidh sé an t-athrú chun feidhme. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a chur ar eolas faoin athrú a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dóibh an fógra a fháil.

6.   Féadfaidh na Ballstáit óstacha, chun críocha an nós imeachta sin, údaráis inniúla eile a ainmniú seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe 18 d’Airteagal 2 chun na cumhachtaí a thugtar d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a fheidhmiú. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún agus do ÚEÁPC, agus léireoidh siad aon chionroinnt ar na dualgais sin.

Airteagal 16

Cumhachtaí údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh

1.  I gcás ina mbeidh cúis ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh lena cheapadh go ndáiltear TPPU laistigh dá chríoch nó gur osclaíodh fochuntas don Bhallstát sin de shárú ar aon oibleagáidí a eascraíonn as na rialacha is infheidhme amhail dá dtagraítear in Airteagal 3, déanfaidh siad a dtátail a tharchur chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna.

2.  Tar éis measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bheidh faighte de bhun mhír 1, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile bearta iomchuí gan mhoill chun an staid a leigheas. Cuirfidh siad údaráis inniúla an Bhallstáit baile ar an eolas faoi aon bhearta den sórt sin.

3.  I gcás, d’ainneoin na mbeart a bheidh glactha ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile nó mar gheall ar na bearta sin a bheith neamhleor nó ar díth, agus ina leanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna de bheith ag dáileadh an TPPU ar bhealach ar léir é a bheith díobhálach do leasanna choigilteoirí TPPU an Bhallstáit óstaigh nó d’fheidhmiú ordúil an mhargaidh i gcomhair táirgí pinsin phearsanta sa Bhallstát sin, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, tar éis údaráis inniúla an Bhallstáit baile a chur ar an eolas, bearta iomchuí a dhéanamh chun tuilleadh neamhrialtachtaí a chosc, lena n-áirítear, a mhéid a bheidh fíorghá leis, cosc a chur ar an soláthraí TPPUnna nó ar an dáileoir TPPUnna leanúint de TPPUnna a dháileadh laistigh dá gcríoch.

Sa bhreis air sin, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile nó údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÁPC agus cúnamh a iarraidh air i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.  Ní dhéanfaidh mír 1 go mír 3 difear do chumhacht an Bhallstáit óstaigh bearta iomchuí agus neamh-idirdhealaitheacha a dhéanamh chun neamhrialtachtaí arna ndéanamh laistigh dá chríoch a chosc nó a phionósú, i gcásanna ina bhfuil sé fíor-riachtanach gníomhú láithreach chun cearta na dtomhaltóirí sa Bhallstát óstach a chosaint, agus i gcás ina bhfuil bearta coibhéiseacha an Bhallstáit baile neamhleor nó ar díth, nó i gcásanna ina bhfuil na neamhrialtachtaí contrártha d’fhorálacha náisiúnta dlí lena gcosnaítear an leas coiteann, a mhéid is fíorghá sin. Sna cásanna sin, beidh an fhéidearthacht ag na Ballstáit óstaigh cosc a chur ar an soláthraí TPPUnna nó ar an dáileoir TPPUnna gnó nua a sheoladh laistigh dá gcríoch.

5.  Aon bheart a ghlacfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh faoin Airteagal seo, cuirfear in iúl é don soláthraí TPPUnna nó don dáileoir TPPUnna i ndoiciméad dea-réasúnaithe agus tabharfar fógra faoi d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile gan moill mhíchuí.

ROINN II

INIOMPARTHACHT

Airteagal 17

An tseirbhís iniomparthachta

1.  Agus a n-áit chónaithe á haistriú go Ballstát eile acu, beidh sé de cheart ag coigilteoirí TPPU úsáid a bhaint as seirbhís iniomparthachta trína dtugtar dóibh an ceart leanúint de ranníocaíochtaí a dhéanamh lena gcuntas TPPU reatha.

2.  Agus úsáid á baint acu as an tseirbhís iniomparthachta, tá coigilteoirí TPPU i dteideal seilbh a choimeád ar na buntáistí agus na dreasachtaí uile arna ndeonú ag an soláthraí TPPUnna agus a bhfuil nasc idir iad agus infheistíocht leanúnach ina TPPU féin.

Airteagal 18

An tseirbhís iniomparthachta a sholáthar

1.  Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an tseirbhís iniomparthachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a sholáthar do choigilteoirí TPPU a bhfuil cuntas TPPU acu leo agus a iarrfaidh an tseirbhís sin.

2.  Agus TPPU á mholadh aige, déanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna faisnéis a sholáthar do choigilteoirí TPPU ionchasacha maidir leis an tseirbhís iniomparthachta agus maidir le cé na fochuntais atá ar fáil láithreach.

3.  Laistigh de thrí bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh gach soláthraí TPPU fochuntais náisiúnta a thairiscint le haghaidh dhá Bhallstát ar a laghad arna iarraidh sin ar an soláthraí TPPUnna.

Airteagal 19

Fochuntais an TPPU

1.  I gcás ina ndéanfaidh soláthraithe TPPUnna seirbhís iniomparthachta a sholáthar do choigilteoirí TPPU i gcomhréir le hAirteagal 17, áiritheoidh soláthraithe TPPUnna, i gcás ina n-osclófar fochuntas nua laistigh de chuntas TPPU, go gcomhfhreagróidh sé do na ceanglais agus coinníollacha dlí arna gcinneadh ar an leibhéal náisiúnta amhail dá dtagraítear in Airteagail 47 agus 57 i leith an TPPU ag Ballstát cónaithe nua an choigilteora TPPU. Déanfar gach idirbheart sa chuntas TPPU a iontráil i bhfochuntas comhfhreagrach. Na ranníocaíochtaí a dhéanfar leis an bhfochuntas, agus na haistarraingtí as an bhfochuntas, féadfaidh siad a bheith faoi réir téarmaí conartha ar leithligh.

2.  Gan dochar don dlí earnálach is infheidhme, féadfaidh soláthraithe TPPUnna a áirithiú freisin go gcomhlíonfar na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 trí chomhpháirtíocht a bhunú le soláthraí TPPUnna cláraithe eile (an ‘comhpháirtí’).

Ag féachaint do raon feidhme na bhfeidhmeanna a bheidh le déanamh ag an gcomhpháirtí, beidh an comhpháirtí cáilithe agus in inmhe tabhairt faoi na feidhmeanna tarmligthe. Déanfaidh an soláthraí TPPUnna comhaontú i scríbhinn leis an gcomhpháirtí. Beidh an comhaontú infheidhme le dlí agus saineofar go soiléir ann cearta agus oibleagáidí an tsoláthraí TPPUnna agus an chomhpháirtí. Comhlíonfaidh an comhaontú na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha maidir le tarmligean agus le seachfhoinsiú arna mbunú le dlí sin an Aontais, nó faoi dhlí sin an Aontais, is infheidhme maidir leo amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1). D’ainneoin an chomhaontú sin, is é an soláthraí TPPUnna, agus eisean amháin, a bheidh faoi dhliteanas i leith a fhreagrachtaí faoin Rialachán seo.

Airteagal 20

Fochuntas nua a oscailt

1.   Gan mhoill tar éis é a bheith curtha ar an eolas go bhfuil áit chónaithe an choigilteora TPPU aistrithe ag an gcoigilteoir TPPU chuig Ballstát eile, cuirfidh an soláthraí TPPU an coigilteoir TPPU ar an eolas faoin bhféidearthacht fochuntas nua a oscailt laistigh de chuntas TPPU an choigilteora TPPU agus faoin gcreat ama ar laistigh de a d’fhéadfaí an fochuntas sin a oscailt.

Sa chás sin, déanfaidh an soláthraí TPPUnna an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar saor in aisce don choigilteoir TPPU, ina mbeidh na ceanglais shonracha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 28(3) maidir leis an bhfochuntas a chomhfhreagraíonn do Bhallstát cónaithe nua an choigilteora TPPU.

I gcás nach mbeidh fochuntas nua ar fáil, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an coigilteoir TPPU ar an eolas faoin gceart soláthraithe a mhalartú gan mhoill agus saor in aisce, agus faoin bhféidearthacht leanúint de bheith ag coigilt san fhochuntas is deireanaí a osclaíodh.

2.  Má bhíonn rún ag an gcoigilteoir TPPU leas a bhaint as an bhféidearthacht fochuntas nua a oscailt, cuirfidh an coigilteoir TPPU an soláthraí TPPUnna ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)  Ballstát cónaithe nua an choigilteora TPPU;

(b)  an dáta óna ndéanfar na ranníocaíochtaí a dhíriú chuig an bhfochuntas nua;

(c)  aon fhaisnéis ábhartha maidir le ▌coinníollacha eile don TPPU.

3.  Féadfaidh an coigilteoir TPPU leanúint de bheith ag ranníoc leis an bhfochuntas is deireanaí a osclaíodh.

4.   Tairgfidh an soláthraí TPPUnna moladh pearsantaithe a sholáthar don choigilteoir TPPU ina míneofar arbh fhabhraí fochuntas nua a oscailt laistigh de chuntas TPPU an choigilteora TPPU agus ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an bhfochuntas nua ná leanúint de bheith ag ranníoc leis an bhfochuntas is deireanaí a osclaíodh.

5.  I gcás nach mbeidh an soláthraí TPPUnna in ann a áirithiú go n-osclófar fochuntas nua a chomhfhreagróidh do Bhallstát Cónaithe nua an choigilteora TPPU, beidh an coigilteoir TPPU in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  soláthraí TPPUnna a mhalartú gan mhoill agus saor in aisce d’ainneoin cheanglais Airteagal 52(3) maidir lena mhinice is féidir malartú; or

(b)  leanúint de bheith ag ranníoc leis an bhfochuntas is deireanaí a osclaíodh.

6.  Osclófar an fochuntas nua tríd ▌an gconradh TPPU atá ann cheana idir an coigilteoir TPPU agus an soláthraí TPPUnna a leasú, i gcomhréir leis an dlí conarthach is infheidhme. Déanfar dáta na hoscailte a shainiú sa chonradh ▌.

Airteagal 21

Faisnéis maidir le hiniomparthacht a sholáthar do na húdaráis inniúla

1.  An soláthraí TPPUnna ar mian leis fochuntas nua a oscailt do Bhallstát óstach den chéad uair, tabharfaidh sé fógra d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile ina thaobh sin.

2.  Déanfaidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis agus na doiciméid seo a leanas a áireamh san fhógra:

(a)  téarmaí conartha caighdeánacha an chonartha TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 4, lena n-áirítear an iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfochuntas nua;

(b)  an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, ina bhfuil na ceanglais shonracha le haghaidh an fhochuntais a chomhfhreagraíonn don fhochuntas nua i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 28(3);

(c)   an Ráiteas Sochair TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 36;

(d)  faisnéis maidir le socruithe conarthacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(2), i gcás inarb infheidhme.

3.  Fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu atá nó nach bhfuil an doiciméadacht arna soláthar comhlánaithe agus déanfaidh siad í a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh laistigh de 10 lá oibre ón doiciméadacht chríochnaithe a fháil.

4.  Gan mhoill, admhóidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, go bhfuarthas an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 2.

5.  Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don soláthraí TPPUnna ina dhiaidh sin go bhfuil an fhaisnéis faighte ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus gur féidir leis an soláthraí TPPUnna an fochuntas a oscailt don Bhallstát sin.

In éagmais admháil fála amhail dá dtagraítear i mír 4 laistigh de 10 lá oibre ó dháta tharchur na doiciméadachta amhail dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don soláthraí TPPUnna gur féidir an fochuntas don Bhallstát sin a oscailt.

6.  I gcás athrú ar aon chuid den fhaisnéis nó ar aon doiciméid dá dtagraítear i mír 2, tabharfaidh an soláthraí TPPUnna fógra d’údaráis inniúil an Bhallstáit baile maidir leis an athrú sin mí amháin ar a laghad sula gcuirfidh sé an t-athrú chun feidhme. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a chur ar eolas faoin athrú a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dóibh an fógra a fháil.

CAIBIDIL IV

CEANGLAIS DÁILEACHÁIN AGUS FAISNÉISE

ROINN I

Forálacha ginearálta

Airteagal 22

Prionsabal ginearálta

Agus gníomhaíochtaí dáileacháin á ndéanamh acu le haghaidh TPPUnna, gníomhóidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna go macánta, go cothrom agus go gairmiúil i gcónaí i gcomhréir le leas is fearr a gcustaiméirí TPPU.

Airteagal 23

Córas dáileacháin is infheidhme maidir le cineálacha éagsúla soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna

1.   I gcás dáileadh TPPUnna, déanfaidh na cineálacha éagsúla soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)  gnóthais árachais amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 6(1) den Rialachán seo agus idirghabhálaithe árachais amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo, comhlíonfaidh siad an dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha a leagtar amach i gCaibidil V agus i gCaibidil VI de Threoir (AE) 2016/97, cé is moite d’Airteagail 20, 23, 25 agus Airteagal 30(3) den Treoir sin, maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe a dháileadh, aon dlí de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna glacadh faoi na rialacha sin i ndáil le dáileadh na dtáirgí sin agus an Rialachán seo, cé is moite d’Airteagal 34(4);

(b)  gnólachtaí infheistíochta amhail dá dtagraítear in ▌Airteagal 10(2) den Rialachán seo, comhlíonfaidh siad an dlí náisiúnta is infheidhme ▌lena dtugtar éifeacht do na rialacha maidir le margú agus dáileadh ionstraimí airgeadais a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(3) agus in Airteagail 23, 24 agus 25 de Threoir 2014/65/AE, cé is moite d’Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(3) agus (4) den Treoir sin, aon dlí de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna ghlacadh faoi na forálacha sin, agus an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 34(4);

(c)  comhlíonfaidh gach soláthraí TPPUnna agus dáileoir TPPUnna eile an dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha maidir le margú agus dáileadh ionstraimí airgeadais a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(3) agus in Airteagail 23, 24 agus 35 de Threoir 2014/65/AE, cé is moite d’Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(2), (3) agus (4) den Treoir sin, aon dlí de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna glacadh faoi na forálacha sin agus an Rialachán seo.

2.  Ní bheidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 1 ach sa mhéid nach bhfuil aon fhoráil níos déine sa dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha a leagtar amach i gCaibidil V agus i gCaibidil VI de Threoir (AE) 2016/97.

Airteagal 24

Dáileadh leictreonach agus meáin inbhuanaithe eile

Déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna na doiciméid agus an fhaisnéis uile faoin gCaibidil seo a sholáthar go leictreonach agus saor in aisce do chustaiméirí TPPU, ar choinníoll go mbeidh an custaiméir in ann an fhaisnéis sin a stóráil ar bhealach inrochtana lena húsáid amach anseo agus go ceann tréimhse ama is leormhaith chun críocha na faisnéise agus gur féidir an fhaisnéis a stórálfar a atáirgeadh leis an uirlis, gan an fhaisnéis sin a athrú.

Arna iarraidh sin, déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna na doiciméid agus an fhaisnéis sin a sholáthar saor in aisce ar mheán marthanach eile freisin, lena n-áirítear páipéar. Cuirfidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna custaiméirí TPPU ar an eolas faoin gceart atá acu a iarraidh go soláthrófaí cóip de na cáipéisí sin ar mheán marthanach eile, lena n-áirítear páipéar, saor in aisce.

Airteagal 25

Ceanglais maidir le formhaoirseacht agus rialachas táirgí

1.  Déanfaidh soláthraithe TPPUnna próiseas a chothabháil, a fheidhmiú agus a athbhreithniú chun gach TPPU a fhormheas, nó chun oiriúnuithe suntasacha a dhéanamh do TPPU atá ann cheana, sula ndéanfar é a dháileadh ar chustaiméirí TPPU.

Beidh an próiseas chun táirge a fhormheas comhréireach agus comhoiriúnach le cineál an TPPU.

Leis an bpróiseas chun táirge a fhormheas sonrófar spriocmhargadh aitheanta do gach TPPU, áiritheofar go ndéanfar measúnú ar na rioscaí ábhartha uile ar an spriocmhargadh aitheanta sin agus go mbeidh an straitéis dáilte a bheartófar comhsheasmhach leis an spriocmhargadh aitheanta, agus déanfar bearta réasúnacha lena áirithiú go ndéanfar an TPPU a dháileadh ar an spriocmhargadh sainaitheanta.

Tuigfidh an soláthraí TPPUnna na TPPUnna a sholáthróidh sé agus déanfaidh sé iad a athbhreithniú go rialta, agus aon teagmhas a d’fhéadfadh difear ábharach a dhéanamh don riosca ionchasach ar an spriocmhargadh sainaitheanta á chur san áireamh, chun a mheasúnú ar a laghad an leanfaidh na TPPUnna de bheith comhsheasmhach le riachtanais an spriocmhargaidh shainaitheanta agus an leanfaidh an straitéis dáilte a bheartófar de bheith iomchuí.

Cuirfidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis go léir is iomchuí faoin TPPU ar fáil do dháileoirí TPPUnna agus faoin bpróiseas chun táirge a fhormheas, lena n-áirítear spriocmhargadh sainaitheanta an TPPU.

Déanfaidh dáileoirí TPPUnna socruithe leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun an fhaisnéis a fháil dá dtagraítear i bhfomhír 5 agus chun tréithe agus spriocmhargadh sainaitheanta gach TPPU a thuiscint.

2.  Beidh na beartais, próisis agus socruithe dá dtagraítear san Airteagal seo gan dochar do na ceanglais eile go léir faoin Rialachán seo nó is infheidhme dá bhua, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le nochtadh, oiriúnacht nó iomchuibheas, coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a bhainistiú, ▌dreasachtaí agus tosca ESG.

ROINN II

FAISNÉIS RÉAMHCHONARTHACH

Airteagal 26

An doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU

1.  Sula molfar TPPU do choigilteoirí TPPU, déanfaidh an soláthraí TPPUnna doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a tharraingt suas don táirge TPPU sin i gcomhréir le ceanglais na Roinne seo agus foilseoidh sé an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar a shuíomh gréasáin.

2.  Is éard a bheidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ná faisnéis réamhchonarthach. Beidh sé cruinn, cothrom, soiléir agus ní bheidh sé míthreorach. Soláthrófar faisnéis bhunriachtanach ann agus beidh sé i gcomhréir le haon doiciméid cheangailteacha chonarthacha, leis na codanna ábhartha de na doiciméid tairisceana agus le téarmaí agus coinníollacha an TPPU.

3.  Doiciméad neamhspleách a bheidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, agus beidh sé soiléir go bhfuil sé ar leithligh ó ábhair mhargaíochta. Ní bheidh aon chrostagairtí ann d’ábhair mhargaíochta. Féadfaidh crostagairtí a bheith ann do dhoiciméid eile, lena n-áirítear réamheolaire i gcás inarb infheidhme, ach amháin i gcás ina mbaineann na crostagairtí sin leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a bheith san áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU leis an Rialachán seo.

Déanfar doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar leith a tharraingt suas don TPPU Bunúsach.

4.  I gcás ina ndéanfaidh soláthraí TPPUnna réimse roghanna infheistíochta malartacha a thairiscint do choigilteoir TPPU sa dóigh nach bhféadfar an fhaisnéis uile a cheanglaítear in Airteagal 28(3) maidir leis na roghanna foluiteacha infheistíochta sin a sholáthar laistigh de dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU aonair, gonta agus neamhspleách, déanfaidh soláthraithe TPPUnna ceann amháin díobh seo a leanas a tháirgeadh:

(a)  doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU neamhspleách do gach rogha infheistíochta mhalartach;

(b)  doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU cineálach ina soláthrófar tuairisc chineálach ar a laghad ar na roghanna infheistíochta malartacha agus ina luafar cá háit agus cén chaoi ar féidir teacht ar fhaisnéis réamhchonarthach níos mionsonraithe a bhaineann leis na hinfheistíochtaí atá mar thaca leis na roghanna infheistíochta sin.

5.  I gcomhréir le hAirteagal 24, déanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a tharraingt suas mar dhoiciméad gearr a bheidh scríofa ar bhealach gonta. Beidh sé:

(a)  curtha i láthair agus leagtha amach ar bhealach a bheidh éasca lena léamh, ag úsáid carachtar a bheidh inléite ó thaobh méide de;

(b)  ag díriú ar an bhfaisnéis bhunriachtanach atá ag teastáil ó chustaiméirí TPPU;

(c)  léirithe go soiléir agus scríofa i bhfriotal agus i stíl lena bhféadfar an fhaisnéis a thuiscint go héasca agus, go háirithe i bhfriotal a bheidh soiléir, gonta agus sothuigthe.

6.  I gcás ina n-úsáidfear dathanna sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, ní chuirfidh siad isteach ar a shothuigthe atá an fhaisnéis má dhéantar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a chló nó a fhótachóipeáil i ndubh agus bán.

7.  I gcás ina n-úsáidfear brandáil chorparáideach nó lógó an tsoláthraí TPPUnna nó an ghrúpa lena mbaineann sé sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, ní bhainfidh an méid sin aire den fhaisnéis atá sa doiciméad ná ní dhéanfaidh sé aon chuid den téacs a cheilt.

8.  De bhreis ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna tagairtí d’aon tuarascálacha atá ar fáil go poiblí maidir le ▌staid airgeadais an tsoláthraí TPPUnna, lena n-áirítear a shócmhainneacht, a sholáthar do choigilteoirí TPPU ionchasacha, rud a thabharfaidh rochtain éasca do choigilteoirí TPPU ionchasacha ar an bhfaisnéis sin.

9.   Soláthrófar do choigilteoirí TPPU ionchasacha freisin faisnéis maidir le feidhmíocht rogha infheistíochtaí an choigilteora TPPU roimhe sin, lena gcumhdófar feidhmíocht in imeacht deich mbliana ar a laghad nó, i gcásanna inar soláthraíodh an TPPU ar feadh tréimhse is lú deich mbliana, lena gcumhdófar na blianta go léir inar soláthraíodh an TPPU. Beidh an ráiteas ‘ní léiriú í feidhmíocht roimhe seo ar fheidhmíocht amach anseo’ ag gabháil leis an bhfaisnéis maidir le feidhmíocht roimhe sin.

Airteagal 27

Friotal an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU

1.  Déanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a scríobh sna teangacha oifigiúla, nó i gceann amháin de na teangacha oifigiúla ar a laghad, a úsáidtear sa chuid den Bhallstát ina leithdháiltear an TPPU, nó i dteanga eile a nglacann údaráis inniúla an Bhallstáit sin léi, nó, i gcás inar scríobhadh i dteanga eile é, aistreofar go ceann amháin de na teangacha sin é.

Léireoidh an t-aistriúchán inneachar an bhundoiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU go dílis agus go cruinn.

2.  Má dhéantar TPPU a mhargú i mBallstát trí bhíthin ábhair mhargaíochta i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit sin, beidh an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar a laghad sna teangacha oifigiúla comhfhreagracha.

3.  Arna iarraidh sin, déanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a chur ar fáil i bhformáid iomchuí do choigilteoirí TPPU a bhfuil lagú amhairc orthu.

Airteagal 28

Inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU

1.  Beidh an teideal “Doiciméad Faisnéise Bunriachtanaí TPPU” le feiceáil go soiléir ar bharr an chéad leathanaigh den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU.

Cuirfear an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU i láthair san ord a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3.

2.  Beidh ráiteas míniúcháin go díreach faoin teideal. Is é a bheidh ann ná:"

‘Sa doiciméad seo, tugtar duit faisnéis bhunriachtanach faoin Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach (TPPU) seo. Ní ábhar margaíochta atá ann. Ceanglaítear leis an dlí an fhaisnéis a thabhairt chun cabhrú leat cineál an táirge, na rioscaí, na costais, na gnóthachain agus na caillteanais fhéideartha a bhaineann leis an táirge pinsin phearsanta seo a thuiscint agus chun cabhrú leat comparáid a dhéanamh idir an táirge sin agus TPPUnna eile.’

"

3.  Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU:

(a)  ag tús an doiciméid: ainm an TPPU, cibé acu an TPPU bunúsach é nó nach ea, céannacht agus sonraí teagmhála an tsoláthraí TPPUnna, faisnéis faoi údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna, uimhir chlárúcháin an TPPU sa chlár lárnach poiblí agus dáta an doiciméid;

(b)  an ráiteas: ‘Táirge fadtéarmach ag a bhfuil infhuascailteacht theoranta nach féidir a fhoirceannadh am ar bith is ea an táirge scoir ar a bhfuil tuairisc sa doiciméad seo.’;

(c)  faoi roinn dar teideal ‘Cad é an táirge seo?’, cineál an TPPU agus a phríomhghnéithe, lena n-áirítear:

(i)  a chuspóirí fadtéarmacha agus na modhanna lena mbaint amach, go háirithe cibé an mbaintear na cuspóirí amach trí bhíthin neamhchosaint dhíreach nó indíreach ar na sócmhainní foluiteacha infheistíochta, lena n-áirítear tuairisc ar na hionstraimí nó na luachanna tagartha foluiteacha, lena n-áirítear sonrú ar na margaí a ndéanann an soláthraí TPPUnna infheistíocht iontu, chomh maith le míniú ar an mbealach a gcinntear an toradh;

(ii)  tuairisc ar an gcineál coigilteora TPPU dá bhfuil sé beartaithe an TPPU a mhargú, go háirithe ó thaobh chumas an choigilteora TPPU caillteanas infheistíochta a sheasamh agus ó thaobh na tréimhse infheistíochta ionchasaí;

(iii)  ráiteas i dtaobh

­  an soláthraítear ráthaíocht ar an gcaipiteal leis an TPPU bunúsach nó an teicníc maolaithe riosca atá ann atá i gcomhréir leis an gcuspóir atá ann maidir le cead a thabhairt don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh nó

­  an soláthraítear agus a mhéid a sholáthraítear le haon rogha infheistíochta mhalartach, más infheidhme, ráthaíocht nó teicníc maolaithe riosca;

(iv)  tuairisc ar shochair scoir an TPPU, go háirithe na cineálacha féideartha eisíocaíochtaí agus an ceart modhnú a dhéanamh ar chineál na n-eisíocaíochtaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 59(1);

(v)  i gcás ina gcumhdaítear riosca bithmhéadrach leis an TPPU: mionsonraí faoi na rioscaí a chumhdaítear agus faoi na sochair árachais, lena n-áirítear na himthosca ina bhféadfar na sochair sin a éileamh;

(vi)  faisnéis maidir leis an tseirbhís iniomparthachta, lena n-áirítear tagairt don chlár lárnach poiblí dá dtagraítear in Airteagal 13 ina bhfuil faisnéis maidir leis na coinníollacha le haghaidh chéim an charntha agus chéim an dícharntha arna socrú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 47 agus Airteagal 57;

(vii)  ráiteas maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann don choigilteoir TPPU i gcás aistarraingt luath ón TPPU, lena n-áirítear na táillí uile is infheidhme, na pionóis, agus an fhéidearthacht go gcaillfí cosaint chaipitil agus buntáistí agus dreasachtaí féideartha eile;

(viii)  ráiteas maidir leis na hiarmhairtí don choigilteoir TPPU má stadann an coigilteoir TPPU de bheith ag ranníoc leis an TPPU;

(ix)  faisnéis faoi na fochuntais a bheidh ar fáil agus faoi chearta an choigilteora TPPU dá dtagraítear in Airteagal 20(5);

(x)  faisnéis faoin gceart atá ag an gcoigilteoir TPPU malartú agus an ceart faisnéis a fháil faoin tseirbhís malartaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 56;

(xi)  na coinníollacha le haghaidh mhodhnú na rogha infheistíochta arna roghnú dá dtagraítear in Airteagal 44;

(xii)  faisnéis, i gcás go bhfuil sí ar fáil, a bhaineann le feidhmíocht infheistíochtaí an tsoláthraí TPPUnna ó thaobh tosca ESG de;

(xiii)  an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh TPPU i gcás nach mbíonn saor-rogha dlí ag na páirtithe nó, i gcás ina bhfuil sé de shaoirse ag na páirtithe an dlí is infheidhme a roghnú, an dlí a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna a roghnú;

(xiv)  i gcás inarb infheidhme, an bhfuil tréimhse mharana nó tréimhse chealúcháin ann maidir leis an gcoigilteoir TPPU;

(d)  faoi roinn dar teideal ‘Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?’, tuairisc ghearr ar an bpróifíl riosca-luaíochta, ina mbeidh na gnéithe seo a leanas:

(i)  táscaire achomair riosca, a fhorlíonfar le míniú insinte faoin táscaire sin, na príomhtheorainneacha a bhaineann leis agus míniú insinte faoi na rioscaí atá ábhartha don TPPU agus nach n-áirítear go leormhaith faoin táscaire achomair riosca;

(ii)  uaschaillteanas féideartha an chaipitil infheistithe, lena n-áirítear, faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

­  an bhféadfaidh an coigilteoir TPPU an caipiteal infheistithe uile a chailleadh, nó

­  an iompróidh an coigilteoir TPPU an riosca maidir le gealltanais nó oibleagáidí breise airgeadais a thabhú;

(iii)  cásanna feidhmíochta iomchuí, agus na boinn tuisceana ar a bhfuil siad bunaithe;

(iv)  i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha i leith torthaí do choigilteoirí TPPU nó uasteorainneacha feidhmíochta ionsuite;

(v)  ráiteas go bhféadfadh tionchar a bheith ag dlí cánach Bhallstát baile an choigilteora TPPU ar an eisíocaíocht iarbhír;

(e)  faoi roinn dar teideal ‘Cad a tharlaíonn mura bhfuil [ainm an tsoláthraí TPPUnna] in ann an íocaíocht a thabhairt?’, beidh tuairisc ghearr ar cibé acu atá nó nach bhfuil an caillteanas gaolmhar cumhdaithe le cúiteamh infheisteora nó le scéim ráthaíochta agus, más rud é go bhfuil, cén scéim atá i gceist, cad is ainm don ráthóir agus cad iad na rioscaí a chumhdaítear leis an scéim agus na cinn nach gcumhdaítear;

(f)  faoi roinn dar teideal ‘Cad iad na costais?’, na costais a bhaineann le hinfheistíocht sa TPPU, lena gcuimseofar costais dhíreacha agus indíreacha a bheidh le híoc ag an gcoigilteoir TPPU, lena n-áirítear costais aonuaire agus athfhillteacha, a chuirtear i láthair trí tháscairí achoimre ar na costais sin agus, chun inchomparáideacht a áirithiú, iomlán na gcostas comhiomlán a léireofar i dtéarmaí airgeadaíochta agus céatadáin, chun éifeachtaí iolraithe na gcostas iomlán ar an infheistíocht a léiriú.

Léireofar go soiléir sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU go ndéanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna faisnéis a sholáthar ina mionsonrófar aon chostas dáileacháin nach bhfuil san áireamh cheana sna costais a shonraítear thuas, ionas go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann iarmhairt charnach na gcostas comhiomlán sin ar thoradh na hinfheistíochta a thuiscint;

(g)  faoi roinn dar teideal ‘Cad iad na ceanglais shonracha don fhochuntas a chomhfhreagraíonn do [mo Bhallstát cónaithe]?’:

(i)  faoi fhoroinn: ‘Ceanglais do chéim na híocaíochta isteach’:

tuairisc ar na coinníollacha do chéim an charntha, arna gcinneadh ag Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU i gcomhréir le hAirteagal 47;

(ii)  faoi fhoroinn: ‘Ceanglais do chéim na híocaíochta amach’:

tuairisc ar na coinníollacha do chéim an dícharntha, arna gcinneadh ag Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU i gcomhréir le hAirteagal 57;

(h)  faoi roinn dar teideal ‘Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?’: faisnéis faoin mbealach inar féidir le coigilteoir TPPU gearán a dhéanamh agus cé leis a fhéadfaidh sé gearán a dhéanamh maidir leis an TPPU nó le hiompraíocht an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna.

4.  Ceadófar srathú na faisnéise a éilítear faoi mhír 3 i gcás ina soláthrófar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU i bhformáid leictreonach, lenar féidir codanna mionsonraithe den fhaisnéis a chur i láthair trí mhíreanna aníos nó trí naisc chuig sraitheanna a ghabhann léi. Sa chás sin, beifear in ann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a phriontáil mar aon doiciméad amháin.

5.  Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile agus tar éis dó tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)  mionsonraí an chur i láthair, lena n-áirítear cineál agus fad an doiciméid, agus inneachar gach ceann de na gnéithe faisnéise dá dtagraítear i mír 3;

(b)  an mhodheolaíocht atá mar bhonn le cur i láthair an riosca agus na luaíochta amhail dá dtagraítear i bpointí (d) (i) agus (iv) de mhír 3;

(c)  an mhodheolaíocht chun na costais a ríomh, lena n-áirítear sonrú na dtáscairí achoimre, amhail dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3;

(d)  i gcás ina gcuirfear faisnéis i láthair i bhformáid leictreonach trí shrathú faisnéise, cén fhaisnéis a bheidh sa chéad sraith, agus cén fhaisnéis a fhéadfar a sholáthar i sraitheanna breise an mhionsonraithe.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, cuirfidh ÚEÁPC san áireamh na cineálacha éagsúla TPPUnna a d’fhéadfadh a bheith ann, cineál fadtéarmach an TPPU, acmhainneachtaí coigilteoirí TPPU, agus gnéithe na TPPUnna, chun a cheadú don choigilteoir TPPU rogha a dhéanamh idir roghanna infheistíochtaí éagsúla agus roghanna eile dá bhforáiltear leis an TPPU, lena n-áirítear i gcás ina bhféadfar an rogha sin a dhéanamh ag pointí éagsúla ama, nó ina bhféadfar an rogha a athrú amach anseo.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 29

Ábhair mhargaíochta

Maidir le haon ábhar margaíochta ina bhfuil faisnéis shonrach a bhaineann leis an TPPU, ní áireofar ann aon ráiteas atá contrártha don fhaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU nó a bhaineann de thábhacht an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU. Cuirfear in iúl le hábhair mhargaíochta go bhfuil doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar fáil agus soláthrófar faisnéis leo maidir le conas is féidir teacht air agus cá háit ar féidir teacht air, lena n-áirítear suíomh gréasáin an tsoláthraí TPPUnna.

Airteagal 30

Athcheartú ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU

1.  Déanfaidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a athbhreithniú ar bhonn bliantúil ar a laghad agus déanfaidh sé athcheartú ar an doiciméad go pras i gcás ina léirítear san athbhreithniú gur gá athruithe a dhéanamh. Déanfar an leagan athcheartaithe a chur ar fáil go pras.

2.  Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile agus tar éis dó tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na coinníollacha faoina ndéanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a athbhreithniú agus a athcheartú.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiún faoin … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 31

Dliteanais shibhialta

1.  Ní thabhóidh an soláthraí TPPUnna aon dliteanas sibhialta ar bhonn an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU amháin, lena n-áireofar aon aistriúchán de, mura bhfuil sé míthreorach, míchruinn nó neamhréireach leis na codanna ábhartha de dhoiciméid réamhchonarthacha agus chonarthacha atá ceangailteach ó thaobh an dlí de nó leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 28.

2.  Maidir le coigilteoir TPPU a léiríonn gur bhain caillteanas dó mar gheall ar é a bheith ag brath ar dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU faoi na cúinsí dá dtagraítear i mír 1, agus conradh TPPU á thabhairt i gcrích aige ar táirgeadh an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU sin lena aghaidh, féadfaidh sé damáistí a éileamh ón soláthraí TPPUnna i leith an chaillteanais sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

3.  Maidir le gnéithe amhail ‘caillteanas’ nó ‘damáistí’ amhail dá dtagraítear i mír 2 nach sainmhínítear, léirmhíneofar agus cuirfear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme mar a chinntear le rialacha ábhartha an dlí phríobháidigh idirnáisiúnta.

4.  Leis an Airteagal seo, ní dhéantar éilimh bhreise maidir le dliteanas sibhialta a eisiamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

5.  Ní dhéanfar na hoibleagáidí faoin Airteagal seo a theorannú ná a tharscaoileadh le clásail chonarthacha.

Airteagal 32

Conarthaí TPPU lena gcumhdaítear rioscaí bithmhéadracha

I gcás ina mbaineann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU le conradh TPPU lena gcumhdaítear rioscaí bithmhéadracha, is i leith an choigilteora TPPU, agus ina leith siúd amháin, a bheidh oibleagáidí an tsoláthraí TPPUnna faoin roinn seo.

Airteagal 33

An doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar

1.  Agus comhairle á tabhairt acu maidir le TPPU nó TPPU á thairiscint lena dhíol acu, déanfaidh soláthraí TPPU nó dáileoir TPPU gach doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 26 a sholáthar do choigilteoirí TPPU ionchasacha, in am trátha sula mbeidh na coigilteoirí TPPU sin faoi cheangal ag aon chonradh TPPU nó ag aon tairiscint a bhaineann leis an gconradh TPPU sin.

2.  Féadfaidh soláthraí TPPU nó dáileoir TPPU ceanglais mhír 1 a chomhlíonadh tríd an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar do dhuine nádúrtha agus é údaraithe i scríbhinn go bhféadfaidh sé cinntí infheistíochta a dhéanamh thar ceann an choigilteora TPPU i ndáil leis na hidirbhearta a thugtar chun críche faoin údarás i scríbhinn sin.

3.  Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile i gcás inarb infheidhme, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar mar a leagtar síos i mír 1.

Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

ROINN III

COMHAIRLE ▌

Airteagal 34

Éilimh agus riachtanais a shonrú agus comhairle a sholáthar

1.  Sula dtabharfar conradh TPPU ▌chun críche, déanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna ▌, ar bhonn na faisnéise a éilíodh ar an gcoigilteoir TPPU ionchasach, agus a fuarthas uaidh, éilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU ionchasaigh sin a bhaineann le scor a shonrú, lena n-áirítear an gá a d’fhéadfadh a bheith le táirge a fháil lena dtairgtear blianachtaí, agus soláthróidh sé don choigilteoir TPPU ionchasach faisnéis oibiachtúil maidir leis an TPPU i bhfoirm shothuigthe chun go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann cinneadh eolasach a dhéanamh.

Beidh aon chonradh TPPU a mholfar comhsheasmhach le héilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU a bhaineann le scor, agus a theidlíochtaí nó a teidlíochtaí fabhraithe scoir á gcur san áireamh.

2.  Déanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna comhairle a thabhairt don choigilteoir TPPU ionchasach sula ndéanfar an conradh TPPU a thabhairt i gcrích agus soláthrófar moladh pearsantaithe don choigilteoir TPPU ionchasach ina míneofar cén fáth ar fearr a chomhlíonfadh TPPU ar leith, lena n-áirítear rogha infheistíochta ar leith, más infheidhme, éilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU.

Ina theannta sin, soláthróidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna réamh-mheastacháin sochair pinsin phearsanta don choigilteoir TPPU ionchasach i leith an táirge arna mholadh bunaithe ar an dáta is luaithe ar a bhféadfar tús a chur le céim an dícharntha agus mar aon le séanadh go bhféadfaidh na meastacháin sin a bheith éagsúil le luach deiridh na sochar a gheofar. Má bhíonn na réamh-mheastacháin sochair pinsin bunaithe ar chásanna eacnamaíocha, áireofar san fhaisnéis sin freisin an cás is fearr de réir na meastachán agus cás neamhfhabhrach, agus cineál sonrach an chonartha TPPU á chur san áireamh;

3.  Má thairgtear TPPU Bunúsach d’uireasa, ar a laghad, ráthaíocht ar an gcaipiteal, míneoidh an soláthraí TPPU nó an dáileoir TPPUnna go soiléir gur ann do TPPUnna lena ngabhann ráthaíocht ar an gcaipiteal, na cúiseanna le TPPU a mholadh bunaithe ar theicníc maolaithe riosca atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ann maidir le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh agus léireoidh sé go soiléir aon rioscaí breise a d’fhéadfadh a bheith i gceist le TPPUnna den chineál sin i gcomparáid le TPPU Bunúsach atá bunaithe ar ráthaíocht chaipitil lena soláthraítear ráthaíocht ar an gcaipiteal. Is i bhformáid scríofa a thabharfar an míniú sin.

4.  Agus comhairle á tabhairt aige, iarrfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1) den Rialachán seo ar an gcoigilteoir TPPU ionchasach faisnéis a sholáthar maidir le heolas agus taithí an duine sin sa réimse infheistíochta atá ábhartha don TPPU arna thairiscint nó arna éileamh agus le staid airgeadais an duine sin, lena n-áirítear a chumas nó a cumas caillteanais a iompar, agus a chuspóirí nó a cuspóirí infheistíochta, lena n-áirítear a lamháltas riosca, ionas go mbeidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna in ann TPPU amháin nó níos mó a bheidh oiriúnach don duine sin a mholadh don choigilteoir TPPU ionchasach agus, go háirithe, TPPU amháin nó níos mó a bheidh i gcomhréir lena lamháltas nó lena lamháltas riosca agus lena chumas nó a cumas caillteanais a iompar.

5.  Ní laghdófar freagrachtaí an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna mar gheall ar chomhairle a bheith tugtha go hiomlán nó go páirteach trí chóras uathoibrithe nó leath-uathoibríoch.

6.  Gan dochar don dlí earnálach is infheidhme atá níos déine, áiritheoidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna ▌go mbeidh an t-eolas agus an inniúlacht is gá ag daoine nádúrtha a thugann comhairle maidir le TPPUnna chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus léireoidh siad an méid sin do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin. Foilseoidh na Ballstáit na critéir a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar an gcineál sin eolais agus inniúlachta.

ROINN IV

FAISNÉIS LE LINN THRÉIMHSE AN CHONARTHA

Airteagal 35

Forálacha ginearálta

1.  Déanfaidh soláthraithe TPPUnna doiciméad achomair pearsanta a tharraingt suas, a bheidh le soláthar le linn chéim an charntha, ina mbeidh faisnéis bhunriachtanach do gach coigilteoir TPPU agus aird á tabhairt ar chineál sonrach na gcóras pinsin náisiúnta agus aon dlí ábhartha, lena n-áirítear an dlí náisiúnta sóisialta, saothair agus cánachais (Ráiteas Sochair TPPU). Beidh na focail ‘Ráiteas Sochair TPPU’ i dteideal an doiciméid.

2.  Déanfar an dáta cruinn dá dtagraíonn an fhaisnéis sa Ráiteas Sochair TPPU a lua go feiceálach.

3.  Beidh an fhaisnéis sa Ráiteas Sochair TPPU cruinn agus cothrom le dáta.

4.  Gach bliain, déanfaidh an soláthraí TPPUnna an Ráiteas Sochair TPPU a chur ar fáil do gach coigilteoir TPPU.

5.  Léireofar go soiléir aon athrú ábharach ar an bhfaisnéis sa Ráiteas Sochair TPPU i gcomparáid leis an ráiteas roimhe sin.

6.  Sa bhreis ar an Ráiteas Sochair TPPU, cuirfear ▌an coigilteoir TPPU ar an eolas go pras le linn théarma iomlán an chonartha maidir le haon athrú a bhaineann leis an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)  téarmaí an chonartha, lena n-áirítear coinníollacha beartais ginearálta agus speisialta;

(b)  ainm an tsoláthraí TPPUnna, a chineál dlíthiúil nó seoladh a cheannoifige agus, i gcás inarb iomchuí, an brainse inar tugadh an conradh chun críche;

(c)  faisnéis faoin gcaoi a gcuirfear tosca ESG san áireamh sa bheartas infheistíochta.

Airteagal 36

Ráiteas Sochair TPPU

1.  Beidh sa Ráiteas Sochair TPPU an fhaisnéis bhunriachtanach seo a leanas ar a laghad do choigilteoirí TPPU:

(a)  sonraí pearsanta an choigilteora TPPU agus an dáta is luaithe ar a bhféadfar tús a chur le céim an dícharntha i gcás aon fhochuntais;

(b)  ainm agus seoladh teagmhála an tsoláthraí TPPUnna agus sainaithint an chonartha TPPU;

(c)  an Ballstát ina bhfuil an soláthraí TPPUnna údaraithe nó cláraithe agus ainmneacha na n-údarás inniúil;

(d)  faisnéis maidir le réamh-mheastacháin sochair pinsin bunaithe ar an dáta dá dtagraítear i bpointe (a), agus séanadh go bhféadfadh na réamh-mheastacháin sin a bheith éagsúil le luach deiridh na sochar TPPU a gheofar. Má bhíonn na réamh-mheastacháin sochair pinsin bunaithe ar chásanna eacnamaíocha, áireofar san fhaisnéis sin freisin an cás is fearr de réir na meastachán agus cás neamhfhabhrach, agus cineál sonrach an chonartha TPPU á chur san áireamh;

(e)  faisnéis maidir leis na ranníocaíochtaí a d’íoc an coigilteoir TPPU nó aon tríú páirtí isteach sa chuntas TPPU le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin;

(f)   miondealú ar na costais uile a thabhaigh an coigilteoir TPPU, go díreach agus go hindíreach, le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin, lena léireofar na costais riaracháin, na costais a bhaineann le sócmhainní a choinneáil slán, na costais a bhaineann le hidirbhearta punainne agus costais eile, mar aon le meastachán ar thionchar na gcostas ar na sochair deiridh TPPU; ba cheart na costais sin a shloinneadh i dtéarmaí airgeadaíochta agus mar chéatadán de na ranníocaíochtaí le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin;

(g)  i gcás inarb infheidhme, cineál agus córas na ráthaíochta nó na dteicnící maolaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 46;

(h)  i gcás inarb infheidhme, líon agus luach na n-aonad a chomhfhreagraíonn do ranníocaíochtaí an choigilteora TPPU le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin;

(i)  an tsuim iomlán i gcuntas TPPU an choigilteora TPPU ar dháta an ráitis dá dtagraítear in Airteagal 35;

(j)  faisnéis maidir le feidhmíocht rogha infheistíochta an choigilteora TPPU roimhe sin lena gcumhdaítear feidhmíocht in imeacht deich mbliana ar a laghad nó, i gcásanna inar soláthraíodh an TPPU ar feadh tréimhse is lú ná deich mbliana, faisnéis lena gcumhdaítear na blianta go léir inar soláthraíodh an TPPU. Beidh an ráiteas ‘ní léiriú í feidhmíocht roimhe seo ar an bhfeidhmíocht amach anseo’ ag gabháil leis an bhfaisnéis maidir le feidhmíocht roimhe sin;

(k)  i gcás cuntais TPPU ag a bhfuil níos mó ná aon fhochuntas amháin, déanfar an fhaisnéis sa Ráiteas Sochair TPPU a mhiondealú le haghaidh na bhfochuntas uile atá ann cheana;

(l)  faisnéis achomair faoin mbeartas infheistíochta a bhaineann le tosca ESG.

2.  Déanfaidh ÚEÁPC, i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis na húdaráis inniúla, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na rialacha chun na toimhdí i leith réamh-mheastacháin sochair pinsin dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 34(2) a chinneadh. Cuirfidh soláthraithe TPPUnna na rialacha sin i bhfeidhm, i gcás inarb ábhartha, chun ráta bliantúil torthaí infheistíochta ainmniúla, an ráta boilscithe bliantúil agus treocht na dtuarastal todhchaíoch a chinneadh.

Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 37

Faisnéis fhorlíontach

1.  Sonrófar sa Ráiteas Sochair TPPU cén áit ar féidir teacht ar fhaisnéis fhorlíontach agus an chaoi ar féidir teacht uirthi lena n-áirítear:

(a)  tuilleadh faisnéis phraiticiúil faoi chearta agus roghanna an choigilteora TPPU, lena n-áirítear faisnéis maidir le hinfheistíochtaí, céim an dícharntha, an tseirbhís malartaithe agus an tseirbhís iniomparthachta;

(b)  ▌cuntais bhliantúla agus tuarascálacha bliantúla an tsoláthraí TPPUnna atá ar fáil go poiblí;

(c)  ráiteas i scríbhinn maidir le prionsabail bheartas infheistíochta an tsoláthraí TPPUnna ina bhfuil, ar a laghad, faisnéis maidir leis na modhanna le riosca infheistíochta a thomhas, na próisis bainistithe riosca a chuirfear i bhfeidhm agus an leithdháileadh straitéiseach sócmhainní i dtaca le cineál agus tréimhse dliteanas TPPU, mar aon leis an gcaoi a gcuirfear tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais (EGS) san áireamh sa bheartas infheistíochta;

(d)  i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na toimhdí a úsáidfear do mhéideanna a shloinnfear i mblianachtaí, go háirithe i ndáil leis an ráta blianachtaí, an cineál soláthraí TPPUnna agus fad na blianachta;

(e)  leibhéal na sochar TPPU, i gcás ▌fuascailte roimh an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 36(1).

2.  Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach Airteagal 36 agus an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile agus tar éis dó tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar na mionsonraí i dtaobh chur i láthair na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 36 agus san Airteagal seo. I ndáil le cur i láthair na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe sin dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 36(1), déanfar na difríochtaí idir na roghanna infheistíochta a chur san áireamh, go háirithe má iompraíonn an coigilteoir TPPU riosca infheistíochta, má tá an rogha infheistíochta spleách ar aois nó má tá comhoiriúnú marthanachta ar áireamh inti.

Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

3.  Gan dochar d’Airteagal 34(2) ná do phointe (d) d’Airteagal 36(1), chun go bhféadfaí comparáid a dhéanamh le táirgí náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar sholáthraithe TPPUnna breis réamh-mheastacháin sochair pinsin a sholáthar do choigilteoirí TPPU i gcás ina socróidh na Ballstáit faoi seach na rialacha chun na toimhdí a chinneadh.

Airteagal 38

Faisnéis a bheidh le tabhairt do choigilteoirí TPPU le linn na céime réamhscoir agus do thairbhithe TPPU le linn chéim an dícharntha

1.  Sa bhreis ar an Ráiteas Sochair TPPU, soláthróidh soláthraithe TPPUnna do gach coigilteoir TPPU, dhá mhí roimh na dátaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 59(1) nó arna iarraidh sin ag an gcoigilteoir TPPU, faisnéis maidir leis an tús a chuirfear go gairid le céim an dícharntha, maidir le cineálacha féideartha na n-eisíocaíochtaí agus maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfadh an coigilteoir TPPU modhnú a dhéanamh ar chineál na n-eisíocaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 59(1).

2.   Le linn chéim an dícharntha, déanfaidh soláthraithe TPPUnna, ar bhonn bliantúil, faisnéis maidir leis na sochair TPPU a bheidh dlite agus leis an bhfoirm eisíocaíochtaí comhfhreagracha ▌a sholáthar do thairbhithe TPPU.

I gcás ina leanfaidh an coigilteoir TPPU de ranníocaíochtaí a dhéanamh nó de riosca infheistíochta a iompar le linn chéim an dícharntha, leanfaidh an soláthraí de bheith ag soláthar an Ráitis Sochair TPPU ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha.

Airteagal 39

▌ Faisnéis a bheidh le tabhairt do choigilteoirí TPPU agus do thairbhithe TPPU, arna iarraidh sin acu

Ar iarraidh ó choigilteoir TPPU, ó thairbhí TPPU nó óna n-ionadaithe, soláthróidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis fhorlíontach dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus faisnéis fhorlíontach maidir leis na toimhdí a úsáidfear chun na meastacháin dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 36(1) a ghiniúint.

ROINN V

TUAIRISCIÚ CHUIG ÚDARÁIS NÁISÚNTA

Airteagal 40

Forálacha ginearálta

1.  Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis is gá chun críocha maoirseachta a thíolacadh n-údaráis inniúla, sa bhreis ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoin dlí earnálach ábhartha. San fhaisnéis bhreise sin beidh, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis is gá chun na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh agus próiseas athbhreithnithe maoirseachta ar siúl:

(a)  measúnú a dhéanamh ar an gcóras rialála a chuirfidh soláthraithe TPPUnna i bhfeidhm, an gnó a bhfuil siad ina bhun, na prionsabail luachála a chuirfear i bhfeidhm chun críche sócmhainneachta, na rioscaí a rachfar i ngleic leo agus na córais bainistithe riosca, agus a strúchtúr caipitil, a riachtanais chaipitil agus a mbainistíocht chaipitil;

(b)  cinntí oiriúnacha a dhéanamh a thiocfaidh as feidhmiú a gceart agus a gcúraimí maoirseachta.

2.  Sa bhreis ar na cumhachtaí a tharmligtear chucu de réir an dlí náisiúnta, beidh na cumhachtaí seo a leanas ag na húdaráis inniúla:

(a)  cineál, raon feidhme agus formáid na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh, ar faisnéis í a chuireann siad de cheangal ar sholáthraithe TPPUnna í a thíolacadh ag eatraimh réamhshainithe, tráth a tharlódh teagmhais réamhshainithe nó le linn fiosruithe maidir le staid soláthraí TPPUnna;

(b)  chun aon fhaisnéis a fháil ó na soláthraithe TPPUnna maidir le conarthaí atá á gcoinneáil ag soláthraithe TPPUnna nó maidir le conarthaí a dhéanfar le tríú páirtithe; agus

(c)  faisnéis a éileamh ó shaineolaithe seachtracha, amhail iniúchóirí agus achtúirí.

3.  Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:

(a)  gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla, nó aon teaglaim iomchuí díobh sin;

(b)  gnéithe stairiúla, reatha nó ionchasacha, nó aon teaglaim iomchuí díobh sin;

(c)  sonraí ó fhoinsí inmheánacha nó seachtracha, nó aon teaglaim iomchuí díobh sin;

4.  Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:

(a)  déanfaidh sí cineál, scála agus castacht ghnó an tsoláthraí TPPUnna lena mbaineann a léiriú, go háirithe na rioscaí a bhaineann leis an ngnó sin;

(b)  beidh sí inrochtana, iomlán ó thaobh na ngnéithe ábhartha de, inchomparáide agus comhleanúnach thar am;

(c)  beidh sí ábhartha iontaofa agus intuigthe.

5.  Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis seo a leanas a thíolacadh chuig na húdaráis inniúla ar bhonn bliantúil:

(a)  cad iad na Ballstáit a ndéanfaidh an soláthraí TPPUnna fochuntais a thairiscint ina leith;

(b)  líon na bhfógraí i gcomhréir le hAirteagal 20(1) a gheofar ó choigilteoirí TPPU a bhfuil a n-áit chónaithe athraithe acu go Ballstát eile;

(c)  líon na n-iarrataí ar fhochuntas a oscailt agus líon na bhfochuntas arna n-oscailt i gcomhréir le hAirteagal 20(2);

(d)  líon na n-iarrataí ó choigilteoirí TPPU ar mhalartú agus líon na n-aistrithe iarbhír a dhéanfar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 20(5);

(e)  líon na n-iarrataí ó choigilteoirí TPPU ar mhalartú agus líon na n-aistrithe iarbhír a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 52(3).

Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig ÚEÁPC.

6.  Beidh córais agus struchtúir iomchuí i bhfeidhm ag soláthraithe TPPUnna chun na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 go 5 a chomhlíonadh, mar aon le beartas i scríbhinn, a bheidh formheasta ag comhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an tsoláthraí TPPUnna, ar córais agus struchtúir iad lena n-áiritheofar, ar bhonn leanúnach, a iomchuí atá an fhaisnéis a thíolacfar.

7.  Arna iarraidh sin ag na húdaráis inniúla agus chun na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích, beidh rochtain ag ÚEÁPC ar an bhfaisnéis arna tíolacadh ag soláthraithe TPPUnna.

8.  I gcás ina mbeidh ranníocaíochtaí agus sochair TPPUnna incháilithe do bhuntáistí nó do dhreasachtaí, déanfaidh an soláthraí TPPUnna, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha, an fhaisnéis uile is gá chun na buntáistí agus na dreasachtaí sin a fuarthas maidir leis na ranníocaíochtaí agus na sochair sin a sholáthar nó a aisghabháil, a thíolacadh chuig an údarás náisiúnta ábhartha, i gcás inarb infheidhme.

9.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear i míreanna 1 go dtí 5 den Airteagal seo a shonrú, d’fhonn cóineasú sa tuairisciú maoirseachta a áirithiú a mhéid is iomchuí.

Déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile agus leis na húdaráis inniúla agus tar éis tástáil tionscail a bheith déanta, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt maidir le formáid an tuairiscithe maoirseachta.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

CAIBIDIL V

CÉIM AN CHARNTHA

ROINN I

RIALACHA INFHEISTÍOCHTA DO SHOLÁTHRAITHE TPPUnna

Airteagal 41

Rialacha infheistíochta

1.  Déanfaidh soláthraithe TPPUnna na sócmhainní a chomhfhreagraíonn don TPPU a infheistiú i gcomhréir le riail ‘an duine stuama’ agus go háirithe i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)  déanfar na sócmhainní a infheistiú chun leasanna fadtéarmacha is fearr na gcoigilteoirí TPPU i gcoitinne. I gcás coinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, áiritheoidh an soláthraí TPPUnna, nó an t-eintiteas a bhainistíonn a phunann, go ndéanfar an infheistíocht chun leasa na gcoigilteoirí TPPU agus chun an leasa sin amháin;

(b)  laistigh de riail an duine stuama, cuirfidh soláthraithe TPPUnna san áireamh na rioscaí a bhaineann le cinntí infheistíochta agus an tionchar fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le tosca ESG;

(c)  déanfar na sócmhainní a infheistiú sa chaoi go n-áiritheofar slándáil, cáilíocht, leachtacht agus brabúsacht na punainne ina hiomláine;

(d)  déanfar na sócmhainní a infheistiú go príomha i margaí rialáilte. Déanfar an infheistíocht i sócmhainní nach ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh airgeadais rialáilte a choinneáil ar leibhéil stuama;

(e)  féadfar infheistiú a dhéanamh in ionstraimí díorthacha a mhéid is a rannchuidíonn ionstraimí den chineál sin le rioscaí infheistíochta a laghdú nó le bainistiú punainne éifeachtúil a éascú. Déanfar na hionstraimí sin a luacháil ar bhonn stuamachta, i bhfianaise na sócmhainne foluití, agus a chur san áireamh i luacháil sócmhainní soláthraí TPPUnna. Déanfaidh soláthraithe TPPUnna riosca neamhchosanta iomarcach ar chontrapháirtí aonair agus ar oibríochtaí díorthacha eile a sheachaint freisin;

(f)  déanfar na sócmhainní a éagsúlú go cuí chun go seachnófar an spleáchas iomarcach ar aon sócmhainn, eisitheoir nó grúpa gnóthas ar leith agus carnadh riosca sa phunann ina hiomláine. Ní dhéanfaidh infheistíochtaí i sócmhainní a eiseoidh an t-eisitheoir céanna nó eisitheoirí a bhaineann leis an ngrúpa céanna soláthraí TPPUnna a neamhchosaint ar chomhchruinniú riosca iomarcacha;

(g)  ní dhéanfar na sócmhainní a infheistiú i ndlínse neamh-chomhoibríoch chun críocha cánach arna sainaithint i gconclúidí is infheidhme na Comhairle maidir leis an liosta de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach, ná i dtríú tír ardriosca ina bhfuil easnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag an Rialachán Tarmligthe is infheidhme ón gCoimisiún arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849

(h)  ní dhéanfaidh an soláthraí TPPUnna é féin ná na sócmhainní a chomhfhreagraíonn don TPPU a chur ar neamhchosaint ar rioscaí a thagann as giaráil iomarcach agus as claochlú aibíochta iomarcach.

2.  Ní bheidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach i bpointí (a) go (h) de mhír 1 ach amháin sa mhéid nach bhfuil aon fhoráil níos déine sa dlí earnálach ábhartha is infheidhme maidir leis an soláthraí TPPUnna.

ROINN II

ROGHANNA INFHEISTÍOCHTA DO CHOIGILTEOIRÍ TPPU

Airteagal 42

Forálacha ginearálta

1.  Féadfaidh soláthraithe TPPUnna suas le rogha infheistíochta a thairiscint do choigilteoirí TPPU.

2.  Beidh an TPPU bunúsach san áireamh sna roghanna infheistíochta agus féadfaidh roghanna infheistíochta malartacha a bheith san áireamh iontu freisin.

3.  Déanfaidh soláthraithe TPPUnna na roghanna infheistíochta uile a cheapadh ar bhonn ráthaíochta nó teicníc maolaithe riosca lena n-áiritheofar cosaint leordhóthanach do choigilteoirí TPPU.

4.  Beidh soláthar na ráthaíochtaí faoi réir an dlí earnálaigh ábhartha is infheidhme maidir leis an soláthraí TPPUnna.

5.  Ní fhéadfaidh soláthraithe TPPUnna dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (e) agus (f) d’Airteagal 6(1) TPPU a bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis a thairiscint ach amháin trí chomhoibriú le hinstitiúidí creidmheasa nó le gnóthais árachais ar féidir leo ráthaíochtaí den sórt sin a sholáthar de réir an dlí earnálaigh is infheidhme maidir leo. Is iad na hinstitiúidí nó na gnóthais sin, agus iad sin amháin, a bheidh faoi dhliteanas i leith na ráthaíochta.

Airteagal 43

Roghnú na rogha infheistíochta ag an gcoigilteoir TPPU

Tar éis don choigilteoir TPPU an fhaisnéis agus an chomhairle ábhartha a fháil, roghnóidh sé nó sí rogha infheistíochta, agus an conradh TPPU á thabhairt chun críche aige nó aici.

Airteagal 44

Coinníollacha maidir le modhnú na rogha infheistíochta a roghnaíodh

1.  Má chuireann an soláthraí TPPUnna roghanna infheistíochta malartacha ar fáil, beidh an coigilteoir TPPU, agus carnadh á dhéanamh aige nó aici sa TPPU, in ann rogha infheistíochta éagsúil a roghnú tar éis íostréimhse cúig bliana ó thabhairt i gcrích an chonartha TPPU agus, i gcás ina ndéanfar athruithe ina dhiaidh sin, tar éis cúig bliana ón athrú is déanaí ar an rogha infheistíochta. Féadfaidh an soláthraí TPPUnna a cheadú don choigilteoir TPPU an rogha infheistíochta arna roghnú a mhodhnú níos minice.

2.  Déanfar an modhnú ar an rogha infheistíochta saor in aisce don choigilteoir TPPU.

Airteagal 45

An TPPU Bunúsach

1.  Is táirge sábháilte a bheidh sa TPPU bunúsach, arb ionann é agus an rogha infheistíochta réamhshocraithe. Déanfaidh soláthraithe TPPUnna é a cheapadh ar bhonn ráthaíocht ar an gcaipiteal a bheidh dlite ag tús chéim an dícharntha agus le linn chéim an dícharntha, i gcás inarb infheidhme, nó ar bhonn teicníc maolaithe riosca a bheidh comhsheasmhach leis an gcuspóir i dtaca le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh.

2.  Ní rachaidh na costais agus na táillí don TPPU Bunúsach thar 1 % den chaipiteal carntha in aghaidh na bliana.

3.  Chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir soláthraithe TPPUnna éagsúla agus cineálacha éagsúla TPPUnna, déanfaidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na cineálacha costas agus táillí dá dtagraítear i mír 2, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile i gcás inarb infheidhme.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, déanfaidh ÚEÁPC cineálacha féideartha éagsúla TPPUnna, cineál scoir fhadtéarmaigh an TPPU agus gnéithe éagsúla féideartha na TPPUnna a chur san áireamh, go háirithe eisíocaíochtaí a dhéanfar i bhfoirm blianachtaí fadtéarmacha nó íostarraingtí bliantúla go dtí go mbeidh an aois ar a laghad ag an gcoigilteoir TPPU a fhreagraíonn do mheánionchas saoil an choigilteora TPPU. Déanfaidh ÚEÁPC measúnú freisin ar chineál ar leith na cosanta caipitil ag féachaint go sonrach don ráthaíocht chaipitil. Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh don Choimisiún faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.  Gach dhá bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEÁPC agus, i gcás inarb infheidhme, leis na ÚMEnna eile, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar leormhaitheas an luacha céatadáin dá dtagraítear i mír 2. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, leibhéal iarbhír agus athruithe ar leibhéal iarbhír na gcostas agus na dtáillí, agus an tionchar ar infhaighteacht na TPPUnna a chur san áireamh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an luach céatadáin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leasú i bhfianaise a chuid athbhreithnithe d’fhonn rochtain iomchuí ar an margadh a cheadú do sholáthraithe TPPUnna.

Airteagal 46

Teicnící maolaithe riosca

1.  Trí theicnící maolaithe riosca a úsáid, áiritheofar go ndéanfar an straitéis infheistíochta i gcomhair an TPPU a cheapadh chun ioncam scoir aonair don todhchaí, ar ioncam é a bheidh cobhsaí agus leormhaith, a thiomargadh ón TPPU agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le gach glúin de choigilteoirí TPPU.

Na teicnící maolaithe riosca uile, cibé acu más faoin TPPU Bunúsach nó le haghaidh na roghanna infheistíochta malartacha a chuirfear i bhfeidhm iad, beidh siad fónta, stóinseach agus comhsheasmhach le próifíl riosca na rogha infheistíochta comhfhreagraí.

2.  Féadfar na forálacha seo a leanas, inter alia, a áireamh sna teicnící maolaithe riosca:

(a)  forálacha maidir le leithdháileadh infheistíochta a oiriúnú de réir a chéile chun na rioscaí airgeadais a bhaineann le hinfheistíochtaí a mhaolú le haghaidh na gcohórt a chomhfhreagraíonn don tréimhse atá fágtha (saolré);

(b)  forálacha lena mbunófar cúlchistí ó ranníocaíochtaí nó ó thorthaí infheistíochta, a leithdháilfear ar choigilteoirí TPPU ar bhealach cothrom agus trédhearcach chun caillteanais infheistíochta a mhaolú; nó

(c)  forálacha maidir le ráthaíochtaí iomchuí a úsáid chun cosaint a thabhairt i gcoinne caillteanais infheistíochta.

3.  Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile, agus tar éis dó tástáil tionscail a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na critéir íosta nach mór a shásamh leis na teicnící maolaithe riosca, agus na cineálacha éagsúla TPPU agus a ngnéithe sonracha, chomh maith leis na cineálacha éagsúla soláthraithe TPPUnna agus na difríochtaí idir a gcóras stuamachta á gcur san áireamh.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiún faoin … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

ROINN III

GNÉITHE EILE DE CHÉIM AN CHARNTHA

Airteagal 47

Coinníollacha a bhaineann le céim an charntha

1.  Déanfaidh na Ballstáit na coinníollacha a bhaineann le céim an charntha, i gcás na bhfochuntas náisiúnta, a chinneadh mura ndéanfar iad a shonrú sa Rialachán seo.

2.  Féadfar teorainneacha aoise maidir le céim an charntha a thosú, íosré chéim an charntha, uasmhéideanna agus íosmhéideanna ranníocaíochtaí agus a leanúnachas a áireamh go háirithe ar na coinníollacha sin .

CAIBIDIL VI

COSAINT INFHEISTEOIRÍ

Airteagal 48

Taisclann

1.  Déanfaidh na soláthraithe TPPUnna dá dtagraítear i bpointí (c), (e) agus ( f) d’Airteagal 6(1) ▌taisclann amháin nó níos mó a cheapadh chun sócmhainní a choimeád slán i ndáil le gnó soláthartha agus cúraimí maoirseachta TPPUnna.

2.  Chun an taisclann a cheapadh, a cúraimí a fhorghníomhú i ndáil le sócmhainní a choimeád slán agus dliteanas na taisclainne, agus le haghaidh cúraimí maoirseachta na taisclainne, déanfar Caibidil IV de Threoir 2009/65/CE a chur i bhfeidhm dá réir.

Airteagal 49

Rioscaí bithmhéadracha a chumhdach

1.  Féadfaidh soláthraithe TPPUnna TPPUnna a thairiscint ag a mbeidh rogha lena n-áiritheofar go gcumhdófar rioscaí bithmhéadracha ▌.

2.  Beidh cumhdach na rioscaí bithmhéadracha faoi réir an dlí earnálaigh ábhartha is infheidhme maidir leis an soláthraí TPPUnna. D’fhéadfadh cumhdach na rioscaí bithmhéadracha a bheith éagsúil idir fochuntais éagsúla.

3.  Féadfaidh soláthraithe TPPUnna dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (d), (e) agus (f) d’Airteagal 6(1) TPPUnna a thairiscint ag a mbeidh rogha lena n-áiritheofar go gcumhdófar rioscaí bithmhéadracha. Sa chás sin, ní thabharfar an cumhdach ach trí chomhoibriú le gnóthais árachais ar féidir leo na rioscaí sin a chumhdach de réir an dlí earnálaigh is infheidhme maidir leo. Beidh an gnóthas árachais faoi dhliteanas iomlán i leith chumhdach na rioscaí bithmhéadracha.

Airteagal 50

Gearáin

1.  Déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna nósanna imeachta leormhaithe agus éifeachtacha ▌ a chur ar bun agus a chur i bhfeidhm chun teacht ar réiteach ar ghearáin a thaiscfidh custaiméirí TPPU maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.

2.  Déanfar na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm i ngach Ballstát ina dtairgfidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna a sheirbhísí agus beidh siad ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ábhartha, ar teanga í a roghnóidh an custaiméir TPPU, nó i dteanga eile má thagann an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna agus an custaiméir TPPU ar chomhaontú faoi sin.

3.  Déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna gach iarracht is féidir chun freagra a thabhairt, cibé acu go leictreonachi meán marthanach eile i gcomhréir le Airteagal 24, ar ghearáin na gcustaiméirí TPPU. Leis an bhfreagra, tabharfar aghaidh ar na pointí go léir a luafar, laistigh de thréimhse ama leordhóthanach agus ar a dhéanaí faoi cheann 15 lá oibre ón uair a gheofar an gearán. I gcásanna eisceachtúla, mura féidir an freagra a thabhairt laistigh de 15 lá oibre ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna orthu, ceanglófar air freagra fóille a sheoladh, ina gcuirfear in iúl go soiléir na cúiseanna atá leis an moill ar fhreagra a thabhairt ar an ngearán agus ina sonrófar an sprioc-am faoina bhfaighidh an custaiméir TPPU an freagra deiridh. Ar aon chaoi, ní rachaidh an sprioc-am faoina bhfaighfear an freagra deiridh thar 35 lá oibre.

4.  Cuirfidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna an custaiméir TPPU ar an eolas faoi chomhlacht amháin um réiteach malartach díospóide (ADR) ar a laghad a bhfuil sé d’inniúlacht aige déileáil le díospóidí i dtaca le cearta agus oibleagáidí custaiméirí TPPU faoin Rialachán seo.

5.  Déanfar an fhaisnéis faoi na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 a lua ar bhealach a bheidh soiléir, cuimsitheach agus éasca a rochtain ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna, ag an mbrainse, agus i dtéarmaí agus coinníollacha ginearálta an chonartha idir an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna agus an custaiméir TPPU. Sonrófar ann an chaoi ar féidir tuilleadh eolais a rochtain faoin gcomhlacht ADR lena mbaineann agus faoi na coinníollacha maidir lena úsáid.

6.  Déanfaidh na húdaráis inniúla nósanna imeachta a chur ar bun lenar féidir le custaiméirí TPPU agus le páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear comhlachais tomhaltóirí, gearáin a thíolacadh chuig na húdaráis inniúla i dtaca le sáruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo ag soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna. I ngach cás, gheobhaidh gearánaigh freagraí.

7.  I gcásanna a bhaineann le níos mó ná Ballstát amháin, féadfaidh an gearánach a roghnú a ghearán nó a gearán a thaisceadh tríd an údaráis inniúla ina Bhallstát cónaithe nó ina Ballstát cónaithe, gan beann ar an áit ina ndearnadh an sárú.

Airteagal 51

Sásamh lasmuigh den chúirt

1.  Maidir le nósanna imeachta ADR atá leormhaith, neamhspleách, neamhchlaonta, trédhearcach agus éifeachtach chun díospóidí idir custaiméirí TPPU agus soláthraithe TPPUnna nó dáileoirí TPPUnna maidir le cearta agus oibleagáidí a thagann chun cinn faoin Rialachán seo a réiteach, bunófar iad i gcomhréir le Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22), agus leas á bhaint as comhlachtaí inniúla atá ann cheana i gcás inarb iomchuí. Beidh na nósanna imeachta ADR sin infheidhme, agus leathnóidh inniúlacht an chomhlachta ábhartha ADR amach go héifeachtach, maidir leis na soláthraithe TPPUnna nó na dáileoirí TPPUnna a ndéanfar na nósanna imeachta a thionscnamh ina gcoinne.

2.  Oibreoidh na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 i gcomhar le chéile go héifeachtach chun díospóidí trasteorann maidir le cearta agus oibleagáidí a thagann chun cinn faoin Rialachán seo a réiteach.

CAIBIDIL VII

SOLÁTHRAITHE TPPUnna A MHALARTÚ

Airteagal 52

An tseirbhís malartaithe a sholáthar

1.  Déanfaidh soláthraithe TPPUnna seirbhís malartaithe a sholáthar lena ndéanfar, arna iarraidh sin ag an gcoigilteoir TPPU, na méideanna comhfhreagracha nó, i gcás inarb infheidhme, sócmhainní comhchineáil i gcomhréir le mír 4, a aistriú ó chuntas TPPU atá á choinneáil ag an soláthraí TPPUnna aistritheach chuig cuntas TPPU nua leis na fochuntais chéanna arna n-oscailt leis an soláthraí TPPUnna is faighteoir, agus an t-iarchuntas TPPU á dhúnadh.

Agus an tseirbhís malartaithe á húsáid, déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an fhaisnéis uile atá nasctha le gach fochuntas de chuid an chéad chuntais TPPU, lena n-áirítear ceanglais tuairiscithe, a aistriú chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir. Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir an fhaisnéis sin a chlárú sna fochuntais chomhfhreagracha.

Féadfaidh coigilteoir TPPU a iarraidh aistriú go soláthraí TPPUnna atá bunaithe sa Bhallstát céanna (malartú intíre) nó i mBallstát eile (athrú trasteorann). Féadfaidh an coigilteoir TPPU an ceart a fheidhmiú chun soláthraithe a athrú le linn chéim an charntha agus le linn chéim an dícharntha den TPPU.

2.  D’ainneoin mhír 1, le linn chéim an dícharntha, ní bheidh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe TPPUnna seirbhís malartaithe a sholáthar le haghaidh TPPUnna, i gcás ina bhfuil eisíocaíochtaí á bhfáil ag coigilteoirí TPPUanna i bhfoirm blianachtaí saoil.

3.  Féadfaidh an coigilteoir TPPU soláthraithe TPPUnna a mhalartú tar éis íostréimhse cúig bliana ó thabhairt i gcrích an chonartha TPPU, agus, i gcás malartú a dhéanfar ina dhiaidh sin, tar éis cúig bliana ón malartú is déanaí, gan dochar do phointe (a) d’Airteagal 20(5). Féadfaidh an soláthraí TPPUnna a cheadú don choigilteoir TPPU soláthraithe TPPUnna a mhalartú níos minice.

4.  I gcás ina mbeidh an malartú idir soláthraithe TPPUnna atá i mbun bainistíocht punainne aonair do choigilteoirí TPPU, féadfaidh coigilteoirí TPPU a roghnú sócmhainní comhchineáil nó méideanna comhfhreagracha a aistriú. I ngach cás eile, ní cheadófar ach méideanna comhfhreagracha a aistriú.

Beidh gá le toiliú i scríbhinn ón soláthraí TPPUnna is faighteoir i gcás ina n-iarrfaidh an coigilteoir TPPU aistriú sócmhainní comhchineáil.

Airteagal 53

An tseirbhís malartaithe

1.  Arna iarraidh sin ag an gcoigilteoir TPPU, tar éis don choigilteoir TPPU cinneadh eolasach a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar ó na soláthraithe TPPUnna mar a shainítear in Airteagal 56, déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir an tseirbhís malartaithe a thionscnamh. ▌

2.  ▌ Déanfar an iarraidh ón gcoigilteoir TPPU ▌a tharraingt suas i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina mbeidh an tseirbhís malartaithe á tionscnamh nó in aon teanga eile a bheidh comhaontaithe idir na páirtithe. San iarraidh, déanfaidh an coigilteoir TPPU an méid seo a leanas:

(a)  a thoiliú nó a toiliú a thabhairt go sonrach i dtaobh gach ceann de na cúraimí dá dtagraítear i mír 4 a bheith á bhfeidhmiú ag an soláthraí TPPUnna aistritheach agus déanfaidh sé a thoiliú nó a toiliú a thabhairt go sonrach i dtaobh gach ceann de na cúraimí dá dtagraítear i mír 5 a bheith á bhfeidhmiú ag an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

(b)   i gcomhaontú leis an soláthraí TPPUnna is faighteoir, dáta a shonrú óna mbeidh íocaíochtaí le forghníomhú chuig an gcuntas TPPU a osclófar leis an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

Beidh an dáta sin coicís ar a laghad tar éis an dáta a gheobhaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir na doiciméid a aistreoidh an soláthraí TPPUnna aistritheach de bhun mhír 4.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeadh an iarraidh ón gcoigilteoir TPPU i scríbhinn agus go ndéanfaí cóip den iarraidh a nglacfar léi a sholáthar don choigilteoir TPPU.

3.  Laistigh de chúig lá oibre ón iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fháil, iarrfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir ar an soláthraí TPPUnna aistritheach na cúraimí amhail dá dtagraítear i mír 4 a chur i gcrích.

4.  A luaithe a bheidh iarraidh ón soláthraí TPPUnna is faighteoir faighte aige, déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an méid seo a leanas ▌:

(a)  laistigh de chúig lá oibre, an Ráiteas Sochair TPPU don tréimhse ó dháta an Ráitis Sochair TPPU deiridh arna tharraingt suas go dtí dáta na hiarrata a sheoladh chuig an gcoigilteoir TPPU agus chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir;

(b)  laistigh de chúig lá oibre, liosta de na sócmhainní atá ann cheana atá á n-aistriú i gcás aistriú sócmhainní comhchineáil amhail dá dtagraítear in Airteagal 52(4) a sheoladh chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir;

(c)  scoir de ghlacadh le híocaíochtaí isteach ar an gcuntas TPPU le héifeacht ón dáta a bheidh sonraithe ag an gcoigilteoir TPPU san iarraidh dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2;

(d)  na méideanna comhfhreagracha, nó i gcás inarb infheidhme, na sócmhainní comhchineáil a aistriú i gcomhréir le hAirteagal 52(4), ón gcuntas TPPU chuig an gcuntas TPPU nua a osclófar leis an soláthraí TPPUnna is faighteoir ar an dáta arna shonrú ag an gcoigilteoir TPPU san iarraidh;

(e)  an cuntas TPPU a dhúnadh ar an dáta a bheidh sonraithe ag an gcoigilteoir TPPU mura mbeidh aon oibleagáidí gan chomhlíonadh ag an gcoigilteoir TPPU ▌. Déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an coigilteoir TPPU a chur ar an eolas láithreach i gcás ina gcuirfidh oibleagáidí gan chomhlíonadh den sórt sin cosc ar dhúnadh chuntas an choigilteora TPPU.

5.  Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir, mar ▌a fhoráiltear san iarraidh agus a mhéid a chumasóidh an fhaisnéis a chuirfidh an soláthraí TPPUnna aistritheach nó an coigilteoir TPPU ar fáil don soláthraí TPPUnna is faighteoir ▌déanamh amhlaidh, aon ullmhúcháin is gá chun glacadh leis na híocaíochtaí isteach agus chun glacadh leo le héifeacht ón dáta a bheith sonraithe ag an gcoigilteoir TPPU san iarraidh.

Airteagal 54

Táillí agus muirir a bhaineann leis an tseirbhís malartaithe

1.  Beidh coigilteoirí TPPU in ann rochtain a fháil saor in aisce ar a sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag an soláthraí TPPUnna aistritheach nó ag an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

2.  Déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an fhaisnéis a iarrfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir de bhun phointe (a) d’Airteagal 53(4) a sholáthar gan muirear a ghearradh ar an gcoigilteoir TPPU ná ar an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

3.  Na táillí agus na muirir iomlána a ghearrfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach ar an gcoigilteoir TPPU as an gcuntas TPPU atá á choinneáil aige a dhúnadh, beidh siad teoranta do na costais riaracháin iarbhír arna dtabhú ag an soláthraí TPPUnna agus ní bheidh siad os cionn 0,5 % de na méideanna comhfhreagracha nó luach airgeadúil na sócmhainní comhchineáil a bheidh le haistriú chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

Féadfaidh na Ballstáit céatadán níos ísle de na táillí agus na muirir a shocrú amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus céatadán difriúil a shocrú i gcás ina gceadóidh an soláthraí TPPU do choigilteoirí TPPU a soláthraí TPPU a mhalartú níos minice amhail dá dtagraítear in Airteagal 52(3).

Ní ghearrfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach aon táillí ná muirir bhreise ar an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

4.  ▌ Ní fhéadfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir ach costais riaracháin agus idirbhirt iarbhír na seirbhíse malartaithe a ghearradh.

Airteagal 55

Coigilteoirí TPPU a chosaint ar chaillteanas airgeadais

1.  Aon chaillteanas airgeadais, lena n-áirítear táillí, muirir agus ús, a thabhóidh an coigilteoir TPPU agus a eascróidh go díreach as neamhchomhlíonadh oibleagáidí faoi Airteagal 53 ag soláthraí TPPUnna atá páirteach sa phróiseas malartaithe, déanfaidh an soláthraí TPPUnna sin iad a aisíoc gan mhoill.

2.  Ní bheidh feidhm ag dliteanas faoi mhír 1 i gcás imthosca neamhghnácha nach bhféadfaí a thuar, nach bhfuil neart ag an soláthraí TPPUnna orthu agus ina ndéanfaidh sé iarratas go gcuirfear na himthosca sin i bhfeidhm, nach bhféadfaí a n-iarmhairtí a sheachaint d’ainneoin gach iarracht a dhéanfaí maidir leis sin, nó i gcás ina mbeidh soláthraí TPPUnna faoi cheangal ag oibleagáidí dlíthiúla eile atá cumhdaithe ag dlí an Aontais nó dlí náisiúnta.

3.  Déanfar dliteanas faoi mhír 1 a shuí i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme ar an leibhéal náisiúnta.

4.  Iompróidh an coigilteoir TPPU ▌aon riosca caillteanais airgeadais a bhaineann le fuascailt chomhchineáil na sócmhainní atá á gcoinneáil sa chuntas TPPU ar mhaithe lena n-aistriú ón soláthraí TPPUnna aistritheach chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir, amhail dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

5.  Ní bheidh oibleagáid ar an soláthraí TPPUnna aistritheach cosaint chaipitil a áirithiú ná ráthaíocht a sholáthar tráth an mhalartaithe.

Airteagal 56

Faisnéis faoin tseirbhís malartaithe

1.  Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis seo a leanas faoin tseirbhís malartaithe a thabhairt do choigilteoirí TPPU chun go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann cinneadh eolasach a dhéanamh:

(a)  ról an tsoláthraí aistrithigh agus ról an tsoláthraí is faighteoir maidir le gach céim den phróiseas malartaithe, mar a léirítear in Airteagal 53;

(b)  an tréimhse ama faoina dtabharfar na céimeanna faoi seach chun críche;

(c)  na táillí agus na muirir a ghearrfar ar an bpróiseas malartaithe;

(d)   na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an malartú, go háirithe na himpleachtaí ar an gcosaint chaipitil nó ar an ráthaíocht, agus faisnéis eile a bhaineann leis an tseirbhís malartaithe;

(e)  faisnéis faoin bhféidearthacht i dtaobh aistriú sócmhainní comhchineáil, más infheidhme.

Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir ceanglais Chaibidil IV a chomhlíonadh.

Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir, i gcás inarb infheidhme, an coigilteoir TPPU a chur ar an eolas maidir le haon scéim ráthaíochta a bheith ann, lena n-áirítear scéim ráthaíochta taisce, scéim cúitimh d’infheisteoirí nó scéim ráthaíochta árachais, lena gcumhdaítear an coigilteoir TPPU sin ▌.

2.  Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí TPPUnna. Déanfar í a sholáthar do choigilteoirí TPPU freisin arna iarraidh sin acu, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 24.

CAIBIDIL VIII

CÉIM AN DÍCHARNTHA

Airteagal 57

Coinníollacha a bhaineann le céim an dícharntha

1.   Is iad na Ballstáit a shocróidh na coinníollacha a bhaineann le céim an charntha agus leis na heisíocaíochtaí as na fochuntais náisiúnta mura rud é go ndéanfar iad a shonrú sa Rialachán seo.

2.  Féadfar a áireamh ar na coinníollacha sin go háirithe go socrófaí aois íosta le haghaidh ag tús chéim an dícharntha ▌, uastréimhse sula mbainfear an aois scoir amach chun dul isteach in TPPU ▌, chomh maith le coinníollacha maidir le fuascailt sula mbainfear an aois íosta le haghaidh ag tús chéim an dícharntha amach, go sonrach i gcás cruatan ar leith.

Airteagal 58

Cineálacha eisíocaíochtaí

1.  Féadfaidh soláthraithe TPPUnna ceann amháin de na cineálacha eisíocaíochtaí a leanas nó níos mó a chur ar fáil do choigilteoirí TPPU:

(a)  blianachtaí;

(b)  cnapshuim;

(c)  íocaíochtaí íostarraingthe;

(d)  teaglamaí de na cineálacha thuas.

2.  Déanfaidh coigilteoirí TPPU cineál na n-eisíocaíochtaí a roghnú do chéim an dícharntha nuair a dhéanfaidh siad conradh TPPU a thabhairt i gcrích agus nuair a iarrfaidh siad oscailt fochuntais nua. D’fhéadfadh cineál na n-eisíocaíochtaí a bheith éagsúil idir fochuntais éagsúla.

3.  Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo nó d’Airteagal 57 nó 59, féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun tús áite a thabhairt do chineálacha áirithe eisíocaíochtaí. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin teorainneacha cainníochtúla le haghaidh íocaíochtaí cnapshuime chun na cineálacha eile d’eisíocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a spreagadh tuilleadh. Ní bheidh feidhm ag teorainneacha cainníochtúla den sórt sin ach amháin maidir leis na heisíocaíochtaí a chomhfhreagraíonn don chaipiteal atá carntha san fhochuntas TPPU atá nasctha leis na Ballstáit a bhfuil foráil déanta ina reachtaíocht do theorainneacha cainníochtúla ar íocaíochtaí cnapshuime.

4.  Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha a shonrú faoina ndéanfar buntáistí agus dreasachtaí arna ndeonú a aisíoc leo.

Airteagal 59

Modhnuithe ar chineálacha na n-eisíocaíochtaí

1.  Má sholáthraíonn an soláthraí TPPUnna cineálacha éagsúla eisíocaíochtaí, ceadófar don choigilteoir TPPU cineál na n-eisíocaíochtaí ó gach fochuntas a osclaíodh a mhodhnú:

(a)  bliain amháin roimh thús chéim an dícharntha;

(b)  ag tús chéim an dícharntha;

(c)  tráth an mhalartaithe.

Beidh an modhnú ar chineál na n-eisíocaíochtaí saor in aisce don choigilteoir TPPU.

2.  A luaithe a gheobhaidh sé iarraidh ón gcoigilteoir TPPU chun cineál a eisíocaíochtaí nó a eisíocaíochtaí a mhodhnú, déanfaidh an soláthraí TPPUnna faisnéis a sholáthar don choigilteoir TPPU i bhformáid a bheidh soiléir agus intuigthe maidir leis na himpleachtaí airgeadais ar an gcoigilteoir TPPU nó ar an tairbhí TPPU a bhaineann le hathrú den sórt sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le haon tionchar a bheadh ann ar na dreasachtaí náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leis na fochuntais a bheadh ag gabháil cheana le TPPU an choigilteora TPPU.

Airteagal 60

Pleanáil scoir agus comhairle maidir le heisíocaíochtaí

1.  I gcás an TPPU Bhunúsaigh, ag tús chéim an dícharntha, déanfaidh an soláthraí TPPUnna pleanáil scoir phearsanta a thairiscint don choigilteoir TPPU maidir le húsáid inbhuanaithe a bhaint as an gcaipiteal arna charnadh sna fochuntais TPPU, agus an méid seo a leanas ar a laghad á chur san áireamh:

(a)  luach an chaipitil arna charnadh sna fochuntais TPPU,

(b)  méid iomlán na dteidlíochtaí scoir eile arna bhfabhrú agus

(c)  éilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU, ar éilimh agus riachtanais iad a bhaineann le scor fadtéarmach.

2.  Áireofar leis an bpleanáil scoir dá dtagraítear i mír 1 moladh pearsanta don choigilteoir TPPU maidir le cineál optamach a eisíocaíochtaí nó a heisíocaíochtaí ach amháin mura mbeidh ann ach aon chineál amháin d’eisíocaíochtaí a sholáthair. Mura mbeidh íocaíocht chnapshuime i gcomhréir le riachtanais scoir an choigilteora TPPU, beidh rabhadh ag gabháil leis an gcomhairle chuige sin.

CAIBIDIL IX

MAOIRSEACHT

Airteagal 61

Maoirseacht ag na húdaráis inniúla agus faireachán ag ÚEÁPC

1.  Déanfaidh údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ar bhonn leanúnach agus i gcomhréir leis an gcóras earnálach ábhartha maoirseachta agus na caighdeáin earnálacha ábhartha mhaoirseachta. Beidh siad freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sna rialacha nó in ionstraimí ionchorpraithe an tsoláthraí TPPUnna, agus as leormhaitheas a shocruithe agus a eagrúcháin maidir leis na cúraimí atá le comhlíonadh aige agus TPPU á sholáthar.

2.  Déanfaidh ÚEÁPC agus údaráis inniúla faireachán ar tháirgí pinsin phearsanta a sholáthrófar nó a dháilfear chun a fhíorú nach dtabharfar an t-ainm ‘TPPU’ ar na táirgí den chineál sin ná nach dtabharfar le tuiscint gur TPPUnna iad ach tráth a gcláraithe faoin Rialachán seo.

Airteagal 62

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar fad is gá ag na húdaráis inniúla chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 63

Cumhachtaí idirghabhála táirgí na n-údarás inniúil

1.  Féadfaidh údaráis inniúla margú nó dáileadh TPPU ina Bhallstát nó óna Bhallstát a thoirmeasc nó a shrianadh faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)  tá na húdaráis inniúla sásta go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go dtiocfadh ábhair imní shuntasacha nó athdhearbhaithe maidir le cosaint coigilteoirí as an TPPU nó go bhfuil riosca ag baint leis d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó i bpáirt laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad;

(b)  tá an ghníomhaíocht comhréireach, ag cur san áireamh cineál na rioscaí arna sainaithint, leibhéal sofaisticiúlachta na gcoigilteoirí TPPU lena mbaineann agus an éifeacht is dócha a bheidh ag an ngníomhaíocht ar choigilteoirí TPPU a bhfuil conradh TPPU tugtha i gcrích acu;

(c)  tá na húdaráis inniúla tar éis dul i gcomhairle go cuí le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfaidh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh; agus

(d)  níl tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla an toirmeasc nó an srian a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar TPPU a mhargú nó a dháileadh do choigilteoirí TPPU. Féadfaidh feidhm a bheith ag toirmeasc nó srian i dtosca, nó a bheith faoi réir eisceachtaí, a bheidh sonraithe ag na húdaráis inniúla.

2.  Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc nó srian a fhorchur faoin Airteagal seo ach amháin más rud é, tráth nach luaithe ná mí amháin roimh an am a bheartófar go ngabhfaidh éifeacht leis an mbeart, go mbeidh fógra tugtha acu do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann agus do ÚEÁPC, ar fógra é a bheidh i scríbhinn nó trí mheán eile a bheidh aontaithe idir na húdaráis, maidir leis na mionsonraí faoi na nithe seo a leanas:

(a)  an TPPU lena mbaineann an ghníomhaíocht atá beartaithe;

(b)  cineál beacht an toirmisc nó an tsriain atá beartaithe agus an dáta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis; agus

(c)  an fhianaise ar a mbeidh a gcinneadh bunaithe acu agus ar a bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint go bhfuil gach ceann de na coinníollacha i mír 1 comhlíonta.

3.  I gcásanna eisceachtúla ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh faoin Airteagal seo ionas nach dtiocfaidh dochar as an TPPU, féadfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíocht a dhéanamh ar bhonn sealadach tar éis dó fógra 24 uair an chloig ar a laghad a thabhairt i scríbhinn, roimh an am a bheartaítear éifeacht a bheith leis an mbeart, do na húdaráis inniúla eile go léir agus do ÚEÁPC, ar choinníoll go gcomhlíonfar na critéir ar fad atá san Airteagal seo agus, sa bhreis air sin, go suífear go soiléir nach mbeadh tréimhse fógra de mhí amháin leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní nó bagairt shonrach. Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíocht ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse is faide ná trí mhí.

4.  Foilseoidh na húdaráis inniúla ar a suímh ghréasáin fógra maidir le haon chinneadh chun aon toirmeasc nó srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur. Saineofar san fhógra sin mionsonraí an toirmisc nó an tsriain, am tar éis fhoilsiú an fhógra óna ngabhfaidh éifeacht leis na bearta agus an fhianaise ar ina leith atá sé sásta go mbeidh gach ceann de na coinníollacha i mír 1 comhlíonta. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc ná ag an srian ach maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis an fógra a fhoilsiú.

5.  Déanfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc nó srian a chúlghairm mura mbeidh feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha i mír 1.

Airteagal 64

Éascú agus comhordú

1.  Déanfaidh ÚEÁPC ról éascaithe agus comhordaithe a chomhlíonadh maidir le gníomhaíocht a dhéanfaidh údaráis inniúla faoi Airteagal 63. Go háirithe, áiritheoidh ÚEÁPC go mbeidh bonn cirt le gníomhaíocht a dhéanfaidh údarás inniúil agus go mbeidh sí comhréireach agus go nglacfaidh na húdaráis inniúla cur chuige comhsheasmhach i gcás inarb iomchuí.

2.  Tar éis fógra a fháil faoi Airteagal 63 maidir le haon toirmeasc nó srian a bheidh le forchur faoin Airteagal sin, eiseoidh ÚEÁPC tuairim i dtaobh bonn cirt a bheith leis an toirmeasc nó an srian agus i dtaobh toirmeasc nó srian a bheith comhréireach. I gcás ina measfaidh ÚEÁPC go bhfuil gá le beart ó údaráis inniúla eile chun aghaidh a thabhairt ar an riosca, tabharfaidh sé an méid sin le fios freisin sa tuairim uaidh. Foilseofar an tuairim ar shuíomh gréasáin ÚEÁPC.

3.  I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil gníomhaíocht a dhéanamh nó i gcás ina ndéanfaidh sé an ghníomhaíocht agus go bhfuil sí contrártha le tuairim a d’eisigh ÚEÁPC faoi mhír 2 nó i gcás ina ndiúltóidh an t-údarás sin gníomhaíocht a dhéanamh atá contrártha don tuairim sin, cuirfidh sé fógra ar a shuíomh gréasáin láithreach lena míneofar go beacht na cúiseanna atá aige le déanamh amhlaidh.

Airteagal 65

Cumhachtaí idirghabhála táirgí ÚEÁPC

1.  I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, déanfaidh ÚEÁPC faireachán ar an margadh do TPPUnna a dhéanfar a chur ar an margadh, a dháileadh, nó a dhíol san Aontas.

2.  I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, féadfaidh ÚEÁPC, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo, toirmeasc nó srian sealadach a chur ar mhargaíocht, dáileadh nó díolachán TPPUnna áirithe nó TPPUnna a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe acu.

Féadfaidh sé go mbeidh feidhm ag toirmeasc nó ag srian i dtosca, nó go mbeidh siad faoi réir eisceachtaí, atá le bheith sonraithe ag ÚEÁPC.

3.  Déanfaidh ÚEÁPC cinneadh faoi mhír 2 den Airteagal seo tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile, i gcás inarb iomchuí, agus ní dhéanfaidh sé amhlaidh ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  leis an ngníomhaíocht atá beartaithe, tabharfar aghaidh ar ábhar imní suntasach maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU, lena n-áirítear i ndáil le cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, nó bagairt ar fheidhmiú rianúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

(b)  ní bheidh aghaidh á tabhairt ar an mbagairt le ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir le TPPUnna;

(c)  ní bheidh údarás inniúil ná údaráis inniúla tar éis gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt nó ní leor na gníomhaíochtaí a bheidh déanta chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚEÁPC an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 2 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar TPPU a mhargú, a dháileadh nó a dhíol le custaiméirí TPPU.

4.  Agus gníomhaíocht á déanamh faoin Airteagal seo, áiritheoidh ÚEÁPC an méid seo a leanas faoin ngníomhaíocht:

(a)  ní bheidh éifeacht dhíobhálach aici ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar choigilteoirí TPPU, ar éifeacht í a bheadh díréireach le sochair na gníomhaíochta; or

(b)  ní chruthófar riosca arbatráiste rialála léi.

I gcás ina mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagal 63, féadfaidh ÚEÁPC aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 64 a eisiúint.

5.  Sula gcinnfidh sé aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo, tabharfaidh ÚEÁPC fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht a bheidh beartaithe aige.

6.  Foilseoidh ÚEÁPC fógra ar a shuíomh gréasáin faoi aon chinneadh a ghlacfar chun aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra sin mionsonraí an toirmisc nó an tsriain agus sonrófar ann tráth i ndiaidh fhoilsiú an fhógra óna ngabhfaidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis éifeacht a bheith ag na bearta.

7.  Déanfaidh ÚEÁPC athbhreithniú ar thoirmeasc nó srian arna fhorchur faoi mhír 2 ag eatraimh iomchuí agus ar a laghad gach trí mhí. Mura ndéanfar an toirmeasc nó an srian a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé in éag.

8.  Beidh tosaíocht ag aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh ÚEÁPC i gcomhréir leis an Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht a rinne údarás inniúil roimhe sin.

9.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le critéir agus tosca a bheidh le cur i bhfeidhm ag ÚEÁPC agus cinneadh á dhéanamh aige an bhfuil ábhar imní suntasach ann maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU, lena n-áirítear maidir le cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, nó bagairt ar fheidhmiú rianúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3.

Áireofar ar na critéir agus na tosca sin:

(a)  leibhéal castachta an TPPU agus an gaol le cineál an choigilteora TPPU dá ndéanfar é a mhargú nó lena ndíolfar é;

(b)  leibhéal nuálaíochta TPPU, gníomhaíochta nó cleachtais;

(c)  an ghiaráil a sholáthrófar le TPPU nó le cleachtas;

(d)  i ndáil le feidhmiú rianúil agus sláine na margaí airgeadais, méid nó suim iomlán chaipitil charntha an TPPU.

Airteagal 66

Comhar agus comhsheasmhacht

1.  Rannchuideoidh gach údarás inniúil le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais.

2.  Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23), Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE agus 2014/65/AE, agus Treoracha (AE) 2016/97 agus (AE) 2016/2341.

3.  Oibreoidh údaráis inniúla agus ÚEÁPC i gcomhar le chéile chun a gcuid dualgas féin a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.  Malartóidh na húdaráis inniúla agus ÚEÁPC gach faisnéis agus doiciméad is gá chun a gcuid dualgas féin faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas.

5.  Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar mionsonraí an ▌chomhair agus an mhalartaithe faisnéise, mar aon leis na ceanglais is gá chun an fhaisnéis thuas a chur i láthair i bhfoirm chaighdeánaithe lena bhféadfar comparáid a dhéanamh.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

CAIBIDIL X

PIONÓIS

Airteagal 67

Pionóis riaracháin agus bearta eile

1.  Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil ná do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh do smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin iomchuí agus bearta eile a bheidh infheidhme maidir le cásanna arb ionann iad agus sárú ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta eile sin dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan rialacha le haghaidh pionóis riaracháin dá dtagraitear sá chéad fhomhír a leagan síos maidir le sáruithe atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoina ndlí náisiúnta.

Faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEÁPC maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEÁPC faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

2.  Beidh feidhm ag na pionóis riaracháin agus na bearta eile a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo ar a laghad maidir leis na cásanna seo a leanas:

(a)  i gcás ina mbeidh clárúchán TPPU faighte ag gnóthas airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) trí ráitis bhréagacha nó mhíthreoracha a thabhairt nó ar aon mhodh neamhrialta eile de shárú ar Airteagail 6 agus 7;

(b)  i gcás ina ndéanfaidh gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) táirgí a bhfuil an t-ainmniú ‘Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpaigh’ nó ‘TPPU’ orthu a sholáthar nó a dháileadh faoi seach gan an clárúchán is gá a bheith acu;

(c)  i gcás nach mbeidh an tseirbhís iniomparthachta soláthartha ag soláthraí TPPUnna de shárú ar Airteagal 18 nó Airteagal 19 nach mbeidh an fhaisnéis faoin tseirbhís sin a cheanglaítear faoi Airteagal 20 agus Airteagal 21 soláthartha aige, nó nach mbeidh na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil IV, i gCaibidil V, in Airteagail 48 agus 50 agus i gCaibidil VII comhlíonta aige;

(d)  i gcás nach mbeidh a cúraimí maoirseachta faoi Airteagal 48 comhlíonta ag taisclann.

3.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil don chumhacht a bheith ag údaráis inniúla na pionóis riaracháin agus bearta eile seo a leanas ar a laghad a fhorchur i ndáil leis na cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo:

(a)  ráiteas poiblí, ina léireofar céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 69;

(b)  ordú ina gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;

(c)  toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an ghnóthais airgeadais, nó ar aon duine nádúrtha eile, a chinnfear a bheith freagrach, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnóthais den sórt sin;

(d)  i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin uasta de EUR 5 000 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

(e)  i gcás duine dlítheanach, féadfaidh na fíneálacha riaracháin uasta dá dtagraítear i bpointe (d) a bheith chomh hard le 10 % den láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas is déanaí a bheidh ar fáil agus a bheidh formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin; i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais é an duine dlítheanach ar gá dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24), is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha ná an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim chomhfhreagraigh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an mháthairghnóthais deiridh;

(f)  i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin airgid uasta de EUR 700 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

(g)  fíneálacha riaracháin uasta de suas le dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú, i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, fiú más rud é gur mó é sin ná na huasmhéideanna i bpointe (d), (e) nó (f) faoi seach.

4.  Aon chinneadh lena bhforchuirfear pionóis riaracháin nó bearta eile a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 agus i mír 3, beidh sé ▌réasúnaithe agus beidh sé faoi réir an chirt achomharc a dhéanamh os comhair binse.

5.  I bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoin gcéad fhomhír de mhír 1 agus faoi mhír 3, oibreoidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh na torthaí arna saothrú leis an Rialachán seo ag teacht as na pionóis riaracháin agus na bearta eile agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú chun dúbláil agus forluí féideartha a sheachaint, agus pionóis riaracháin agus bearta eile á gcur i bhfeidhm maidir le cásanna trasteorann.

Airteagal 68

Feidhmiú na cumhachta pionóis riaracháin agus bearta eile a fhorchur

1.  Feidhmeoidh údaráis inniúla na cumhachtaí i dtaca le pionóis riaracháin agus bearta eile dá dtagraítear in Airteagal 67 a fhorchur i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta:

(a)  go díreach;

(b)  i gcomhar le húdaráis eile;

(c)  trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

2.  Agus cineál agus leibhéal an phionóis riaracháin nó an bhirt eile a fhorchuirfear faoi Airteagal 67(3) á gcinneadh acu, déanfaidh údaráis inniúla na cúinsí ábhartha go léir a chur san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo a leanas:

(a)  ábharthacht, tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)  leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)  acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach, mar a léirítear go háirithe le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;

(d)  an tábhacht a bhaineann leis na brabúis a ghnóthaigh nó na caillteanais a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(e)  na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(f)  leibhéal comhair an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh leis na húdaráis inniúla, gan dochar don ghá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(g)  sáruithe roimhe sin ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach.

Airteagal 69

Pionóis riaracháin agus bearta eile a fhoilsiú

1.  Déanfaidh údaráis inniúla aon chinneadh lena bhforchuirfear pionós riaracháin nó beart eile as sárú ar an Rialachán seo a fhoilsiú gan aon mhoill mhíchuí ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla tar éis dóibh seolaí an phionóis riaracháin nó birt eile a chur ar an eolas maidir leis an gcinneadh sin.

2.  San fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 beidh faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáraithe agus faoi chéannacht na ndaoine atá freagrach agus faoi na pionóis riaracháin nó bearta eile arna bhforchur.

3.  I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil sé neamhréireach céannacht an duine, i gcás daoine dlítheanacha, nó céannacht agus sonraí pearsanta an duine, i gcás daoine nádúrtha, a fhoilsiú tar éis dó measúnú de réir an cháis a dhéanamh, nó i gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go gcuirfeadh an foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú reatha i mbaol, déanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe a leanas:

(a)  foilsiú an chinnidh lena bhforchuirfear an pionós riaracháin nó an beart eile a chur siar go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna atá ann gan é a fhoilsiú; nó

(b)  an cinneadh lena bhforchuirfear an pionós riaracháin nó an beart eile a fhoilsiú, agus céannacht agus sonraí pearsanta an tseolaí a fhágáil ar lár ar feadh tréimhse ama réasúnta, i gcás ina measfar go mbeidh deireadh leis na cúiseanna atá leis an bhfoilsiú gan ainm le linn na tréimhse sin agus ar choinníoll go n-áiritheofar le foilsiú gan ainm den sórt sin cosaint éifeachtach na sonraí pearsanta lena mbaineann; nó

(c)  gan an cinneadh maidir le pionós riaracháin nó beart eile a fhorchur a fhoilsiú, i gcás ina measfar nach leor na roghanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i)  nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

(ii)  go bhfuil foilsiú na gcinntí sin comhréireach a mhéid a bhaineann le bearta a meastar gur bearta miona ó thaobh a gcineáil iad.

4.  I gcás ina ndéanfar cinneadh pionós riaracháin nó beart eile a fhoilsiú ar bhonn gan ainm mar a thagraítear dó i mír 3(b), féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur ar atráth. I gcás ina mbeidh an cinneadh lena bhforchuirfear pionós riaracháin nó beart eile faoi réir achomharc os comhair na n-údarás breithiúnach ábhartha, déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, agus aon fhaisnéis a bheidh ann ina dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc sin, a chur gan mhoill ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Foilseofar freisin aon chinneadh breithiúnach lena gcuirfear ar neamhní cinneadh lena bhforchuirtear pionós riaracháin nó beart eile.

5.  Áiritheoidh údaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 go mír 4, ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann cúig bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bheidh san fhoilsiú a choinneáil ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

Airteagal 70

Dualgas faisnéis a thíolacadh do ÚEÁPC i dtaca le pionóis riaracháin agus bearta eile

1.  Cuirfidh údaráis inniúla ÚEÁPC ar an eolas faoi na pionóis riaracháin agus na bearta eile go léir a fhorchuirfear ach nach bhfoilseofar, i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 69(3), lena n-áirítear aon achomharc i ndáil leo sin agus an toradh a bheidh orthu.

2.  Déanfaidh údaráis inniúla, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán a thabhairt do ÚEÁPC maidir leis na pionóis riaracháin agus na bearta eile go léir a fhorchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 67.

Foilseoidh ÚEÁPC an fhaisnéis sin ina thuarascáil bhliantúil.

3.  I gcás ina mbeidh sé roghnaithe ag na Ballstáit, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 67(1), smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar an Rialachán seo, déanfaidh a n-údaráis inniúla sonraí a bheidh i ndíth ainm agus comhiomlánaithe a thabhairt do ÚEÁPC, ar bhonn bliantúil, maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a dtabharfar fúthu agus leis na smachtbhannaí coiriúla uile a fhorchuirfear. Déanfaidh ÚEÁPC sonraí i ndíth ainm maidir leis na smachtbhannaí coiriúla a fhorchuirfear a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.

4.  I gcás ina mbeidh pionós riaracháin, beart eile nó smachtbhanna coiriúil nochta don phobal ag na húdaráis inniúla, déanfaidh siad an pionós, beart nó smachtbhanna sin a thuairisciú ag an am céanna do ÚEÁPC.

CAIBIDIL XI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 71

Sonraí pearsanta a phróiseáil

A mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo, déanfaidh soláthraithe TPPUnna, dáileoirí TPPUnna agus údaráis inniúla a gcúraimí chun críche an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679, agus Treoir 2002/58/CE. A mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag ÚEÁPC faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh ÚEÁPC Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 72

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 40(9), 45(4) agus 65(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ceithre bliana ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 40(9), 45(4) agus 65(9) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 40(9), 45(4) agus 65(9), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 73

Meastóireacht agus tuairisciú

1.  Cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEÁPC agus leis na ÚMEnna eile i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

2.  ▌Sa tuarascáil, cumhdófar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)  feidhmiú an nós imeachta maidir le TPPUnna a chlárú i gcomhréir le Caibidil II;

(b)  inaistritheacht, go háirithe maidir leis na fochuntais a bheidh ar fáil do choigilteoirí TPPU agus an fhéidearthacht go leanfadh an coigilteoir de ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an bhfochuntas deireanach arna oscailt i gcomhréir le hAirteagal 20(3) agus (4);

(c)  comhpháirtíochtaí a fhorbairt;

(d)  feidhmiú na seirbhíse malartaithe agus leibhéal na dtáillí agus na muirear;

(e)  a mhéid a rachaidh an TPPU i bhfód ar an margadh agus an éifeacht a bheidh ag an Rialachán seo ar sholáthar pinsin ar fud na hEorpa, lena n-áirítear táirgí atá ann cheana a ionadú agus glacadh leis an TPPU Bunúsach;

(f)  an nós imeachta gearán;

(g)  comhtháthú thosca ESG i mbeartas infheistíochta TPPU;

(h)  leibhéal na dtáillí, na muirear agus na gcostas a iompraíonn coigilteoirí TPPU go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear measúnú ar chliseadh sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith ann;

(i)  comhlíonadh an Rialacháin seo agus na gcaighdeán a shocraítear leis an dlí earnálach is infheidhme ag soláthraithe TPPUnna;

(j)  cur i bhfeidhm teicnící éagsúla maolaithe riosca arna n-úsáid ag na soláthraithe TPPUnna;

(k)  TPPU a sholáthar faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus faoin tsaoirse bhunaíochta;

(l)  fiúntas a bheith ag baint le faisnéis a nochtadh do choigilteoirí TPPU ionchasacha faoi fheidhmíocht an táirge roimhe sin, ag cur san áireamh an fhaisnéis faoi na cásanna feidhmíochta a áireofar sa TPPU;

(m)  an chomhairle a thugtar do choigilteoirí TPPU a bheith leormhaith, go háirithe maidir le cineálacha féideartha eisíocaíochtaí.

Leis an measúnú dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír seo, cuirfear san áireamh cúiseanna gan fochuntais a oscailt i mBallstáit áirithe agus déanfar measúnú ar an dul chun cinn agus ar an iarracht atá déanta ag soláthraithe TPPUnna maidir le réitigh theicniúla a fhorbairt le haghaidh fochuntais a oscailt.

3.  Déanfaidh an Coimisiún painéal a chur ar bun leis na geallsealbhóirí ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus cur chun feidhme TPPUnna ar bhonn leanúnach. Áireofar ar an bpainéal sin ar a laghad ÚEÁPC, na húdaráis inniúla, ionadaithe tionscail agus ionadaithe tomhaltóirí agus saineolaithe neamhspleácha.

Is é ÚEÁPC an rúnaíocht a bheidh ag an bpainéal.

Airteagal 74

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo 12 mhí tar éis na gníomhartha tarmligthe arna mbeartú leis an Rialachán seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagail 28(5), 30(2), 33(3), 36(2), 37(2), 45(3) agus 46(3).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 81, 2.3.2018, lch.139.
(2)IO C 81, 2.3.2018, lch. 139.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019.
(4)IO C 11, 12.1.2018, lch. 24.
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(6) Treoir 2016/2016/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(7)Rialachán (CE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (OJ L 352, 9.12.2014, p. 1);
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(10) Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, Lch. 73).
(11)Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).
(13)Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comh-infheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(14) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(15)Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(16) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(17)Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(18) Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
(19) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(20)Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(21)Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(22)Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).
(23)Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(24)Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).


Cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí ***I
PDF 405kWORD 82k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (COM(2017)0253 – C8-0137/2017 – 2017/0085(COD))
P8_TA-PROV(2019)0348A8-0270/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0253),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), agus d’Airteagal 153(1)(i) and (2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0137/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Seanad na hÍsiltíre, Teach na nIonadaithe san Ísiltír, Diat na Polainne agus Seanad na Polainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 6 Nollaig 2017(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 30 Samhain 2017(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus do na tuairimí ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0270/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle

P8_TC1-COD(2017)0085


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d’Airteagal 153(2), i gcomhar le pointe (i) d’Airteagal 153(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Le pointe (i) d’Airteagal 153(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go bhfuil an tAontas le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát, i réimse an chomhionannais idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus cóir chomhionann ag an obair, agus na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú.

(2)  Is prionsabal bunúsach de chuid an Aontais é an comhionannas idir fir agus mná. Leis an dara fomhír d’Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), foráiltear go bhfuil an tAontas le comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn. Ar an gcaoi chéanna, le hAirteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), ceanglaítear go ndéanfar comhionannas idir fir agus mná a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá.

(3)  Le hAirteagal 33 den Chairt, foráiltear don cheart cosaint a fháil ar dhífhostú ar chúis atá bainteach le máithreachas agus an ceart chun saoire mháithreachais le pá agus chun saoire do thuismitheoir tar éis breithe nó uchtála linbh, chun comhréiteach a fháil idir saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil.

(4)  Tá Coinbhinsiún 2006 na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas daingnithe ag an Aontas. Dá bhrí sin, is dlúthchuid de dhlíchóras an Aontais é an Coinbhinsiún sin, agus ní mór gníomhartha an Aontais a léiriú, a mhéid is féidir, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gCoinbhinsiún. Foráiltear sa Choinbhinsiún, go háirithe in Airteagal 7(1), go bhfuil na páirtithe ann le gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh leanaí atá faoi mhíchumas in ann leas iomlán a bhaint as cearta uile an duine agus as saoirsí bunúsacha ar bhonn cothrom le leanaí eile.

(5)  Tá Coinbhinsiún 1989 na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh daingnithe ag na Ballstáit. Foráiltear le hAirteagal 18(1) den Choinbhinsiún go bhfuil comhfhreagrachtaí ag an mbeirt tuismitheoir maidir le tógáil agus forbairt an linbh agus gur cheart gurb é leas an linbh bunchúram na dtuismitheoirí.

(6)  Ba cheart go rannchuideodh beartais maidir le cothromaíocht oibre is saoil le comhionannas inscne a bhaint amach trí rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair a chur chun cinn, trí chomhroinnt chothrom freagrachtaí cúraim idir fir agus mná agus trí bhearnaí idir na hinscní maidir le tuilleamh agus pá a dhúnadh. Leis na beartais sin, ba cheart go ndéanfaí athruithe déimeagrafacha a chur san áireamh, lena n-áirítear na héifeachtaí a bhíonn ag daonra atá ag dul in aois.

(7)  I bhfianaise na ndúshlán a thagann as athrú déimeagrafach, mar aon leis an mbrú a bhíonn ar chaiteachas poiblí i roinnt Ballstát mar thoradh air sin, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar an ngá atá le cúram neamhfhoirmiúil.

(8)  Ar leibhéal an Aontais, i roinnt Treoracha i réimsí an chomhionannais inscne agus na ndálaí oibre, tá aghaidh á tabhairt cheana ar shaincheisteanna áirithe atá ábhartha maidir le cothromaíocht oibre is saoil, go háirithe Treoracha 2006/54/CE(6) agus 2010/41/AE(7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 92/85/CEE(8), 97/81/CE(9) agus 2010/18/AE ón gComhairle(10).

(9)   Déantar prionsabail an chomhionannais inscne agus na cothromaíochta oibre is saoil a athdhearbhú i Prionsabail 2 agus 9 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17 Samhain 2017.

(10)  Is dúshlán suntasach í fós an chothromaíocht oibre is saoil, áfach, do mhórán tuismitheoirí agus d'oibrithe a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, go háirithe mar gheall ar shealanna oibre níos faide a bheith ag éirí níos coitianta agus sceidealaithe oibre a bheith ag athrú, ar nithe iad a bhfuil drochthionchar acu ar fhostú na mban. Is toisc mhór a chuireann le heaspa ionadaíochta na mban sa mhargadh saothair í an deacracht a bhaineann le hoibleagáidí oibre agus oibleagáidí teaghlaigh a chothromú. Nuair a bhíonn leanaí acu, tá seans níos mó ann go mbíonn líon níos lú uaireanta an chloig á chaitheamh ag mná ag obair i bhfostaíocht íoctha agus níos mó ama á chaitheamh acu chun freagrachtaí cúraim neamhíoctha a chomhlíonadh. Léiríodh freisin go n-imrítear drochthionchar ar fhostaíocht na mban, agus uaidh sin go bhfágann roinnt ban an margadh saothar ar fad i gcásanna áirithe, nuair a bhíonn gaol atá breoite nó gaol cleithiúnach acu.

(11)  Le creat dlíthiúil reatha an Aontais cuirtear dreasachtaí teoranta ar fáil d’fhir chun sciar cothrom d’fhreagrachtaí cúraim a ghlacadh chucu féin. Toisc nach ann do shaoire atharthachta íoctha agus do shaoire íoctha do thuismitheoirí i roinnt Ballstát, cuirtear leis an líon íseal aithreacha a ghlacann saoire. Treisíonn an mhíchothromaíocht i gceapadh na mbeartas maidir le cothromaíocht oibre is saoil idir mná agus fir steiréitíopaí inscne agus na héagsúlachtaí idir na hinscní ó thaobh oibre agus cúraim de. Ar cheann de na cuspóirí ba cheart a bheith ann i mbeartais maidir le cóir chomhionann, tá aghaidh a thabhairt ar shaincheist na steiréitíopaí maidir leis na slite beatha agus na róil a bhíonn ag fir agus ag mná araon agus moltar do na comhpháirtithe sóisialta gníomhú i dtaca leis an ról ríthábhachtach atá acu a chomhlíonadh i ndáil le hoibrithe agus fostóirí araon a chur ar an eolas faoin tsaincheist agus a bhfeasacht a ardú maidir le dul i ngleic leis an idirdhealú. Thairis sin, tá sé léirithe go mbíonn dea-thionchar ag an úsáid a bhaineann aithreacha as socruithe maidir le cothromaíocht oibre is saoil, amhail saoire nó socruithe solúbtha oibre, maidir le laghdú a dhéanamh ar an méid coibhneasta d’obair theaghlaigh gan phá a dhéanann mná agus fágann sé níos mó ama dóibh d’fhostaíocht le pá.

(12)   Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh, maidir le glacadh comhionann idir fir agus mná le saoire a bhaineann leis an teaghlach, go mbraitheann sé ar bhearta iomchuí eile freisin, amhail soláthar seirbhísí cúraim leanaí agus cúraim fhadtéarmaigh atá inrochtana agus inacmhainne, ar seirbhísí iad atá ríthábhachtach le gur féidir le tuismitheoirí, agus daoine eile a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu dul isteach sa mhargadh saothar, fanacht ann nó filleadh air. Trí dheireadh a chur le dídhreasuithe eacnamaíocha, is féidir dara saothraithe, ar mná iad a dtromlach, a spreagadh le bheith rannpháirteach go hiomlán sa mhargadh saothair.

(13)  Chun tionchar na Treorach seo a mheasúnú, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint de bheith ag obair i gcomhar le chéile chun staitisticí inchomparáide a bheadh imdhealaithe ó thaobh inscne de a fhorbairt.

(14)  Tá an Coimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an mbainistíocht agus leis an lucht saothair i bpróiseas dhá chéim maidir le dúshláin a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil, i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE. Ní raibh aon chomhaontú ann i measc na gcomhpháirtithe sóisialta i dtaobh dul i mbun caibidlíochta maidir leis na hábhair sin, lena n-áirítear maidir le ▌saoire do thuismitheoirí. Tá sé tábhachtach, áfach, go ndéanfaí bearta sa réimse sin tríd an gcreat dlíthiúil reatha a nuachóiriú agus a oiriúnú, agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh, mar aon le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí a rinneadh chun tuairimí na ngeallsealbhóirí agus na saoránach a lorg.

(15)  Le Treoir 2010/18/AE, rialaítear saoire do thuismitheoirí trí chomhaontú réime arna thabhairt i gcrích ag na comhpháirtithe sóisialta a chur i bhfeidhm. Leis an Treoir seo, cuirtear leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2010/18/AE agus comhlánaítear iad trí na cearta atá ann cheana a neartú agus trí chearta nua a thabhairt isteach. Ba cheart Treoir 2010/18/AE a aisghairm agus an Treoir seo a chur ina hionad.

(16)  Leis an Treoir seo, leagtar síos na híoscheanglais a bhaineann le saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí, saoire cúramóirí agus socruithe solúbtha oibre d’oibrithe ar tuismitheoirí nó cúramóirí iad. Trí chomhréiteach idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh do na tuismitheoirí agus do na cúramóirí sin a éascú, ba cheart go rannchuideodh an Treoir seo le baint amach na spriocanna faoi na Conarthaí maidir le comhionannas idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair, cóir chomhionann ag an obair agus ardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn san Aontas.

(17)  Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na hoibrithe ar fad a bhfuil conarthaí fostaíochta nó caidreamh fostaíochta eile acu, lena n-áirítear conarthaí a bhaineann leis an bhfostaíocht nó leis an gcaidreamh fostaíochta atá ag oibrithe páirtaimseartha, ag oibrithe ar chonarthaí ar théarma seasta nó ag daoine a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu le gníomhaireacht oibrithe sealadacha, faoi mar a foráladh roimhe seo le Treoir 2010/18/AE. Agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) á chur san áireamh maidir leis na critéir chun stádas oibrí a chinneadh, is faoi na Ballstáit atá sé conarthaí fostaíochta agus caidreamh fostaíochta a shainiú.

(18)   Tá an inniúlacht ag na Ballstáit an teaghlach a shainiú, lena n-áirítear stádas pósta agus teaghlaigh, mar aon lena chinneadh cé hiad na daoine a mheasfar a bheith ina dtuismitheoir, ina máthair nó ina n-athair.

(19)  Chun comhroinnt níos cothromaí maidir le freagrachtaí cúraim a spreagadh idir mná agus fir, agus chun go bhféadfaí dáimh a chruthú go luath idir aithreacha agus leanaí, ba cheart go dtabharfaí isteach ceart chun saoire atharthachta d’aithreacha nó, i gcás ina n-aithnítear é sin faoin dlí náisiúnta agus a mhéid a aithnítear é, do dhara tuismitheoirí coibhéiseacha. Ba cheart an tsaoire atharthachta sin a thógáil thart ar thráth bhreith an linbh agus ba cheart go mbeadh sí nasctha go soiléir leis an mbreith chun críocha cúram a sholáthar. Tá na Ballstáit in ann saoire atharthachta a dheonú freisin i gcás marbh-bhreithe. Is faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh an gceadóidh siad cuid den tsaoire atharthachta a thógáil roimh bhreith an linbh nó an gceanglóidh siad í a thógáil ina hiomláine ina dhiaidh sin, an creat e ama ina mbeidh an tsaoire atharthachta le tógáil, agus an gceadóidh siad saoire atharthachta a thógáil ar bhonn páirtaimseartha, i dtréimhsí sealaíochta saoire agus oibre, amhail ar feadh roinnt laethanta as a chéile arna n-idirscaradh le tréimhsí oibre, nó ar bhealaí solúbtha eile, agus cad iad na coinníollacha faoina gceadóidís é sin. Féadfaidh na Ballstáit a shonrú an i laethanta oibre, i seachtainí nó in aonaid ama eile a léireofar saoire atharthachta, agus á chur san áireamh go bhfreagraíonn deich lá oibre do dhá sheachtain féilire. Chun na difríochtaí idir na Ballstáit a chur san áireamh, ba cheart an ceart chun saoire atharthachta a dheonú gan beann ar stádas pósta ná teaghlaigh, mar a shainítear leis an dlí náisiúnta.

(20)  Ós rud é nach mbaineann formhór na n-aithreacha leas as a gceart chun saoire do thuismitheoirí nó go n-aistríonn siad sciar suntasach dá dteidlíocht saoire chuig máithreacha, chun aithreacha a spreagadh le saoire do thuismitheoirí a thógáil, méadaítear leis an Treoir seo, ó mhí amháin go dhá mhí, íostréimhse na saoire do thuismitheoirí nach féidir a aistriú ó thuismitheoir amháin go tuismitheoir eile, fad a choinnítear ceart gach tuismitheora ceithre mhí ar a laghad de shaoire do thuismitheoirí a thógáil, dá bhforáiltear i dTreoir 2010/18/AE. Is é is cuspóir atá lena áirithiú go mbeidh ar a laghad dhá mhí de shaoire do thuismitheoirí ar fáil go heisiach do gach tuismitheoir agus nach féidir í a aistriú chuig an tuismitheoir eile, ná aithreacha a spreagadh le leas a bhaint as a gceart chun na saoire sin. Déantar leis sin freisin, athimeascadh máithreacha sa mhargadh saothair a chur chun cinn agus a éascú tar éis dóibh tréimhse mháithreachais agus saoire do thuismitheoirí a thógáil.

(21)  Ráthaítear íostréimhse ceithre mhí de shaoire do thuismitheoirí faoin Treoir seo le haghaidh oibrithe ar tuismitheoirí iad. Moltar do na Ballstáit an ceart chun saoire do thuismitheoirí a dheonú, do gach oibrí a fheidhmíonn freagrachtaí tuismitheora i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(22)  Ba cheart é a bheith ar chumas na mBallstát fad tréimhse an fhógra a shonrú, atá le tabhairt ag an oibrí don fhostóir nuair atá sé ag cur isteach ar shaoire do thuismitheoirí, agus a chinneadh an bhfuil an ceart chun saoire do thuismitheoirí faoi réir tréimhse seirbhíse áirithe. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar éagsúlacht na socruithe conarthacha, ba cheart suim na gconarthaí i ndiaidh a chéile ar théarma seasta leis an bhfostóir céanna a chur san áireamh chun an tréimhse seirbhíse sin a ríomh. Chun riachtanais na n-oibrithe agus na bhfostóirí a chothromú, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh freisin an ndéanfaidh siad a cheadú d’fhostóirí deonú na saoire do thuismitheoirí a chur siar faoi imthosca áirithe, faoi réir an cheanglais gur cheart do na fostóirí cúiseanna i scríbhinn a thabhairt maidir le cur siar den sórt sin.

(23)  Ós rud é go bhfuil seans níos fearr ann, de bharr na solúbthachta, go nglacfaidh gach tuismitheoir, go háirithe aithreacha, a dteidlíocht ar shaoire do thuismitheoirí, ba cheart oibrithe a bheith in ann a iarraidh go ndeonófaí saoire do thuismitheoirí ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha, i dtréimhsí sealaíochta saoire agus oibre, amhail ar feadh roinnt seachtainí as a chéile arna n-idirscaradh le tréimhsí oibre, nó ar bhealaí solúbtha eile. Ba cheart go mbeadh an fostóir in ann glacadh le hiarraidh den sórt sin ar shaoire do thuismitheoirí ar bhealaí nach saoire lánaimseartha iad, nó diúltú di. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a mheasúnú ar cheart na coinníollacha rochtana agus na socruithe mionsonraithe le haghaidh saoire do thuismitheoirí a oiriúnú do riachtanais shonracha na dtuismitheoirí atá i ndálaí míbhuntáisteacha faoi leith.

(24)   Ba cheart an tréimhse ar cheart d’oibrithe a bheith i dteideal saoire do thuismitheoirí a thógáil lena linn a nascadh le haois an linbh. Ba cheart an aois sin a shocrú sa chaoi go mbeidh an bheirt tuismitheoir in ann a dteidlíocht iomlán saoire do thuismitheoirí faoin Treoir seo a thógáil.

(25)  Chun filleadh ar an obair tar éis tréimhse saoire do thuismitheoirí a éascú, moltar d’oibrithe agus fostóirí teagmháil dheonach a choinneáil le chéile le linn na tréimhse saoire agus is féidir leo socruithe a dhéanamh le haghaidh aon bheart iomchuí chun athimeascadh san ionad oibre a éascú. Tá an teagmháil agus na socruithe sin le cinneadh idir na comhpháirtithe lena mbaineann, agus an dlí náisiúnta, comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó an cleachtas náisiúnta á gcur san áireamh. Ba cheart go gcuirfí oibrithe ar an eolas faoi phróisis ardaithe céime agus faoi fholúntais inmheánacha agus ba cheart go mbeidís in ann a bheith rannpháirteach sna próisis sin agus cur isteach ar na folúntais sin.

(26)   Léirítear i staidéir gur mó líon na n-aithreacha a ghlacann saoire do thuismitheoirí agus go mbíonn treocht dhearfach ann ó thaobh ráta fostaíochta na máithreacha de i mBallstáit a chuireann sciar suntasach den tsaoire do thuismitheoirí ar fáil d’aithreacha agus a íocann liúntas nó íocaíocht ar ráta athsholáthair measartha ard. Is iomchuí, dá bhrí sin, ligean do na córais sin leanúint den chleachtas sin ar choinníoll go gcomhlíonann siad critéir íosta áirithe, in ionad an íocaíocht nó an liúntas le haghaidh saoire atharthachta dá bhforáiltear sa Treoir seo a sholáthar.

(27)  Chun deiseanna níos fearr a thabhairt ar mhaithe le fanacht mar chuid den lucht saothair d’fhir agus mná, ba cheart an ceart chun cúig lá saoire cúramóirí in aghaidh na bliana a bheith ag gach oibrí. Féadfiadh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfaí an tsaoire sin a ghlacadh i dtréimhsí aon lae oibre nó níos mó in aghaidh an cháis. Chun córais náisiúnta éagsúla a chur san áireamh, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann saoire cúramóirí a leithdháileadh trí ar bhonn tréimhse seachas bliain, trí thagairt don duine a bhfuil cúram nó tacaíocht de dhíth air , nó in aghaidh an cháis. Táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú leanúnach ar na riachtanais chúraim, mar gheall ar phobal atá ag dul in aois agus, dá bhrí sin, mar gheall ar an méadú gaolmhar ar a fhorleithne atá na laguithe a bhaineann le haois. Ba cheart do na Ballstáit an méadú ar riachtanais chúraim a chur san áireamh agus a gcuid beartas á bhforbairt acu, lena n-áirítear maidir le saoire cúramóirí. Moltar do na Ballstáit leanúint den cheart chun saoire cúramóirí a chur ar fáil i dtaca le gaolta breise, amhail seantuismitheoirí agus siblíní. Is féidir leis na Ballstáit réamhdheimhniú liachta a éileamh ar an ngá atá le cúram nó tacaíocht shuntasach de bharr cúis liachta thromchúiseach.

(28)  Sa bhreis ar an gceart chun saoire cúramóirí dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart go gcoinneodh gach oibrí a cheart am saor a thógáil ón obair gan cearta fostaíochta atá faighte nó atá á bhfáil aige a chailleadh, ar bhonn force majeure i gcomhair cúiseanna teaghlaigh práinneacha agus gan choinne, amhail dá bhforáiltear i dTreoir 2010/18/AE, i gcomhréir leis na coinníollacha arna mbunú sna Ballstáit.

(29)  Chun dreasachtaí d’oibrithe ar tuismitheoirí iad ▌, agus d’fhir go háirithe, a mhéadú, chun tréimhsí saoire dá bhforáiltear sa Treoir seo a ghlacadh, ▌ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe liúntas leordhóthanach a bheith acu agus iad ar saoire.

(30)  Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit leibhéal a shocrú le haghaidh na híocaíochta nó an liúntais maidir le híostréimhse na saoire atharthachta ar leibhéal atá coibhéiseach ar a laghad le leibhéal an phá breoiteachta náisiúnta. Ós rud é go mbíonn cuspóirí comhchosúla á saothrú le cearta chun saoire atharthachta a dheonú agus le cearta chun saoire mháithreachais a dheonú, eadhon dáimh a chruthú idir an tuismitheoir agus an leanbh, moltar do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le híocaíocht nó liúntas le haghaidh saoire atharthachta arb ionann í nó é agus an íocaíocht nó an liúntas atá ar fáil do shaoire mháithreachais ar an leibhéal náisiúnta.

(31)  Ba cheart do na Ballstáit an íocaíocht nó an liúntas don íostréimhse neamh-inaistrithe de shaoire do thuismitheoirí a ráthaítear faoin Treoir seo a shocrú ar leibhéal leormhaith. Agus leibhéal na híocaíochta nó an liúntais a chuirtear ar fáil don íostréimhse neamh-inaistrithe de shaoire do thuismitheoirí á shocrú acu, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh gur minic a bhíonn caillteanas ioncaim don teaghlach mar thoradh ar shaoire do thuismitheoirí a ghlacadh agus nach mbíonn céadsaothraithe i dteaghlach in ann leas a bhaint as a gceart chun saoire do thuismitheoirí ach amháin má fhaigheann siad luach saothair leordhóthanach ina leith, d’fhonn caighdeán sásúil maireachtála a bheith acu.

(32)  Cé go bhfuil cead ag na Ballstáit a chinneadh an gcuirfidh siad íocaíocht nó liúntas do shaoirse cúramóirí ar fáil, moltar dóibh íocaíocht nó liúntas den sórt sin a thabhairt isteach chun glacadh éifeachtach an chirt ag cúramóirí a ráthú, go háirithe glacadh ag fir.

(33)  Ní dochar an Treoir seo do chomhordú na gcóras slándála sóisialta faoi Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004(11) agus (AE) Uimh. 1231/2010(12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 ón(13). Is leis na Rialacháin sin a chinntear an Ballstát is inniúil maidir le slándáil shóisialta oibrí.

(34)  Chun oibrithe ar tuismitheoirí agus cúramóirí iad a spreagadh le fanacht mar chuid den lucht saothair, ba cheart na hoibrithe sin a bheith in ann a sceidil oibre a chur in oiriúint dá riachtanais phearsanta agus dá dtosaíochtaí pearsanta. Chuige sin, agus aird á díriú ar riachtanais oibrithe, tá an ceart acu socruithe solúbtha oibre a iarraidh chun ▌ a bpatrúin oibre a athrú, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, trí úsáid a bhaint as socruithe maidir le hobair go cianda, sceidil sholúbtha oibre, nó laghdú ar uaireanta oibre, chun críocha cúram a sholáthar. ▌

(35)  Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na n-oibrithe agus na bhfostóirí araon, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann teorainn a chur le fad na socruithe solúbtha oibre, lena n-áirítear aon laghdú ar líon na n-uaireanta oibre nó aon socruithe maidir le hobair go cianda. Cé gur léiríodh go bhfuil obair pháirtaimseartha úsáideach chun gur féidir le roinnt ban fanacht sa mhargadh saothair tar éis dóibh leanaí a bheith acu nó ar mhaithe le haire a thabhairt do ghaolta a bhfuil riachtanais chúraim nó tacaíochta acu, is féidir ranníocaíochtaí slándála sóisialta níos ísle a bheith mar thoradh ar thréimhsí fada uaireanta oibre laghdaithe agus, dá bhrí sin, teidlíochtaí pinsin atá laghdaithe nó nach ann dóibh ar chor ar bith.

(36)  Agus iarrataí ar shocruithe solúbtha oibre á mbreithniú acu, ba cheart d’fhostóirí a chur san áireamh, inter alia, fad na socruithe solúbtha oibre arna n-iarraidh mar aon le hacmhainní na bhfostóirí agus a n-acmhainneacht oibríochtúil le haghaidh na socruithe sin a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh an fostóir in ann a chinneadh cé acu glacadh le hiarraidh ar shocruithe solúbtha ó oibrí nó diúltú di. D’fhéadfadh athrú teacht ar imthosca sonracha lena leagtar béim ar an ngá atá le socruithe oibre solúbtha. Dá bhrí sin, ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe, ní hamháin filleadh ar a mbunphatrúin oibre ag deireadh tréimhse a dhéanfaí a chomhaontú go frithpháirteach, ach freisin, ba cheart go mbeidís in ann a iarraidh déanamh amhlaidh roimhe sin i gcás inar gá ar bhonn athrú ar na bun-imthosca.

(37)  In ainneoin an cheanglais maidir lena mheasúnú ar cheart na coinníollacha le haghaidh rochtain a fháil ar shaoire do thuismitheoirí agus na socruithe mionsonraithe ina leith a oiriúnú do na riachtanais shonracha a bhíonn ag tuismitheoirí i gcásanna lena mbaineann míbhuntáiste ar leith, maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain a fháil ar an gceart chun saoire atharthachta, saoire cúramóirí agus socruithe solúbtha oibre, agus na socruithe mionsonraithe le haghaidh an ceart sin a fheidhmiú, moltar do na Ballstáit a mheasúnú ar cheart iad a oiriúnú do riachtanais ar leith, amhail na riachtanais a bhíonn ag tuismitheoirí aonair, tuismitheoirí uchtála, tuismitheoirí atá faoi mhíchumas, tuismitheoirí leanaí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil tinneas fadtéarmach orthu, nó tuismitheoirí atá in imthosca áirithe, amhail na himthosca sin a bhaineann le hilbhreitheanna agus breitheanna roimh am.

(38)  Tá sé mar aidhm ag socruithe saoire tacú le hoibrithe atá ina dtuismitheoirí agus ina gcúramóirí le linn tréimhse áirithe ama, agus nasc leanúnach na n-oibrithe leis an margadh saothair a choinneáil ar bun agus a chur chun cinn. Dá bhrí sin, is iomchuí go ndéanfaí foráil shainráite do chearta fostaíochta na n-oibrithe atá ag tógáil na cineálacha saoire a chumhdaítear leis an Treoir seo a chosaint. Go háirithe, tugtar cosaint leis an Treoir seo don cheart atá ag oibrithe filleadh ar an bpost céanna nó ar phost coibhéiseach tar éis dóibh an tsaoire sin a thógáil agus an ceart gan a bheith faoi réir aon aimhleasa i dtéarmaí agus coinníollacha a gconartha fostaíochta ná a gcaidrimh fostaíochta mar thoradh ar an tsaoire sin a thógáil. Ba cheart go gcoinneodh oibrithe a dteidlíocht i leith cearta ábhartha atá faighte acu cheana, nó atá á bhfáil acu faoi láthair, go dtí go mbeidh an tsaoire sin thart.

(39)  Amhail dá bhforáiltear i dTreoir 2010/18/AE, tá sé de cheangal ar na Ballstáit an stádas atá ag conradh fostaíochta nó ag caidreamh fostaíochta a shainiú do thréimhse na saoire do thuismitheoirí. De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, coinnítear an caidreamh fostaíochta idir an t-oibrí agus an fostóir le linn na tréimhse saoire agus, mar thoradh air sin, chun críocha dhlí an Aontais, le linn na tréimhse sin, is oibrí é tairbhí na saoire sin fós. Agus an stádas atá ag an gconradh fostaíochta nó ag caidreamh fostaíochta á shainiú le linn thréimhse na gcineálacha saoire a chumhdaítear leis an Treoir seo, lena n-áirítear maidir le teidlíocht i leith slándáil shóisialta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go gcoinnítear an caidreamh fostaíochta.

(40)  Ba cheart oibrithe a fheidhmíonn a gceart chun saoire a thógáil nó socruithe solúbtha oibre amhail dá bhforáiltear sa Treoir seo a iarraidh a chosaint ar idirdhealú nó ar aon chóir is lú fabhar ar an bhforas sin.

(41)  Ba cheart oibrithe a fheidhmíonn a gcearta saoire a thógáil nó socruithe solúbtha oibre a iarraidh amhail dá bhforáiltear sa Treoir seo a chosaint ar dhífhostú agus ar aon réamhbhearta maidir le dífhostú féideartha ar an bhforas go bhfuil iarraidh ar shaoire déanta acu, nó go bhfuil an tsaoire sin tógtha acu nó go bhfuil a gceart socruithe solúbtha oibre den chineál sin a iarraidh feidhmithe acu i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, lena n-áirítear a breithiúnas i gCás C-460/06(14). Oibrithe a mheasann gur dífhostaíodh iad ar bonn na cearta sin a bheith feidhmithe acu, ba cheart iad a bheith in ann a iarraidh ar an bhfostóir foras cuí-réasúnaithe an dífhostaithe a sholáthar. I gcás ina bhfuil iarratas ar shaoire atharthachta, ar shaoire do thuismitheoirí nó ar shaoire cúramóirí déanta ag oibrí nó go bhfuil sí tógtha aige nó aici, amhail dá dtagraítear sa Treoir seo, ba cheart don fhostóir foras an dífhostaithe a sholáthar i scríbhinn.

(42)  An dualgas a chruthú nach ndearnadh aon dífhostú ar na forais go raibh iarratas ar shaoire atharthachta, ar shaoire do thuismitheoirí nó ar shaoire cúramóirí déanta ag oibrithe nó go raibh sí tógtha acu, amhail dá dtagraítear sa Treoir seo ▌, ba cheart gur ar an bhfostóir a thitfeadh sé i gcás ina bhfuil fíricí ónar féidir toimhde a dhéanamh de go ndearnadh iad a dhífhostú ar fhorais den sórt sin suite ag oibrí os comhair cúirte nó údaráis inniúil eile.

(43)  Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i gcás ina sáraítear na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó na forálacha náisiúnta atá i bhfeidhm cheana ar dháta teacht i bhfeidhm na Teorach seo agus a bhaineann leis na cearta atá laistigh dá raon feidhme. Is féidir a áireamh sna pionóis sin pionóis riaracháin agus airgeadais, amhail fíneálacha nó cúiteamh a íoc, mar aon le cineálacha eile pionós.

(44)  Éilítear le cur chun feidhme éifeachtach phrionsabail na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna go mbeadh cosaint bhreithiúnach leormhaith ag oibrithe ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha a eascraíonn as gearán nó as imeachtaí a bhaineann leis na cearta faoin Treoir seo. D’fhéadfadh sé go dtabharfaí ar íospartaigh gan a gcearta a fheidhmiú mar gheall ar riosca frithbheartaíochta agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a chosaint ar aon chóir dhíobhálach nuair a fheidhmíonn siad a gcearta dá bhforáiltear sa Treoir seo. Tá cosaint den sórt sin ábhartha go háirithe maidir le hionadaithe na n-oibrithe atá i mbun fheidhmiú a bhfeidhmeanna.

(45)  D’fhonn leibhéal cosanta na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheabhsú tuilleadh, ba cheart go mbeadh comhlachtaí comhionannais náisiúnta inniúil maidir le saincheisteanna a bhaineann le hidirdhealú agus a thagann laistigh de raon feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear an cúram maidir le cúnamh neamhspleách a chur ar fáil d’íospartaigh an idirdhealaithe agus a ngearáin á ndéanamh acu.

(46)  Leis an Treoir seo, leagtar síos íoscheanglais, sa chaoi go dtugtar an rogha do na Ballstáit forálacha atá níos fabhraí d’oibrithe a thabhairt isteach nó a choinneáil. Ní hionann a cheadú do thuismitheoir níos mó ná dhá mhí as na ceithre mhí de shaoire do thuismitheoirí dá bhforáiltear sa Treoir seo a aistriú chuig an tuismitheoir eile agus foráil atá níos fabhraí don oibrí ná na forálacha íosta a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart go leanfadh na cearta atá faighte cheana féin ar dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo d’fheidhm a bheith acu mura ndéantar foráil d’fhorálacha níos fabhraí leis an Treoir seo. Níor cheart cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun na cearta atá i ndlí an Aontais cheana féin a laghdú ná níor cheart é a bheith mar fhoras bailí chun leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oibrithe sa réimse dá gcumhdaítear sa Treoir seo a laghdú.

(47)  Go háirithe, níor cheart aon ní sa Treoir seo a léiriú mar laghdú ar na cearta dá bhforáiltear i dTreoracha 2010/18/AE, 92/85/CEE agus 2006/54/CE, lena n-áirítear Airteagal 19 de Threoir 2006/54/CE.

(48)  D’fhéadfadh acmhainní teoranta airgeadais, teicniúla agus daonna a bheith ag micrifhiontair agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FMBanna) mar a shainítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún(15), fiontair arb ionann iad agus tromlach mór na bhfiontar san Aontas. Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh gan srianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar bhealach a bheadh ina dhídhreasacht maidir le cruthú agus forbairt FMBanna nó a bheadh ina ualach iomarcach ar fhostóirí. Dá bhrí sin, tugtar cuireadh do na Ballstáit measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an tionchar atá ag a mbearta cur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh cóir chomhionann ann do gach oibrí, nach mbeidh éifeacht dhíréireach ag na bearta ar FBManna, agus aird ar leith á díriú ar mhicrifhiontair, agus go ndeanfar aon ualach riaracháin gan ghá a sheachaint. Moltar do na Ballstáit dreasachtaí, treoir agus comhairle a chur ar fáil do FMBanna chun cabhrú leo a n-oibleagáidí de bhun na Treorach seo a chomhlíonadh.

(49)  Ba cheart aon chineál ama a thógtar saor ón obair agus a bhaineann leis an teaghlach, go háirithe saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire cúramóirí, atá ar fáil faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta a bheith san áireamh maidir le ceanglais de chineál amháin nó níos mó de na cineálacha saoire dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i dTreoir 92/85/CEE a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceanglais na dtreoracha sin agus nach ndéanfar an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar d’oibrithe sna réimsí a chumhdaítear leo a laghdú. Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, níl sé de cheangal ar na Ballstáit athainmniú ná athrú de shórt eile a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla saoire a bhaineann leis an teaghlach dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta agus a áirítear maidir le comhlíonadh na Treorach seo.

(50)  ▌Moltar do na Ballstáit, i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta, idirphlé sóisialta leis na comhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn d’fhonn réiteach a chothú idir an saol oibre agus an saol príobháideach, lena n-áirítear trí bhearta a chur chun cinn san áit oibre maidir le cothromaíocht oibre is saoil, córais deimhniúcháin dheonacha a bhunú, gairmoiliúint a sholáthar, feasacht a ardú, agus feachtais faisnéise a chur i gcrích. Sa bhreis air sin, moltar do na Ballstáit leanúint d’idirphlé a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus soláthraithe seirbhísí, chun beartais maidir le cothromaíocht oibre is saoil a chun cinn i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

(51)   Ba cheart a mholadh do na comhpháirtithe sóisialta córais deimhniúcháin dheonacha a chur chun cinn, ar córais iad lena ndéanfaí measúnú ar an gcothromaíocht oibre is saoil san áit oibre.

(52)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus maidir le cóir chomhionann ag an obair a áirithiú ar fud an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, leagtar síos na híoscheanglais atá ceaptha comhionannas a bhaint amach idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus maidir le cóir chomhionann ag an obair trí chomhréiteach idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh d’oibrithe ar tuismitheoirí, nó cúramóirí, iad, a éascú.

Chuige sin, déantar foráil leis an Treoir seo do chearta aonair a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)  saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire cúramóirí;

(b)  socruithe oibre solúbtha d’oibrithe ar tuismitheoirí, nó cúramóirí, iad ;

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le gach oibrí, fir agus mná, a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu, mar a shainítear leis an dlí, le chomhaontuithe comhchoiteanna nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.  Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe ▌ seo a leanas:

(a)  ciallaíonn ‘saoire atharthachta’ saoire ón obair d’aithreacha nó, i gcás ina n-aithnítear í faoin dlí náisiúnta agus a mhéid a aithnítear í, saoire do dhara tuismitheoirí coibhéiseacha, tráth bhreith linbh, chun críocha cúram a sholáthar;

(b)  ciallaíonn ‘saoire do thuismitheoirí’ saoire ón obair do thuismitheoirí ar na forais gur saolaíodh nó gur uchtaíodh leanbh chun aire a thabhairt don leanbh sin;

(c)   ciallaíonn ‘saoire cúramóirí’ saoire ón obair d'oibrithe chun aire nó tacaíocht phearsanta a thabhairt do ghaol, nó do dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa teaghlach céanna leis an oibrí, agus a bhfuil cúram nó tacaíocht shuntasach de dhíth air nó uirthi mar gheall ar chúis thromchúiseach liachta, mar a shainíonn gach Ballstát é;

(d)  ciallaíonn ‘cúramóir’oibrí a thugann cúram nó tacaíocht phearsanta do ghaol, nó do dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa teaghlach céanna leis an oibrí, agus a bhfuil cúram nó tacaíocht shuntasach de dhíth air nó uirthi mar gheall ar chúis thromchúiseach liachta, mar a shainíonn gach Ballstát é;

(e)  ciallaíonn ‘gaol’ mac, iníon, máthair, athair nó céile oibrí nó, i gcás ina n-aithnítear comhpháirtíochtaí den sórt sin faoin dlí náisiúnta, páirtí, oibrí i bpáirtnéireacht shibhialta;

(f)  ciallaíonn ‘socruithe solúbtha oibre’ an fhéidearthacht a bheith ag oibrithe a bpatrúin oibre a athrú, lena n-áirítear trí úsáid socruithe maidir le hobair go cianda, sceidil sholúbtha oibre, nó uaireanta oibre laghdaithe.

2.  An tagairt do na laethanta oibre in Airteagail 4 agus 6, tuigfear go dtagraíonn sé don phatrún oibre lánaimseartha, mar a shainítear é sa Bhallstát atá i gceist.

Féadfar teidlíocht oibrí i leith saoire a ríomh go comhréireach le ham oibre an oibrí, i gcomhréir leis an bpatrún oibre atá sonraithe i gconradh fostaíochta an oibrí nó i gcaidreamh fostaíochta an oibrí.

Airteagal 4

Saoire atharthachta

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil an ceart ag athaireacha nó, i gcás ina n-aithnítear iad faoin dlí náisiúnta agus a mhéid a aithnítear iad, ag dara tuismitheoirí coibhéiseacha, chun ▌ saoire atharthachta ▌ 10 lá oibre atá le tógáíl tráth a shaolófar leanbh an oibrí. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cé acu an gceadóidh siad saoire atharthachta a thógáil go páirteach roimh bhreith an linbh nó nach gceadóidh siad é sin ach i ndiaidh na breithe, agus an gceadóidh siad an tsaoire sin a thógáil ar bhealaí solúbtha.

2.  Ní dhéanfar an ceart chun saoire atharthachta a chur faoi réir ceanglas cáiliúcháin maidir le tréimshí oibre ná faoi réir ceanglas cáiliúcháin maidir le fad seirbhíse..

3.  Deonófar an ceart chun saoire atharthachta gan beann ar stádas pósta nó teaghlaigh an oibrí, mar a shainítear é leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 5

Saoire do thuismitheoirí

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh ceart ar leith ag gach oibrí chun saoire do thuismitheoirí cheithre mhí ar a laghad, a bheidh le tógáil sula mbainfidh an leanbh aois sonraithe amach, suas le hocht mbliana d’aois, ar aois atá le sonrú ag gach Ballstát nó le comhaontú comhchoiteann. Cinnfear an aois sin d’fhonn a áirithiú go mbeidh gach tuismitheoir in ann a cheart nó a ceart chun saoire do thuismitheoirí a fheidhmiú go héifeachtach agus ar bhonn comhionann.

2.  Déanfaidh ▌na Ballstáit ▌a áirithiú nach féidir dhá mhí de shaoire do thuismitheoirí a aistriú.

3.  Bunóidh na Ballstáit tréimhse réasúnta fógra a bheidh le tabhairt ag oibrithe d’fhostóirí i gcás ina ndéanfaidh siad a gceart chun saoire do thuismitheoirí á fheidhmiú. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh na Ballstáit riachtanais na bhfostóirí agus na n-oibrithe araon san áireamh.

Áiritheoidh na Ballstáit go sonrófar tús agus deireadh beartaithe na tréimhse saoire in iarraidh an oibrí ar shaoire do thuismitheoirí.

4.  Féadfaidh na Ballstáit an ceart chun saoire do thuismitheoirí a chur faoi réir tréimhsí cáiliúchán oibre faoi réir ceanglas cáiliúchán fad seirbhíse, nach faide ná bliain amháin. I gcás conarthaí ar théarma seasta i ndiaidh a chéile, de réir bhrí Threoir 1999/70/CE ón gComhairle(16), leis an bhfostóir céanna, cuirfear suim na gconarthaí sin san áireamh chun an tréimhse cháilithe a ríomh.

5.  Féadfaidh na Ballstáit na himthosca a bhunú inar féidir le fostóir, tar éis dó comhairliúchán a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, deonú saoire do thuismitheoirí a chur siar go ceann tréimhse réasúnach ama ar an fhorais go gcuirfeadh sé as go mór d’fheidhmiú cuí an fhostóra dá dtógfaí an tsaoire do thuismitheoirí ag an am a iarradh. Tabharfaidh fostóirí cúiseanna i scríbhinn le saoire do thuismitheoirí a chur siar.

6.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag oibrithe a iarraidh saoire do thuismitheoirí a thógáil ar bhealaí solúbtha. Féadfaidh na Ballstáit na modúlachtaí dá chur i bhfeidhm a shonrú maidir leis an méid sin. Breithneoidh an fostóirí na hiarrataí sin agus tabharfaidh sé nó sí freagra orthu, agus riachtanais an fhostóra agus an oibrí araon á gcur san áireamh aige nó aici. Tabharfaidh an fostóir cúiseanna i scríbhinn le haon diúltú géilleadh d'iarraidh den chineál sin, laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis na hiarrata.

7.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, agus iarrataí ar shaoire tuismitheoirí lánaimseartha á mbreithniú acu, go ndéanfaidh fostóirí, sular ndéanfar aon chur siar i gcomhréir le mír 5, bealaí solúbtha chun saoire do thuismitheoirí a thógáil de bhun mhír 6 a thairiscint, a mhéid is féidir,.

8.  Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an ngá atá le coinníollacha rochtana ar shaoire do thuismitheoirí agus leis na socruithe mionsonraithe le saoire do thuismitheoirí a chur i bhfeidhm a oiriúnú do na riachtanais atá ag tuismitheoirí uchtála, tuismitheoirí atá faoi mhíchumas agus tuismitheoirí a bhfuil leanaí atá faoi mhíchumas acu nó a bhfuil breoiteacht fhadtréimhseach orthu.

Airteagal 6

Saoire cúramóirí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag gach oibrí saoire cúramóirí cúig lá oibre ▌ a thógáil in aghaidh na bliana. Féadfaidh na Ballstáit mionsonraí breise a chinneadh maidir le raon feidhme agus coinníollacha na saoire cúramóirí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta. D’fhéadfadh sé go mbeadh úsáid an chirt sin faoi réir bunús cuí a thabhairt, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

2.  Féadfaidh na Ballstáit saoire cúramóirí a leithdháileadh ar bhonn tréimhse thagartha nach bliain í, in aghaidh an duine a bhfuil cúram de dhíth air nó uirthi nó in aghaidh an cháis.

Airteagal 7

Am saor ón obair ar fhorais force majeure

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil an ceart ag gach oibrí am saor a thógáil ón obair ar fhorais force majeure i gcomhair cúiseanna práinneacha teaghlaigh i gcás breoiteachta nó tionóisce lena ndéantar freastal láithreach an oibrí bunriachtanach. Féadfaidh na Ballstáit teorainn tréimhse áirithe ama in aghaidh na bliana nó in aghaidh an cháis, nó iad araon, a chur leis an gceart atá ag gach oibrí am a thógáil saor ón obair ar fhorais force majeure.

Airteagal 8

Íocaíocht nó liúntas

1.  I gcomhréir leis na himthosca náisiúnta, amhail an dlí náisiúnta, comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó an cleachtas náisiúnta, agus na cumhachtaí arna dtarmligean chuig na comhpháirtithe sóisialta á gcur san áireamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh oibrithe a fheidhmíonn a gceart chun saoire dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) nó in Airteagal 5(2) íocaíocht nó liúntas i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

2.  Maidir le saoire atharthachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(1), ráthófar leis an íocaíocht nó an liúntas sin ioncam atá coibhéiseach ar a laghad leis an ioncam a gheobhadh an t-oibrí i dtrácht i gcás ina mbeadh briseadh i ngníomhaíochtaí an oibrí ar fhorais a bhaineann le staid sláinte an oibrí, faoi réir aon uasteorainn a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit an ceart chun íocaíochta nó liúntais a thabhairt faoi réir tréimhsí fostaíochta roimhe sin, ar tréimhsí iad nach faide ná sé mhí díreach roimh dáta a bhfuiltear ag súil le breith an linbh.

3.  Maidir le saoire do thuismitheoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(2), is é an Ballstát nó na comhpháirtithe sóisialta a shaineoidh an íocaíocht nó an liúntas sin agus socrófar iad sa chaoi go ndéanfar tógáil na saoire do thuismitheoirí ag an mbeirt tuismitheoir a éascú.

Airteagal 9

Socruithe solúbtha oibre

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart socruithe solúbtha oibre chun críocha cúraim a iarraidh ag oibrithe, ag a bhfuil leanaí suas go dtí aois shonraithe, arb é ocht mbliana ar a laghad an aois sin, agus ag cúramóirí. Féadfar fad na socruithe solúbtha oibre sin a chur faoi réir teorainn réasúnta.

2.  Breithneoidh fostóirí iarrataí maidir le socruithe solúbtha oibre amhail dá dtagraítear i mír 1, agus tabharfaidh siad freagra orthu, laistigh de thréimhse réasúnta ama, agus riachtanais an fhostóra agus an-oibrí ar aon á gcur san áireamh acu. Tabharfaidh fostóirí cúiseanna le haon diúltú ar iarraidh den sórt sin nó le cur siar aon socruithe den sórt sin.

3.  Nuair atá teorainn le fad na socruithe solúbtha oibre amhail dá dtagraítear i mír 1, beidh an ceart ag an oibrí filleadh ar an mbunphatrún oibre ag deireadh na tréimhse comhaontaithe. Beidh an ceart ag an oibrí ▌freisin a iarraidh go bhfillfeadh sé nó sí ar an mbunphatrún oibre roimh dheireadh na tréimhse comhaontaithe i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an méid sin mar thoradh ar athrú ar imthosca. Breithneoidh an fostóir iarraidh maidir le filleadh luath ar an mbunphatrún oibre agus tabharfaidh sé nó sí freagra air nó uirthi, agus riachtanais an fhostóra agus an oibrí araon á gcur san áireamh aige nó aici.

4.  Féadfaidh na Ballstáit an ceart chun socruithe solúbtha oibre a chur faoi réir tréimhse cáiliúchán oibre nó faoi réir cáiliúchán faid seirbhíse, nach faide ná sé mhí. I gcás conarthaí ar théarma seasta i ndiaidh a chéile de réir bhrí Threoir 1999/70/CE leis an bhfostóir céanna, cuirfear suim na gconarthaí sin san áireamh chun an tréimhse cháilithe a ríomh.

Airteagal 10

Cearta fostaíochta

1.  Coinneofar cearta atá faighte ag oibrithe, nó atá á bhfáil acu ar an dáta a thosóidh an tsaoire dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 6 nó am saor ón obair dá bhforáiltear in Airteagal 7 go dtí deireadh na saoire sin nó go dtí deireadh an ama shaoir sin ón obair. Ag deireadh na saoire sin nó an ama shaoir sin ón obair, beidh feidhm ag na cearta sin, lena n-áirítear aon athruithe a eascraíonn ón dlí náisiúnta, ó chomhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó ón gcleachtas náisiúnta.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oibrithe i dteideal, ag deireadh na saoire dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 agus 6, filleadh ar a jabanna nó ar jabanna coibhéiseacha lena mbaineann téarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar iad dóibh, agus go mbeidh siad i dteideal tairbhe a bhaint as aon fheabhas ar choinníollacha oibre a mbeidís ina dteideal mura mbeadh an tsaoire tógtha acu.

3.  Saineoidh na Ballstáit an stádas atá ag an gconradh fostaíochta nó ag an gcaidreamh fostaíochta don tréimhse saoire dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 agus 6, nó don am saor ón obair dá bhforáiltear in Airteagal 7, lena n-áirítear maidir le teidlíochtaí i leith na slándála sóisialta, lena n-áirítear ranníocaíochtaí pinsin, agus iad ag áirithiú go gcoinnítear an caidreamh fostaíochta le linn na tréimhse sin.

Airteagal 11

Idirdhealú

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cosc a chur ar chóir is lú fabhar d’oibrithe ar an bhforas go ndearna siad iarraidh ar shaoire, nó gur thóg siad saoire, dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 agus 6 nó am saor ón obair dá bhforáiltear in Airteagal 7, nó ar an bhforas gur fheidhmigh siad na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 9.

Airteagal 12

Cosaint ar dhífhostú agus dualgas cruthúnais

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cosc a chur ar dhífhostú oibrithe agus gach ullmhú chun oibrithe a dhífhostú, ar an bhforas go ndearna siad iarraidh ar shaoire, nó gur thóg siad saoire, amhail dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 agus 6, nó gur fheidhmigh siad an ceart socruithe solúbtha oibre a iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 9.

2.  Oibrithe a mheasfaidh gur dífhostaíodh iad ar an bhforas go ndearna siad iarraidh ar shaoire, nó gur thóg siad, saoire dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 agus 6, nó gur fheidhmigh siad an ceart dá bhforáiltear in Airteagal 9, féadfaidh siad iarraidh ar an bhfostóir cúiseanna cuí-réasúnaithe dá ndífhostú a sholáthar. Maidir le dífhostú oibrí a bhfuil iarraidh ar shaoire dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 nó 7 déanta aige nó aici nó a bhfuil saoireden sort sin tógtha aige nó aici, déanfaidh an fostóir cúiseanna leis an dífhostú a sholáthar i scríbhinn.

3.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina ndéanfaidh oibrithe a mheasfaidh gur dífhostaíodh iad ar na forais go bhfuil iarraidh ar shaoire dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 nó 6 déanta acu, nó a bhfuil saoire den sort sin tógtha acu, a shuí os comhair cúirte nó údarás inniúil eile, fíorais as ar féidir a thoimhdiú go bhfuil siad dífhostaithe ar fhorais den sórt sin, gur ar an bhfostóir a bheidh sé a chruthú go raibh an dífhostú bunaithe ar fhorais eile.

4.  Ní chuirfidh mír 3 cosc ar na Ballstáit rialacha fianaise a thabhairt isteach atá níos fabhraí d’oibrithe.

5.  Ní bheidh ceanglas ar na Ballstáit mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le himeachtaí ina bhfuil sé faoin gcúirt nó faoin gcomhlacht inniúil fíorais an cháis a imscrúdú.

6.  Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le himeachtaí coiriúla, mura bhforáiltear a mhalairt sna Ballstáit.

Airteagal 13

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na bpionós is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, nó na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana maidir leis na cearta atá laistigh de raon feidhme na Treorach seo, agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. ▌

Airteagal 14

Cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

Tabharfaidh na Ballstáit na bearta is gá isteach chun oibrithe a chosaint, lena n-áirítear oibrithe ar ionadaithe fostaithe iad, ar aon chóir dhíobhálach a dhéanann fostóir nó ar iarmhairtí díobhálacha mar thoradh ar ghearán a taisceadh den ghnóthas nó ar aon imeachtaí dlíthiúla chun críche comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Treoir seo a fhorfheidhmiú.

Airteagal 15

Comhlachtaí comhionannais

Gan dochar d’inniúlacht cigireachtaí saothair nó comhlachtaí eile a dhéanann cearta na n-oibrithe a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis an chomhlacht nó na comhlachtaí arna ainmniú nó arna n-ainmniú de bhun Airteagal 20 de Threoir 2006/54/CE chun cóir chomhionann do gach duine a chur chun cinn, chun anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus chun tacú léi, gan idirdhealú ar bhonn inscne, ▌go mbeidh an chomhlacht nó na comhlachtaí sin inniúil i dtaca leis na saincheisteanna a bhaineann leis an idirdhealú agus a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

Airteagal 16

Leibhéal na cosanta

1.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil atá níos fabhraí ó thaobh na n-oibrithe de ná na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo. ▌

2.  Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo ina fhorais chun údar cuí a thabhairt le laghdú a dhéanamh ar leibhéal ginearálta cosanta na n-oibrithe sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo. An toirmeasc ar laghdú den sórt sin ar leibhéal na cosanta, ní dochar é do cheart na mBallstát agus na gcomhpháirtithe sóisialta a leagan síos, i bhfianaise imthosca atá ag athrú, socruithe reachtacha, rialála nó conarthacha seachas iad sin a bheidh i bhfeidhm an ... [dáta teacht i bhfeidhm na Treorach seo], ar choinníoll go gcomhlíonfar na híoscheanglais a leagtar síos sa Treoir seo.

Airteagal 17

Faisnéis a leathadh

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo, mar aon leis na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana agus a bhaineann leis an ábhar amhail a leagtar amach iad in Airteagal 1, a thabhairt ar aird d’oibrithe agus d’fhostóirí, lena n-áirítear fostóirí ar FBManna iad, ar gach bealach iomchuí ar fud a gcríche.

Airteagal 18

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.  Faoin ... [ocht mbliana tar éis dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fad a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo a chur in iúl don Choimisiún, ar faisnéis í atá riachtanach don Choimisiún chun tuarascáil a tharraingt suas. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí comhiomlánaithe a bheidh ar fáil maidir le tógáil cineálacha éagsúla saoire agus socruithe oibre solúbtha ag fir agus mná de bhun na Treorach seo, chun go mbeifear in ann faireachán agus measúnú ceart a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo, go háirithe maidir le comhionannas inscne.

2.  Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí.

Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis an tuarascáil freisin:

(a)  staidéar ar an idirghníomhaíocht idir na cineálacha éagsúla saoire dá bhforáiltear sa Treoir seo chomh maith le cineálacha eile saoire a bhaineann leis an teaghlach, amhail saoire uchtála; agus

(b)  staidéar ar na cearta chun saoire a bhaineann le teaghlach a dheonaítear do dhaoine féinfhostaithe.

Airteagal 19

Aisghairm

1.  Aisghairtear Treoir 2010/18/AE le héifeacht ón … [trí bliana tar éis dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Is mar thagairtí don Treoir seo, a léifear i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach san Iarscríbhinn, a dhéanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú.

2.  In ainneoin aisghairm Threoir 2010/18/AE de bhun mhir 1, féadfar aon tréimhse nó aon tréimhsí carnacha ar leithligh saoire do thuismitheoirí arna dtógáil nó arna n-aistriú ag oibrí de bhun na Treorach sin roimh an … [trí bliana tar éis dháta teacht i bhfeidhm na Treorach] a aisbhaint de theidlíocht an oibrí sin i leith saoire do thuismitheoirí faoi Airteagal 5 den Treoir seo.

Airteagal 20

Trasuí

1.  Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin... [trí bliana tar éis dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

2.  In ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, i gcás na híocaíochta nó an liúntais a chomhfhreagraíonn don dá sheachtain dheireanacha de shaoire do thuismitheoirí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 8(3), déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin ... [cúig bliana tar éis dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

3.  Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos na modhanna ina ndéanfar tagairtí den sórt sin.

4.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

5.  Déanfar na rialacha agus na modúlachtaí mionsonraithe le haghaidh an Treoir seo a chur i bhfeidhm a bhunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, fad a dhéantar íoscheanglais agus cuspóirí na Treorach seo a urramú.

6.  Chun críocha Airteagail 4, 5, 6 agus 8 den Treoir seo agus Treoir 92/85/CEE a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a chur san áireamh freisin aon tréimhse liúntais, agus aon íocaíocht liúntais maidir le ham saor ón obair a bhaineann leis an teaghlach, go háirithe saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire cúramóirí, atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus atá os cionn na n-íoschaighdeán dá bhforáiltear sa Treoir seo nó i dTreoir 92/85/CEE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na híoscheanglais agus nach ndéanfar an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar d’oibrithe sna réimsí a chumhdaítear leis na Treoracha a laghdú.

7.  I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit íocaíocht nó liúntas is ionann agus 65 % ar a laghad de ghlanphá an oibrí, a d’fhéadfadh a bheith faoi réir uasteorann, a áirithiú, ar feadh sé mhí ar a laghad de shaoire do thuismitheoirí do gach tuismitheoir, féadfaidh siad a chinneadh an córas sin a choinneáil ar bun seachas foráil a dhéanamh don íocaíocht nó don liúntas dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

8.  Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcás ina ndéanfaidh na comhpháirtithe sóisialta a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfar amhlaidh, ar choinníoll go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 22

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

Treoir 2010/18/AE ón gComhairle an 8 Márta 2010 lena ndéantar an Comhaontú Réime athbhreithnithe um shaoire do thuismitheoirí a thug BUSINESSEUROPE, UEAPME, CEEP agus CEC chun críche a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Treoir 96/34/CE (IO L 68, 18.03.2010, lch. 13)

An Treoir seo

Clásal 1(1)

Airteagal 1

Clásal 1(2)

Airteagal 2

Clásal 1(3)

Airteagal 2

Clásal 2(1)

Airteagal 5(1)

Clásal 2(2)

Airteagal 5(1) agus (2)

Clásal 3(1)(a)

Airteagal 5(6)

Clásal 3(1)(b)

Airteagal 5(4)

Clásal 3(1)(c)

Airteagal 5(5)

Clásal 3(1)(d)

---

Clásal 3(2)

Airteagal 5(3)

Clásal 3(3)

Airteagal 5(8)

Clásal 4(1)

Airteagal 5(8)

Clásal 5(1)

Airteagal 10(2)

Clásal 5(2)

Airteagal 10(1)

Clásal 5(3)

Airteagal 10(3)

Clásal 5(4)

Airteagal 11

Clásal 5(5) an chéad fhomhír

Airteagal 10(3)

Clásal 5(5) an dara fomhír

Airteagal 8(3)

Clásal 6(1)

Airteagal 9

Clásal 6(2)

Aithris 25---

Clásal 7(1)

Airteagal 7

Clásal 7(2)

Airteagal 7

Clásal 8(1)

Airteagal 16(1)

Clásal 8(2)

Airteagal 16(2)

Clásal 8(3)

---

Clásal 8(4)

---

Clásal 8(5)

---

Clásal 8(6)

---

Clásal 8(7)

---

(1) IO C 129, 11.4.2018, lch.44.
(2) IO C 164, 8.5.2018, lch. 62.
(3)IO C 129, 11.4.2018, lch. 44.
(4)IO C 164, 8.5.2018, lch. 62.
(5) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019.
(6)Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal na gcomhdheiseanna agus an chaithimh chomhionainn le fir agus le mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (athmhúnlú) (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).
(7)Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).
(8)Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe a spreagadh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe torracha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16 (1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 348, 28.11.1992, lch. 1).
(9)Treoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha a thug UNICE, CEEP agus an ETUC chun críche - Iarscríbhinn: Comhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha (IO L 14, 20.1.1988, lch. 9).
(10)Treoir 2010/18/AE ón gComhairle an 8 Márta 2010 lena ndéantar an Comhaontú Réime athbhreithnithe um shaoire do thuismitheoirí a thug BUSINESSEUROPE, UEAPME, CEEP agus CEC chun críche a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Treoir 96/34/CE (IO L 68, 18.3.2010, lch. 13).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leathnaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar fhoras a náisiúntachta amháin (IO L 344, 29.12.2010, lch. 1).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2003 lena leathnaítear forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 do náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil cumhdaithe cheana leis na forálacha sin ar fhorais a náisiúntachta amháin (IO L 124, 20.5.2003, lch. 1).
(14) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 11 Deireadh Fómhair 2007, Nadine Paquay v Société d’architectes Hoet + Minne SPRL, C-460/06, ECLI:EU:C:2007:601.
(15) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.03, lch. 36).
(16)Treoir 1999/70/CE ón gComhairle, an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gcomhaontú réime maidir le hobair théarma shocraithe a thug ETUC, UNICE agus CEEP chun críche (IO L 175, 10.7.1999, lch.43).


Buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit ***I
PDF 214kWORD 64k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit (COM(2018)0324 – C8-0178/2018 – 2018/0136(COD))
P8_TA(2019)0349A8-0469/2018

Tá an téacs seo á phróiseáil i gcónaí lena fhoilsiú i do theanga. Tá fáil ar an leagan PDF nó Word ach cliceáil ar an deilbhín thuas ar dheis.


Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) ***I
PDF 405kWORD 161k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) (COM(2018)0382 – C8-0232/2018 – 2018/0206(COD))
P8_TA(2019)0350A8-0461/2018

Tá an téacs seo á phróiseáil i gcónaí lena fhoilsiú i do theanga. Tá fáil ar an leagan PDF nó Word ach cliceáil ar an deilbhín thuas ar dheis.


Ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil ***I
PDF 152kWORD 55k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil (athmhúnlú) (COM(2018)0341 – C8-0215/2018 – 2018/0187(COD))
P8_TA-PROV(2019)0351A8-0010/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0341),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0215/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1).

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(2),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 18 Nollaig ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 104 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0010/2019),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathruithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar an togra ón gCoimisiún agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil (athmhúnlú)

P8_TC1-COD(2018)0187


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 (1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Chinneadh Uimh. 1152/2003/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5). Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Cinneadh sin a athmhúnlú.

(2)  Le Treoir (AE) 2019/… ón gComhairle(6)(7), foráiltear go mbeidh doiciméad arna líonadh ag an gcoinsíneoir a bheith ag gabháil le hearraí atá á mbogadh idir críocha na mBallstát faoi shocruithe fionraí dleachtanna máil.

(3)  Le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún(8), leagtar síos struchtúr agus inneachar an doiciméid tionlacain dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2019/…(9) agus an nós imeachta lena úsáid.

(4)  Chun seiceálacha a fheabhsú agus chun simpliú a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí máil laistigh den Aontas, bunaíodh córas ríomhairithe de bhun Chinneadh Uimh. 1152/2003/CE.

(5)  Is gá tuilleadh cothabhála agus forbartha a dhéanamh ar an gcóras ríomhairithe lena ndéantar faireachán ar ghluaiseacht earraí máil chun go mbeadh na Ballstáit in ann faisnéis fíor-ama a fháil faoi gluaiseachtaí den sórt sin agus na seiceálacha riachtanacha a dhéanamh de láimh agus go huathoibríoch, lena n‑áirítear seiceálacha le linn gluaiseachtaí earraí máil de réir bhrí Chaibidlí  IV agus V de Threoir (AE) 2019/… (10) agus Chaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle(11).

(6)  De thoradh mhodhnú, leathnú agus oibriú an chórais ríomhairithe ba cheart go gceadófar gluaiseacht earraí máil laistigh den Aontas a bhfuil na dleachtanna ina leith ar fionraí chomh maith le gluaiseacht earraí máil a scaoileadh cheana féin lena dtomhailt ar chríoch Ballstáit amháin agus a bhogtar go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh chun críocha tráchtála.

(7)  Tríd an gcóras ríomhairithe a mhodhnú agus a leathnú, cuirtear feabhas ar ghnéithe an mhargaidh inmheánaigh de ghluaiseacht earraí máil. Aon ghnéithe fioscacha a bhaineann le gluaiseacht earraí máil, ba cheart aghaidh a thabhairt orthu trí leasú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2019/…+ nó ar Rialachán (AE) Uimh. 389/2012. Ní dochar an Cinneadh seo do bhunús dlí aon leasuithe a dhéanfar amach anseo ar Threoir …/CE+ nó ar Rialachán (AE) Uimh. 389/2012.

(8)  Is gá sainiú a dhéanamh ar an dealú idir comhpháirteanna den chóras ríomhairithe ar de chuid an Aontais iad agus comhpháirteanna nach de chuid an Aontais iad, chomh maithe leis na dualgais atá ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faoi seach maidir le forbairt agus cur in úsáid an chórais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún, le cúnamh an Choiste ábhartha, ról mór a imirt maidir le comhordú, eagrú agus bainistiú an chórais.

(9)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme na mbeart is gá le haghaidh mhodhnú, leathnú agus oibriú an chórais ríomhairithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12).

(10)  Ba cheart socruithe a dhéanamh maidir le meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chórais ríomhairithe lena ndéantar faireachán ar earraí máil.

(11)  Sula mbeidh leathnú nua ar an gcóras ríomhairithe oibríochtúil, agus i bhfianaise na bhfadhbanna a bhí ann, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus ag cur san áireamh bharúlacha na n‑earnálacha trádála lena mbaineann, a fhiosrú an bhfuil aon cheann de na córais ar pháipéar atá ann faoi láthair fós oiriúnach.

(12)  Ba cheart costais an chórais ríomhairithe a roinnt ar an Aontas agus ar na Ballstáit.

(13)  De thoradh mhéid agus chastacht an chórais ríomhairithe, is gá go soláthraíonn an Aontas agus na Ballstáit acmhainní daonna agus airgeadais chun an córas a fhorbairt agus a chur in úsáid. Agus na comhpháirteanna náisiúnta á bhforbairt ag na Ballstáit, ba cheart dóibh na prionsabail a chur i bhfeidhm atá leagtha síos maidir le córais rialtais leictreonacha agus ba cheart dóibh caitheamh leis na hoibreoirí eacnamaíocha ar an dóigh chéanna a gcaitear leo sna réimsí eile ina bhfuil córais ríomhaireachta curtha ar bun. Go háirithe, ba cheart dóibh ligean do na hoibreoirí eacnamaíocha, go háirithe na fiontair bheaga agus mheánmhéide atá gníomhach san earnáil seo, na comhpháirteanna náisiúnta sin a úsáid ar an gcostas is ísle is féidir, agus ba cheart dóibh gach beart a chur chun cinn atá dírithe ar iomaíochas na n‑oibreoirí sin a chaomhnú.

(14)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo, eadhon bonn a sholáthar le haghaidh an rialachais ar tuilleadh uathoibrithe ar phróisis arna leagan amach i reachtaíocht an Aontais maidir le dleachtanna máil, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr go n‑áiritheoidh sé dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.  Leis an gCinneadh seo, déantar foráil maidir leis an mbainistiú ar mhodhnú, ar leathnú agus ar oibriú an chórais ríomhairithe a úsáidtear le haghaidh gluaiseacht earraí máil agus le haghaidh faireachas ar na hearraí sin, dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2019/…(13) '(an córas ríomhairithe').

2.  Is é atá beartaithe leis an gcóras ríomhairithe:

(a)  go mbeifear in ann na doiciméid riaracháin a tharchur dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/…+ agus i Rialachán (AE) Uimh. 389/2012, agus feabhas a chur ar sheiceálacha;

(b)  go gcuirfear feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, trí shimpliú a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí máil laistigh den Aontas agus tríd an deis a thabhairt do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na sreafaí i bhfíor-am agus na seiceálacha riachtanacha a dhéanamh nuair is gá.

Airteagal 2

Cuirfear tús leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le leathnú an chórais ríomhairithe faoin … [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo].

Airteagal 3

1.  Beidh an córas ríomhairithe comhdhéanta de chomhpháirteanna de chuid an Aontais agus comhpháirteanna nach de chuid an Aontais iad.

2.  Áiritheoidh an Coimisiún go dtabharfar, le linn na hoibre ar na comhpháirteanna de chuid an Aontais den chóras ríomhairithe, gach aird ar athúsáid a bhaint an oiread is féidir as na córais atá ann cheana agus ar a áirithiú go bhfuil an córas ríomhairithe comhoiriúnach le córais ríomhairithe ábhartha eile de chuid an Choimisiúin agus an Bhallstáit, leis an gcuspóir sraith chomhtháite de chórais ríomhairithe le haghaidh faireachas ar ghluaiseachtaí earraí máil laistigh den Aontas agus ar ghluaiseachtaí earraí máil agus earraí atá faoi réir dleachtanna agus muirir eile atá ag teacht ó thríú tíortha nó ag dul chucu a thógáil.

3.  Is éard a bheidh sna comhpháirteanna de chuid an Aontais den chóras ríomhairithe na sonraíochtaí coiteanna, na táirgí teicniúla, seirbhísí an Líonra Cumarsáide Coiteann / Comhéadan Coiteann na gCóras , agus na seirbhísí comhordúcháin a úsáideann na Ballstáit uile, diomaite d'aon leagan difriúil de na seirbhísí sin nó d'aon ghné speisialta dá gcuid atá ceaptha chun riachtanais náisiúnta a shásamh.

4.  Is éard a bheidh sna comhpháirteanna den chóras ríomhairithe nach comhpháirteanna de chuid an Aontais iad na sonraíochtaí náisiúnta, na bunachair sonraí náisiúnta ar cuid den chóras ríomhairithe iad, na hidirnaisc líonra idir na comhpháirteanna de chuid an Aontais agus na comhpháirteanna nach de chuid an Aontais iad agus aon bhogearraí nó trealamh a mheasfaidh Ballstát a bheith riachtanach chun lán-úsáid an chórais ríomhairithe ina chóras riaracháin trí chéile a áirithiú.

Airteagal 4

1.  Déanfaidh an Coimisiún comhordú ar mhodhnú, leathnú agus oibriú na gcomhpháirteanna de chuid an Aontais agus na comhpháirteach nach de chuid an Aontais iad den chóras ríomhairithe, agus go háirithe:

(a)  an bonneagar agus na huirlisí is gá chun naisc inmheánacha agus idir-inoibritheacht fhoriomlán an chórais ríomhairithe a ráthú;

(b)  forbairt beartais slándála den chaighdeán is airde is féidir chun cosc a chur le rochtain neamhúdaraithe ar shonraí agus chun sláine an chórais ríomhairithe a ráthú;

(c)  na huirlisí lena saothraítear sonraí chun calaois a chomhrac.

2.  Chun na haidhmeanna a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún na conarthaí is gá a thabhairt i gcrích chun na comhpháirteanna de chuid an Aontais den chóras ríomhairithe a mhodhnú agus a leathnú agus déanfaidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit arna dtionól sa Choiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1), máistirphlean agus pleananna bainistíochta a tharraingt suas is gá le haghaidh mhodhnú, leathnú agus oibriú an chórais ríomhairithe.

Sonrófar sa mháistirphlean agus sna pleananna bainistíochta na cúraimí tosaigh agus na gnáthchúraimí a dhéanfaidh an Coimisiún agus gach Ballstát. Sonrófar sna pleananna bainistíochta na dátaí críochnaithe do na cúraimí is gá chun gach tionscadal a shainaithnítear sa mháistirphlean a chur i gcrích.

Airteagal 5

1.  Críochnóidh na Ballstáit, faoin dáta a shonraítear sna pleananna bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), na cúraimí tosaigh agus na gnáthchúraimí arna sannadh dóibh.

Tuairisceoidh siad don Choimisiún maidir le torthaí gach cúraim agus dáta a chríochnaithe. Ansin déanfaidh an Coimisiún an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chur ar an eolas faoi sin.

2.  Ní dhéanfaidh na Ballstáit aon bheart i ndáil le modhnú, leathnú nó oibriú an chórais ríomhairithe a chuirfeadh isteach ar naisc inmheánacha an chórais agus ar a idir-inoibritheacht fhoriomlán nó ar a fheidhmiú ina iomláine.

Aon bhearta is mian le Ballstát a dhéanamh a d'fhéadfadh cur isteach ar naisc inmheánacha an chórais agus ar a idir-inoibritheacht fhoriomlán nó ar a fheidhmiú ina iomláine, déanfar iad le réamh-chomhaontú an Choimisiúin.

3.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas go rialta maidir le haon bheart atá déanta acu chun é a chur ar a gcumas dá n‑údaráis féin lán-úsáid a bhaint as an gcóras ríomhairithe. Ansin déanfaidh an Coimisiún an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chur ar an eolas faoi sin.

Airteagal 6

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na bearta is gá le haghaidh mhodhnú, leathnú agus oibriú an chórais ríomhairithe i ndáil le hábhair dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus sa dara fomhír d'Airteagal 5(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2). Ní dhéanfaidh na gníomhartha cur chun feidhme sin difear d'fhorálacha an Aontais i ndáil le bailiú agus seiceáil cánacha indíreacha nó i ndáil le comhar riaracháin agus cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí cánachais indírigh.

Airteagal 7

1.  Déanfaidh an Coiste um Dhleacht Mháil cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

1.  Déanfaidh an Coimisiún a fhíorú go bhfuil na bearta arna maoiniú as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh á gcur i gcrích i gceart agus i gcomhréir le forálacha an Chinnidh seo.

Déanfaidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit arna dtionól sa Choiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1), faireachán tráthrialta ar chéimeanna éagsúla forbartha agus cur in úsáid an chórais ríomhairithe d'fhonn a dhéanamh amach ar gnóthaíodh na cuspóirí atáthar a shaothrú agus d'fhonn treoirlínte a eisiúint maidir le cén chaoi le méadú a dhéanamh ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an chórais ríomhairithe.

2.  Faoin … [cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinnidh seo] agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme agus oibriú an chórais ríomhairithe.

Leagfar amach sa tuarascáil, inter alia, na modhanna agus na critéir atá le húsáid sa mheastóireacht amach anseo ar an gcaoi a bhfuil an córas ríomhairithe ag feidhmiú.

Airteagal 9

Coinneoidh an Coimisiún na tíortha a bhfuil iarratas déanta acu ar bhallraíocht san Aontas maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm an chórais ríomhairithe agus féadfaidh siad, más mian leo, páirt a ghlacadh sna scrúduithe atá le déanamh.

Airteagal 10

1.  Déanfar na costais a bhaineann leis an gcóras ríomhairithe a mhodhnú agus a leathnú a roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

2.  Is ar an Aontas a thitfidh na costais cheapadh, éadáil, shuiteáil agus chothabháil na gcomhpáirteanna de chuid an Aontais den chóras ríomhairithe agus costais leanúnacha oibriúcháin na gcomhpáirteanna sin de chuid an Aontais atá suiteáilte in áitreabh de chuid an Choimisiúin, nó in áitreabh fochonraitheora arna ainmniú ag an gCoimisiún.

3.  Is ar na Ballstáit a thitfidh costais  mhodhnú, leathnú agus oibriú na gcomhpháirteanna den chóras ríomhairithe nach de chuid an Aontais iad agus costais leanúnacha oibriúcháin na gcompháirteanna sin de chuid an Aontais atá suiteáilte in áitreabh dá gcuid, nó in áitreabh fochonraitheora arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 11

1.  Na leithreasuithe bliantúla, lena n‑áirítear leithreasuithe arna sannadh d'úsáid agus d'oibriú an chórais ríomhairithe tar éis na tréimhse cur chun feidhme, údaróidh an t‑údarás buiséadach iad laistigh de theorainneacha na peirspictíochta airgeadais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14).

2.  Na buiséid agus na hacmhainní daonna is gá chun a n‑oibleagáidí de réir Airteagal 5 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a mheas agus a chur ar fáil. Soláthróidh an Coimisiún agus na Ballstáit na hacmhainní daonna, buiséadacha agus teicniúla is gá chun an córas ríomhairithe a mhodhnú, a leathnú, a oibriú agus a fhorbairt a thuilleadh.

Airteagal 12

Aisghairtear Cinneadh Uimh. 1152/2003/CE.

Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 13

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 14

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Táblaí comhghaoil

Cinneadh Uimh. 1152/2003/CE

An Cinneadh seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, an chéad fhomhír

_

Airteagal 2, an dara fomhír

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(3)

-

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

-

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(2)

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11(1), an chéad fhomír

_

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 11(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(2)

-

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

_

Iarscríbhinn

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 108.
(2) IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.
(3) IO C 62, 15.2.2019, p. 108.
(4) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019.
(5)Cinneadh Uimh. 1152/2003/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin táirgí inmháil (IO L 162, 1.7.2003, lch. 5).
(6)Treoir (AE) 2019/… ón gComhairle an … lena leagtar síos na socruithe ginearálta do dhleacht mháil (IO L ...).
(7)+ IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir na Treorach a glacadh i nós imeachta 2018/0176(CNS) agus cuir isteach san fhonóta uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin.
(8)Rialachán (CE) Uimh, 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle i ndáil leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).
(9)++ IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir na Treorach a glacadh i nós imeachta 2018/0176(CNS).
(10)+ IO: Cuirtear isteach sa téacsuimhir na Treorach a glacadh i nós imeachta 2018/0176(CNS).
(11)Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).
(12)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(13)+ IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir na Treorach a glacadh i nós imeachta 2018/0176(CNS).
(14)Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch 25).


Faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid ***I
PDF 299kWORD 106k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (athmhúnlú) (COM(2018)0234 – C8-0169/2018 – 2018/0111(COD))
P8_TA-PROV(2019)0352A8-0438/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0234),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0169/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(2),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 14 Meitheamh 2018 ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 104 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0438/2018),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathruithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid

P8_TC1-COD(2018)0111


(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Rinneadh Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) a leasú go suntasach. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart í a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)  De bhun Threoir 2003/98/CE agus cúig bliana tar éis ghlacadh Threoir 2013/37/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6), lenar leasaíodh Treoir 2003/98/CE, tá meastóireacht agus athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, ar fheidhmiú Threoir 2003/98/CE faoi chuimsiú an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála.

(3)  I ndiaidh an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí agus i bhfianaise thorthaí an mheasúnaithe tionchair, ba é mheas an Choimisiúin gur ghá beart ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá fós ann agus ar na bacainní atá ag teacht chun cinn maidir le hathúsáid fhairsing a bhaint ar fud an Aontais as faisnéis ón earnáil phoiblí agus as faisnéis arb é an ciste poiblí a d'íoc aisti, chun an creat reachtach a thabhairt bord ar bhord leis an dul chun cinn atá déanta sna teicneolaíochtaí digiteacha, agus tuilleadh den nuálaíocht dhigiteach a spreagadh, go mór mór maidir leis an Intleacht Shaorga ▌.

(4)  Ba cheart gur ar na réimsí seo a leanas a dhíreofaí na hathruithe substainteacha a dhéantar ar an téacs dlí chun leas iomlán a bhaint as an bpoitéinseal atá i bhfaisnéis ón earnáil phoiblí do gheilleagar agus do shochaí na hEorpa: rochtain fíor-ama ar shonraí dinimiciúla trí mhodhanna teicniúla iomchuí, méadú ar sholáthar sonraí poiblí luachmhara lena n-athúsáid, lena n-áirítear sonraí ó ghnóthais phoiblí, ó eagraíochtaí déanta taighde agus ó eagraíochtaí maoinithe taighde, dul i ngleic leis na cineálacha nua socruithe eisiacha atá ag teacht chun cinn, dul i ngleic le húsáid eisceachtaí ar an bprionsabal an costas imeallach a ghearradh agus an gaol idir an Treoir seo agus ionstraimí dlí gaolmhara áirithe, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2016/679(7) agus Treoracha 96/9/CE(8), 2003/4/CE(9) agus 2007/2/CE(10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)  Ceart bunúsach is ea an rochtain ar fhaisnéis. Foráiltear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ('an Chairt') go bhfuil ag cách an ceart chun tuairimí a nochtadh lena n-áirítear an tsaoirse tuairimí a bheith ag an duine agus eolas agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údaráis phoiblí agus beag beann ar theorainneacha.

(6)  Le hAirteagal 8 den Chairt, ráthaítear an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta agus foráiltear gur gá na sonraí sin a phróiseáil go cothrom chun críocha sonracha, ar bhonn thoiliú an duine lena mbaineann nó ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos sa dlí agus faoi réir rialaithe ag údarás neamhspleách.

(7)  Foráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do bhunú margaidh inmheánaigh agus córais a áiritheoidh nach ndéanfar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Le comhchuibhiú na rialacha agus na gcleachtas atá ar fáil sna Ballstáit i ndáil le leas a bhaint as faisnéis ón earnáil phoiblí, cuirtear le gnóthú na gcuspóirí sin.

(8)  Sna Ballstáit, déanann an earnáil phoiblí raon leathan faisnéise ina lán réimsí gníomhaíochta a bhailiú, a tháirgeadh, a atáirgeadh agus a scaipeadh, amhail faisnéis i réimsí sóisialta, polaitiúla, eacnamaíocha, dhlíthiúla, geografacha, comhshaoil, meitéareolaíocha, seismeachta, turasóireachta, gnó, paitinne agus faisnéis a bhaineann leis sin, agus réimsí oideachasúla. Na doiciméid a tháirgeann comhlachtaí poiblí de chuid an fheidhmeannais, an reachtais nó na breithiúnachta, is stór luachmhar acmhainní iad atá ollmhór agus ilchineálach agus a rachadh chun tairbhe don tsochaí. Ach an fhaisnéis sin, lena n-áirítear sonraí dinimiciúla, a chur ar fáil i bhformáid leictreonach a úsáidtear go coitianta, tugtar deis do shaoránaigh agus d’eintitis dhlíthiúla teacht ar bhealaí nua chun iad a úsáid, agus chun táirgí agus seirbhísí nua agus nuálacha a chruthú. Tharlódh go bhféadfadh na Ballstáit agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí tacaíocht leordhóthanach airgeadais a fháil ó chistí agus ó chláir ábhartha de chuid an Aontais agus tairbhe a bhaint astu, rud a d'áiritheodh go mbainfí úsáid fhorleathan as na teicneolaíochtaí digiteacha nó go ndéanfaí claochlú digiteach ar na córais riaracháin phoiblí agus ar na seirbhísí poiblí, agus iad ag féachaint le sonraí a chur ar fáil gan stró chun a n-athúsáide.

(9)  Is iontach go deo an fhoinse sonraí í faisnéis ón earnáil phoiblí, sonraí a dtig leo a bheith ina gcuidiú chun an margadh inmheánach a fheabhsú agus feidhmchláir nua a cheapadh do thomhaltóirí agus d’eintitis dhlíthiúla. Ach úsáid chliste a bhaint as sonraí, lena n-áirítear iad a phróiseáil le feidhmchláir intleachta saorga, is féidir tionchar claochlaitheach a imirt ar gach cuid den gheilleagar.

(10)  Le Treoir 2003/98/CE bunaíodh sraith íosta rialacha lena rialaítear an athúsáid agus na socruithe praiticiúla le hathúsáid na ndoiciméad arb ann dóibh atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí na mBallstát a éascú, lena n-áirítear comhlachtaí feidhmeannacha, reachtacha agus breithiúnacha. Ón uair a glacadh an chéad sraith rialacha maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid, tá méadú as cuimse tagtha ar an méid sonraí ar domhan, lena n-áirítear sonraí poiblí, agus tá cineálacha nua sonraí á nginiúint agus á mbailiú. Lena ais sin, forbairt leanúnach ar siúl sna teicneolaíochtaí anailísithe, saothraithe, agus próiseála sonraí, amhail an mheaisínfhoghlaim, an intleacht shaorga, agus idirlíon na rudaí nithiúla. A bhuí leis an bhforbairt ghasta sin ar an teicneolaíocht is féidir seirbhísí agus feidhmeanna nua a chruthú bunaithe ar úsáid, comhbhailiú agus comhcheangal sonraí. Na rialacha a glacadh i dtosach in 2003, agus a leasaíodh in 2013, níl ag éirí leo a thuilleadh coinneáil bord ar bhord leis na hathruithe gasta sin agus dá thoradh sin d'fhéadfaí deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta a chuireann an athúsáid sonraí poiblí ar fáil a chailleadh.

(11)  Imríonn an t-ascnamh i dtreo sochaí shonraíbhunaithe, nuair a úsáidtear sonraí ó réimsí agus gníomhaíochtaí éagsúla, tionchar ar shaol gach saoránaigh san Aontas, i measc nithe eile, toisc go gcuireann sé bealaí nua ar fáil dóibh le heolas a rochtain agus a shealbhú.

(12)  Tá ról tábhachtach ag an inneachar digiteach san ascnamh sin. A bhuí leis an táirgeadh inneachair cruthaíodh poist go gasta le blianta beaga anuas agus tá siad fós á gcruthú. Is i ngnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a chruthaítear formhór na bpost sin.

(13)  Ar na príomhaidhmeanna atá le bunú an mhargaidh inmheánaigh, tá dálaí a chruthú atá fabhrach d'fhorbairt seirbhísí agus táirgí ar fud an Aontais agus laistigh de na Ballstáit ▌. I dtaca le faisnéis ón earnáil phoiblí nó faisnéis a bhailítear, a tháirgtear, a atáirgtear, agus a scaiptear agus cúram poiblí nó seirbhís phoiblí is suim le cách á chur i gcrích, is bunábhar tábhachtach an méid sin ag táirgí agus seirbhísí a úsáideann inneachar digiteach, agus is mó a bheidh a dtábhacht mar acmhainn don inneachar i ngeall ar an bhforbairt atáthar a dhéanamh ar na hardteicneolaíochtaí digiteacha, amhail an intleacht shaorga, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte, agus idirlíon na rudaí nithiúla. Is gá an clúdach geografach trasteorann a bheith fairsing chuige sin freisin. I ngeall ar an athúsáid mhéadaithe is féidir a bhaint as faisnéis den chineál sin, táthar ag súil go mbeadh deis ag gach gnólacht san Aontas, lena n-áirítear micreafhiontair agus FBManna, agus an tsochaí shibhialta, teacht i dtír ar phoitéinseal na faisnéise sin, agus cur leis an bhforbairt eacnamaíoch, agus le cruthú agus cosaint na fostaíochta ardchaighdeáin, agus sin a bheith go háirithe chun leas na gcomhphobal áitiúil, agus chun leas na spriocanna tábhachtacha sin de chuid na sochaí, mar atá an chuntasacht agus an trédhearcacht.

(14)  Nuair a cheadaítear doiciméid atá i seilbh comhlachta den earnáil phoiblí a athúsáid, cuirtear lena luach chun tairbhe an athúsáideora, an úsáideora deiridh agus an sochaí i gcoitinne agus, ina lán cásanna, chun tairbhe chomhlacht na hearnála poiblí féin, trí thrédhearcacht agus cuntasacht a chur chun cinn agus trí aiseolas ó athúsáideoirí agus ó úsáideoirí deiridh a chur ar fáil a ligean don chomhlacht poiblí i gceist feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise a bhailíonn sé mar aon le feabhas a chur ar fheidhmiú a chuid cúraimí.

(15)  Tá difríochtaí nach beag idir na rialacha agus na cleachtais sna Ballstáit maidir le leas a bhaint as acmhainní faisnéise ón earnáil phoiblí, agus is bacainní iad na difríochtaí sin ar ghnóthú lánphoitéinseal eacnamaíoch na hacmhainne doiciméadachta sin atá fíorthábhachtach. Ba cheart a chur san áireamh go mbíonn éagsúlacht ann i gcónaí ó Bhallstát go Ballstát maidir le cleachtas chomhlachtaí na hearnála poiblí agus leas á bhaint acu as faisnéis ón earnáil phoiblí.. Dá bhrí sin, ba cheart comhchuibhiú íosta a shaothrú maidir leis na rialacha agus na cleachtais náisiúnta maidir le doiciméad ón earnáil phoiblí a athúsáid, i gcásanna ina bhfuil na difríochtaí idir na rialacháin agus na cleachtais náisiúnta nó an easpa soiléireachta ina mbac ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ar dhea-fhorbairt na sochaí faisnéise san Aontas.

(16)  Is é ciall ghinearálta atá le coincheap na sonraí oscailte sonraí a bhíonn i bhformáid oscailte ar féidir le haon duine iad a úsáid, a athúsáid, agus a roinnt chun gach críche. Beartais sonraí oscailte lena gcothaítear infhaighteacht fhairsing agus athúsáid fhairsing faisnéise ón earnáil phoiblí chun críocha príobháideacha agus tráchtála, faoi íosmhéid srianta dlíthiúla, teicniúla nó airgeadais, nó saor ó shrianta den sórt sin, agus lena gcuirtear cúrsaíocht na faisnéise chun cinn ní hamháin d'oibreoirí eacnamaíocha ach go príomha don phobal freisin, is féidir le beartais den sórt sin a bheith tábhachtach i ndáil le spreagadh na rannpháirtíochta sóisialta, agus spreagadh a chur i bhforbairt agus i gcur chun cinn seirbhísí nua atá bunaithe ar bhealaí nua leis an bhfaisnéis sin a chomhcheangal agus a úsáid ▌. Moltar do na Ballstáit, dá bhrí sin, cruthú sonraí a chur chun cinn de réir an phrionsabail ''oscailte d'aon ghnó agus mar réamhshocrú'', i gcás gach doiciméad a chumhdaítear faoi raon na Treorach seo. Le linn dóibh déanamh amhlaidh, ba cheart dóibh a áirithiú go dtugtar leibhéal comhsheasmhach cosanta do na cuspóirí leasa phoiblí, amhail an tslándáil phoiblí, lena n-áirítear faisnéis íogair a bhaineann le bonneagar criticiúil. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go gcosnófart sonraí pearsanta, lena n-áirítear cás den chineál seo: nuair nár ghá gur bhaol do thacar sonraí ar leith duine nádúrtha a shainaithint nó a roghnú as measc cáich, ach go bhféadfadh riosca a bheith i gceist a luaithe a chuirfí an fhaisnéis sin le faisnéis éigin eile a bheadh ar fáil.

(17)  Thairis sin, gan comhchuibhiú íosta ar leibhéal an Aontais, d'fhéadfadh go dtiocfadh méadú ar na héagsúlachtaí de dheasca gníomhaíocht reachtach ar an leibhéal náisiúnta, gníomhaíocht a bhfuil tús curtha leis cheana i roinnt Ballstát chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin theicneolaíocha. Tiocfaidh méadú ar thábhacht an tionchair atá ag na héagsúlachtaí reachtacha agus ag na héiginnteachtaí sin, de réir mar a thiocfaidh tuilleadh forbartha ar an tsochaí faisnéise, rud a mhéadaigh go mór cheana féin úsáid trasteorann faisnéise.

(18)  Tá beartais athúsáide bunaithe ag na Ballstáit faoi Threoir 2003/98/CE agus tá cur chuige uaillmhianach glactha ag roinnt acu maidir le sonraí oscailte chun athúsáid na sonraí poiblí inrochtana a dhéanamh níos fusa do shaoránaigh agus d'eintitis dhlíthiúla de bhreis ar an íosleibhéal a leagtar síos sa Treoir sin. Tá baol ann go bhféadfadh éagsúlacht na rialacha ó Bhallstát go chéile a bheith ina bac ar tháirgí agus seirbhísí ▌a thairiscint thar teorainneacha agus cosc a chur le tacair sonraí poiblí inchomparáide a athúsáid i gcomhair feidhmeanna uile‑Aontais a bhunófaí orthu. Dá bhrí sin, is gá comhchuibhiú íosta chun a chinneadh cé na sonraí poiblí a bheidh le fáil lena n-athúsáid i margadh inmheánach na faisnéise, i gcomhréir leis na córais rochtana ábhartha agus gan difear a dhéanamh dóibh, idir chórais ghinearálta agus chórais earnálacha, amhail an córas a shainmhínítear i dTreoir 2003/4/CE. Ba cheart na forálacha de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta a théann níos faide ná na híoscheanglais sin, go háirithe i gcásanna dlí earnála leanúint d'fheidhm a bheith acu. Mar shamplaí d'fhorálacha a théann níos faide ná an t-íosleibhéal comhchuibhithe a leagtar amach sa Treoir seo áirítear tairseacha do na muirir is ceadmhach a ghearradh as an athúsáid is ísle ná na tairseacha dá bhforáiltear sa Treoir seo nó téarmaí ceadúnaithe is scaoilte ná na téarmaí ceadúnaithe dá dtagraítear sa Treoir seo. Go háirithe, ní dochar an Treoir seo a bheith gan dochar d'fhorálacha a théann níos faide ná an t-íosleibhéal comhchuibhithe a leagtar amach sa Treoir seo mar a leagtar síos sna rialacháin tarmligthe ón gCoimisiún a glacadh faoi Threoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11).

(19)  Ina theannta sin, spreagtar na Ballstáit dul níos faide ná na híoscheanglais a leagtar amach sa Treoir seo a shásamh trí na ceanglais sin a chur i bhfeidhm ar dhoiciméid atá i seilbh gnóthais phoiblí, ar doiciméid iad a bhaineann le gníomhaíochtaí ar suíodh ina leith, de bhun Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12), go nochtar iad go díreach leis an iomaíocht. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ceanglais na Treorach seo a chur i bhfeidhm ar ghnóthais phríobháideacha freisin, go háirithe orthu siúd a chuireann ar fáil seirbhísí is suim le cách.

(20)  Is gá creat ginearálta do na coinníollacha lena rialaítear athúsáid doiciméad ón earnáil phoiblí chun a áirithiú gurb ann do choinníollacha cothroma comhréireacha neamh‑idirdhealaitheacha maidir le hathúsáid faisnéise den sórt sin. Déanann comhlachtaí na hearnála poiblí doiciméid a bhailiú, a tháirgeadh, a atáirgeadh agus a scaipeadh chun a gcúraimí poiblí a chomhlíonadh. Déanann gnóthais phoiblí doiciméid a bhailiú, a tháirgeadh, a atáirgeadh agus a scaipeadh chun seirbhísí leasa ghinearálta a chur ar fail. Athúsáid atá ann nuair a úsáidtear na doiciméid sin chun críocha eile. Is féidir le beartais na mBallstát dul níos faide ná na caighdeáin íosta a leagtar síos sa Treoir seo, sa dóigh go gceadófar athúsáid níos fairsinge. Agus an Treoir seo á trasuí, féadfaidh na Ballstáit téarmaí eile seachas 'doiciméid' a úsáid, a fhad agus a choinnítear raon feidhme iomlán an tsainmhínithe a thugtar ar an téarma 'doiciméad' sa Treoir seo.

(21)  Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le doiciméid a bhfuil a soláthar mar chuid de na cúraimí poiblí atá ar na comhaltaí earnála poiblí lena mbaineann, mar a shainítear sin de réir dlí nó de réir rialacha ceangailteacha eile de chuid na mBallstát. Murab ann do rialacha den sórt sin, ba cheart na cúraimí poiblí a shainiú i gcomhréir leis an gcleachtas riaracháin coiteann sna Ballstáit, ar choinníoll go bhfuil raon feidhme na gcúraimí poiblí trédhearcach agus faoi réir a athbhreithnithe. D'fhéadfaí na cúraimí poiblí a shainiú i gcoitinne nó de réir an cháis le haghaidh comhlachtaí aonair den earnáil phoiblí.

(22)  Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le doiciméid a chuirtear ar fáil lena n‑athúsáid nuair a dhéanann comhlachtaí den earnáil phoiblí faisnéis a cheadúnú, a dhíol, a scaipeadh, a mhalartú nó a sholáthar. Chun tras-fhóirdheontais a sheachaint, nuair a bhaintear tuilleadh úsáid as doiciméid laistigh den eagraíocht féin le haghaidh gníomhaíochtaí atá lasmuigh de scóip a cúraimí poiblí, ba cheart é sin a áireamh mar athúsáid. Is iondúil go gcuimsíonn gníomhaíochtaí atá lasmuigh dá cúraimí poiblí soláthar doiciméad a tháirgtear agus a mhuirearaítear ar bhonn iomlán tráchtála agus in iomaíocht le gníomhaithe eile sa mhargadh.

(23)  Ní teorainn ná srian í an Treoir seo ar fheidhmiú a gcuid cúraimí reachtacha ag na húdaráis phoiblí ná ag aon chomhlachtaí earnála poiblí eile. Leagtar síos sa Treoir seo go bhfuil sé d'oibleagáid ar na Ballstáit gach doiciméad arb ann dó a dhéanamh in-athúsáidte ach amháin má tá rochtain orthu srianta nó coiscthe faoi na rialacha náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid faoi réir na n-eisceachtaí eile a leagtar síos sa Treoir seo. Is forbairt í an Treoir seo ar na córais rochtana arb ann dóibh sna Ballstáit agus ní athróidh sí na rialacha náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid. Níl feidhm aici sna cásanna nach féidir le saoránaigh nó le heintitis dhlíthiúla, faoin gcóras rochtana ábhartha, doiciméad a fháil mura bhfuil siad in ann a léiriú go bhfuil leas ar leith acu ann. Ar leibhéal an Aontais, aithnítear in Airteagal 41 (an ceart chun dea-riaracháin agus in Airteagal 42 (an ceart rochtana ar dhoiciméid) de Chairt go bhfuil sé de cheart ag aon saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air i mBallstát nó a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát rochtain a fháil ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Ba cheart comhlachtaí na hearnála poiblí a spreagadh le haon doiciméad atá ina seilbh a chur ar fáil lena athúsáid. Ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí athúsáid doiciméad a chothú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear téacsanna oifigiúla de chineál reachtach agus riaracháin sna cásanna sin ina bhfuil an t-údarás ag an gcomhlacht earnála poiblí athúsáid na ndoiciméad sin a údarú.

(24)  Is minic na Ballstáit soláthar seirbhísí leasa ghinearálta a chur de chúram ar eintitis lasmuigh den earnáil phoiblí, ach ardleibhéal smachta a choinneáil ar na heintitis sin ag an am céanna. Ag an am céanna, níl feidhm ag Treoir 2003/98/CE ach maidir le doiciméid atá i seilbh chomhlachtaí na hearnála poiblí, gan gnóthais phoiblí a chuimsiú ina raon feidhme. Infhaighteacht thearc ar dhoiciméid lena n-athúsáid is toradh air sin, i ndáil le doiciméid arna dtáirgeadh agus seirbhísí leasa ghinearálta á dtabhairt i roinnt réimsí, go háirithe in earnálacha na bhfóntas. Fágann sé freisin gur lú go mór an poitéinseal le haghaidh seirbhísí trasteorann a chruthú bunaithe ar dhoiciméid atá i seilbh gnóthas poiblí a sholáthraíonn seirbhísí leasa ghinearálta.

(25)  Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2003/98/CE a leasú chun a áirithiú gur féidir í chur i bhfeidhm maidir le hathúsáid doiciméad arb ann dóibh a tháirgtear agus seirbhísí leasa ghinearálta á soláthar ag gnóthais phoiblí a dhéanann ceann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 go hAirteagal 14 de Threoir 2014/25/AE, agus ag gnóthais phoiblí atá ag gníomhú mar oibreoirí seirbhíse poiblí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13), ag gnóthais phoiblí atá ag gníomhú mar aeriompróirí ag comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14), agus ag gnóthais phoiblí atá ag gníomhú mar longúinéirí Comhphobail ag comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle(15).

(26)  Níl oibleagáid ghinearálta sa Treoir seo maidir le hathúsáid doiciméad a tháirgeann gnóthais phoiblí. Is faoin ngnóthas poiblí lena mbaineann atá sé cinneadh a dhéanamh an athúsáid a údarú nó gan í a údarú, agus ba cheart dó sin fanacht amhlaidh, seachas i gcás ina gceanglaítear a mhalairt leis an Treoir seo, nó le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Is tar éis don ghnóthas poiblí doiciméad a chur ar fáil lena athúsáid, agus an tráth sin amháin, ba cheart dó na hoibleagáidí ábhartha a urramú a leagtar síos i gCaibidil III agus i gCaibidil IV den Treoir seo, go háirithe maidir le formáidí, muirearú, trédhearcacht, ceadúnais, neamh-idirdhealú agus toirmeasc ar shocruithe eisiacha. Ar an lámh eile, ▌níor cheart é a bheith de cheangal ar ghnóthais phoiblí na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil II a chomhlíonadh, na rialacha is infheidhme maidir le hiarrataí a phróiseáil, mar shampla. Agus athúsáid doiciméad á ceadú, ní mór aird ar leith a thabhairt ar fhaisnéis íogair a bhaineann le bonneagar criticiúil a chosaint mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2008/114/EC ón gComhairle(16) agus ar na seirbhísí bunriachtanacha de réir bhrí Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17).

(27)  Tá fás as cuimse ag teacht ar an méid sonraí taighde atá á nginiúint agus tá an poitéinseal ann iad a athúsáid lasmuigh den phobal eolaíochta. Chun a bheith in ann aghaidh a thabhairt go héifeachtúil agus ar bhealach iomlánaíoch ar dhúshláin shochaíocha mhéadaitheacha, tá sé ríthábhachtach agus práinneach anois a bheith in ann sonraí ó fhoinsí éagsúla, agus ó earnálacha agus disciplíní éagsúla, a rochtain, a chumasc agus a athúsáid. Cuimsíonn sonraí taighde staidreamh, torthaí turgnamh, miosúir, torthaí oibre allamuigh, torthaí suirbhéanna, taifid agallamh agus íomhánna. Ina theannta sin, cuimsíonn siad meiteashonraí, sonraíochtaí agus oibiachtaí digiteacha eile. Ní ionann sonraí taighde agus ailt eolaíocha ina ndéantar tuairisciú agus trácht ar na torthaí ar thaighde eolaíoch. Le blianta fada anuas, cuireadh tionscnaimh shonracha beartais ar bun i ndáil le hinfhaighteacht oscailte agus in-athúsáideacht oscailte sonraí taighde eolaíoch a rinneadh le maoiniú poiblí. Is é a thuigtear le rochtain oscailte rochtain ar líne ar aschuir taighde a chur ar fáil saor in aisce don úsáideoir deiridh agus gan srian maidir le húsáid agus athúsáid seachas go bhféadfaí a iarradh go ndéanfaí an t-údar a aithint. Go háirithe, is é is aidhm do bheartais rochtana oscailte rochtain a thabhairt do lucht taighde agus don phobal i gcoitinne ar shonraí taighde a luaithe is féidir i bpróiseas a scaipthe agus úsáid agus athúsáid na sonraí sin a éascú. De thoradh na rochtana rochtain oscailte, is féidir cur leis an gcáilíocht, laghdú a dhéanamh ar an ngá le dúbailt iomarcach ar thaighde, dlús a chur leis an dul chun cinn eolaíoch, cur i gcoinne na calaoise eolaíche, agus is féidir leis, ar an iomlán, bheith fabhrach don fhás eacnamaíoch agus don nuálaíocht. Le cois na rochtana oscailte, tá iarrachtaí fónta á ndéanamh lena áirithiú gur cleachtas eolaíoch caighdeánach a bheadh i bpleanáil bainistithe sonraí agus chun tacú le scaipeadh na sonraí taighde ar sonraí in-aimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte iad (an prionsabal FAIR).

(28)  Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, is iomchuí oibleagáid a chur ar na Ballstáit beartais rochtana oscailte a ghlacadh i ndáil le sonraí taighde a dhéantar le maoiniú poiblí agus a áirithiú go ndéanfaidh gach eagraíocht déanta taighde agus gach eagraíocht maoinithe taighde na beartais sin a chur chun feidhme. Is ceart na heagraíochtaí déanta taighde agus na heagraíochtaí maoinithe taighde a eagrú freisin mar chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó mar ghnóthais phoiblí. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo i leith eagraíochta hibrideacha den chineál sin ach ina gcáil mar eagraíochtaí déanta taighde agus i leith a gcuid sonraí taighde. Is iondúil go gceadaíonn beartais rochtana oscailte raon eisceachtaí ar thorthaí taighde eolaíoch a chur ar fáil go hoscailte. Déantar le Moladh ón gCoimisiúin an 25 Aibreán 2018 maidir le rochtain ar fhaisnéis eolaíoch agus caomhnú na faisnéise sin tuairisciú, maille le nithe eile, ar na heilimintí is ábhartha maidir le beartais rochtana oscailte. Ina theannta sin, ba cheart feabhas a chur ar na coinníollacha ar ar féidir sonraí taighde áirithe a athúsáid. Ar an ábhar sin, ba cheart oibleagáidí áirithe a eascraíonn ón Treoir seo a shíneadh chuig sonraí taighde ar toradh iad ar ghníomhaíochtaí taighde eolaíoch a fóirdheonaíodh le maoiniú poiblí nó a bhí cómhaoinithe ag eintitis phoiblí agus ag eintitis earnála príobháidí. De réir na mbeartas náisiúnta rochtana oscailte, is ceart é a bheith ina réamhshocrú gur oscailte a bheidh aon sonraí taighde a mhaoiníonn an pobal. I dtaca leis sin, áfach, ba cheart aird chuí a thabhairt ar imní faoi phríobháideacht, faoi chosaint sonraí pearsanta, rúndacht, an tslándáil náisiúnta, leasanna tráchtála dlisteanacha, amhail rúin trádála, agus faoi chearta maoine intleachtúla tríú páirtithe, i gcomhréir leis an bprionsabal 'a oscailte is féidir, a iata is gá'. Ina theannta sin, níor cheart sonraí taighde a bhfuil cosc ar rochtain orthu ar bhonn na slándála náisiúnta, na cosanta nó na slándála poiblí a chumhdach sa Treoir seo. Chun aon ualach riaracháin a sheachaint, ▌níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin a eascraíonn as an Treoir seo ach maidir leis na sonraí taighde sin atá curtha ar fáil go poiblí cheana féin ag taighdeoirí ▌, eagraíochtaí déanta taighde eagraíochtaí maoinithe taighde trí thaisclann institiúideach nó ábharbhunaithe agus níor cheart costais bhreise a fhorchur chun tacair sonraí a aisghabháil ná coimeádaíocht breise sonraí a cheangal. Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm na Treorach seo a shíneadh freisin ionas go gcuimseofar sonraí taighde a chuirtear ar fáil go poiblí trí infreastruchtúir eile sonraí nach taisclanna, trí fhoilseacháin rochtana oscailte, bídís i gcomhad atá i gceangal le halt, páipéar sonraí nó páipéar in irisleabhar sonraí. Ba cheart doiciméid seachas sonraí taighde leanúint de bheith díolmhaithe ó raon na Treorach seo.

(29)  Tá an sainmhíniú ar ‘comhlacht earnála poiblí’ bunaithe ar an sainmhíniú i bpointe (1) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18). Ba cheart go mbeadh feidhm ag an sainmhiniú ar ‘comhlacht a rialaítear leis an dlí poiblí’ a leagtar amach sa Treoir sin agus ag an sainmhíniú ar 'gnóthas poiblí' a leagtar amach i dTreoir 2014/25/AE maidir leis an Treoir seo.

(30)  Leis an Treoir seo, leagtar síos an sainmhíniú ar an téarma 'doiciméad' agus cuímsítear faoin sainmhíniú sin aon chuid de dhoiciméad. Ba cheart go gcumhdódh an téarma 'doiciméad' aon léiriú ar ghníomhartha, ar fhíricí nó ar fhaisnéis – agus aon tiomsú de na gníomhartha, na fíricí nó an fhaisnéis sin – gan beann ar an meán (ar pháipéar, i bhfoirm leictreonach nó mar thaifead fuaime, físe nó closamhairc). Níl an sainmhíniú ar 'dhoiciméad' ceaptha ríomhchláir a chumhdach.. Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm na Treorach seo a shíneadh le go gcuimseofaí ríomhchláir.

(31)  Tá comhlachtaí na hearnála poiblí ag éirí níos réamhghníomhaí i dtaobh a ndoiciméid a chur ar fáil lena n-athúsáid, trína áirithiú go bhfuil siad in-aimsithe ar líne agus go bhfuil doiciméad agus meiteashonraí gaolmhara ar fáil i ndáiríre i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín lena n-áirithítear an idir-inoibritheacht, an athúsáid agus an inrochtaineacht. Ina theannta sin, ba cheart doiciméid a chur ar fáil lena n-athúsáid nuair a chuireann athúsáideoir iarraidh isteach. Sna cásanna sin, ba cheart an teorainn ama leis an iarraidh a fhreagairt a bheith réasúnach agus i gcomhréir leis an am coibhéiseach atá ann maidir le hiarrataí ar rochtain ar an doiciméad faoi na córais rochtana ábhartha. Ba cheart gnóthais phoiblí, bunaíochtaí oideachais, eagraíochtaí déanta taighde agus eagraíochtaí maoinithe taighde a bheith díolmhaithe ón gceanglas sin, áfach. ▌ A bhuí le teorainneacha ama réasúnacha ar fud an Aontais, spreagfar cruthú táirgí agus seirbhísí nua faisnéise comhiomlánaithe ar an leibhéal uile-Aontais. Tá an méid sin an-tábhachtach i ndáil le sonraí dinimiciúla (lena n-áirítear sonraí comhshaoil, sonraí tráchta, sonraí satailíte, sonraí meitéareolaíocha agus sonraí braiteoirghinte), a mbraitheann a luach eacnamaíoch ar an bhfaisnéis a bheith ar fáil láithreach agus ar nuashonruithe rialta. Dá bhrí sin, ba cheart sonraí dinimiciúla a chur ar fáil láithreach tar éis a mbailithe, nó i gcás nuashonrú láimhe iad a chur ar fáil díreach tar éis an tacar sonraí a mhodhnú, trí chomhéadan feidhmchláir (API) chun éascaíocht a dhéanamh d'fhorbairt feidhmeanna idirlín, móibíleacha agus néil bunaithe ar na sonraí sin. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta de dheasca srianta teicniúla nó airgeadais, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí na doiciméid a chur ar fáil in achar ama a fhágfaidh gur féidir leas a bhaint as a bpoitéinseal eacnamaíoch ina iomláine. Ba cheart bearta sonracha a dhéanamh chun fáil réidh le srianta teicniúla agus airgeadais. I gcás ina bhfuil ceadúnas in úsáid, féadfaidh sé a bheith mar chuid de théarmaí an cheadúnais doiciméid a bheith ar fáil go prapúil. I gcás inar riachtanach fíorú sonraí ar mhaithe le leas an phobail a bhfuil údar maith leis, go háirithe maidir le sláinte agus sábháilteacht an phobail, ba cheart sonraí dinimiciúla a chur ar fáil láithreach tar éis fíorú a dhéanamh. Níor cheart go ndéanfadh fíorú riachtanach den sórt sin difear do mhinicíocht na nuashonruithe.

(32)  Chun rochtain a fháil ar na sonraí a chuirfear ar fáil lena n-athúsáid faoin Treoir seo, is mór an chabhair rochtain ar shonraí dinimiciúla a áirithiú trí APInna ▌atá dea-cheaptha. Is éard is ciall le API tacar feidhmeanna, nósanna imeachta, sainmhínithe agus prótacail ó thaobh cumarsáid meaisín le meaisín agus malartú faisnéise gan uaim. Ba cheart doiciméadacht theicniúil shoiléir atá iomlán agus atá ar fáil ar líne a bheith ag teacht le APInna . I gcás inar féidir, ba cheart APInna oscailte a úsáid. Ba cheart prótacail chaighdeánacha a aithnítear ar an leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus úsáid a bhaint as caighdeáin idirnáisiúnta i gcomhair tacair sonraí i gcás inarb infheidhme. Féadfaidh leibhéil éagsúla castachta a bheith ag APInna agus is féidir nasc bunúsach chuig bunachar sonraí, comhéadan gréasáin nó córacha níos casta a bheith i gceist chun tacair áirithe sonraí a aisghabháil. Baineann luach ginearálta le hathúsáid agus le comhroinnt sonraí trí úsáid oiriúnach APInna mar cuideoidh sé le forbróirí agus le gnólachtaí nuathionscanta seirbhísí agus táirgí nua a chruthú. Bunriachtanas freisin é chun éiceachórais luachmhara a chruthú bunaithe ar acmhainní sonraí atá díomhaoin go minic. Ní mór roinnt prionsabal a leanúint agus APInna á gcur ar bun agus á n-úsáid: infhaighteacht, cobhsaíocht, cothabháil feadh an tsaolré, aonfhoirmeacht úsáide agus caighdeán, fusacht úsáide agus slándáil. Maidir le sonraí dinimiciúla, is é sin sonraí a nuashonraítear go minic, i bhfíor-am go minic, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí agus do ghnóthais phoiblí na sonraí sin a chur ar fáil lena n-athúsáid láithreach tar éis a mbailithe, trí APInna oiriúnacha agus, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil, ach amháin i gcásanna a mbainfeadh iarracht dhíréireach leis sin. Agus comhréireacht na hiarrachta á measúnú, ba cheart méid agus buiséad oibriúcháin an chomhlachta earnála poiblí nó an ghnóthais phoiblí atá i gceist a chur san áireamh.

(33)  Is féidir na deiseanna athúsáide a fheabhsú ach teorainn a chur leis an ngá doiciméid pháipéir a dhigitiú nó comhaid dhigiteacha a phróiseáil le go mbeidís comhoiriúnach dá chéile. Dá bhrí sin, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí doiciméid a chur ar fáil in aon fhormáid nó teanga ina bhfuil siad cheana féin, trí mhodhanna leictreonacha i gcás inar féidir agus inarb iomchuí. Ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí féachaint go fabhrach ar iarrataí ar shleachta as doiciméid arb ann dóibh, nuair nach mbeadh ach oibríocht shimplí de dhíth chun an iarraidh a cheadú. Níor cheart oibleagáid a bheith ar chomhlachtaí na hearnála poiblí, áfach, sliocht as doiciméad a sholáthar nó formáid na faisnéise atá á hiarraidh a mhodhnú i gcás ina mbeadh iarracht dhíréireach de dhíth chuige sin. Chun an athúsáid a éascú, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí a ndoiciméid féin a chur ar fáil i bhformáid nach mbraitheann, a mhéid is féidir agus is iomchuí, ar bhogearraí sonracha a úsáid. I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí aird a thabhairt ar dheiseanna do dhaoine faoi mhíchumas doiciméid a athúsáid, agus ar dheiseanna doiciméid a athúsáid ar mhaithe le daoine faoi mhíchumas, tríd an bhfaisnéis a sholáthar i bhformáid inrochtana i gcomhréir le ceanglais Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19).

(34)  Chun an athúsáid a éascú, ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, doiciméid, lena n-áirítear na doiciméid a fhoilsítear ar shuíomhanna gréasáin, a chur ar fáil i bhformáid oscailte agus meaisín-inléite agus in éineacht leis na meiteashonraí a bhaineann leo, ar an leibhéal beachtais agus gráinneachta is fearr, i bhformáid a áiritheoidh an idir-inoibritheacht, mar shampla. trína bpróiseáil ar bhealach atá ag teacht leis na prionsabail lena rialaítear na ceanglais chomhoiriúnachta agus in-úsáideachta a bhaineann le faisnéis spásúil faoi Threoir 2007/2/CE.

(35)  Ba cheart a mheas go bhfuil doiciméad i bhformáid mheaisín-inléite má tá sé i bhformáid chomhaid atá struchtúrtha sa dóigh gur féidir le feidhmeanna bogearraí sonraí ar leith a aimsiú, a aithint agus a bhaint as gan dua. Ba cheart a mheas gur sonraí meaisín-inléite iad na sonraí atá códaithe i gcomhaid atá struchtúrtha i bhformáid mheaisín-inléite. Is féidir le formáid mheaisín-inléite a bheith oscailte nó dílsithe; féadfaidh caighdeáin fhoirmiúla a bheith nó gan a bheith i gceist. Doiciméid atá códaithe i bhformáid chomhaid a theorannaíonn an phróiseáil uathoibríoch toisc nach féidir na sonraí a bhaint astu, nó a bhaint astu gan dua, níor cheart a mheas go bhfuil na doiciméid sin i bhformáid mheaisín‑inléite. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, úsáid formáidí a aithnítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta atá oscailte meaisín-inléite a chur chun cinn. Ba cheart an Creat Eorpach Idirinoibritheachta a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme, agus réitigh theicniúla á gceapadh chun doiciméid a athúsáid.

(36)  Tá muirir ar athúsáid doiciméad ina mbacainn mhór ar dhul isteach sa mhargadh do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna. Dá bhrí sin, ba cheart doiciméid a chur ar fáil lena n-athúsáid saor in aisce agus, i gcás ina mbeidh muirir riachtanach, ba cheart iad a bheith teoranta i bprionsabal do na costais imeallacha. I gcás ina ndéanann comhlachtaí earnála poiblí cuardach i gcomhair na faisnéise a iarradh, ar cuardach fíorchuimsitheach é, nó ina ndéanann siad modhnuithe ar fhormáid na faisnéise a iarradh, ar modhnuithe fíorchostasacha iad, ar bhonn deonach nó de réir mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta, féadfaidh go gcumhdóidh na costais imeallacha na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin. I gcásanna eisceachtúla, ba cheart a chur san áireamh gur gá gan bac a chur ar ghnáthfheidhmiú comhlachtaí earnála poiblí a bhfuil ceangal orthu ioncam a ghiniúint chun cuid shubstaintiúil dá gcostas a chumhdach i ndáil lena gcúraimí poiblí a dhéanamh. Tá feidhm aige sin freisin i gcás ina gcuireann comhlacht de chuid na hearnála poiblí sonraí ar fáil ina sonraí oscailte ach go bhfuil ceangal air ioncam a ghiniúint chun cuid shubstaintiúil dá chostas a chumhdach i ndáil lena chúraimí poiblí a fheidhmiú Ba cheart an ról atá ag gnóthais phoiblí i dtimpeallacht eacnamaíoch iomaíoch a aithint freisin. I gcásanna den sórt sin, ba cheart comhlachtaí na hearnála poiblí agus gnóthais phoiblí a bheith in ann, dá réir sin, muirear os cionn na gcostas imeallach a ghearradh. Ba cheart na muirir sin a shocrú de réir critéir oibiachtúla thrédhearcacha infhíoraithe agus níor cheart an t-ioncam iomlán ó sholáthar agus ceadú athúsáide doiciméad a bheith níos mó ná costais an bhailithe agus an táirgthe, lena n-áirítear ceannach ó thríú páirtithe, an atáirgthe, na cothabhála, na stórála agus an scaipthe, maille le brabús réasúnach ar an infheistíocht. I gcás inarb infheidhme, ba cheart gur féidir a áireamh ar na costais incháilithe freisin na costais a bhaineann le sonraí pearsanta a anaithnidiú agus na costais a bhaineann le bearta chun rúndacht sonraí a chosaint. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar chomhlachtaí earnála poiblí agus gnóthais phoiblí na costais sin a nochtadh. An ceanglas ioncam a ghiniúint chun cuid shubstaintiúil de chostais chomhlachtaí na hearnála poiblí a chumhdach i ndáil lena gcúraimí poiblí a dhéanamh nó scóip na seirbhísí leasa ghinearálta a chuirtear de chúram ar ghnóthais phoiblí, ní gá ceanglas dlí a bheith iontu agus féadfaidh siad eascairt, mar shampla, ón gcleachtas riaracháin sna Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit an ceanglas sin a athbhreithniú go rialta.

(37)  Is féidir an toradh ar infheistíocht a thuiscint mar chéatadán, sa bhreis ar chostais imeallacha, lenar féidir costas an chaipitil a aisghabháil agus fíor-ráta toraidh a chur san áireamh. Ar an ábhar go mbíonn costas an chaipitil nasctha go dlúth le rátaí úis institiúidí creidmheasa, rátaí atá bunaithe iad féin ar ráta seasta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (“BCE”) maidir le príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, níor cheart gur mhó na 5 % os cionn ráta seasta úis BCE an toradh réasúnach ar infheistíocht.

(38)  Ba cheart leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim agus cartlanna a bheith in ann muirir os cionn na gcostas imeallach a ghearradh ionas nach gcuirfear isteach ar a ngnáthfheidhmiú. I gcás comhlachtaí earnála poiblí den sórt sin, níor cheart an t-ioncam iomlán ó sholáthar agus ceadú athúsáide doiciméad le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí a bheith níos mó ná costas an bhailithe, an táirgthe, an atáirgthe, an scaipthe, an chaomhnaithe agus an imréitigh ceart, maille le brabús réasúnach ar an infheistíocht. I gcás inarb infheidhme, na costais a bhaineann le sonraí pearsanta nó faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a anaithnidiú, ba cheart iad a áireamh ar na costais incháilithe freisin. I gcás leabharlann, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaem agus cartlann, agus aird á tabhairt ar shainiúlachtaí na forais sin, an praghas a ghearrtar san earnáil phríobháideach ar athúsáid doiciméad atá comhionann nó comhchosúil, ba cheart é a chur san áireamh agus an brabús réasúnach ar an infheistíocht á ríomh.

(39)  Na huasteorainneacha le muirir a shocraítear sa Treoir seo, ní dochar iad do cheart na mBallstát muirir níos ísle a ghearradh nó gan muirear a ghearradh.

(40)  Ba cheart do na Ballstáit na critéir a leagan síos le haghaidh muirearú os cionn na gcostas imeallach. Mar shampla, ba cheart go mbeadh siad in ann na critéir sin a leagan síos i rialacha náisiúnta nó go mbeadh siad in ann comhlacht iomchuí nó na comhlachtaí iomchuí a ainmniú, seachas an comhlacht earnála poiblí féin, is inniúil chun na critéir sin a leagan síos. Ba cheart an comhlacht sin a bheith eagraithe i gcomhréir le córais bhunreachtúla agus dhlíthiúla na mBallstát. D'fheadfadh comhlacht arb ann dó a bhfuil cumhachtaí cur chun feidhme buiséid aige agus arb ann d'fhreagracht pholaitiúil ina leith a bheith ann.

(41)  Réamhchoinníoll chun margadh faisnéise uile-Aontais a fhorbairt is ea a áirithiú go bhfuil na coinníollacha maidir le hathúsáid doiciméad ón earnáil phoiblí soiléir agus ar fáil go poiblí. Dá bhrí sin, ba cheart na coinníollacha infheidhme uile ar athúsáid na ndoiciméad a shoiléiriú don athúsáideoir féideartha. Ba cheart do na Ballstát spreagadh a chur i gcruthú innéacsanna de na doiciméid atá ar fáil a mbeidh rochtain orthu ar líne, más iomchuí, chun iarrataí athúsáide a chur chun cinn agus a éascú. Na hiarratasóirí ar athúsáid doiciméad atá i seilbh eintiteas nach gnóthais phoiblí, bunaíochtaí oideachais, eagraíochtaí déanta taighde ná eagraíochtaí maoinithe taighde iad, ba cheart iad a chur ar an eolas faoi na modhanna sásaimh atá le fáil i ndáil le cinntí nó cleachtais a dhéanann difear dóibh. Bainfidh tábhacht ar leith leis sin i gcás gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna toisc go bhféadfadh sé nach mbeidís cleachtach ar dhéileáil le comhlachtaí earnála poiblí i mBallstáit eile agus na modhanna sásaimh comhfhreagracha.

(42)  An deis comhlacht athbhreithnithe neamhchlaonta athbhreithniú a dhéanamh, ba cheart an deis sin a bheith ar na modhanna sásaimh. D'fhéadfadh údarás náisiúnta arb ann dó a bheith sa chomhlacht sin, amhail an t-údarás iomaíochta náisiúnta, an t-údarás maoirseachta náisiúnta arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, an t-údarás náisiúnta um rochtain ar dhoiciméid nó údarás breithiúnach náisiúnta. Ba cheart an comhlacht sin a bheith eagraithe i gcomhréir le córais bhunreachtúla agus dhlíthiúla na mBallstát. Níor cheart gur dhochar dul ar iontaoibh an chomhlachta sin d'aon mhodhanna sásaimh eile atá ar fáil d'iarratasóirí ar athúsáid. Ba cheart dó, áfach, a bheith ar leithligh ón sásra de chuid an Bhallstáit lena leagtar síos na critéir le haghaidh muirear os cionn na gcostas imeallach a ghearradh. Ba cheart an deis a áireamh ar na modhanna sásaimh athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí diúltacha agus ar chinntí a cheadódh an athúsáid ach, d'ainneoin sin, a chuirfeadh isteach ar an iarratasóir ar fhorais eile, go háirithe de dheasca na rialacha muirearaithe a bhaineann leo. Ba cheart próiseas an athbhreithnithe a bheith gasta, i gcomhréir le riachtanais an mhargaidh a bhíonn ag athrú go tapa.

(43)  Poibliú na ndoiciméad uile a bhfuil fáil orthu go ginearálta agus atá i seilbh na hearnála poiblí – ní hamháin i ndáil leis an bpróiseas polaitiúil, ach i ndáil leis an bpróiseas dlíthiúil agus riaracháin freisin – is uirlis bhunúsach é sin le haghaidh fhairsingiú an chirt chun eolais, ar bunphrionsabal de chuid an daonlathais é. Baineann an cuspóir sin le hinstitiúidí ar gach leibhéal, bíodh sin an leibhéal áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta.

(44)  Ni cheart go mbeadh athúsáid doiciméad faoi réir ag coinníollacha. I gcásanna eile, áfach, ina bhfuil údar maith maidir le cuspóir leasa an phobail ag baint leo, féadfar ceadúnas a eisiúint lena bhforchuirfear coinníollacha ar an athúsáid ag an gceadúnaí agus a dhéileálfaidh le saincheisteanna amhail dliteanas, cosaint sonraí pearsanta, úsáid chuí doiciméad, ráthaíocht nach n-athrófar iad agus aitheantas na foinse. Má cheadúnaíonn comhlachtaí na hearnála poiblí doiciméid lena n-athúsáid, ba cheart coinníollacha an cheadúnais a bheith oibiachtúil, comhréireach agus. neamh-idirdhealaitheach. Féadfaidh ról tábhachtach ina thaobh sin freisin a bheith ag ceadúnais chaighdeánacha a bhfuil fáil orthu ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le ceadúnais chaighdeánacha a bheith ar fáil. I ngach cás, le haon cheadúnas le haghaidh athúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí, ba cheart a laghad srianta is féidir a chur ar an athúsáid, e.g. aitheantas na foinse agus sin a mhéid. Maidir leis sin, ba cheart ról tábhachtach a bheith ag ceadúnais oscailte, i bhfoirm ceadúnais phoiblí chaighdeánaithe atá ar fáil ar líne, lena dtugtar cead d'aon duine rochtain a fháil gan bhac ar shonraí agus ábhar, agus na sonraí agus an t-ábhar sin a úsáid, a mhodhnú agus a chomhroinnt gan srian chun gach aon chríche, ar ceadúnais iad a bhraitheann ar fhormáidí sonraí oscailte. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid ceadúnas oscailte a spreagadh, agus ba cheart é sin a bheith ina ghnáthchleachtas ar fud an Aontais amach anseo. Gan dochar do cheanglais dliteanais a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, i gcás ina gcuirfidh comhlacht earnála poiblí nó gnóthas poiblí doiciméid ar fáil lena n-athúsáid gan aon choinníollacha ná srianta eile, féadfaidh an comhlacht earnála poiblí nó an gnóthas poiblí sin bheith in ann gach dliteanas a tharscaoileadh maidir leis na doiciméid a cuireadh ar fáil lena n-athúsáid.

(45)  Má chinneann an t-údarás inniúil gan doiciméid áirithe a chur ar fáil lena n-athúsáid a thuilleadh, nó scor de na doiciméid sin a nuashonrú, ba cheart dó na cinntí sin a phoibliú, a luaithe is féidir, trí mhodhanna leictreonacha nuair is féidir.

(46)  Ba cheart na coinníollacha ar an athúsáid a bheith neamh-idirdhealaitheach le haghaidh catagóirí inchomparáide athúsáide. Níor cheart, i ndáil leis an méid sin, go gcuirfí cosc ar mhalartú faisnéise saor in aisce idir comhlachtaí earnála poiblí chun cúraimí poiblí a dhéanamh, ach muirear a ghearradh ar pháirtithe eile as athúsáid na ndoiciméad céanna. Ná níor cheart go gcuirfí cosc leis ar bheartas muirear difreáilte a ghlacadh maidir le hathúsáid tráchtála agus neamhthráchtála.

(47)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go háirithe nach ndéanfaí de thoradh athúsáid doiciméad, ar le gnóthais phoiblí iad, an margadh a shaobhadh agus nach mbainfí an bonn ó iomaíocht chóir.

(48)  Ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí rialacha iomaíochta an Aontais agus rialacha iomaíochta náisiúnta a chomhlíonadh nuair a leagann siad síos na prionsabail le haghaidh athúsáid doiciméad, ag seachaint, an oiread is féidir, comhaontuithe eisiacha eatarthu féin agus comhpháirtithe príobháideacha. Chun seirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a sholáthar, áfach, d'fhéadfadh sé gur gá, uaireanta, ceart eisiach chun doiciméid shonracha ón earnáil phoiblí a athúsáid. D'fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás nach bhfoilseodh aon fhoilsitheoir tráchtála an fhaisnéis gan ceart eisiach den sórt sin. I dtaca leis sin, is iomchuí aon chonarthaí seirbhísí poiblí a eisiatar ó raon feidhme Threoir 2014/24/AE de bhun Airteagal 11 den Treoir sin agus comhpháirtíochtaí nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 31 de Threoir 2014/24/AE a chur san áireamh.

(49)  Is iomaí socrú comhair atá ann idir leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim, cartlanna agus comhpháirtithe príobháideacha lena mbaineann digitiú acmhainní cultúrtha a thugann cearta eisiacha do chomhpháirtithe príobháideacha. Is léir ar an taithí gur féidir le comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí den sórt sin úsáid fhónta bailiúchán cultúrtha a éascú agus ag an am céanna rochtain ar an oidhreacht chultúrtha a thabhairt don phobal níos tapa. Dá bhrí sin, is iomchuí na héagsúlachtaí a chur san áireamh atá ann faoi láthair idir na Ballstáit maidir le digitiú acmhainní cultúrtha, le sraith shonrach rialacha maidir le comhaontuithe faoi dhigitiú acmhainní den sórt sin. I gcás ina mbainfidh ceart eisiach le digitiú acmhainní cultúrtha, d'fhéadfadh sé gur gá tréimhse áirithe eisiachais chun deis a thabhairt don chomhpháirtí príobháideach a infheistíocht a fháil ar ais. Ba cheart an tréimhse sin, áfach, a bheith teoranta chuig an tréimhse ama is giorra agus is féidir , chun an prionsabal gur cheart d'ábhar atá san fhearann poiblí fanacht san fhearann poiblí nuair a dhéantar é a dhigitiú a chomhlíonadh. Ní cheart, go ginearálta, gur fada ná 10 mbliana an tréimhse a mhairfeadh ceart eisiach chun acmhainní cultúrtha a dhigitiú. Ba cheart aon tréimhse is faide ná 10 mbliana a bheith faoi réir a hathbhreithnithe, ag cur san áireamh athruithe teicneolaíocha, airgeadais agus riaracháin lena mbaineann ó rinneadh an socrú. Ina theannta sin, le haon chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí maidir le digitiú acmhainní cultúrtha ba cheart cearta iomlána a thabhairt don institiúid chultúrtha is comhpháirtí inti i ndáil le húsáid acmhainní cultúrtha digitithe tar éis fhoirceannadh na comhpháirtíochta.

(50)  Socruithe idir sealbhóirí sonraí agus athúsáideoirí sonraí nach dtugann cearta eisiacha go sainráite ach is féidir a cheapadh go réasúnach go gcuirfidh siad srian le hinfhaighteacht doiciméad lena n-athúsáid, ba cheart grinnscrúdú poiblí breise a dhéanamh orthu ▌. Dá bhrí sin, ba cheart na gnéithe fíor-riachtanacha de shocruithe den sórt sin ▌ a fhoilsiú ar líne dhá mhí, ar a laghad, roimh dóibh teacht i bhfeidhm, eadhon. dhá mhí roimh an dáta a socraíodh a gcuirfí tús le comhlíonadh oibleagáidí na bpáirtithe. Agus an méid thuas á fhoilsiú, ba cheart deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara athúsáid na ndoiciméad atá cumhdaithe ag na socruithe sin a iarraidh agus an riosca go gcuirfí srian le raon na n-athúsáideoirí féideartha a chosc. Ar aon chuma, na gnéithe fíor-riachtanacha de shocruithe den sórt sin atá sa leagan críochnaitheach arna gcomhaontú ag na páirtithe, ba cheart iad a phoibliú ar líne gan mhoill mhíchuí nuair a thabharfaí i gcrích iad ▌.

(51)  Tá sé d'aidhm ag an Treoir seo íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh buntáiste an cheannródaí iomarcach sa dóigh laghdófaí líon na n-athúsáideoirí féideartha a bheadh ann do na sonraí. De bhreis ar oibleagáidí an Bhallstáit faoin Treoir seo doiciméid a thabhairt, i gcás inar dóigh go bhféadfadh aistriú acmhainní an Bhallstáit laistigh de bhrí Airteagal 107 CFAE a bheith i gceist le socruithe conarthacha, ba cheart nár dhochar an Treoir seo do chur i bhfeidhm na rialacha maidir leis na rialacha iomaíochta agus státchabhracheile a leagtar síos in Airteagal 101 go hAirteagal 109 den CFAE. De thoradh na rialacha maidir leis an státchabhair a leagtar síos in Airteagal 107 go hAirteagal 109 den CFAE, ní mór don Bhallstát a fhíorú ex ante an bhfuil státchabhair i gceist leis na socruithe conarthacha ábhartha agus ní mór dó a áirithiú go gcloíonn na socruithe sin leis na rialacha maidir le státchabhair.

(52)  Ní dhéantar leis an Treoir seo ▌difear do chosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20), agus lena n‑áirítear aon fhorálacha forlíontacha den dlí náisiúnta. Ciallaíonn sé sin, inter alia, nach ceadmhach sonraí pearsanta a athúsáid ach amháin má chomhlíontar prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra mar a leagtar amach é i bpojnte (b) d’Airteagal 5(1) agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679. Is éard is faisnéis anaithnid aon fhaisnéis nach mbaineann le duine nádúrtha atá aitheanta nó inaitheanta nó le sonraí pearsanta a dhéantar anaithnid ar bhealach nach féidir an t-ábhar sonraí a aithint nó nach féidir an t-ábhar sonraí a aithint a thuilleadh. Bealach é an t-anaithnidiú faisnéise le teacht ar réiteach idir na leasanna a bhaineann le faisnéis ón earnáil phoiblí a dhéanamh chomh hin-athúsáidte agus is féidir agus na hoibleagáidí arb ann dóibh de réir an dlí cosanta sonraí, ach baineann costas leis. Is iomchuí an costas sin a mheas mar cheann de na hítimí costais atá le cur san áireamh mar chuid den chostas imeallach a bhaineann leis an scaipeadh dá dtagraítear sa Treoir seo é.

(53)  Nuair a dhéanfar cinntí faoin raon feidhme agus faoi na coinníollacha a bhaineann le hathúsáid doiciméad ón earnáil phoiblí ina bhfuil sonraí pearsanta, in earnáil na sláinte cuir i gcás, féadfaidh sé gur gá measúnaithe tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679.

(54)  Ní dhéanann an Treoir seo difear do chearta maoine intleachtúla tríú páirtithe. Chun amhras a sheachaint, is do chóipcheart agus cearta gaolmhara (lena n-áirítear cineálacha cosanta sui generis), agus dóibh sin amháin, a thagraíonn an téarma 'cearta maoine intleachtúla'. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le doiciméid a chumhdaítear le cearta maoine tionsclaíocha, amhail paitinní agus dearthaí agus trádmharcanna cláraithe. Ní dhéanann an Treoir difear do bheithsine ná d'úinéireacht chearta maoine intleachtúla chomhlachtaí na hearnála poiblí, ná ní chuireann sí teorainn leis le feidhmiú na gceart sin ar aon bhealach de bhreis ar na teorainneacha a leagtar síos sa Treoir seo. Níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Treoir seo ach sa mhéid go bhfuil siad ag teacht le comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint, go háirithe Coinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint (“Coinbhinsiún Bheirn”) ▌, an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (“Comhaontú TRIPS”) agus Conradh EDMI um Chóipcheart (“WCT”) . Ba cheart do chomhlachtaí na hearnála poiblí, áfach, a gcóipcheart a fheidhmiú ar bhealach a éascaíonn an athúsáid.

(55)  Ag cur san áireamh dhlí an Aontais agus na n-oibleagáidí idirnáisiúnta atá ar na Ballstáit agus ar an Aontas, go háirithe faoi Choinbhinsiún Bheirn agus faoi Chomhaontú TRIPS, ba cheart doiciméid a bhfuil cearta maoine intleachtúla ag tríú páirtithe ina leith a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. Más ag tríú páirtí i dtosach a bhí na cearta maoine intleachtúla i leith doiciméad atá i seilbh leabharlainne, lena n-áirítear leabharlann ollscoile, músaeim nó cartlainne agus nach bhfuil tréimhse cosanta na gceart sin in éag, ba cheart a mheas chun críche na Treorach seo, gur doiciméad é an doiciméad sin a bhfuil cearta maoine intleachtúla ag tríú páirtithe ina leith.

(56)  Ba cheart nár dhochar an Treoir seo do na cearta, lena n-áirítear cearta eacnamaíocha agus morálta, is féidir a bheith ag fostaithe chomhlachtaí na hearnála poiblí faoin dlí náisiúnta.

(57)  Thairis sin, nuair a chuirtear aon doiciméad ar fáil lena athúsáid, ba cheart don chomhlacht earnála poiblí lena mbaineann an ceart a choinneáil chun leas a bhaint as an doiciméad sin.

(58)  Ní dochar an Treoir seo do Threoir 2014/24/AE.

(59)  Uirlisí a chuidíonn le athúsáideoirí féideartha teacht ar dhoiciméid lena n-athúsáid agus ar na coinníollacha ar an athúsáid, is féidir leo éascaíocht nach beag a dhéanamh d'úsáid trasteorann doiciméad ón earnáil phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil socruithe praiticiúla i bhfeidhm a chuidíonn le hathúsáideoirí na doiciméid atá ar fáil lena n-athúsáid a chuardach. Is samplaí de shocruithe praiticiúla iad liostaí acmhainní, a bheadh le fáil ar líne de rogha, de dhoiciméid (doiciméid a athúsáidtear go tréan nó a bhfuil an poitéinseal ann go n‑athúsáidfí go tréan iad), agus suíomhanna tairsí atá nasctha le hacmhainní díláraithe. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh teacht go héasca san fhadtéarma ar fhaisnéis ón earnáil phoiblí lena hathúsáid, i gcomhréir leis na beartais chaomhnaithe is infheidhme.

(60)  Ba cheart don Choimisiún comhar idir na Ballstáit a éascú agus tacú le ceapadh, tástáil, cur chun feidhme agus cur in úsáid comhéadan leictreonach idir-inoibritheach, rud a chuirfeadh le héifeachtúlacht agus sláine seirbhísí poiblí.

(61)  Ní dochar an Treoir seo do Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21) ▌. Foráiltear inti na coinníollacha ar ar féidir le comhlachtaí na hearnála poiblí a gcearta maoine intleachtúla a fheidhmiú i margadh inmheánach na faisnéise nuair a cheadaíonn siad athúsáid doiciméad. I gcásanna ina bhfuil an ceart ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, níor cheart dóibh an ceart sin a fheidhmiú chun cosc a chur ar athúsáid doiciméid arb ann dóibh nó chun srian a chur ar athúsáid doiciméad arb ann dóibh thar na teorainneacha dá bhforáiltear leis an Treoir seo.

(62)  Thacaigh an Coimisiún le forbairt na tuarascála ar líne maidir le haibíocht i dtaobh sonraí oscailte le táscairí ábhartha feidhmíochta maidir le hathúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí sna Ballstáit uile. Le nuashonrú tráthrialta na tuarascála sin cothófar malartú faisnéise idir na Ballstáit agus infhaighteacht faisnéise maidir le beartais agus cleachtais san Aontas trí chéile.

(63)  Is gá a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit faireachán ar an méid athúsáide atáthar a bhaint as faisnéis ón earnáil phoiblí, na coinníollacha ar a gcuirtear ar fáil í agus na cleachtais sásaimh.

(64)  Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a thabhairt don na Ballstáit an Treoir seo a chur chun feidhme ar bhealach comhleanúnach trí threoirlíne a chur amach agus trí na treoirlínte arb ann dóibh a thabhairt cothrom le dáta , go háirithe maidir lena moltar i ndáil leis na ceadúnais chaighdeánacha, na tacair sonraí agus an muirearú le haghaidh athúsáid doiciméad, tar éis comhairliúchán le páirtithe leasmhara.

(65)  Ar phríomhaidhmeanna bhunú an mhargaidh inmheánaigh tá cruthú dálaí atá fabhrach do fhorbairt seirbhísí uile-Aontais. I seilbh na leabharlann, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, na músaem agus na gcartlann tá méid mór acmhainní luachmhara faisnéise ón earnáil phoiblí, go háirithe toisc go bhfuil tionscadail digitithe tar éis cur go mór leis an méid ábhair dhigitigh atá san fhearann poiblí. Bunachar iad na bailiúcháin oidhreachta cultúrtha sin agus na meiteashonraí a bhaineann leo as a bhféadfaí táirgí agus seirbhísí inneachair dhigitigh a chruthú, agus tá poitéinseal ollmhór iontu d'athúsáid nuálach in earnálacha ar nós na foghlama agus na turasóireachta. Bunaíocht chultúrtha de chineálacha eile, amhail ceolfhoirne, forais cheoldrámaíochta, forais bhailé agus amharclanna, lena n-áirítear na cartlanna ar cuid de na bunaíochtaí sin iad, ba cheart dóibh fanacht lasmuigh den raon feidhme na Treorach seo de thairbhe a sainiúlachta mar 'thaibhealaíona' agus toisc go bhfuil a gcuid ábhair ar fad nach mór faoi réir cearta maoine intleachtúla tríú páirtí.

(66)  Chun foráil a dhéanamh do dhálaí a thacóidh le hathúsáid doiciméad lena mbaineann mórthairbhí socheacnamaíocha a mbeidh ardfhiúntas ar leith iontu don gheilleagar agus don tsochaí, ba cheart liosta de chatagóirí téamacha de thacair sonraí ardluacha a leagan amach in Iarscribhinn.. Mar shampla, agus gan dochar do na gníomhartha cur chun feidhme lena sainaithnítear na tacair sonraí ardluacha ar cheart feidhm a bheith ag na ceanglais shonracha a leagtar amach sa Treoir seo ina leith, ag cur san áireamh treoirlínte ón gCoimisiún maidir le ceadúnais caighdéanacha, tacair sonraí agus muirear a ghearradh ar athúsáid doiciméad), d'fhéadfadh na catagóirí téamacha na nithe seo a leanas a chumhdach, i measc nithe eile: cóid phoist, léarscáileanna náisiúnta agus áitiúla (geospásúil), tomhaltas fuinnimh agus íomhánna satailíte (faire na cruinne agus comhshaoil), sonraí in situ ó ionstraimí agus réamhaisnéisí aimsire (meitéareolaíocht), táscairí déimeagrafacha agus eacnamaíocha (staidreamh), cláir ghnó agus aitheantóirí clárúcháin (cuideachtaí agus úinéireacht cuideachtaí), comharthaí bóthair agus uiscebhealaí intíre (soghluaisteacht).

(67)  D'fhonn an liosta d chatagóirí téamacha de thacair sonraí ardluacha a leasú, trína thuilleadh catagóirí téamacha a chur isteach ann, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún h Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(22). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(68)  Liosta uile-Aontais de thacair sonraí a bhfuil poitéinseal ar leith iontu tairbhí eacnamaíocha a ghiniúint, in éineacht le coinníollacha comhchuibhithe ar athúsáid, is áis thábhachtach a bheadh sa mhéid sin chun feidhmeanna agus seirbhísí sonraí trasteorann a dhéanamh. D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun tacú le hathúsáid doiciméad a bhaineann le tairbhí socheacnamaíocha tábhachtacha trí liosta a ghlacadh de thacair sonraí ardluacha sonracha a mbeadh feidhm maidir leo ag ceanglais shonracha de chuid na Treorach seo, agus trí na socruithe praiticiúla dá bhfoilsiú agus dá n-athúsáid a ghlacadh freisin. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag na ceanglais shonracha sin sula nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme. Ba cheart gníomhartha dlí earnála an Aontais lena rialaítear foilsiú tacar sonraí a chur san áireamh sa liosta, amhail Treoracha 2007/2/CE agus 2010/40/AE chun a áirithiú go ndéanfar na tacair sonraí a chur ar fáil faoi na caighdeáin agus na tacair meiteashonraí chomhfhreagracha. Ba cheart go mbeadh an liosta bunaithe ar na catagóirí téamacha a leagtar amach sa Treoir seo. Agus an liosta á ullmhú, ba cheart don Choimisiún comhairliúcháin iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe. Lena chois sin, agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na sonraí atá á gcoinneáil ag gnóthais phoiblí nó maidir lena n-infhaighteacht shaor, ba cheart na héifeachtaí ar an iomaíocht sna margaí ábhartha a chur san áireamh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23).

(69)  D'fhonn a áirithiú go mbeidh an t-uasmhéid tionchair acu agus chun an athúsáid a éascú, ba cheart na tacair sonraí ardluacha a chur ar fáil lena n-athúsáid faoi shrianta dlíthiúla íosta agus saor in aisce. Ina theannta sin, ba cheart iad a fhoilsiú trí APIanna ▌. Ní chuireann an méid sin cosc ar chomhlachtaí earnála poiblí muirir a ghearradh ar sheirbhísí a sholáthraíonn siad i ndáil leis na tacair sonraí ardluacha agus iad ag feidhmiú mar údarás poiblí, go háirithe agus barántúlacht nó fírinneacht doiciméad á deimhniú acu.

(70)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon cruthú táirgí agus seirbhísí faisnéise uile-Aontais bunaithe ar dhoiciméid ón earnáil phoiblí a éascú, úsáid éifeachtach trasteorann doiciméad ón earnáil phoiblí a áirithiú, ar thaobh amháin ag gnóthlachtaí príobháideacha, go háirithe FBManna, le haghaidh táirgí agus seirbhísí faisnéise breisluacha, agus ar an taobh eile ag saoránaigh chun saorchúrsaíocht faisnéise agus cumarsáide a éascú, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr raon feidhme uile-Aontais na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(71)  Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an ceart chun príobháideachta, cosaint sonraí pearsanta, an ceart chun maoine lánpháirtiú daoine atá faoi mhíchumas . Níor cheart aon rud sa Treoir seo a léiriú ná a chur chun feidhme ar bhealach nach bhfuil ag teacht le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

(72)  Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh.45/2001 agus thug sé tuairim uaidh ar an 10 Iúil 2018(24).

(73)  Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. De bhun Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, ba cheart an mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar chúig chritéar, mar atá an éifeachtúlacht, an éifeachtacht, an ábharthacht, an chomhsheasmhacht agus an breisluach , agus ba cheart í a bheith ina bunús le measúnuithe tionchair ar ghníomhaíocht a d'fhéadfaí a dhéanamh amach anseo.

(74)  Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis an teorainn ama chun na Treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid B a thrasuí sa dlí náisiúnta,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  D'fhonn úsáid sonraí oscailte a chur chun cinn agus nuálaíocht i dtáirgí agus i seirbhísí a spreagadh, leagtar síos leis an Treoir seo sraith de rialacha íosta lena rialaítear an athúsáid agus na socruithe praiticiúla chun an athúsáid a éascú maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)  doiciméid arb ann dóibh atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí na mBallstát;

(b)  doiciméid arb ann dóibh atá i seilbh gnóthas poiblí atá:

(i)  ag gníomhú sna réimsí a shainítear i dTreoir 2014/25/AE ;

(ii)  ag gníomhú mar oibreoirí seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007;

(iii)  ag gníomhú mar aeriompróirí ag comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008; nó

(iv)  ag gníomhú mar longúinéirí Comhphobail ag comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92;

(c)  sonraí taighde, de bhun na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10 ▌.

2.  Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)  doiciméid a bhfuil a soláthar ina ghníomhaíocht atá lasmuigh de scóip chúraimí poiblí na gcomhlachtaí earnála poiblí lena mbaineann mar a shainítear sa dlí nó i rialacha ceangailteacha eile sa Bhallstát, nó d'uireasa rialacha den sórt sin, mar a shainítear i gcomhréir leis an gcleachtas riaracháin coiteann sa Bhallstát i gceist, ar choinníoll go bhfuil scóip na gcúraimí poiblí trédhearcach agus faoi réir a hathbhreithnithe;

(b)  doiciméid atá i seilbh gnóthas poiblí:

(i)  a táirgeadh lasmuigh den scóip a bhaineann le soláthar seirbhísí leasa ghinearálta mar a shainítear sin sa dlí nó i rialacha ceangailteacha eile sa Bhallstáit;

(ii)  a bhaineann le gníomhaíochtaí atá go díreach faoi lé iomaíochta agus, dá bhrí sin, de bhun Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE, nach bhfuil faoi réir rialacha soláthair;

(c)  doiciméid a bhfuil cearta maoine intleachtúla ag tríú páirtithe ina leith;

(d)  doiciméid, amhail sonraí íogaire, a bhfuil cosc ar rochtain orthu de bhua na gcóras rochtana sna Ballstáit, lena n-áirítear na forais seo a leanas:

(i)  cosaint na slándála náisiúnta (is é sin le rá, slándáil an Stáit), cosaint, nó an tslándáil phoiblí;

(ii)  rúndacht staidrimh;

(iii)  rúndacht tráchtála (lena n-áirítear rúin ghnó, ghairmiúla nó chuideachta);

(e)  doiciméid a bhfuil cosc nó srian ar rochtain orthu arfhorais arb iad faisnéis íogair a bhaineann le bonneagar criticiúil a chosaint mar a shainmhínítear i bpointe (d) d'Airteagal 2 de Threoir 2008/114/CE;

(f)  doiciméid a bhfuil an rochtain orthu srianta de bhua na gcóras rochtana sna Ballstáit, lena n-áirítear cásanna ina gcaithfidh na saoránaigh nó na heintitis dhlíthiúla a léiriú go bhfuil leas ar leith acu i ndoiciméid chun rochtain a fháil orthu;

(g)  ▌lógónna, suaitheantais agus ionchomharthaí;

(h)  doiciméid, a bhfuil cosc nó srian ar an rochtain orthu de réir na gcóras rochtana chun sonraí pearsanta a chosaint, agus codanna de dhoiciméid ar féidir rochtain a fháil orthu de bhua na gcóras sin,ina bhfuil sonraí pearsanta ar sainíodh sa dlí go bhfuil a n-athúsáid contrártha leis an dlí maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta nó go mbaineann a n-athúsáid an bonn de chosaint na príobháideachta agus d'ionracas na ndaoine aonair, go háirithe i gcomhréir le reachtaíocht de chuid an Aontais nó an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta;

(i)  doiciméid atá i seilbh craoltóirí seirbhíse poiblí agus a bhfochomhlachtaí, agus i seilbh comhlachtaí eile agus a bhfochomhlachtaí chun sainchúram craolacháin seirbhíse poiblí a chomhlíonadh;

(j)  doiciméid atá i seilbh bunaíochtaí cultúrtha nach leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim ná cartlanna;

(k)  doiciméid atá i seilbh bunaíochtaí oideachais dara leibhéal agus leibhéal is ísle agus, i gcás gach bunaíochta oideachais eile, doiciméid nach doiciméid dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 iad;

(l)  doiciméid nach doiciméid dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 iad atá i seilbh eagraíochtaí déanta taighde agus eagraíochtaí maoinithe taighde, lena n-áirítear eagraíochtaí arna mbunú chun torthaí taighde a aistriú.

3.  Is forbairt í an Treoir seo ar chórais rochtana an Aontais agus ar chórais rochtana náisiúnta, agus ní dochar í dóibh ▌.

4.  Ní dochar an Treoir seo do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe an Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir 2002/58/CE, agus forálacha comhfhreagracha an dlí náisiúnta.

5.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Treoir seo ach a mhéid atá siad ag teacht le forálacha comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint, go háirithe Coinbhinsiún Berne ▌, Comhaontú TRIPS agus CEC.

6.  An ceart do dhéantóir bunachair sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, ní fheidhmeoidh comhlachtaí earnála poiblí é chun cosc a chur ar ▌athúsáid doiciméad nó srian a chur ar athúsáid doiciméad thar na teorainneacha a leagtar síos leis an Treoir seo.

7.  Leis an Treoir seo rialaítear athúsáid doiciméad arb ann dóibh atá i seilbh chomhlachtaí earnála poiblí agus ghnóthais phoiblí na mBallstát, lena n-áirítear doiciméid a bhfuil feidhm ag Treoir 2007/2/CE maidir leo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn 'comhlacht earnála poiblí' an Stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí a rialaítear leis an dlí poiblí nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó roinnt údarás den sórt sin nó comhlacht amháin nó roinnt comhlachtaí den sórt sin a rialaítear leis an dlí poiblí;

(2)  ciallaíonn 'comhlachtaí a rialaítear leis an dlí poiblí' comhlachtaí ag a bhfuil na tréithe uile seo a leanas:

(a)  bunaítear iad leis an gcuspóir sonrach riachtanais ghinearálta a chomhlíonadh, nach bhfuil carachtar tionsclaíoch ná tráchtála aige;

(b)  tá pearsantacht dhlítheanach acu; agus

(c)  tá siad á maoiniú, den chuid is mó, ag an Stát, ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla, nó ag comhlachtaí eile a rialaítear leis an dlí poiblí; nó tá siad faoi réir maoirseacht bainistíochta ag na húdaráis nó comhlachtaí sin; nó tá bord riaracháin, bainistíochta nó faireacháin acu, a bhfuil níos mó ná leath dá chomhaltaí ceaptha ag an Stát, ag údaráis réigiúnacha nó áitiúla nó ag comhlachtaí eile a rialaítear leis an dlí poiblí;

(3)  ciallaíonn 'gnóthas poiblí' aon ghnóthas atá gníomhach sna réimsí a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 1(1) a bhféadfaidh comhlachtaí earnála poiblí tionchar ceannasach a imirt go díreach nó go hindíreach air de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirteachais airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é. Measfar go bhfuil tionchar ceannasach á imirt ag na comhlachtaí earnála poiblí in aon cheann de na cásanna inar fíor an méid seo a leanas maidir leis na comhlachtaí sin, go díreach nó go hindíreach:

(a)  tá formhór de chaipiteal suibscríofa an ghnóthais acu,;

(b)  tá smacht acu, go díreach nó go hindíreach, ar fhormhór na vótaí a ghabhann leis na scaireanna arna n-eisiúint ag an ngnóthas;

(c)  is féidir leo níos mó ná leath de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais a cheapadh.

(4)   ciallaíonn 'ollscoil' aon chomhlacht earnála poiblí a thugann oideachas iar-mheánscoile a mbíonn céimeanna acadúla mar thoradh air;

(5)  ciallaíonn 'ceadúnas caighdeánach' tacar coinníollacha réamhshainithe maidir le hathúsáid i bhformáid dhigiteach, atá comhoiriúnach, más féidir, le ceadúnais phoiblí chaighdeánaithe atá ar fáil ar líne;

(6)   ciallaíonn 'doiciméad':

(a)  aon inneachar gan beann ar an meán (ar pháipéar, i bhfoirm leictreonach nó mar thaifead fuaime, físe nó closamhairc); nó

(b)  aon chuid d'inneachar den sórt sin;

(7)  ciallaíonn 'anaithnidiú' an próiseas chun doiciméid a athrú ina ndoiciméid anaithnide nach mbaineann le duine nádúrtha atá aitheanta nó inaitheanta nó leis na bpróseas trína ndéantar sonraí pearsanta a dhéanamh anaithnid ar bhealach nach féidir an t-ábhar sonraí a aithint a thuilleadh;

(8)  ciallaíonn 'sonraí dinimiciúla' doiciméid i bhfoirm dhigiteach a dhéantar a nuashonrú go minic nó i bhfíor-am, go háirithe mar gheall ar a luaineacht nó an dífheidhmeacht ghasta a bhaineann leo; sonraí arna nginiúint ag braiteoirí, de ghnáth meastar gur sonraí dinimiciúla iad;

(9)  ciallaíonn 'sonraí taighde' doiciméid i bhfoirm dhigiteach, nach foilseacháin eolaíocha iad, a bhailítear nó a tháirgtear le linn gníomhaíochtaí taighde eolaíoch agus a úsáidtear mar fhianaise sa phróiseas taighde, nó a ghlacann lucht taighde leis go coitianta go bhfuil gá leo chun torthaí taighde a bhailíochtú;

(10)  ciallaíonn 'tacair sonraí ardluacha' doiciméid a mbaineann mórthairbhí ▌don tsochaí, don chomhshaol agus don gheilleagar lena n-athúsáid, go háirithe mar gheall ar a n-oiriúnacht do chruthú seirbhísí breisluacha ▌, feidhmeanna agus poist ardcháilíochta, chuibhiúla nua, agus do líon na dtairbhithe a bhféadfadh leas a bhaint as na seirbhísí agus feidhmeanna breisluacha a bhunófaí ar na tacair sonraí sin;

(11)  ciallaíonn 'athúsáid' an úsáid a bhaineann daoine nó eintitis dhlíthiúla as doiciméid atá i seilbh:

(a)  chomhlachtaí earnála poiblí, chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála seachas an cuspóir tosaigh a bhí ann laistigh den chúram poiblí ar táirgeadh na doiciméid chuige, diomaite de mhalartú doiciméad idir comhlachtaí earnála poiblí chun a gcúraimí poiblí a shaothrú agus chuige sin amháin; nó

(b)  gnóthais phoiblí, chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála seachas an cuspóir tosaigh maidir le seirbhísí a chur ar fáil ar son an leasa choitinn ar táirgeadh na doiciméid chuige, diomaite de mhalartú doiciméad idir gnóthais phoiblí agus comhlachtaí na hearnála poiblí chun na cúraimí poiblí atá ar chomhlachtaí earnála poiblí a shaothrú agus chuige sin amháin.

(12)   ciallaíonn 'sonraí pearsanta' sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;

(13)   ciallaíonn 'formáid mheaisín-inléite' formáid chomhaid atá struchtúrtha sa dóigh gur féidir le feidhmeanna bogearraí sonraí ar leith, lena n-áirítear ráitis aonair fíoras, agus a struchtúr inmheánach, a aimsiú, a aithint agus a bhaint as gan dua;

(14)   ciallaíonn 'formáid oscailte' formáid chomhaid atá spleách ar ardán agus a chuirtear ar fáil don phobal gan aon srian a chuirfeadh bac ar athúsáid doiciméad;

(15)   ciallaíonn 'caighdeán oscailte foirmiúil' caighdeán a leagadh síos i bhfoirm scríofa, lena leagtar amach sonraíochtaí do na ceanglais maidir le conas idir-inoibritheacht bogearraí a áirithiú;

(16)  ciallaíonn 'brabús réasúnach ar an infheistíocht' céatadán den mhuirear foriomlán, de bhreis ar an gcéatadán sin is gá chun na costais incháilithe a chumhdach, nach mó ná 5 phointe céatadáin os cionn ráta seasta úis BCE;

(17)  ciallaíonn 'tríú páirtí' aon duine nádúrtha nó dlítheanach nach comhlacht earnála poiblí ná gnóthas poiblí é a bhfuil na sonraí ina sheilbh.

Airteagal 3

Prionsabal ginearálta

1.  Faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na doiciméid a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 1, go mbeidh siad in-athúsáidte chun críocha tráchtála agus neamhthráchtála i gcomhréir le Caibidil III agus Caibidil IV.

2.  I gcás doiciméid a bhfuil cearta maoine intleachtúla ina leith ag leabharlanna, lena n‑áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim agus cartlanna agus i gcás doiciméid atá i seilbh gnóthas poiblí, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gceadófar athúsáid na ndoiciméad sin, go mbeidh na doiciméid sin in-athúsáidte chun críocha tráchtála agus neamhthráchtála i gcomhréir le Caibidil III agusCaibidil IV.

CAIBIDIL II

IARRATAÍ AR ATHÚSÁID

Airteagal 4

Próiseáil a dhéanamh ar iarrataí ar athúsáid

1.  Déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí, ar mhodhanna leictreonacha i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, iarrataí ar athúsáid a phróiseáil agus an doiciméad a chur ar fáil lena n‑athúsáid ag an iarratasóir nó, más gá ceadúnas, an tairiscint ceadúnais don iarratasóir a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse réasúnach atá ag teacht leis na creatanna ama a leagtar síos le haghaidh próiseáil iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid.

2.  Mura bhfuil aon teorainneacha ama ná rialacha eile lena rialáiltear soláthar prapúil doiciméad bunaithe, déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí an iarraidh a phróiseáil agus na doiciméid a chur chuig an iarratasóir lena n-athúsáid nó, más gá ceadúnas, an tairiscint ceadúnais don iarratasóir a thabhairt chun críche a luaithe is féidir, agus, in aon chás, laistigh de 20 lá oibre tar éis dóibh an iarraidh a fháil. Féadfar an creat ama sin a shíneadh 20 lá oibre breise i gcás iarrataí fairsinge nó casta. I gcásanna den sórt sin tabharfar fógra don iarratasóir a luaithe is féidir, agus, in aon chás, laistigh de thrí seachtaine ón iarraidh thosaigh go bhfuil gá le tuilleadh ama chun an iarraidh a phróiseáil agus na cúiseanna leis sin.

3.  Má dhéantar cinneadh diúltach, cuirfidh an comhlacht earnála poiblí foras an diúltaithe in iúl don iarratasóir ar bhonn na bhforálacha ábhartha de chóras rochtana an Bhallstáit sin nó ar bhonn na bhforálacha lena dtrasuítear an Treoir seo, go háirithe pointe (a) go pointe (h) d'Airteagal 1(2) nó Airteagal 3. Má tá an cinneadh diúltach bunaithe ar phointe (c) d'Airteagal 1(2), cuirfidh an comhlacht earnála poiblí leis tagairt don duine nádúrtha nó dlítheanach arb é an sealbhóir cirt é, más fios sin, nó mar mhalairt air sin, tagairt don cheadúnóir a bhfuair an comhlacht earnála poiblí an t-ábhar i gceist uaidh. Ní bheidh sé de cheangal ar leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, ar mhúsaeim ná ar chartlanna tagairt den sórt sin a chur leis.

4.  In aon chinneadh maidir le hathúsáid beidh tagairt do na modhanna sásaimh atá ann i gcás inar mian leis an iarratasóir agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. Ar na modhanna sásaimh beidh an deis ag comhlacht athbhreithnithe neamhchlaonta athbhreithniú a dhéanamh, ar comhlacht é a bhfuil an saineolas iomchuí aige, amhail an t-údarás iomaíochta náisiúnta, an t-údarás ábhartha um rochtain ar dhoiciméid, an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, nó údarás breithiúnach náisiúnta, agus a bhfuil a chuid cinntí ceangailteach ar an gcomhlacht earnála poiblí lena mbaineann.

5.  Chun críocha an Airteagail seo, déanfaidh na Ballstáit socruithe praiticiúla a bhunú chun athúsáid éifeachtach doiciméad a éascú. D'fhéadfadh a áireamh sna socruithe sin, go háirithe, na meáin chun faisnéis leordhóthanach ar na cearta dá dtagraítear sa Treoir seo a sholáthar agus chun cúnamh agus treoir ábhartha a chur ar fáil.

6.  Ní bheidh ceangal ar na heintitis seo a leanas cloí leis an Airteagal seo:

(a)  gnóthais phoiblí;

(b)  bunaíochtaí oideachais, eagraíochtaí déanta taighde agus eagraíochtaí maoinithe taighde.

CAIBIDIL III

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hATHÚSÁID

Airteagal 5

Na formáidí a mbeidh fáil orthu

1.  Gan dochar do Chaibidil V, déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí agus gnóthais phoiblí a gcuid doiciméad a chur ar fáil in aon fhormáid nó teanga ina bhfuil siad cheana féin, agus, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, trí mheán leictreoanach, i bhformáidí atá oscailte ▌, meaisín-inléite ▌, inrochtana, inaimsithe agus in-athchúrsáilte, agus in éineacht leis na meiteashonraí a bhaineann leo. Beidh an fhormáid agus na meiteashonraí araon, i gcás inar féidir, i gcomhréir le caighdeáin oscailte fhoirmiúla.

2.  Spreagfaidh na Ballstáit comhlachtaí earnála poiblí agus gnóthais phoiblí doiciméid a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a tháirgeadh agus a chur ar fáil i gcomhréir le prionsabal "oscailte trí dhearadh agus mar réamhshocrú".

3.  Ní fhágfaidh mír 1 go bhfuil oibleagáid ar chomhlachtaí earnála poiblí ▌ doiciméid a chruthú nó a oiriúnú nó sleachta a sholáthar chun an mhír sin a chomhlíonadh i gcás ina mbeadh iarracht dhíréireach de dhíth chuige sin, a mbeadh ní ba mhó ná oibríocht shimplí i gceist léi.

4.  Ní cheanglófar ar chomhlachtaí earnála poiblí ▌leanúint de dhoiciméad de chineál áirithe a tháirgeadh agus a stóráil le gur féidir le heagraíochtaí príobháideacha nó le heagraíochtaí earnála poiblí na doiciméid sin a athúsáid.

5.  Déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí ▌sonraí dinimiciúla a chur ar fáil lena n-athúsáid láithreach tar éis a mbailithe, trí APInna oiriúnacha agus, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil.

6.  Más rud é, má chuirtear sonraí dinimiciúla dá dtagraítear i mír 5 ar fáil lena n-athúsáid láithreach tar éis a mbailithe agus, dá bharr sin, go sárófaí cumas an chomhlachta earnála poiblí, ó thaobh cúrsaí airgeadais nó cúrsaí teicniúla de agus, ▌ar an gcaoi sin, go bhforchuirfí iarracht neamhréireach, cuirfear na sonraí dinimiciúla sin ar fáil lena n-athúsáid laistigh de chreat ama, nó faoi shrianta sealadacha, nach gcuirfidh isteach go míchuí ar shaothrú an phoitéinsil eacnamaíoch agus sóisialta atá iontu.

7.  Beidh feidhm ag mír 1 go mír 6 maidir le doiciméid arb ann dóibh i seilbh gnóthais phoiblí agus atá ar fáil le haghaidh athúsáide.

8.  Déanfar na tacair ardluacha sonraí, faoi mar a liostaítear iad i gcomhréir le hAirteagal 14(1), a chur ar fáil lena n-athúsáid i bhfoirm mheaisín-inléite, trí APInna agus, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil.

Airteagal 6

Na prionsabail lena rialaítear an muirearú

1.  Is saor in aisce a bheidh athúsáid doiciméad.

Mar sin féin, féadfar a cheadú go ndéanfaí aisghabháil ar na costais imeallacha a thabhaítear chun doiciméid a atáirgeadh, a sholáthar agus a scaipeadh, agus, mar aon leis sin, chun sonraí pearsanta a anaithnidiú agus maidir le bearta arna ndéanamh chun faisnéis rúnda tráchtála a chosaint.

2.  Mar eisceacht, ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  comhlachtaí earnála poiblí a bhfuil sé de cheangal orthu ioncam a ghiniúint chun cuid shubstaintiúil dá gcostais i ndáil lena gcúraimí poiblí a dhéanamh a chumhdach;

(b)  leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim agus cartlanna;

(c)  gnóthais phoiblí.

3.  Déanfaidh na Ballstáit liosta de na comhlachtaí earnála poiblí, dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, a fhoilsiú ar líne.

4.  Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 2, déanfar na muirir iomlána a ríomh i gcomhréir le critéir oibiachtúla trédhearcacha infhíoraithe. Leagfaidh na Ballstáit síos na critéir sin.

An t-ioncam iomlán ó sholáthar agus ceadú athúsáide doiciméad le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, ní bheidh sé níos mó ná costas bhailiú, tháirgeadh, atáirgeadh ▌, scaipeadh na ndoiciméad sin agus na stórála sonraí, maille le brabús réasúnach ar an infheistíocht, agus, más infheidhme, costas anaithnidiú na sonraí pearsanta agus costas na mbeart arna ndéanamh chun faisnéis rúnda tráchtála a chosaint ▌.

Déanfar na muirir a ríomh i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta is infheidhme.

5.  I gcás ina ndéanfaidh na comhlachtaí earnála poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 muirir a ghearradh, an t-ioncam iomlán ó sholáthar agus ceadú athúsáide doiciméad le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, ní bheidh sé níos mó ná costas an bhailithe, an táirgthe, an atáirgthe, an scaipthe, na stórála, an chaomhnaithe agus an imréitigh ceart agus, más infheidhme, costas anaithnidiú na sonraí pearsanta agus costas na mbeart arna ndéanamh chun faisnéis rúnda tráchtála a chosaint, maille le brabús réasúnach ar an infheistíocht.

Déanfar na muirir a ríomh i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta is infheidhme maidir leis na comhlachtaí earnála poiblí lena mbaineann.

6.  Beidh sé saor in aisce don úsáideoir athúsáid a bhaint as an méid seo a leanas:

(a)  faoi réir Airteagal 14(3), (4) agus (5), na tacair sonraí ardluacha, a liostaítear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin;

(b)  na sonraí taighde dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 1(1).

Airteagal 7

Trédhearcacht

1.  I gcás muirir chaighdeánacha ar athúsáid doiciméad, aon choinníollacha is infheidhme agus méid iarbhír na muirear sin, lena n-áirítear an bonn ar a ríomhtar iad, déanfar iad a bhunú roimh ré agus a fhoilsiú, ar mhodhanna leictreonacha más féidir agus más iomchuí.

2.  I gcás muirir ar athúsáid seachas na muirir dá dtagraítear i mír 1, déanfar na tosca atá le cur san áireamh i ríomh na muirear sin a chur in iúl ag an tús. Nuair a iarrfar é, léireoidh sealbhóir na ndoiciméad i gceist an chaoi ar ríomhadh na muirir sin i ndáil le hiarraidh áirithe ar athúsáid.

3.   Áiritheoidh comhlachtaí na hearnála poiblí go ndéanfar iarratasóirí ar athúsáid doiciméad a chur ar an eolas faoi na modhanna sásaimh atá le fáil i ndáil le cinntí nó cleachtais a dhéanann difear dóibh.

Airteagal 8

Ceadúnais chaighdeánacha

1.  Ní bheidh athúsáid doiciméad faoi réir coinníollacha, murar coinníollacha oibiachtúla comhréireacha neamh-idirdhealaitheacha iad a bhfuil údar leo ar fhorais cuspóra leasa phoiblí.

I gcás ina mbeidh athúsáid faoi réir coinníollacha, ní chuirfidh na coinníollacha sin srian neamhriachtanach ar dheiseanna athúsáide agus ní úsáidfear iad chun srian a chur leis an iomaíocht.

2.  Sna Ballstáit ina n-úsáidtear ceadúnais, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ceadúnais chaighdeánacha le haghaidh athúsáid doiciméid ón earnáil phoiblí, is féidir a chur in oiriúint chun freastal ar iarratais ceadúnas ar leith, áiritheoidh siad go bhfuil ceadúnais chaighdeánacha den sórt sin le fáil i bhformáid dhigiteach agus gur féidir iad a phróiseáil go leictreonach. Spreagfaidh na Ballstáit úsáid na gceadúnas caighdeánach sin.

Airteagal 9

Socruithe praiticiúla

1.  Déanfaidh na Ballstáit socruithe praiticiúla lena n-éascófar cuardach na ndoiciméad atá ar fáil lena n-athúsáid, amhail liostaí acmhainní de na príomhdhoiciméid a mbaineann meiteashonraí ábhartha leo, a mbeidh fáil orthu ar líne agus i bhformáid mheaisín-inléite, más féidir agus más iomchuí, agus suíomhanna tairsí atá nasctha leis na liostaí acmhainní. Más féidir, cuirfidh na Ballstáit áis chuardaigh idir teangacha ar fáil chun doiciméid a chuardach, go háirithe trí chomhbhailiú meiteashonraí a chumasú ar leibhéal an Aontais.

Tabharfaidh na Ballstáit spreagadh do chomhlachtaí earnála poiblí socruithe praiticiúla a dhéanamh lena n-éascófar caomhnú na ndoiciméad atá ar fáil lena n-athúsáid.

2.  Leanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, d'iarrachtaí rochtain ar thacair sonraí a shimpliú, go háirithe trí phointe aonair rochtana a sholáthar agus trí thacair oiriúnacha sonraí atá i seilbh chomhlachtaí earnála poiblí a chur ar fáil de réir a chéile i dtaca le na doiciméid uile a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo agus le sonraí atá i seilbh institiúidí an Aontais, i bhformáidí inrochtana is fusa a aimsiú agus atá inathúsáidte trí mheán leictreonach.

Airteagal 10

Cistí taighde

1.  Tacóidh na Ballstáit le hinfhaighteacht taighde sonraí trí bheartais náisiúnta a ghlacadh agus trí bhearta ábhartha a dhéanamh a mbeidh sé mar aidhm leo sonraí taighde a dhéantar le maoiniú poiblí a chur ar fáil go hoscailte ('beartais rochtana oscailte') i gcomhréir leis an bprionsabal 'oscailte mar réamhshocrú' agus le prionsabail FAIR. Sa chomhthéacs sin, cuirfear ábhair imní maidir le cearta maoine intleachtúla, cosaint sonraí pearsanta agus rúndacht, slándáil agus leasanna tráchtála dlisteanacha san áireamh i gcomhréir leis an bprionsabal 'a oscailte is féidir, a iata is gá'. Beidh na beartais rochtana oscailte sin dírithe ar eagraíochtaí déanta taighde agus ar eagraíochtaí maoinithe taighde.

2.  Gan dochar do phointe (c) d'Airteagal 1(2), beidh sonraí taighde in-athúsáidte chun críocha tráchtála agus neamhthráchtála ar na coinníollacha a leagtar amach i gcomhréir le Caibidil III agus i gCaibidil IV, sa mhéid go bhfuil siad maoinithe le hairgead poiblí agus go mbeidís curtha ar fáil go poiblí cheana ag taighdeoirí, eagraíochtaí déanta taighde nó eagraíochtaí maoinithe taighde trí thaisclann institiúideach nó ábharbhunaithe. Sa chomhthéacs sin, déanfar leasanna tráchtála dlisteanacha, gníomhaíochtaí aistrithe feasachta agus cearta maoine intleachtúla arb ann dóibh cheana a chur san áireamh.

CAIBIDIL IV

NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS CÓIRTHRÁDÁIL

Airteagal 11

Neamh-idirdhealú

1.  Aon choinníollacha is infheidhme maidir le hathúsáid doiciméad beidh siad neamh‑idirdhealaitheach maidir le catagóirí inchomparáide athúsáide, lena n-áirítear athúsáid trasteorann.

2.  Má bhaineann comhlacht earnála poiblí athúsáid as doiciméid mar ionchur dá ghníomhaíochtaí tráchtála atá lasmuigh de raon feidhme a chúraimí poiblí, beidh feidhm ag na muirir agus ag na coinníollacha céanna maidir le soláthar na ndoiciméad le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin agus atá i gcás úsáideoirí eile.

Airteagal 12

Socruithe eisiacha

1.  Beidh athúsáid doiciméad ar fáil do ghníomhaithe féideartha uile an mhargaidh, fiú má tá gníomhaí amháin nó níos mó ag saothrú táirgí breisluacha bunaithe ar na doiciméid sin cheana féin. Ní dhéanfar cearta eisiacha a dheonú le conarthaí ná le socruithe eile idir na comhlachtaí earnála poiblí nó na gnóthais phoiblí a bhfuil na doiciméid ina seilbh agus tríú páirtithe.

2.  Má tá gá le ceart eisiach, áfach, le gur féidir seirbhís atá le leas an phobail a sholáthar, déanfar athbhreithniú rialta ar bhailíocht an réasúin leis an gceart eisiach sin a dheonú, agus déanfar í a athbhreithniú, i ngach cás, gach trí bliana. Na socruithe eisiacha a bhunófar an … nó dá éis, [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfar iad a chur ar fáil go poiblí, ar líne, dhá mhí ar a laghad sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Téarmaí deiridh na socruithe sin beidh siad trédhearcach agus cuirfear ar fáil go poiblí iad, ar líne.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le digitiú acmhainní cultúrtha.

3.   D'ainneoin mhír 1, má bhaineann ceart eisiach le digitiú acmhainní cultúrtha, ní bheidh an tréimhse eisiachais níos faide, go ginearálta, ná  deich mbliana. I gcás ina bhfuil an tréimhse sin níos faide ná deich mbliana, déanfar a fad a athbhreithniú sa 11ú bliain agus, más infheidhme, gach seacht mbliana ina dhiaidh sin.

Na socruithe lena ndeonaítear cearta eisiacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh siad trédhearcach agus poibleofar iad.

I gcás ceart eisiach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar cóip de na hacmhainní cultúrtha digitithe a sholáthar saor in aisce don chomhlacht earnála poiblí lena mbaineann mar chuid de na socruithe sin. Beidh an chóip sin ar fáil lena hathúsáid nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse eisiachais.

4.  Socruithe dlíthiúla nó praiticiúla arb é is aidhm leo, gan ceart eisiach a dheonú go sainráite, srian a chur le hinfhaighteacht doiciméad nó is féidir a cheapadh go réasúnach go gcuirfidh siad srian le hinfhaighteacht doiciméad lena n-athúsáid ag eintitis eile seachas an tríú páirtí atá páirteach sa socrú, cuirfear ar fáil go poiblí iad, ar líne, dhá mhí ar a laghad sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. An éifeacht a bheidh ag socruithe dlíthiúla nó praiticiúla den chineál sin ar infhaighteacht sonraí lena n-athúsáid, beidh sí faoi réir athbhreithniú rialta agus, i gcás ar bith, gach trí bliana. Téarmaí deiridh na socruithe sin beidh siad trédhearcach agus cuirfear ar fáil go poiblí iad, ar líne.

5.  Socruithe eisiacha arbh ann dóibh ar an 17 Iúil 2013 nach bhfuil cáilithe do na heisceachtaí dá bhforáiltear faoi mhír 2 agus faoi mhír 3 agus arbh iad comhlachtaí earnála poiblí a rinne iad, déanfar iad a fhoirceannadh ag deireadh an chonartha nó, i ngach cás, tráth nach déanaí ná an 18 Iúil 2043.

Socruithe eisiacha arbh ann dóibh an … [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] nach bhfuil cáilithe do na heisceachtaí a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 agus arbh iad gnóthais phoiblí a rinne iad, déanfar iad a fhoirceannadh ag deireadh an chonartha nó, i ngach cás, tráth nach déanaí ná an …[30 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

CAIBIDIL V

TACAIR ARDLUACHA SONRAÍ

Airteagal 13

Catagóirí téamacha de thacair ardluacha sonraí

1.  ▌chun foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha chun tacú le hathúsáid a bhaint as tacair ardluacha sonraí, leagtar amach in Iarscríbhinn I liosta de chatagóirí téamacha de thacair ardluacha sonraí.

2.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I trí chatagóirí téamacha nua de thacair sonraí ardluacha a chur léi lena chun forbairtí teicneolaíocha agus margaidh a léiriú.

Airteagal 14

Tacair ardluacha sonraí sonracha agus socruithe maidir le foilsiú agus athúsáid

1.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos liosta de thacair shonracha ardluacha sonraí a bhaineann leis na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus atá i seilbh comhlachtaí san earnáil phoiblí agus i seilbh gnóthais phoiblí i measc na ndoiciméad a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo ▌.

Maidir leis na tacair ardluacha sonraí sin,

(a)  cuirfear ar fáil saor in aisce iad, faoi réir mhíreanna 3, 4 agus 5;,

(b)  beidh siad meaisín-inléite;

(c)  cuirfear ar fáil iad trí APInna; agus

(d)  cuirfear ar fáil iad, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil.

Féadfar a shonrú, freisin, sna gníomhartha cur chun feidhme sin, na socruithe maidir le tacair ardluacha sonraí a fhoilsiú agus a athúsáid. Beidh na socruithe sin comhoiriúnach le ceadúnais chaighdeánacha oscailte.

Féadfar a áireamh sna socruithe sin téarmaí is infheidhme maidir le hathúsáid ▌, formáidí sonraí agus meiteashonraí agus socruithe teicniúla ▌maidir le scaipeadh. Infheistíochtaí a dhéanfaidh na Ballstáit i mbealaí cur chuige sonraí oscailte, amhail infheistíochtaí i bhforbairt agus i rolladh amach caighdeán áirithe, cuirfear san áireamh iad agus déanfar iad a chur sa mheá i gcomhthéacs na dtairbhí a d'fhéadfadh a bheith ann dá gcuirfí ar an liosta iad.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

2.  Beidh sainiú tacair shonracha ardluacha sonraí de bhun mhír  1, beidh sé bunaithe ar mheasúnú ar an bpoitéinseal atá iontu

(a)  tairbhí socheacnamaíocha nó comhshaoil tábhachtacha agus seirbhísí nuálaíocha a chruthú;,

(b)  dul chun tairbhe líon ard úsáideoirí, go háirithe FBManna,

(c)  cabhrú le hioncam a ghiniúint;, agus

(d)  iad a chomhcheangal le tacair sonraí eile.

Chun na tacair ardluacha sonraí sonracha sin a shainaithint, cuirfidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí i gcrích, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, seolfaidh sé measúnú tionchair▌agus áiritheoidh sé an chomhlántacht le gníomhartha dlí arb ann dóibh, amhail Treoir 2010/40/, maidir le doiciméid a athúsáid ▌. Áireofar ar an measúnú sin tionchair anailís chostais/sochair agus anailís ar a shuntasaí a bheadh an tionchar a d'imreofaí ar bhuiséad na gcomhlachtaí san earnáil phoiblí má chuireann siad tacair ardluacha sonraí ar fáil saor in aisce, ar comhlachtaí iad a gcuirtear de cheangal orthu ioncam a ghiniúint chun go gcumhdaítear cuid shuntasach de na costais atá acu a bhaineann le comhlíonadh a gcuid cúraimí poiblí. Maidir le tacair sonraí ardluacha atá i seilbh gnóthas poiblí, tabharfaidh an measúnú tionchair aird ar leith ar an ról atá ag gnóthais phoiblí i dtimpeallacht eacnamaíoch iomaíoch.

3.  Mar eisceacht, forálfar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 nach gcuirfear tacair shonracha ardluacha sonraí ar fáil saor in aisce i gcás tacair shonracha ardluacha sonraí atá i seilbh gnóthas poiblí i gcás ina ndéanfaí saobhadh leis an méid sin ar an iomaíocht sna margaí ábhartha de thoradh an mhéid sin.

4.  An ceanglas tacair ardluacha sonraí a chur ar fáil saor in aisce de bhun phointe (a) den dara fomhír de mhír 1, ní bheidh feidhm aige maidir le leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim ná cartlanna.

5.  I gcás ina n-imreofaí tionchar suntasach ar bhuiséad na gcomhlachtaí san earnáil phoiblí lena mbaineann dá gcuirfidís tacair ardluacha sonraí ar fáil saor in aisce, ar comhlachtaí iad a gcuirtear de cheangal orthu ioncam a ghiniúint chun go gcumhdaítear cuid shuntasach de na costais a bhaineann le comhlíonadh a gcuid cúraimí poiblí, féadfaidh Ballstáit, ar feadh ré nach faide ná dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1, na comhlachtaí sin a dhíolmhú ón gceanglas tacair ardluacha sonraí a chur ar fáil saor in aisce.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón … [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.  Déanfaidh Coiste maidir le Sonraí Oscailte, agus maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a athúsáid, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Trasuí

1.  Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin … [2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad ▌téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá ann maidir leis na Treoracha arna n-aisghairm leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 18

Meastóireacht ón gCoimisiún

1.  Tráth nach luaithe ná …[6 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus déanfaidh sé tuarascáil ar na príomhfhionnachtana na meastóireachta sin a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa. ▌

Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis a theastaíonn chun an tuarascáil sin a ullmhú.

2.   Leis an meastóireacht díreofar go háirithe ar raon feidhme agus ar thionchar sóisialta agus eacnamaíoch na Treorach seo, lena n-áirítear:

(a)  chomh mór is atá an méadú atá tagtha ar athúsáid doiciméad ón earnáil phoiblí a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo, go háirithe ag FBManna;

(b)  tionchar thacair ardluacha sonraí;

(c)   éifeachtaí na bprionsabal a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an muirearú agus athúsáid téacsanna oifigiúla de chineál reachtach agus riaracháin;

(d)  athúsáid doiciméad atá i seilbh eintiteas eile nach comhlachtaí earnála poiblí iad;

(e)  infhaighteacht agus úsáid APIanna;

(f)  an tionchar atá ag rialacha cosanta ar dheiseanna athúsáide;, agus

(g)  deiseanna eile chun feabhas a chur ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar fhorbairt an gheilleagair agus mhargadh an tsaothair ▌.

Airteagal 19

Aisghairm

Déantar Treoir 2003/98/CE, arna leasú leis an Treoir a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I, a aisghairm le héifeacht ón … [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn II a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 21

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Liosta de chatagóirí téamacha de thacair sonraí ardluacha, dá dtagraítear in Airteagal 13(1)

1.  Geospásúil

2.  Faire na cruinne agus an comhshaol

3.  Meitéareolaíoch

4.  Staidreamh

5.  Cuideachtaí agus úinéireacht cuideachtaí

6.  Soghluaisteacht

IARSCRÍBHINN II

Cuid A

An Treoir aisghairthe

agus an leasú a rinneadh uirthi

(dá dtagraítear in Airteagal 19)

Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 345, 31.12.2003, lch. 90)

 

Treoir 2013/37/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 175, 27.6.2013, lch. 1)

 

Cuid B

Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta agus dátaí an chur i bhfeidhm

(dá dtagraítear in Airteagal 19)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

Dáta cur i bhfeidhm

2003/98/CE

1 Iúil 2005

1 Iúil 2005

2013/37/AE

18 Iúil 2015

18 Iúil 2015

IARSCRÍBHINN III

Tábla Comhghaoil

Treoir 2003/98/CE

An Treoir seo

Airteagal 1 (1)

Airteagal 1(1), an fhoclaíocht réamhráiteach, agus Airteagal 1(1)(a)

_

Airteagal 1(1)(b)

_

Airteagal 1(1)(c)

Airteagal 1(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 1(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 1(2)(a)

Airteagal 1(2)(a)

_

Airteagal 1(2)(b)

Airteagal 1(2)(b)

Airteagal 1(2)(c)

Airteagal 1(2)(c)

Airteagal 1(2)(d)

Airteagal 1(2)(ca)

Airteagal 1(2)(e)

Airteagal 1(2)(f)

Airteagal 1(2)(cb)

Airteagal 1(2)(g)

Airteagal 1(2)(cc)

Airteagal 1(2)(h)

Airteagal 1(2)(d)

Airteagal 1(2)(i)

Airteagal 1(2)(e)

Airteagal 1(2)(l)

Airteagal 1(2)(f)

Airteagal 1(2)(j)

_

Airteagal 1(2)(k)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(5)

Airteagal 1(5)

_

Airteagal 1(6)

_

Airteagal 1(7)

Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(2)

_

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(5)

Airteagal 2 pointe 3

Airteagal 2(6)

_

Airteagal 2(7)

_

Airteagal 2(8)

_

Airteagal 2(9)

Airteagal 2(10)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(11)

Airteagal 2(5)

Airteagal 2(12)

Airteagal 2(6)

Airteagal 2(13)

Airteagal 2(7)

Airteagal 2(14)

Airteagal 2(8)

Airteagal 2(15)

Airteagal 2(9)

Airteagal 2(4)

_

Airteagal 2(16)

_

Airteagal 2(17)

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(6), an fhoclaíocht réamhráiteach

_

Airteagal 4(6)(b)

_

Airteagal 4(6)(a)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(4)

_

Airteagal 5(5)

_

Airteagal 5(6)

Airteagal 5(7)

Airteagal 5(8)

Airteagal 6(1) an chéad fomhír

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(1) an dara fomhír

Airteagal 6(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 6(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 6(2)(a)

Airteagal 6(2)(a)

Airteagal 6(2)(b)

_

Airteagal 6(2)(c)

Airteagal 6(2)(b)

_

Airteagal 6(2)(c)

Airteagal 6(3)

Airteagal 6(3)

Airteagal 6(4)

Airteagal 6(4)

Airteagal 6(5)

_

Airteagal 6(6)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(3)

_

_

 

Airteagal 7(4)

Airteagal 7(3)

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9(1)

_

Airteagal 9(2)

Airteagal 10(1)

_

Airteagal 10(2)

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 12(2)

Airteagal 11(2a)

Airteagal 12(3)

_

Airteagal 12(4)

Airteagal 11(3)

_

Airteagal 11(4)

Airteagal 12(5)

_

Airteagal 13

_

 

_

 

_

 

_

 

_

 

_

 

_

 

_

Airteagal 14

_

 

_

 

_

 

_

Airteagal 15

_

Airteagal 16

Airteagal 12

Airteagal 17(1)

_

Airteagal 17(2)

Airteagal 13(1)

Airteagal 18(1)

Airteagal 13(2)

_

Airteagal 13(3)

Airteagal 18(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

_

Airteagal 18(2)(a)

Airteagal 18(2)(c)

Airteagal 18(2)(f)

Airteagal 18(2)(g)

Airteagal 18(2)(b)

Airteagal 18(2)(d)

Airteagal 18(2)(e)

Airteagal 19

Airteagal 14

Airteagal 20

Airteagal 15

Airteagal 21

_

Iarscríbhinn I

_

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

(1)IO C 62, 15.2.2019, lch. 238.
(2) IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.
(3)Tuairim an 17 Deireadh Fómhair 2018 (IO C 62, 15.2.2019, lch. 238).
(4) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa 4 Aibreán 2019.
(5)Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).
(6) Treoir 2013/37/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leasaítear Treoir 2003/98/CE maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 175, 27.6.2013, lch.1).
(7)Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch.1).
(8)Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).
(9)Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
(10) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(11) Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).
(12) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar trí aonáin a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).
(14) Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).
(15) Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar d’iompar muirí sna Ballstáit (cabatáiste muirí) (IO L 364, 12.12.1992, lch.7).
(16)Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).
(17)Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch.1).
(18)Treoir 2014/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(19) Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch 1).
(20)Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(21) Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).
(22) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(23) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(24) IO C 305, 30.8.2018. lch. 7.


Plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí ***I
PDF 301kWORD 130k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus Rialachán (AE) 2017/2107 (COM(2018)0229 – C8-0162/2018 – 2018/0109(COD))
P8_TA-PROV(2019)0353A8-0389/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0229),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0162/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(f) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0389/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

P8_TC1-COD(2018)0109


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013(4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha muirí a shaothrú ar bhealach lena gcruthófar dálaí inbhuanaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta.

(2)  Is páirtí é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (“an Coinbhinsiún”).

(3)  Ag Cruinniú Bliantúil 2016 an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (‘ICCAT’) in Vilamoura na Portaingéile, d’aithin Páirtithe Conarthacha ICCAT agus Páirtithe, Eintitis nó Eintitis Iascaireachta Comhoibritheacha Neamhchonarthacha, (‘CPCanna’) gur ghá aghaidh a thabhairt ar staid scáfar an cholgán (Xiphias gladius) sa Mheánmhuir (‘colgán Meánmhuirí’), a bhfuil ró-iascaireacht á déanamh air le 30 bliain anuas. Chuige sin, lena n-áirítear chun cliseadh an stoic a sheachaint, agus tar éis dó anailís a dhéanamh ar chomhairle eolaíoch an Bhuanchoiste um Thaighde agus Staidreamh (SCRS), ghlac ICCAT Moladh 16-05 lena mbunaítear plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí ('plean téarnaimh ICCAT'). I bhfianaise nach féidir na leibhéil bhithmhais lena bhféadfaí an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach sa ghearrthéarma le bitheolaíocht, struchtúr agus dinimic reatha an stoic colgán Meánmhuirí, fiú dá nglacfaí bearta bainistíochta práinneacha as cuimse amhail dúnadh iomlán an iascaigh, tá sé beartaithe tréimhse 2017-2031 a chumhdach le plean téarnaimh ICCAT. Tháinig Moladh ICCAT 16-05 i bhfeidhm an 12 Meitheamh 2017 agus tá sé ina cheangal ar an Aontas.

(4)  Chuir an tAontas in iúl do Rúnaíocht ICATT i litir i Nollaig 2016 go raibh bearta áirithe a leagtar síos i Moladh 16-05 ICCAT le teacht i bhfeidhm san Aontas in Eanáir 2017, go háirithe bearta i dtaca leis an tréimhse choiscthe atá socraithe ó 1 Eanáir go 31 Márta, agus i dtaca le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh iascaigh an cholgáin Mheánmhuirí. Ba cheart gach beart eile a leagtar síos i Moladh 16-05 ICCAT, mar aon le bearta eile atá curtha i bhfeidhm cheanna, a bheith san áireamh sa phlean téarnaimh a leagtar amach sa Rialachán seo.

(5)  I gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá seasamh an Aontais in eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh le bheith bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil chun a áirithiú go mbainisteofar acmhainní iascaigh i gcomhréir le cuspóirí CBI, go háirithe leis an gcuspóir maidir le stoic éisc a athbhunú nó a chothabháil os cionn leibhéil bhithmhaise atá in acmhainn an UTI a tháirgeadh, fiú más é 2031 an dáta faoinar gá an cuspóir sin a bhaint amach sa chás áirithe seo, agus leis an gcuspóir maidir le dálaí a chur ar fáil le haghaidh tionscal gabhála agus próiseála iascaireachta agus le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta ar talamh atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh na heacnamaíochta de. Ag an am céanna, agus pointe (d) d’Airteagal 28 (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 á chur san áireamh, lena ndéantar foráil cothrom iomaíochta d’oibreoirí an Aontais vis-à-vis oibreoirí eile ó thríú tíortha a chur chun cinn.

(6)  Cuirtear san áireamh i bplean téarnaimh ICCAT sainiúlachtaí na gcineálacha éagsúla trealaimh iascaireachta agus teicnící iascaireachta. Le linn dó plean téarnaimh ICCAT a chur chun feidhme, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit féachaint leis an méid seo a leanas a chur chun cinn: gníomhaíochtaí iascaireachta cósta agus taighde ar threalamh agus teicnící iascaireachta atá roghnaitheach, sa chaoi go laghdaíonn siad foghabhálacha speiceas leochaileach, agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, agus úsáid an trealaimh agus na dteicnící sin, lena n-áirítear trealaimh agus teicnící a úsáidtear in iascaigh thraidisiúnta agus mhionscála, rud a chuirfidh le caighdeán cóir maireachtála le haghaidh geilleagair áitiúla.

(7)  Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, bunaítear coincheap na n-íosmhéideanna tagartha caomhnaithe. D’fhonn an chomhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart coincheap íosmhéideanna ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais mar íosmhéideanna tagartha caomhnaithe.

(8)  De bhun Moladh 16-05 ICCAT, ní mór na colgáin Mheánmhuirí a ghabhtar agus atá faoi bhun an íosmhéid tagartha chaomhnaithe a aischur. Baineann an méid sin le gabhálacha colgán Meánmhuirí atá níos mós ná na teorainneacha foghabhála arna leagan síos ag na Ballstáit ina bpleananna iascaireachta bliantúla. Chun go mbeidh a chuid oibleagáidí idirnáisiúnta faoi ICCAT á gcomhlíonadh ag an Aontas, foráiltear le hAirteagal 5a de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98(5) do mhaoluithe ón oibleagáid gabhálacha colgán Meánmhuirí a thabhairt i dtír i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98, déantar forálacha áirithe de Mholadh 16-05 ICCAT a chur chun feidhme agus leis an Moladh sin leagtar síos an oibleagáid colgáin Mheánmhuirí soithí a théann thar a gcuóta leithdháilte nó a n-uasmhéid foghabhálacha ceadaithe a aischur. Áirítear soithí a bhíonn i mbun iascaireacht áineasa i raon feidhme an Rialacháin Tarmligthe sin.

(9)  I bhfianaise go gcuirfear Moladh 16-05 ICCAT chun feidhme leis an bplean téarnaimh a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart na forálacha Rialachán (AE) 2017/1207 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) a bhaineann leis an gcolgán Meánmhuirí i a scriosadh.

(10)  Roimhe seo tháinig fás rábach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta le sruthlíonta i dtaca le hiarracht iascaireachta agus le heaspa roghnaíochta leordhóthanaí. Ba bhaol tromchúiseach don spriocspeiceas é an fás neamhrialaithe a tháinig ar na gníomhaíochtaí sin agus, le Rialachán (CE) Uimh. 1239/98 ón gComhairle(7), cuireadh toirmeasc ar iad a úsáid chun éisc mhór-imirceacha, lena n-áirítear colgán, a ghabháil.

(11)  Chun comhlíonadh CBI a áirithiú, glacadh reachtaíocht de chuid an Aontais chun córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, ina n-áirítear an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN). Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle(8), bunaítear córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe de chuid an Aontais ag a bhfuil cur chuige cuimsitheach agus comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile CBI a áirithiú. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún(9), leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle(10), bunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Áirítear sna Rialacháin sin cheana féin forálacha lena gcumhdaítear roinnt beart a leagtar síos i Moladh 16-05 ICCAT. Dá bhrí sin, ní gá na forálacha sin a áireamh sa Rialachán seo.

(12)  Sna socruithe maidir le cairtfhostú soithí iascaireachta, is minic a bhíonn an caidreamh idir an t-úinéir, an cairtfhostóir agus an Stát brataí doiléir. Déanann roinnt oibreoirí a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí NNN na rialuithe a sheachaint trí mhí-úsáid a bhaint as na socruithe sin. Cuirtear toirmeasc ar an gcairtfhostú le Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) maidir le hiascaigh tuinnín goirm. Mar bheart coisctheach chun stoc atá ag téarnamh a chosaint agus ar mhaithe le comhsheasmhacht le dlí an Aontais, is iomchuí toirmeasc comhchosúil a ghlacadh sa phlean téarnaimh a leagtar amach sa Rialachán seo.

(13)  Faoi reachtaíocht an Aontais, ba cheart moltaí ICCAT a chur chun feidhme d’fhonn iascairí an Aontais agus iascairí tríú tír a chur ar comhchéim agus chun a áirithiú gur féidir le gach duine glacadh leis na rialacha.

(14)  Chun moltaí ICCAT amach anseo lena leasófar nó lena bhforlíonfar plean téarnaimh ICCAT a chur chun feidhme go pras i ndlí an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, agus forálacha áirithe den Rialachán seo maidir le sprioc-amanna le haghaidh tuairisciú faisnéise, tréimhsí ama le haghaidh coiscthe, íosmhéid tagartha caomhnaithe, leibhéil lamháltais gabhálacha teagmhasacha uile agus foghabhálacha, saintréithe teicniúla trealaimh iascaireachta, céatadán ghlacadh an chuóta chun críche an Coimisiúin a chur ar an eolas, mar aon le faisnéis maidir le soithí iascaireachta a chur ar fáil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(15)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a chuir na Ballstáit isteach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13).

(16)  Ba cheart na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith gan dochar do mholtaí ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais amach anseo tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.

(17)  Faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle(14), is 3 500 duán an líon uasta duán is ceadmhach do shoithí atá ag díriú ar cholgáin a chur nó a thógáil ar bord, agus faoi Mholadh 16-05 ICCAT is 2 500 duán an líon uasta duán is ceadmhach. D’fhonn an moladh sin a chur chun feidhme go hiomchuí i ndlí an Aontais, is gá Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 a leasú dá réir.

(18)  Le Roinn 2 de Chaibidil III de Rialachán (AE) 2017/2107, leagtar síos bearta teicniúla agus rialaithe áirithe a mhéid a bhaineann leis an gcolgán Meánmhuirí. Tá na bearta a leagtar síos i Moladh 16-05 ICCAT, agus a chuirtear chun feidhme leis an Rialachán seo, níos sriantaí agus níos beaichte ionas gur féidir leis na stoic téarnamh. Dá bhrí sin, ba cheart Roinn 2 de Chaibidil III de Rialachán (AE) 2017/2107 a scriosadh agus ba cheart na bearta ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a chur ina háit,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha ginearálta maidir leis an bplean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán (Xiphias gladius) sa Mheánmhuir (‘colgán Meánmhuirí’) a bheith á chur chun feidhme ag an Aontas arna ghlacadh ag ICCAT, ag tosú ó 2017 agus ag leanúint ar aghaidh go dtí 2031.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  Soithí iascaireachta de chuid an Aontais, agus soithí de chuid an Aontais a bhíonn i mbun iascaigh áineasa:

(i)  a ghabhann colgáin Mheánmhuirí; nó

(ii)  a dhéanann colgáin a thrasloingsiú nó a iompar ar bord, lena n-áirítear lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

(b)  soithí iascaireachta tríú tír agus soithí tríú tír a bhíonn i mbun iascaigh áineasa agus a oibríonn in uiscí an Aontais agus a ghabhann colgáin Mheánmhuirí;

(c)  soithí tríú tír a ndéantar cigireacht orthu i gcalafoirt na mBallstát agus a mbíonn ar bord acu colgáin Mheánmhuirí , nó táirgí iascaigh de thionscnamh colgán Meánmhuirí agus nár tugadh i dtír cheana nó nár trasloingsíodh i gcalafoirt cheana.

Airteagal 3

Cuspóir

De mhaolú ar Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is é is cuspóir don Rialachán seo bithmhais colgán Meánmhuirí a bhaint amach a fhreagraíonn don UTI faoi 2031, agus dóchúlacht de 60 % ar a laghad ann go mbainfear an cuspóir sin amach.

Airteagal 4

Gaol le dlithe de chuid an Aontais

Tá feidhm ag Rialachán seo agus ag na Rialacháin seo a leanas, nó de mhaolú ar na Rialacháin sin, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh:

(a)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(b)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15);

(c)  Rialachán (AE) 2017/2107.

Airteagal 5

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta’ soitheach ar bith atá feistithe le haghaidh saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha muirí;

(2)  ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta de chuid an Aontais’ soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain air agus atá cláraithe san Aontas;

(3)  ciallaíonn ‘limistéar Choinbhinsiún ICCAT’ uiscí uile an Aigéin Atlantaigh agus na farraigí máguaird;

(4)  ciallaíonn ‘an Mheánmhuir’ uiscí farraige na Meánmhara soir ó líne 5˚36' I;

(5)  ciallaíonn ‘CPCanna’ páirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún ICCAT agus Páirtithe, Eintitis nó Eintitis Iascaireachta Chomhoibritheacha Neamhchonarthacha;

(6)  ciallaíonn ‘údarú iascaireachta’ údarú arna eisiúint i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a thugann teidlíocht dó gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha a dhéanamh le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó le haghaidh iascach ar leith ar choinníollacha sonracha;

(7)  ciallaíonn ‘deis iascaireachta’ teidlíocht dhlíthiúil chainníochtaithe iascaireachta, arna léiriú i dtéarmaí gabhálacha nó iarracht iascaireachta;

(8)  ciallaíonn ‘stoc’ acmhainn bhitheolaíoch farraige ar ann di i limistéar bainistíochta ar leith;

(9)  ciallaíonn ‘táirgí iascaigh’ orgánaigh uisceacha a eascraíonn as gníomhaíocht iascaireachta ar bith, nó as táirgí a fhaightear uathu sin;

(10)  ciallaíonn ‘ábhair mhuirí aischurtha’ gabhálacha a chuirtear ar ais san fharraige;

(11)  ciallaíonn ‘iascaigh áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha farraige chun críocha áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(12)  ciallaíonn ‘sonraí an chórais um fhaireachán soithí’ sonraí maidir le céannacht soithigh iascaireachta, suíomh geografach, dáta, am, cúrsa agus luas a tharchuirtear, le gléasanna rianaithe satailíte suiteáilte ar bord soithí iascaireachta, chuig ionad faireacháin iascaigh sa Bhallstát brataí;

(13)  ciallaíonn ‘tabhairt i dtír’ aon chainníocht táirgí iascaigh atá ar bord soithigh iascaireachta a dhíluchtú ar tír den chéad uair;

(14)  ciallaíonn ‘trasloingsiú’ na táirgí iascaigh go léir nó aon chuid díobh atá ar bord soithigh a dhíluchtú chuig soitheach eile;

(15)  ciallaíonn ‘cairtfhostú’ socrú lena ndéanann oibreoir i mBallstát eile nó i dtríú tír conradh i leith soitheach iascaireachta atá faoi bhratach Ballstáit ar feadh tréimhse áirithe ama gan an bhratach a athrú;

(16)  ciallaíonn ‘spiléir’ trealamh iascaireachta atá déanta de phríomhdhorú ar a bhfuil cuid mhaith duán ar fhodhoruithe (snúdaí) a bhfuil a bhfad agus a spásáil ag brath ar an speiceas a bhfuiltear ag díriú air;

(17)  ciallaíonn ‘duán’ píosa de shreang cruach agus é lúbtha faobhraithe;

(18)  ciallaíonn ‘slat agus ruaim’ dorú ar shlat a n-úsáideann duánaithe í agus a chastar ar fhearas rothlaithe (roithleán) chun an ruaim a chasadh.

TEIDEAL II

BEARTA BAINISTÍOCHTA, BEARTA CAOMHNAITHE TEICNIÚLA AGUS BEARTA RIALAITHE

CAIBIDIL 1

Bearta bainistíochta

Airteagal 6

Iarracht Iascaireachta

1.  Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh iarrachtaí iascaireachta soithí iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain acu i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh an cholgáin Mheánmhuirí atá ar fáil don Bhallstát sin.

2.  Beidh toirmeasc ar aon chuóta le haghaidh an cholgáin Mheánmhuirí nár baineadh feidhm as a thabhairt anonn.

Airteagal 7

Leithdháileadh deiseanna iascaireachta

1.  I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil dóibh á leithroinnt acu, úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha, agus féachfaidh siad le cuótaí náisiúnta a dháileadh go cothrom ar chodanna éagsúla na gcabhlach agus aird á tabhairt ar iascaigh thraidisiúnta agus mhionscála, agus le dreasachtaí a sholáthar do shoithí iascaireachta an Aontais a mbeidh trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol.

2.  Déanfaidh gach Ballstát foráil maidir le foghabháil colgán laistigh dá chuóta colgán Meánmhuirí agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin nuair a chuirfidh sé a phlean iascaireachta bliainiúil ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 9. Áiritheofar leis an bhforáil sin go ndéanfar gach colgán Meánmhuirí marbh a asbhaint ón gcuóta.

3.  Féachfaidh na Ballstáit le haon mhéadú ar dheiseanna iascaireachta a thiocfaidh as cur chun feidhme rathúil an Rialacháin seo a leithdháileadh ar shoithí iascaireachta nach raibh aon chuóta colgán Meánmhuirí leithdháilte orthu roimhe seo agus a chomhlíonann na critéir maidir le leithdháileadh deiseanna iascaireachta a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 8

Teorainneacha toillte

1.  Beidh feidhm ag teorainn toillte de réir chineál trealaimh iascaireachta na soithí iascaireachta ar feadh thréimhse an phlean téarnaimh a leagtar amach sa Rialachán seo. Cuirfidh na Ballstáit teorainn de réir chineál trealaimh iascaireachta le líon na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil go meánlíon bliantúil na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a rinne colgáin Mheánmhuirí a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar nó a thabhairt i dtír le linn na tréimhse ó 2013 go 2016.

2.  D’ainneoin mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh úsáid a bhaint as líon na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a rinne colgáin Mheánmhuirí a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar nó a thabhairt i dtír in 2016, chun an teorainn toillte a ríomh, más rud é go bhfuil an líon sin níos ísle ná meánlíon na soithí le linn thréimhse 2013-2016. Beidh feidhm ag an teorainn toillte sin maidir le soithí iascaireachta de réir an chineáil trealaimh.

3.  Féadfaidh na Ballstáit lamháltas de 5 % a chur i bhfeidhm ar an teorainn toillte dá dtagraítear i mír 1 ar feadh na mblianta 2018 agus 2019.

4.  Faoin 1 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a ghlacfar chun teorainn a chur le líon na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil. Beidh an fhaisnéis sin san áireamh i dtarchur na bpleananna iascaireachta bliantúla i gcomhréir le hAirteagal 9.

Airteagal 9

Pleananna iascaireachta bliantúla

1.  Cuirfidh na Ballstáit a bpleananna iascaireachta bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meitheamh gach bliain. Déanfar na pleananna iascaireachta bliantúla sin san fhormaid mar a leagtar amach sna Treoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach, agus áireofar sna pleananna sin faisnéis mhionsonraithe i dtaca leis an gcuóta le haghaidh colgán Meánmhuirí a leithdháileadh, de réir cineál trealaimh iascaireachta, an cuóta arna leithdháileadh ar iascaigh áineasa agus, i gcás inarb ábhartha, ar fhoghabhálacha san áireamh.

2.  Cuirfidh an Coimisiún na pleananna bliantúla iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 le chéile agus déanfaidh sé iad a chomhtháthú i bplean iascaireachta de chuid an Aontais. Tarchuirfidh an Coimisiún an plean iascaireachta sin de chuid an Aontais chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Márta gach bliain.

CAIBIDIL 2

Bearta caomhnaithe teicniúla

Roinn 1

Séasúir iascaireachta

Airteagal 10

Tréimhsí coiscthe

1.  Ní dhéanfar colgáin Mheánmhuirí a ghabháil (mar spriocspeiceas nó mar fhoghabháil), a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír le linn na tréimhse coiscthe. Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta gach bliain a bheidh an tréimhse choiscthe.

2.  D’fhonn colgáin Mheánmhuirí a chosaint, cuirfear tréimhse choiscthe i bhfeidhm ar shoithí spiléir a bheidh ag díriú ar an tuinnín colgach sa Mheánmhuir (Thunnus alalunga) ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Samhain gach bliain.

3.  Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar éifeachtacht na dtréimhsí coiscthe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus, chun comhlíonadh an Airteagail seo a áirithiú agus cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fad maidir leis na rialuithe agus cigireachtaí iomchuí a rinneadh sa bhliain roimhe faoi bhráid an Choimisiúin ar a laghad dhá mhí agus 15 lá roimh chruinniú bliantúil ICCAT gach bliain. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT ar a laghad dhá mhí roimh chruinniú bliantúil ICCAT gach bliain.

Roinn 2

Íosmhéid tagartha caomhnaithe, gabháil de thaisme agus foghabháil

Airteagal 11

Íosmhéid tagartha caomhnaithe le haghaidh colgáin Mheánmhuirí

1.  De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 1380/2013, beidh toirmeasc ar cholgán Meánmhuirí a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a dhíol nó a chur ar taispeántas nó a chur ar díol, lena n-áirítear i gcás iascaigh áineasa:

(a)  gabhálacha agus foghabhálacha níos lú ná 100 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill (LJFL); nó

(b)  gabhálacha agus foghabhálacha níos lú ná 11.4 kg beomheáchain, nó níos lú ná 10.2 kg meáchain i ndiaidh na geolbhaigh a bhaint agus an t-iasc a ghlanadh.

2.  Ní féidir ach eiseamail iomlána colgán Meánmhuirí a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír nó a iompar tar éis teacht i dtír den chéad uair, is é sin le rá gan aon chuid sheachtrach de chorp an éisc a bheith bainte de nó gan aon eiseamal a bhfuil a gheolbhaithe bainte de agus atá glanta a bheith san áireamh.

Airteagal 12

Gabhálacha de thaisme colgán Meánmhuirí faoi bhun an íosmhéid tagartha chaomhnaithe

In ainneoin mhír Airteagal 11(1), féadfaidh soithí iascaireachta a bheidh ag déanamh iascaireacht ghníomhach colgán Meánmhuirí gabhálacha de thaisme colgán Meánmhuirí faoi bhun an íosmhéid tagartha chaomhnaithe a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a aistriú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a dhíol nó a chur ar taispeántas nó a chur ar díol, ar choinníoll nach rachaidh na gabhálacha sin thar 5%, de réir meáchain nó líon na n-eiseamal, de ghabháil iomlán colgán Meánmhuirí na soithí iascaireachta lena mbaineann.

Airteagal 13

Foghabhálacha

1.  Ní rachaidh foghabhálacha colgán Meánmhuirí tráth ar bith tar éis oibríocht iascaireachta thar an teorainn foghabhála arna bunú ag na Ballstáit ina bpleananna iascaireachta bliantúla maidir leis an gabháil iomlán ar bord de réir mheáchain nó líon na n-eiseamal .

2.  De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní dhéanfaidh soithí iascaireachta nach bhfuil ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí aon cholgán a choinneáil ar bord a rachaidh thar an teorainn foghabhála sin.

3.  De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh an cuóta do cholgáin Mheánmhuirí a leithdháiltear ar an mBallstát brataí ídithe, scaoilfear saor aon cholgán Meánmhuirí a gabhadh beo.

4.  I gcás ina mbeidh an cuóta cholgáin Mheánmhuirí a leithdháiltear ar an mBallstát brataí ídithe, beidh toirmeasc ar cholgáin Mheánmhuirí mharbha a phróiseáil agus a thráchtálú agus déanfar gach gabháil a thaifeadadh. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis maidir le cainníocht colgán Meánmhuirí marbh den sórt sin ar fáil ar bhonn bliantúil don Choimisiún a chuirfidh ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT í, i gcomhréir le hAirteagal 21.

Roinn 3

Saintréithe teicniúla an trealaimh iascaireachta

Airteagal 14

Saintréithe teicniúla an trealaimh iascaireachta

1.  Socrófar gur 2 500 duán an líon uasta duán is ceadmhach do shoithí iascaireachta atá ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí a chur nó a iompar ar bord.

2.  De mhaolú ar mhír 1, ceadófar foireann 2 500 duán rigeáilte ionaid ar bord soithí iascaireachta le haghaidh turas níos faide ná dhá lá ar choinníoll go ndéanfar í a fháisceadh agus a stuáil go hiomchuí ar dheiceanna íochtair ionas nach bhféadfar í a úsáid go héasca.

3.  Ní bheidh méid an duáin níos lú ná 7 cm ar airde.

4.  Ní rachaidh fad na spiléar peiligeach thar 30 muirmhíle (55.56 km).

CAIBIDIL 3

Bearta rialaithe

Roinn 1

Taifead ar shoithí

Airteagal 15

Údaruithe iascaireachta

1.  Eiseoidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta chuig soithí iascaireachta atá ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí agus a bhfuil a mbratach ar foluain acu, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2403, go háirithe in Airteagal 20 agus Airteagal 21 de.

2.  Ní cheadófar ach soithí de chuid an Aontais, a áirítear i dtaifead ICCAT ar shoithí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16 agus Airteagal 17, colgáin Mheánmhuirí a áireamh mar sprioc, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar nó a phróiseáil, gan dochar do na forálacha a leagtar síos maidir le foghabhálacha in Airteagal 13.

3.  Déanfar soithí iascaireachta mórscála atá údaraithe ag na Ballstáit a chlárú i dtaifead ICCAT ar shoithí atá 20 méadar nó níos mó ar fad san iomlán agus atá údaraithe chun oibriú i limistéar an Choinbhinsiúin ICCAT.

Airteagal 16

Faisnéis maidir le soithí atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí agus tuinníní colgacha Meánmhuirí a ghabháil sa bhliain reatha

1.  Gach bliain cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach agus san fhormáid a leagtar síos i dTreoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach:

(a)  faoin 1 Eanáir, an fhaisnéis maidir le soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil, mar aon le soithí atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil i gcomhthéacs iascaigh áineasa.

(b)  faoin 1 Márta, an fhaisnéis maidir le soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe díriú ar thuinníní colgacha Mheánmhuir.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) faoin 15 Eanáir gach bliain chuig Rúnaíocht ICCAT agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) faoin 15 Márta gach bliain chuig Rúnaíocht ICCAT.

Áireofar san fhaisnéis maidir leis na soithí iascaireachta dá dtagraítear i bpointí  (a) agus (b) den chéad fhomhír den mhír seo ainm an tsoithigh agus a uimhir ar chlár chabhlach an Aontais mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218(16).

2.  Sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon mhodhnú a dhéanfar ar an bhfaisnéis maidir le soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 30 lá ón modhnú sin. Déanfaidh an Coimisiún , laistigh de 45 lá tar éis dháta an mhodhnaithe, an fhaisnéis sin a tharchuir chuig Rúnaíocht ICCAT.

3.  Sa bhreis ar aon fhaisnéis a tharchuirfear chuig Rúnaíocht ICCAT i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, de bhun Airteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2017/2403, sonraí nuashonraithe na soithí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur gan mhoill chuig Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 17

Faisnéis maidir le soithí a údaraíodh díriú ar cholgáin Mheánmhuirí le harpúin nó spiléir pheiligeacha le linn na bliana roimhe

1.  Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach an fhaisnéis seo a leanas maidir le soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu a údaraíodh iascaireacht spiléir pheiligigh nó iascaireacht harpúin a dhéanamh ina ndíríodh ar cholgáin Mheánmhuirí le linn na bliana roimhe sin:

(a)  ainm an tsoithigh (i gcás nach bhfuil ainm air, an uimhir chláraithe gan inisealacha na tíre san áireamh);

(b)  Uimhir chlár cabhlaigh an Aontais (CFR) mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218;

(c)  uimhir thaifid ICCAT.

2.  Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 isteach san fhormáid a leagtar síos i Threoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach.

3.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.

Roinn 2

Faireachán agus Faireachas

Airteagal 18

Córas um Fhaireachán Soithí

1.  Chun críocha rialaithe, ní chuirfear isteach ar tharchur shonraí an Chórais um Fhaireachán Soithí (VMS) ó shoithí iascaireachta atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabhal fad agus atá na soithí sin i gcalafort.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh a n-ionaid faireacháin iascaigh na teachtaireachtaí ón gcóras um fhaireachán soithí a fuarthas ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig comhlacht a ainmneoidh sé i bhfíoram agus ag úsáid na formáide ‘fotha sonraí https’. Cuirfidh an Coimisiún na teachtaireachtaí sin ar aghaidh go leictreonach chuig Rúnaíocht ICCAT.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit:

(a)  go ndéanfar teachtaireachtaí VMS ó shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún gach dhá uair ar a laghad;

(b)  i gcás mífheidhm theicniúil ar an gcóras um fhaireachán soithí, go gcuirfear teachtaireachtaí malartacha, a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011, ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu ar aghaidh chuig an gCoimisiún laistigh de 24 uair an chloig i ndiaidh dá n-ionaid faireacháin iascaigh iad a fháil;

(c)  go mbeidh uimhriú seicheamhach (le haitheantóir uathúil) ar gach teachtaireacht VMS a sheolfar ar aghaidh chuig an gCoimisiún chun dúbláil a sheachaint;

(d)  go gcomhlíonfaidh teachtaireachtaí VMS a chuirtear ar aghaidh chuig an gCoimisiún Airteagal 24(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011.

4.  Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéileálfar go rúnda leis na teachtaireachtaí VMS go léir a chuirfear ar fáil dá shoithí cigireachta agus go mbeidh siad teoranta d'oibríochtaí cigireachta ar muir.

Airteagal 19

Soithí iascaireachta de chuid an Aontais a chairtfhostú

Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a chairtfhostú le haghaidh díriú ar cholgáin Mheánmhuirí.

Airteagal 20

Cláir breathnóirí eolaíocha náisiúnta le haghaidh soithí spiléir pheiligigh

1.  Cuirfidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta do cholgáin Mheánmhuirí clár breathnóirí eolaíoch náisiúnta chun feidhme le haghaidh soithí spiléir pheiligigh a bheidh ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí i gcomhréir leis an Airteagal seo. Leis an gclár breathnóirí náisiúnta comhlíonfar na híoschaighdeáin a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

2.  Áiritheoidh gach Ballstát lena mbaineann go n-imlonnófar breathnóirí eolaíocha náisiúnta ar 10 % ar a laghad de shoithí spiléir pheiligigh atá thar 15 mhéadar ar fad san iomlán agus a bheidh ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí. Déanfar an céatadán a thomhas de réir laethanta iascaireachta, líon na gcur nó, líon na soithí nó líon na dturas.

3.  Déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann cur chuige le haghaidh faireachán eolaíoch a dhearadh agus a chur chun feidhme chun an fhaisnéis a bhailiú maidir le gníomhaíochtaí na soithí spiléir pheiligigh atá faoi bhun agus suas le 15 mhéadar ar fad san iomlán atá faoi bhratach an Bhallstáit sin. Déanfaidh gach Ballstát brataí mionsonraí maidir leis an gcur chuige sin le haghaidh faireachán eolaíoch a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina phlean bliantúil iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 9 faoi 2020.

4.  Cuirfidh an Coimisiún mionsonraí maidir leis an gcur chuige le haghaidh faireachán eolaíoch dá dtagraítear i mír 3 faoi bhráid Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh (SCRS) láithreach le go ndéanfar meastóireacht orthu. Beidh aon chur chuige le haghaidh faireachán eolaíoch faoi réir fhormheas Choimisiún ICCAT ag cruinniú bliantúil ICCAT sula gcuirfear chun feidhme iad.

5.  Déanfaidh na Ballstáit doiciméad aitheantais oifigiúil a eisiúint dá mbreathnóirí eolaíocha náisiúnta.

6.  Chomh maith le cúraimí na mbreathnóirí eolaíocha a leagtar síos in Iarscríbhinn I, ceanglóidh na Ballstáit ar bhreathnóirí eolaíocha na sonraí seo a leanas maidir le colgáin Mheánmhuirí a mheasúnú agus a thuairisciú:

(a)  líon aischur na n-eiseamal a bhí faoi bhun an íosmhéid tagartha chaomhnaithe;

(b)  méid réigiún-sonrach agus aois aibíochta;

(c)  úsáid gnáthóige, chun comparáid a dhéanamh idir líon na gcolgán Meánmhuirí atá ar fáil do na hiascaigh éagsúla, lena n-áirítear comparáid idir spiléir thraidisiúnta agus iascaigh spiléir mhéisipheiligeacha;

(d)  tionchar na n-iascach spiléir mhéisipheiligigh ar chomhdhéanamh gabhála, sraith na gabhála in aghaidh an aonaid iarrachta agus méid-dáileadh na ngabhálacha; agus

(e)  meastachán míosúil ar chion na n-iasc sceitheach agus na n-iasc óg inghafa sna gabhálacha.

7.  Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis a bailíodh faoina gcláir breathnóirí eolaíocha náisiúnta ón mbliain roimhe chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.

Roinn 3

Gabhálacha A Rialú

Airteagal 21

Gabhálacha a thaifeadadh agus a thuairisciú

1.  Coinneoidh an máistir ar gach soitheach atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil logleabhar iascaireachta i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus cuirfidh sé faisnéis an logleabhair faoi bhráid an Bhallstáit brataí.

2.  Gan dochar do na hoibleagáidí tuairiscithe ar na Ballstáit a bunaíodh i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha ráithiúla ar gach gabháil colgán Meánmhuirí a rinne soithí údaraithe a raibh a mbratach ar foluain acu chuig an gCoimisiún, mura rud é go gcuirfear an fhaisnéis sin go míosúil. Cuirfear na tuarascálacha ráithiúla sin, agus úsáid á baint as formáid na tuarascála maidir le sonraí comhiomlánaithe gabhála , agus 15 lá ar a dhéanaí tar éis dheireadh gach ráithe (eadhon faoin 15 Aibreán, faoin 15 Iúil agus faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain agus faoin 15 Eanáir an bhliain ina dhiaidh sin). Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 30 Aibreán, faoin 30 Iúil agus faoin 30 Deireadh Fómhair gach bliain agus faoin 30 Eanáir an bhliain ina dhiaidh sin.

3.  Chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhí údaraithe iascaireacht spiléir pheiligigh nó ‏iascaireacht harpúin a dhéanamh inar díríodh ar cholgáin Mheánmhuirí le linn na bliana roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain:

(a)  faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta de réir spriocspeicis agus limistéir, bunaithe ar shampláil nó ar an gcabhlach ar fad, lena n-áirítear:

(i)  tréimhse nó tréimhsí iascaireachta agus líon iomlán bliantúil laethanta iascaireachta an tsoithigh;

(ii)  limistéir gheografacha, de réir dhronuilleoga staitistiúla ICCAT, do na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann an soitheach;

(iii)  cineál soithigh;

(iv)  líon na nduán a úsáideann an soitheach;

(v)  líon na n-aonad spiléir a úsáideann an soitheach;

(vi)  fad iomlán na n-aonad spiléir don soitheach;

(b)  sonraí faoi na gabhálacha, sa tréimhse ama-limistéar is lú is féidir, lena n-áirítear:

(i)  méid agus, más féidir, dáileadh aoise na ngabhálacha;

(ii)  gabhálacha agus comhdhéanamh gabhála in aghaidh an tsoithigh;

(iii)  iarracht iascaireachta (meánlíon laethanta iascaireachta in aghaidh an tsoithigh, meánlíon duán in aghaidh an tsoithigh, meánlíon aonad spiléir in aghaidh an tsoithigh, meánfhad iomlán spiléir in aghaidh an tsoithigh).

Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.

4.  Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 isteach san fhormáid a leagtar síos i dTreoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach.

Airteagal 22

Sonraí maidir leis na cuótaí a baineadh amach

1.  Gan dochar d’Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas gan mhoill nuair a mheasfar gur baineadh amach 80 % den chuóta do cholgáin Mheánmhuirí a leithdháileadh ar chineál trealaimh iascaireachta.

2.  Nuair a bhainfidh gabhálacha carntha colgán Meánmhuirí 80 % den chuóta náisiúnta amach, cuirfidh na Ballstáit bhrataí sonraí maidir leis na gabhálacha ar aghaidh chuig an gCoimisiún ar bhonn seachtainiúil.

Roinn 4

Gabhálacha agus Trasloingsiú

Airteagal 23

Calafoirt ainmnithe

1.  Maidir le gabhálacha colgán Meánmhuirí, lena n-áirítear foghabhálacha agus colgáin Mheánmhuirí a ghabhtar i gcomhthéacs iascaigh áineasa gan aon chlib greamaithe ar gach eiseamal dá dtagraítear in Airteagal 30, ní thabharfar i dtír iad ach i gcalafoirt ainmnithe amháin.

2.  Ainmneoidh gach Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 43(5) de Rialachán (CE) 1224/2009, calafoirt ina dtabharfar na gabhálacha agus an trasloingsiú sin de cholgáin Mheánmhuirí dá dtagraítear i mír 1 i dtír.

3.  Faoin 15 Feabhra gach bliain, cuirfidh na Ballstáit liosta calafort ainmnithe faoi bhráid an Choimisiúin. Faoin 1 Márta gach bliain, cuirfidh an Coimisiún an liosta sin faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 24

Réamhfhógra

1.  Beidh feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais arb é 12 mhéadar nó níos mó fad na soithí sin san iomlán, a áirítear sa liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo. Cuirfear an réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 chuig údarás inniúil an Bhallstáit nó CPC a bhfuil sé i gceist acu úsáid a bhaint as a chalafoirt nó as a shaoráidí maidir le tabhairt i dtír, agus chuig an mBallstát brataí, murab ionann é agus Ballstát an chalafoirt.

2.  Cuirfidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais, ar lú ná 12 mhéadar fad na soithí sin san iomlán agus a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 16, an fhaisnéis seo a leanas in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit, lena n-áirítear an Ballstát brataí, nó don CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó as a shaoráidí maidir le tabhairt i dtír, agus chuig an mBallstát brataí murab ionann é agus Ballstát an chalafoirt, ar a laghad ceithre huaire an chloig roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach:

(a)  an t-am a mheastar a bhainfear an calafort amach;

(b)  meastachán ar an gcainníocht colgán Meánmhuirí arna coinneáil ar bord; agus

(c)  faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar tógadh an ghabháil.

3.  Más giorra ná turas ceithre huaire an chloig an turas idir na meánna agus an calafort, féadfar na meastúcháin ar na cainníochtaí de cholgán Meánmhuirí arna gcoinneáil ar bord a mhodhnú aon tráth roimh theacht chun calafoirt.

4.  Coinneoidh údaráis Bhallstáit an chalafoirt taifead ar gach réamhfhógra a thugtar sa bhliain reatha.

Airteagal 25

Trasloingsiú

1.  Déanfar toirmeasc a chur i ngach imthoisc ar thrasloingsiú ar muir ag soithí de chuid an Aontais a mbíonn colgáin Mheánmhuirí á n-iompar ar bord acu, nó ag soithí tríú tír in uiscí an Aontais, a dhéanamh i ngach cúinse.

2.  Gan dochar d’Airteagal 51, Airteagal 52 (2) agus (3) agus Airteagail 54 agus 57 de Rialachán (AE) 2017/2107, ní dhéanfaidh soithí colgáin Mheánmhuirí a thrasloingsiú ach i gcalafoirt ainmnithe amháin.

Roinn 5

Cigireachtaí

Airteagal 26

Pleananna cigireachta bliantúla

1.  Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh na Ballstáit a bpleananna cigireachta bliantúla ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Leagfar na pleananna cigireachta sin amach i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)  na cuspóirí, na tosaíochtaí agus na nósanna imeachta chomh maith le tagarmharcanna le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta a leagadh amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1986 ón gCoimisiún(17); agus

(b)  an clár gníomhaíochta náisiúnta um an gcolgán Meánmhuirí a rialú a bunaíodh faoi Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.  Cuirfidh an Coimisiún na pleananna cigireachta náisiúnta le chéile agus déanfaidh sé iad a chomhtháthú i bplean cigireachta an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún an plean sin a thraschur chuig Rúnaíocht ICCAT, lena fhormhuiniú ag ICCAT, maille leis na pleananna iascaireachta bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 27

Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta

1.  Déanfar gníomhaíochtaí comhchigireachta idirnáisiúnta i gcomhréir le Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta (“Scéim ICCAT”) a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.  Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil cigirí a shannadh agus cuirfear cigireachtaí ar muir ar bun faoi Scéim ICCAT. Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé cigirí de chuid an Aontais a shannadh do Scéim ICCAT.

3.  Más rud é, tráth ar bith, go bhfuil níos mó ná 50 soitheach iascaireachta atá faoi bhratach Ballstáit i mbun iascach colgán Meánmhuirí i limistéar an Choinbhinsiúin ICCAT, déanfaidh an Ballstát sin soitheach cigireachta a imscaradh chun críche cigireachta agus rialú ar muir sa Mheánmhuir ar feadh na tréimhse a bheidh na soithí sin ann. Measfar go mbeidh an oibleagáid sin comhlíonta freisin i gcás ina gcomhoibreoidh Ballstáit le chéile chun soitheach cigireachta a imscaradh nó i gcás ina ndéanfar soitheach cigireachta de chuid an Aontais a imscaradh sa Mheánmhuir.

4.  Comhordóidh an Coimisiún, nó comhlacht a ainmneoidh sé, na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta don Aontas. Féadfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit lena mbaineann, cláir chomhchigireachta a tharraingt suas le cur ar chumas an Aontais a oibleagáid faoi scéim ICCAT a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta i mbun iascaigh colgán Meánmhuirí na bearta is gá chun cur i bhfeidhm na gclár comhchigireachta sin a éascú, go háirithe maidir leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus maidir leis na tréimhsí a úsáidfear na hacmhainní sin agus na limistéir gheografacha ina bhfuil siad le himscaradh.

5.  Faoin 1 Nollaig gach bliain, cuirfidh na Ballstáit ainmneacha na gcigirí agus na soithí cigireachta a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh do scéim ICCAT le linn na bliana ina dhiaidh sin in iúl don Choimisiún. I gcomhar leis na Ballstáit, bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis sin chun plean bliantúil maidir le rannpháirtíocht an Aontais i scéim ICCAT a tharraingt suas agus seolfaidh an Coimisiún an plean sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 1 Eanáir gach bliain.

Airteagal 28

Cigireachtaí i gcás sáruithe

Sa chás go sáróidh soitheach a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aige forálacha an Rialacháin seo.áiritheoidh an Ballstát sin go ndéanfar cigireacht fhisiciúil ar an soitheach sin faoina údarás ina chalafoirt nó, i gcás nach mbeidh an soitheach i gceann dá chalafoirt, go ndéanfaidh duine a bheidh ainmnithe ag an mBallstát sin é.

CAIBIDIL 4

Iascaigh áineasa

Airteagal 29

Bearta bainistíochta

1.  Déanfaidh gach Ballstát ina gceadaítear iascaigh áineasa le haghaidh colgáin Mheánmhuirí foráil maidir le cuóta le haghaidh iascaigh áineasa laistigh dá chuóta náisiúnta agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin nuair a chuirfidh sé a phlean iascaireachta bliantúil ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 9. Áiritheofar leis an bhforáil sin go ndéanfar gach colgán Meánmhuirí marbh a asbhaint ón gcuóta.

2.  Na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a bhíonn i mbun iascaigh áineasa le haghaidh colgáin Mheánmhuirí, áiritheoidh siad go bhfuil na soithí sin san áireamh san fhaisnéis ar shoithí údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 30(2). Soithí nach bhfuil san áireamh san fhaisnéis sin, ní bheidh siad údaraithe colgáin Mheánmhuirí a iascach.

3.  Beidh toirmeasc ar cholgáin Mheánmhuirí a ghabhfar in iascaigh áineasa a dhíol nó a mhargú ar dhóigh ar bith.

4.   In ainneoin Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh toirmeasc ar níos mó ná aon cholgán amháin sa lá a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áineasa. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na bearta is gá chun a áirithiú, a mhéid is féidir, agus a éascú go scaoilfear saor colgáin Mheánmhuirí a ghabhfar beo faoi chuimsiú iascaireachta áineasa, agus féadfaidh siad bearta níos sriantaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcosaint do cholgáin Mheánmhuirí.

Airteagal 30

Bearta rialaithe

1.  Ní údarófar ach soithí “slat agus ruaim” colgáin Mheánmhuirí a ghabháil in iascaigh áineasa.

2.  Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis ar shoithí áineasa údaraithe a chuirfear chuig Rúnaíocht ICCAT i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 16(1):

(a)  ainm an tsoithigh (i gcás nach bhfuil ainm air, an uimhir chláraithe gan códlitreacha na tíre san áireamh);

(b)  an t-ainm a bhí ar an soitheach, i gcás inarb ábhartha;

(c)  fad iomlán an tsoithigh;

(d)  ainm agus seoladh úinéir nó úinéirí an tsoithigh iascaireachta agus oibreoir nó oibreoirí an tsoithigh .

3.  Déanfar sonraí na gabhála, lena n-áirítear fad (ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill) agus beomheáchan slánaithe gach colgáin Mheánmhuirí a ghabhfar, a choinneofar ar bord agus a thabharfar i dtír i gcomhthéacs iascaigh áineasa, a thaifeadadh agus a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 21.

4.  Aon cholgán Meánmhuirí a thugtar i dtír, beidh sé iomlán, nó beidh a gheolbhaigh bainte de, nó beidh sé glanta, agus sin i gcalafort ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 23, nó le clib greamaithe ar gach eiseamal. Beidh uimhir thírshonrach uathúil ar gach clib agus beidh na clibeanna crioscaíldíonach.

5.  Bunóidh na Ballstáit clár clibeála chun críocha an Rialacháin seo agus cuirfidh siad sonraíochtaí an chláir sin san áireamh sna pleananna iascaireachta bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9.

6.  Ní údaróidh gach Ballstát na clibeanna sin a úsáid ach amháin chomh fada agus a bheidh líonta na ngabhálacha carntha laistigh den chuóta a leithdháileadh air.

7.  Gach bliain cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar chur chun feidhme an chláir clibeála chuig an gCoimisiún, dhá mhí agus 15 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ó na Ballstáit le chéile agus cuirfidh sé chuig Rúnaíocht ICCAT í dhá mhí ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT.

TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Tuarascáil bhliantúil

1.  Faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil, le haghaidh na bliana féilire roimhe sin, ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, mar aon le haon fhaisnéis bhreise, de réir mar is iomchuí, faoi bhráid an Choimisiúin.

2.  Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis maidir leis na céimeanna a glacadh chun foghabhálacha a mhaolú agus colgáin Mheánmhuirí aischurtha atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe a laghdú, agus maidir le haon taighde ábhartha sa réimse sin.

3.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a gheofar de bhun mhír 1 agus mhír 2 le chéile agus cuirfidh sé ar aghaidh í chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain.

4.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le ceanglais mhionsonraithe maidir le formáid na tuarascála bliantúla dá dtagraítear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

Airteagal 32

Athbhreithniú

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú an phlean téarnaimh a leagtar amach sa Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2025.

Airteagal 33

Maoiniú

Chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18), measfar gur plean ilbhliantúil de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bheidh sa phlean téarnaimh a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 34

An nós imeachta i gcomhair leasuithe

1.  I gcás inar gá d’fhonn moltaí ICCAT lena ndéanfaí plean téarnaimh ICCAT a leasú nó a fhorlíonadh agus a bheadh ceangailteach ar an Aontas, a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, agus a mhéid nach rachadh leasuithe ar dhlí an Aontais thar mholtaí ICCAT, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an méid seo a leanas a leasú:

(a)  spriocdhátaí chun faisnéis a thuairisciú mar a leagtar síos in Airteagal 9(1) agus (2), Airteagal 10(3), Airteagal 16(1) agus (3), Airteagal 17(1) agus (3), Airteagal 21(2) agus (3), Airteagal 22(2), Airteagal 23(3), Airteagal 26(1), Airteagal 27(5) agus Airteagal 31(1) agus (3);

(b)  tréimhsí coiscthe le haghaidh tréimhsí coiscthe dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) agus (2);

(c)  an t-iosmhéid tagartha caomhnaithe a leagtar síos in Airteagal 11(1);

(d)  na leibhéil lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 12 agus Airteagal 13;

(e)  saintréithe teicniúla an trealaimh iascaireachta in Airteagal 14(1) go (4);

(f)  céatadán ghlacadh an chuóta a leagtar síos in Airteagal 22(1) agus (2);

(g)  an fhaisnéis ar shoithí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) agus (2), Airteagal 17(1), Airteagal 21(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 30(2) ; agus

(h)  Iarscríbhinní I, II agus III.

2.  Aon leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 1, beidh sé teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe nó na bhforlíontaí ar mholtaí comhfhreagracha ICCAT i ndlí an Aontais.

Airteagal 35

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 34 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 34 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 34 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 36

Nós imeachta coiste

1.  Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 37

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2107

I Rialachán (AE) 2017/2107, scriostar Airteagal 20 go hAirteagal 26.

Airteagal 38

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6(2):"

“2. 2 500 duán le haghaidh soithí atá ag díriú ar cholgán (Xiphias gladius) nuair is ionann an speiceas seo agus ar a laghad 70 % de bheomheáchan na gabhála tar éis a shórtála;”.

"

Airteagal 39

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Íoschaighdeáin ICCAT maidir le cláir breathnóirí eolaíochta i dtaca le soithí iascaireachta

Forálacha ginearálta

1.  Is iad seo na híoschaighdeáin maidir le cláir breathnóirí eolaíochta i dtaca le soithí iascaireachta a leagtar síos i Moladh ICCAT 16-14.

Cáilíochtaí breathnóirí

2.  Gan dochar d’aon oiliúint ná cáilíochtaí teicniúla a mholann An Buanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh (SCRS), áiritheoidh páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha (CPCanna) go mbeidh na híoscháilíochtaí seo a leanas ag a mbreathnóirí chun a ndualgais a chur i gcrích:

(a)  eolas agus taithí leordhóthanach le bheith in ann speicis ICCAT agus cumraíochtaí éagsúla de threalamh iascaireachta a shainaithint;

(b)  a bheith in ann breathnú agus taifead cruinn a dhéanamh ar na bhfaisnéis atá le bailiú faoin gclár;

(c)  a bheith in ann na dualgais a leagtar amach i mír 7 thíos a chomhlíonadh;

(d)  a bheith in ann samplaí bitheolaíocha a bhailiú; agus

(e)  íosmhéid oiliúna agus oiliúint leordhóthanach a bheith déanta acu maidir le sábháilteacht agus teacht slán ar an bhfarraige.

3.  Lena chois sin, chun sláine a gcláir breathnóirí náisiúnta a áirithiú, áiritheoidh CPCanna an méid seo a leanas i dtaca leis na breathnóirí:

(a)  nach baill de chriú an tsoithigh iascaireachta ar a mbeifear ag breathnú iad;

(b)  nach fostaithe úinéir ná úinéir tairbhiúil an tsoithigh iascaireachta ar a mbeifear ag breathnú iad; agus

(c)  nach mbeidh aon leas airgeadais ná tairbhiúil reatha acu san iascach ar a mbeifear ag breathnú.

Clúdach an bhreathnóra

4.  Áiritheoidh gach CPC an méid seo a leanas i dtaca lena chláir breathnóirí intíre:

(a)  íoschlúdach breathnóra de 5% ar an iarracht iascaireachta a bheith i ngach ceann de na hiascaigh spiléir pheiligeacha agus mar a shainítear i ngluais ICCAT, sna hiascaigh ina ndéantar iascaireacht le báid bhaoite, le gaistí, le heangacha geolbhaigh agus le trálaeir. Measfar an céatadán den chlúdach mar seo a leanas:

(i)  i dtaca le hiascaigh spiléir pheiligeacha, de réir laethanta iascaireachta, líon na gcur, nó líon na dturas;

(ii)  i dtaca le hiascaigh ina ndéantar iascaireacht le báid bhaoite agus le gaistí de réir laethanta iascaireachta;

(iii)  i dtaca le hiascaigh ina ndéantar iascaireacht le heangacha geolbhaigh, de réir uaireanta iascaireachta nó laethanta iascaireachta; agus

(iv)  i dtaca le hiascaigh ina ndéantar iascaireacht le trálaeir, de réir gabhálacha iascaireachta nó laethanta iascaireachta;

(b)  d’ainneoin phointe (a), maidir le soithí faoi bhun 15 mhéadar ar fhad ina n-iomláine, i gcás ina mbeidh imní úrghnách maidir le sábháilteacht ann a fhágann nach féidir breathnóir a imscaradh ar bord, féadfaidh CPC cur chuige malartach le haghaidh faireachán eolaíoch a úsáid lena mbaileofar sonraí atá coibhéiseach leis na sonraí sin a shonraítear i Moladh ICCAT 16-14 ar chaoi a áiritheoidh clúdach comparáideach. Sna cásanna sin, ní mór do CPC, ar mian leis úsáid a bhaint as cur chuige malartach, sonraí an chur chuige sin a thíolacadh chuig SCRS le go ndéanfar meastóireacht orthu. Comhairleoidh SCRS do ICCAT faoi chomh hoiriúnach agus a bheidh an cur chuige malartach chun na hoibleagáidí maidir le bailiú na sonraí a leagtar amach i Moladh ICCAT 16-14 a chomhlíonadh. Aon chuir chuige mhalartacha a chuirfear chun feidhme de bhun na forála seo, beidh siad faoi réir fhormheas ICCAT ag an gcruinniú bliantúil sula gcuirfear chun feidhme iad;

(c)  maidir le hoibriú an chabhlaigh, beidh clúdach ama agus spásúil ionadaíoch ann chun a áirithiú go ndéanfar sonraí leordhóthanacha iomchuí a bhailiú mar a cheanglaítear faoi Mholadh ICCAT 16-14 agus faoi aon cheanglas breise eile maidir le cláir breathnóirí CPC intíre, agus tréithe na gcabhlach agus na n-iascach á gcur san áireamh;

(d)  baileofar sonraí faoi ghnéithe ábhartha den oibríocht iascaireachta, lena n-áirítear an ghabháil, de réir mar a shonraítear i mír 7.

5.  Féadfaidh CPCanna socruithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích ar dá réir a chuirfidh CPC amháin a bhreathnóirí ar shoithí atá faoi bhratach CPC eile fad agus a dhéanfar forálacha Mholadh ICCAT 16-14 a chomhlíonadh.

6.  Féachfaidh CPCanna lena áirithiú go gcaithfidh breathnóirí tréimhsí ar shoithí éagsúla le linn a sainchúraimí a chur i gcrích.

Dualgais an bhreathnóra

7.  Ceanglóidh CPCanna ar bhreathnóirí na nithe seo a leanas, inter alia, a dhéanamh:

(a)  faisnéis faoi ghníomhaíocht iascaireachta an tsoithigh ar a mbreathnófar a thaifeadadh agus a thuairisciú, lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)  bailiú sonraí, lena n-áirítear spriocghabháil iomlán, ábhar aischurtha agus foghabháil (lena n-áirítear siorcanna, turtair mhara, mamaigh farraige agus éanlaith mhara) a chainníochtú, comhdhéanamh na méideanna a mheas agus a thomhas a oiread is indéanta, stádas diúscartha (i.e. iasc coinnithe ar bord, aischurtha agus iad marbh nó scaoilte saor ina mbeatha), agus samplaí bitheolaíocha le haghaidh staidéar saolréime (e.g. gónaid, otailití, dealga, lanna);

(ii)  na clibeanna go léir a gheofar a bhailiú agus a thuairisciú;

(iii)  faisnéis maidir le hoibríocht iascaireachta, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

–  suíomh na gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid,

–  faisnéis maidir le hiarracht iascaireachta (e.g. líon na gcur, líon na nduán, etc.),

–  dáta gach oibríochta iascaireachta, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, am tosaithe agus am stad na gníomhaíochta iascaireachta,

–  an úsáid a bhaintear as nithe um chomhbhailiú éisc, lena n-áirítear feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna); agus

–  bail ghinearálta na n-ainmhithe a scaoiltear saor i gcoibhneas le rátaí marthanais na n-ainmhithe sin (i.e. marbh/ina mbeatha, gortaithe, etc.);

(b)  breathnú ar úsáid beart maolaithe foghabhálacha agus iad a thaifeadadh mar aon le faisnéis ábhartha eile;

(c)  breathnú ar dhálaí comhshaoil agus iad a thuairisciú, a mhéid is féidir (e.g. staid na farraige, aeráid agus paraiméadair hidreolaíocha, etc.);

(d)  breathnú ar FADanna agus iad a thuairisciú, i gcomhréir le clár breathnóirí ICCAT a glacadh faoin gclár ilbhliantúil um chaomhnú agus um bainistiú tuinníní trópaiceacha; agus

(e)  aon dualgais eolaíocha eile a chur i gcrích arna moladh ag SCRS agus arna gcomhaontú ag ICCAT.

Oibleagáidí an bhreathnóra

8.  Áiritheoidh CPCanna go ndéanfaidh an breathnóir an méid seo a leanas:

(a)  ní chuirfidh sé isteach ar threalamh leictreonach an tsoithigh;

(b)  beidh sé eolach ar nósanna imeachta práinne atá i bhfeidhm ar bord an tsoithigh, lena n-áirítear suíomh na raftaí tarrthála, na múchtóirí dóiteáin agus na bhfearas garchabhrach;

(c)  déanfaidh sé cumarsáid, de réir mar is gá, le máistir an tsoithigh faoi shaincheisteanna agus dualgais ábhartha an bhreathnóra;

(d)  ní chuirfidh sé bac ar ghníomhaíochtaí iascaireachta nó ar ghnáthoibríochtaí an tsoithigh ná ní chuirfidh sé isteach orthu sin;

(e)  glacfaidh sé páirt i seisiún nó i seisiúin faisnéisithe in éineacht leis na hionadaithe iomchuí ón institiúid eolaíoch nó ón údarás intíre atá freagrach as clár na mbreathnóirí a chur chun feidhme.

Oibleagáidí an mháistir

9.  Áiritheoidh CPCanna go ndéanfaidh máistir an tsoithigh ar a sannfar an breathnóir an méid seo a leanas:

(a)  ceadóidh sé rochtain iomchuí ar an soitheach agus ar oibríochtaí an tsoithigh;

(b)  ceadóidh sé don bhreathnóir a chuid freagrachtaí a nó a cuid freagrachtaí a chomhlíonadh ar shlí éifeachtach, lena n-áirítear tríd an an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)  rochtain iomchuí a thabhairt ar threalamh an tsoithigh, ar na doiciméid (lena n-áirítear logleabhair leictreonacha agus pháipéir), agus ar an ngabháil;

(ii)  cumarsáid a dhéanamh aon tráth le hionadaithe iomchuí ón institiúid eolaíoch nó ón údarás intíre;

(iii)  a áirithiú go mbeidh rochtain ag an mbreathnóir ar threalamh leictreonaic agus ar threalamh eile a bhaineann leis an iascaireacht, lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan a bheith teoranta dó:

–  trealamh loingseoireachta satailíte,

–  modhanna leictreonacha cumarsáide;

(iv)  a áirithiú nach ndéanfaidh aon duine ar bord an tsoithigh ar a mbreathnófar crioscaíl le trealamh nó doiciméid de chuid an bhreathnóra ná nach ndéanfaidh sé nó sí iad sin a scriosadh; nach gcuirfidh aon duine ar bord an tsoithigh ar a mbreathnófar bac ná treampán ar an mbreathnóir nó nach ngníomhóidh aon duine ar shlí eile a d’fhéadfadh srian nach bhfuil gá leis a chur ar an mbreathnóir a dhualgais nó a dualgais a dhéanamh; nach ndéanfaidh aon duine ar bord an tsoithigh ar a mbreathnófar imeaglú ná ciapadh ná dochar don bhreathnóir ar aon slí; nó nach dtabharfaidh aon duine ar bord an tsoithigh ar a mbreathnófar breab don bhreathnóir ná nach ndéanfaidh sé nó sí aon iarracht é sin a dhéanamh;

(c)  cuirfear cóiríocht, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, ar fáil do na breathnóirí, a bheidh ar chomhchaighdeán lena mbeidh ar fáil d’oifigigh;

(d)  cuirfear spás leordhóthanach ar an droichead nó sa teach píolóta ar fáil don bhreathnóir chun a dhualgais nó a dualgais a dhéanamh, chomh maith le spás ar an deic a bheidh leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh.

Dualgais CPCanna

10.  Déanfaidh gach CPC an méid seo a leanas:

(a)  ceanglóidh sé, i gcomhréir le forálacha Mholadh ICCAT 16-14, go mbeidh breathnóir eolaíochta ar bord a chuid soithí agus iad ag iascaireacht speiceas ICCAT;

(b)  déanfaidh sé maoirseacht ar shábháilteacht a chuid breathnóirí;

(c)  spreagfaidh sé a institiúid eolaíoch nó a údarás intíre, i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí, le comhaontuithe a dhéanamh le hinstitiúidí eolaíocha agus le húdaráis intíre CPCanna eile chun tuarascálacha breathnóirí agus sonraí ó bhreathnóirí a mhalartú eatarthu;

(d)  déanfaidh sé faisnéis shonrach maidir le cur chun feidhme Mholadh ICCAT 16-14 a thabhairt ina thuarascáil bhliantúil lena húsáid ag ICCAT agus ag an SCRS, lena n-áireofar:

(i)  na mionsonraí maidir le struchtúr agus dearadh a gclár breathnóirí eolaíochta, lena n-áirítear, inter alia:

–  an spriocleibhéal de chlúdach an bhreathnóra de réir chineál an iascaigh agus chineál an trealaimh agus, chomh maith leis sin, an chaoi a ndéantar iad a thomhas,

–  na sonraí is gá a bhailiú,

–  na prótacail atá curtha i bhfeidhm maidir le sonraí a bhailiú agus a láimhseáil,

–  faisnéis maidir leis an gcaoi a roghnófar soithí le haghaidh clúdaigh chun spriocleibhéal an CPC maidir le clúdach an bhreathnóra a bhaint amach,

–  ceanglais maidir le hoiliúint breathnóirí, agus

–  ceanglais maidir le cáilíochtaí breathnóirí;

(ii)  líon na soithí ar a ndéanfar faireachán, an leibhéal clúdaigh a dhéanfar de réir chineál an iascaigh agus de réir chineál an trealaimh; agus

(iii)  na mionsonraí maidir leis an gcaoi a ndearnadh na leibhéil chlúdaigh sin a ríomh;

(e)  tar éis chéadtíolacadh na faisnéise a cheanglaítear faoi mhír 10(d)(i), déanfaidh sé athruithe ar struchtúr nó ar dhearadh a chláir breathnóirí a thuairisciú ina thuarascálacha bliantúla sa chás amháin go dtarlóidh na hathruithe sin. Leanfaidh CPCanna de bheith ag tuairisciú na faisnéise is gá de bhun mhír 10(d)(ii) chuig ICCAT gach bliain;

(f)  gach bliain, agus úsáid á baint aige as na formáidí leictreonacha ainmnithe arna bhforbairt ag SCRS, cuirfidh sé faisnéis ar aghaidh chuig SCRS ar faisnéis í arna bailiú le cláir breathnóirí intíre lena húsáid ag ICCAT, go háirithe faisnéis le haghaidh measúnú a dhéanamh ar an stoc agus chun críocha eolaíocha eile, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm maidir le ceanglais eile i leith tuairisciú sonraí agus atá comhsheasmhach le ceanglais rúndachta intíre;

(g)  áiritheoidh siad go mbainfidh a chuid breathnóirí úsáid as prótacail láidre maidir le bailiú sonraí, le linn dóibh a ndualgais dá dtagraítear i mír 7 a chur i gcrích, lena n-áirítear, de réir mar is gá agus is iomchuí, úsáid grianghrafadóireachta.

Dualgais an Rúnaí Feidhmiúcháin

11.  Déanann an Rúnaí Feidhmiúcháin rochtain éasca ag SCRS agus ag ICCAT a éascú ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis ábhartha a chuirtear isteach de bhun Mholadh ICCAT 16-14.

Dualgais SCRS

12.  Is iad seo a leanas dualgais SCRS:

(a)  cuirfidh sé, de réir mar is gá agus is iomchuí, treoirleabhar oibre breathnóirí i dtoll a chéile le go bhféadfaidh CPCanna é a úsáid ar bhonn deonach ina gcláir breathnóirí intíre, ar treoirleabhar oibre é lena n-áireofar foirmeacha eiseamláireacha agus nósanna imeachta caighdeánaithe maidir le bailiú sonraí, agus treoirleabhair bhreathnóirí agus ábhair ghaolmhara a d’fhéadfaidh a bheith ann cheana i bhfoinsí eile á gcur san áireamh, lena n-áirítear CPCanna, comhlachtaí réigiúnacha agus foréigiúnacha, agus eagraíochtaí eile;

(b)  treoirlínte maidir le córais faireacháin leictreonacha a fhorbairt, ar treoirlínte iad a bhaineann le hiascaigh shonracha;

(c)  achoimre ar na sonraí eolaíocha agus ar an bhfaisnéis eolaíoch a bhaileofar agus a thuairisceofar de bhun Mholadh ICCAT 16-14 agus torthaí gaolmhara ábhartha a thabhairt do ICCAT;

(d)  moltaí a dhéanamh, de réir mar is gá agus is iomchuí, faoin dóigh a bhféadfaí feabhas a chur ar éifeachtacht na gclár breathnóirí eolaíochta chun riachtanais sonraí ICCAT a chomhlíonadh, lena n-áirítear athbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Mholadh ICCAT 16-14 seo nó i leith chur chun feidhme na n-íoschaighdeán agus na bprótacal sin ag CPCanna.

Córais Faireacháin Leictreonacha

13.  I gcás ina measfaidh SCRS go mbeidh córais faireacháin leictreonacha éifeachtach in iascach ar leith, féadfar iad a shuiteáil ar bord soithí iascaireachta chun cuidiú leis an mbreathnóir daonna ar bord, nó ag feitheamh ar chomhairle ó SCRS agus ar chinneadh ó ICCAT, chun iad a chur in ionad an bhreathnóra ar bord.

14.  Ba cheart do CPCanna aon treoirlínte is infheidhme a bhreithniú, ar treoirlínte iad a d’fhormhuinigh SCRS maidir le córais faireacháin leictreonacha a úsáid.

15.  An taithí a gheobhaidh CPCanna maidir le córais faireacháin leictreonacha a úsáid chun cláir breathnóirí daonna a chomhlánú sna hiascaigh ICCAT atá acu, spreagtar iad chun an taithí sin a thuairisciú chuig an SCRS. Moltar do CPCanna nach bhfuil córais den sórt sin curtha chun feidhme acu go fóill úsáid na gcóras sin a fhiosrú agus na torthaí an fhiosraithe sin a thuairisciú chuig SCRS.

IARSCRÍBHINN II

Ceanglais maidir le logleabhair iascaireachta

Íos-sonraíochtaí maidir le logleabhair iascaireachta:

1.  Beidh an logleabhar uimhrithe de réir na bileoige.

2.  Déanfar an logleabhar a chomhlánú gach lá (meán oíche) nó sula mbainfear an calafort amach.

3.  Déanfar an logleabhar a chomhlánú i gcás cigireachtaí ar muir.

4.  Coinneofar cóip amháin den bhileog i gceangal leis an logleabhar.

5.  Coinneofar logleabhair ar bord ar feadh bliain amháin d'oibríochtaí.

An t-íosmhéid faisnéise caighdeánaí le bheith i logleabhair iascaireachta:

1.  Ainm agus seoladh an mháistir.

2.  Dátaí agus ainmneacha na gcalafort imeachta, dátaí agus ainmneacha na gcalafort is ceann scríbe.

3.  Ainm an tsoithigh, an chláruimhir, uimhir ICCAT, an glao-chomhartha raidió idirnáisiúnta agus uimhir IMO (an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta) (má tá sí ar fáil).

4.  Trealamh iascaireachta:

(a)  cód EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) le cur isteach;

(b)  toisí (e.g. fad, méid mogaill, líon duán).

5.  Oibríochtaí ar muir le haon líne amháin (ar a laghad) in aghaidh gach lá den turas, lena sonrófar:

(a)  an cineál gníomhaíochta (e.g. iascaireacht, gluaiseacht);

(b)  an suíomh: déanfar suíomhanna beachta a thaifeadadh gach lá (i gcéimeanna agus i nóiméid) in aghaidh gach oibríocht iascaireachta nó um meán lae i gcás nach ndearnadh aon iascaireacht an lá sin;

(c)  taifead ar ghabhálacha, lena n-áirítear:

(i)  cód EBT;

(ii)  beomheáchan i gcileagraim in aghaidh an lae;

(iii)  an líon eiseamal in aghaidh an lae.

6.  Síniú an mháistir.

7.  An modh chun meáchan a thomhas: meastachán, meá ar bord;

8.  Beomheáchan coibhéiseach na n-iasc a choinneofar sa logleabhar agus luafar ann na fachtóirí coinbhéartachta a úsáideadh sa mheastóireacht.

An t-íosmhéid faisnéise le bheith i logleabhair iascaireachta i gcás tabhairt i dtír nó trasloingsithe:

1.  Dátaí agus ainm an chalafoirt inar tugadh an ghabháil éisc i dtír nó inar trasloingsíodh í.

2.  Táirgí:

(a)  an speiceas agus cur i láthair de réir chód EBT;

(b)  líon na n-iasc nó na mboscaí agus an chainníocht i gcileagraim.

3.  Síniú an mháistir nó ghníomhaire an tsoithigh.

4.  I gcás trasloingsithe: ainm an tsoithigh glactha, a bhratach agus a uimhir ICCAT.

IARSCRÍBHINN III

Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta

De bhun mhír 3 d’Airteagal IX den Choinbhinsiún, molann ICCAT go ndéanfar na socruithe seo a leanas a bhunú maidir le rialú idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta chun críche chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin agus na mbeart atá i bhfeidhm faoin gCoinbhinsiún a áirithiú:

I.  Sáruithe tromchúiseacha

1.  Chun críocha na nósanna imeachta seo, ciallaíonn sárú tromchúiseach ceann de na sáruithe seo a leanas ar fhorálacha bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT arna nglacadh ag ICCAT:

(a)  iascaireacht gan cheadúnas, cead nó údarú eisithe ag CPC brataí;

(b)  gan taifid leordhóthanacha a bheith coimeádta ar ghabháil agus sonraí a bhaineann le gabhálacha i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe ICCAT nó míthuairisciú shuntasach ar ghabháil nó sonraí a bhaineann le gabhálacha den chineál sin;

(c)  iascaireacht i limistéar dúnta;

(d)  iascaireacht le linn séasúr dúnta;

(e)  tógáil nó coinneáil d’aon turas speiceas a sháraíonn aon bheart caomhnaithe agus bainistithe is infheidhme arna ghlacadh ag ICCAT;

(f)  sárú suntasach ar theorainneacha nó cuótaí gabhála atá i bhfeidhm de bhun rialacha ICCAT;

(g)  trealamh iascaireachta toirmiscthe a úsáid;

(h)  marcanna, aitheantas nó clárú aon soithigh iascaireachta a fhalsú nó a cheilt d’aon ghnó;

(i)  fianaise maidir le himscrúdú ar shárú a cheilt, an fhianaise sin a chur as a riocht nó a scriosadh;

(j)  an iliomad sáruithe, ar neamhaird thromchúiseach iad ar bhearta i bhfeidhm de bhun ICCAT nuair a chuirtear le chéile iad;

(k)  cur in aghaidh cigire údaraithe nó breathnóir nó cur isteach air nó é a ionsaí, a imeaglú, a ghnéaschiapadh, nó cosc nó moill mhíchuí a chur air;

(l)  córas faireacháin an tsoithigh (‘VMS’) a chur as a riocht nó é a dhíchumasú d’aon ghnó;

(m)  sáruithe eile de réir mar a fhéadfaidh ICCAT a chinneadh, tar éis iad a bheith curtha san áireamh agus i gcúrsaíocht ar leagan athbhreithnithe de na nósanna imeachta seo;

(n)  cur isteach ar an gcóras faireacháin satailíte nó soitheach a úsáid gan VMS;

(o)  trasloingsiú ar muir.

2.  I gcás ina rachfar ar bord agus ina ndéanfar cigireacht ar shoitheach iascaireachta agus má aimsíonn an cigire údaraithe gníomhaíocht nó imthoisc a bheadh ina sárú tromchúiseach, mar atá sainithe i bpointe 1, lena linn, tabharfaidh údaráis stát brataí na soithí cigireachta fógra láithreach do stát brataí an tsoithigh iascaireachta, go díreach agus trí Rúnaíocht ICCAT chomh maith. Sna cásanna sin, ba cheart don chigire aon soitheach chigireachta de chuid stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht a chur ar an eolas faoi sin.

3.  Cláróidh cigirí ICCAT na cigireachtaí a dhéanfar agus na sáruithe a thugtar faoi deara (más ann dóibh) i logleabhar an tsoithigh iascaireachta.

4.  Tar éis na cigireachta dá dtagraítear i bpointe 2, áiritheoidh CPC ar Stát brataí é go gcuirfidh an soitheach iascaireachta ábhartha stop le gach gníomhaíocht iascaireachta. Ceanglóidh CPC ar Stát brataí é go mbeidh ar an soitheach iascaireachta dul chuig calafort arna ainmniú aige laistigh de 72 uair, áit a gcuirfear tús le himscrúdú.

5.  I gcás ina mbraithfear, a bhuí le cigireacht, gníomhaíocht nó imthoisc a bheadh ina sárú tromchúiseach, ba cheart an soitheach a athbhreithniú faoi na nósanna imeachta a thuairiscítear i Moladh ICCAT 11-18 lena leasaítear tuilleadh Moladh 09-10 lena mbunaítear liosta soitheach a measadh a rinne gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte i Limistéar Choinbhinsiún ICCAT, ag cur san áireamh aon ghníomhaíochtaí freagartha agus aon obair leantach eile.

II.  Cigireachtaí a dhéanamh

6.  Cigirí arna n-ainmniú ag na Rialtais Conarthacha a dhéanfaidh na cigireachtaí. Tabharfar ainmneacha na ngníomhaireachtaí rialtais údaraithe agus na gcigirí aonair arna ainmniú chun na críche sin ag a rialtas féin chuig Coimisiún ICCAT.

7.  Beidh bratach nó bratainn speisialta arna formheas ag Coimisiún ICCAT agus arna eisiúint ag Rúnaíocht ICCAT ar foluain ar shoithí atá i mbun dualgais dul ar bord agus cigireachta idirnáisiúnta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo. Cuirfear ainmneacha na soithí a úsáidtear chuige sin chuig Rúnaíocht ICCAT a luaithe is praiticiúil sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí cigireachta. Cuirfidh Rúnaíocht ICCAT faisnéis maidir le soithí cigireachta ainmnithe ar fáil do gach CPC, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis a chur suas ar a shuíomh gréasáin faoi chosaint pasfhocail.

8.  Beidh doiciméadacht aitheantais iomchuí arna heisiúint ag údaráis an Stáit brataí ina seilbh ag cigirí, agus beidh an doiciméadacht aitheantais sin san fhoirm a léirítear i mír 21.

9.  Faoi réir na socruithe a comhaontaíodh faoi mhír 16, stopfaidh soitheach iascaireachta atá faoi bhrat Pháirtí Conarthaigh agus atá ag iascach an tuinnín nó éisc atá cosúil leis an tuinnín i limistéar an Choinbhinsiúin ICCAT lasmuigh d’uiscí faoin dlínse náisiúnta má thugann soiteach cigirechta a bhfuil bratainn ICCAT dá ndéantar cur síos uirthi i mír 7 ar foluain aici agus ar a bhfuil cigire comhartha iomchuí sa Chód Idirnáisiúnta Comharthaí, ach amháin má tá an soitheach cigireachta i mbun oibríochtaí iascaireachta, agus sa chás sin stopfaidh sé a luaithe a bheidh na hoibríochtaí sin curtha i gcrích aige. Tabharfaidh máistir an tsoithigh cead don bhuíon chigireachta mar a shonraítear i mír 10 dul ar bord agus ní mór dó dréimire bordála a chur ar fáil. Cuirfidh an máistir ar chumas na buíne cigireachta scrúdú a dhéanamh ar threalamh, ar ghabháil nó ar aon doiciméid ábhartha a mheasann an cigire a bhfuil gá leo chun comhlíonadh mholtaí ICCAT atá i bhfeidhm a fhíorú maidir le Stát brataí an tsoithigh chigireachta atá faoi réir cigireachta. Fairis sin, féadfaidh cigirí aon mhíniú a mheasann siad a bhfuil gá leis a iarraidh.

10.  Déanfaidh oifigeach ceannais an tsoithigh cigireachta méid na buíne cigireachta a shocrú agus cúinsí ábhartha á gcur san áireamh aige. Ba cheart don bhuíon chigireachta a bheith chomh beag agus is féidir chun na dualgais a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a dhéanamh go slán sábháilte.

11.  Ag dul ar bord an tsoithigh chigireachta dóibh, taispeánfaidh na cigirí an doiciméadacht aitheantais a thuairiscítear i mír 8. Urramóidh cigirí rialacháin, nósanna imeachta agus cleachtais idirnáisiúnta a nglactar leo go ginearálta agus a bhaineann le sábháilteacht an tsoithigh chigireachta agus a chriú a bhfuiltear ag déanamh cigireachta air, agus cuirfidh sé isteach a laghad is féidir ar ghníomhaíochtaí iascaireachta nó stuáil an táirge, agus a mhéid is féidir, seachnóidh sé aon ghníomhaíocht a mbeadh drochthionchar aici ar cháilíocht na gabhála ar bord. Ní dhéanfaidh cigirí níos mó ná a dhéanamh amach an bhfuil moltaí ICCAT atá i bhfeidhm maidir le Stát brataí an tsoithigh chigireachta lena mbaineann á gcomhlíonadh. Agus iad i mbun cigireachta, féadfaidh cigirí aon chúnamh a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uathu a iarraidh ar mháistir an tsoithigh iascaireachta. Déanfaidh cigirí tuarascáil a tharraingt suas ar an gcigireacht i bhfoirm arna formheas ag Coimisiún ICCAT. Síneoidh cigirí an tuarascáil i láthair mháistir an tsoithigh chigireachta agus beidh an máistir sin i dteideal aon bharúlacha a chur leis an tuarascáil nó a chinntiú go gcuirfear leis an tuarascáil iad, a mheasfaidh sé nó sí a bheith oiriúnach agus ní mór dó na barúlacha sin a shíniú.

12.  Tabharfar cóipeanna den tuarascáil do mháistir an tsoithigh chigireachta agus do rialtas na buíne cigireachta, agus seolfaidh siad cóipeanna chuig údaráis inniúla stát brataí an tsoithigh chigireachta ar a ndearnadh cigireacht agus chuig Coimisiún ICCAT. I gcás ina n-aimseofar aon sárú ar mholtaí ICCAT, cuirfidh an cigire aon long chigireachta de chuid Stát brataí an tsoithigh chigireachta iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht ar an eolas faoi sin chomh maith, más féidir.

13.  Mura nglacfar le cigirí nó mura ndéanfar a dtreoracha a chomhlíonadh, déileálfaidh Stát brataí an tsoithigh chigireachta a ndearnadh cigireacht air leis sin ar an gcaoi chéanna a ndéileáiltear le hiompar mar sin maidir le cigire náisiúnta.

14.  Déanfaidh cigirí a ndualgais faoi réir na socruithe sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo, ach fanfaidh siad faoi rialú oibríochtúil a n-údarás náisiúnta agus freagróidh sé dóibh.

15.  Déanfaidh Rialtais Chonarthacha tuarascálacha cigireachta, bileoga faisnéis aimsithe de réir Mholadh ICCAT 94-09 agus ráitis a eascraíonn as cigireachtaí ar dhoiciméadacht arna ndéanamh ag cigirí eachtrannacha faoi na socruithe seo a mheas agus gníomhaíodh siad dá réir mar a ghníomhódh siad i gcás tuarascálacha a gcigirí náisiúnta i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta. Ní fhorchuirfidh forálacha na míre seo aon oibleagáid ar Rialtas Conarthach luach fianaise níos airde a bhronnadh ar thuarascáil ó chigire eachtrannach ná mar a bheadh uirthi i dtír an chigire féin. Oibreoidh Rialtais Chonarthacha i gcomhar le chéile chun nósanna imeachta breithiúnacha nó nósanna imeachta de chineál eile a éascú, ar nósanna imeachta iad a eascraíonn as tuarascáil ó chigire faoi réir na socruithe seo.

16.  

(a)  Cuirfidh Rialtais Chonarthacha Coimisiún ICCAT ar an eolas faoin 1 Eanáir gach bliain maidir lena bpleananna sealadacha maidir le gníomhaíochtaí cigireachta a dhéanamh faoi réir Mholadh ICCAT 16-05 le linn na bliana féilire sin agus féadfaidh Coimisiún ICCAT moltaí a dhéanamh do Rialtais Chonarthacha maidir le hoibríochtaí náisiúnta a chomhordú sa réimse seo, lena n-áirítear líon na gcigirí agus na soithí chigireachta a mbeidh cigirí ar bord orthu;

(b)  Beidh feidhm ag na socruithe a leagtar amach i Moladh ICCAT 16-05 agus ag na pleananna maidir le rannpháirtíocht idir Rialtais Chonarthacha mura gcomhaontóidh siad a mhalairt, agus tabharfar fógra do Choimisiún ICCAT faoin gcomhaontú sin. Mar sin féin, áfach, cuirfear cur chun feidhme na scéime ar fionraí idir aon dá Pháirtí Chonarthacha má tá fógra tugtha ag ceachtar acu do Choimisiún ICCAT chuige sin, go dtí go dtabharfar an comhaontú sin i gcrích.

17.  

(a)  déanfar cigireacht ar an trealamh iascaireachta i gcomhréir leis na rialacháin i bhfeidhm san fholimistéar ina ndéanfar an cigireacht. Luafaidh cigirí an folimistéar ina ndearnadh an chigireacht, agus déanfar tuairisc ar aon sáruithe ar thángthas orthu sa tuarascáil chigireachta;

(b)  beidh an t-údarás ag cigirí cigireacht a dhéanamh ar an trealamh iascaireachta go léir atá in úsáid nó atá ar bord.

18.  Cuirfidh cigirí marc aitheantais arna fhormheas ag Coimisiún ICCAT ar aon trealamh iascaireachta a ndéanfar cigireacht air agus ar dealraitheach é a bheith ag sárú na moltaí de chuid ICCAT is infheidhme maidir le Stát brataí an tsoithigh lena mbaineann agus déanfar taifeadadh ar an bhfíric sin ina thuarascáil chigireachta nó ina tuarascáil chigireachta.

19.  Féadfaidh na cigirí grianghraif a thógáil de na fearais, den trealamh, den doiciméadacht agus d’aon ní eile a cheapann siad gur gá grianghraif a thógáil de ar chaoi a dtaispeánfaidh na gnéithe sin nach bhfuil i gcomhréir leis an rialachán atá i bhfeidhm, dar leo, agus sa chás sin déanfar na nithe ar tógadh grianghraf díobh a liostáil sa tuarascáil agus déanfar cóipeanna de na grianghraif a chur i gceangal leis an gcóip den tuarascáil a thabharfar chuig an Stát brataí.

20.  Déanfaidh cigirí cigireacht ar gach gabháil ar bord, de réir mar is gá, chun comhlíonadh mholtaí ICCAT a mheas.

21.  Seo a leanas léirshamhail den Chárta Aitheantais do chigirí:

toisí: leithead 10,4 cm, airde 7 cm.

20190404-P8_TA-PROV(2019)0353_GA-p0000002.png

(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 174.
(2) IO C 440, 6.12.2018, lch. 174.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019.
(4)Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir le cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha agus faoin gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 16, 23.1.2015, lch. 23).
(6) Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1).
(7)Rialachán (CE) Uimh. 1239/98 ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 894/97 lena leagtar síos bearta teicniúla áirithe chun acmhainní iascaigh a chaomhnú (IO L 171, 17.6.1998, lch. 1).
(8)Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d’fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(9)Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú a chur chun feidhme (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).
(10)Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail