Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Máirt, 16 Aibreán 2019 - Strasbourg 
Aontachas AE le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ***
 Gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ***I
 Daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais a chosaint ***I
 Dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta (Treoir) ***I
 Dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta (Rialachán) ***I
 Ceanglais Chaipitil (Rialachán) ***I
 Ceanglais Chaipitil (Treoir) ***I
 Acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (Rialachán) ***I
 Acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (Treoir) ***I
 Urrúis de bhun bannaí ceannasacha ***I
 Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus margaí airgeadais ***I
 Formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach ***I
 Margaí in ionstraimí airgeadais agus dul i mbun ghnó an Árachais agus an Atháracharais agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) ***I
 Maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta (Treoir) ***I
 Ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta (Rialachán) ***I
 Dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach ***I
 Údarás Eorpach Saothair ***I
 Acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla ***I
 Rialachán maidir le staidreamh gnó Eorpach ***I
 Lena mbunaítear an clár ‘Custaim’ le haghaidh comhar i réimse an chustaim ***I
 Margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán ***I
 Creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh ***I
 Idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí ***I
 Idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce ***I
 Líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce ***I
 Ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí a mhéid a bhaineann leis an tsábháilteacht ghinearálta ***I

Aontachas AE le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ***
PDF 106kWORD 47k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (06929/2019 – C8-0133/2019 – 2018/0214(NLE))
P8_TA-PROV(2019)0360A8-0187/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06929/2019),

–  ag féachaint d’Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin maidir le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha arna shíniú sa Ghinéiv an 20 Bealtaine 2015 (11510/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8‑0133/2019),

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus do Riail (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0187/2019),

1.  ag tabhairt a toiliú d’aontachas an Aontais Eorpaigh leis an Acht;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.


Gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ***I
PDF 223kWORD 70k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (COM(2018)0365 – C8-0383/2018 – 2018/0189(COD))
P8_TA-PROV(2019)0361A8-0036/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0365),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0383/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 March 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0036/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire na trí ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha(2)

P8_TC1-COD(2018)0189


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Chun gur féidir leis an Aontas a inniúlacht eisiach a fheidhmiú go hiomlán i ndáil lena chomhbheartas tráchtála, agus i gcomhlíonadh iomlán a ghealltanas faoin gComhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, déanfar páirtí conarthach de in Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ('Acht na Ginéive')(5) de bhun Chinneadh (AE) …/… ón gComhairle(6), ag údarú ag an am céanna do na Ballstáit é a dhaingniú nó aontú dó chun leas an Aontais. I dtaca leis na páirtithe conarthacha in Acht na Ginéive, is baill iad d'Aontas Speisialta a cuireadh ar bun le Comhaontú Liospóin maidir le Sonrúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus a Chlárú go hIdirnáisiúnta(7) ('Aontas Speisialta'). I gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh (AE) …/…, tar éis don Aontas agus do na Ballstáit sin é a dhaingniú nó aontú dó, déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht dóibh san Aontas Speisialta i ndáil le hAcht na Ginéive.

(2)  Is iomchuí rialacha a bhunú lena gceadaítear don Aontas ▌agus do na Ballstáit sin a dhaingníonn an tAcht nó a aontaíonn dóna cearta agus na hoibleagáidí faoi Acht na Ginéive a fheidhmiú .

(3)  Le hAcht na Ginéive, déantar sonrúcháin tionscnaimh a chosaint, lena n-áirítear "ainmniúcháin tionscnaimh", agus tásca geografacha, mar a shainmhínítear iad i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008(8), Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012(9), Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013(10) agus Rialachán (AE) Uimh. 251/2014(11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ▌, dá dtagraítear anseo feasta mar 'thásca geografacha'.

(4)  Tar éis aontachas an Aontais le hAcht na Ginéive agus ar bhonn rialta ina dhiaidh, ba cheart don Choimisiún ▌iarratais a dhéanamh chuig Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil ('an Biúró Idirnáisiúnta') maidir le clárú idirnáisiúnta ▌na dtásc geografach sin, ar de thionscnamh chríoch an Aontais iad agus atá faoi chosaint sa chríoch sin, ina chlár sin ('an Clár Idirnáisiúnta'). Ba cheart na hiarratais sin a bhunú ar fhógraí ó na Ballstáit ag gníomhú ar a dtionscnamh féin nó ar a iarraidh sin ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive. Agus na fógraí sin á mbunú, ba cheart do na Ballstáit an leas eacnamaíoch a ghabhann le cosaint idirnáisiúnta na dtásc geografach lena mbaineann a bhreithniú agus a chur san áireamh go háirithe an luach táirgeachta agus an luach onnmhairiúcháin, cosaint faoi chomhaontuithe eile, chomh maith le mí-úsáid reatha nó féideartha sna tríú tíortha lena mbaineann.

(5)  Trí thásca geografacha a chur leis an gClár Idirnáisiúnta, ba cheart go mbeifí in ann táirgí cáilíochta, iomaíocht chothrom agus cosaint tomhaltóirí a sholáthar. Cé go ngabhann luach cultúrtha agus eacnamaíoch suntasach leo, ba cheart áireamh na dtásc geografach a mheasúnú i ndáil leis an luach a chruthaítear do phobail áitiúla, le súil le tacaíocht a thabhairt don fhorbairt tuaithe agus deiseanna nua fostaíochta a chur chun cinn i dtáirgeadh, próiseáil agus i seirbhísí bainteacha eile.

(6)  Ba cheart don Choimisiún sásraí rialta atá ann cheana a úsáid chun dul i gcomhairle leis na Ballstáit, le comhlachais trádála agus le táirgeoirí an Aontais chun idirphlé leanúnach a bhunú leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

(7)  Ba cheart nósanna imeachta iomchuí a bhunú ionas gur féidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thásca geografacha, ar de thionscnamh páirtithe conarthacha in Acht na Ginéive nach Ballstáit iad ('Tríú Páirtithe Conarthacha') agus atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta, chun foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta chun cosaint san Aontas a chinneadh nó chun an chosaint sin a neamhbhailíochtú, nuair is ábhartha.

(8)  Déanfaidh an tAontas cosaint tásc geografach ar de thionscnamh tríú páirtithe conarthacha iad agus atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú i gcomhréir le Caibidil III d'Acht na Ginéive, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 14 d'Acht na Ginéive lena gceanglaítear ar gach páirtí conarthach leigheasanna éifeachtacha dlí a chur ar fáil chun tásca geografacha atá cláraithe a chosaint, agus a fhoráil go bhféadfaidh údarás poiblí nó aon pháirtí leasmhar, cibé acu duine nádúrtha nó eintiteas dlíthiúil é agus cibé acu poiblí nó príobháideach é, ag brath ar a chóras dlí agus a chleachtas dlí féin, imeachtaí dlí a thionscnamh le cosaint na dtásc sin a áirithiú. D'fhonn cosaint trádmharcanna náisiúnta, trádmharcanna réigiúnacha agus trádmharcanna an Aontais agus cosaint tásc geografach a áirithiú in éineacht, ag féachaint don choimirce i ndáil le cearta réamh‑thrádmhairc mar a leagtar síos ina Airteagal 13(1) d'Acht na Ginéive, ba cheart a choimirciú go bhféadfadh réamh-thrádmharcanna agus tásca geografacha atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta dá ndeonaítear cosaint nó a úsáidtear san Aontas a bheith bailí go comhuaineach.

(9)  I bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais, níor cheart do Bhallstáit nach páirtithe conarthacha iad cheana féin i gComhaontú Liospóin 1958 arna athbhreithniú i Stócólm ar an 14 Iúil 1967 agus arna leasú ar an 28 Meán Fómhair 1979 ("Comhaontú Liospóin") an Comhaontú a dhaingniú ná aontú dó.

(10)  Féadfaidh Ballstáit ar páirtithe conarthacha iad cheana i gComhaontú Liospóin fanacht amhlaidh, go háirithe chun leanúnachas na gceart a dheonaítear agus comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin gComhaontú sin a áirithiú. Ba cheart dóibh áfach gníomhú ar son leas an Aontais amháin agus le lánurraim d'inniúlacht eisiach an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit sin, mar sin, a gcearta agus a n-oibleagáidí a fheidhmiú faoi Chomhaontú Liospóin i lánchomhlíonadh an údaraithe arna dheonú ag an Aontas de bhun na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. D'fhonn urraim a thabhairt don chóras cosanta aonfhoirmí do thásca geografacha arna mbunú san Aontas maidir le táirgí talmhaíochta agus d'fhonn an comhchuibhiú laistigh den Mhargadh Aonair a fheabhsú, níor cheart dóibh aon sonrúcháin tionscnaimh nua a chlárú faoi Chomhaontú Liospóin le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó Rialachán (AE) Uimh. 251/2014.

(11)  Tá sonrúcháin tionscnaimh cláraithe ag na Ballstáit sin faoi Chomhaontú Liospóin. Ba cheart socruithe idirthréimhseacha a chur ar fáil le haghaidh cosaint leanúnach faoi réir cheanglais an Chomhaontaithe sin, Acht na Ginéive agus acquis an Aontais.

(12)  Ghlac na Ballstáit sin cosaint shonrúcháin tionscnaimh na dtríú páirtithe conarthacha. Chun na hacmhainní a thabhairt dóibh le gur féidir leo a n-oibleagáidí idirnáisiúnta a ghlac siad orthu féin a chomhlíonadh sular aontaigh an tAontas Eorpach d'Acht na Ginéive, ba cheart socrú idirthréimhseach a dhéanamh a mbeadh éifeachtaí ar an leibhéal náisiúnta aige ach nach mbeadh aon éifeachtaí aige ar an trádáil laistigh den Aontas ná ar an trádáil idirnáisiúnta.

(13)  Is den chothroime, is cosúil, gur ar an mBallstát, ar dá thionscnamh an tásc geografach, a thitfidh na táillí a bheidh le híoc faoi Acht na Ginéive agus na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus faoi Acht na Ginéive chun iarratas a dhéanamh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta maidir le tásc geografach a chlárú go hidirnáisiúnta maille leis na táillí a bheidh le híoc i ndáil le hiontrálacha eile sa Chlár Idirnáisiúnta agus le soláthar sleachta, fianuithe agus faisnéise eile a bhaineann le hábhar an chlárúcháin idirnáisiúnta sin, ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive. Ba cheart rogha a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar an duine nádúrtha sin, an t-eintiteas dlítheanach nó an tairbhí na táillí ar fad nó cuid díobh a íoc.

(14)  Chun íoc as aon ghannchion i ndáil le buiséad oibriúcháin an Aontais Speisialta, ba cheart go bhféadfadh an tAontas foráil a dhéanamh, ar feadh na n-acmhainní atá ar fáil chun na críche sin i mbuiséad bliantúil an Aontais, do ranníocaíocht speisialta mar a chinnfidh Tionól an Aontais Speisialta í de bhun Airteagal 24(4) d'Acht na Ginéive, i bhfianaise luach eacnamaíoch agus cultúrtha chosaint na dtásc geografach.

(15)  D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le ballraíocht an Aontais san Aontas Speisialta a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le liosta de thásca geografacha a bhunú chun na gcríoch seo a leanas: iarratas a dhéanamh na tásca sin a chlárú go hidirnáisiúnta ag an mBiúró Idirnáisiúnta ar aontú dó d'Acht na Ginéive, iarratas a dhéanamh ina dhiaidh sin ar thásc geografach a chlárú go hidirnáisiúnta leis an mBiúró Idirnáisiúnta, diúltú do chur i gcoinne, cinneadh cé acu atá nó nach bhfuil cosaint le deonú do thásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta, diúltú na n-éifeachtaí a ghabhann le clárú idirnáisiúnta a aistarraingt, a iarraidh go gcuirfí ar ceal clárúchán idirnáisiúnta, fógra a thabhairt maidir le neamhbhailíochtú ar chosaint táisc gheografaigh san Aontas atá cláraithe sa chlár Idirnáisiúnta, agus an Ballstát a údarú foráil a dhéanamh d'aon mhodhnuithe riachtanacha agus fógra a thabhairt don Bhiúró Idirnáisiúnta maidir le sonrúchán tionscnaimh do tháirge atá cosanta faoi cheann de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12).

(16)  Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán agus meastóireacht ar rannpháirtíocht an Aontais san Acht sin le himeacht ama. D'fhonn meastóireacht den saghas sin a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún, inter alia, an méid seo a leanas a chur san áireamh: líon na dtásc geografach atá cosanta agus cláraithe faoi dhlí an Aontais a bhfuil iarratais ar chlárú idirnáisiúnta curtha isteach ina leith, agus cásanna inar dhiúltaigh tríú páirtithe conarthacha cosaint, an forfhás ar líon na dtríú tíortha atá rannpháirteach in Acht na Ginéive, an ghníomhaíocht atá déanta ag an gCoimisiún chun an líon sin a mhéadú, chomh maith le tionchar staid reatha acquis an Aontais maidir le tásca geografacha ar tharraingteacht Acht na Ginéive do thríú tíortha, agus líon agus cineál na dtásc geografach ar de thionscnamh páirtithe conarthacha tríú tíortha iad agus ar dhiúltaigh an tAontas dóibh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ('Acht na Ginéive').

Chun críche an Rialacháin seo, tagraítear anseo feasta do shonrúcháin tionscnaimh, lena n-áirítear "ainmniúcháin tionscnaimh", agus "tásca geografacha", mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 251/2014, araon mar 'thásca geografacha'.

Airteagal 2

Clárú idirnáisiúnta tásc geografach ▌

1.  Tar éis aontachas an Aontais le hAcht na Ginéive agus ina dhiaidh sin, ar bhonn rialta, déanfaidh an Coimisiún, mar Údarás Inniúil, iarratais chuig Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil ('an Biúró Idirnáisiúnta') maidir le tásca geografacha a chlárú go hidirnáisiúnta, ar tásca iad atá faoi chosaint ag dlí an Aontais agus cláraithe faoin dlí sin, agus a bhaineann le táirgí ar de thionscnamh an Aontais iad de bhun Airteagal 5(1) agus (2) d'Acht na Ginéive.

2.  Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún tásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche iad, cosanta agus cláraithe faoi dhlí an Aontais, a chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta. Féadfaidh iarraidh den saghas sin a bheith bunaithe ar:

(a)  a iarraidh sin ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive, nó

(b)  a dtionscnamh féin.

3.  Ar bhonn na n-iarrataí sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena liostófar na tásca ▌ geografacha dá dtagraítear i ▌ mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 3

Cealú táisc gheografaigh de thionscnamh Ballstáit den Aontas atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta

1.  Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena n-iarrfar clárúchán táisc gheografaigh de thionscnamh Ballstáit den Aontas sa Chlár Idirnáisiúnta a chealú:

(a)  i gcás nach bhfuil an tásc geografach sin cosanta a thuilleadh san Aontas nó

(b)  ar a iarraidh sin ag Ballstát ar dá thionscnamh an tásc geografach, a d'fhéadfadh a bheith bunaithe ar:

(i)  ar a iarraidh sin ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive, nó

(ii)  ar a thionscnamh féin.

2.  déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

3.  Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill don Bhiúró idirnáisiúnta maidir leis an iarraidh ar chealú.

Airteagal 4

Foilsiú tásc geografach tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta

1.  Foilseoidh an Coimisiún aon chlárú idirnáisiúnta a mbeidh fógra tugtha ina leith ag an mBiúró Idirnáisiúnta de bhun Airteagal 6(4) d'Acht na Ginéive maidir leis na tásca geografacha atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta agus nach Ballstát ina leith sin é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh, mar a shainmhínítear sin faoi phointe (xv) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive, ar choinníoll go mbaineann an foilsiú le táirge dá dtugtar cosaint ar leibhéal an Aontais dá thásca geografacha.

2.  Déanfar an clárú idirnáisiúnta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, agus áireofar ann cineál an táirge agus a thír thionscnaimh.

Airteagal 5

Measúnú ar thásca geografacha tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta

1.   Foilseoidh an Coimisiún aon chlárú idirnáisiúnta a mbeidh fógra ina leith tugtha ag an mBiúró Idirnáisiúnta de bhun Airteagal 6(4) d'Acht na Ginéive maidir leis na tásca geografacha atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta agus nach Ballstát, ina leith sin, an Páirtí Conarthach Tionscnaimh, mar a shainmhínítear sin faoi phointe (xv) d'Airteagal 1 ▌ d'Acht na Ginéive, chun a chinneadh an bhfuil na gnéithe éigeantacha ann a leagtar síos le Riail 5(2) de na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus Acht na Ginéive (na 'Comhrialacháin')(13), agus na mionsonraí a bhaineann le cáilíocht, clú nó tréithe mar a leagtar síos iad i Riail 5(3) de na Comhrialacháin sin, agus chun a mheas an mbaineann an foilsiú le táirge dá dtugtar ▌ cosaint ar leibhéal an Aontais dá thásca geografacha.

2.  Ní rachaidh an tréimhse chun measúnú den sórt sin a chur i gcrích thar cheithre mhí ó dháta cláraithe an táisc gheografaigh sa Chlár Idirnáisiúnta agus, mar chuid de sin, ní dhéanfar measúnú ar aon fhorálacha sonracha eile de chuid an Aontais a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh agus, go háirithe, le caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta, caighdeáin mhargaíochta agus le lipéadú bia.

Airteagal 6

Nós imeachta cur i gcoinne le haghaidh tásca geografacha tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta

1.   Laistigh de cheithre mhí ón dáta a bhfoilseofar ainm an táisc gheografaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 4, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó tríú tír nach é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh é, nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe san Aontas nó i dtríú tír nach é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh é, féadfaidh siad ráiteas a thaisceadh chuig an gCoimisiún lena gcuirfear i gcoinne an iarratais, i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

2.   Ní ghlacfar leis an ráiteas sin, a bhaineann le tásc geografach arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 4, ach amháin i gcás ina dtaiscfear é laistigh den teorainn ama a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus i gcás ina mbeidh ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas á maíomh ann:

(a)  go bhfuil an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta ag teacht salach ar ainm cineáil planda nó ainm póir ainmhí agus ar dóigh don chlárú sin an tomhaltóir a chur amú maidir le tionscnamh ceart an táirge;

(b)  go bhfuil an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le tásc geografach atá faoi chosaint san Aontas cheana agus nach bhfuil idirdhealú leordhóthanach i gcleachtas idir na coinníollacha úsáide áitiúla agus traidisiúnta agus cur i láthair an táisc gheografaigh a bhfuil sé molta é a chur faoi chosaint agus an tásc geografach atá faoi chosaint san Aontas cheana, á chur san áireamh gur gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus nach gcuirfear na tomhaltóirí amú;

(c)  go sárófaí ceart réamh-thrádmhairc ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais de thoradh ar an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta a bheith faoi chosaint san Aontas;

(d)  go gcuirfeadh cosaint an táisc gheografaigh san Aontas na nithe seo a leanas i gcontúirt: úsáid ainm eile atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt nó cineál eisiach trádmhairc ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais nó táirgí arb ann dóibh cheana agus a bhí á gcur ar an margadh go dlíthiúil ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe ainm an táisc gheografaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 4;

(e)  go mbaineann an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta le táirge nach dtugtar cosaint ar leibhéal an Aontais dá thásca geografacha ▌ faoi láthair;

(f)  gur téarma cineálach i gcríoch an Aontais an t-ainm a bhfuil clárú iarrtha ina leith;

(g)  nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) d'Airteagal 2(1) d'Acht na Ginéive;

(h)  gur ainm comhainmneach é an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta a chuirfeadh an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreidfeadh sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile, fiú má tá an t-ainm cruinn a mhéid a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí atá i gceist.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na forais atá leis an gcur i gcoinne, mar a leagtar amach i mír 2, a mheas i ndáil le críoch an Aontais nó le cuid di.

Airteagal 7

Cinneadh maidir le tásca geografacha tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta a chur faoi chosaint san Aontas

1.  I gcás, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh de bhun Airteagal 5(1), go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin agus nach bhfaighfear aon chur i gcoinne nó nach bhfaighfear ach cuir i gcoinne atá neamh-inghlactha, diúltóidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, cuir i gcoinne neamh-inghlactha a gheofar agus déanfaidh sé cinneadh cosaint a dheonú don tásc geografach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

2.  I gcás, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh de bhun Airteagal 5(1), nach gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin nó go bhfaighfear cur i gcoinne atá inghlactha mar a leagtar amach in Airteagal 6(2), déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le tásc geografach arna chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta a chur faoi chosaint, nó gan a dhéanamh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). I ndáil le tásca geografacha lena gcumhdaítear táirgí nach dtagann faoi inniúlacht na gCoistí dá bhforáiltear in Airteagal 15(1), déanfaidh an Coimisiún an cinneadh a ghlacadh ▌.

3.   Sa chinneadh maidir le tásc geografach a chur faoi chosaint i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 den Airteagal seo, leagfar amach raon feidhme na cosanta arna deonú agus féadfar a áireamh inti coinníollacha atá ag luí le hAcht na Ginéive agus go háirithe féadfar idirthréimhse shainithe a dheonú ina chomhair, mar a shonraítear sin in Airteagal 17 d'Acht na Ginéive agus i Riail 14 de na Comhrialacháin.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 15(1) d'Acht na Ginéive, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi dhiúltú éifeachtaí an chlárúcháin idirnáisiúnta lena mbaineann i gcríoch an Aontais, laistigh de bhliain amháin ón dáta a bhfaighfear an fógra maidir le clárú idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6(4) d'Acht na Ginéive, nó laistigh de dhá bhliain sna cásanna dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 5 de Chinneadh ón gComhairle (AE) .…/…(14)(15).

5.  Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2), lena dtarraingeofar siar, go hiomlán nó go páirteach, diúltú ar tugadh fógra ina leith cheana don Bhiúró Idirnáisiúnta. Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill don Bhiúró Idirnáisiúnta maidir le tarraingt siar den sórt sin.

Airteagal 8

Úsáid tásc geografach

1.   Beidh feidhm ag na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 7 gan dochar d'aon fhorálacha sonracha de chuid an Aontais a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh agus, go háirithe, le comheagrú na margaí talmhaíochta, le caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta, agus le lipéadú bia. ▌

2.   Faoi réir mhír 1 féadfaidh aon oibreoir a bhfuil margú á dhéanamh aige ar tháirge i gcomhréir leis an gclárú idirnáisiúnta leas a bhaint as na tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo.

Airteagal 9

Na héifeachtaí atá ag tásc geografach tríú tír arna chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta a neamhbhailíochtú san Aontas

1.  Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena neamhbhailíoctófar, go hiomlán nó i bpáirt, éifeachtaí na cosanta san Aontas atá ag tásc geografach arna chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta i gceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a)  i gcás nach bhfuil an tásc geografach faoi chosaint a thuilleadh ag an bPáirtí Conarthach Tionscnaimh;

(b)  i gcás nach bhfuil an tásc geografach cláraithe a thuilleadh sa Chlár Idirnáisiúnta;

(c)  i gcás nach bhfuil comhlíonadh na ngnéithe éigeantacha a leagtar síos i Riail 5(2) de na Comhrialacháin nó na mionsonraí a bhaineann le cáilíocht, clú nó tréithe a leagtar síos i Riail 5(3) de na Comhrialacháin a áirithiú a thuilleadh.

2.  Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i ▌mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2), ach deis a bheith tugtha do dhaoine nádúrtha nó d'eintitis dhlítheanacha dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó do na tairbhithe, mar a shainmhínítear iad i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive, a gcearta a chosaint.

3.  Ar choinníoll nach bhfuil an neamhbhailíochtú faoi réir achomhairc a thuilleadh, tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi neamhbhailíochtú éifeachtaí chlárú idirnáisiúnta an táisc gheografaigh i gcríoch an Aontais ▌ i gcomhréir le pointe (a) nó (c) de mhír 1.

Airteagal 10

Gaol le trádmharcanna

1.   Beidh cosaint táisc gheografaigh gan dochar do bhailíocht réamh-thrádmhairc ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, nó ar leibhéal an Aontais a ndéanfar iarratas ina leith nó a chlárófar de mheon macánta, nó a gheofar trína úsáid de mheon macánta i gcríoch Ballstáit, aontais réigiúnaigh de Bhallstáit nó i gcríoch an Aontais.

2.   Ní chuirfear tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta faoi chosaint i gcríoch an Aontais más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, agus an mhéid ama atá sé in úsáid, gur cosúil go gcuirfeadh cosaint an táisc gheografaigh réamhráite sin i gcríoch an Aontais an tomhaltóir amú maidir le fíorchéannacht an táirge.

3.   Gan dochar do mhír 2 i gcás ▌trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith, nó a cláraíodh nó a bunaíodh trína úsáid de mheon macánta agus má dhéantar foráil don fhéidearthacht sin sa reachtaíocht lena mbaineann, de mheon macánta laistigh de chríoch Ballstáit, aontais réigiúnaigh de Bhallstáit nó de chríoch an Aontais, roimh an dáta ar thug an Biúró Idirnáisiúnta fógra don Choimisiún maidir le foilsiú chlárú idirnáisiúnta an táisc gheografaigh, agus a sháródh a úsáid sin cosaint an táisc gheografaigh, féadfar leanúint ar aghaidh á úsáid agus á athnuachan le haghaidh an táirge lena mbaineann d'ainneoin cosaint a bheith tugtha don tásc geografach, ar choinníoll nach bhfuil aon fhorais ann go mbeadh an trádmharc neamhbhailí nó go gcúlghairfí é faoi Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) nó faoi Rialachán (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17). I gcásanna den sórt sin, ceadófar úsáid an táisc gheografaigh chomh maith le húsáid an trádmhairc lena mbaineann.

Airteagal 11

Forálacha idirthréimhseacha do shonrúcháin tionscnaimh ar de thionscnamh Bhallstát AE iad atá cláraithe cheana faoi Chomhaontú Liospóin

1.  I ndáil le gach sonrúchán tionscnaimh le haghaidh táirge, atá cosanta faoi cheann amháin de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, ar de thionscnamh Ballstáit é, ar páirtí conarthach é i gComhaontú Liospóin, roghnóidh an Ballstát:

(a)  clárú idirnáisiúnta an tsonrúcháin tionscnaimh sin faoi Acht na Ginéive a iarraidh, i gcás gur dhaingnigh an Ballstát Acht na Ginéive nó gur aontaigh sé dó de bhun an údaraithe in Airteagal 3 de Chinneadh ón gComhairle (AE) .…/…. (18), nó

(b)  cealú chlárú an tsonrúcháin tionscnaimh sin sa Chlár Idirnáisiúnta a iarraidh.

Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann rogha ar bhonn:

(a)  a iarraidh sin ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive, nó

(b)  a dtionscnamh féin.

Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an rogha dá dtagraítear sa chéad fhomhír laistigh de thrí bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcásanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, fíoróidh an Ballstát lena mbaineann, i gcomhordú leis an gCoimisiún, leis an mBiúró Idirnáisiúnta aon mhodhnuithe a bheidh le déanamh faoi Riail 7 (4) de na Comhrialacháin chun críche clárú faoi Acht na Ginéive.

Údaróidh an Coimisiún don Bhallstát foráil a dhéanamh do na modhnuithe riachtanacha agus fógra a thabhairt don Bhiúró Idirnáisiúnta trí bhíthin gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

2.  I ndáil le gach sonrúchán tionscnaimh le haghaidh táirge, a thagann faoi raon ceann amháin de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, ach nach bhfuil faoi chosaint faoi aon cheann de na Rialacháin sin, ar de thionscnamh Ballstáit é, ar páirtí conarthach é i gComhaontú Liospóin, déanfaidh an Ballstát an méid seo a leanas:

(a)  clárú faoin Rialachán lena mbaineann a iarraidh, nó

(b)  cealú chlárú an tsonrúcháin tionscnaimh sin sa Chlár Idirnáisiúnta a iarraidh.

Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann rogha ar bhonn:

(a)  a iarraidh sin ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive, nó

(b)  a dtionscnamh féin.

Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an rogha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus an iarraidh faoi seach a dhéanamh, laistigh de thrí bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcásanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann clárú idirnáisiúnta an tsonrúcháin tionscnaimh sin faoi Acht na Ginéive, i gcás gur dhaingnigh an Ballstát Acht na Ginéive nó gur aontaigh sé dó de bhun an údaraithe in Airteagal 3 de Chinneadh ón gComhairle (AE) .…/…. (19), laistigh de bhliain amháin ó dháta clárúcháin an táisc gheografaigh faoin Rialachán lena mbaineann. Beidh feidhm ag an gceathrú agus ag an gcúigiú fomhír de mhír 1.

I gcás go ndiúltófar don iarraidh ar chlárú faoin Rialachán lena mbaineann agus go mbeidh na leighis riaracháin agus bhreithiúnacha bainteacha ídithe, nó mura mbeidh an iarraidh ar chlárú faoi Acht na Ginéive déanta de bhun an cheathrú fomhír den mhír seo, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann, gan mhoill, cealú chlárú an táisc gheografaigh sin sa Chlár Idirnáisiúnta.

3.  I ndáil leis na sonrúcháin tionscnaimh do tháirgí nach dtagann faoi raon feidhme ceann amháin de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, nach dtugtar cosaint ar leibhéal an Aontais dá dtásca geografacha, féadfaidh Ballstát, ar páirtí conarthach i gComhaontú Liospóin cheana é, aon chlárú dá bhfuil cheana aige sa Chlár Idirnáisiúnta a choinneáil.

Féadfaidh an Ballstát sin tuilleadh iarratas a chur isteach ar shonrúcháin tionscnaimh den sórt sin ar de thionscnamh a chríche iad a chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta faoi Chomhaontú Liospóin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra maidir leis an dréacht-iarratas ar shonrúcháin tionscnaimh den sórt sin don Choimisiún. Áireofar san fhógra sin fianaise go gcomhlíonann an t-iarratas na ceanglais chlárúcháin faoi chomhaontú Liospóin; agus

(b)  nach n-eiseoidh an Coimisiún tuairim dhiúltach laistigh de dhá mhí ón bhfógra sin. Ní féidir tuairim dhiúltach a eisiúint ach amháin tar éis comhairliúchán leis an mBallstát lena mbaineann, agus sna cásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe sin nach dtugtar bunús leordhóthanach san fhianaise a theastaíonn faoi phointe (a) go gcomhlíontar na ceanglais sonrúcháin faoi Chomhaontú Liospóin, nó go bhféadfadh an clárú drochthionchar a imirt ar bheartas trádála an Aontais.

I gcás ina n-iarrfar tuilleadh faisnéise ón gCoimisiún maidir leis an bhfógra a dhéantar faoi phointe (a), is é an spriocdháta a bheidh ag an gCoimisiún chun gníomhú ná mí tar éis dó an fhaisnéis a iarradh a fháil.

Cuirfidh an Coimisiún aon fhógra a thabharfar faoi phointe (a) in iúl do na Ballstáit láithreach.

Airteagal 12

Cosaint idirthréimhseach do shonrúcháin tionscnaimh de thionscnamh tríú tír atá cláraithe cheana faoi Chomhaontú Liospóin

1.   Féadfaidh na Ballstáit sin ar pháirtithe conarthacha iad i gComhaontú Liospóin roimh aontachas an Aontais le hAcht na Ginéive leanúint de chosaint a thabhairt do shonrúcháin tionscnaimh de thionscnamh tríú tír ar páirtí conarthach í an tríú tír i gComhaontú Liospóin ▌ trí bhíthin córas náisiúnta cosanta, le héifeacht ón dáta a ndéanfar páirtí conarthach den Aontas in Acht na Ginéive, i ndáil le sonrúcháin tionscnaimh arna gclárú amhail ar an dáta sin faoi Chomhaontú Liospóin.

2.  I gcás cosaint den sórt sin faoi chóras náisiúnta cosanta:

(a)  gabhfaidh an chosaint a thugtar faoi chóras cosanta an Aontais a hionad maidir le sonrúchán tionscnaimh i gcás ina dtabharfar cosaint de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo i ndiaidh aontachas an tríú tír lena mbaineann le hAcht na Ginéive, ar choinníoll go gcaomhnóidh an chosaint a thugtar de bhun chinneadh faoi Airteagal 7 den Rialachán seo an chosaint leanúnach a thugtar don sonrúchán tionscnaimh faoi seach sa Bhallstát faoi seach;

(b)  scoirfidh sí i gcás sonrúchán tionscnaimh ar leith nuair a thiocfaidh deireadh le feidhm an chlárúcháin idirnáisiúnta.

3.   I gcás nach mbeidh an sonrúchán tionscnaimh de thionscnamh tríú tír ▌cláraithe faoin Rialachán seo, nó nach ngabhtar ionad na cosanta náisiúnta i gcomhréir le pointe (a) de mhír 2, is ar an mBallstát lena mbaineann amháin a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí ▌cosanta náisiúnta ▌ den sórt sin.

4.   Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh éifeachtaí ag na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit faoi mhír 1, agus ní bheidh aon éifeacht acu ar an trádáil laistigh den Aontas ná ar an trádáil idirnáisiúnta.

5.  Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 aon fhógra a dhéanfaidh an Biúró Idirnáisiúnta faoi Chonradh Liospóin a tharchur chuig an gCoimisiún, agus déanfaidh an Coimisiún an fógra a tharchur ansin chuig na Ballstáit eile go léir.

6.  Dearbhóidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo don Bhiúró Idirnáisiúnta nach féidir leo cosaint sonrúcháin tionscnaimh a áirithiú do tháirge, a thagann faoi raon feidhme ceann amháin de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, arna chlárú agus arna fhógairt faoi Chonradh Liospóin ón dáta ar a ndéanfar páirtí conarthach in Acht na Ginéive den Aontas.

Airteagal 13

Táillí

Is ar an mBallstát ar dá thionscnamh an tásc geografach a bheidh sé na táillí atá le híoc faoi Airteagal 7 d'Acht na Ginéive a íoc, mar a shonraítear sna Comhrialacháin, nó ar dhuine nádúrtha nó eintiteas dlítheanach amhail dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ar thairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive. Féadfaidh Ballstáit a cheangal ar an duine nádúrtha sin, ar an eintiteas dlítheanach nó ar thairbhí na táillí ar fad nó cuid díobh a íoc.

Airteagal 14

Ranníocaíocht speisialta airgeadais

I gcás ina ndíorthófar an t-ioncam ón Aontas Speisialta i gcomhréir le pointe (v) d'Airteagal 24(2)(v) ▌ d'Acht na Ginéive, féadfaidh an tAontas ranníocaíocht speisialta airgeadais a dhéanamh ar feadh na n-acmhainní atá ar fáil chun na críche sin i mbuiséad bliantúil an Aontais.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh na coistí seo a leanas cúnamh a thabhairt don Choimisiún de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i ndáil leis na táirgí seo a leanas:

(a)  i gcás táirgí ó earnáil an fhíona a thagann faoi raon feidhme Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, is é an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 229 den Rialachán sin é;

(b)  i gcás táirgí fíona chumhraithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ▌is é an Coiste um Tháirgí Fíona Chumhraithe arna bhunú le hAirteagal 34 den Rialachán sin é;

(c)  i gcás deochanna biotáilleacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 110/2008 ▌ is é an Coiste um Dheochanna Biotáilleacha arna bhunú le hAirteagal 25 den Rialachán sin é;

(d)  i gcás táirgí talmhaíochta agus bia-earraí a thagann faoi raon feidhme na chéad fhomhíre d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 is é an Coiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 57 den Rialachán sin é;

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16

Faireachán agus athbhreithniú

Faoin ... [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún measúnú ar rannpháirtíocht an Aontais in Acht na Ginéive agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh an measúnú sin bunaithe, inter alia, ar na gnéithe seo a leanas:

(a)  líon na dtásc geografach atá cosanta agus cláraithe faoi dhlí an Aontais a bhfuil iarratais ar chlárú idirnáisiúnta curtha isteach ina leith, agus cásanna inar dhiúltaigh tríú páirtithe conarthacha an chosaint;

(b)  an forfhás ar líon na dtríú tíortha atá rannpháirteach in Acht na Ginéive, an ghníomhaíocht atá déanta ag an gCoimisiún chun an líon sin a mhéadú, chomh maith le tionchar staid reatha acquis an Aontais maidir le tásca geografacha ar tharraingteacht Acht na Ginéive do thríú tíortha; agus

(c)  líon agus cineál na dtásc geografach ar de thionscnamh tríú tíortha iad agus ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna déanamh in/sa

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

______________

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an bhféidearthacht atá ann cosaint thásca geografacha an Aontais Eorpaigh a leathnú go gcumhdófar táirgí neamhthalmhaíochta

Tugann an Coimisiún dá aire rún an 6 Deireadh Fómhair 2015 ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an bhféidearthacht atá ann cosaint thásca geografacha an Aontais a leathnú go gcumhdófar táirgí neamhthalmhaíochta.

Thionscain an Coimisiún staidéar i mí na Samhna 2018 chun tuilleadh fianaise eacnamaíoch agus fianaise dhlíthiúil a fháil maidir le tásca geografacha neamhthalmhaíochta laistigh den Mhargadh Aonair a chosaint, rud a bheadh ina chomhlánú ar staidéar a rinneadh in 2013, agus chun tuilleadh sonraí a fháil faoi shaincheisteanna amhail iomaíochas, iomaíocht neamhchothrom, góchumadh, dearcadh an tomhaltóra, costas/tairbhe chomh maith le sonraí faoi éifeachtúlacht na samhlacha um chosaint tásc Geografach neamhthalmhaíochta i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta.

I gcomhréir le prionsabail na Rialála Níos Fearr agus leis na gealltanais a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, scrúdóidh an Coimisiún an staidéar chomh maith leis an tuarascáil ar rannpháirtíocht an Aontais in Acht na Ginéive dá dtagraítear san Airteagal maidir le faireachán agus athbhreithniú an Rialacháin i ndáil le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha agus déanfaidh sé aon chéim eile is féidir a thabhairt a mheas.

Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9a(3) den Rialachán

Tugann an Coimisiún dá aire, cé gur riachtanas dlíthiúil é an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9a(3) den Rialachán i bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais, gur féidir leis a lua i gcomhthéacs acquis an Aontais atá ann faoi láthair, mar sin féin, go mbeadh aon idirghabháil den sórt sin a dhéanfadh an Coimisiún eisceachtúil agus go mbeadh údar cuí léi. Le linn an chomhairliúcháin le Ballstát, déanfaidh an Coimisiún gach iarracht aon ábhar imní a réiteach in éineacht leis an mBallstát ionas nach n-eiseofar tuairim dhiúltach. Tugann an Coimisiún dá aire go gcuirfí aon tuairim dhiúltach in iúl i scríbhinn don Bhallstát lena mbaineann agus, de bhun Airteagal 296 CFAE, go sonrófaí inti na cúiseanna is bun léi. Thabharfadh an Coimisiún dá aire, ina theannta sin, nach gcuirfeadh tuairim dhiúltach bac ar iarratas eile a bhaineann leis an sonrúchán tionscnaimh céanna a chur isteach, dá mbeadh aghaidh tugtha go cuí ar na cúiseanna leis an tuairim dhiúltach dá éis sin nó mura mbaineann siad le hábhar a thuilleadh.

Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha Ráiteas ón gCoimisiún

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil inniúlacht eachtrach eisiach ag an Aontas maidir le tásca geografacha agus go bhfuil sé ag aontú d'Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin ina Pháirtí ann féin. Leanann sin ó rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 25/10/2017 (cás C-389/15 – an Coimisiún vs. an Chomhairle). De bharr inniúlacht eachtrach eisiach an Aontais, cuirtear cosc ar na Ballstáit a bheith ina bPáirtithe iontu féin d'Acht na Ginéive agus níor cheart dóibh feasta tásca geografacha atá nuachláraithe ag baill tríú tír de chóras Liospóin a chosaint iad féin. Bheadh an Coimisiún, agus aird aige ar a eisceachtúla atá na himthosca agus seacht mBallstát ina bPáirtithe de Chomhaontú Liospóin le fada anuas, agus go bhfuil mórchuid maoin intleachtúil cláraithe acu faoin gcomhaontú sin agus go bhfuil gá le haistriú mín réidh, bheadh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, réidh le teacht ar chomhaontú, sa chás áirithe seo, go bhféadfaí a thabhairt d'údarú do BG, CZ, SK, FR, HU, IT, PT aontú d'Acht na Ginéive ar mhaithe le leas an Aontais.

Is mór a chuireann an Coimisiún r i gcoinne an smaoinimh seo, smaoineamh a mbíonn béim ag an gComhairle air go fóill, gur féidir le gach Ballstát den Aontas ar mian leis é go n-údarófaí dó aontú d'Acht Ginéive nó é a dhaingniú i dteannta an Aontais, agus tabhairt chun rialtachta chearta vótála an Aontais i bhfianaise phointe (b)(ii) d'Airteagal 22(4) d'Acht na Ginéive a thabhairt mar chúis aige seachas na himthosca eisceachtúla thuasluaite.

Thairis sin, ba mhaith leis an gCoimisiún a thabhairt chun cuimhne, ós rud é gur fheidhmigh an tAontas a inniúlacht inmheánach maidir le tásca geografacha talmhaíochta, nach féidir le Ballstáit an Aontais a gcórais náisiúnta cosanta GI féin a bheith acu.

Dá bhrí sin, forchoimeádann an Coimisiún a chearta, lena n-áirítear an ceart chun leigheasanna dlí a úsáid i gcoinne an chinnidh ón gComhairle agus, in aon chás, measann sé nach bhféadfaidh an cás seo a bheith ina fhasach le haghaidh aon chomhaontú idirnáisiúnta/EDMI eile atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo, go hairithe ach ní hamháin i gcás ina ndearna an tAontas comhaontuithe idirnáisiúnta a dhaingniú é féin ar bhonn na hinniúlachta eisí atá aige.

(1) IO C 110, 22.3.2019,  lch.55.
(2)* NÍL BAILCHRÍOCH DHLÍTHEANGEOLAÍOCH DÉANTA AR AN TÉACS GO FÓILL.
(3)IO C 110, 22.3.2019,  lch. 55.
(4)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019.
(5)http://www.wipo.int/edocs/lexdocs/treaties/en/lisbon/trt_lisbon_009en.pdf.
(6)IO L […], […], lch. […].
(7)http://www.wipo.int/export/sites/www/lisbon/en/legal_texts/lisbon_agreement.pdf.
(8)Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).
(9)Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia‑earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
(10)Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán Uimh. 1037/2001 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(11)Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).
(12)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(13)Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin arna nglacadh ag Tionól Aontas Liospóin an 11 Deireadh Fómhair 2017, http://www.wipo.int/meetings/en/doc_details.jsp?doc_id=376416, Doic. ENMI A/57/11 an 11 Deireadh Fómhair 2017.
(14)Cinneadh ón gComhairle (AE) .…/….maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO L …, …, lch. …).
(15)+IO: Cuir isteach, le do thoil, sa téacs uimhir an Chinnidh atá i ndoiciméad ST 6929/19 agus cuir isteach uimhir, dáta agus tagairt IO an Chinnidh sin san fhonóta.
(16)Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.07.2017, lch. 1).
(17)Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1).
(18)+IO: Cuir isteach le do thoil sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad ST 6929/19.
(19)+IO: Cuir isteach le do thoil sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad ST 6929/19.


Daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais a chosaint ***I
PDF 389kWORD 150k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (COM(2018)0218 – C8-0159/2018 – 2018/0106(COD))
P8_TA-PROV(2019)0366A8-0398/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0218),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 16, 33, 43, 50, 53(1), 62, 91, 100, 103, 109, 114, 168, 169, 192, 207 agus 325(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 31 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0159/2018),

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus d’Airteagail 16, 43(2), 50, 53(1), 91, 100, 114, 168(4), 169, 192(1) agus 325(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 31 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 26 Meán Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2018(2),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A8-0398/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais(3)

P8_TC1-COD(2018)0106


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 16, ▌43(2), 50, 53(1), ▌91, 100, ▌114, 168(4), 169, 192(1) ▌agus 325(4) de, agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 31 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(4),,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(5)

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí(6),

Ag féachaint don tuairim ó ghrúpa daoine arna gceapadh ag an gCoiste Eolaíoch agus Teicniúil as measc saineolaithe eolaíochta sna Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 31 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(7),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Is minic gurb iad daoine a oibríonn le heagraíocht phoiblí nó phríobháideach nó a bhíonn i dteagmháil léi i gcomhthéacs a gcuid gníomhaíochtaí oibre is túisce a bhíonn ar an eolas maidir le bagairtí nó díobháil do leas an phobail a thagann chun cinn sa chomhthéacs seo. Tríd an eolas a 'sceitheadh' bíonn ról lárnach ag na daoine sin maidir le sáruithe ar an dlí atá díobhálach do leas an phobail a thabhairt chun solais agus a chosc agus maidir le leas na sochaí a chosaint. Mar sin féin, is minic a chuirtear drogall ar sceithirí féideartha roimh thuairisciú a dhéanamh mar gheall ar imní nó amhras a bheith orthu roimh fhrithbheart. Sa chomhthéacs sin, aithnítear níos mó anois ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a thábhachtaí atá cosaint chothromaithe éifeachtach do sceithirí.

(2)  Ar leibhéal an Aontais, gné réamhtheachtach amháin d'fhorfheidhmiú dhlí agus bheartais an Aontais is ea iad tuairiscí agus nochtadh poiblí ó sceithirí: cuireann siad faisnéis ar fáil do chórais forfheidhmithe náisiúnta agus Aontais agus bíonn mar thoradh air sin gur féidir sáruithe ar dhlí an Aontais a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach, agus mar sin, cur le trédhearcacht agus cuntasacht.

(3)  I réimsí beartais áirithe, féadfaidh sáruithe ar dhlí an Aontais – gan beann ar a gcáilíocht faoin dlí náisiúnta mar sháruithe riaracháin, coiriúla nó cineálacha eile sáruithe ‑ díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leas an phobail, ag cruthú rioscaí suntasacha do leas na sochaí. I gcás inar aithníodh go bhfuil laigí ann ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí sna réimsí sin, agus go mbíonn deiseanna ar leith de ghnáth ag sceithirí sáruithe a nochtadh, is gá forfheidhmiú a fheabhsú trí trí bhealaí tuairiscithe éifeachtacha, rúnda, slána a thabhairt isteach agus trí chosaint éifeachtach do sceithirí a áirithiú ar fhrithbheart ▌.

(4)  Tá an chosaint a thugtar do sceithirí san Aontas Eorpach faoi láthair difriúil ó Bhallstát go chéile agus níl sé á cur i bhfeidhm sa tslí chéanna sna réimsí beartais éagsúla. Maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais a nochtann sceithirí agus a bhfuil gné thrasteorann leo, léiríonn iarmhairtí na sáruithe sin go mbíonn tionchar diúltach ag easpa cosanta i mBallstát amháin ní hamháin ar fheidhmiú bheartais an Aontais Eorpaigh sa Bhallstát áirithe sin ach d'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige freisin ar Bhallstáit eile agus san Aontas ar an iomlán.

(5)  Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith ag íoschaighdeáin choiteanna lena n-áirithítear cosaint éifeachtach do sceithirí sna gníomhartha agus sna réimsí beartais sin i gcás;

(i)  ina bhfuil gá le forfheidhmiú a neartú ,

(ii)  inar gné thábhachtach é tearcthuairsciú ag sceithirí a dhéanann difear d'fhorfheidhmiú, agus

iii)  ina ndéanann sáruithe ar dhlí an Aontais díobháil thromchúiseach do leas an phobail.

Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta a leathnú le go gcumhdófaí réimsí eile d'fhonn creat cuimsitheach, comhleanúnach a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta.

(6)  Tá cosaint do sceithirí riachtanach chun forfheidhmiú dhlí an Aontais maidir le soláthar poiblí a fheabhsú. Chomh maith leis an ngá atá ann calaois agus éilliú a chosc agus a bhrath i gcomhthéacs chur chun feidhme bhuiséad an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear soláthar, ní mór aghaidh a thabhairt ar fhorfheidhmiú neamhleor rialacha maidir le soláthar poiblí ag údaráis phoiblí náisiúnta agus ag oibreoirí fóntais phoiblí áirithe nuair a cheannaítear earraí, oibreacha agus seirbhísí. Cruthaíonn sáruithe ar na rialacha sin saobhadh iomaíochta, costais mhéadaithe i leith gnó a dhéanamh, sáraíonn siad leasanna infheisteoirí agus scairshealbhóirí agus, ar an iomlán, baineann siad den tarraingteacht ó thaobh na hinfheistíochta de agus cruthaíonn siad éagothroime iomaíochta do gach gnó ar fud na hEorpa, agus dá réir sin cuirtear isteach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(7)  I réimse na seirbhísí airgeadais, aithníodh breisluach na cosanta do sceithirí ag reachtóir an Aontais cheana féin. Tar éis na géarchéime airgeadais, inar nochtadh easnaimh thromchúiseacha i bhforfheidhmiú na rialacha ábhartha, tugadh isteach bearta maidir le cosaint do sceithirí, lena n-áirítear bealaí tuairiscithe inmheánacha agus seachtracha chomh maith le toirmeasc follasach ar fhrithbheart, i líon suntasach ionstraimí reachtacha sa réimse sin(8). Go háirithe, i gcomhthéacs an chreata stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, foráiltear le Treoir 2013/36/AE cosaint do sceithirí, agus déantar an fhoráil sin freisin le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 do cheanglais stuamachta d'institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta.

(8)  Maidir le sábháilteacht táirgí a chuirtear ar an margadh inmheánach, is iad na gnólachtaí a bhfuil baint acu leis an slabhra déantúsaíochta agus dáilte an phríomhfhoinse bailithe fianaise, agus dá réir sin tá breisluach mór ag tuairiscí ó sceithirí, ós rud é go bhfuil sceithirí i bhfad níos gaire d'fhoinse aon chleachtais fhéideartha éagóraigh neamhdhleathaigh maidir le déantúsaíocht, allmhairiú nó dáileadh táirgí neamhshábháilte. Éilítear leis sin go dtabharfar isteach cosaint do sceithirí i ndáil leis na ceanglais sábháilteachta is infheidhme maidir le 'táirgí comhchuibhithe'(9) agus 'táirgí neamh‑chomhchuibhithe'(10). Tá cosaint do sceithirí mórthábhachtach freisin maidir le haistriú arm tine, a gcodanna, a gcomhpháirteanna agus lón lámhaigh a sheachaint, agus maidir le haistriú táirgí a bhaineann leis an gcosaint a sheachaint, sa mhéid is go spreagann sé tuairisciú sáruithe, mar shampla calaois doiciméad, marcáil athraithe agus fáil chalaoiseach ionphobalaíoch arm tine, sa chás gur minic a bhíonn atreorú ón margadh dlíthiúil go dtí an margadh neamhdhlíthiúil i gceist leis na sáruithe sin. Ina theannta sin cuideoidh cosaint do sceithirí chun cosc a chur ar mhonarú aindleathach pléascán baile trí rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí srianta agus rialuithe maidir le réamhtheachtaithe pléascán.

(9)  Sainaithníodh cheana in ionstraimí earnálacha de chuid an Aontais maidir le sábháilteacht eitlíochta(11) agus sábháilteacht iompair mhuirí(12) an tábhacht a bhaineann le cosaint do sceithirí cheana féin i ndáil le sáruithe ar rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht iompair a chosc agus a dhíspreagadh, ar sáruithe iad a fhéadann beatha daoine a chur i mbaol, agus déantar foráil sna hionstraimí sin do bhearta cosanta oiriúnaithe do sceithirí chomh maith le bealaí tuairiscithe sonracha. Áirítear leis na hionstraimí seo cosaint ó fhrithbheart d'oibrithe a thuairiscíonn ar a gcuid botún macánta féin (rud ar a dtugtar 'cultúr cóir'). Is gá na gnéithe den chosaint do sceithirí atá ann a chomhlánú agus a leathnú sa dá earnáil sin chomh maith le cosaint den sórt sin a sholáthar chun forfheidhmiú na gcaighdeán sábháilteachta do mhodhanna iompair eile a fheabhsú, eadhon uiscebhealach intíre, iompar de bhóthar agus d'iarnród.

(10)  Sainaithnítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún "EU actions to improve environmental compliance and governance" [Gníomhaíochtaí AE chun comhlíonadh agus rialachas comhshaoil a fheabhsú] an 18 Eanáir 2018, go bhfuil sé dúshlánach fós fianaise a bhailiú, agus coireanna comhshaoil agus iompar neamhdhleathach nó neamhghníomhaíochtaí maille le sáruithe féideartha i dtaca le cosaint an chomhshaoil a chosc, a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu, agus sainaithnítear freisin inti gur gá treisiú a dhéanamh ar na gnéithe sin(13). Cé nach bhfuil rialacha cosanta do sceithirí le fáil faoi láthair ach amháin in aon ionstraim earnála amháin maidir le cosaint an chomhshaoil(14), is gá an chosaint sin a thabhairt isteach chun forfheidhmiú éifeachtach acquis an Aontais maidir leis an gcomhshaol a áirithiú, ós rud é go bhféadfadh sáruithe ar an reachtaíocht sin ▌díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leas an phobail agus d'fhéadfadh éifeachtaí iarmharta a bheith acu thar theorainneacha náisiúnta. Tá sé seo ábhartha freisin i gcásanna inar féidir le táirgí neamhshábháilte dochar a dhéanamh don chomhshaol.

(11)  Chuideodh cosaint fheabhsaithe do sceithirí freisin chun sáruithe ar rialacha Euratom a chosc agus a dhíspreagadh maidir le sábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht agus bainistiú freagrach agus sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí. Ina theannta sin, threiseodh sé forfheidhmiú fhorálacha reatha na Treorach athbhreithnithe um Shábháilteacht Núicléach(15) maidir leis an gcultúr éifeachtach um shábháilteacht núicléach agus, go háirithe, Airteagal 8b(2)(a), a éilíonn, inter alia, go mbunaíonn an t-údarás rialála inniúil córais bhainistíochta a thugann tosaíocht chuí do shábháilteacht núicléach agus a chuireann chun cinn, ar gach leibhéal foirne agus bainistíochta, an cumas chun feidhmiú éifeachtach na bprionsabal agus na gcleachtas sábháilteachta ábhartha a cheistiú agus tuairisciú a dhéanamh ar bhealach tráthúil ar shaincheisteanna sábháilteachta.

(12)  Tá comaoineacha dá samhail ina n-údar freisin le cosaint do sceithirí a thabhairt isteach chun cur le forálacha atá ann cheana agus cosc a chur ar sháruithe ar rialacha an Aontais i réimse an bhiashlabhra agus go háirithe maidir le sábháilteacht bia agus beatha chomh maith le sláinte, cosaint agus leas ainmhithe. Tá dlúthnasc idir na rialacha éagsúla de chuid an Aontais a forbraíodh sna réimsí sin. Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002(16) na prionsabail agus na ceanglais ghinearálta a thugann tacaíocht do gach beart Aontais agus náisiúnta a bhaineann le bia agus beatha, le fócas ar leith ar shábháilteacht bia, d'fhonn ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leasanna tomhaltóirí a áirithiú maidir le bia agus d'fhonn feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Foráiltear leis an Rialachán, i measc nithe eile, go gcuirtear cosc ar oibreoirí gnólachtaí bia agus beatha cur in aghaidh a gcuid fostaithe agus daoine eile i ndáil leis an gcomhar le húdaráis inniúla sa chás ina bhféadfadh an comhar sin baol a thagann ó bhia a chosc, a laghdú nó a dhíothú. Ghlac reachtóir an Aontais cur chuige den chineál céanna i réimse 'an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe' trí Rialachán (AE) 2016/429 lena mbunaítear na rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó daoine(17). Le Treoir 98/49/CE ón gComhairle agus Threoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chomh maith le Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle, leagtar síos rialacha maidir le cosaint agus leas na n-ainmhithe a choinnítear le haghaidh feirmeoireachta, le linn iompair agus tráth an mharaithe.

(13)  Sa chaoi chéanna, is féidir le tuairiscí ó sceithirí a bheith ríthábhachtach chun bagairtí a bhrath agus a chosc, ag laghdú nó ag díothú rioscaí do shláinte an phobail agus do chosaint tomhaltóirí a bhíonn ann de bharr sáruithe ar rialacha an Aontais nach dtiocfadh chun solais, b'fhéidir, murach na tuairiscí sin. Go háirithe, tá baint mhór ag cosaint tomhaltóirí le cásanna ina bhféadfadh táirgí neamhshábháilte díobháil mhór a dhéanamh do thomhaltóirí.▌

(14)  Is réimse eile é cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta, a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha, inar féidir le sceithirí cuidiú chun sáruithe ar dhlí an Aontais a d'fhéadfadh ▌ díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leas an phobail a nochtadh. Baineann comaoineacha dá samhail le sáruithe ar an Treoir maidir le slándáil gréasán agus córas faisnéise(18), lena dtugtar isteach an ceanglas fógra a thabhairt maidir le teagmhais (lena n-áirítear iad siúd nach gcuireann isteach ar shonraí pearsanta) agus ceanglais slándála d'eintitis a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha ar fud go leor earnálacha (e.g. fuinneamh, sláinte, iompar, baincéireacht, etc.) agus do sholáthraithe príomhsheirbhísí digiteacha (e.g. seirbhísí néalríomhaireachta) agus do sholáthróirí fóntas bunúsach, amhail uisce, leictreachas agus gás. Tá tábhacht faoi leith ag baint le tuairisciú ó sceithirí sa réimse seo d'fhonn teagmhais slándála a chosc a mbeadh tionchar acu ar phríomhghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta agus ar sheirbhísí digiteacha a úsáidtear go forleathan, agus chun aon sárú ar reachtaíocht cosanta sonraí an Aontais a chosc. Cabhraíonn sé le leanúnachas na seirbhísí atá riachtanach d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus do leas sochaí a áirithiú.

(15)  Ina theannta sin, réimse tábhachtach nach mór dlí an Aontais a neartú ann is ea é cosaint leasanna airgeadais an Aontais, a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear d'úsáid chaiteachas an Aontais, do bhailiú ioncaim agus cistí an Aontais nó do shócmhainní an Aontais. Cuimsíonn neartú cosanta leasanna airgeadais an Aontais freisin buiséad an Aontais a chur chun feidhme i ndáil le caiteachas a dhéantar ar bhonn an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. Déanann easpa forfheidhmithe éifeachtaigh i réimse leasanna airgeadais an Aontais, lena n-áirítear calaois agus éilliú ar leibhéal náisiúnta, ioncam an Aontais a laghdú agus bíonn sé ina chúis le mí‑úsáid cistí AE, rud a fhéadann infheistíochtaí poiblí agus fás a shaobhadh agus a bhaineann de mhuinín na saoránach i ngníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Le hAirteagal 325 CFAE ceanglaítear ar an Aontas agus ar na Ballstáit na gníomhaíochtaí sin a chomhrac. Áirítear ar Bhearta Ábhartha an Aontais i ndáil leis sin, go háirithe, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle, a chomhlánaítear, do na cineálacha iompair is tromchúisí a bhaineann leis an gcalaois, le Treoir (AE) 2017/1371 agus leis an gCoinbhinsiún arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar chosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach an 26 Iúil 1995, lena n-áirítear na prótacail a ghabhann leis an 27 Meán Fómhair 1996,(19) an 29 Samhain 1996(20) agus an 19 Meitheamh 1997 (Coinbhinsiún agus prótacail atá fós i bhfeidhm maidir leis na Ballstáit nach bhfuil faoi cheangal ag Treoir (AE) 2017/1372), mar aon le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 (OLAF).

(16)  Ba cheart íoschaighdeáin choiteanna cosanta sceithirí a leagan síos freisin maidir le sáruithe a bhaineann leis an margadh inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 26(2) CFAE. Thairis sin, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, tá sé beartaithe le bearta an Aontais arb é is aidhm leo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhunú nó a áirithiú, rannchuidiú le díothú bacainní atá ann cheana agus bacainní atá ag teacht chun cinn ar shaorghluaiseacht earraí nó ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar, nó le deireadh a chur le saobhadh iomaíochta.

(17)  Go sonrach, le cosaint do sceithirí chun forfheidhmiú dhlí iomaíochta an Aontais a fheabhsú lena n-áirítear státchabhair, dhéanfaí feidhmiú éifeachtach na margaí san Aontas a choimirciú, bheadh cothrom na Féinne ann don ghnó agus rachadh sé chun sochair do thomhaltóirí. Maidir le rialacha iomaíochta a bhaineann le gnóthais, tá tábhacht an tuairiscithe cos istigh maidir le sáruithe ar dhlí na hiomaíochta a bhrath aitheanta cheana féin i gclár trócaire an Aontais Eorpaigh agus aithníodh í freisin le tabhairt isteach uirlis anaithnid sceithireachta ag an gCoimisiún Eorpach. Baineann sáruithe i dtaca le hiomaíocht agus státchabhair le hAirteagail 101, 102, 106, 107 agus 108 CFAE agus le rialacha an dlí thánaistigh arna nglacadh lena gcur i bhfeidhm.

(18)  Bíonn tionchar diúltach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh ag bearta a sháraíonn rialacha na cánach corparáide agus ag socruithe arb é is cuspóir dóibh buntáiste cánach a fháil agus oibleagáidí dlíthiúla a sheachaint, rud a chuirfeadh ar neamhní an cuspóir nó an chúis le dlí na cánach corparáidí is infheidhme. Is féidir iomaíocht éagórach cánach agus imghabháil fhorleathan cánach a bheith ag eascairt as, rud a dhéanann an chothroime iomaíochta do chomhlachtaí a shaobhadh agus mar thoradh air bíonn caillteanas in ioncam cánach do na Ballstáit agus do bhuiséad an Aontais ina iomláine. Foráiltear leis an Treoir seo do chosaint i gcoinne frithbhirt orthu siúd a thuairiscíonn socruithe iompair agus/nó drochúsáide ar socruithe iad nach mbraithfí, b'fhéidir, ar shlí eile, agus é mar aidhm leis sin cumas na n-údarás inniúil a neartú i dtaca le feidhmiú cuí an mhargaidh aonair a choimirciú agus saobhadh agus bacainní ar thrádáil a bhaint a dhéanann difear d'iomaíochas na gcuideachtaí sa mhargadh inmheánach, a bhfuil nasc díreach acu le rialacha na saorghluaiseachta agus is ábhartha freisin maidir le cur i bhfeidhm na rialacha státchabhrach. Cuireann cosaint do sceithirí le tionscnaimh nua de chuid an Choimisiúin atá dírithe ar thrédhearcacht agus malartú faisnéise a fheabhsú i réimse an chánachais agus ar thimpeallacht cánach corparáide níos cothroime laistigh den Aontas a chruthú , d'fhonn éifeachtúlacht na mBallstát a mhéadú maidir le socruithe iompair agus/nó drochúsáide a aithint ar socruithe iad nach mbraithfí, b'fhéidir, ar shlí eile, agus cabhróidh sé leis socruithe sin a dhíspreagadh cé nach ndéantar forálacha maidir le cánacha a chomhchuibhiú leis an Treoir seo, bíodh siad ina bhforálacha substainteacha nó nós imeachta.

(19)  Sainítear le hAirteagal 1(1)(a) raon feidhme ábhartha na Treorach seo trí thagairt a dhéanamh do liosta gníomhartha de chuid an Aontais a leagtar amach iad san Iarscríbhinn (Cuid I agus Cuid I agus Cuid II). Ciallaíonn sin, i gcás ina sainíonn na gníomhartha sin de chuid an Aontais a raon feidhme ábhartha trí thagairt a dhéanamh do liosta gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear ina gcuid Iarscríbhinní, gur cuid de raon feidhme ábhartha na Treorach seo iad na gníomhartha sin freisin. Thairis sin, ba cheart a thuiscint go n-áirítear leis an tagairt do na gníomhartha san Iarscríbhinn gach beart cur chun feidhme nó tarmligthe náisiúnta agus de chuid an Aontais arna nglacadh de bhun na ngníomhartha sin. Ina theannta sin, ní mór a thuiscint gur tagairt dhinimiciúil í an tagairt do na gníomhartha de chuid an Aontais atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, i.e. más rud é gur leasaíodh nó go leasófar gníomh an Aontais atá san Iarscríbhinn, baineann an tagairt leis an ngníomh mar a leasaíodh é; más rud é gur ionadaíodh nó go n-ionadófar gníomh an Aontais atá san Iarscríbhinn, baineann an tagairt leis an ngníomh nua.

(20)  I ngníomhartha áirithe de chuid an Aontais, go háirithe i réimse na seirbhísí airgeadais, amhail Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le drochúsáid mhargaidh(21), agus Treoir Cur Chun Feidhme 2015/2392 ón gCoimisiún, arna ghlacadh ar bhonn an Rialacháin sin(22), tá rialacha mionsonraithe cheana maidir le cosaint do sceithirí. Ba cheart go gcoimeádfaí i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear an liosta i gCuid II den Iarscríbhinn, aon sainiúlachtaí dá bhforáiltear leo, arna n-oiriúint do na hearnálacha ábhartha. Tá sé seo ríthábhachtach d'fhonn a fháil amach cé na heintitis dhlíthiúla i réimse na seirbhísí airgeadais agus sa chosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhfuil sé d'oibleagáid orthu faoi láthair bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú. Ag an am céanna, chun comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú ar fud na mBallstát, ba cheart an Treoir seo a bheith infheidhme maidir leis na hábhair sin nach rialaítear faoi na hionstraimí earnáilsonracha, ar cheart iad a chomhlánú leis an Treoir atá ann faoi láthair, a mhéid nach rialaítear ábhair iontu, ionas go mbeidh siad ailínithe go hiomlán leis na híoschaighdeáin. Ba cheart, go háirithe, go sonrófaí a thuilleadh sa Treoir seo dearadh na mbealaí inmheánacha agus seachtracha, oibleagáidí na n-údarás inniúil, agus na cineálacha cosanta i gcoinne idirbhirt atá le soláthar ar an leibhéal náisiúnta. Maidir leis sin, bunaítear le Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 an deis do na Ballstáit bealach tuairiscithe inmheánach a sholáthar sa réimse a chumhdaítear leis an Rialachán sin. Ar mhaithe le comhsheasmhacht leis na híoschaighdeáin a leagtar síos leis an Treoir seo, ba cheart feidhm a bheith freisin ag an oibleagáid chun bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) den Treoir seo i dtaca le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

(21)  Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar don chosaint a thugtar d'fhostaithe nuair a thuairiscítear sáruithe ar dhlí fostaíochta an Aontais. Go háirithe, i réimse na sábháilteachta agus na sláinte gairme, ceanglaítear ar Bhallstáit le hAirteagal 11 de Threoir Réime 89/391/CEE cheana féin a áirithiú nach gcuirfear oibrithe nó ionadaithe oibrithe faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar a n-iarrataí nó a moltaí d'fhostóirí bearta iomchuí a ghlacadh chun guaiseacha a mhaolú d'oibrithe agus/nó chun foinsí contúirte a bhaint. Tá oibrithe agus a n-ionadaithe i dteideal ceisteanna a ardú leis na húdaráis náisiúnta inniúla má mheasann siad go bhfuil na bearta a glacadh agus na modhanna atá in úsáid ag an bhfostóir neamhleor chun sábháilteacht agus sláinte a áirithiú.

(22)  I gcás tuairiscithe a bhaineann le casaoidí idirphearsanta a dhéanann difear eisiach don duine tuairiscithe, i.e. casaoidí faoi choinbhleachtaí idirphearsanta idir an duine tuairiscithe agus fostaí eile, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go dtarchuirfí na tuairiscí sin chuig nósanna imeachta eile.

(23)  Tá an Treoir seo gan dochar don chosaint a thugtar leis na nósanna imeachta i dtaca le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a d'fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú, lena n‑áirítear calaois nó éilliú, a dhéanfadh dochar do leasanna an Aontais, nó maidir le iompar a bhaineann le dualgais ghairmiúla a dhéanamh a d'fhéadfadh a bheith ina mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, a bhunaítear faoi Airteagail 22a, 22b agus 22c de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/69 ón gComhairle(23). Tá feidhm ag an Treoir i gcás ina dtuairiscíonn oifigigh de chuid an Aontais i gcomhthéacs oibre lasmuigh dá gcaidreamh fostaíochta le hinstitiúidí an Aontais.

(24)  Fanfaidh an tslándáil náisiúnta ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin. Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le tuairiscí i dtaca le sáruithe ar sholáthar a bhaineann le gnéithe cosanta nó slándála má chumhdaítear iad sin le Airteagal 346 CFAE, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Má shocraíonn na Ballstáit an chosaint dá bhforáiltear leis an Treoir a leathnú le go gcuimseofaí tuilleadh réimsí nó gníomhartha nach bhfuil laistigh den raon feidhme, féadfaidh na Ballstáit sin forálacha sonracha a ghlacadh chun leasanna tábhachtacha na slándála náisiúnta a chosaint i ndáil leis an méid sin.

(25)  Ina theannta sin, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do chosaint na faisnéise rúnaicmithe nach mór a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, ar chúiseanna slándála, faoi réir dhlí an Aontais nó faoi réir forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann. ▌Thairis sin, níor cheart go ndéanfadh forálacha na Treorach seo difear do na hoibleagáidí a eascraíonn as Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint nó as Cinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint.

(26)  Níor cheart an Treoir seo difear a dhéanamh do chosaint rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint ('pribhléid ghairmiúil dlíodóra') dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta agus, i gcas inarb infheidhme, faoi dhlí an Aontais, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, níor cheart an Treoir seo difear a dhéanamh don oibleagáid maidir le rúndacht chumarsáide soláthraithe cúraim sláinte a chosaint, lena n-áirítear teiripeoirí, lena n-othair agus maidir le taifid othar ('príobháideachas leighis') dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais.

(27)  Féadfaidh comhaltaí de shlite beatha eile a bheith i dteidil cosanta faoi Treoir seo nuair a thuairiscíonn siad faisnéis a chosnaítear leis na rialacha gairmiúla is infheidhme, ar choinníoll gur gá an fhaisnéis sin a thuairisciú chun sárú laistigh de raon feidhme na Treorach seo a nochtach.

(28)  Cé go bhforáiltear leis an Treoir seo faoi choinníollacha áirithe do dhíolúine theoranta ó dhliteanas, lena n-áirítear dliteanas coiriúil, i gcás sárú rúndachta, ní dhéantar difear léi do rialacha náisiúnta maidir leis an nós imeachta coiriúil, go háirithe dóibh sin atá dírithe ar shláine na n-imscrúduithe agus na nósanna imeachta nó ar chearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a choimirciú. Tá sin gan dochar do bhearta cosanta a thabhairt isteach i gcineálacha eile de dhlí nós imeachta, go háirithe, aisiompú an dualgais cruthúnais i nósanna imeachta náisiúnta riaracháin, sibhialta nó saothair.

(29)  Níor cheart an Treoir seo difear a dhéanamh do na rialacha náisiúnta maidir le feidhmiú chearta ionadaithe na n-oibrithe ar fhaisnéis, comhairle, agus rannpháirtíocht i gcómhargáil ná dá gcosaint ar chearta fostaíochta oibrithe. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar don leibhéal cosanta a dheonaítear leis an Treoir.

(30)  Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo i gcásanna daoine, ar sainaithníodh iad, bunaithe ar a dtoiliú feasach, mar fhaisnéiseoirí nó a chláraigh mar fhaisnéiseoirí i mbunachair sonraí arna mbainistiú ag údaráis cheaptha ar an leibhéal náisiúnta, amhail údaráis chustaim, a thuairiscíonn sáruithe chuig údaráis forfheidhmithe, in aghaidh luach saothair nó cúitimh. Déantar na tuairiscí sin de bhun nósanna imeachta ar leith darb aidhm anaithnideacht na daoine sin a ráthú d'fhonn a sláine fhisiceach a chosaint, agus atá éagsúil ó na bealaí tuairiscithe dá bhforáiltear faoin Treoir seo.

(31)  Daoine a thuairiscíonn faisnéis faoi bhagairtí nó díobháil do leas an phobail a fhaigheann siad i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí oibre, is ag feidhmiú a gcirt chun tuairimí a nochtadh atá siad. Leis an gceart chun tuairimí agus faisnéis a nochtadh, atá cumhdaithe in Airteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ('an Chairt') agus in Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR), cuimsítear an ceart faisnéis a fháil agus a thabhairt amach mar aon le saoirse agus iolrachas na meán.

(32)  Dá réir sin, úsáidtear sa Treoir seo cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh, agus na prionsabail a forbraíodh ar an mbonn sin ag Comhairle na hEorpa sa Mholadh uaithi in 2014 maidir le Cosaint do Sceithirí(24).

(33)  D'fhonn cosaint a fháil, ba cheart do na daoine tuairiscithe a chreidiúint le réasún, i bhfianaise na n-imthosca agus na faisnéise atá ar fáil dóibh tráth an tuairiscithe, go bhfuil na nithe a thuairiscíonn siad fíor. Is cosaint riachtanach é seo i gcoinne tuairiscí mailíseacha nó drochúsáide, rud a áirithíonn nach bhfuil cosaint ag na daoine a thuairiscíonn, tráth an tuairiscithe, faisnéis mhícheart nó mhíthreorach d'aon ghnó agus go feasach. Ag an am céanna, áirithítear leis nach gcaillfear an chosaint nuair a thug an duine tuairiscithe tuairisc mhíchruinn de bhotún ach gan é sin a bheith déanta d'aon turas. Ar bhealach comhchosúil, ba cheart do dhaoine tuairiscithe a bheith i dteideal cosanta faoin Treoir seo má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go dtagann an fhaisnéis a thuairiscítear laistigh dá raon feidhme. Ba cheart go mbeadh cúiseanna an duine tuairiscithe leis an tuairisc a dhéanamh neamhábhartha maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart dó cosaint a fháil.

(34)  Dé ghnáth, bíonn daoine tuairiscithe níos mó ar a gcompord faoi thuairisciú a dhéanamh go hinmheánach, ach amháin má bhíonn cúiseanna acu le tuairisciú go seachtrach. Léirítear i staidéir eimpíreacha gurb iondúil go dtuairiscíonn bunús na sceithirí go hinmheánach, laistigh den eagraíocht ina bhfuil siad ag obair. Is é tuairisciú inmheánach freisin an bealach is fearr le faisnéis a fháil chuig na daoine ar féidir leo cuidiú le réiteach luath éifeachtach na rioscaí do leas an phobail. Ag an am céanna, ba cheart an deis a bheith ag an duine tuairiscithe an bealach tuairiscithe is oiriúnaí a roghnú ag brath ar imthosca aonair an cháis. Thairis sin, tá sé riachtanach nochtadh poiblí a chosaint lena n-áirítear prionsabail dhaonlathacha amhail trédhearcacht agus cuntasacht, agus cearta bunúsacha amhail saoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán, agus leas na bhfostóirí a chothromú chun a gcuid eagraíochtaí a bhainistiú agus a leasanna a chosaint le leas an phobail a chosaint ó dhíobháil, de réir na gcritéar a forbraíodh i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

(35)  Gan dochar d'oibleagáidí atá ann cheana foráil a dhéanamh do thuairisciú anaithnid de bhua dhlí an Aontais, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an nglacfaidh eintitis phríobháideacha agus phoiblí agus údaráis inniúla le tuairisciú anaithnid ar sháruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus an ndéanfaidh siad bearta leantacha ina leith. Mar sin féin, ba cheart go mbainfeadh daoine a thuairiscigh ar bhonn anaithnid nó a rinne nochtadh poiblí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus a chomhlíonann a coinníollacha, ba cheart go mbainfidís tairbhe as cosaint faoin Treoir seo má aithnítear iad ina dhiaidh sin agus má bhíonn frithbheart le fulaingt acu.

(36)  Tá cosaint le deonú i gcásanna ina ndéanann daoine tuairisciú de bhun reachtaíocht an Aontais maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigigh nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, mar shampla, i gcomhthéacs calaoise i gcoinne bhuiséad an Aontais.

(37)  Teastaíonn cosaint dhlíthiúil shonrach ó dhaoine má fhaigheann siad an fhaisnéis a thuairiscíonn siad trína gcuid gníomhaíochtaí oibre agus dá bhféadfaidís a bheith i mbaol frithbhirt san obair dá bharr sin (mar shampla, as dualgas rúndachta nó dílseachta a shárú). Is é an chúis bhunúsach gur cheart cosaint a thabhairt dóibh ná go bhfuil a seasamh eacnamaíoch leochaileach i leith an duine ar a bhfuil siad de facto ag brath don obair. Nuair nach bhfuil aon éagothroime cumhachta a bhaineann leis an obair ann (mar shampla i gcás gnáthghearánach nó saoránaigh ar an láthair) níl aon ghá le cosaint i gcoinne frithbhirt.

(38)  Éilíonn forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais go dtugtar cosaint don réimse is leithne is féidir de chatagóirí daoine, bíodh siad ina saoránaigh de chuid AE nó ina náisiúnaigh tríú tíortha, de bhua a gcuid gníomhaíochtaí oibre (beag beann ar chineál na ngníomhaíochtaí seo, bíodh siad íoctha nó neamhíoctha), ar daoine iad a bhfuil rochtain phribhléideach acu ar fhaisnéis faoi sháruithe a mbeadh sé ar leas an phobail iad a thuairisciú, agus a d'fhéadfadh a bheith thíos le frithbheart má thuairiscíonn siad na sáruithe sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar an gá atá le cosaint a shocrú trí thagairt a dhéanamh do na himthosca ábhartha go léir agus ní hamháin trí thagairt a dhéanamh do chineál an chaidrimh, ionas go gcumhdófar raon iomlán na ndaoine a bhfuil baint acu leis an eagraíocht inar tharla an sárú.

(39)  Ba cheart feidhm a bheith ag cosaint, ar dtús, maidir le daoine a bhfuil stádas 'oibrithe' acu, de réir bhrí Airteagal 45(1) CFAE, mar atá léirithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i.e. daoine a dhéanann obair ar feadh tréimhse áirithe ama, do agus faoi threoir duine eile, dá bhfaigheann siad luach saothair. Tá státseirbhísigh ar áireamh sa nóisean sin freisin. Dá bhrí sin, ba cheart cosaint a thabhairt freisin d'oibrithe i gcaidreamh fostaíochta neamhchaighdeánach, lena n-áirítear oibrithe páirtaimseartha agus oibrithe ar chonarthaí ar théarma seasta, chomh maith le daoine a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu le gníomhaireacht shealadach, cineálacha neamhchinnte caidrimh ina mbíonn sé deacair go minic cosaint chaighdeánach i gcoinne córa éagóraí a chur i bhfeidhm.

(40)  Ba cheart go leathnófaí cosaint le go gcuimseofaí catagóirí breise daoine nádúrtha ▌freisin, agus, cé nach 'oibrithe' iad de réir bhrí Airteagal 45(1) CFAE, is féidir ról lárnach a bheith acu maidir le sáruithe ar an dlí a nochtadh agus féadfaidh siad féin a bheith in áit na leochaileachta eacnamaíche i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí oibre. Mar shampla, i réimsí cosúil le sábháilteacht táirgí, tá soláthróirí i bhfad níos gaire do fhoinse monaraithe a d'fhéadfadh a bheith éagórach agus mídhleathach, do chleachtais allmhairithe nó dáilte táirgí neamhshábháilte; i gcur chun feidhme chistí an Aontais, tá sainchomhairleoirí a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí in ionad pribhléide chun aird a tharraingt ar sháruithe a bhfuil siad mar fhinné orthu. De ghnáth, tá na catagóirí sin daoine, lena n-áirítear daoine féinfhostaithe a sholáthraíonn seirbhísí, oibrithe neamhspleácha, conraitheoirí, fochonraitheoirí agus soláthróirí, faoi réir frithbhirt a d'fhéadfadh a bheith i bhfoirm, mar shampla, foirceannadh luath nó conradh seirbhísí, ceadúnas nó cead a chealú, caillteanas gnó, caillteanas ioncaim, comhéigean, imeaglú nó ciapadh, dúliostáil/gnó a bhaghcatáil nó damáiste don chlú. Féadfaidh scairshealbhóirí agus daoine i gcomhlachtaí bainistíochta a bheith thíos le frithbheart freisin, mar shampla i dtéarmaí airgeadais nó le himeaglú nó ciapadh, dúliostáil nó damáiste don chlú. Ba cheart cosaint a thabhairt freisin do dhaoine a bhfuil a gcaidreamh oibre críochnaithe agus d'iarrthóirí fostaíochta nó le haghaidh seirbhísí a sholáthar d'eagraíocht a fuair an fhaisnéis faoi sháruithe dlí le linn an phróisis earcaíochta nó le linn céim idirbheartaíochta réamhchonartha eile, ar daoine iad a d'fhéadfadh a bheith thíos le frithbheart mar shampla i bhfoirm teistiméireachtaí diúltacha fostaíochta nó dúliostáil/baghcatáil gnó.

(41)  Tuigtear le cosaint éifeachtach do sceithirí go gcosnófar freisin catagóirí breise daoine, ar daoine iad, cé nach bhfuil siad ag brath ar a gcuid gníomhaíochtaí oibre go heacnamaíoch, a d'fhéadfadh a bheith thíos le frithbheart mar gheall ar sháruithe a nochtadh. I gcás frithbheart i gcoinne saorálaithe agus oiliúnaithe íoctha nó neamhíoctha, is é a d'fhéadfadh a bheith i gceist nach mbainfí úsáid as a gcuid seirbhísí a thuilleadh, nó go dtabharfaí teistiméireacht dhiúltach i leith fostaíochta sa todhchaí nó go ndéanfaí damáiste dá gclú ná dá n-ionchais ghairme ar shlí eile.

(42)  Chun go ndéanfaí díobháil thromchúiseach do leas an phobail a bhrath agus a chosc go héifeachtach, is gá a áireamh ar choincheap an tsáraithe freisin cleachtais drochúsáide, mar a chinntear iad le cás dhlí Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa, eadhon gníomhartha nó neamhghníomhartha nach bhfuil neamhdhleathach i dtéarmaí foirmiúla ach a chuireann ar neamhní cuspóir nó críoch an dlí.

(43)  Éilíonn cosc éifeachtach ar sháruithe ar dhlí an Aontais go dtugtar cosaint ▌do dhaoine a sholáthraíonn faisnéis lena bhfuil gá chun sáruithe a nochtadh a tharla cheana, sáruithe nár tharla fós, ach gur an-dócha go ndéanfar iad, gníomhartha nó neamhghníomhartha dá bhfuil forais réasúnacha ag an duine tuairiscithe a mheas mar sháruithe ar dhlí an Aontais chomh maith le hiarrachtaí chun sáruithe a cheilt.. Ar na cúiseanna céanna, tá gá le cosaint freisin do dhaoine nach soláthraíonn fianaise dhearfach ach a ardaíonn údair imní nó amhrais réasúnacha. Ag an am céanna, níor cheart feidhm a bheith ag cosaint maidir le faisnéis a thuairisciú atá ar fáil ina hiomláine cheana féin san fhearann poiblí nó maidir le ráflaí nár cruthaíodh nó clostrácht.

(44)  Léiríonn frithbheart an dlúthchaidreamh (cúis agus éifeacht) a chaithfidh a bheith ann idir an tuairisc agus an chóir dhochrach a d'fhulaing an duine tuairiscithe, go díreach nó go hindíreach, ionas gur féidir leis an duine sin cosaint dhlíthiúil a bhaint as. Éilíonn cosaint éifeachtach do dhaoine tuairiscithe mar mhodh chun forfheidhmiú dhlí an Aontais a fheabhsú sainmhíniú leathan ar fhrithbheart, lena n-áirítear aon ghníomh nó neamhghníomh a tharlaíonn i gcomhthéacs na hoibre a dhéanann díobháil dóibh. Ní chuirtear cosc leis an Treoir seo ar fhostóirí cinntí a bhaineann le fostaíocht a dhéanamh nach n-eascraíonn as an tuairisciú nó as an nochtadh poiblí.

(45)  Ba cheart cosaint ó fhrithbheart mar mhodh chun saoirse tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán a chosaint a chur ar fáil do dhaoine a thuairiscíonn faisnéis faoi ghníomhartha nó neamhghníomhartha laistigh d'eagraíocht (tuairisciú inmheánach) nó d'údarás lasmuigh (tuairisciú seachtrach) agus do dhaoine a nochtann an fhaisnéis sin don phobal (mar shampla, go díreach chuig an bpobal trí ardáin ghréasáin nó na meáin shóisialta, nó chuig na meáin, oifigigh tofa, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ceardchumainn nó eagraíochtaí gairmiúla/gnó).

(46)  Is foinsí tábhachtacha iad sceithirí, go háirithe, d'iriseoirí iniúchacha. Trí chosaint éifeachtach a sholáthar do sceithiri ó fhrithbheart, méadaítear ar an deimhneacht dhlíthiúil do sceithirí (féideartha) agus leis sin spreagtar agus éascaítear an sceithireacht do na meáin. Maidir leis sin, tá cosaint do sceithirí mar fhoinsí iriseoireachta ríthábhachtach chun ról na hiriseoireachta iniúchaí a chosaint i sochaithe daonlathacha.

(47)  Chun sárú ar dhlí an Aontais a bhrath agus a chosc go héifeachtach, tá sé ríthábhachtach go sroicheann an fhaisnéis ábhartha go tapa iad siúd is gaire do fhoinse na faidhbe, iad siúd is fearr is féidir imscrúdú a dhéanamh air agus cumhachtaí acu chun é a leigheas, i gcás inar féidir. Mar phrionsabal, dá réir sin, ba cheart daoine tuairiscithe a spreagadh chun na bealaí inmheánacha a úsáid agus tuairisciú dá bhfostóir i dtosach, má tá fáil acu ar na bealaí sin agus más féidir a bheith ag súil go bhfeidhmeoidh siad. Tá sin amhlaidh, go háirithe, i gcás ina gcreideann na daoine tuairiscithe gur féidir aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an sárú laistigh den eagraíocht ábhartha, agus nach bhfuil aon riosca frithbhirt ann. Éilítear leis sin freisin go mbunóidh eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí nósanna imeachta inmheánacha iomchuí chun tuairiscí a fháil agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith. Baineann an spreagadh sin freisin le cásanna inar bunaíodh na bealaí sin gan é a bheith ina cheangal faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta. Ba cheart go mbeadh an prionsabal sin ina chuidiú chun cultúr dea-chumarsáide agus freagracht shóisialta chorparáideach a chothú in eagraíochtaí, sa chaoi go meastar go gcuireann daoine tuairiscithe go mór le féincheartú agus barr feabhais.

(48)  Maidir le heintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach, tá an oibleagáid maidir le bealaí inmheánacha a bhunú comhréireach lena méid agus leibhéal an riosca a chruthaíonn a ngníomhaíochtaí do leas an phobail. Ba cheart feidhm a bheith aige maidir le gach cuideachta ag a bhfuil 50 fostaí nó níos mó , beag beann ar chineál a gcuid gníomhaíochtaí, bunaithe ar a n-oibleagáid CBL a bhailiú. Tar éis measúnú riosca iomchuí, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar ghnóthais bheaga eile freisin bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú i gcásanna ar leith (e.g. mar gheall ar na rioscaí suntasacha a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar a gcuid gníomhaíochtaí).

(49)  Tá an Treoir seo gan dochar don fhéidearthacht atá ann do na Ballstáit eintitis phríobháideacha ag a bhfuil níos lú ná 50 fostaí a spreagadh chun bealaí inmheánacha le haghaidh tuairiscithe agus obair leantach a bhunú, lena n-áirítear trí cheanglais a leagan síos nach bhfuil chomh forordaitheach céanna leo sin a leagtar síos faoi Airteagal 5, ar choinníoll go ráthaítear leis na ceanglais sin rúndacht agus bearta leantach díograiseach ar an tuairisc.

(50)  Níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine atá ag gnóthais bheaga agus ag micreaghnóthais ón oibleagáid chun bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú maidir le gnóthais phríobháideacha a bhfuil oibleagáid orthu faoi láthair bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú de bhua na ngníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear i gCuid I.B agus Cuid II den Iarscríbhinn.

(51)  Ba cheart é a bheith soiléir, i gcás eintitis dhlíthiúla phríobháideacha nach bhforálann do bhealaí tuairiscithe inmheánacha, gur cheart daoine tuairiscithe a bheith in ann tuairisciú seachtrach a dhéanamh díreach chuig na húdaráis inniúla agus ba cheart na daoine sin an chosaint a fháil i gcoinne frithbhirt dá bhforáiltear leis an Treoir seo.

(52)  D'fhonn a áirithiú go háirithe, go n-urramaítear rialacha soláthair phoiblí san earnáil phoiblí, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid chun bealaí tuairiscithe inmheánacha a chur i bhfeidhm maidir leis na heintitis dhlíthiúla phoiblí uile, ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, agus a bheith comhréireach lena méid.

(53)  Ar choinníoll go n-áiritheofar rúndacht chéannacht an duine tuairiscithe, is faoi gach aon eintiteas dlíthiúil príobháideach agus poiblí é an cineál bealaí tuairiscithe atá le bunú a shainiú. Lena chur ar bhealach níos sonraí, ba cheart go gceadófaí leo tuairiscí scríofa a dhéanamh ar féidir iad a thíolacadh tríd an bpost, trí bhosca(í) gearáin fisiceacha, nó trí ardán ar líne (inlíon nó idirlíon) agus/nó i dtaca le tuairiscí ó bhéal ar féidir iad a thíolacadh trí bheolíne theileafóin nó trí chóras eile guthphoist. Arna iarraidh sin don duine tuairiscithe, ba cheart, leis na bealaí sin, go gceadófaí cruinnithe fisiceacha, laistigh de thréimhse réasúnta ama.

(54)  Féadfar a údarú do thríú páirtithe tuairiscí a fháil thar ceann eintiteas príobháideach agus poiblí, ar choinníoll go dtairgeann siad ráthaíochtaí iomchuí go n-urramófar neamhspleáchas, rúndacht, cosaint sonraí agus sicréideacht. Féadfaidh soláthraithe ardáin le haghaidh tuairiscithe go seachtrach, abhcóide seachtrach, iniúchóirí, ionadaithe ceardchumainn nó ionadaithe oibrithe a bheith i gceist leis sin.

(55)  Gan dochar don chosaint a mbaineann ionadaithe ceardchumainn nó ionadaithe oibrithe tairbhe aisti ina gcáil mar ionadaithe faoi rialacha eile de chuid an Aontais agus faoi rialacha náisiúnta eile, ba cheart go mbainfidís tairbhe as an gcosaint dá bhforáiltear faoin Treoir seo i gcás ina dtuairiscíonn siad ina gcáil mar oibrithe agus i gcás inar thug siad comhairle agus tacaíocht don duine tuairiscithe.

(56)  Ba cheart nósanna imeachta tuairiscithe inmheánacha a chur ar chumas eintiteas dlíthiúil príobháideach tuairiscí ó fhostaithe an eintitis agus óna fhochuideachtaí nó óna chleamhnaithe (an grúpa) a fháil agus a imscrúdú, faoi lán-rúndacht, ach ina theannta sin, a mhéid is féidir, tuairiscí ó aon ghníomhairí nó soláthróirí de chuid an ghrúpa agus ó dhuine ar bith a fhaigheann faisnéis trína chuid a cuid gníomhaíochtaí oibre leis an eintiteas agus leis an ngrúpa.

(57)  Bíonn na daoine nó na ranna is iomchuí laistigh d'eintiteas dlíthiúil príobháideach atá ainmnithe inniúil chun tuairiscí a fháil agus bearta leantacha a dhéanann ina ndiaidh ag brath ar struchtúr an eintitis, ach, i gcás ar bith, ba cheart dá bhfeidhm a áirithiú go bhfuil neamhspleáchas ann agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann. In eintitis bheaga, féadfaidh an fheidhm seo a bheith ina dhá fheidhm ag oifigeach cuideachta atá in áit mhaith chun tuairisciú go díreach do cheannaire na heagraíochta, amhail príomhoifigeach um chomhlíonadh nó oifigeach acmhainní daonna, oifigeach sláine, oifigeach dlíthiúil nó príobháideachais, príomhoifigeach airgeadais, príomhoifigeach iniúchóireachta nó comhalta den bhord.

(58)  I gcomhthéacs an tuairiscithe inmheánaigh, tá sé ríthábhachtach an duine tuairiscithe a chur ar an eolas, a mhéid is féidir go dlíthiúil agus ar an gcaoi is cuimsithí is féidir, faoin mbeart leantach ar an tuairisc chun iontaoibh a thógáil ar éifeachtacht chóras foriomlán na cosanta do sceithirí agus laghdaítear leis aon dóchúlacht go mbeidh tuilleadh tuairiscí nó nochtadh poiblí ann gan ghá. Ba cheart an duine tuairiscithe a chur ar an eolas laistigh de chreat ama réasúnta maidir leis an mbeart atá beartaithe nó atá déanta mar bheart leantach ar an tuairisc agus maidir leis na forais don bheart leantach sin (mar shampla, tarchur chuig bealaí eile nó nósanna imeachta eile i gcás tuairiscí lena ndéantar difear eisiach do chearta aonair an duine tuairiscithe, dúnadh bunaithe ar easpa fianaise leordhóthanaí nó ar fhorais eile, fiosrúchán inmheánach a sheoladh agus b'fhéidir torthaí an fhiosrúcháin agus/nó bearta atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar an gceist a ardaíodh, tarchur chuig údarás inniúil chun tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh) a mhéid nach ndéanfadh an fhaisnéis sin dochar don fhiosrúchán nó don imscrúdú nó nach ndéanfadh sé difear do chearta an duine lena mbaineann. I ngach cás, ba cheart an duine tuairiscithe a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn agus thoradh an imscrúdaithe. Féadfar a iarraidh air nó uirthi tuilleadh faisnéise a sholáthar, i rith an imscrúdaithe, ach gan aon oibleagáid déanamh amhlaidh.

(59)  Níor cheart an tréimhse ama réasúnta sin a bheith níos mó ná trí mhí san iomlán. Nuair a bhíonn na bearta leantacha iomchuí á gcinneadh fós, ba cheart don duine tuairiscithe a bheith ar an eolas faoi seo agus faoi aon aiseolas eile a d'fhéadfadh sé nó sí a bheith ag súil leis.

(60)  Ba cheart do dhaoine atá ag smaoineamh ar sháruithe ar dhlíthe an Aontais a thuairisciú a bheith in ann cinneadh feasach a dhéanamh maidir le cibé acu, conas agus cén uair é a thuairisciú. Cuirfidh na heintitis phríobháideacha agus phoiblí a bhfuil nósanna imeachta tuairiscithe inmheánacha i bhfeidhm acu faisnéis ar fáil faoi na nósanna imeachta seo chomh maith le faisnéis faoi nósanna imeachta chun tuairisciú go seachtrach chuig údaráis inniúla ábhartha. Ní mór faisnéis den sórt sin a bheith intuigthe agus inrochtana go héasca, lena n-áirítear, a mhéid is féidir, do dhaoine eile chomh maith, nach fostaithe iad, ach a thagann i dteagmháil leis an eintiteas trína gcuid gníomhaíochtaí oibre, amhail soláthraithe seirbhíse, dáileoirí, soláthróirí agus comhpháirtithe gnó. Mar shampla, féadfar an fhaisnéis sin a phostáil ar shuíomh infheicthe agus inrochtana ag na daoine sin go léir agus ar ghréasán an eintitis agus féadtar é a chur san áireamh i gcúrsaí agus i gcúrsaí oiliúna ar eitic agus ionracas.

(61)  D'fhonn sáruithe ar dhlí an Aontais a bhrath agus a chosc go héifeachtach éilítear go n‑áiritheofar go bhféadfaidh sceithirí féideartha an fhaisnéis atá acu a thabhairt go héasca agus faoi lán-rúndacht chuig na húdaráis inniúla ábhartha a bhfuil sé ar a gcumas é a imscrúdú agus an fhadhb a leigheas, i gcás inar féidir.

(62)   D'fhéadfadh sé tarlú nach ann do bhealaí inmheánacha nó gur úsáideadh iad ach nach raibh feidhm cheart acu (mar shampla níor déileáladh leis an tuairisc go dícheallach nó laistigh de chreat ama réasúnta, nó níor glacadh aon ghníomh chun aghaidh a thabhairt ar an sárú dlí in ainneoin torthaí dearfacha an fhiosrúcháin).

(63)  I gcásanna eile, ní fhéadfaí a bheith ag súil leis, ar bhonn réasúnach, go bhfeidhmeodh na bealaí inmheánacha i gceart. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás ina bhfuil cúiseanna bailí ag na daoine tuairiscithe a chreidiúint i) go mbeadh frithbheart le fulaingt acu de dheasca an tuairiscithe, lena n-áirítear mar thoradh ar shárú ar a rúndacht, agus ii) gur fearr a bheadh na húdaráis inniúla in ann beart éifeachtach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an sárú toisc, mar shampla, go bhfuil baint ag sealbhóir na freagrachta deiridh laistigh de chomhthéacs na hoibre leis an sárú, nó go bhfuil an baol ann go ndéanfaí an sárú nó an fhianaise ghaolmhar a cheilt nó a scriosadh, nó, go ginearálta, go gcuirfí isteach ar a éifeachtaí a bheadh gníomhaíochtaí imscrúdaithe a dhéanfadh údaráis inniúla (mar shampla, tuairiscí maidir le socruithe cairtéil agus sáruithe eile ar rialacha iomaíochta), nó toisc go bhfuil gníomhaíocht phráinneach de dhíth mar thoradh ar an sárú, mar shampla chun beatha, sláinte agus sábháilteacht daoine a choimirciú nó chun an comhshaol a chosaint. I ngach cás, cosnófar daoine a thuairiscíonn go seachtrach chuig na húdaráis inniúla agus, más ábhartha, chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais. Leis an Treoir seo, tugtar cosaint freisin i gcás ina ndéantar, le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, ceangal a chur ar dhaoine tuairiscithe tuairisciú a dhéanamh do na húdaráis náisiúnta inniúla, mar shampla mar chuid dá ndualgais agus freagrachtaí poist nó toisc gur cion coiriúil é an sárú.

(64)  Is é an easpa muiníne as éifeachtacht an tuairiscithe ceann de na príomhfhachtóirí a chuireann bac ar sceithirí féideartha. Mar sin teastaíonn oibleagáid shoiléir ar údaráis inniúla, bealaí iomchuí seachtracha tuairiscithe a bhunú, bearta leantacha a dhéanamh go dícheallach ar na tuairiscí a fuarthas, agus, laistigh de chreat ama réasúnta, aiseolas a bheith tugtha do na daoine tuairiscithe.

(65)  Is faoi na Ballstáit é na húdaráis atá inniúil chun na tuairiscí a fháil agus bearta leantacha a dhéanamh ar na tuairiscía aithint maidir le sáruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Féadfaidh na húdaráis inniúla sin a bheith ina n-údaráis bhreithiúnacha, ina gcomhlachtaí rialála nó maoirseachta atá inniúil sna réimsí sonracha lena mbaineann, nó ina n-údaráis a bhfuil inniúlacht níos ginearálta acu ar an leibhéal lárnach stáit, ina ngníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí, ina gcomhlachtaí frithéillithe nó ina n‑ombudsman.

(66)  Ós rud é gurb iadsan a fhaigheann tuairiscí, ba cheart do na húdaráis a ainmnítear mar údaráis inniúla na hacmhainní agus na cumhachtaí a bheith acu a theastaíonn chun beart leantach iomchuí a áirithiú - lena n-áirítear cruinneas na líomhaintí a dhéantar sa tuairisc a mheas agus aghaidh a thabhairt ar na sáruithe a thuairiscítear trí fhiosrúchán inmheánach, imscrúdú, ionchúiseamh nó gníomh a sheoladh d'fhonn cistí a aisghabháil, nó trí ghníomhaíochtaí feabhais iomchuí eile a sheoladh, i gcomhréir lena sainordú, nó ba cheart na cumhachtaí is gá a bheith acu chun an tuairisc a tharchur chuig údarás eile, údarás ar cheart dó an sárú a thuairiscítear a imscrúdú, á áirithiú go ndéanfaidh an t‑údarás sin beart leantach iomchuí. Go háirithe, i gcás inar mian leis na Ballstáit bealaí seachtracha a bhunú faoi chuimsiú a leibhéil lárnaigh stáit, mar shampla i réimse na státchabhrach, ba cheart do na Ballstáit coimircí leordhóthanacha a chur ar bun chun a áirithiú go n-urramófar na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus uathriail a leagtar síos sa Treoir. Le bunú na mbealaí seachtracha sin, ní dhéantar difear do chumhachtaí na mBallstát nó an Choimisiúin maidir le maoirseacht i réimse na Státchabhrach agus, leis an Treoir seo, ní dhéantar difear do chumhacht eisiach an Choimisiúin maidir le dearbhú comhoiriúnachta beart státchabhrach go háirithe de bhun Airteagal 107(3) CFAE. Maidir le sáruithe ar Airteagail 101 agus 102 CFAE, ba cheart do na Ballstáit na húdaráis inniúla sin dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a ainmniú mar údaráis inniúla gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin sa réimse sin.

(67)  Ba cheart d'údaráis inniúla aiseolas a thabhairt do na daoine tuairiscithe maidir leis an mbeart atá beartaithe nó atá déanta mar bheart leantach (mar shampla, tarchur chuig údarás eile, dúnadh bunaithe ar easpa fianaise leordhóthanaí nó ar fhorais eile nó fiosrúchán a sheoladh agus b'fhéidir torthaí an fhiosrúcháin agus/nó bearta atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar an gceist a ardaíodh agus, ina theannta sin, maidir leis na forais atá mar bhonn cirt don bheart leantach. Le cumarsáidí ar thoradh deiridh na n‑imscrúduithe, níor cheart difear a dhéanamh do rialacha infheidhme an Aontais lena n-áirítear srianta féideartha ar chinntí a fhoilsiú i réimse na rialála airgeadais. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin mutatis mutandis i réimse an chánachais chorparáidigh, má fhoráiltear do shrianta comhchosúla sa dlí náisiúnta is infheidhme.

(68)  Ba cheart bearta leantacha agus aischothú a dhéanamh laistigh de chreat ama réasúnta; teastaíonn sé sin de bharr an ghá atá ann aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a fhéadann a bheith ina ábhar tuairisce go pras, chomh maith le nochtadh poiblí gan ghá a sheachaint. Níor chóir creat ama den sórt sin a bheith níos faide ná trí mhí, ach d'fhéadfaí é a shíneadh go sé mhí, más gá, de bharr imthosca sonracha an cháis, go háirithe cineál agus castacht ábhar na tuairisce, a bhféadfadh imscrúdú fada a bheith ag teastáil lena aghaidh.

(69)  Foráiltear i nDlí an Aontais cheana féin i réimsí sonracha, amhail drochúsáid mhargaidh(25), eitlíocht shibhialta(26) nó sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta(27) do bhunú bealaí tuairiscithe inmheánacha agus seachtracha. Ba cheart tógáil ar na bealaí atá ann cheana féin, dá bhforáiltear i ngníomhartha sonracha de chuid an Aontais, chomh fada agus is féidir maidir leis na hoibleagáidí chun na bealaí sin a leagtar síos sa Treoir seo a bhunú.

(70)  Tá ag an gCoimisiún Eorpach, agus ag roinnt comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, amhail an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA), an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), bealaí agus nósanna imeachta seachtracha i bhfeidhm acu chun tuairiscí a fháil ar sháruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a dhéanann foráil go príomha do rúndacht chéannacht na ndaoine tuairiscithe. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do na bealaí agus na nósanna imeachta tuairiscithe seachtracha sin, i gcás ina bhfuil siad ann, ach áiritheofar leis go mbainfidh daoine a thuairiscíonn do na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí nó na gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais leas as íoschaighdeáin choiteanna cosanta ar fud an Aontais.

(71)  Chun éifeachtacht na nósanna imeachta chun beart leantach a dhéanamh i leith tuairiscí agus chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar rialacha an Aontais lena mbaineann, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit bearta a dhéanamh chun ualaí ar údaráis inniúla a laghdú, ualaí a eascraíonn as tuairiscí ar mhionsáruithe ar fhorálacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, tuairiscí atriallacha nó tuairiscí maidir le sáruithe ar fhorálacha coimhdeacha (mar shampla, forálacha maidir le hoibleagáidí i ndáil le doiciméadacht nó i ndáil le fógra a thabhairt). D'fhéadfadh a bheith i gceist leis na bearta sin cead a thabhairt d'údaráis inniúla, tar éis athbhreithniú cuí ar an ábhar, a chinneadh gur léir nach bhfuil i sárú tuairiscithe ach mionsárú agus nach gá bearta leantacha breise a dhéanamh de bhun na Treorach seo. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d'údaráis inniúla an nós imeachta a chur i gcrích maidir le tuairiscí atriallacha nach bhfuil aon fhaisnéis fhóinteach iontu atá nua agus nach raibh i dtuairisc roimhe seo a dúnadh cheana, mura rud é go bhfuil bonn cirt le bearta leantacha eile mar thoradh ar imthosca nua dlíthiúla nó fíorasacha. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d'údaráis inniúla tosaíocht a thabhairt don chaoi a ndéileálfar le tuairiscí ar sháruithe tromchúiseacha nó ar sháruithe ar fhorálacha bunriachtanacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo i gcás ina dtíolactar líon mór tuairiscí.

(72)  I gcás ina bhforáiltear dó faoi dhlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais, ba cheart do na húdaráis inniúla cásanna nó faisnéis ábhartha a tharchur chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear, chun críocha na Treorach seo, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (EPPO), gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfaidh an duine tuairiscithe teagmháil dhíreach le comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí den sórt sin de chuid an Aontais.

(73)  In go leor réimsí beartais a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, tá sásraí comhair ann trína ndéanann údaráis inniúla náisiúnta faisnéis a mhalartú agus gníomhaíochtaí leantacha a dhéanamh i ndáil le sáruithe ar rialacha an Aontais a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo. Ina measc siúd tá an sásra riaracháin um chúnamh agus chomhar i gcás sáruithe trasteorann ar reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia agus líonra na calaoise bia, an córas mear-rabhaidh um tháirgí neamhbhia contúirteacha, an gréasán um chomhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí, an líonra um chomhlíonadh comhshaoil, líonra Eorpach na n-údarás iomaíochta agus an comhar riaracháin i réimse an chánachais. Ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát leas iomlán a bhaint as na sásraí comhair sin atá ann cheana más ábhartha mar chuid dá n-oibleagáid beart leantach a dhéanamh i leith tuairiscí maidir le sáruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Ina theannta sin, féadfaidh údaráis na mBallstát dul i gcomhar le chéile freisin taobh amuigh de na sásraí comhair atá ann cheana i gcás sáruithe a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo i réimsí nach ann do shásraí comhair den sórt sin ina leith.

(74)  Chun gur féidir cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le foireann atá freagrach as tuairiscí a láimhseáil, is gá do na húdaráis inniúla bealaí a bheith i bhfeidhm agus á n-úsáid acu atá furasta le húsáid, atá slán, a áirithíonn an rúndacht i leith faisnéis a fháil agus a láimhseáil, ar faisnéis í a sholáthróidh an duine tuairiscithe, agus lenar féidir faisnéis bhuanfasach a stóráil chun go bhféadfaí tuilleadh imscrúduithe a dhéanamh. D'fhéadfadh gur ghá, leis an méid sin, go ndéanfaí na bealaí sin a scaradh ó na bealaí ginearálta trína ndéanann na húdaráis inniúla cumarsáid leis an bpobal, amhail gnáthchórais phoiblí gearán nó gnáthbhealaí poiblí gearán trína ndéanann an t-údarás inniúil cumarsáid go hinmheánach agus le tríú páirtithe ina ghnáthchúrsa gnó.

(75)  Comhaltaí foirne na n-údarás inniúil atá freagrach as tuairiscí a láimhseáil, ba cheart iad a bheith oilte go gairmiúil, lena n-áirítear oilte ar na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, ▌chun tuairiscí a láimhseáil agus chun cumarsáid a dhéanamh leis an duine tuairiscithe, chomh maith le bearta leantacha a dhéanamh ar an tuairisc ar bhealach iomchuí.

(76)  Ba chóir do dhaoine a bheartaíonn tuairisc a thabhairt a bheith in ann cinneadh feasach a dhéanamh maidir le cibé acu, conas agus cén uair tuairisc a thabhairt. Dá bhrí sin, ba cheart d'údaráis inniúla faisnéis a nochtadh go poiblí agus í a bheith inrochtana go héasca maidir leis na bealaí tuairiscithe atá ar fáil le húdaráis inniúla, faoi na nósanna imeachta is infheidhme agus faoi na comhaltaí foirne speisialaithe laistigh de na húdaráis seo a bheidh freagrach as tuairiscí a láimhseáil. Ba cheart an fhaisnéis uile maidir le tuairiscí a bheith trédhearcach, intuigthe go héasca agus iontaofa d'fhonn tuairisciú a chur chun cinn agus gan tuairisciú a dhíspreagadh.

(77)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta cosanta leordhóthanacha i bhfeidhm ag údaráis inniúla chun tuairiscí maidir le sáruithe a phróiseáil agus chun sonraí pearsanta na ndaoine dá dtagraítear sa tuairisc a chosaint. Ba cheart go n-áiritheofaí sna nósanna imeachta sin go gcosnófar céannacht gach duine tuairiscithe, céannacht gach duine lena mbaineann, agus céannacht an tríú duine dá dtagraítear sa tuairisc (e.g. finnéithe nó comhghleacaithe) ag gach céim den nós imeachta.▐

(78)  Is gá go gcomhlíonann foireann▐ an údaráis inniúil atá freagrach as tuairiscí a láimhseáil agus comhaltaí foirne an údaráis inniúil ag a bhfuil an ceart chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an duine tuairiscithe▐ an dualgas i ndáil le sicréideacht ghairmiúil agus rúndacht nuair a tharchuirfear na sonraí laistigh agus lasmuigh den údarás inniúil, lena n-áirítear i gcás ina n-osclaíonn údarás inniúil imscrúdú nó fiosrúchán nó ina mbíonn gníomhaíochtaí forfheidhmithe ar bun aige▐ i ndáil leis an tuairisc ar sháruithe.

(79)  Ba cheart athbhreithniú rialta na n-údarás inniúil ar nósanna imeachta agus malartú dea‑chleachtas eatarthu a ráthú go bhfuil na nósanna imeachta sin leordhóthanach agus dá bhrí sin ag freastal ar a gcuspóir.

(80)  Daoine a dhéanann nochtadh poiblí, ba cheart iad a bheith incháilithe do chosaint i gcás inarb amhlaidh, in ainneoin na tuairisce inmheánaí agus/nó seachtraí a dhéantar, nach dtabharfaí aghaidh ar an sárú fós, mar shampla i gcás ina bhfuil cúiseanna bailí ag na daoine sin le creidiúint nach ndearnadh an sárú a mheasúnú ná a imscrúdú (go hiomchuí) nó nach ndearnadh aon ghníomhaíocht cheartaitheach iomchuí ina leith. Ba cheart oiriúnacht an bhirt leantaigh a mheasúnú de réir critéir oibiachtúla, nasctha le hoibleagáid na n-údarás inniúil cruinneas na líomhaintí a mheasúnú agus deireadh a chur le haon sárú a d'fhéadfaí a bheith ann ar dhlí an Aontais. Beidh sé ag brath, dá bhrí sin, ar imthosca gach cáis agus ar chineál na rialacha a sáraíodh. Go háirithe, d'fhéadfadh gur beart leantach iomchuí é de bhun na Treorach seo go gcinnfeadh na húdaráis gur léir nach raibh ach mionsárú i gceist agus nár ghá beart leantach a dhéanamh.

(81)  Ba cheart do dhaoine a dhéanann nochtadh poiblí go díreach a bheith incháilithe le haghaidh cosanta freisin i gcásanna ina bhfuil forais réasúnacha acu a chreidiúint go bhfuil garchontúirt nó contúirt fhollasach ann do leas an phobail, nó ▌go bhfuil baol ann go ndéanfaí damáiste dochúlaithe, lena n-áirítear, ▌dochar ar iomláine coirp.

(82)  Ar an gcuma chéanna, ba cheart na daoine sin a bheith in ann cáiliú do chosaint i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu a chreidiúint go bhfuil, i gcás tuairisciú seachtrach, baol an fhrithbhirt ann nó gur beag seans go dtabharfar aghaidh go héifeachtach ar an sárú, de bharr imthosca sonracha an cháis, mar shampla go bhféadfaí fianaise a cheilt nó a scriosadh nó go bhfuil údarás i gclaonpháirteachas le déantóir an tsáraithe nó go bhfuil baint ag an údarás leis an sárú.

(83)  Is beart bunriachtanach ex-ante é chun an frithbheart a chosc rúndacht chéannacht an duine tuairiscithe a chosaint le linn an phróisis tuairiscithe agus le linn imscrúduithe leantacha. Ní fhéadfar céannacht an duine tuairiscithe a nochtadh ach amháin i gcás inar oibleagáid riachtanach chomhréireach é sin a cheanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe a dhéanfaidh údaráis nó imeachtaí breithiúnacha, go háirithe chun cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a choimirciú. Féadfaidh an oibleagáid sin a dhíorthú go háirithe ó Threoir 2012/13 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla. Níor cheart feidhm a bheith le cosaint rúndachta i gcás inar nocht an duine tuairiscithe a chéannacht nó a céannacht i gcomhthéacs nochtadh poiblí.

(84)  Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéantar de bhun na Treorach seo, lena n‑áirítear sonraí pearsanta a mhalartaítear nó a tharchuirtear ag na húdaráis inniúla, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, agus le Treoir (AE) 2016/680(28), agus aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanfaidh údaráis inniúla ar leibhéal an Aontais, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001(29). Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a leagtar amach in Airteagal 5 den RGCS, Airteagal 4 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, agus le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú atá leagtha síos in Airteagal 25 den RGCS, Airteagal 20 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal XX de Rialachán (AE) Uimh. 2018/XX lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247 /2002/CE.

(85)  Tá éifeachtacht na nósanna imeachta a leagtar amach sa Treoir seo maidir le bearta leantacha i leith tuairiscí ar sháruithe ar dhlí an Aontais sna réimsí a thagann faoina raon feidhme, tá sí mar thacú do chuspóir tábhachtach leas ginearálta poiblí an Aontais agus na mBallstát, de réir bhrí Airteagal 23(1)(e) RGCS, toisc go bhfuil sé mar aidhm léi forfheidhmiú dhlí agus bheartais an Aontais a fheabhsú i réimsí sonracha inar féidir sáruithe a bheith ina cúis le díobháil thromchúiseach do leas an phobail. Is gá rúndacht chéannacht na ndaoine tuairiscithe a chosaint go héifeachtach chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint, go háirithe cearta agus saoirsí na ndaoine tuairiscithe, dá bhforáiltear faoi Airteagal 23(1)(i) RGCS. Ba cheart do na Ballstáit éifeachtacht na Treorach seo a áirithiú, lena n-áirítear, i gcás inar gá, trí fheidhmiú chearta áirithe cosanta sonraí na ndaoine lena mbaineann a shrianadh, trí bhearta reachtacha, i gcomhréir le hAirteagal 23(1)(e) agus (i) agus (i) agus 23(2) RGCS a mhéid agus a fhad is gá chun cosc a chur agus aghaidh a thabhairt ar iarrachtaí le bac a chur ar thuairisciú, bac nó moill a chur ar bheart leantach i leith tuairiscí nó an beart leantach sin a chur ó mhaith, go háirithe imscrúduithe, nó ar iarrachtaí chun céannacht na ndaoine tuairiscithe a fháil amach.

(86)  Ar an gcaoi chéanna, is gá rúndacht chéannacht na ndaoine tuairiscithe a chosaint go héifeachtach chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint, go háirithe cearta agus saoirsí na ndaoine tuairiscithe, i gcás ina ndéanann údaráis, mar a shainítear iad in Airteagal 3(7)de Threoir (AE) 2016/680, tuairiscí a láimhseáil. Ba cheart do na Ballstáit éifeachtacht na Treorach seo a áirithiú, lena n-áirítear, i gcás inar gá, trí fheidhmiú chearta áirithe cosanta sonraí na ndaoine lena mbaineann a shrianadh, trí bhearta reachtacha, i gcomhréir le hAirteagail 13(3)(a) agus (e), 15(1)(a) agus (e), 16(4)(a) agus (e) agus Airteagal 31(5) de Threoir (AE) 2016/680 a mhéid agus a fhad is gá chun cosc a chur agus aghaidh a thabhairt ar iarrachtaí le bac a chur ar thuairisciú, bac nó moill a chur ar bheart leantach i leith tuairiscí nó an beart leantach sin a chur ó mhaith, go háirithe imscrúduithe, nó ar iarrachtaí chun céannacht na ndaoine tuairiscithe a fháil amach.

(87)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcoimeádtar taifead leordhóthanach ar gach tuairisc faoi sháruithe agus go bhfuil gach tuairisc inghnóthaithe agus go bhféadfar an fhaisnéis sin a fhaightear trí thuairiscí a úsáid mar fhianaise i mbearta forfheidhmithe i gcás inarb iomchuí.

(88)  Ba cheart daoine tuairiscithe a chosaint i gcoinne aon chineál frithbhirt, bíodh sé díreach nó indíreach, a dhéanann nó a mholann a bhfostóir nó custaiméir/faighteoir seirbhísí agus daoine atá ag obair le haghaidh nó ag gníomhú thar ceann an fhostóra nó an chustaiméara/an fhaighteora, lena n-áirítear comhoibrithe agus bainisteoirí san eagraíocht chéanna nó in eagraíochtaí eile lena mbíonn an duine tuairiscithe i dteagmháil i gcomhthéacs a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí oibre▐, agus i gcoinne aon chineál frithbhirt, bíodh sé díreach nó indíreach, a chuireann fostóir na ndaoine tuairiscithe, nó na daoine eile uile a luaitear sa mhír seo, suas leis. Ba cheart cosaint a bheith curtha ar fáil i gcoinne frithbheart a ghlactar maidir leis an duine tuairiscithe féin ach freisin maidir leo siúd lena bhféadfar a ghlacadh i leith an eintitis dhlíthiúil ar leis an duine tuairiscithe é, a n-oibríonn an duine tuairiscithe dó nó a bhfuil an duine tuairiscithe nasctha leis ar shlí eile i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair amhail seirbhísí a dhiúltú, dúliostáil nó gnó a bhaghcatáil. Ina theannta sin, áirítear mar fhrithbheart indíreach gníomhaíochtaí a dhéantar i gcoinne éascaitheoirí nó comhoibrithe nó gaolta an duine tuairiscithe a bhfuil caidreamh oibre idir iad agus fostóir an duine tuairiscithe nó ina gcustaiméir/faighteoir seirbhísí▐ .

(89)  I gcás ina dtarlaíonn frithbheart gan bhrath agus gan phionós, tá éifeacht mhór dhiúltach aige sin ar sceithirí féideartha. Tá éifeacht thábhachtach athchomhairleach ag toirmeasc soiléir ar fhrithbheart sa dlí, á neartú tuilleadh ag forálacha maidir le dliteanas pearsanta agus pionóis do dhaoine a dhéanann frithbheart.

(90)  Féadfaidh údarás neamhspleách aonair, nó lárionad faisnéise, comhairle aonair agus faisnéis chruinn a sholáthar.

(91)  D'fhéadfadh sé go gcuirfí bac ar thuairisciú ó sceithirí féideartha nach bhfuil cinnte conas tuairisc a thabhairt nó an mbeidh siad cosanta sa deireadh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear faisnéis ábhartha ar fáil ar ▌bhealach a bheidh éasca a thuiscint agus a bheidh inrochtana ag an bpobal i gcoitinne. Ba cheart comhairle aonair, neamhchlaonta agus rúnda, saor in aisce, a bheith ar fáil maidir le, mar shampla, más amhlaidh go bhfuil fhaisnéis atá i gceist cumhdaithe ag na rialacha is infheidhme maidir le cosaint do sceithirí, maidir le cé acu bealach tuairiscithe is fearr a d'fhéadfaí a úsáid agus maidir leis na nósanna imeachta malartacha atá ar fáil i gcás nach bhfuil an fhaisnéis faoi réir na rialacha is infheidhme ('comharthaíocht'). Is féidir rochtain ar chomhairle den sórt sin cabhrú lena áirithiú go ndéantar tuairiscí trí na bealaí iomchuí, ar bhealach freagrach agus go ndéantar sáruithe agus éagóiritheoireachtaí a bhrath nó fiú a chosc go tráthúil. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú comhairle dlí a chuimsiú sa chomhairle sin. I gcás ina dtugann eagraíochtaí na sochaí sibhialta, atá faoi cheangal ag dualgas chun rúndacht na faisnéise a fhaightear a choimeád, an chomhairle sin do dhaoine tuairiscithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfar frithbheart i gcoinne na n-eagraíochtaí sin, mar shampla i bhfoirm dochar eacnamaíoch trí shrian a chur ar an rochtain atá acu ar chistiú nó tríd an dúliostáil a d'fhéadfadh bac a chur ar fheidhmiú ceart na heagraíochta.

(92)  Ba cheart d'údaráis inniúla an tacaíocht is gá a thabhairt do dhaoine tuairiscithe chun go bhféadfaidh siad rochtain éifeachtach a fháil ar chosaint. Ba cheart dóibh cruthúnas, nó doiciméadú eile, a sholáthar a theastaíonn chun a dhearbhú os comhair údaráis eile nó os comhair cúirteanna go ndearnadh tuairisciú seachtrach. Faoi chreatlaí náisiúnta áirithe agus i gcásanna áirithe, féadfaidh daoine tuairiscithe▐ leas a bhaint as foirmeacha deimhniúcháin ar an bhfíric go gcomhlíonann siad coinníollacha na rialacha is infheidhme. D'ainneoin na bhféidearthachtaí sin, ba cheart rochtain éifeachtach a bheith acu ar athbhreithniú breithiúnach, ar a dtéann sé ar na cúirteanna cinneadh a dhéanamh, bunaithe ar chúinsí aonair uile an cháis, cibé acu a chomhlíonann siad coinníollacha na rialacha is infheidhme.

(93)  ▐ Ní féidir a bheith ag brath ar oibleagáidí dlíthiúla nó conarthacha daoine aonair, amhail clásail dílseachta i gconarthaí nó i gcomhaontuithe rúndachta/neamhnochta, d'fhonn tuairisciú a chosc ▌, diúltú do chosaint nó d'fhonn pionós a ghearradh ar dhaoine tuairiscithe toisc go ndearna siad tuairisciú i gcás inar gá an fhaisnéis a thagann faoi raon feidhme na gclásal agus na gcomhaontuithe sin a sholáthar chun an sárú a nochtadh. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin, níor cheart do dhaoine tuairiscithe aon chineál dliteanais a thabhú, bíodh sé ina dhliteanas sibhialta, coiriúil, riaracháin nó ina dhliteanas a bhaineann le fostaíocht. An chosaint ar dhliteanas i leith faisnéis a thuairisciú nó a nochtadh faoin Treoir seo, is gá í maidir le faisnéis a raibh forais réasúnacha ag an duine tuairiscithe a chreidiúint ina leith gur ghá í a thuairisciú nó a nochtadh chun sárú a nochtadh de bhun na Treorach seo. Níor cheart an chosaint sin a thabhairt i gcás faisnéis iomarcach a léirigh an duine gan na forais réasúnacha sin a bheith ann.

(94)  I gcás ina bhfuair na daoine tuairiscithe rochtain go dleathach ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh nó ar na doiciméid ina raibh an fhaisnéis sin, ba cheart iad a bheith díolmhaithe ó dhliteanas. Tá feidhm aige sin maidir le cásanna ina nochtann siad inneachar doiciméad a bhfuil rochtain dhleathach acu orthu agus i gcásanna ina ndéanann siad cóipeanna de na doiciméid sin nó ina dtógann siad iad ó áitreabh na heagraíochta ina bhfuil siad fostaithe, de shárú ar chlásail chonarthacha nó chlásail eile ar choinníoll gur maoine de chuid na heagraíochta iad na doiciméid ábhartha. Ba cheart do na daoine tuairiscithe a bheith díolmhaithe ó dhliteanas i gcás ina mbeadh, mar thoradh ar an bhfaisnéis ábhartha nó na doiciméid ábhartha a fháil nó mar thoradh ar rochtain ar an bhfaisnéis nó ar na doiciméid sin, go mbeadh dliteanas sibhialta nó riaracháin nó dliteanas a bhaineann le saothar i gceist. Chuimseofaí, mar shampla, cásanna ina bhfuair na daoine tuairiscithe an fhaisnéis trí rochtain a fháil ar ríomhphoist comhoibrí nó ar chomhaid nach n-úsáideann siad de ghnáth laistigh de raon feidhme a gcuid oibre, trí ghrianghraif a ghlacadh d'áitreabh na heagraíochta nó trí rochtain a fháil ar shuíomh nach mbíonn rochtain acu orthu de ghnáth. I gcás ina bhfuair na daoine tuairiscithe rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha nó ar na doiciméid ábhartha trí chion coiriúil a dhéanamh, amhail foghail fhisiceach nó bradaíl, ba cheart a ndliteanas coiriúil, a bheith faoi rialú an dlí náisiúnta is infheidhme i gcónaí, gan dochar d'Airteagal 15(7). Ar an gcaoi chéanna, aon dliteanas eile a d'fhéadfadh a bheith ar na daoine tuairiscithe a eascraíonn as gníomhartha nó neamhghníomhartha nach mbaineann leis an tuairisciú nó nach bhfuil riachtanach chun sárú a nochtadh de bhun na Treorach seo, ba cheart go bhfanfadh an dliteanas sin faoi rialú dhlí infheidhme an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme. Sna cásanna sin, ba cheart gur faoi na cúirteanna náisiúnta a bheadh sé dliteanas na ndaoine tuairiscithe a mheasúnú i bhfianaise na faisnéise fíorasacha ábhartha ar fad, agus imthosca aonair an cháis á gcur san áireamh, lena n-áirítear riachtanas agus comhréireacht an ghnímh nó an neamhghnímh i ndáil leis an tuairisc nó an nochtadh.

(95)  Is dócha go gcuirfear frithbhearta i láthair mar a bheadh bonn cirt leo ar fhorais seachas an tuairisciú agus is féidir go mbeadh sé an-deacair do dhaoine tuairiscithe an nasc idir an dá cheann a chruthú, cé go bhféadfadh níos mó cumhachta agus acmhainní a bheith ag lucht an fhrithbhirt leis an ngníomhaíocht a rinneadh agus an réasúnaíocht a dhoiciméadú. Dá bhrí sin, nuair a léiríonn an duine tuairiscithe prima facie go ndearna sé nó sí tuairisc nó nochtadh poiblí de réir na Treorach seo agus go raibh dochar air, ba cheart go n-aistrítear an t-ualach cruthúnais don duine a ghlac an gníomh díobhálach, agus ba cheart dó a léiriú ansin nach raibh▐ an ghníomhaíocht a rinneadh nasctha ar bhealach ar bith an tuairisciú nó an nochtadh poiblí.

(96)  Lasmuigh de thoirmeasc follasach ar fhrithbheart dá bhforáiltear sa dlí, tá sé ríthábhachtach go mbeidh rochtain ag daoine atá thíos le frithbheart ar leigheasanna dlí agus ar chúiteamh. Cinnfear an leigheas iomchuí i ngach cás de réir an chineáil frithbhirt a fulaingíodh, agus ba cheart aon damáiste a rinneadh a chúiteamh go hiomlán i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Féadfaidh sé a bheith i ngníomhaíochtaí le haghaidh aischur i bpost (mar shampla, i gcás dífhostaithe, aistrithe nó ísliú céime, nó coimeád siar oiliúna nó ardú céime) nó le haghaidh cead, ceadúnas nó conradh a cealaíodh a athbhunú; cúiteamh i leith caillteanas iarbhír agus airgeadais sa todhchaí (maidir le pá a cailleadh roimhe seo, ach freisin le haghaidh caillteanas ioncaim amach anseo, costais a bhaineann le hathrú slí bheatha); cúiteamh i leith damáistí eacnamaíocha eile amhail costais dhlíthiúla agus costais chóireála leighis, agus maidir le damáiste doláimhsithe (pian agus fulaingt).

(97)  D'fhéadfadh na cineálacha caingne dlí a bheith éagsúil idir córais dhlíthiúla ach ba cheart go n-áiritheofaí leo fíorchúiteamh éifeachtach nó fíor-leorghníomh éifeachtach ar bhealach atá athchomhairleach agus comhréireach leis an dochar a fulaingíodh. Is ábhartha sa chomhthéacs seo prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe Prionsabal 7 ina ndeirtear: "sula ndéanfaí aon dífhostú, tá ceart ag oibrithe go gcuirtear na cúiseanna in iúl dóibh agus go dtugtar tréimhse réasúnach fógra dóibh. Tá an ceart acu rochtain a fháil ar réiteach díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus, i gcás dífhostú gan bonn cirt, tá an ceart chun sásaimh acu, lena n-áirítear cúiteamh leordhóthanach. Níor cheart do leigheasanna a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta sceithirí féideartha amach anseo a dhíspreagadh. Mar shampla, trí cheadú do chúiteamh mar rogha ar aischur i bpost i gcás dífhostaithe d'fhéadfaí sin a bheith ina chúis le cleachtas córasach in eagraíochtaí níos mó, rud a d'fhéadfadh tionchar athchomhairleach a bheith aige ar sceithirí sa todhchaí.

(98)  Tá sé ríthábhachtach do dhaoine tuairiscithe go bhfuil leigheasanna eatramhach ann le linn a bheith ag feitheamh ar réiteach ó imeachtaí dlíthiúla a d'fhéadfadh a bheith an-fhada. Go háirithe, ba cheart gníomhartha maidir le faoisimh eatramhach, dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta, a bheith ar fáil do dhaoine tuairiscithe freisin chun bagairtí, iarrachtaí ar fhrithbheart nó bearta leanúnacha frithbhirt, amhail ciapadh▐ , nó chun cosc a chur ar chineálacha frithbhirt, amhail dífhostú, a d'fhéadfadh a bheith deacair a fhreaschur tar éis tréimhsí fada ama agus a d'fhéadfadh an duine aonair a scrios ar bhonn airgeadais — is rud é sin a fhéadann sceithirí féideartha a díspreagadh go mór.

(99)  Féadfaidh beart a dhéantar i gcoinne daoine tuairiscithe lasmuigh de chomhthéacs na hoibre, trí imeachtaí, mar shampla, a bhaineann le clúmhilleadh, sárú ar chóipcheart, rúin trádála, rúndacht agus cosaint sonraí pearsanta, a bheith ina iombhagairt thromchúiseach ar sceithireacht. Sna himeachtaí sin, ba cheart daoine tuairiscithe a bheith in ann brath ar thuairisc nó nochtadh a bheith déanta de réir na Treorach seo mar chosaint, ar choinníoll go raibh gá leis an bhfaisnéis a tuairiscíodh nó a nochtadh chun an sárú a nochtadh. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don duine a thionscnaíonn na himeachtaí an t-ualach a iompar chun a chruthú nach gcomhlíonann an duine tuairiscithe coinníollacha na Treorach.

(100)  Le Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos rialacha chun leibhéal leordhóthanach comhsheasmhach sásaimh shibhialta a áirithiú i gcás ina ndéantar rún trádála a fháil, a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach. Foráiltear léi freisin, áfach, go measfar é a bheith dleathach rún trádála a fháil, a úsáid nó a nochtadh a mhéid a cheadaítear dó sin le dlí an Aontais. Daoine a nochtann rúin trádála a fhaightear i gcomhthéacs oibre, níor cheart dóibh tairbhe a bhaint as an gcosaint a dheonaítear leis an Treoir seo (lena n-áirítear maidir le gan dliteanas sibhialta a thabhú) ar choinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha na Treorach seo, lena n-áirítear go raibh gá leis an nochtadh chun sárú a thagann faoi raon feidhme substainteach na Treorach seo a nochtadh. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin, meastar go bhfuil nochtadh na rún trádála "ceadaithe" faoi dhlí an Aontais, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2016/943. Thairis sin, ba cheart a mheas go bhfuil an dá Threoir comhlántach agus ba cheart go leanfadh na bearta, nósanna imeachta agus leigheasanna um shásamh sibhialta mar aon le díolúintí dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/943 de bheith infheidhme maidir le gach nochtadh rún trádála a thagann lasmuigh de raon feidhme na Treorach reatha. Údaráis inniúla a fhaigheann tuairiscí lena n-áirítear rúin trádála, ba cheart dóibh a áirithiú nach ndéantar iad sin a úsáid ná a nochtadh chun críocha eile thar an méid is gá chun beart leantach cuí a dhéanamh ar na tuairiscí.

(101)  Is féidir gur costas suntasach iad na táillí dlíthiúla ábhar do dhaoine tuairiscithe a chuireann in aghaidh frithbheart a dhéantar ina gcoinne in imeachtaí dlíthiúla. Cé go bhféadfadh siad na táillí seo a ghnóthú ag deireadh na n-imeachtaí, d'fhéadfadh sé nach mbeidís in ann iad a chumhdach chun tosaigh, go háirithe má tá siad dífhostaithe agus dúliostaithe. D'fhéadfadh sé go mbeadh ríthábhacht le cúnamh le haghaidh imeachtaí dlí coiriúla, go háirithe i gcás ina gcomhlíonann na daoine tuairiscithe coinníollacha Threoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30) agus ar bhonn níos ginearálta dóibh siúd atá i ngéarchéim airgeadais, i gcásanna áirithe, d'fhonn a gcearta chun cosanta a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

(102)  Ba cheart cearta an duine lena mbaineann a chosaint d'fhonn damáistí do chlú nó iarmhairtí diúltacha eile a sheachaint. Ina theannta sin, ba cheart cearta cosanta agus rochtain ar leigheasanna an duine lena mbaineann a urramú go hiomlán ag gach céim den nós imeachta i ndiaidh na tuairisce, i gcomhréir le hAirteagail 47 agus 48 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do na Ballstáit rúndacht chéannacht an duine lena mbaineann a chosaint agus na cearta cosanta a áirithiú▐, lena n-áirítear an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad, an ceart chun éisteacht a fháil agus an ceart chun leigheas éifeachtach a lorg i gcoinne cinnidh maidir leis an duine lena mbaineann faoi na nósanna imeachta is infheidhme a leagtar amach sa dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe nó imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin.

(103)  Ba cheart d'aon duine a ndearnadh dochar dó nó di, cibé acu go díreach nó go hindíreach, mar thoradh ar thuairisciú nó nochtadh poiblí faisnéise míchruinne nó míthreoraí, an chosaint agus na leigheasanna atá ar fáil dó nó di faoi na rialacha dlí ginearálta a choinneáil. I gcás go ndearnadh an tuairisc nó an nochtadh poiblí faisnéise míchruinne nó míthreoraí den sórt sin d'aon ghnó agus go feasach, ba cheart go mbeadh na daoine lena mbaineann i dteideal cúitimh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(104)  Tá pionóis choiriúla, shibhialta nó riaracháin riachtanach chun éifeachtacht na rialacha maidir le cosaint do sceithirí a áirithiú. Féadfaidh pionóis i gcoinne iad siúd a dhéanann frithbheart nó bearta díobhálacha eile i gcoinne daoine tuairiscithe bearta eile den chineál sin a dhíspreagadh. Is gá pionóis i gcoinne daoine a dhéanann tuairisc nó nochtadh poiblí faisnéise a léirítear a bheith bréagach go feasach freisin d'fhonn tuilleadh tuairiscithe mailísí a dhíspreagadh agus d'fhonn creidiúnacht an chórais a chaomhnú. Ba cheart comhréireacht na bpionós sin a áirithiú nach mbíonn éifeacht athchomhairleach acu ar sceithirí féideartha.

(105)  Aon chinneadh a dhéanann údaráis agus a dhéanann dochar do na cearta a dheonaítear leis an Treoir seo, go háirithe cinntí a ghlacfar de bhun Airteagal 6, beidh siad faoi réir athbhreithniú breithiúnach i gcomhréir le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(106)  Tugann an Treoir seo isteach íoschaighdeáin agus ba cheart é a bheith de chumhacht ag na Ballstáit forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a chothabháil don duine tuairiscithe, ar choinníoll nach gcuirfidh na forálacha sin isteach ar na bearta chun daoine lena mbaineann a chosaint. Ní bheidh trasuí na Treorach seo ina chúis, in imthosca ar bith, le laghdú ar an leibhéal cosanta a thugtar do dhaoine tuairiscithe cheana faoin dlí náisiúnta sna réimsí a bhfuil feidhm aici maidir leo.

(107)  I gcomhréir le hAirteagal 26(2) CFAE, ní mór don mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chuimsiú ina n-áiritheofar gluaiseacht shaor agus shábháilte earraí agus seirbhísí. Ba cheart don mhargadh inmheánach luach breise a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais i bhfoirm caighdeán agus sábháilteacht níos fearr earraí agus seirbhísí, lena n-áiritheofar ardchaighdeáin sláinte poiblí agus cosaint an chomhshaoil chomh maith le saorghluaiseacht sonraí pearsanta. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí iomchuí chun na bearta is gá d'fhonn an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú. I dteannta Airteagal 114 CFAE, ba cheart bunúis dlí bhreise a bheith ag an Treoir seo chun na réimsí a chumhdach atá ag brath ar Airteagail 16, ▌43(2), 50, 53(1), ▌91, 100, ▌168(4), 169, 192(1) agus 325(4) CFAE agus Airteagal 31 den Chonradh ag bunú Euratom chun bearta an Aontais a ghlacadh▐ .

(108)  Tá raon feidhme ábhartha na Treorach seo bunaithe ar na réimsí a shainaithint ina bhfuil údar maith agus gá le cosaint do sceithirí a thabhairt isteach ar bhonn na fianaise atá ar fáil faoi láthair. Féadfar raon feidhme ábhartha den sórt sin a leathnú chuig réimsí nó gníomhartha breise an Aontais, más gá sin mar bhealach chun a bhforfheidhmiú a neartú bunaithe ar fhianaise a d'fhéadfadh teacht chun cinn sa todhchaí, nó ar bhonn na meastóireachta ar an gcaoi inar oibrigh an Treoir seo.

(109)  Aon uair a ghlactar reachtaíocht ina dhiaidh sin atá ábhartha don Treoir seo, ba cheart a shonrú, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh feidhm ag an Treoir seo. I gcás inar gá, ba cheart Airteagal 1 agus an Iarscríbhinn a leasú.

(110)  Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, forfheidhmiú a neartú i réimsí beartais agus gníomhartha áirithe i gcás ina bhféadfadh sáruithe ar dhlí an Aontais díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leas an phobail trí chosaint éifeachtach do sceithirí, a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar ná ar bhealach neamhchomhordaithe, ach is fearr is féidir é a bhaint amach trí ghníomhaíocht de chuid an Aontais lena bhforáiltear d'íoschaighdeáin comhchuibhithe maidir le cosaint do sceithirí. Thairis sin, is é gníomhaíocht an Aontais amháin is féidir comhleanúnachas a sholáthar agus rialacha reatha an Aontais maidir le cosaint do sceithirí a ailíniú. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(111)  Urramaítear leis an Treoir seo na cearta bunúsacha agus ▌na prionsabail bhunúsacha arna n‑aithint i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 11 di. Dá réir sin, ba cheart an Treoir seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin, trína áirithiú go n-urramófar go hiomlán, inter alia, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoirse faisnéise, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, an ceart chun ardleibhéil cosanta ar shláinte an duine, an ceart chun ardleibhéil cosanta don chomhshaol, an ceart chun dea-riaracháin, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus cearta cosanta.

(112)  Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ▌.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME, COINNÍOLLACHA NA COSANTA AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Cuspóir

Is é cuspóir na Treorach seo forfheidhmiú dhlí agus bheartais an Aontais a fheabhsú i réimsí sonracha trí íoschaighdeáin choiteanna a leagan síos lena bhforáiltear leibhéal ard cosanta do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe.

Airteagal 2

Raon feidhme ábhartha

1.  ▌Leis an Treoir seo leagtar síos íoschaighdeáin choiteanna maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn na sáruithe a leanas ar dhlí an Aontais:

(a)  sáruithe a thagann faoi raon feidhme ghníomhartha an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn (Cuid I agus Cuid II) a ghabhann leis an Treoir seo maidir leis na réimsí seo a leanas:

(i)  soláthar poiblí;

(ii)  seirbhísí, táirgí agus margaí airgeadais agus cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta;

(iii)  sábháilteacht táirgí;

(iv)  sábháilteacht iompair;

(v)  cosaint an chomhshaoil;

(vi)  cosaint ar radaíocht agus sábháilteacht núicléach;

(vii)  sábháilteacht bia agus beatha, sláinte agus leas ainmhithe;

(viii)  sláinte an phobail;

(ix)  cosaint tomhaltóirí;

(x)  cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta, agus slándáil gréasán agus córas faisnéise.

(b)  sáruithe a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 325 CFAE agus mar a shonraítear tuilleadh i mbearta ábhartha an Aontais;

(c)  sáruithe a bhaineann leis an margadh inmheánach, dá dtagraítear in Airteagal 26(2) CFAE, lena n-áirítear sáruithe ar rialacha maidir le hiomaíocht agus státchabhair, agus i ndáil le gníomhartha a sháraíonn rialacha cánach corparáidí nó socruithe arb é is cuspóir dóibh buntáiste cánach a fháil a bhriseann cuspóir nó críoch dhlí na cánach corparáidí is infheidhme.

2.  Tá an Treoir seo gan dochar don fhéidearthacht do na Ballstáit síneadh a chur leis an gcosaint faoin dlí náisiúnta i ndáil le limistéir nó le gníomhartha nach gcumhdaítear le mír 1.

Airteagal 3

Gaol le gníomhartha eile de chuid an Aontais agus le forálacha náisiúnta

1.  Beidh feidhm ag na rialacha sin i gcás ina bhforáiltear maidir le rialacha sonracha i ndáil le tuairisciú sáruithe i ngníomhartha earnáil-sonracha de chuid an Aontais a liostaítear i gCuid II den Iarscríbhinn. Beidh forálacha na Treorach seo infheidhme ▌a mhéid nach ndéantar ábhar a rialú go héigeantach sna gníomhartha earnáil-sonracha sin de chuid an Aontais.

2.  Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do fhreagracht na mBallstát slándáil náisiúnta a áirithiú agus dá gcumhacht a leasanna slándála bunriachtanacha a chosaint. Go háirithe, ní bheidh feidhm aige maidir le tuairiscí ar sháruithe ar na rialacha soláthair lena mbaineann gnéithe cosanta nó slándála mura bhfuil siad clúdaithe ag ionstraimí ábhartha an Aontais.

3.  Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)  faisnéis rúnaicmithe a chosaint;

(b)  pribhléid ghairmiúil dlíodóra agus dochtúra a chosaint;

(c)  rúndacht an phlé bhreithiúnaigh; agus

(d)  rialacha maidir le nós imeachta coiriúil.

4.  Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do na rialacha náisiúnta maidir le feidhmiú cheart na n-oibrithe dul i gcomhairle lena n-ionadaithe nó lena gceardchumann agus maidir leis an gcosaint ar aon bheart díobhálach gan údar mar thoradh ar an gcomhairliúchán sin, agus ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus a gceart chun comhaontuithe comhchoiteanna a dhéanamh. Tá an méid sin gan dochar don leibhéal cosanta a dheonaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 4

Raon feidhme pearsanta

1.  Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le daoine tuairiscithe atá ag obair san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí a fuair faisnéis faoi sháruithe i gcomhthéacs oibre, lena n-áirítear, ar a laghad, an méid a leanas:

(a)  daoine a bhfuil stádas an oibrí acu, de réir bhrí Airteagal 45(1) CFAE, lena n‑áirítear státseirbhísigh;

(b)  daoine a bhfuil stádas féinfhostaithe acu, de réir bhrí Airteagal 49 CFAE;

(c)  scairshealbhóirí agus daoine a bhaineann le comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta gnóthais, lena n-áirítear comhaltaí neamhfheidhmiúcháin, chomh maith le saorálaithe agus oiliúnaithe le pá nó gan phá;

(d)  aon duine atá ag obair faoi mhaoirseacht agus faoi stiúir conraitheoirí, fochonraitheoirí agus soláthróirí.

2.  Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le daoine tuairiscithe chomh maith i gcás ina dtugann siad tuairisc nó i gcás ina nochtann siad faisnéis a fuarthas i gcaidreamh obair-bhunaithe atá tagtha chun deiridh ó shin.

3.  Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le daoine tuairiscithe a bhfuil a gcaidreamh oibre le tosú fós i gcásanna ina bhfuarthas faisnéis maidir le sárú le linn an phróisis earcaíochta nó in idirbheartaíocht réamhchonartha eile.

4.  Beidh feidhm freisin, i gcás inarb ábhartha, ag na bearta a leagtar amach i gCaibidil IV maidir le daoine tuairiscithe a chosaint, maidir lena leanas:

(a)  éascaitheoirí,

(b)  tríú daoine a bhfuil nasc acu leis na daoine tuairiscithe agus a d’fhéadfadh frithbheart a fhulaingt i gcomhthéacs oibre, amhail comhghleacaithe nó gaolta an duine tuairiscithe, agus

(c)  eintitis dhlíthiúla ar leis na daoine tuairiscithe iad, a n-oibríonn na daoine tuairiscithe dóibh, nó a bhfuil nasc acu leo ar shlí eile i gcomhthéacs oibre.

Airteagal 5

Coinníollacha maidir le daoine tuairiscithe a chosaint

1.  Maidir le daoine a thuairiscíonn faisnéis faoi sháruithe a thagann faoi chuimsiú na réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo, cáileoidh siad le haghaidh cosanta ar an gcoinníoll:

(a)  go raibh forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go raibh an fhaisnéis a tuairiscíodh fíor tráth a tuairiscithe agus gur tháinig an fhaisnéis laistigh de raon feidhme na Treorach seo;

(b)  Gur thuairiscigh siad faisnéis go hinmheánach i gcomhréir le hAirteagal 7 agus go seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 10, nó go seachtrach agus go díreach nó go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 15 den Treoir seo.

2.  Gan dochar do na hoibleagáidí atá ann cheana foráil a dhéanamh do thuairisciú anaithnid de bhua dhlí an Aontais, ní dhéanann an Treoir seo difear do chumhacht na mBallstát cinneadh a dhéanamh an nglacfaidh eintitis phríobháideacha nó phoiblí agus údaráis inniúla tuairiscithe anaithnide ar sháruithe agus beart leantach a dhéanamh ina leith.

3.  Daoine a thuairiscigh nó a nocht faisnéis go hanaithnid ach a aithníodh ina dhiaidh sin, beidh siad cáilithe haghaidh cosanta ina ainneoin sin i gcás ina mbeidh siad thíos le frithbheart, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos i mír 1.

4.  Beidh duine a thuairiscíonn d'institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais maidir le sáruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo incháilithe le haghaidh cosanta mar a leagtar amach sa Treoir seo faoi na coinníollacha céanna le duine a thuairiscigh go seachtrach.

Airteagal 6

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(1)  ciallaíonn 'sáruithe' gníomharthaneamhghníomhartha:

(i)  atáneamhdhleathach agus a bhaineann le gníomhartha an Aontais agus le réimsí a thagann faoin raon feidhme dá dtagraítear in Airteagal 2 agus san Iarscríbhinn;

(ii)  a chuireann ar neamhní críoch ▌na rialacha sna gníomhartha agus limistéir seo de chuid an Aontais;

(2)  ciallaíonn 'faisnéis faoi sháruithe' faisnéis nó amhras réasúnach faoi sháruithe iarbhír nó féideartha, agus faoi iarrachtaí sáruithe a cheilt a tharla nó ar ródhócha a tharlóidh san eagraíocht ina bhfuil nó ina raibh an duine tuairiscithe ag obair nó in eagraíocht eile lena bhfuil nó lena raibh sé i dteagmháil trína chuid oibre;

(3)  ciallaíonn ‘tuairisciú’ faisnéis faoi sháruithe a sholáthar;

(4)  ciallaíonn 'tuairisciú inmheánach' faisnéis faoi sháruithe a sholáthar laistigh d'eintiteas dlíthiúil poiblí nó príobháideach;

(5)  ciallaíonn 'tuairisciú seachtrach' faisnéis faoi sháruithe a sholáthar do na húdaráis inniúla;

(6)  ciallaíonn ‘nochtadh poiblí ’ faisnéis faoi sháruithe a chur ▌ ar fáil don fhearann poiblí;

(7)  ciallaíonn 'duine tuairiscithe' duine nádúrtha ▌ a thuairiscíonn nó a nochtann faisnéis faoi sháruithe arna fáil i gcomhthéacs a chuid gníomhaíochtaí oibre;

(8)  ciallaíonn ‘éascaitheoir’ duine nádúrtha, a thugann cúnamh don duine tuairiscithe sa phróiseas tuairiscithe i gcomhthéacs oibre, agus ar cheart cúnamh uaidh a bheith faoi rún;

(9)  ciallaíonn 'comhthéacs oibre' gníomhaíochtaí oibre reatha nó san am atá caite san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach, beag beann ar chineál na ngníomhaíochtaí, trína bhféadfadh daoine faisnéis a fháil faoi sháruithe agus ina bhféadfadh na daoine sin a bheith thíos le frithbheart má thuairiscíonn siad na sáruithe.

(10)  ciallaíonn 'duine lena mbaineann' duine nádúrtha nó dlítheanach a ndéantar tagairt dó sa tuairisc nó sa nochtadh mar dhuine a bhfuil an sárú curtha ina leith nó mar dhuine a bhfuil baint aige leis an sárú;

(11)  ciallaíonn 'frithbheart' aon ghníomh nó neamhghníomh, díreach nó indíreach, a tharlaíonn i gcomhthéacs oibre arna spreagadh ag an tuairisciú inmheánach nó seachtrach, nó trí nochtadh poiblí, agus a tharlaíonn i gcomhthéacs oibre agus a dhéanann díobháil éagórach nó a d’fhéadfadh díobháil éagórach a dhéanamh don duine tuairiscithe;

(12)  ciallaíonn 'beart leantach' aon bheart a dhéanann faighteoir na tuairisce▌nó aon údarás inniúil go hinmheánach nó go seachtrach, chun cruinneas na líomhaintí a dhéantar sa tuairisc a mheas agus, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an sárú a thuairiscítear, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí ar nós fiosrúchán inmheánach, imscrúdú, ionchúiseamh, beart le haghaidh cistí a aisghabháil agus dúnadh;

(13)  ciallaíonn ‘aiseolas’ faisnéis a sholáthar do na daoine tuairiscithe faoin ngníomhaíocht atá beartaithe nó atá déanta mar bheart leantach ar a tuairisc agus ar na forais atá leis an mbeart leantach sin.

(14)  ciallaíonn ‘údarás inniúil' aon údarás náisiúnta atá i dteideal tuairiscí a fháil i gcomhréir le Caibidil III agus aiseolas a thabhairt do na daoine tuairiscithe agus/nó na daoine a ainmnítear chun na dualgais dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le bearta leantacha ar na tuairiscí.

CAIBIDIL II

TUAIRISCIÚ INMHEÁNACH AGUS BEARTA LEANTACHA A DHÉANAMH I LEITH TUAIRISCÍ

Airteagal 7

Tuairisciú trí bhealaí inmheánacha

1.  Mar phrionsabal ginearálta agus gan dochar d'Airteagail 10 agus 15, féadfar faisnéis faoi sháruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a thuairisciú trí na bealaí agus na nósanna imeachta inmheánacha dá bhforáiltear sa Chaibidil seo.

2.  Spreagfaidh na Ballstáit úsáid bealaí inmheánacha sula ndéantar tuairisciú seachtrach, i gcás ina bhféadfar bealaí aghaidh a thabhairt ar an sárú go hinmheánach agus ina measann an duine tuairiscithe nach bhfuil aon riosca ann go ndéanfar frithbheart.

3.  Déanfar faisnéis iomchuí a bhaineann le húsáid bealaí inmheánacha den chineál sin a sholáthar i gcomhthéacs na faisnéise arna tabhairt ag eintitis dhlíthiúla san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach de bhun Airteagal 9(1)(g) agus ag údaráis inniúla de bhun Airteagal 12(4)(a) agus Airteagal 13.

Airteagal 8

Oibleagáid chun cainéil inmheánacha a bhunú

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí bealaí agus nósanna imeachta inmheánacha maidir le tuairisciú agus bearta leantacha a dhéanamh i leith na dtuairiscí, tar éis dul i gcomhairle agus I gcomhaontú leis na comhpháirtithe sóisialta, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta.

2.  Tabharfaidh na bealaí agus na nósanna imeachta sin deis dífhostaithe an eintitis tuairisciú a dhéanamh. Féadfaidh siad an deis tuairisciú a dhéanamh a thabhairt freisin do dhaoine eile a bhíonn i dteagmháil leis an eintiteas i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí oibre, dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b), (c) agus (d)▌.

3.  Is iad na heintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach ina bhfuil 50 fostaí nó níos mó acu dá dtagraítear i mír 1.

4.  Ní bheidh feidhm ag an tairseach faoi mhír 3 maidir le heintitis a thagann faoi raon feidhme gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear i gCuid I.B agus i gCuid II den Iarscríbhinn.

5.  Féadfaidh duine nó roinn a ainmneofar chun na críche sin bealaí tuairiscithe a oibriú go hinmheánach nó féadfaidh tríú páirtí iad a sholáthar go seachtrach. Na tríú páirtithe iontaoibhe a oibríonn an cainéal tuairiscithe d'eintiteas príobháideach, ní mór dóibh na coimircí agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a urramú go cothrom.

6.  Féadfaidh eintitis dhlíthiúla san earnáil phríobháideach ina bhfuil idir 50 agus 249 bhfostaí acmhainní a roinnt i ndáil le tuairiscí a fháil agus, b'fhéidir, a fhiosrú freisin. Tá an méid sin gan dochar dá n-oibleagáidí maidir le rúndacht a choinneáil agus aiseolas a thabhairt, agus aghaidh a thabhairt ar an sárú a tuairiscíodh.

7.  Tar éis measúnú riosca iomchuí a dhéanamh agus cineál gníomhaíochtaí na n-eintiteas agus an leibhéal riosca ina dhiaidh sin, go háirithe don chomhshaol agus don tsláinte phoiblí, á gcur san áireamh, féadfaidh na Ballstáit a chur de cheangal ar eintitis dhlíthiúla phríobháideacha, ▌ina bhfuil níos lú na 50 fostaíbealaí agus nósanna imeachta tuairiscithe inmheánacha a bhunú.

8.  Cuirfear in iúl don Choimisiún aon chinneadh arna ghlacadh ag Ballstát ceangal a chur ar na heintitis dhlíthiúla phríobháideacha bealaí tuairiscithe inmheánacha a bhunú de bhun mhír 7, maille leis an údar agus na critéir a úsáideadh sa mheasúnú riosca. Cuirfidh an Coimisiún an cinneadh sin in iúl do na Ballstáit eile.

9.  Is iad na heintitis dhlíthiúla san earnáil phoiblí dá dtagraítear i mír 1 na heintitis dhlíthiúla phoiblí uile, lena n-áirítear aon eintiteas atá faoi úinéireacht nó faoi rialú eintitis dhlíthiúil phoiblí .

Féadfaidh Ballstáit bardais a bhfuil níos lú ná 10 000 áitritheoir iontu, nó níos lú ná 50 fostaí, nó eintitis eile a bhfuil níos lú ná 50 fostaí acu, a dhíolmhú ón oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 .

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcomhroinnfear bealaí tuairiscithe inmheánacha idir bardais, nó go mbeidh siad á n-oibriú ag údaráis bhardasacha chomhpháirteacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar choinníoll go mbeidh na cainéil inmheánacha éagsúil agus neamhspleách ó na bealaí seachtracha.

Airteagal 9

Nósanna imeachta maidir le tuairisciú inmheánach agus bearta leantacha a dhéanamh i leith na dtuairiscí

1.  Ar na nósanna imeachta maidir le tuairisciú agus bearta leantacha a dhéanamh i leith na dtuairiscí dá dtagraítear in Airteagal 8, áireofar an méid a leanas:

(a)  bealaí chun na tuairiscí a fháil, agus iad ceaptha, leagtha amach agus á n-oibriú ar bhealach slán a áirithíonn rúndacht chéannacht an duine tuairiscithe agus aon tríú páirtí a luaitear sa tuairisc, agus a choisceann rochtain ar an bhfaisnéis ag comhaltaí foirne neamhúdaraithe;

(b)  admháil don duine tuairiscithe go bhfuarthas an tuairisc, laistigh de thréimhse nach faide ná seacht lá ón lá a bhfuarthas í;

(c)  ainmniú duine nó roinne neamhchlaonta atá inniúil maidir le bearta leantacha a dhéanamh i leith na dtuairiscí, , agus ar féidir gurb é an duine nó an roinn chéanna a bheadh ann leis an duine nó an roinn a gheobhaidh na tuairiscí agus a dhéanfaidh teagmháil leis an duine tuairiscithe a chothabháil agus, i gcás inar gá, a iarrfaidh tuilleadh faisnéise ón duine tuairiscithe agus a thabharfaidh tuilleadh aiseolais don duine sin;

(d)  go ndéantar bearta cuí leantacha i leith na tuairisce ag an duine nó an roinn ainmnithe;

(e)  dianbheart leantach i gcás ina bhforáiltear dó sa dlí náisiúnta maidir le tuairisciú anaithnid;

(f)  creat ama réasúnta▌ chun aiseolas a chur ar fáil don duine tuairiscithe maidir leis an mbearta leantach i leith na tuairisce, nach faide ná trí mhí ón admháil fála nó mura seoladh admháil, ó dhul in éag na tréimhse de sheacht lá tar éis an tuairisc a bheith déanta;

(g)  faisnéis atá soiléir agus inrochtana go héasca maidir leis ▌ na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le tuairisciú go seachtrach d'údaráis inniúla de bhun Airteagal 10 agus, i gcás inarb ábhartha, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais.

2.  Na bealaí dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1, fágfaidh siad go bhféadfar tuairisciú i scríbhinn agus/nó ó bhéal, trí línte teileafóin nó córais eile teachtaireachta gutha eile, agus arna iarraidh don duine tuairiscithe, trí bhíthin cruinniú aghaidh ar aghaidh laistigh de chreat ama réasúnta.

CAIBIDIL III

TUAIRISCIÚ SEACHTRACH AGUS BEARTA LEANTACHA A DHÉANAMH I LEITH TUAIRISCÍ

Airteagal 10

Tuairisciú trí bhealaí seachtracha

Gan dochar d'Airteagal 15, soláthróidh daoine tuairiscithe faisnéis faoi sháruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo trí úsáid á baint as na bealaí agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12, tar éis an bealach inmheánach a úsáid nó trí thuairisciú díreach chuig na húdaráis inniúla.

Airteagal 11

Oibleagáid chun bealaí tuairiscithe seachtracha a bhunú agus chun bearta leantacha a dhéanamh i leith tuairiscí

1.  Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis atá inniúil chun tuairiscí a fháil, aiseolas a thabhairt nó bearta leantach a dhéanamh ar na tuairiscí agus cuirfidh siad acmhainní leordhóthanacha ar fáil dóibh.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla an méid a leanas:

(a)  bealaí tuairiscithe seachtracha atá neamhspleách agus uathrialach a bhunú, ▌chun faisnéis arna soláthar ag an duine tuairiscithe a fháil agus a láimhseáil;

(b)  admháil a thabhairt go pras, laistigh de sheacht lá ó na tuairiscí a fháil, mura rud é gur iarr an duine tuairiscithe a mhalairt go sainráite nó go gcreideann an t‑údarás inniúil go réasúnach go gcuirfí cosaint chéannacht an duine tuairiscithe i mbaol de bharr an tuairisc a admháil;

(c)  dianbheart leantach a dhéanamh maidir leis na tuairiscí;

(d)  aiseolas a thabhairt don duine tuairiscithe faoi na bearta leantacha i leith na tuairisce laistigh de thréimhse ama réasúnta nach faide ná trí mhí, nó sé mhí i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Déanfaidh na húdaráis inniúla toradh críochnaitheach na n‑imscrúduithe a chur in iúl don duine tuairiscithe, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta;

(e)  an fhaisnéis atá sa tuairisc a tharchur in am trátha chuig comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí inniúla de chuid an Aontais, de réir mar is iomchuí, le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais.

3.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaidh na húdaráis inniúla, tar éis an t‑ábhar a athbhreithniú go cuí, cinneadh a dhéanamh gur mionsárú é an sárú a tuairiscíodh agus nach bhfuil bearta leantacha ag teastáil de bhun na Treorach seo. Ní dhéanfaidh sin difear d'oibleagáidí eile nó nósanna imeachta is infheidhme eile chun aghaidh a thabhairt ar an sárú a tuairiscíodh nó don chosaint a dheonaítear leis an Treoir seo maidir le tuairisciú trí na bealaí inmheánacha agus/nó seachtracha. I gcás mar sin cuirfidh na húdaráis inniúla a gcinneadh agus na forais leis in iúl don duine tuairiscithe.

4.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaidh údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh nach dteastaíonn bearta leantacha mar thoradh ar thuairiscí atriallacha nach bhfuil aon fhaisnéis fhónta nua iontu i gcomparáid le tuairisc roimhe sin a dúnadh cheana, mura rud é go bhfuil bonn cirt le bearta leantacha eile mar thoradh ar imthosca nua dlíthiúla nó fíorasacha. Sa chás sin, cuirfidh siad an duine tuairiscithe ar an eolas faoi na forais lena gcinneadh.

5.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh, i gcás insreabhadh ard tuairiscí, go bhféadfaidh údaráis inniúla déileáil le tuairiscí faoi sháruithe tromchúiseacha nó le sáruithe ar fhorálacha éigeantacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo mar ábhar tosaíochta, gan dochar don amlíne a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh aon údarás a fuair tuairisc ach nach bhfuil an inniúlacht aige aghaidh a thabhairt ar an sárú a tuairiscíodh, go ndéanfaidh sé í a tharchur chuig an údarás inniúil, laistigh de thréimhse réasúnta ama, ar bhealach slán, agus an duine tuairiscithe a chur ar an eolas, gan mhoill, i leith an tarchurtha sin.

Airteagal 12

Ceapadh bealaí tuairiscithe seachtracha

1.  Measfar bealaí tuairiscithe seachtracha a bheith neamhspleách agus uathrialach, má chomhlíonann siad na critéir go léir a leanas:

(a)  déantar iad a cheapadh, a chur ar bun agus a oibriú ar bhealach a áirithíonn iomláine, ionracas agus rúndacht na faisnéise agus a choisceann rochtain ar an bhfaisnéis ag comhaltaí foirne neamhúdaraithe an údaráis inniúil;

(b)  fágann siad gur féidir faisnéis bhuan a stóráil i gcomhréir le hAirteagal 18 sa dóigh agus go bhféadfaí tuilleadh imscrúduithe a dhéanamh.

2.  Leis na bealaí tuairiscithe seachtracha beifear in ann tuairisciú i scríbhinn agus ó bhéal, trí línte teileafóin nó córais eile teachtaireachta gutha eile, agus arna iarraidh ag an duine tuairiscithe, trí bhíthin cruinniú aghaidh ar aghaidh laistigh de thréimhse ama réasúnach.

3.  Áiritheoidh na húdaráis inniúla i gcás nuair a gheofar tuairisc trí bhealaí eile seachas na bealaí tuairiscithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 nó ina bhfaighidh comhaltaí foirne eile, seachas na comhaltaí foirne atá freagrach as tuairiscí a láimhseáil, i gcás ina bhfaighidh siad tuairisc, cuirfear cosc ar na comhaltaí foirne a fuair í aon fhaisnéis a nochtadh a d'fhéadfadh céannacht an duine tuairiscithe nó an duine lena mbaineann a thabhairt le fios agus cuiridh siad an tuairisc ar aghaidh go pras gan mhodhnú chuig na comhaltaí foirne▌ atá freagrach as tuairiscí a láimhseáil.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhaltaí foirne ag na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as tuairiscí a láimhseáil, agus go háirithe i ndáil leis an méid a leanas:

(a)  faisnéis a sholáthar d'aon duine leasmhar faoi na nósanna imeachta tuairiscithe;

(b)  tuairiscí a ghlacadh agus bearta leantacha a dhéanamh ina leith;

(c)  teagmháil leis an duine tuairiscithe a chothabháil chun críche aiseolas a chur ar fáil agus tuilleadh faisnéise a iarraidh más gá .

5.  Gheobhaidh na comhaltaí foirne sin sainoiliúint chun críocha tuairiscí a láimhseáil.

Airteagal 13

Faisnéis maidir le tuairiscí a fháil agus maidir le bearta leantacha i leith na dtuairiscí

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a leanas, ar a laghad, ar a láithreán ghréasáin, i rannán ar leithligh atá inaitheanta agus inrochtana go héasca:

(a)  na coinníollacha faoina bhfuil daoine tuairiscithe incháilithe le haghaidh cosanta faoin Treoir seo;

(b)  na sonraí teagmhála chun na bealaí tuairiscithe seachtracha a úsáid dá bhforáiltear faoi Airteagal 12 go háirithe na seoltaí leictreonacha agus poist, agus na huimhreacha teileafóin, á chur in iúl cibé acu atá na comhráite teileafóin ar taifead ;

(c)  na nósanna imeachta is infheidhme maidir le sáruithe a thuairisciú, lena n-áirítear an modh a bhféadfaidh an t-údarás inniúil iarraidh ar an duine tuairiscithe an fhaisnéis arna tuairisciú a shoiléiriú nó faisnéis bhreise a sholáthar, an tréimhse ama chun aiseolas a thabhairt don duine tuairiscithe agus cineál agus ábhar an aiseolais sin ;

(d)  an córas rúndachta is infheidhme maidir le tuairiscí, agus go háirithe an fhaisnéis maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 17 den Treoir seo agus Airteagail 5 agus 13 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 11 de Rialachán (CE) 2018/1725, de réir mar is infheidhme;

(e)  cineál na mbeart leantach atá le déanamh i leith tuairiscí;

(f)  na leigheasanna agus na nósanna imeachta atá ar fáil i gcoinne frithbhirt agus féidearthachtaí chun comhairle rúnda a fháil do dhaoine atá ag smaoineamh ar thuairisc a thabhairt;

(g)  ráiteas ina míneofar go soiléir na coinníollacha nach mbeadh aon dliteanas á thabhú ina dtaobh ag daoine a thuairiscíonn don údarás inniúil de bharr sárú ar rúndacht mara fhoráiltear in Airteagal 21(4).

(h)  faisnéis teagmhála an údaráis riaracháin neamhspleách aonair dá bhforáiltear in Airteagal 20(2), i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 14

Athbhreithniú ar na nósanna imeachta ag údaráis inniúla

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla athbhreithniú rialta ar a nósanna imeachta maidir le tuairiscí a fháil agus bearta leantacha i leith tuairiscí, agus uair amháin gach trí bliana ar a laghad. Le linn athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta sin, cuirfidh údaráis inniúla a dtaithí féin agus taithí údarás inniúil eile san áireamh agus déanfaidh siad a nósanna imeachta a oiriúnú dá réir.

CAIBIDIL IV

NOCHTADH POIBLÍ

Airteagal 15

Nochtadh poiblí

1.  Beidh duine a nochtann go poiblí faisnéis faoi sháruithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo incháilithe le haghaidh cosanta faoin Treoir seo má chomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  gur thuairiscigh sé nó sí den chéad uair go hinmheánach agus go seachtrach, nó go díreach, seachtrach i gcomhréir le Caibidlí II agus III, ach nach ndearnadh aon ghníomhaíocht iomchuí mar fhreagra ar an tuairisc laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 9(1) agus i bpointe (d) d'Airteagal 11(2); nó

(b)  go raibh forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint:

(i)  go bhféadfadh an sárú a bheith ina gharchontúirt nó ina chontúirt fhollasach do leas an phobail, amhail i gcás staid éigeandála nó riosca go ndéanfar damáiste do-aisiompaithe ; nó

(ii)  i gcás tuairisciú seachtrach, baol an fhrithbhirt ann nó gur beag seans go dtabharfar aghaidh go héifeachtach ar an sárú, de bharr imthosca sonracha an cháis, mar shampla go bhféadfaí fianaise a cheilt nó a scriosadh nó go bhfuil údarás i gclaonpháirteachas le déantóir an tsáraithe nó go bhfuil baint ag an údarás leis an sárú.

2.  Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cásanna ina nochtann duine faisnéis go díreach don phreas de bhun forálacha náisiúnta sonracha lena mbunaítear córas cosanta a bhaineann leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

CAIBIDIL V

RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE TUAIRISCIÚ INMHEÁNACH AGUS SEACHTRACH

Airteagal 16

Dualgas rúndachta

1.  Áiritheoidh na Ballstáit nach nochtfar céannacht an duine tuairiscithe gan toiliú sainráite an duine sin do dhuine ar bith seachas na comhaltaí foirne údaraithe a bheidh inniúil chun tuairiscí a fháil agus/nó chun bearta leantach a dhéanamh orthu. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le haon fhaisnéis eile ónar féidir céannacht an duine tuairiscithe a oibriú amach go díreach nó go hindíreach.

2.  De mhaolú ar mhír 1, ní fhéadfar céannacht an duine tuairiscithe agus aon fhaisnéise eile dá dtagraítear i mír 1 a nochtadh ach amháin i gcás inar oibleagáid riachtanach chomhréireach é sin a fhorchuirtear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe a dhéanfaidh údaráis náisiúnta nó imeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear d’fhonn cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a choimirciú.

3.  Beidh nochtadh den sórt sin faoi réir coimircí iomchuí faoi na rialacha is infheidhme. Go háirithe, cuirfear an duine tuairiscithe ar an eolas sula nochtfar a chéannacht nó a céannacht, ach amháin dá gcuirfeadh an fhaisnéis sin na himscrúduithe nó na himeachtaí breithiúnacha i mbaol. Nuair a bheidh an duine tuairiscithe á chur ar an eolas, seolfaidh an t-údarás inniúil bonn cirt i scríbhinn chuige nó chuici ina míneofar na cúiseanna a bhí leis na sonraí rúnda lena mbaineann a nochtadh.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla a fhaigheann tuairiscí, lena n-áirítear rúin trádála, iad a úsáid nó a nochtadh chun críocha eile thar a bhfuil riachtanach chun bearta leantacha cuí a dhéanamh ar na tuairiscí.

Airteagal 17

Sonraí pearsanta a phróiseáil

Déanfar aon phróiseáil sonraí pearsanta de bhun na Treorach seo, lena n-áirítear malartú nó tarchur sonraí pearsanta ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680. Aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, déanfar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 é.

Ní bhaileofar sonraí pearsanta ar ríshoiléir nach ábhartha iad chun cás suntasach a láimhseáil, nó, má dhéantar iad a bhailiú trí thimpiste, scriosfar gan moill mhíchuí iad.

Airteagal 18

Coimeád taifead ar na tuairiscí ▌

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneoidh údaráis inniúla agus na heintitis dhlíthiúla phríobháideacha agus phoiblí taifid de gach tuairisc a fhaightear, i gcomhréir leis na ceanglais rúndachta dá bhforáiltear in Airteagal 16 den Treoir seo. Déanfar na tuairiscí a stóráil ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá agus is comhréireach i bhfianaise an cheanglais a fhorchuirtear ar na húdaráis inniúla agus ar na heintitis dhlíthiúla phríobháideacha agus phoiblí de bhun na treorach seo .

2.  I gcás ina n-úsáidtear líne theileafóin taifeadta nó córas teachtaireachtaí gutha eile le haghaidh tuairiscithe, faoi réir thoiliú an duine tuairiscithe, beidh sé de cheart ag na húdaráis inniúla agus ag na heintitis dhlíthiúla phríobháideacha agus phoiblí an tuairisciú ó bhéal a dhoiciméadú ar cheann de na bealaí a leanas:

(a)  taifeadadh ar an gcomhrá i bhfoirm mharthanach agus in-aisghafa;

(b)  tras-scríbhinn iomlán chruinn den chomhrá arna hullmhú ag comhaltaí foirne ▌ an údaráis inniúil atá freagrach as tuairiscí a láimhseáil.

Tabharfaidh na húdaráis inniúla agus na heintitis dhlíthiúla phríobháideacha agus phoiblí an deis don duine tuairiscithe an tras-scríbhinn den ghlaoch a sheiceáil, a cheartú agus a aontú trína síniú.

3.  I gcás ina n-úsáidtear líne theileafóin neamhthaifeadta nó córas teachtaireachta gutha eile le haghaidh tuairiscithe, beidh sé de cheart ag na húdaráis inniúla agus na heintitis dhlíthiúla phríobháideacha agus phoiblí an tuairisciú ó bhéal a dhoiciméadú i bhfoirm miontuairiscí beachta arna n-ullmhú ag na comhaltaí foirne ▌ atá freagrach as an tuairisc a láimhseáil. Tabharfaidh na húdaráis inniúla agus na heintitis dhlíthiúla phríobháideacha agus phoiblí an deis don duine tuairiscithe na miontuairiscí ▌den ghlaoch a sheiceáil, a cheartú agus a chomhaontú trína síniú.

4.  I gcás ina n-iarrfaidh duine cruinniú le comhaltaí foirne ▌na húdaráis inniúla agus na heintitis dhlíthiúla phríobháideacha agus phoiblí d’fhonn tuairisciú a dhéanamh de réir Airteagail 9(2)(c) agus 12(2) ▌, áiritheoidh na húdaráis inniúla agus na heintitis dhlíthiúla phríobháideacha agus phoiblí, faoi réir thoiliú an duine tuairiscithe, go gcoimeádfar taifid iomlána agus bheachta an chruinnithe i bhfoirm mharthanach agus in-aisghafa.

Beidh sé de cheart ag údaráis inniúla agus eintitis dhlíthiúla phríobháideacha agus phoiblí taifid an chruinnithe a dhoiciméadú ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)  taifeadadh ar an gcomhrá i bhfoirm mharthanach agus in-aisghafa;

(b)  miontuairiscí beachta ar an gcruinniú arna n-ullmhú ag comhaltaí foirne ▌ atá freagrach as an tuairisc a láimhseáil.

Tabharfaidh na húdaráis inniúla agus eintitis dhlíthiúla phríobháideacha agus phoiblí an fhéidearthacht don duine tuairiscithe miontuairiscí an chruinnithe a sheiceáil, a cheartú agus a chomhaontú trína síniú.

CAIBIDIL VI

BEARTA COSANTA

Airteagal 19

Toirmeasc ar fhrithbheart ▌

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gach cineál frithbhirt a thoirmeasc, lena n-áirítear bagairtí agus iarrachtaí ar fhrithbheart, bíodh sé sin ina fhrithbheart díreach nó indíreach,▌ lena n-áirítear go háirithe na cineálacha frithbhirt a leanas:

(a)  fionraí, leagan as, dífhostú nó bearta comhionanna;

(b)  ísliú céime, nó ardú céime a choimeád siar;

(c)  dualgais a aistriú, suíomh áite oibre a athrú, laghdú ar phá, uaireanta oibre a athrú;

(d)  oiliúint a choimeád siar;

(e)  measúnú diúltach maidir le feidhmíocht nó teistiméireacht dhiúltach fostaíochta;

(f)  aon araíonacht, iomardú nó pionós eile a fhorchur nó a riar, lena n-áirítear pionós airgeadais;

(g)  comhéigean, imeaglú, ciapadh nó dúdhiúltú ▌;

(h)  idirdhealú, míbhuntáiste nó cóir éagórach;

(i)  mainneachtain conradh fostaíochta sealadach a aistriú ina cheann buan, i gcás ina raibh ionchais dhlisteanacha ag an oibrí go dtairgfí fostaíocht bhuan dó nó di;

(j)  mainneachtain an conradh fostaíochta sealadach a athnuachan nó é a fhoirceannadh go luath;

(k)  damáiste, lena n-áirítear damáiste do chlú an duine, go háirithe ar na meáin shóisialta, nó caillteanas airgeadais, lena n-áirítear caillteanas gnó agus caillteanas ioncaim;

(l)  dúliostáil ar bhonn comhaontú neamhfhoirmiúil nó foirmiúil ar fud na hearnála nó an tionscail, a fhágann nach bhfaighidh an duine fostaíocht san earnáil nó sa tionscal amach anseo;

(m)  foirceannadh luath nó cealú conartha le haghaidh earraí nó seirbhísí;

(n)  ceadúnas nó cead a chealú.

(o)  atreorú síciatrach nó leighis.

Airteagal 20

Bearta tacaíochta

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na daoine sin dá dtagraítear in Airteagal 4, de réir mar is iomchuí, ar bhearta tacaíochta, agus go háirithe an méid seo a leanas:

(i)  rochtain ar fhaisnéis agus comhairle atá cuimsitheach agus neamhspleách, inrochtana go héasca don phobal agus saor in aisce, maidir le nósanna imeachta agus leigheasanna atá ar fáil maidir le cosaint i gcoinne frithbhirt agus cearta an duine lena mbaineann.

(ii)  ▌rochtain ar chúnamh éifeachtach ó na húdaráis inniúla roimh aon údarás iomchuí a bhfuil baint acu lena gcosaint i gcoinne frithbhirt, lena n-áirítear, i gcás ina bhforáiltear maidir leis faoin dlí náisiúnta, deimhniú go bhfuil siad incháilithe le haghaidh cosanta faoin Treoir seo.

(iii)  rochtain ar chúnamh dlíthiúil in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí sibhialta trasteorann, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/1919 agus Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus rochtain ar chúnamh dlíthiúil in imeachtaí breise agus comhairleoireacht dhlíthiúil nó cúnamh dlíthiúil eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do chúnamh airgeadais agus do thacaíocht, lena n-áirítear tacaíocht shíceolaíoch, do dhaoine tuairiscithe faoi chuimsiú imeachtaí dlíthiúla.

3.  Féadfaidh lárionad faisnéise nó aon údarás riaracháin neamhspleách amháin agus é sainaitheanta go soiléir, na bearta tacaíochta dá dtagraítear san Airteagal seo, a sholáthar, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 21

Bearta maidir le cosaint ▌i gcoinne frithbhirt

1.  Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cosaint daoine tuairiscithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 i gcoinne frithbhirt a áirithiú. Áireofar ar na bearta sin, go háirithe, na cinn a leagtar amach i míreanna 2 go 8.

2.  Gan dochar d'Airteagal 3 (2) agus (3), ní mheasfar na daoine sin a thuairiscíonn nó a dhéanann nochtadh poiblí, i gcomhréir leis an Treoir seo, ní mheasfar iad a bheith ag sárú aon sriain maidir le faisnéis a nochtadh agus ní thabhóidh siad dliteanas de chineál ar bith maidir leis an tuairisciú nó an nochtadh sin a dhéanamh ar choinníoll go raibh forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go raibh gá le tuairisciú nó nochtadh den sórt seo a dhéanamh d'fhonn sárú, de bhun na Treorach, seo a nochtadh.

3.  Ní thabhóidh daoine tuairiscithe dliteanas maidir le fáil nó rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis ábhartha, ar choinníoll nár chion coiriúil ann féin a bhí san fháil nó sa rochtain sin. Sa chás deireanach sin, beidh an dliteanas ginearálta á rialú de réir an dlí náisiúnta is infheidhme.

4.  I dtaca le haon dliteanas eile a bheith ar na daoine tuairiscithe, a eascraíonn as gníomhartha nó neamhghníomhartha nach mbaineann leis an tuairisciú nó nach bhfuil gá leo d'fhonn sárú a nochtadh, de bhun na Treorach seo, beidh an dliteanas sin á rialú de réir dhlí infeidhme an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme.

5.  In imeachtaí ▌ cúirte nó aon údarás eile a bhaineann le díobháil a bhain don duine tuairiscithe, agus faoi réir don duine sin a shuíomh go ndearna sé nó sí tuairisc a thabhairt nó nochtadh poiblí a dhéanamh agus gur bhain díobháil dó nó di dá réir, toimhdeofar go ndearnadh an díobháil mar fhrithbheart as▌ an tuairisc a thabhairt nó as an nochtadh a dhéanamh. I gcásanna den sórt sin, is faoin duine a rinne an frithbheart díobhálach a bheidh sé a chruthú go raibh an beart seo ▌ bunaithe ar fhorais a raibh údar cuí leo.

6.  Beidh rochtain ag daoine tuairiscithe agus ag éascaitheoirí ar bhearta feabhais i gcoinne frithbhirt, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear faoiseamh eatramhach go dtí go ndéanfar imeachtaí dlí a réiteach, i gcomhréir leis an gcreat náisiúnta.

7.  ▌In imeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear clúmhilleadh, sárú ar chóipcheart, sárú ar rúndacht, sárú ar rialacha cosanta sonraí, rúin trádála a nochtadh, nó iarratais ar chúiteamh bunaithe ar an dlí príobháideach, an dlí poiblí, nó dlí an tsaothair chomhchoitinn, ní thabhóidh daoine tuairiscithe dliteanas de chineál ar bith maidir le tuairisc a thabhairt nó nochtadh poiblí a dhéanamh, i gcomhréir leis an Treoir seo, agus beidh sé de cheart acu dul i muinín na tuairisce nó an nochta sin chun díbhe an cháis a lorg, ar choinníoll go raibh forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go raibh gá leis an tuairisciú nó an nochtadh sin a dhéanamh d'fhonn sárú, de bhun na Treorach, seo a nochtadh. I gcás ina ndéanann duine faisnéis faoi sháruithe, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a thuairisciú nó a nochtadh go poiblí, lena n-áirítear rúin trádála agus go gcomhlíontar coinníollacha na Treorach seo, measfar tuairisciú nó nochtadh poiblí den sórt seo a bheith dleathach faoi choinníollacha Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2016/943.

8.  Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun leigheasanna agus cúiteamh iomlán as an damáiste a rinneadh do na daoine tuairiscithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 a áirithiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 22

Bearta chun daoine lena mbaineann a chosaint

1.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go mbeidh an ceart iomlán ag na daoine lena mbaineann leigheas éifeachtach a fháil agus triail chothrom a fháil chomh maith le toimhde na neamhchiontachta agus cearta cosanta, lena n-áirítear an ceart chun éisteacht a fháil agus an ceart chun rochtain a fháil ar a gcomhad ▌.

2.  Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcosnófar céannacht na ndaoine lena mbaineann ▌fad a bhíonn an t-imscrúdú ar siúl, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

3.  Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 12, 17 agus 18 maidir le cosaint chéannacht na ndaoine lena mbaineann.

Airteagal 23

Pionóis

1.  Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha is infheidhme maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a dhéanann an méid a leanas:

(a)  a chuireann bac ar thuairisciú nó a dhéanann iarracht bac a chur ar thuairisciú;

(b)  a dhéanann bearta frithbhirt i gcoinne daoine ▌ dá dtagraítear in Airteagal 4;

(c)  a thugann imeachtaí cráiteacha i gcoinne daoine ▌ dá dtagraítear in Airteagal 4;

(d)  a sháraíonn an dualgas maidir le rúndacht, dá dtagraítear in Airteagal 16, chéannacht daoine tuairiscithe.

2.  Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha is infheidhme maidir le daoine, i gcás ina suitear, go ndearna siad tuairiscí nó nochtadh poiblí d'aon ghnó agus go feasach. Ina theannta sin, déanfaidh na Ballstáit foráil do bhearta chun cúiteamh a thabhairt as damáistí a eascraíonn as gach tuairisc nó nochtadh den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 24

Neamhtharscaoileadh ceart agus leigheasanna

Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir na cearta agus na leigheasanna, dá bhforáiltear faoin Treoir seo, a tharscaoileadh ná a theorannú faoi aon chomhaontú, beartas, foirm ná coinníoll fostaíochta, lena n-áirítear comhaontú eadrána réamhaighnis.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

Cóir níos fabhraí agus clásal neamh-chúlchéimnithe

1.  Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil atá níos fabhraí do chearta na ndaoine tuairiscithe seachas iad siúd a leagtar amach sa Treoir seo, gan dochar d'Airteagal 22 agus d'Airteagal 23(2).

2.  Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo in imthosca ar bith ina fhoras chun laghdú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta a thugann na Ballstáit cheana féin sna réimsí a chumhdaítear faoin Treoir.

Airteagal 26

Trasuí agus idirthréimhse

1.  Tabharfaidh na Ballstáit pé dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin, is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, i bhfeidhm faoin ... [2 bhliain tar éis a glactha].

2.  De mhaolú ar mhír 1, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun go gcomhlíonfar an oibleagáid bealach inmheánach a chur ar bun, a leagtar amach in Airteagal 8(3) maidir le heintitis dhlítheanacha ar mó ná 50 ach ar lú ná 250 líon na bhfostaithe acu, faoi ... [dhá bhliain tar éis an trasuí].

3.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Airteagal 27

Tuairisciú, meastóireacht agus athbhreithniú

1.  Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil don Choimisiún maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na Treorach seo. Ar bhonn na faisnéise arna soláthar, ag. Déanfaidh an Coimisiún, faoi ... [2 bhliain tar éis trasuímh], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na Treorach seo.

2.  Gan dochar d'oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile an Aontais, déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, an staidreamh a leanas a thíolacadh don Choimisiún maidir leis na tuairiscí dá dtagraítear i gCaibidil III, i bhfoirm chomhiomlánaithe, más féidir, má tá siad ar fáil ar leibhéal lárnach sa Bhallstát lena mbaineann:

(a)  líon na dtuairiscí a fuair na húdaráis inniúla;

(b)  líon na n-imscrúduithe agus na n-imeachtaí a tionscnaíodh de thoradh na dtuairiscí sin agus an toradh ▌ a d'eascair astu;

(c)  má fionnadh é, an damáiste airgeadais measta▌ agus na suimeanna a aisghabhadh tar éis imscrúduithe agus imeachtaí a bhaineann leis na sáruithe a tuairiscíodh.

3.  Déanfaidh an Coimisiún, faoin … [4 bliana tar éis trasuímh], agus an tuarascáil arna tíolacadh aige de bhun mhír 1 agus staidreamh na mBallstát a tíolacadh de bhun mhír 2 á gcur san áireamh, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar thionchar an dlí náisiúnta lena ndéantar trasuí ar an Treoir seo. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar an mbealach a d'oibrigh an Treoir seo agus measfaidh sé an gá atá le bearta breise, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, leasuithe d'fhonn raon feidhme na Treorach seo a leathnú chuig réimsí nó gníomhartha breise Aontais, go háirithe an timpeallacht oibre a fheabhsú chun sláinte agus sábháilteacht agus dálaí oibre oibrithe a chosaint.

Anuas air sin, déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar an úsáid a bhain na Ballstáit as na sásraí comhair atá ann faoi láthair, mar chuid dá n-oibleagáidí obair leantach a dhéanamh ar na tuarascálacha maidir le sáruithe a chuimsítear faoi raon feidhme na Treorach seo agus ar bhonn níos leithne, déanfar meastóireacht sa tuarascáil, ar cé mar a dhéanfaidh siad comhoibriú le chéile i gcás sáruithe a mbaineann gné thrasteorann leo.

4.  Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin, mar a luaitear i mír 1 agus 3, ar fáil don phobal ar bhealach sorochtana.

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 29

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Cuid 1

A.  Airteagal 2(a)(i) – soláthar poiblí:

1.  Rialacha nós imeachta maidir le soláthar poiblí agus lamháltais a bhronnadh, conarthaí a dhámhachtain i réimsí na cosanta ▌agus na slándála, agus conarthaí a dhámhachtain i dtaca le heintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus aon chonradh nó seirbhís eile mar atá á rialú ag:

(i)  Treoir 2014/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1);

(ii)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65);

(iii)  Treoir 2014/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis atá ag feidhmiú sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243);

(iv)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

2.  Nósanna imeachta athbhreithnithe arna rialú ag:

(i)  Treoir 92/13/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 lena ndéantar comhordú ar na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le rialacha an Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta soláthair de chuid eintiteas a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide (IO L 76, 23.3.1992, lch. 14);

(ii)  Treoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le feidhmiú nósanna imeachta athbhreithnithe chun conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí a dhámhachtain (IO L 395, 30.12.1989, lch. 33).

B.  Airteagal 2(a)(ii) – seirbhísí airgeadais, táirgí agus margaí agus cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta:

Rialacha lena mbunaítear creat rialála agus maoirseachta agus cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí i seirbhísí airgeadais agus i margaí caipitil an Aontais, baincéireacht, creidmheas, infheistíocht, árachas agus athárachas, táirgí pinsin cheirde nó phearsanta, urrúis, cistí infheistíochta, ▌seirbhísí íocaíochta agus na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338), mar atá á rialú ag:

(i)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7);

(ii)  Treoir 2011/61/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1);

(iii)  Rialachán (CE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1);

(iv)  Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1);

(v)  Rialachán (AE) Uimh 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18);

(vi)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34);

(vii)  Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77);

(viii)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84);

(ix)  Treoir 2015/2366/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65 /CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35);

(x)  Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12);

(xi)  Treoir 2007/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe a fheidhmiú (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17).

(xii)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38);

(xiii)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(xiv)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1);

(xv)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1)

(xvi)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190);

(xvii)  Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 79/267/CEE, Treoir 92/49/CEE, Treoir 92/96/CEE, Treoir 93/6/CEE agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1);

(xviii)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149);

(xix)  Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí (IO L 84, 26.3.1997, lch. 22);

(xx)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

C.  Airteagal 2 (a)(iii) – sábháilteacht táirgí agus comhlíonadh:

1.  ▌Ceanglais sábháilteachta agus chomhlíonta na dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais mar atá sainmhínithe agus mar atá á rialú ag:

(i)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4);

(ii)  Reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais maidir le táirgí monaraithe, lena n-áirítear ceanglais lipéadaithe, seachas bia, beatha, táirgí íocshláinte d'úsáid an duine agus na tréidliachta, plandaí agus ainmhithe beo, táirgí de bhunús daonna agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo mar a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán XX maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí(31);

(iii)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a cheadú, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a ceapadh do na feithiclí sin (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

2.  Margaíocht agus úsáid táirgí íogaire agus contúirteacha, mar atá á rialú ag:

(i)  Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.06.2009, lch. 1);

(ii)  Treoir 91/477/CCE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus sealbhú arm a rialú (IO L 256, 13.9.1991, lch 51);

(iii)  Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 an 15 Eanáir 2013 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán (IO L 39, 9.2.2013, lch. 1).

D.  Airteagal 2(a)(iv) – sábháilteacht iompair:

1.  Ceanglais sábháilteachta san earnáil iarnróid mar atá á rialú ag Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

2.  Ceanglais sábháilteachta in earnáil na heitlíochta sibhialta mar atá á rialú ag Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (IO L 295, 12.11.2010, lch. 35).

3.  Ceanglais sábháilteachta san earnáil bhóithre mar atá á rialú ag:

(i)  Treoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le sábháilteacht bonneagair bhóithre a bhainistiú (IO L 319, 29.11.2008, lch. 59);

(ii)  Treoir 2004/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta do tholláin sa Ghréasán Bóithre Tras‑Eorpach (IO L 167, 30.4.2004, lch. 39);

(iii)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

4.  Ceanglais sábháilteachta san earnáil mhuirí mar atá á rialú ag:

(i)  Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (Athmhúnlú) (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11);

(ii)  Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 24);

(iii)  Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146);

(iv)  Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena mbunaítear na prionsabail bhunúsacha a rialaíonn imscrúdú ar thionóiscí san earnáil iompair mhuirí agus lena leasaítear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle agus Treoir 2002/59/CE (IO L 131, 28.5.2009, lch. 114);

(v)  Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir leis an leibhéal íosta oiliúna do mharaithe (IO L 323, 3.12.2008, lch. 33);

(vi)  Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d'iompar paisinéirí ag feidhmiú isteach agus amach as calafoirt Bhallstáit an Chomhphobail (IO L 188, 2.7.1998, lch. 35);

(vii)  Treoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear na ceanglais agus na nósanna imeachta comhchuibhithe maidir luchtú agus díluchtú sábháilte bulc-iompróirí (IO L 13, 16.1.2002, lch. 9).

5.  Ceanglais sábháilteachta mar atá á rialú ag Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

E.  Airteagal 2(a)(v) – cosaint an chomhshaoil:

1.   Aon chion coiriúil i gcoinne chosaint an chomhshaoil mar a rialaítear le Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008 , lch. 28) nó aon iompar neamhdhleathach a sháraíonn an reachtaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinní Threoir 2008/99/CE;

2.  Forálacha maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, mar atá á rialú ag:

(i)  Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32)

(ii)  Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE (IO L 140, 5.6.2009, lch. 16);(iii) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(iii)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13);

(iv)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82)

3.  Forálacha maidir le forbairt inbhuanaithe agus bainistiú dramhaíola, mar atá á rialú ag:

(i)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3);

(ii)  Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (IO L 330, 10.12.2013, lch. 1);

(iii)   Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (IO L 201, 27.7.2012, lch. 60);

4.  Forálacha maidir le muirthruailliú, aerthruailliú agus truailliú ó thorann, mar atá á rialú ag:

(i)  Treoir 1999/94/CE a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí maidir le barainneacht bhreosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin phaisinéirí nua a mhargú (IO L 12, 18.1.2000, lch. 16);

(ii)  Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le teorainneacha astaíochtaí náisiúnta do thruailleáin atmaisféaracha áirithe (IO L 309, 27.11.2001, lch. 22);

(iii)  Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 a bhaineann le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch 12);

(iv)  Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le toirmeasc ar chomhdhúile organaitín ar bord long (IO EU L 115, 9.5.2003, lch. 1);

(v)   Treoir (CE) 2004/35 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56);

(vi)  Treoir 2005/35/CE maidir le truailliú ó longa agus pionóis ar sháruithe a thabhairt isteach (IO L 255, 30.9.2005, lch. 11);

(vii)  Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1);

(viii)  Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 12);

(ix)  Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1);

(x)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 1);

(xi)  Treoir 2009/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le gal pheitril Céim II a aisghabháil le linn mótarfheithiclí a athbhreoslú i stáisiúin pheitril (IO L 285, 31.10.2009, lch. 36);

(xii)  Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1);

(xiii)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1);

(xiv)   Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55);

(xv)  Treoir (AE) 2015/2193 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le hastaíochtaí truailleán áirithe ó ghléasraí dócháin meánmhéide san aer a theorannú (IO L 313, 28.11.2015, lch. 1);

5.  Forálacha maidir le cosaint agus bainistiú uisce agus ithreacha, mar atá á rialú ag:

(i)  Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baol tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27);

(ii)  Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84);

(iii)  Treoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 26, 18.1.2012, lch. 1).

6.  Forálacha a bhaineann leis an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint, mar atá á rialú ag:

(i)  Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos na bearta is infheidhme maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic áirithe d'éisc mhór-imirceacha (IO L 263, 3.10.2001, lch. 1);

(ii)  Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 lena leagtar síos bearta a bhaineann le foghabhálacha teagmhasacha céiticeach in iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 150, 30.4.2004, lch. 12);

(iii)  Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le trádáil i dtáirgí róin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 36);

(iv)  Rialachán (CE) Uimh. 734/2008 ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le héiceachórais leochaileacha mhuirí ar an mórmhuir a chosaint ar éifeacht dhochrach gléasanna iascaireachta grinnill (IO L 201, 30.7.2008, lch. 8);

(v)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7);

(vi)  Rialachán (CE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23);

(vii)  Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35);

7.  Forálacha maidir le ceimiceáin, mar atá á rialú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1);

8.  Forálacha a bhaineann le táirgí orgánacha, mar a rialaítear faoi Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1 ).

F.  Airteagal 2(a)(vi) – cosaint ar radaíocht agus sábháilteacht núicléach

Rialacha maidir le sábháilteacht núicléach, mar atá á rialú ag:

(i)  Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18);

(ii)  Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos na ceanglais maidir le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint maidir le substaintí radaighníomhacha in uisce a ceapadh lena chaitheamh ag an duine (IO L 296, 7.11.2013, lch. 12 );

(iii)  Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos na caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianaíoch, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1);

(iv)  Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48);

(v)  Treoir 2006/117/Euratom ón gComhairle an 20 Samhain 2006 maidir le maoirseacht agus rialú loingsithe ar dhramhaíl radaighníomhach agus breosla spíonta (IO L 337, 5.12.2006, lch. 21).

(vi)  Rialachán (Euratom) 2016/52 ón gComhairle an 15 Eanáir 2016 lena leagtar síos uasleibhéil cheadaithe éilliúcháin radaighníomhaigh ar bhia agus ar bheatha tar éis tionóisc núicléach nó i ndiaidh aon cháis eile ina dtarlaíonn éigeandáil raideolaíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 3954/87 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 944/89 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 770/90 ón gComhairle (IO L 13, 20.1.2016, lch. 2);

(vii)  Rialachán (Euratom) Uimh. 1493/93 ón gComhairle an 8 Meitheamh 1993 maidir le loingsiú substaintí radaighníomhacha ó Bhallstát go Ballstát.

G.  Airteagal 2(a)(vii) – sábháilteacht bia agus beatha, sláinte agus leas ainmhithe:

1.  Dlí bia agus beatha an Aontais faoi rialú ag na prionsabail agus na ceanglais ghinearálta mar a shainmhínítear iad le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

2.  Sláinte ainmhithe, mar atá á rialú ag:

(i)   Rialachán (AE) Uimh. 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe') (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(ii)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1);

3.  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014 , (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

4.   Forálacha agus caighdeáin maidir le cosaint agus leas ainmhithe, mar atá á rialú ag:

(i)  Treoir 98/58/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear le haghaidh feirmeoireachta (IO L 221, 8.8.1998, lch. 23);

(ii)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1);

(iii)  Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009 maidir le hainmhithe a chosaint tráth an mharaithe (IO L 303, 18.11.2009, lch. 1);

(iv)  Treoir 1999/22/CE ón gComhairle an 29 Márta 1999 maidir le hainmhithe fiáine a choinneáil sa zú (IO L 94, 9.4.1999, lch. 24).

H.  Airteagal 2(a)(viii) – sláinte an phobail:

1.  Bearta ag leagan síos ardchaighdeán cáilíochta agus sábháilteachta d'orgáin agus substaintí de bhunús daonna, mar atá á rialú ag:

(i)  Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do bhailiú, do thástáil, do phróiseáil, do stóráil agus do dháileadh fola agus comhábhar fola daonna agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE (IO L 33, 8.2.2003, lch. 30);

(ii)  Treoir 2004/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a leagan síos do dheonú, soláthar, tástáil, próiseáil, caomhnú, stóráil agus dáileadh fíochán agus ceall daonna (IO L 102, 7.4.2004, lch. 48);

(iii)  Treoir 2010/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le caighdeáin cháilíochta agus slándáil orgáin an duine atá beartaithe le haghaidh trasphlandaithe (IO L 207, 6.8.2010, lch. 14).

2.  Bearta lena leagtar síos ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do tháirgí íocshláinte agus feistí úsáide míochaine mar atá á rialú ag:

(i)  Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachta (IO L 18, 22.1.2000, lch. 1);

(ii)  Treoir 2001/83/CE an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67);

(iii)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019 lch.43);

(iv)  Rialachán (CE) 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun údarú agus maoirseacht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte d'úsáid an duine agus na tréidliachta agus lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1);

(v)  Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le táirgí íocshláinte le haghaidh úsáide péidiatraicí agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1768/92, Treoir 2001/20/CE, Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 378, 27.12.2006, lch. 1);

(vi)  Rialachán (CE) 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 324, 10.12.2007, lch. 121);

(vii)  Rialachán (AE) 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 1).

3.  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

4.  Monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara arna rialú ag Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n‑aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 1).

I.  Airteagal 2(a)(ix) – cosaint tomhaltóirí:

Cearta tomhaltóirí agus cosaint tomhaltóirí mar atá á rialú ag:

(i)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a chur in iúl do thomhaltóirí (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27);

(ii)  Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíol earraí tomhaltais agus ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12);

(iii)  Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE agus Treoir 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16);

(iv)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ("An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha") (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22);

(v)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66);

(vi)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64);

(vii)  Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).

J.  Airteagal 2(a)(x) – cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta, agus slándáil gréasán agus córas faisnéise:

(i)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37);

(ii)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1);

(iii)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard slándála gréasán agus faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

Cuid II

Tagraíonn Airteagal 3(1) den Treoir don reachtaíocht Aontais a leanas:

A.  Airteagal 2(a)(ii) – seirbhísí airgeadais, táirgí agus margaí agus cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta:

1.  Seirbhísí airgeadais:

(i)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32);

(ii)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37);

(iii)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla de chuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite agus lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 09.06.2006, lch. 87);

(iv)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1);

(v)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338);

(vi)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349);

(vii)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1);

(viii)  Rialachán (CE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (OJ L 352, 9.12.2014, p. 1);

(ix)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch.1);

(x)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (athmhúnlú) (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19);

(xi)  Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

2.  Cosc ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta:

(i)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73);

(ii)  Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1 ).

B.  Airteagal 2(a)(iv) – sábháilteacht iompair:

(i)  Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18);

(ii)  Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le freagrachtaí áirithe bratstát a bhaineann le comhlíonadh agus cur chun feidhme an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí. 2006 (IO L 329, 10.12.2013, lch. 1);

(iii)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

C.  Airteagal 2(a)(v) – cosaint an chomhshaoil:

(i)  Treoir 2013/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE ón gComhairle (IO L 178, 28.6.2013, lch. 66).

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn

sáruithe ar dhlí an Aontais

Ag tráth an athbhreithnithe atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 21 den Treoir, déanfaidh an Coimisiún staidéar ar an bhféidearthacht moladh a dhéanamh a raon feidhme a leathnú lena cur i bhfeidhm maidir le gníomhartha áirithe atá bunaithe ar Airteagal 153 CFAE agus Airteagal 157 CFAE, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE.

(1) IO C 405, 9.11.2018, lch. 1.
(2) IO C 62, 15.2.2019, lch 155.
(3)* Níl bailchríoch dhlítheangeolaíoch déanta ar an téacs go fóill.
(4)IO C […], […], lch. […].
(5)IO C […], […], lch. […].
(6)IO C […], […], lch. […].
(7) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019.
(8)Teachtaireacht an 8.12.2010, "Reinforcing sanctioning regimes in the financial services sector" [Córais smachtbhannaí a threisiú san earnáil seirbhísí airgeadais].
(9)Déantar imscrúdú ar chorpas ábhartha 'reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú' agus liostaítear é i Rialachán [XXX] lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, 2017/0353 (COD).
(10)Arna rialú ag Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, lch. 4).
(11)Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith (IO L 122, lch. 18).
(12)Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le freagrachtaí áirithe na mbratstát maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí (IO L 329, lch. 1), Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, lch. 57).
(13)COM (2018) 10 final.
(14)Treoir 2013/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta (IO L 178, lch. 66).
(15)Treoir 2014/87/Euratom ón gComhairle an 8 Iúil 2014 lena leasaítear Treoir 2009/71/Euratom lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 219, 25.7.2014, lgh. 42-52).
(16)Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, lch. 1).
(17)IO L 84, lch. 1.
(18)Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard coiteann slándála gréasán agus córas faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais.
(19)IO C 313, 23.10.1996, lch. 1.
(20)IO C 151, 20.5.1997, lch. 1.
(21)IO L 173, lch. 1.
(22)Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2392 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 maidir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú d'údaráis inniúla maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán sin (IO L 332, lch. 126).
(23)IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.
(24)CM/Rec (2014)7.
(25)Luaite thuas.
(26) Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith (IO L 122, lch 18).
(27) Treoir 2013/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE ón gComhairle (IO L 178, 28.6.2013, lch. 66).
(28) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(29) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta arna dhéanamh ag na hinstitiúidí agus na comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(30) Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí um barántas gabhála Eorpach (OJ L 297 4.11.2016, lch. 1).
(31)2017/0353 (COD) – Is togra é sin faoi láthair le haghaidh Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 agus a liostaítear san Iarscríbhinn an reachtaíocht comhchuibhithe ar fad ina bhfuil ceanglais deartha agus lipéadaithe an táirge.


Dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta (Treoir) ***I
PDF 205kWORD 71k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta (COM(2018)0092 – C8-0111/2018 – 2018/0041(COD))
P8_TA-PROV(2019)0367A8-0430/2018

(An gnáthnós imeachta reachta: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0092),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 53(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0111/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0430/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE a mhéid a bhaineann le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta

P8_TC1-COD(2018)0041


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Áirítear ar chomhchuspóirí de chuid Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) agus de chuid Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) cothroime iomaíochta a áirithiú i measc gnóthais chomhinfheistíochta agus deireadh a chur le srianta le saorghluaiseacht aonad agus scaireanna gnóthas comhinfheistíochta san Aontas, agus ag an am céanna a áirithiú go mbeidh cosaint níos aonfhoirmí ann d’infheisteoirí. Cé gur baineadh na cuspóirí sin amach den chuid is mó, cuireann bacainní áirithe isteach ar chumas bainisteoirí cistí tairbhe iomlán a bhaint as an margadh inmheánach fós.

(2)  Is comhlánú aran Treoir seo é Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6)(7). Leis an Rialachán sin, leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna). Ba cheart na coinníollacha le haghaidh bainisteoirí cistí atá i mbun oibríochta sa mhargadh inmheánach a chomhordú a thuilleadh agus dáileadh trasteorann na gcistí atá á mbainistiú acu a éascú leis an Rialachán sin agus an Treoir seo le chéile.

(3)  Is gá an bhearna rialála a líonadh agus an nós imeachta ▌ um fhógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi athruithe maidir le GCUInna a ailíniú leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE.

(4)  Le Rialachán (AE) 2019/... + neartaítear a thuilleadh na prionsabail is infheidhme maidir le teachtaireachtaí margaithe a rialaítear le Treoir 2009/65/CE agus leathnaítear cur i bhfeidhm na bprionsabal sin chun BCIManna a chumhdach, rud a mbeidh ardleibhéal cosanta infheisteoirí mar thoradh air, gan beann ar an gcineál infheisteora. Dá bhrí sin, níl aon ghá a thuilleadh leis na forálacha comhfhreagracha i dTreoir 2009/65/CE maidir le teachtaireachtaí margaithe agus inrochtaineacht dlíthe agus rialachán náisiúnta atá ábhartha maidir leis an socrú i dtaca le haonaid de chuid GCUInna a mhargú, agus ba cheart iad a scriosadh.

(5)  Tá sé léirithe go mbaineann ualach trom leis na forálacha i dTreoir 2009/65/CE, lena gceanglaítear ar GCUInna saoráidí a chur ar fáil d’infheisteoirí, faoi mar atá siad curtha chun feidhme ag córais náisiúnta dlí áirithe. Sa bhreis air sin, is annamh a úsáideann infheisteoirí saoráidí áitiúla ar an mbealach a beartaíodh sa Treoir sin. Is é an t-idirghníomhú díreach idir infheisteoirí agus bainisteoirí cistí, bíodh sin go leictreonach nó ar an nguthán, an modh cumarsáide is fearr anois, cé go ndéantar íocaíochtaí agus fuascailtí a fhorghníomhú ar bhealaí eile. Cé go n-úsáidtear na saoráidí áitiúla sin chun críocha riaracháin faoi láthair, amhail aisghabháil trasteorann táillí rialála, ba cheart aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna den chineál sin ar mhodhanna eile, comhar idir údaráis inniúla san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a bhunú lena nuachóireofar agus lena sonrófar na ceanglais a bhaineann le saoráidí a chur ar fáil d’infheisteoirí miondíola, agus níor cheart do na Ballstáit láithreacht fhisiciúil áitiúil a éileamh chun saoráidí den chineál sin a sholáthar. I gcás ar bith, ba cheart a áirithiú leis na rialacha sin go mbeidh rochtain ag infheisteoirí ar an bhfaisnéis a bhfuil siad ina teideal.

(6)  Chun a áirithiú go gcaithfear go comhsheasmhach le hinfheisteoirí miondíola, is gá na ceanglais a bhaineann le saoráidí a chur i bhfeidhm freisin ar BCIManna i gcásanna ina gceadóidh Ballstáit dóibh aonaid nó scaireanna de chuid chistí infheistíochta malartacha (CIManna) a mhargú le hinfheisteoirí miondíola ina gcríoch féin.

(7)  In éagmais coinníollacha soiléire agus aonfhoirmeacha le haghaidh margú aonaid nó scaireanna de chuid GCUI nó CIM i mBallstát óstach a scor, cruthaítear éiginnteacht eacnamaíoch agus dhlíthiúil do bhainisteoirí cistí. Dá bhrí sin, ba cheart go leagfaí amach le Treoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE coinníollacha soiléire ▌faoina bhféadfaí fógraí a chur ar ceal i dtaca leis na socruithe arna ndéanamh maidir le cuid de na haonaid nó na scaireanna nó iad uile a mhargú. ▌Ba cheart go mbeadh cothromaíocht sna coinníollacha sin idir, ar thaobh amháin, cumas gnóthas comhinfheistíochta nó a mbainisteoirí a socruithe arna ndéanamh chun scaireanna nó aonaid a mhargú a scor nuair a chomhlíonfar na coinníollacha bunaithe agus, ar an taobh eile, leasanna infheisteoirí sna gnóthais sin.

(8)  Maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur le margú GCUInna nó CIManna i mBallstát áirithe, níor cheart costas a bheith ar infheisteoirí dá barr ná níor cheart a gcoimircí faoi Threoir 2009/65/CE nó Treoir 2011/61/AE a bheith níos lú dá barr, go háirithe i dtaca lena gceart rochtana ar fhaisnéis chruinn faoi ghníomhaíochtaí na gcistí sin atá ar siúl i gcónaí.

(9)  Tá cásanna ann inar mian le BCIM suim infheisteoirí i smaoineamh nó i straitéis infheistíochta ar leith a thástáil ach nach mór dó dul i ngleic le cineálacha éagsúla láimhseála réamh-mhargaithe i gcórais náisiúnta dlí éagsúla. Maidir le sainiú an réamh-mhargaithe agus na coinníollacha faoina gceadaítear é, tá éagsúlacht nach beag ann idir na Ballstáit sin ina gceadaítear é, ach i mBallstáit eile, níl coincheap an réamh-mhargaithe ann in aon chor. Chun dul i ngleic leis na héagsúlachtaí sin, ba cheart sainmhíniú comhchuibhithe ar réamh-mhargú a chur ar fáil agus ba cheart na coinníollacha faoinar féidir le BCIM AE páirt a ghlacadh i réamh-mhargú a bhunú.

(10)  Chun go n-aithneofar gníomhaíocht mar réamh-mhargú faoi Threoir 2011/61/AE, ba cheart a dhíriú ar infheisteoirí gairmiúla ionchasacha agus ba cheart baint a bheith aige le smaoineamh infheistíochta nó straitéis infheistíochta chun a suim in CIM nó i ndeighleog nach bhfuil bunaithe fós a thástáil, nó atá bunaithe ach nár tugadh fógra faoina mhargú go fóill i gcomhréir leis an Treoir sinn. Dá réir sin, le linn an réamh-mhargaithe, níor cheart go bhféadfadh infheisteoirí suibscríobh d’aonaid nó scaireanna CIM, agus níor cheart go gceadófaí dáileadh foirmeacha suibscríbhinne nó doiciméid chomhchosúla ar infheisteoirí gairmiúla ionchasacha, i ndréachtfhoirm nó i bhfoirm dheiridh. Ba cheart do BCIManna AE a áirithiú nach bhfaighidh infheisteoirí aonaid ná scaireanna in CIM trí réamh-mhargú agus nach féidir le hinfheisteoirí a dtéitear i dteagmháil leo mar chuid de réamh-mhargú aonaid ná scaireanna a fháil sa CIM sin ach amháin tríd an margú a cheadaítear faoi Threoir 2011/61/AE. Ba cheart a mheas gur de thoradh an mhargaithe aon suibscríobh ag infheisteoirí gairmiúla, laistigh de 18 mí tar éis don BCIM AE tús a chur le réamh-mhargú, le haonaid nó scaireanna CIM dá dtagraítear san fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhthéacs an réamh-mhargaithe, nó aon CIM arna bhunú de thoradh an réamh-mhargaithe, agus ba cheart iad a mheas a bheith faoi réir na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt dá dtagraítear i dTreoir 2011/61/AE. Chun a áirithiú gur féidir le húdaráis inniúla náisiúnta smacht ar réamh-mhargú ina mBallstát a fheidhmiú, ba cheart do BCIM AE litir neamhfhoirmiúil a sheoladh, taobh istigh de choicís ó thús a chur leis an réamh-mhargú, i bhfoirm páipéir nó go leictreonach, chuig údaráis inniúla a Bhallstáit baile, ina sonrófar inter alia cad iad na Ballstáit ina gcuireann nó inar chuir sé réamh-mhargú ar bun, na tréimhsí ina bhfuil an réamh-mhargú ag tarlú nó inar tharla sé, agus lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, liosta a CIManna agus deighleoga CIManna atá nó a bhí mar ábhair an réamh-mhargaithe. Ba cheart d’údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM AE údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil nó ina raibh réamh-mhargú orthu sin curtha ar bun ag an BCIM AE a chur ar an eolas go pras.

(11)  Ba cheart do BCIManna AE a áirithiú go ndéanfar doiciméadú leordhóthanach ar a réamh-mhargú.

(12)  Níor cheart míbhuntáiste i gcaoi ar bith a bheith ann i gcomhair BCIManna AE vis-à-vis BCIManna neamh-AE mar thoradh ar dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhfuil gá leo chun Treoir 2011/61/AE a chomhlíonadh agus, go háirithe, chun rialacha comhchuibhithe maidir le réamh-mhargú a chomhlíonadh. Baineann sé sin leis an gcás reatha, nach bhfuil cearta i dtaca le nós imeachta an phas ag BCIManna neamh-AE ann, agus cás ina mbíonn feidhm ag na forálacha maidir le nós imeachta sin an phas atá i dTreoir 2011/61/AE.

(13)  Chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá sioncrónú a dhéanamh ar dhátaí chur i bhfeidhm dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin náisiúnta lena gcuirtear an Treoir seo agus Rialachán (AE) 2019/...(8) chun feidhme a mhéid a bhaineann le forálacha ábhartha maidir le teachtaireachtaí margaithe agus réamh-mhargú.

(14)  I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin(9), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2009/65/CE

Leasaítear Treoir 2009/65/CE mar seo a leanas:

(1)  in Airteagal 17(8), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

▌"

‘I gcás, de bhun athrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gcomhlíonfadh an chuideachta bhainistíochta an Treoir seo a thuilleadh, cuirfidh údaráis ▌inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta in iúl don chuideachta bhainistíochta, faoi cheann 15 lá oibre tar éis dóibh an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil nach bhfuil an t-athrú sin le cur chun feidhme aici.

Sa chás sin, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta dá réir sin.

I gcás ina gcuirtear athrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír tar éis faisnéis a bheith tarchurtha i gcomhréir leis an dara fomhír agus nach mbeadh an chuideachta bhainistíochta ag comhlíonadh na Treorach seo a thuilleadh dá bhun an athraithe sin, ▌glacfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta gach beart iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 98 agus tabharfaidh siad fógra d’údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta gan aon mhoill mhíchuí faoi na bearta arna ndéanamh.’;

"

(2)  scriostar Airteagal 77;

(3)  in Airteagal 91, scriostar mír 3;

(4)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 92:"

‘Airteagal 92

1.  I ngach Ballstát ina bhfuil sé i gceist ag GCUI aonaid a mhargú, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an GCUI saoráidí ar fáil chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

   (a) orduithe um ▌shuibscríobh, ▌athcheannach agus fuascailt a phróiseáil agus íocaíochtaí eile do shealbhóirí aonad a dhéanamh a bhaineann le haonaid an GCUI, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sna doiciméid is gá de bhun Chaibidil IX;
   (b) faisnéis a chur ar fáil d’infheisteoirí faoi conas is féidir orduithe dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh agus conas a íoctar fáltais athcheannaigh agus fuascailte;
   (c) láimhseáil faisnéise agus rochtain ar nósanna imeachta agus socruithe dá dtagraítear in Airteagal 15 a bhaineann le feidhmiú a gceart ag infheisteoirí a eascaríonn as a n-infheistíocht sa GCUI sa Bhallstát ina bhfuil an GCUI á mhargú, a éascú;
   (d) an fhaisnéis agus na doiciméid is gá de bhun Chaibidil IX a chur ar fáil d’infheisteoirí faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 94, chun críocha imscrúdú a dhéanamh orthu agus cóipeanna a fháil díobh;
   (e) faisnéis atá ábhartha maidir leis na cúraimí a dhéanann na saoráidí a chur ar fáil ar mheán marthanach d’infheisteoirí; agus
   (f) gníomhú mar phointe teagmhála chun cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis inniúla.

2.  Ní cheanglóidh na Ballstáit ar an GCUI ▌láithreacht fhisiciúil a bheith aige sa Bhallstát óstach nó riarthóir tríú páirtí a cheapadh chun críocha mhír 1.

3.  Áiritheoidh an GCUI ▌go gcuirfear na saoráidí ar fáil chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear go leictreonach, a dhéanamh:

   (a) ▌i dteanga oifigiúil an Bhallstáit nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit inar margaíodh an GCUI nó i dteanga a d’fhormheas údaráis inniúla an Bhallstáit sin;
   (b) ag an GCUI ▌féin, ag tríú páirtí atá faoi réir rialacháin agus maoirseachta lena rialaítear na gcúraimí a bheidh le déanamh, nó iad araon.

Chun críocha phointe (b), i gcás ina mbeidh na cúraimí le déanamh ag tríú páirtí, tabharfar fianaise ar cheapadh an tríú páirtí le conradh i scríbhinn ina sonrófar cad iad na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 nach mbeidh le déanamh ag an GCUI ▌agus ina sonrófar go bhfaighidh an tríú páirtí an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha ar fad ón GCUI ▌.’;

"

(5)  ▌leasaítear Airteagal 93 mar a leanas:

(a)  i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:"

‘Sa litir fógra áireofar freisin na sonraí is gá, lena n-áirítear an seoladh chun críocha sonrasctha, nó chun aon táillí nó muirir rialála is infheidhme ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a chur in iúl agus faisnéis maidir leis na saoráidí chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 92(1) a dhéanamh.’;

"

(b)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:"

‘8. I gcás athrú ar an bhfaisnéis sa litir fógra a tíolacadh i gcomhréir le mír 1, nó i gcás athrú ar an aicme scaireanna atá le margú, tabharfaidh an GCUI fógra i scríbhinn faoin athrú d’údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI agus Bhallstát óstach an GCUI mí amháin ar a laghad sula gcuirfear an t-athrú sin chun feidhme.

I gcás, de bhun athrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gcomhlíonfadh an GCUI an Treoir seo a thuilleadh, cuirfidh ▌ údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI in iúl don GCUI, faoi cheann 15 lá oibre tar éis dóibh an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil nach bhfuil an t-athrú sin le cur chun feidhme aige.

Sa chás sin, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI fógra chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI dá réir sin.

I gcás ina gcuirfear athrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun feidhme tar éis faisnéis a tharchur i gcomhréir leis an dara fomhír agus nach mbeidh an GCUI ag comhlíonadh na Treorach seo a thuilleadh de bhun an athraithe sin, glacfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI gach beart iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 98, lena n-áirítear, i gcás inar gá, an toirmeasc sainráite ar mhargú an GCUI agus cuirfidh siad fógra chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI gan aon mhoill mhíchuí maidir leis na bearta arna nglactha.’;

"

(6)  cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:"

‘Airteagal 93a

1.  ▌Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh GCUI fógra a chur ar ceal maidir le socruithe arna ndéanamh i gcomhair margú a mhéid a bhaineann le haonaid lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, maidir le haicme scaireanna i mBallstát a bhfuil fógra tugtha aige i ndáil leis i gcomhréir le hAirteagal 93, i gcás ina mbeidh na coinníollacha seo a leanas go léir comhlíonta:

   (a) maidir le gach aonad den sórt sin atá i seilbh infheisteoirí sa Bhallstát sin, déanfar iltairiscint chun iad a athcheannach nó a fhuascailt, saor ó aon mhuirir nó asbhaintí, a chur ar fáil go poiblí ar feadh 30 lá oibre ar a laghad agus cuirfear an iltairiscint, go díreach nó trí idirghabhálaithe airgeadais, chuig gach infheisteoir sa Bhallstát sin ▌, duine ar dhuine, arb eol a gcéannacht;
   (b) maidir leis an rún i dtaca le socruithe arna ndéanamh chun na haonaid sin a mhargú sa Bhallstát sin ▌a fhoirceannadh, poibleofar é trí mheán atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha, ar gnách é a úsáid chun GCUI a mhargú agus atá oiriúnach do ghnáth-infheisteoir in GCUInna;
   (c) maidir le haon socruithe conarthacha le hidirghabhálaithe nó toscairí airgeadais, déanfar iad a mhodhnú nó a fhoirceannadh le héifeacht ón dáta a chuirfear an fógra ar ceal ionas go gcuirfear cosc le haon tairiscint nó láithriú nua nó breise, díreach nó indíreach, i leith na n-aonad a sainaithnítear sa fógra dá dtagraítear i mír 2.

Leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), tabharfar cur síos soiléir ar na hiarmhairtí a bheidh ann d’infheisteoirí mura nglacfaidh siad leis an tairiscint a n-aonaid a fhuascailt nó a athcheannach.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír ar fáil i dteanga oifigiúil an Bhallstáit nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit a bhfuil fógra déanta ag GCUI ina leith i gcomhréir le hAirteagal 93. Ón dáta dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír ar aghaidh, déanfaidh an GCUI aon tairiscint nó láithriú nua nó breise, díreach nó indíreach, i leith a aonad a bhí faoi réir fógra a thabhairt a scor sa Bhallstát sin.

2.  Déanfaidh an GCUI fógra a thíolacadh d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1.

3.  Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI a fhíorú an bhfuil an fógra a chuir an GCUI isteach i gcomhréir le mír 2 comhlánaithe ina iomláine. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI, tráth nach déanaí ná 15 lá oibre ó fhógra iomlán ▌a fháil an fógra sin a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2, agus chuig ESMA.

Tar éis tharchur an fhógra de bhun na chéad fhomhíre, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI an tarchur sin in iúl go pras don GCUI.

4.  Déanfaidh an GCUI an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagail 68 go 82 agus faoi Airteagal 94 a chur ar fáil d’infheisteoirí atá go fóill infheistithe sa GCUI mar aon le húdaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI.

5.  Tarchuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, faisnéis maidir le haon athrú ar na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

6.   Maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo , beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu a bheidh ag údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 21(2), Airteagal 97(3) agus Airteagal 108. Gan dochar do ghníomhaíochtaí faireacháin agus do chumhachtaí maoirseachta eile dá dtagraítear in Airteagal 21(2) agus in Airteagal 97, amhail ón dáta tarchurtha faoi mhír 5 den Airteagal seo, ní cheanglóidh údaráis inniúla an Bhallstáit a shainaithnítear san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar an GCUI lena mbaineann a léiriú go bhfuil dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta á gcomhlíonadh aige, lena rialaítear ceanglais margaithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*(10).

7.  Ceadóidh na Ballstáit úsáid aon mhodha leictreonaigh nó eile cianchumarsáide chun críocha mhír 4, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis agus an modh cumarsáide ar fáil d’infheisteoirí i dteanga oifigiúil an Bhallstáit nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-infheisteoir lonnaithe nó i dteanga a d’fhormheas údaráis inniúla an Bhallstáit sin.

_____________

* Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... lena n-éascaítear dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) 1286/2014 (IO L …).’;

"

(7)  in Airteagal 95(1), scriostar pointe (a).

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2011/61/AE

Leasaítear Treoir 2011/61/AE mar a leanas:

(1)  in Airteagal 4(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

‘(aea) ciallaíonn ‘réamh-mhargú’ ▌soláthar díreach nó indíreach faisnéise nó cumarsáide, faoi straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta a dhéanann BCIM AE, nó a dhéantar thar a cheann, d’infheisteoirí gairmiúla ionchasacha a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas d’fhonn a suim in CIM nó i ndeighleog, nach bhfuil bunaithe fós, nó atá bunaithe, ach nár tugadh fógra faoina mhargú go fóill i gcomhréir le hAirteagal 31 nó le hAirteagal 32, a thástáil, sa Bhallstát sin ina bhfuil sainchónaí ar na hinfheisteoirí ionchasacha nó ina bhfuil a n-oifig chláraithe, agus i ngach cás, nach tairiscint ná láithriú don infheisteoir ionchasach é go ndéanfadh sé infheistíocht i n-aonaid nó i scaireanna den CIM sin nó den urrann sin;’;

"

(2)  cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach ag tús CHAIBIDIL VI:"

‘Airteagal 30a

Coinníollacha maidir le réamh-mhargú san Aontas ag BCIM AE

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh BCIM AE údaraithe páirt a ghlacadh i réamh-mhargú san Aontas, ach amháin i gcás ina mbaineann an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis arna cur i láthair d’infheisteoirí gairmiúla féideartha:

   (a) go bhfuil si leordhóthanach le cu ar chumas infheisteoirí gealltanas a thabhairt aonaid nó scaireanna de CIM ar leith a fháil;
   (b) is ionann í agus foirmeacha síntiúis nó doiciméid chomhchosúla i ndréachtfhoirm nó i bhfoirm chríochnúil; nó
   (c) is ionann í agus ▌doiciméid bhunreachtúla, réamheolaire nó doiciméid tairisceana le haghaidh CIM nach bhfuil bunaithe fós i bhfoirm chríochnúil ▌.

I gcás ina gcuirtear dréacht-réamheolaire nó doiciméid tairisceana ar fáil, ní chuimseofar iontu an fhaisnéis leordhóthanach chun go gcuirfear ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh agus luafar go soiléir an méid seo a leanas:

   (a) ní hionann iad agus tairiscint nó cuireadh suibscríobh leis na haonaid nó na scaireanna de chuid CIM; agus
   (b) níor cheart a bheith ag brath ar an bhfaisnéis atá iontu ós rud é gur faisnéis neamhiomlán í agus d’fhéadfadh go dtiocfadh athrú uirthi.

▌Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh ceangal ar BCIM AE fógra a thabhairt d’údaráis inniúla maidir le hinneachar nó le seolaithe an réamh-mhargaithe, ná aon choinníollacha nó ceanglais a chomhlíonadh seachas iadsan a leagtar amach san Airteagal seo, sula dtugann sé faoin réamh-mhargú.

2.  Áiritheoidh BCIManna AE nach bhfaighidh infheisteoirí aonaid ná scaireanna in CIM trí réamh-mhargú agus nach bhfaighidh infheisteoirí a dtéitear i dteagmháil leo mar chuid de réamh-mhargú aonaid ná scaireanna sa CIM sin ach amháinfaoin margú a cheadaítear faoi Airteagal 31 nó faoi Airteagal 32.

Measfar gur de thoradh an mhargaithe aon suibscríbhinn ag infheisteoirí gairmiúla, laistigh de 18 mí tar éis don BCIM AE tús a chur le réamh-mhargú, le haonaid nó scaireanna CIM dá dtagraítear san fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhthéacs an réamh-mhargaithe, nó CIM arna bhunú de thoradh an réamh-mhargaithe, ▌agus beidh siad faoi réir an nós imeachta um fhógra a thabhairt is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 31 agus in Airteagal 32.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh BCIM AE, laistigh de 2 sheachtain tar éis dó tús a chur leis an réamh-mhargú, litir neamhfhoirmiúil, i bhfoirm páipéir nó trí mheáin leictreonacha, chuig údaráis inniúla a Bhallstáit baile. Sonrófar sa litir sin na Ballstáit inar tharla an réamh-mhargú agus na tréimhsí ina bhfuil sé ag tarlú nó ina tharla sé , cur síos gairid ar an réamh-mhargú lena n-áirítear faisnéis maidir le straitéisí infheistíochta a cuireadh i láthair agus, i gcás inarb ábhartha, liosta de na CIManna agus d’urranna na CIManna ar iadsan nó arbh iadsan ábhar an réamh-mhargaithe. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM AE údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil nó ina raibh réamh-mhargú curtha ar bun ag an BCIM AE ar an eolas go pras. Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina dtarlaíonn nó inar tharla an réamh-mhargú a iarraidh go gcuirfeadh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM AE faisnéis bhreise ar fáil maidir leis an réamh-mhargú atá ag tarlú nó a tharla ina chríoch.

3.  Ní rachaidh tríú páirtí i mbun réamh-mhargú thar ceann BCIM AE údaraithe ach amháin i gcás ina bhfuil sé údaraithe mar ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, mar chuideachta bhainistíochta GCUI i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, mar BCIM i gcomhréir leis an Treoir seo, nó i gcás ina ngníomhaíonn sé i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE. Beidh tríú páirtí den sórt sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

4.  Áiritheoidh BCIM AE go ndéanfar doiciméadú leordhóthanach ar réamh-mhargú.

_____________

* Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

** Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).’;

"

(3)  ▌in Airteagal 32(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír:"

‘Más rud é, de bhun athrú atá beartaithe, nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an mbainistiú a dhéanann an BCIM ar an CIM nó nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an BCIM ar shlí eile, cuirfidh údaráis inniúla ábhartha Bhallstát baile an BCIM in iúl don BCIM faoi cheann 15 lá oibre tar éis dóibh an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil nach bhfuil an t-athrú le cur i bhfeidhm aige. Sa chás sin, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM fógra chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM dá réir sin.

I gcás ina gcuirtear athrú atá beartaithe chun feidhme d’ainneoin na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, nó, de bhun athrú nach raibh beartaithe, nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an mbainistiú a dhéanann an BCIM ar an CIM nó nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an BCIM ar shlí eile, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM gach beart cuí i gcomhréir le hAirteagal 46, lena n-áirítear, más gá, toirmeasc sainráite ar mhargú an CIM agus tabharfaidh siad fógra dá réir sin d’údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM gan moill mhíchuí.

Mura ndéanfaidh na hathruithe difear don mhéid a chomhlíonann an bainistiú a dhéanann an BCIM ar an CIM an Treoir seo, nó don mhéid a chomhlíonann an BCIM an Treoir seo ar shlí eile, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, laistigh de 1 mhí amháin, na hathruithe sin a chur in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM.’;

"

(4)  cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:"

‘Airteagal 32a

Fógra a chur ar ceal maidir le socruithe arna ndéanamh i gcomhair margú aonad nó scaireanna de roinnt CIManna AE nó iad go léir sna Ballstáit cé is moite de Bhallstát baile an BCIM

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh BCIM AE fógra a chur ar ceal maidir le socruithe arna ndéanamh i gcomhair margú i ndáil le haonaid nó scaireanna de roinnt dá CIManna nó díobh go léir i mBallstát a bhfuil fógra tugtha aige ina leith i gcomhréir le hAirteagal 32, i gcás ina bhfuil na coinníollacha seo a leanas go léir ▌á gcomhlíonadh:

   (a) seachas i gcás na CIManna iata agus na gcistí a rialaítear le Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, déanfar iltairiscint chun gach aonad CIM den sórt sin, atá i seilbh infheisteoirí sa Bhallstát sin a athcheannach nó a fhuascailt, saor ó aon mhuirir nó asbhaintí, a chur ar fáil go poiblí ar feadh 30 lá oibre ar a laghad agus cuirfear an iltairiscint, go díreach nó trí idirghabhálaithe airgeadais, chuig gach infheisteoir sa Bhallstát sin, duine ar dhuine, arb eol a gcéannacht;
   (b) maidir leis an rún i dtaca le socruithe arna ndéanamh chun aonaid nó scaireanna de chuid dá CIManna nó iad go léir a mhargú sa Bhallstát sin a fhoirceannadh, poibleofar é trí mheán atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha, ar gnách é a úsáid chun CIManna a mhargú agus atá oiriúnach do ghnáth-infheisteoir in CIM;
   (c) maidir le haon socruithe conarthacha le hidirghabhálaithe nó toscairí airgeadais, déanfar iad a mhodhnú nó a fhoirceannadh le héifeacht ón dáta a chuirfear an fógra ar ceal ionas go gcuirfear cosc le haon tairiscint nó láithriú nua nó breise, díreach nó indíreach, i leith na n-aonad nó na scaireanna a sainaithnítear san fógra dá dtagraítear i mír 2.

Ón dáta dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír ar aghaidh, déanfaidh an BCIM aon tairiscint nó láithriú nua nó breise, díreach nó indíreach, i leith aonaid nó scaireanna den CIM ar a ndéanann sé bainistiú a scor sa Bhallstát a bhfuil fógra tíolactha aige ina leith i gcomhréir le mír 2.

2.  Déanfaidh an BCIM fógra a thíolacadh d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1.

3.  Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM a fhíorú an bhfuil an fógra a chuir an BCIM isteach i gcomhréir le mír 2 comhlánaithe ina iomláine. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM, tráth nach déanaí ná 15 lá oibre ó fhógra iomlán a fháil an fógra sin a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a sainaithnítear sa fógra dá dtagraítear i mír 2, agus chuig ESMA.

Ar tharchur an fhógra de bhun na chéad fhomhíre, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM an tarchur sin in iúl láithreach don BCIM.

Go ceann tréimhse 36 mhí ón dáta dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní chuirfidh an BCIM réamh-mhargú ar bun ar aonaid nó scaireanna na CIManna AE dá dtagraítear san fhógra, nó i ndáil le straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta comhchosúla, sa Bhallstát a sainaithnítear sa fógra dá dtagraítear i mír 2.

4.  Soláthróidh an BCIM an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 22 agus faoi Airteagal 23 d’infheisteoirí atá fós infheistithe sa CIM AE mar aon le húdaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM.

5.  Tarchuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a sainaithnítear sa fógra dá dtagraítear i mír 2, faisnéis maidir le haon athrú ar an doiciméadacht agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) go pointe (f) d’Iarscríbhinn IV.

6.  Maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit a sainaithnítear sa fógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu a bheidh ag údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 45.

7.   Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta eile dá dtagraítear in Airteagal 45(3), amhail ón dáta tarchurtha faoi mhír 45 den Airteagal seo, ní cheanglóidh údaráis inniúla an Bhallstáit a sainaithnítear sa fógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar an BCIM lena mbaineann a léiriú go bhfuil dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin náisiúnta á gcomhlíonadh aige, lena rialaítear ceanglais margaithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**(11).

8.  Ceadóidh na Ballstáit úsáid aon mhodha leictreonaigh nó eile cianchumarsáide chun críocha mhír 4.

_____________

* Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).

** Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... lena n-éascaítear dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) 1286/2014 (IO L …).’;

"

(5)  in Airteagal 33(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír agus an tríú fomhír :"

‘Más rud é, de bhun athrú atá beartaithe, nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an mbainistiú a dhéanann an BCIM ar an CIM nó nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an BCIM ar shlí eile, cuirfidh údaráis inniúla ábhartha Bhallstát baile an BCIM in iúl don BCIM faoi cheann 15 lá oibre tar éis dóibh an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil nach bhfuil an t-athrú le cur i bhfeidhm aige.

I gcás ina gcuirtear athrú atá beartaithe chun feidhme d’ainneoin na chéad fhomhíre agus an dara fomhír nó, de bhun athrú nach raibh beartaithe, nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an mbainistiú a dhéanann an BCIM ar an CIM nó nach mbeadh an Treoir seo á comhlíonadh a thuilleadh ag an BCIM ar shlí eile, déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM gach beart cuí i gcomhréir le hAirteagal 46 agus tabharfaidh siad fógra dá réir sin d’údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM gan moill mhíchuí.’;

"

(6)  cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:"

‘Airteagal 43a

Saoráidí a bheith ar fáil d’infheisteoirí miondíola

1.  Gan dochar d’Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/760 ▌, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh BCIM ar fáil, i ngach Ballstát ina bhfuil sé ar intinn aige aonaid nó scaireanna CIM a mhargú le hinfheisteoirí miondíola, saoráidí leis na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

   (a) orduithe um shuibscríobh, íocaíocht, athcheannach agus fuascailt de chuid infheisteoirí a phróiseáil, ar orduithe iad a bhaineann le haonaid nó scaireanna an CIM, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i ndoiciméid an CIM ▌;
   (b) faisnéis a chur ar fáil d’infheisteoirí faoi conas is féidir orduithe dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh agus conas a íoctar fáltais athcheannaigh agus fuascailte;
   (c) láimhseáil faisnéise a bhaineann le feidhmiú a gceart ag infheisteoirí de bharr a n-infheistíochta sa CIM sa Bhallstát ina bhfuil an CIM á mhargú, a éascú;
   (d) an fhaisnéis agus na doiciméid a éilítear de bhun Airteagail 22 agus 23 a chur ar fáil d’infheisteoirí chun críocha imscrúdú a dhéanamh orthu agus cóipeanna a dhéanamh díobh;
   (e) faisnéis atá ábhartha do na cúraimí a dhéanann na saoráidí a chur ar fáil d’infheisteoirí ar mheán marthanach mar atá sainmhínithe i bpointe (m) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE; agus
   (f) gníomhú mar phointe teagmhála le cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis inniúla.

2.  Ní cheanglóidh na Ballstáit ar BCIM láithreacht fhisiciúil a bheith aige sa Bhallstát óstach nó riarthóir tríú páirtí a cheapadh chun críocha mhír 1.

3.  Áiritheoidh an BCIM go ndéanfar na saoráidí chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, lena n-áirítear go leictreonach, a sholáthar:

   (a) ▌i dteanga oifigiúil an Bhallstáit nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit inar margaíodh an CIM nó i dteanga a d’fhormheas údaráis inniúla an Bhallstáit sin;
   (b) ▌ag an BCIM féin, ag tríú páirtí atá faoi réir rialacháin agus maoirseachta lena rialaítear na tascanna a bheidh le déanamh, nó acu araon.

Chun críocha phointe (b), i gcás ina mbeidh na cúraimí le déanamh ag tríú páirtí, tabharfar fianaise ar cheapadh an tríú páirtí sin le conradh i scríbhinn ina sonrófar cad iad na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 nach mbeidh le déanamh ag an BCIM agus ina sonrófar go bhfaighidh an tríú páirtí an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha ar fad ón BCIM.’;

"

(7)  Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:"

‘Airteagal 69a

Measúnú ar an gcóras pasanna

Sula dtiocfaidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 67(6) i bhfeidhm, ar dá mbun a bheidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 35 agus in Airteagal 37 go hAirteagal 41, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ina gcuirfear san áireamh toradh measúnaithe ar an gcóras pasanna dá bhforáiltear sa Treoir seo, lena n-áirítear leathnú an chórais sin chun BCIManna neamh-AE a chumhdach. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.’;

"

(8)  In Iarscríbhinn IV, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:"

‘(i) na mionsonraí is gá, lena n-áirítear an seoladh, chun críocha sonrasctha nó chun aon táillí nó muirir rialála is infheidhme a chur in iúl ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh;

   (j) faisnéis maidir leis na saoráidí chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43a a dhéanamh.’;

"

Airteagal 3

Trasuí

1.  Faoi ... [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin náisiúnta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an meid sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón … [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na slite le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Meastóireacht

Faoin ... [60 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, ar bhonn comhairliúchán poiblí agus i bhfianaise idirphléití le ESMA agus le húdaráis inniúla, ar chur i bhfeidhm na Treorach seo. Faoin ... [72 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo.

Airteagal 5

Athbhreithniú

Faoin ... [48 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair ina ndéanfar measúnú, inter alia, ar a fhiúntaí atá sé na forálacha is infheidhme maidir le cuideachtaí bainistíochta GCUI a chomhchuibhiú lena ndéanfar suim an infheisteora i smaoineamh nó straitéis infheistíochta ar leith a thástáil, agus cibé acu is gá nó nach gá aon leasuithe a dhéanamh ar Threoir 2009/65/CE chuige sin.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 7

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 367, 10.10.2018, lch. 50.
(2)IO C 367, 10.10.2018, lch. 50.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019.
(4) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(5) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch 1).
(6) Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... lena n-éascaítear dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) Uimh. 1286/2014 (IO L …).
(7)+ IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS .../... (2018/0045(COD)) agus cuirtear isteach san fhonóta uimhir, dáta agus tagairt IO an Rialacháin sin.
(8)+ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS .../... (2018/0045(COD)).
(9)IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(10)+ IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS .../... (2018/0045(COD)) agus cuirtear isteach san fhonóta uimhir, dáta agus tagairt IO an Rialacháin sin.
(11)+ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS .../... (2018/0045(COD)) agus cuir isteach uimhir, dáta agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.


Dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta (Rialachán) ***I
PDF 223kWORD 75k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 (COM(2018)0110 – C8-0110/2018 – 2018/0045(COD))
P8_TA-PROV(2019)0368A8-0431/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0110),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0110/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0431/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) Uimh. 1286/2014

P8_TC1-COD(2018)0045


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Mar thoradh ar chineálacha éagsúla cur chuige rialála agus maoirseachta i ndáil le dáileadh trasteorann cistí infheistíochta malartacha (CIManna), mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4), lena n-áirítear cistí caipitil fiontair Eorpacha (EuVECAnna), mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5), cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (EuSEFanna), mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) agus Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna), mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), agus gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna), de réir bhrí Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8), cothaítear ilroinnt agus bacainní ar mhargaíocht trasteorann agus ar rochtain ar CIManna agus GCUInna, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar a margaíocht i mBallstáit eile. D’fhéadfaí GCUI a bhainistiú go seachtrach nó go hinmheánach, ag brath ar a fhoirm dlí. Ba cheart feidhm a bheith ag aon fhorálacha den Rialachán seo a bhaineann le cuideachtaí bainistíochta GCUI maidir le cuideachta, arb é a gnáthghnó bainistiú a dhéanamh ar GCUI, agus d'aon GCUI nár ainmníodh mar GCUI.

(2)  Chun an creat rialála is infheidhme do ghnóthais chomhinfheistíochta a fheabhsú agus chun cosaint níos fearr a thabhairt d’infheisteoirí, ba cheart cumarsáidí margaíochta atá dírithe ar infheisteoirí in CIManna agus in GCUInna a bheith so-aitheanta mar chumarsáidí margaíochta, agus ba cheart cur síos chomh feiceálach céanna a bheith iontu ar na rioscaí agus ar na tairbhí a bhaineann le haonaid nó scaireanna in CIM nó GCUI a cheannach. Ina theannta sin, ba cheart an fhaisnéis ar fad atá san áireamh i gcumarsáidí margaíochta a chur i láthair ar bhealach atá cothrom agus soiléir agus níor cheart di a bheith míthreorach. Chun cosaint d’infheisteoirí a chaomhnú agus cothrom iomaíochta a bhaint amach idir CIManna agus GCUInna, ba cheart feidhm a bheith ag na caighdeáin le haghaidh cumarsáidí margaíochta maidir le cumarsáidí margaíochta CIManna agus GCUInna.

(3)  I gcumarsáidí margaíochta atá dírithe ar infheisteoirí in CIManna agus in GCUInna ba cheart a shonrú an áit, an dóigh agus an teanga inar féidir le hinfheisteoirí faisnéis achomair a fháil faoi chearta infheisteoirí agus ba cheart a shonrú go soiléir iontu go bhfuil an ceart ag an BCIM, ag an mbainisteoir EuVECA, ag an mbainisteoir EuSEF nó ag an gcuideachta bhainistíochta GCUI (dá ngairtear lena chéile, ‘bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta), socruithe a fhoirceannadh, ar socruithe iad a rinneadh ar mhaithe le margaíocht.

(4)  Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chosaint tomhaltóirí agus chun éascaíocht a dhéanamh ar an rochtain ar fhaisnéis maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta is infheidhme i leith cumarsáidí margaíochta, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta na téacsanna sin a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin i dteanga amháin ar a laghad is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, lena n-áirítear a n-achoimrí neamhoifigiúla a chuirfeadh ar chumas bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta forléargas leathan a fháil ar na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin sin. Níor cheart ach gur chun críocha faisnéise amháin an foilseachán sin agus níor cheart go gcruthódh sé aon oibleagáidí dlí. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) (ESMA) bunachar sonraí lárnach a bhunú ina mbeadh achoimrí ar na ceanglais náisiúnta le haghaidh cumarsáidí margaíochta agus hipearnaisc chuig an bhfaisnéis arna foilsiú ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil.

(5)  Chun dea-chleachtais maidir le cosaint infheisteoirí a chur chun cinn, ar cosaint í atá cumhdaithe sna ceanglais náisiúnta maidir le cumarsáidí margaíochta atá cóir agus soiléir, lena n-áirítear gnéithe ar líne de chumarsáidí margaíochta den sórt sin, ba cheart do ESMA treoirlínte a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas sin le haghaidh cumarsáidí margaíochta.

(6)  Ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann a cheangal go dtabharfaí réamhfhógra maidir le cumarsáidí margaíochta a dhéanamh chun fíorú ex-ante a dhéanamh an bhfuil na cumarsáidí sin ag comhlíonadh an Rialacháin seo agus aon cheanglas eile is infheidhme, amhail an bhfuil na cumarsáidí margaíochta so-aitheanta mar chumarsáidí margaíochta, an gcuireann siad síos ar na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le haonaid in GCUInna a cheannach, agus, i gcás ina gceadaíonn Ballstát margaíocht a dhéanamh ar CIManna d’infheisteoirí miondíola, an gcuireann siad síos ar na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le haonaid nó scaireanna CIM ar bhealach atá chomh feiceálach céanna agus an gcuirtear an fhaisnéis ar fad sna cumarsáidí margaíochta i láthair ar bhealach atá cothrom, soiléir agus gan a bheith mírthreorach. Ba cheart an fíorú sin a dhéanamh laistigh de thréimhse theoranta ama. I gcás ina n-éilíonn údaráis inniúla fógra roimh ré, níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc orthu fíorú ex-post a dhéanamh ar chumarsáidí margaíochta.

(7)  Ba cheart do na húdaráis inniúla tuairisc a chur ar fáil do ESMA ina mbeadh torthaí na bhfíorúchán sin, maille le hiarrataí ar leasuithe agus le haon smachtbhannaí arna bhforchur ar bhainisteoirí na ngnóthas comhinfheistíochta. D'fhonn cur leis an bhfeasacht agus le trédhearcacht na rialacha is infheidhme maidir le cumarsáidí margaíochta, ar thaobh amháin, agus chun a áirithiú go gcosnaítear an t-infheisteoir, ar an taobh eile, ba cheart do ESMA, gach dara bliain, tuarascáil a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún maidir leis na rialacha sin agus lena gcur i bhfeidhm praiticiúil ar bhonn fíorúcháin ex-ante agus ex-post na gcumarsáidí margaíochta a rinne údaráis inniúla.

(8)  Chun cóireáil chothrom na mbainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta a áirithiú agus cinnteoireacht a éascú i ndáil lenar cheart dóibh dul i mbun cistí infheistíochta a dháileadh go trasteorann, tá sé tábhachtach táillí agus muirir arna ngearradh ag údaráis inniúla ▌don mhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí trasteorann a bheith comhréireach leis na cúraimí maoirseachta a chuirtear i gcrích agus a nochtar go poiblí, agus chun feabhas a chur ar thrédhearcacht go ndéanfaí na táillí agus na muirir sin a fhoilsiú ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil. Ar an gcúis chéanna, ba cheart faisnéis ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil i ndáil leis na táillí agus na muirir a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin ESMA chun pointe lárnach faisnéise a bheith ann. Ba cheart do ESMA freisin uirlis idirghníomhach a áireamh ar a shuíomh gréasáin lena bhféadfaí ríomh táscach a dhéanamh ar na táillí agus ar na muirir sin arna ngearradh ag údaráis inniúla.

(9)  Chun a áirithiú gur fearr is féidir táillí nó muirir a aisghnóthú agus chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar shoiléire struchtúr na dtáillí agus na muirear, i gcás ina ngearrann údaráis inniúla na táillí nó na muirir sin, ba cheart do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta sonrasc, ráiteas maidir le híocaíocht indibhidiúil nó treoir íocaíochta ina leagtar amach go soiléir méid na dtáillí nó na muirear atá dlite agus na modhanna íocaíochta a fháil.

(10)  Ós rud é gur cheart do ESMA, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí margaidh i réimse a inniúlachta féin, tá sé iomchuí agus riachtanach eolas ESMA a fheabhsú trí bhunachair sonraí de chuid ESMA atá ann cheana a mhéadú le go n-áireofaí bunachar sonraí lárnach ina liostaítear gach CIM agus GCUI a ndéantar margaíocht orthu ar bhonn trasteorann, bainisteoirí na ngnóthas comhinfheistíochta sin agus na Ballstáit ina dtarlaíonn an mhargaíocht. Chun na críche sin, agus chun é a chur ar chumas ESMA bunachar sonraí lárnach a chothabháil ar bhealach cothrom le dáta, ba cheart d’údaráis inniúla fáisnéis maidir le fógraí, maidir le litreacha fógartha agus faisnéis a fuair siad faoi Threoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE i ndáil le gníomhaíocht mhargaíochta trasteorann a tharchur chuig ESMA, chomh maith le faisnéis faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis sin ar cheart é a dhéanamh sa bhunachar sonraí sin. I ndáil leis sin, ba cheart do ESMA tairseach fógartha a bhunú ar a bhféadfadh údaráis inniúla gach doiciméad a uaslódáil, ar doiciméid iad i ndáil le dáileadh trasteorann GCUInna agus CIManna.

(11)  Chun cothrom iomaíochta a bhaint amach idir cistí caipitil fiontair cáilitheacha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 345/2013, nó cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, ar lámh amháin, agus CIManna eile, ar an lámh eile, tá sé riachtanach rialacha maidir le réamh-mhargaíocht atá comhionann leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE maidir le réamh-mhargaíocht a chur san áireamh leis na Rialacháin sin. Le rialacha den sórt sin, ba cheart a chur ar chumas bainisteoirí arna gclárú i gcomhréir leis na Rialacháin sin díriú ar infheisteoirí trí thástáil a dhéanamh ar a spéis i ndeiseanna nó i straitéisí infheistíochta atá ar na bacáin trí bhíthin cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.

(12)  I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10), tá cuideachtaí áirithe agus daoine dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán sin díolmhaithe ó na hoibleagáidí faoin Rialachán sin go dtí an 31 Nollaig 2019. Foráiltear leis an Rialachán sin freisin go bhfuil an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh air faoin 31 Nollaig 2018, chun measúnú a dhéanamh, inter alia, ar cheart an díolúine idirthréimhseach a fhadú, nó, tar éis aon choigeartuithe riachtanacha a shainaithint, ar cheart na forálacha maidir le príomhinfheisteoirí i dTreoir 2009/65/CE a ionadú nó a mheas a bheith comhionann leis an bpríomhdhoiciméad faisnéise a leagtar síos sa Rialachán sin.

(13)  Ionas go bhféadfadh an Coimisiún an t-athbhreithniú a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 dá bhforáiltear ar dtús, ba cheart síneadh 12 mhí a chur leis an spriocdháta don athbhreithniú sin. Ba cheart don údarás inniúil de chuid Pharlaimint na hEorpa tacú le próiseas athbhreithnithe an Choimisiúin trí éisteacht a eagrú ar an ábhar leis na geallsealbhóirí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar leasanna an tionscail agus leasanna tomhaltóiri.

(14)  Chun nach bhfaigheadh infheisteoirí dhá dhoiciméad éagsúla réamhnochta, eadhon doiciméad faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir (KIID) mar a cheanglaítear le Treoir 2009/65/CE agus doiciméid faisnéise bunriachtanaí (KID) mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh.1286/2014, don ghnóthas comhinfheistíochta céanna fad is atá na gníomhartha reachtacha a eascraíonn ó athbhreithniú an Choimisiúin i gcomhréir leis an Rialachán sin á nglacadh agus á gcur chun feidhme, ba cheart síneadh 24 mhí a chur leis an díolúine idirthréimhseach ó oibleagáidí faoin Rialachán sin. Gan dochar don síneadh ama sin, ba cheart do gach institiúid agus údarás maoirseachta rannpháirteach gníomhú chomh gasta agus is féidir leo chun éascaíocht a dhéanamh ar fhoirceannadh na díolúine idirthréimhsí sin.

(15)  Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh, arna bhforbairt ag ESMA, i ndáil leis na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid chaighdeánacha agus na nósanna imeachta caighdeánacha trínar féidir le húdaráis inniúla na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta agus a gcuid achoimrí maidir le ceanglais mhargaíochta is infheidhme ina gcríocha, leibhéil na dtáillí nó na muirear a ghearrann siad le haghaidh gníomhaíochtaí trasteorann, agus, i gcás inarb infheidhme, modheolaíochtaí ríomha ábhartha a fhoilsiú agus fógra a thabhairt ina leith. Ina theannta sin, chun feabhas a chur ar tharchur faisnéise chuig ESMA, ba cheart caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh freisin i ndáil le fógraí, litreacha fógartha agus faisnéis maidir le gníomhaíochtaí margaíochta trasteorann a cheanglaítear le Treoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE agus na socruithe teicniúla is gá d’fheidhmiú na tairsí fógartha atá le bunú ag ESMA. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(16)  Is gá an fhaisnéis atá le cur ar fáil gach ráithe do ESMA a shonrú chun bunachair sonraí na ngnóthas comhinfheistíochta uile agus a mbainisteoirí a choinneáil cothrom le dáta.

(17)  Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, amhail malartú nó tarchur sonraí pearsanta arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), agus ba cheart an malartú nó tarchur faisnéise arna dhéanamh ag ESMA a bheith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12).

(18)  Chun é a chur ar chumas na n-údarás inniúil na feidhmeanna a thugtar dóibh leis an Rialachán seo a fheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na cumhachtaí riachtanacha maoirseachta agus iniúchóireachta ag na húdaráis sin.

(19)  Faoi ... [5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart forbairtí margaidh a chur san áireamh sa mheastóireacht agus ba cheart a mheasúnú inti ar chuir na bearta arna dtabhairt isteach feabhas ar dháileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta.

(20)  Faoi ...[2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ba cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú maidir le sirtheoireacht droim ar ais agus éileamh ar fhéintionscnamh an infheisteora, ina sonrófaí méid na suibscríbhinne sin i gcistí, a dháileadh geografach, lena n-áirítear i dtríú tíortha, agus a thionchar ar an gcóras pas.

(21)  Chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú, tá sé ríthábhachtach sioncrónú a dhéanamh ar dhátaí chur i bhfeidhm na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta lena gcuirtear Treoir (AE) 2019/.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13)(14) agus an Rialachán seo chun feidhme maidir le forálacha maidir le cumarsáidí margaíochta agus réamh-mhargaíocht.

(22)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon éifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú agus Aontas na Margaí Caipitil á bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le forálacha náisiúnta a fhoilsiú i dtaca le ceanglais mhargaíochta le haghaidh gnóthais comhinfheistíochta agus maidir le cumarsáidí margaíochta atá dírithe ar infheisteoirí, chomh maith le prionsabail chomhchoiteanna i ndáil le táillí agus muirir arna ngearradh ar bhainisteoirí gnóthas comhinfheistaíochta maidir lena ngníomhaíochtaí trasteorann. Foráiltear leis freisin do bhunachar sonraí lárnach a bhunú maidir le margaíocht trasteorann gnóthas comhinfheistíochta.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)  bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha;

(b)  cuideachtaí bainistíochta GCUI, lena n-áirítear aon GCUI nár ainmnigh cuideachta bhainistíochta GCUI;

(c)  bainisteoirí EuVECA; agus

(d)  bainisteoirí EuSEF.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn 'cistí infheistíochta malartacha' nó ‘CIManna’ CIManna mar a shainmhínítear iad i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE, agus áirítear ina measc EuVECAnna, EuSEFanna agus ELTIFanna;

(b)  ciallaíonn 'bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha' nó ‘BCIManna’ BCIManna mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE iad agus atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin;

(c)  ciallaíonn ‘bainisteoir EuVECA’ bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach mar a shainmhínítear i bpointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 é agus atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán sin;

(d)  ciallaíonn ‘bainisteoir EuSEF’ bainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach mar a shainmhínítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 é agus atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán sin;

(e)  ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis inniúla mar a shainmhínítear i bpointe (h) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE nó i bpointe (f) d’Airteagal 4(1) de Threoir  2011/61/AE iad nó údaráis inniúla CIM AE mar a shainmhínítear i bpointe (h) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE iad;

(f)  ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe BCIM, an bhainisteora EuVECA, an bhainisteora EuSEF nó na cuideachta bainistíochta GCUI;

(g)  ciallaíonn ‘GCUI’ GCUI arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2009/65/CE;

(h)  ciallaíonn ‘cuideachta bhainistíochta GCUI’ cuideachta bhainistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE í.

Airteagal 4

Ceanglais maidir le cumarsáidí margaíochta

1.  Áiritheoidh BCIManna, bainisteoirí EuVECAnna, bainisteoirí EuSEFanna agus cuideachtaí bainistíochta GCUInna go mbeidh na cumarsáidí margaíochta go léir atá dírithe ar infheisteoirí so-aitheanta mar mhargaíocht agus go gcuirfear síos iontu ar na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le haonaid nó scaireanna in CIM nó le haonaid GCUI a cheannach ar bhealach atá chomh feiceálach céanna, agus go bhfuil an fhaisnéis go léir atá san áireamh i gcumarsáidí margaíochta cothrom, soiléir agus nach bhfuil sí míthreorach.

2.  Áiritheoidh cuideachtaí bainistíochta GCUI maidir le ▌cumarsáidí margaíochta ina bhfuil faisnéis shonrach maidir le GCUInna, nach ndéanfaidh siad cur in aghaidh nó baint ó thábhacht na faisnéise ▌atá sa réamheolaire ar faisnéis í dá dtagraítear in Airteagal 68 de Threoir 2009/65/CE san fhaisnéis bhunriachtanach d’infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 78 den Treoir sin. Áiritheoidh cuideachtaí bainistíochta GCUI go léireofar i ngach cumarsáid mhargaíochta go bhfuil réamheolaire ann agus go bhfuil an fhaisnéis bhunriachtanach d’infheisteoirí ar fáil. Sonrófar sna cumarsáidí margaíochta sin an áit, an dóigh agus an teanga inar féidir le hinfheisteoirí nó infheisteoirí féideartha an réamheolaire agus an fhaisnéis bhunriachtanach d’infheisteoirí a fháil agus soláthrófar iontu hipearnaisc nó seoltaí suíomhanna gréasáin le haghaidh na ndoiciméad sin.

3.  Sonrófar sna cumarsáidí margaíochta dá dtagraítear i mír 2 an áit, an dóigh agus an teanga inar féidir le hinfheisteoirí nó le hinfheisteoirí féideartha achoimre a fháil ar chearta infheisteoirí agus cuirfear ar fáil iontu hipearnaisc chuig an achoimre sin, ina n-áireofar, de réir mar is iomchuí, fáisnéis faoi rochtain ar shásraí comhshásaimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i gcás dlíthíochta.

Ba cheart a áireamh sna cumarsáidí margaíochta freisin faisnéis shoiléir a thabharfadh le fios go bhféadfaidh an bainisteoir nó an chuideachta bhainistíochta amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh na socruithe le haghaidh mhargaíocht a ngnóthas comhinfheistíochta a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 93a de Threoir 2009/65/CE agus le hAirteagal 32a de Threoir 2011/61/AE.

4.  Áiritheoidh BCIManna bainisteoirí EuVECAnna agus bainisteoirí EuSEFanna maidir le ▌cumarsáidí margaíochta, ar cumarsáidí iad ina gcuimsítear cuireadh chun aonaid nó scaireanna in CIM a cheannach ina bhfuil faisnéis shonrach maidir le CIM, nach dtiocfaidh siad salach ar an bhfaisnéis atá le nochtadh d’infheisteoirí i gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir 2011/61/AE, le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 nó le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013, ná go laghdóidh sé a shuntas.

5.  Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 den Airteagal seo maidir le CIManna a fhoilsíonn réamheolaire i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15), nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó a chuireann i bhfeidhm rialacha maidir le formáid agus inneachar na faisnéise bunriachtanaí d’infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 78 de Threoir 2009/65/CE.

6.  Faoin... [24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], eiseoidh ESMA treoirlínte, agus, ina dhiaidh sin, tabharfaidh sé na treoirlínte sin cothrom le dáta ar bhonn tréimhsiúil, maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas le haghaidh cumarsáidí margaíochta dá dtagraítear i mír 1, agus gnéithe ar líne na gcumarsáidí margaíochta sin á gcur san áireamh.

Airteagal 5

Forálacha náisiúnta maidir le ceanglais mhargaíochta a fhoilsiú

1.  Déanfaidh údaráis inniúla faisnéis iomlán atá cothrom le dáta maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta go léir is infheidhme lena rialaítear ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIManna agus GCUInna, a fhoilsiú agus a choinneáil ar a suíomhanna gréasáin, mar aon le hachoimrí orthu, i dteanga amháin ar a laghad is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

2.  Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ESMA ▌maidir leis na hipearnaisc chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil áit a bhfoilsítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ESMA faoi aon athrú ar an bhfaisnéis arna soláthar faoin gcéad fhomhír den mhír seo gan aon moill mhíchuí.

3.  Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a chinneadh le haghaidh na bhfoilseachán agus na bhfógraí faoin Airteagal seo.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin ...[18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 6

Bunachar sonraí lárnach ESMA maidir le forálacha náisiúnta a bhaineann le ceanglais mhargaíochta

Faoin ...[30 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], foilseoidh agus coinneoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin bunachar sonraí lárnach ina bhfuil na ▌hachoimrí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), agus na hipeanaisc chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

Airteagal 7

Fíorú ex-ante ar chumarsáidí margaíochta

1.  Chun comhlíonadh an Rialacháin seo agus na bhforálacha náisiúnta maidir le ceanglais mhargaíochta a fhíorú, agus chun na críche sin amháin, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar chuideachtaí bainistíochta GCUI réamhfhógra a thabhairt faoi chumarsáidí margaíochta a bhfuil sé ar intinn acu iad a úsáid go díreach nó go hindíreach ina ngnóthaíocht le hinfheisteoirí.

Is éard a bheidh sa cheanglas maidir le réamhfhógra a thabhairt dá dtagraítear sa chéad fhomhír ná réamhchoinníoll le haghaidh mhargaíocht aonaid GCUI agus ní bheidh sé ina chuid den nós imeachta fógartha dá dtagraítear in Airteagal 93 de Threoir 2009/65/CE.

I gcás ina gceanglaíonn údaráis inniúla réamhfhógra a thabhairt amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh siad iarraidh ar bith chun leasú a dhéanamh ar a gcumarsáidí margaíochta in iúl do chuideachta bhainistíochta GCUI laistigh de 10 lá oibre ón gcumarsáid mhargaíochta a fháil.

Féadtar an réamhfhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a éileamh ar bhonn córasach nó i gcomhréir le haon chleachtais fíorúcháin eile agus is gan dochar é d’aon chumhacht mhaoirseachta chun fíorú ex-post a dhéanamh ar chumarsáidí margaíochta.

2.  Déanfaidh údaráis inniúla a cheanglaíonn réamhfhógra a thabhairt maidir le cumarsáidí margaíochta a dhéanamh nósanna imeachta a bhunú, a chur i bhfeidhm agus a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin le haghaidh réamhfhógra den sórt sin a thabhairt. Áiritheoidh na rialacha agus na nósanna imeachta inmheánacha cóireáil thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach le haghaidh gach GCUI, gan beann ar na Ballstáit ina bhfuil na GCUInna údaraithe.

3.  I gcás ina ndéanann ▌CIManna, bainisteoirí EuVECAnna nó bainisteoirí EuSEFanna aonaid nó scaireanna ▌a CIManna a mhargú d’infheisteoirí miondíola, beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1 agus 2 ▌i leith na CIManna, na mbainisteoirí EuVECAnna nó na mbainisteoirí EuSEFanna sin.

Airteagal 8

Tuairisciú ESMA maidir le cumarsáidí margaíochta

1.   Faoin 31 Márta de gach dara bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis ▌seo a leanas a thuairisciú do ESMA ▌:

(a)  an ▌líon iarrataí ar leasuithe ar chumarsáidí margaíochta arna ndéanamh ar bhonn fíorú ex-ante, i gcás inarb infheidhme;

(b)  an líon iarrataí ar leasuithe agus cinntí a glacadh ar bhonn fíorú ex-post, a idirdhealaíonn go sonrach idir na sáruithe is minice, lena n-áirítear cur síos ar na sáruithe agus cineál na sáruithe sin;

(c)  cur síos ar na sáruithe is minice ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 4; agus

(d)  sampla amháin de gach ceann de na sáruithe dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c).

2.   Faoin 30 Meitheamh 2021 agus gach dara bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh ESMA tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin ina gcuirtear i láthair forléargas ar na ceanglais mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) i ngach Ballstát agus beidh ann anailís ar éifeachtaí na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta lena rialaítear cumarsáidí margaíochta atá bunaithe freisin ar an bhfaisnéis arna fáil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 9

Prionsabail chomhchoiteanna maidir le táillí nó muirir

1.  Sa chás go bhfuil táillí nó muirir á ngearradh ag údaráis inniúla i leith a gcúraimí a chomhlíonadh i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann BCIManna, bhainisteoirí EuVECAnna, bhainisteoirí EuSEFanna agus chuideachtaí bainistíochta GCUInna, beidh na táillí nó na muirir sin comhsheasmhach leis an gcostas iomlán a bhaineann le ▌feidhmiú fheidhmeanna an údaráis inniúil.

2.  Le haghaidh ▌na dtáillí nó na muirear dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis inniúla sonrasc, ráiteas maidir le híocaíocht indibhidiúil nó treoir íocaíochta, ina leagfar amach go soiléir an modh íocaíochta agus an dáta atá an íocaíocht dlite, a chur chuig an seoladh dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 93(1) de Threoir 2009/65/CE nó pointe (i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/61/AE.

Airteagal 10

Forálacha náisiúnta maidir le táillí agus muirir a fhoilsiú

1.  Faoin … [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na húdaráis inniúla bunachair sonraí a fhoilsiú agus faisnéis atá cothrom le dáta a choinneáil ar a suíomhanna gréasáin ▌ina liostófar na táillí nó na muirir dá dtagraítear in Airteagal 9(1), nó i gcás inarb infheidhme, na modheolaíochtaí ríomha le haghaidh na dtáillí nó na muirear sin, i dteanga amháin ar a laghad is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

2.  Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ESMA maidir leis na hipearnaisc chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil áit a bhfoilsítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

3.  Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid chaighdeánacha agus na nósanna imeachta caighdeánacha a chinneadh le haghaidh na bhfoilseachán agus na bhfógraí faoin Airteagal seo.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin ...[18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11

Foilseachán ESMA maidir le táillí agus muirir

1.  Faoin ... [30 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] foilseoidh ESMA hipearnaisc ar a shuíomh gréasáin chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Déanfar na hipearnaisc sin a choinneáil cothrom le dáta.

2.  Faoin ... [30 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh ESMA uirlis idirghníomhach a fhorbairt agus a chur ar fáil ar a shuíomh gréasáin, a thabharfaidh ríomh táscach ar na táillí nó na muirir dá dtagraítear in Airteagal 9(1), a mbeidh rochtain ag an bpobal uirthi i dteanga amháin ar a laghad is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta▌. Coinneofar an uirlis sin cothrom le dáta.

Airteagal 12

Bunachar sonraí lárnach ESMA maidir le margaíocht trasteorann ar CIManna agus GCUInna

1.  Faoin … [30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], foilseoidh ESMA ▌ ar a shuíomh gréasáin bunachar sonraí lárnach maidir le margaíocht trasteorann CIManna agus GCUInna, a bheidh ar fáil don phobal i dteanga amháin is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, ina liostófar ▌:

(a)  gach CIM a ndéantar margaíocht air i mBallstát eile seachas an Ballstát baile, a BCIM, a bhainisteoir EuSEF agus a bhainisteoir EuVECA, agus an Ballstát ina bhfuil margaíocht ar siúl air; agus

(b)  gach CIM a ndéantar margaíocht air i mBallstát eile seachas Ballstát baile an GCUI mar a shainmhínítear i bpointe (e) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE, a gcuideachta bhainistíochta GCUI gus na Ballstáit ina bhfuil margaíocht ar siúl air.

Déanfar an bunachar sonraí lárnach sin a choinneáil cothrom le dáta.

2.  Beidh na hoibleagáidí san Airteagal seo agus in Airteagal 13 a bhaineann leis an mbunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo gan dochar do na hoibleagáidí a bhaineann leis an liosta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 6(1) de Threoir 2009/65/CE, don chlár poiblí lárnach dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 7(5) de Threoir 2011/61/AE, don bhunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus don bhunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 346/2013.

Airteagal 13

Caighdeánú fógraí chuig ESMA

1.  Gach ráithe, cuirfidh Ballstáit bhaile na n-údarás inniúil ESMA ar an eolas faoin bhfaisnéis is gá le haghaidh chruthú agus chothabháil an bhunachair sonraí lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán seo i ndáil le haon fhógra, ▌litir fógartha ▌nó ▌faisnéis dá dtagraítear in ▌Airteagal 93(1) agus Airteagal 93a(2) de Threoir 2009/65/CE agus in Airteagal 31(2), ▌Airteagal 32(2) agus in Airteagal 32a(2) ▌de Threoir 2011/61/AE, agus aon athruithe ar an bhfaisnéis sin, i gcás ina mbeadh mar thoradh ar na hathruithe sin go dtiocfadh athrú ar an bhfaisnéis sa bhunachar sonraí lárnach.

2.  Déanfaidh ESMA tairseach fógartha a bhunú ar a ndéanfaidh gach údarás inniúil doiciméid a uaslódáil, ar doiciméid iad dá dtagraítear i mír 1.

3.  Déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar an fhaisnéis atá le cur in iúl, chomh maith le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta do chumarsáid na faisnéise sin ag na húdaráis inniúla chun críocha mhír 1, agus na socruithe teicniúla is gá d’fheidhmiú na tairsí fógartha dá dtagraítear i mír 2.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin ...[18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 14

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.  Beidh ag na húdaráis inniúla gach cumhacht maoirseachta agus imscrúdaithe is gá chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil leis an Rialachán seo.

2.  Beidh na cumhachtaí a thugtar d'údaráis inniúla de bhun Threoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE, Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) 2015/760,, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le pionóis nó le bearta eile, beidh feidhm acu maidir leis na bainisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 15

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 345/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 mar a leanas:

(1)  in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:"

‘(o) ciallaíonn ‘réamh-mhargaíocht’ ▌faisnéis a sholáthar faoi chumarsáidí, díreacha nó indíreacha, maidir le straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta, ar margaíocht í a dhéanann bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach, nó thar a cheann, atá dírithe ar infheisteoirí féideartha atá ina gcónaí nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas chun a fháil amach cén spéis atá acu i gciste caipitil fiontair cáilitheach nach bhfuil ar bun fós, nó i gciste caipitil fiontraíochta cáilitheach atá ar bun, ach nár thug fógra fós maidir le margaíocht i gcomhréir le hAirteagal 15, sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar na hinfheisteoirí féideartha nó ina bhfuil a n-oifig chláraithe, agus nach tairiscint ná socrúchán don infheisteoir féideartha atá i gceist, i gceachtar den dá chás sin, chun infheistiú in aonaid nó scaireanna an chiste caipitil fiontair cháilithigh sin.’;

"

(2)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 4a

1.  Féadfaidh bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach dul i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaíochta san Aontas, ach amháin i gcás ina mbaineann an méid a leanas leis an bhfaisnéis arna cur i láthair d’infheisteoirí ionchasacha:

   (a) cuireann sí ar chumas infheisteoirí gealltanas a thabhairt aonaid nó scaireanna de chiste caipitil fiontair cáilitheach áirithe a fháil;
   (b) is ionann í ▌agus foirmeacha suibscríbhinne nó doiciméid chomhchosúla i bhfoirm dhréachtach nó i bhfoirm dheiridh ▌; nó
   (c) is ionann í agus doiciméid chomhdhéanaimh, réamheolaire nó doiciméid tairisceana, ina bhfoirmeacha deiridh, de chuid ciste caipitil fiontair cáilitheach nár bunaíodh fós.

I gcás ina gcuirtear dréacht-réamheolaire nó doiciméid tairisceana ar fáil, ní chuimseofar iontu an fhaisnéis leordhóthanach, rud a chuirfidh ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh agus luafar go soiléir an méid seo a leanas:

   (a) ní hionann iad agus tairiscint nó cuireadh chun suibscríbhinn a ghlacadh le haonaid ná le scaireanna i gciste caipitil fiontair cáilitheach; agus
   (b) níor cheart a bheith ag brath ar an bhfaisnéis atá sna doiciméid sin ós rud é gur faisnéis neamhiomlán í agus go bhféadfadh athrú teacht uirthi.

2.  Ní cheanglóidh údaráis inniúla ar bhainisteoir ar chiste chaipitil fiontair cáilitheach fógra a thabhairt d’údaráis inniúla maidir le hábhar nó le seolaithe na réamh-mhargaíochta, ná aon choinníollacha nó ceanglais a chomhlíonadh seachas iadsan a leagtar amach san Airteagal seo, sula dtabharfaidh sé faoin réamh-mhargaíocht.

3.   Áiritheoidh cistí caipitil fiontair cáilitheacha nach bhfaighidh infheisteoirí aonaid nó scaireanna i gciste caipitil fiontair cáilitheach trí réamh-mhargaíocht agus nach bhféadfaidh infheisteoirí a rachfar i dteagmháil leo mar chuid de réamh-mhargaíocht ach aonaid nó scaireanna sa chiste caipitil fiontair cáilitheach sin tríd an margaíocht a cheadaítear faoi Airteagal 15.

Aon suibscríbhinn a ghlacfaidh infheisteoirí gairmiúla, laistigh de 18 mí ón tráth a rinne bainisteoir ar chiste chaipitil fiontair cáilitheach tús a chur leis an réamh-mhargaíocht, d’aonaid nó scaireanna i gciste caipitil fiontair cáilitheach dá dtagraítear san fhaisnéis arna soláthar sa chomhthéacs réamh-mhargaíochta, nó ciste caipitil fiontair cáilitheach mar thoradh ar réamh-mhargaíocht, measfar é a bheidh mar thoradh ar mhargaíocht agus beidh sé faoi féir na nósanna imeachta fógartha is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 15.

4.  Laistigh de dhá sheachtain tar éis dóibh tús a chur le réamh-mhargaíocht, cuirfidh bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach litir neamhfhoirmiúil, i bhfoirm páipéir nó trí mheáin leictreonacha, chuig an údarás inniúil ina Bhallstát baile. Sonrófar sa litir sin na Ballstáit ina bhfuil an réamh-mhargaíocht á tarlú nó inar tharla sí agus na tréimhsí ina bhfuil sí á tarlú nó inar tharla sí, beidh cur síos inti ar an réamh-mhargaíocht lena n-áirítear faisnéis maidir le straitéisí infheistíochta a cuireadh i láthair agus, i gcás inarb iomchuí, beidh liosta inti de na cistí caipitil fiontair cáilitheacha arb iadsan nó arbh iadsan ábhar na réamh-mhargaíochta. Cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an bhainisteora ar chiste caipitil fiontair cáilitheach na húdaráis inniúla de chuid an Bhallstáit ina ndéanann nó ina ndearna an bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach an réamh-mhargaíocht ar an eolas go pras. Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil réamh-mhargaíocht á tarlú nó inar tharla sí a iarraidh go gcuirfeadh údaráis inniúla Bhallstát baile an bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach faisnéis bhreise ar fáil maidir leis an réamh-mhargaíocht atá á tarlú nó a tharla ina chríoch.

5.  Ní thabharfaidh tríú páirtí faoi réamh-mhargaíocht thar ceann bainisteoir údaraithe ar chiste caipitil fiontair cáilitheach áit a bhfuil sé údaraithe mar ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, mar chuideachta bhainistíochta GCUI i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, mar bhainisteoir ar chiste infheistíochta malartach i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, nó gníomhartha mar ghníomhaire faoi cheangal i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE. Beidh an tríú páirtí sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

6.  Déanfaidh bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheach ▌a áirithiú go ndéanfar doiciméadú leormhaith ar réamh-mhargaíocht.

_____________

* Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

** Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).’.

"

Airteagal 16

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 346/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 mar a leanas:

(1)  in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:"

‘(o) ciallaíonn ‘réamh-mhargaíocht’ ▌faisnéis a sholáthar faoi chumarsáidí, díreacha nó indíreacha, maidir le straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta, ar margaíocht í a dhéanann bainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, nó thar a cheann, atá dírithe ar infheisteoirí féideartha atá ina gcónaí nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas chun a fháil amach cén spéis atá acu i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ▌nach bhfuil ar bun fós, nó i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá ar bun, ach nár thug fógra fós maidir le margaíocht i gcomhréir le hAirteagal 16, sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar na hinfheisteoirí féideartha nó ina bhfuil a n-oifig chláraithe, agus nach tairiscint ná socrúchán don infheisteoir féideartha atá i gceist, i gceachtar den dá chás sin, chun infheistiú in aonaid nó scaireanna an chiste fiontraíochta sóisialta sin.’;

"

(2)  cuirtear an tAirteagal a leanas isteach:"

‘Airteagal 4a

1.  Féadfaidh bainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach dul i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaíochta san Aontas, ach amháin sa chás go mbaineann an méid a leanas leis an bhfaisnéis arna cur i láthair d’infheisteoirí féideartha:

   (a) cuireann sí ar chumas infheisteoirí gealltanas a thabhairt aonaid nó scaireanna de chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach áirithe a fháil;
   (b) is ionann í ▌agus foirmeacha suibscríbhinne nó doiciméid chomhchosúla i bhfoirm dhréachtach nó i bhfoirm dheiridh ▌; nó
   (c) is ionann í agus doiciméid chomhdhéanaimh, réamheolaire nó doiciméid tairisceana, ina bhfoirmeacha deiridh, de chuid ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nár bunaíodh fós.

I gcás ina gcuirtear dréacht-réamheolaire nó doiciméid tairisceana ar fáil, nach gcuimsítear iontu faisnéis leordhóthanach, rud a chuirfidh ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh agus luafar go soiléir an méid seo a leanas:

   (a) ní hionann iad agus tairiscint nó cuireadh chun suibscríbhinn a ghlacadh in aonaid ná i scaireanna i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach; agus
   (b) níor cheart a bheith ag brath ar an bhfaisnéis atá sna doiciméid sin ós rud é gur faisnéis neamhiomlán í agus go bhféadfadh athrú teacht uirthi.

2.  Ní cheanglóidh údaráis inniúla ar bhainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach fógra a thabhairt d’údaráis inniúla maidir le hábhar nó le seolaithe na réamh-mhargaíochta, ná aon choinníollacha nó ceanglais a chomhlíonadh seachas iadsan a leagtar amach san Airteagal seo, sula dtabharfaidh sé faoin réamh-mhargaíocht.

3.  Áiritheoidh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha nach bhfaighidh infheisteoirí aonaid nó scaireanna i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach trí ghníomhaíochtaí réamh-mhargaíochta agus nach bhféadfaidh infheisteoirí a rachfar i dteagmháil leo mar chuid de réamh-mhargaíocht ach aonaid nó scaireanna sa chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach sin tríd an margaíocht a cheadaítear faoi Airteagal 16.

Ba cheart a mheas gur de thoradh na margaíochta ar aon suibscríbhinn ag infheisteoirí gairmiúla, laistigh de 18 mí tar éis don bhainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach tús a chur le réamh-mhargaíocht, le haonaid nó scaireanna de chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach dá dtagraítear san fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhthéacs na réamh-mhargaíochta, nó ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach arna bhunú de thoradh na réamh-mhargaíochta agus ba cheart iad a bheith faoi réir nósanna imeachta fógartha dá dtagraítear in Airteagal 16.

4.  Laistigh de dhá sheachtain tar éis dóibh tús a chur le réamh-mhargaíocht, cuirfidh bainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach litir neamhfhoirmiúil, i bhfoirm páipéir nó trí mheáin leictreonacha, chuig an údarás inniúil ina Bhallstát baile. Sonrófar sa litir sin na Ballstáit ina bhfuil an réamh-mhargaíocht á tarlú nó inar tharla sí agus na tréimhsí ina bhfuil sí á tarlú nó inar tharla sí, beidh cur síos inti ar an réamh-mhargaíocht lena n-áirítear faisnéis maidir le straitéisí infheistíochta a cuireadh i láthair agus, i gcás inarb iomchuí, beidh liosta inti de na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha arb iadsan nó arbh iadsan ábhar na réamh-mhargaíochta. Cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an bhainisteora ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach na húdaráis inniúla de chuid an Bhallstáit ina ndéanann nó ina ndearna an bainisteoir ar an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach an réamh-mhargaíocht ar an eolas go pras. Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil réamh-mhargaíocht á tarlú nó inar tharla sí a iarraidh go gcuirfeadh údaráis inniúla Bhallstát baile an bhainisteora ar an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach faisnéis bhreise ar fáil maidir leis an réamh-mhargaíocht atá á tarlú nó a tharla ina gcríoch.

5.  Ní thabharfaidh tríú páirtí faoi réamh-mhargaíocht thar ceann an bhainisteora údaraithe ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach áit a bhfuil sé údaraithe mar ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, mar chuideachta bhainistíochta GCUI i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, mar bhainisteoir ar chiste infheistíochta malartach i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, nó ní ghníomhóidh sé mar ghníomhaire faoi cheangal i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE. Beidh an tríú páirtí sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

6.  Déanfaidh bainisteoir ar chiste caipitil fiontair cáilitheacha áirithiú go ndéanfar doiciméadú leormhaith ar réamh-mhargaíocht.

_____________

* Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

** Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).’.

"

Airteagal 17

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 mar a leanas:

(1)  in Airteagal 32(1), cuirtear '31 Nollaig 2021' in ionad '31 Nollaig 2019'.

(2)  leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)  sa chéad fhomhír de mhír 1, cuirtear '31 Nollaig 2019' in ionad '31 Nollaig 2018'.

(b)  sa chéad fhomhír de mhír 2, cuirtear '31 Nollaig 2019' in ionad '31 Nollaig 2018';

(c)  sa chéad fhomhír de mhír 4, cuirtear '31 Nollaig 2019' in ionad '31 Nollaig 2018'.

Airteagal 18

Meastóireacht

Faoin ... [60 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, ar bhonn comhairliúchán poiblí agus i bhfianaise idirphléití le ESMA agus le húdaráis inniúla, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Faoin ... [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn comhairliúchán le húdaráis inniúla, le ESMA agus le geallsealbhóirí eile, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le sirtheoireacht droim ar ais agus éileamh ar fhéintionscnamh an infheisteora, ina sonrófar méid an chineáil suibscríbhinne i gcistí, a dháileadh geografach, lena n-áirítear tríú tíortha, agus a thionchar ar an gcóras pas. Déanfar iniúchadh sa tuarascáil freisin ar cheart an tairseach fógartha arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 13(2) a fhorbairt ionas go dtarlódh gach aistriú doiciméad idir na húdaráis inniúla tríd mheán na tairsí sin.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón …[dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 4(1) go (5), ag Airteagal 5(1) agus (2), ag Airteagail 15 agus ag Airteagal 16 ón ... [24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 367, 10.10.2018, lch. 50.
(2)IO C 367, 10.10.2018, lch. 50.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019.
(4)Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch 18).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).
(8)Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna)(IO L 302, 17.11.2009, lch 32).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).
(11)Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch 1).
(12)Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(13) Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an... lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE i dtaca le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta (IO L...).
(14)+ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad PE-CONS 54/19 (2018/0041(COD)) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
(15)Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch 12).


Ceanglais Chaipitil (Rialachán) ***I
PDF 1427kWORD 492k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaí, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomh-infheistíochta,leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (COM(2016)0850 – C8-0480/2016 – 2016/0360A(COD))
P8_TA-PROV(2019)0369A8-0242/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0850),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0480/2016),

—  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Samhain 2017(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 30 Márta 2017(2),

–  ag féachaint don chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 18 Bealtaine 2017 chun a údarú don Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta an togra ón gCoimisiún thuasluaite a roinnt agus dhá thuarascáil reachtach ar leith a tharraingt suas ar a bhonn,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0242/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

P8_TC1-COD(2016)0360A


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Tar éis na géarchéime airgeadais a tháinig chun cinn le linn na mblianta 2007-2008, chuir an tAontas athchóiriú mór chun feidhme ar chreat rialála na seirbhísí airgeadais chun athléimneacht a chuid institiúidí airgeadais a fheabhsú. Bunaíodh an t-athchóiriú sin go mór ar na caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) in 2010, comhaontú ar a dtugtar Creat Basel III. Ar na bearta iomadúla a bhí sa phacáiste athchóiriúcháin, bhí glacadh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), reachtaíocht lenar daingníodh na ceanglais stuamachta maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (institiúidí).

(2)  Cé go bhfuil an córas airgeadais níos cobhsaí agus níos athléimní i gcoinne cuid mhór cineálacha suaite agus géarchéime a d’fhéadfadh bheith ann sa todhchaí, a bhuí leis an athchóiriú, ní dheachaigh an t-athchóiriú i ngleic go cuimsitheach fós leis na fadhbanna uile a sainaithníodh. Cúis thábhachtach leis sin nach raibh a gcuid oibre ar réitigh a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin an tráth sin críochnaithe ag lucht socraithe na gcaighdeán idirnáisiúnta, amhail CBMB agus an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB). Ós rud é go bhfuil an obair ar athchóirithe tábhachtacha breise críochnaithe anois, ba cheart dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann fós.

(3)  I dteachtaireacht uaidh an 24 Samhain 2015 dar teideal “Towards the completion of the Banking Union” [I dtreo chomhlánú an Aontais Baincéireachta], d’aithin an Coimisiún go raibh gá le tuilleadh laghdaithe priacail agus gheall sé go gcuirfeadh sé togra reachtach chun cinn a bheadh bunaithe ar chaighdeán a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta. D’aithin an Chomhairle sna conclúidí uaithi an 17 Meitheamh 2016 agus d’aithin Parlaimint na hEorpa sa rún uaithi an 10 Márta 2016 maidir leis an Aontas Baincéireachta - Tuarascáil Bhliantúil 2015(8) gur ghá tuilleadh céimeanna reachtacha nithiúla a thabhairt ó thaobh priacal a laghdú.

(4)  Ní hamháin gur cheart go neartódh na bearta laghdaithe priacail athléimneacht chóras baincéireachta na hEorpa agus muinín na margaí ann, ach ba cheart dóibh freisin bonn a sholáthar chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an Aontas Baincéireachta a thabhairt chun críche. Lena chois sin, ba cheart dearcadh ar na bearta sin ar chúlra na ndúshlán níos leithne atá roimh gheilleagar an Aontais, go háirithe an gá atá ann fás agus poist a chur chun cinn nuair nach mbíonn cinnteacht maidir leis an ionchas eacnamaíochta. Ina fhianaise sin, seoladh mórthionscnaimh bheartais éagsúla, amhail an Plean Infheistíochta don Eoraip agus Aontas na Margaí Caipitil d’fhonn geilleagar an Aontais a neartú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go n-idiroibreodh na bearta laghdaithe priacail ar fad go réidh leis na tionscnaimh bheartais sin uile agus le hathchóirithe níos leithne a rinneadh le déanaí san earnáil airgeadais chomh maith.

(5)  Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a bheith coibhéiseach le caighdeáin idirnáisiúnta a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta agus ba cheart a áirithiú leo go leanfaí den choibhéis idir Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar thaobh amháin agus Creat Basel III ar an taobh eile. Ba cheart teorainn réime agus ama a bheith leis na coigeartaithe spriocdhírithe a dhéanfar chun bheith ag teacht le sonraíochtaí an Aontais agus le ceisteanna beartais níos leithne d’fhonn nach gcuirfear isteach ar fhónamh fhoriomlán an chreata stuamachta.

(6)  Ba cheart bearta laghdaithe priacail atá ann cheana agus, go háirithe, ceanglais tuairiscithe agus nochta a fheabhsú freisin chun a áirithiú gur féidir iad a chur i bhfeidhm ar chaoi níos comhréirí agus nach gcruthóidh siad ualach comhlíonta rómhór, go háirithe i gcás institiúidí atá níos lú agus nach bhfuil a oiread castachta ag baint leo.

(7)  Teastaíonn sainmhíniú beacht maidir le hinstitiúidí beaga neamhchasta ionas gur féidir simpliú dírithe a dhéanamh i ndáil le cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta. Agus tairseach absalóideach amháin ann ina aonar, ní chuirtear san áireamh sainiúlachtaí na margaí náisiúnta baincéireachta. Is gá mar sin go mbeidh na Ballstáit in ann feidhmiú de réir a mbreithiúnas féin chun an tairseach a thabhairt i gcomhréir le himthosca intíre agus í a choigeartú trína hísliú de réir mar is iomchuí. Ós amhlaidh nach í méid na hinstitiúide féin fachtóir sainiúil a próifíle priacail, is gá freisin critéir cháilíochtúla bhreise a chur i bhfeidhm lena áirithiú nach measfar ach i gcás ina gcomhlíonfaidh sí na critéir ábhartha go léir gur institiúid bheag neamhchasta í institiúid, a bheidh in ann tairbhe a bhaint as rialacha níos comhréirí.

(8)  Cuidíonn cóimheasa luamhánaithe le cobhsaíocht airgeadais a choimeád trí bheith ina gcúlstop ag ceanglais chaipitil atá bunaithe ar phriacal agus trí shrian a chur le giaráil rómhór le linn cora chun feabhais sa gheilleagar. D’athbhreithnigh CBMB an caighdeán idirnáisiúnta maidir leis an gcóimheas luamhánaithe chun gnéithe áirithe eile de dhearadh an chóimheasa sin a shonrú. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ailíniú leis an gcaighdeán athbhreithnithe chun cothroime iomaíochta idirnáisiúnta le haghaidh institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh laistigh den Aontas ach a fheidhmítear lasmuigh den Aontas a áirithiú, agus chun a áirithiú go leanfaidh an cóimheas luamhánaithe sin de bheidh ina chomhlánú éifeachtach ar na ceanglais phriacal-bhunaithe maidir le cistí dílse. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas cóimheasa luamhánaithe a thabhairt isteach chun córas tuairiscithe agus nochta an chóimheasa luamhánaithe a chomhlánú.

(9)  Chun nach gcuirfear srian nach bhfuil gá leis le hiasachtú ó institiúidí do chorparáidí agus do theaghlaigh phríobháideacha agus chun drochthionchar nach bhfuil gá leis ar leachtacht an mhargaidh a chosc, ba cheart an ceanglas cóimheasa luamhánaithe a shocrú ar leibhéal ar a ngníomhóidh sé mar chúlstop inchreidte ag an bpriacal go mbeidh giaráil rómhór ann gan bac a chur ar fhás eacnamaíoch.

(10)  Is é an chonclúid a bhí ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) sa tuarascáil a thíolaic sé an 3 Lúnasa 2016 maidir leis an gceanglas cóimheasa luamhánaithe gur feidhm chúlstop inchreidte a bheadh i gcóimheas luamhánaithe caipitil Leibhéal 1 arna chalabrú ag 3 % le haghaidh aon chineál institiúide creidmheasa. Lena chois sin, chomhaontaigh CBMB ar leibhéal idirnáisiúnta go mbeadh ceanglas cóimheasa luamhánaithe ag 3 % ann. Dá bhrí sin, ba cheart an ceanglas cóimheasa luamhánaithe a chalabrú ag 3 %.

(11)  Mar sin féin, dá mbeadh ceanglas cóimheasa luamhánaithe ag 3 % ann, is mó an srian a chuirfí le samhlacha gnó áirithe ná leis an gcuid eile. Go háirithe, d’imreofaí tionchar míréireach ar an iasachtú poiblí a dhéantar ó bhainc forbartha poiblí agus le creidmheasanna onnmhairiúcháin a fhaighdeann tacaíocht oifigiúil. Dá bhrí sin, ba cheart an cóimheas luamhánaithe a choigeartú le haghaidh na gcineálacha sin risíochtaí. Dá bhrí sin, ba cheart critéir shoiléire a leagan amach lena gcuideofar le sainordú poiblí d’institiúidí creidmheasa den sórt sin a fháil amach agus gnéithe amhail a mbunú, na gníomhaíochtaí a dhéanann siad, a gcuspóir agus na socruithe ráthaíochta ó chomhlachtaí poiblí agus teorainneacha ar ghníomhaíochtaí glactha taiscí a chumhdach. Ba cheart, áfach, go mbeadh foirm agus modh bhunú institiúidí creidmheasa den chineál sin faoi rogha rialtas lárnach, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil an Bhallstáit, agus d’fhéadfadh bunú institiúide creidmheasa nua, nó eintiteas atá ann cheana a fháil nó a tháthcheangal ag údaráis phoiblí, lena n-áirítear trí lamháltais agus i gcomhthéacs na nósanna imeachta réitigh, a bheith i gceist.

(12)  Níor cheart go mbainfí d’éifeacht soláthair seirbhísí imréitigh lárnacha a chuireann na hinstitiúidí ar fáil do chliaint mar gheall ar chóimheas luamhánaithe. Dá bhrí sin, na corrlaigh thosaigh ar idirbhearta arna n-imréiteach go lárnach a fhaigheann institiúidí óna gcliaint agus a chuireann siad ar aghaidh chuig contrapháirtithe lárnacha (CPLanna), ba cheart iad a eisiamh ón tomhas risíochta iomlán.

(13)  In imthosca eisceachtúla ina mbíonn bonn le risíochtaí ar bhainc cheannais a eisiamh ón gcóimheas luamhánaithe agus d’fhonn cur chun feidhme beartas airgeadaíochta a éascú, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann risíochtaí den sórt sin a eisiamh, ar bhonn sealadach, ón tomhas risíochta iomlán. Chun na críche sin, ba cheart dóibh a fhógairt go poiblí, tar éis dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais ábhartha, go bhfuil imthosca eisceachtúla den sórt sin ann. Ba cheart an ceanglas cóimheasa luamhánaithe a athchalabrú go comhréireach chun tionchar an eisiata a fhritháireamh. Ba cheart a áirithiú, le hathchalabrú den sórt sin, go n-eisiafaí priacail do chobhsaíocht airgeadais a dhéanann difear do na hearnálacha baincéireachta ábhartha, agus go gcoinneofaí an athléimneacht a thugtar leis an gcóimheas luamhánaithe.

(14)  Is cuí ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chur chun feidhme i ndáil le hinstitiúidí a aithnítear gur institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) iad i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE agus caighdeán CBMB maidir le maolán cóimheasa luamhánaithe le haghaidh bainc dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIBanna) a foilsíodh i mí na Nollag 2017. Rinne CBMB an maolán cóimheasa luamhánaithe a chalabrú leis an aidhm shonrach na priacail inchomparáide níos mó ar an gcobhsaíocht airgeadais mar gheall ar G-SIBanna a mhaolú agus, i bhfianaise an mhéid sin, níor cheart é a chur i bhfeidhm ach amháin ar G-SIInna ag an bpointe seo. Mar sin féin, ba cheart tuilleadh anailíse a dhéanamh chun a chinneadh arbh iomchuí an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIInna), mar a shainítear i dTreoir 2013/36/AE, agus, más amhlaidh atá, an bealach ar cheart an calabrú a chur in oiriúint do ghnéithe sonracha na n‑institiúidí sin.

(15)  Ar 9 Samhain 2015, d’fhoilsigh FSB ▌ Bileog Téarmaí (‘caighdeán TLAC’) an chumais iomlán ionsúcháin caillteanas (TLAC) agus d’fhormhuinigh G-20 é ag cruinniú mullaigh mhí na Samhna 2015 sa Tuirc. De réir chaighdeán TLAC, ní mór do G-SIBanna méid leordhóthanach de dhliteanais ardionsúcháin caillteanas (intarrthála) chun a áirithiú go n‑ionsófar na caillteanais agus go ndéanfar athchaipitliú go mín agus go tapúil i gcás réitigh. Ba cheart caighdeán TLAC a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(16)  Nuair a bheifear ag cur caighdeán TLAC chun feidhme i ndlí an Aontais, ní mór an t-íoscheanglas institiúid-sonrach atá ann cheana le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a chur san áireamh, íoscheanglas a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10). Ós rud é go bhfuil an t-aon chuspóir amháin ag caighdeán TLAC agus ag ICDI, mar atá a áirithiú go mbeidh cumas leordhóthanach ionsúcháin caillteanas ag na hinstitiúidí, ba cheart don dá cheanglas a bheith ina ngnéithe comhlántacha de chomhchreat. Ó thaobh na hoibríochta, ba cheart íosleibhéal comhchuibhithe TLAC a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le ceanglas nua go mbeidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe ann, agus ba cheart an forlíontán institiúid -sonrach maidir le G-SIInna agus an ceanglas institiúid ‑sonrach maidir le heintitis nach G-SIInna iad a thabhairt isteach le leasuithe spriocdhírithe ar Threoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11). Ba cheart na forálacha lena dtugtar isteach caighdeán TLAC i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a léamh in éineacht leis na forálacha a thugtar isteach i dTreoir 2014/59/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, agus le Treoir 2013/36/AE.

(17)  I gcomhréir le caighdeán TLAC, caighdeán nach gcumhdaíonn ach G-SIBanna, níor cheart feidhm a bheith ag an íoscheanglas maidir le méid leordhóthanach de chistí dílse agus de dhliteanais ardionsúcháin caillteanas a thugtar isteach sa Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith aige ach maidir le G-SIInna. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le dliteanais incháilithe a thugtar isteach sa Rialachán seo maidir leis na hinstitiúidí uile, i gcomhréir leis na coigeartuithe agus na ceanglais chomhlántacha a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE.

(18)  I gcomhréir le caighdeán TLAC, ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe maidir le heintitis réitigh ar G-SII iad féin nó ar cuid de ghrúpa a sainaithníodh mar G-SII iad. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, ag brath ar cé acu institiúidí neamhspleácha gan aon fhochuideachtaí nó máthairghnóthais iad na heintitis réitigh sin.

(19)  Tá cead tugtha i dTreoir 2014/59/AE uirlisí réitigh a úsáid, ní hamháin i gcás institiúidí ach i gcás cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha. Dá bhrí sin, ba cheart cumas ionsúcháin caillteanas leordhóthanach a bheith ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha ar nós máthairinstitiúidí.

(20)  Chun a áirithiú go mbeidh an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe éifeachtach, tá sé ríthábhachtach go mbeidh ardchumas ionsúcháin caillteanas ag na hionstraimí a shealbhófar chun an ceanglas sin a chomhlíonadh. Níl an cumas sin ag dliteanais atá eisiata ón uirlis tarrthála dá dtagraítear i dTreoir 2014/59/AE agus ní mó na sin atá an cumas sin ag dliteanais eile arbh fhéidir go mbeadh deacrachtaí praiticiúla lena dtarrtháil cé go bhfuil siad intarrthála i bprionsabal. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas go bhfuil na dliteanais sin incháilithe don cheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe. Ar an taobh eile, tá ardchumas ionsúcháin caillteanas ag ionstraimí caipitil, agus ag dliteanais fho-ordaithe chomh maith. Lena chois sin, ba cheart an poitéinseal ionsúcháin caillteanas atá ag dliteanais atá ar an leibhéal pari passu le dliteanais eisiata áirithe, ba cheart é a aithint go pointe áirithe, i gcomhréir le caighdeán TLAC.

(21)  Chun nach gcomhairfear dliteanais faoi dhó chun críocha an cheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, ba cheart rialacha a thabhairt isteach le haghaidh asbhaint sealúchas ítimí dliteanas incháilithe amhail an cur chuige asbhainte a forbraíodh cheana i Rialacha (AE) Uimh. 575/2013 le haghaidh ionstraimí caipitil. Faoin gcur chuige sin, ba cheart sealúchais ionstraimí dliteanas incháilithe a asbhaint ar dtús as dliteanais incháilithe agus, a mhéid nach bhfuil dliteanais leordhóthanacha ann, ba cheart na hionstraimí dliteanas incháilithe sin a bhaint as ionstraimí Leibhéal 2.

(22)  I gcaighdeán TLAC tá roinnt critéar incháilitheachta i leith dliteanas agus tá siad níos déine ná na critéir incháilitheachta i leith ionstraimí caipitil atá ann faoi láthair. Chun an chomhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart na critéir incháilitheachta i leith ionstraimí caipitil a ailíniú a mheid a bhaineann le neamh-incháilitheacht ionstraimí arna n-eisiúint trí eintitis sainchuspóireacha amhail ón 1 Eanáir 2022.

(23)  Is gá foráil do phróiseas soiléir, trédhearcach formheasa le haghaidh ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, próiseas ar féidir leis cuidiú le hardchaighdeán na n‑ionstraimí sin a choinneáil. Chun na críche sin, ba cheart é a bheith de chúram ar na húdaráis inniúla na hionstraimí sin a fhormheas sula mbeidh cead ag institiúidí iad a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. Mar sin féin, níor cheart gur gá réamhchead a bheith ag údaráis inniúla d’ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a eisítear ar bhonn doiciméadacht dhlíthiúil a ndearna an t-údarás inniúil formheas uirthi cheana féin agus a rialaítear, a bheag nó a mhór, leis na forálacha céanna lena rialaítear ionstraimí caipitil a bhfuair an institiúid réamhchead ón údarás inniúil a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. I gcás den sórt sin, in ionad formheas a iarraidh roimh ré, ba cheart an deis a bheith ag institiúidí fógra a thabhairt dá n-údaráis inniúla go bhfuil sé beartaithe acu ionstraimí den sórt sin a eisiúint. Ba cheart dóibh sin a dhéanamh luath go leor roimh aicmiú na n-ionstraimí mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 ionas go mbeidh an t-am ag na húdaráis inniúla na hionstraimí sin a athbhreithniú, más gá. I bhfianaise ról ÚBE cleachtais mhaoirseachta a chóineasú tuilleadh agus feabhas a chur ar cháilíocht na n-ionstraimí cistí dílse, ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhairle le ÚBE sula bhformheastar aon fhoirm nua d’ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1.

(24)  Ní bheidh ionstraimí caipitil incháilithe mar ionstraimí breise Leibhéal 1 nó mar ionstraimí Leibhéal 2 ach amháin a mhéid a chomhlíontar na critéir incháilitheachta ábhartha leo. D’fhéadfadh sé gur cothromas nó dliteanais, lena n-áirítear iasachtaí fo‑ordaithe lena gcomhlíontar na critéir sin, a bheadh sna hionstraimí caipitil sin.

(25)  Níor cheart ionstraimí caipitil ná páirteanna ionstraimí caipitil a bheith i dteideal a bheith cáilithe mar ionstraimí cistí dílse ach a mhéid atá siad íoctha. A fhad is nach bhfuil páirteanna ionstraime íoctha, níor cheart do na páirteanna sin a bheith i dteideal a bheith cáilithe mar ionstraimí cistí dílse.

(26)  Níor cheart na hionstraimí cistí dílse ná dliteanais incháilithe a bheith faoi réir socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála a chuirfeadh isteach ar a gcumas ionsúcháin caillteanas i gcás réitigh. Níor cheart tuiscint uaidh sin gur cheart clásal a bheith sna forálacha conartha lena rialaítear na dliteanais ina luafar go sainráite nach mbeidh an ionstraim faoi réir cearta fritháirimh nó cearta glanluachála.

(27)  Tá tábhacht an bhogearra mar chineál sócmhainne ag dul i méid de thairbhe ascnamh earnáil na baincéireachta i dtimpeallacht atá ag éirí níos digití. Níor cheart bogearraí, a luacháiltear go stuama agus nach mbíonn tionchar diúltach ag réiteach, ag dócmhainneacht nó ag leachtú na hinstitiúide ar a luach, a bheith faoi réir asbhaint sócmhainní doláimhsithe ó ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Tá an tsonraíocht sin tábhachtach cionn is gur coincheap leathan é bogearra lena gcumhdaítear a lán cineálacha éagsúla sócmhainní nach gcoimeádann iomlán na gcineálacha sin a luach i gcás gnóthas éagtha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart éagsúlachtaí maidir le luacháil agus amúchadh sócmhainní bogearra agus díolacháin réadaithe na sócmhainní sin a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart aird a thabhairt ar fhorbairtí idirnáisiúnta agus ar dhifríochtaí maidir le láimhseáil rialála na n‑infheistíochtaí i mbogearraí, ar rialacha stuamachta éagsúla a bhfuil feidhm acu maidir le hinstitiúidí agus gnóthais árachais, agus ar éagsúlacht na hearnála airgeadais san Aontas, lena n-áirítear eintitis neamhrialáilte amhail cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais.

(28)  D’fhonn éifeachtaí aille a sheachaint, is gá na hionstraimí atá ann cheana a mharthanú i ndáil le critéir incháilitheachta áirithe. I gcás dliteanais arna n-eisiúint roimh [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], ba cheart critéir incháilitheachta áirithe le haghaidh ionstraimí cistí dílse agus le haghaidh dliteanais incháilithe a tharscaoileadh. Ba cheart feidhm a bheith ag marthanú den sórt sin maidir le dliteanais a chuirtear san áireamh, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh na coda fo-ordaithe de TLAC agus le haghaidh na coda fo-ordaithe de ICDI faoi Threoir 2014/59/AE, agus maidir le dliteanas a chuirtear san áireamh, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh na coda neamh-fho-ordaithe de TLAC agus le haghaidh na coda neamh-fho-ordaithe de ICDI faoi Threoir 2014/59/AE. I gcás ionstraimí cistí dílse, ba cheart an marthanú a theacht chun deiridh... [sé bliana tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

(29)  Ní féidir ionstraimí dliteanas incháilithe, lena n-áirítear iad siúd ag a bhfuil aibíocht iarmhair faoi bhun bliain amháin, a fhuascailt ach amháin tar éis réamhchead a fháil ón údarás réitigh. D’fhéadfadh réamhchead den sórt sin a bheith ina réamhchead ginearálta, agus sa chás sin bheadh ar an bhfuascailt tarlú faoi cheann na tréimhse teoranta ama agus le haghaidh méid réamhshocraithe a chumhdófaí leis an réamhchead ginearálta sin.

(30)  Ó glacadh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, rinneadh leasú ar an gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le láimhseáil stuamachta risíochtaí institiúidí ar CPLanna chun feabhas a chur ar láimhseáil risíochtaí institiúidí ar CPLanna cáilitheacha (CPLCanna). Ar na hathbhreithnithe suntasacha a rinneadh ar an gcaighdeán sin tá úsáid aon mhodha amháin chun an ceanglas cistí dílse maidir le risíochtaí atá dlite de dheasca ranníocaíochtaí ciste mainneachtana, uasteorainn fhollasach ar na ceanglais cistí dílse foriomlána a chuirtear i bhfeidhm ar risíochtaí ar CPLCanna, agus cur chuige níos íogaire ó thaobh priacail de chun luach díorthach a ghabháil i ríomh acmhainní hipitéiseacha de chudi CPLC. San am céanna, fágadh gan athrú láimhseáil risíochtaí ar CPLanna neamhcháilitheacha. Ós rud é gur thug na caighdeáin idirnáisiúnta athbhreithnithe isteach láimhseáil a oireann níos fearr don timpeallacht imréitigh lárnach, ba cheart dlí an Aontais a leasú chun na caighdeáin sin a ionchorprú.

(31)  Chun a áirithiú go mbainisteoidh na hinstitiúidí a risíochtaí go leordhóthanach i bhfoirm aonad nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (GCanna), ba cheart na rialacha lena leagtar síos láimhseáil na risíochtaí sin a bheith íogair ó thaobh priacail de agus ba cheart dóibh trédhearcacht a chur chun cinn i leith risíochtaí foluiteacha GCanna. Dá bhrí sin, ghlac CBMB caighdeán athbhreithnithe lenar socraíodh ord tosaíochta soiléir de chineálacha cur chuige chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcás na risíochtaí sin. Tá an leibhéal trédhearcachta maidir leis na risíochtaí foluiteacha léirithe san ord tosaíochta sin. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ailíniú leis na rialacha sin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta.

(32)  Maidir le hinstitiúid a thugann gealltanas íosluacha ar mhaithe, sa deireadh, le cliaint miondíola le haghaidh infheistíocht i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC lena n-áirítear mar chuid de scéim pinsin rialtas-urraithe phríobháideach, ní cheanglaítear ar an institiúid ná ar an ngnóthas a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta céanna aon íocaíocht a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtitfidh luach scaireanna nó aonaid an chustaiméara in GC faoi bhun an mhéid faoi ráthaíocht ag ceann amháin nó níos mó de na pointí ama a shonraítear sa chonradh. Ní dócha, dá bhrí sin, go bhfeidhmeofar an gealltanas i gcleachtas. I gcás ina bhfuil gealltanas íosluacha institiúide teoranta do chéatadán den mhéid a rinne cliaint a infheistiú i dtosach i scaireanna nó aonad in GC (gealltanas seasta íosluacha) nó do mhéid a bhraitheann ar fheidhmíocht na táscairí airgeadais nó innéacsanna margaidh a fhad le ham áirithe, maolán a bheidh in aon difríocht dhearfach idir luach scaireanna nó aonaid an chustaiméara agus luach an mhéid faoi ráthaíocht ar dháta ar leith agus is leis an maolán sin a laghdófar an priacal don institiúid an méid faoi ráthaíocht a íoc amach. Is údar na cúiseanna sin uile le fachtóir coinbhéartaithe creidmheasa laghdaithe.

(33)  Agus iad ag ríomh luach risíochta idirbheart díorthach faoin gcreat priacail creidmheasa contrapháirtí, tá rogha ag na hinstitiúidí idir trí chur chuige chaighdeánaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: an Modh Caighdeánaithe (SM), an Modh um Marcáil ón Margadh (MMM) agus Modh na Risíochta Tosaigh (MNB).

(34)  Mar sin féin, ní aithnítear go hiomchuí sna trí chur chuige sin go laghdaíonn comhthaobhacht priacal sna risíochtaí. Tá a gcalabruithe as dáta agus ní léiríonn siad an t-ardleibhéal luaineachta a braitheadh le linn na géarchéime airgeadais. Ní aithnítear go hiomchuí iontu sochar na glanluachála ach oiread. Chun dul i ngleic leis na heasnaimh sin, chinn CBMB cur chuige nua caighdeánaithe chun luach risíochta risíochtaí díorthach a ríomh a chur in ionad SM agus MMM, cur chuige darb ainm an Cur Chuige Caighdeánaithe le haghaidh Priacal Creidmheasa Contrapháirtí (CCC-PCC). Ós rud é gur thug na caighdeáin idirnáisiúnta athbhreithnithe isteach cur chuige caighdeánaithe nua a oireann níos fearr don timpeallacht imréitigh lárnach, ba cheart dlí an Aontais a leasú chun na caighdeáin sin a ionchorprú.

(35)  Tá CCC-PCC níos íogaire ó thaobh priacail de ná SM agus MMM agus ba cheart, dá bhrí sin, ceanglais cistí dílse teacht as is fearr a léireoidh na priacail a bhaineann le hidirbhearta díorthach na n-institiúidí. Ag an am céanna, i gcás roinnt de na hinstitiúidí a úsáideann MMM faoi láthair, d’fhéadfadh sé go mbeadh CCC-PCC róchasta agus ualach róthrom ag baint leis, lena chur chun feidhme. Ba cheart leagan simplithe de CCC-PCC (“CCC-PCC simplithe”) a thabhairt isteach d’institiúidí a chomhlíonann critéir cháilitheachta réamhshainithe agus d’institiúidí ar cuid de ghrúpa iad a chomhlíonann na critéir sin ar bhonn comhdhlúite. Ós rud é gur lú an íogaireacht ó thaobh priacail de a bheidh ag an leagan simplithe sin ná atá ag CCC-PCC, ba cheart é a chalabrú chun a áirithiú nach ndéanfar gannmheastachán ar luach risíochta na n-idirbheart díorthach leis.

(36)  I gcás institiúidí ar beag ▌ na risíochtaí díorthach atá acu agus a úsáideann MMM nó MNB faoi láthair, d’fhéadfadh sé go mbeadh CCC-PCC agus CCC-PCC simplithe araon róchasta lena gcur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart MNB a choinneáil mar chur chuige malartach do na hinstitiúidí sin a chomhlíonann critéir cháilitheachta réamhshainithe agus d’institiúidí ar cuid de ghrúpa iad a chomhlíonann na critéir sin ar bhonn comhdhlúite, ach ba cheart é a athbhreithniú chun dul i ngleic lena phríomheasnaimh.

(37)  Chun treoir a thabhairt d’institiúid agus ceann de na cineálacha cur chuige atá ceadaithe á roghnú aici, ba cheart critéir shoiléire a thabhairt isteach. Ba cheart na critéir sin a bhunú ar an méid gníomhaíochtaí díorthach a dhéanann institiúid, rud a léiríonn an leibhéal sofaisticiúlachta ba cheart d’institiúid a bhaint amach chun luach na risíochta a ríomh.

(38)  Le linn na géarchéime airgeadais, ba mhór na caillteanais leabhair trádála a bhí i gceist i gcás roinnt institiúidí a bhí bunaithe san Aontas. I gcás cuid acu, níor leor an leibhéal caipitil a raibh sé de cheangal acu a bheith acu chun na caillteanais sin a fhritháireamh. Ar na cúiseanna sin, chuir CBMB deireadh le roinnt laigí sa láimhseáil stuamachta le haghaidh suíomhanna leabhair trádála, mar atá na ceanglais cistí dílse maidir le priacal margaidh.

(39)  In 2009, tugadh an chéad tacar athchóirithe chun críche ar an leibhéal idirnáisiúnta agus trasuíodh isteach i ndlí an Aontais iad trí bhíthin Threoir 2010/76/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12). Mar sin féin, ní dheachaigh athchóiriú 2009 i ngleic leis na laigí struchtúracha sna ceanglais cistí dílse maidir le caighdeáin priacail margaidh. Mar gheall ar an easpa soiléireachta ó thaobh na teorann idir na leabhair thrádála agus na leabhair bhaincéireachta, bhí deiseanna ann arbatráiste rialála a dhéanamh, ach, mar gheall ar easpa íogaireachta sna ceanglais cistí dílse maidir le priacal margaidh, níorbh fhéidir raon iomlán na priacail ar a bhfuil institiúidí risíochta a ghabháil.

(40)  Chuir CBMB tús leis an athbhreithniú ó bhun ar an leabhar trádála (FRTB) chun aghaidh a thabhairt ar laigí struchtúracha na gceanglas cístí dílse maidir le caighdeáin priacail margaidh. Mar thoradh ar an obair sin foilsíodh, i mí Eanáir 2016, creat priacail margaidh athbhreithnithe. I mí na Nollag 2017, chomhaontaigh Grúpa na nGobharnóirí Banc Ceannais agus na gCeann Maoirseachta dáta cur chun feidhme an chreata priacail margaidh athbhreithnithe a shíneadh, d’fhonn am breise a thabhairt d’institiúidí an bonneagar córais riachtanach a fhorbairt agus do CBMB chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe a bhaineann leis an gcreat. Áirítear air sin athbhreithniú ar chalabrú an chur chuige chaighdeánaithe agus ar chalabrú chur chuige na samhla inmheánaí chun comhsheasmhacht a áirithiú le hionchais CBMB ar dtús báire. Tar éis bailchríoch a chur ar an athbhreithniú sin, agus sula ndéanfar measúnú tionchair chun tionchar na n-athbhreithnithe ar chreat BLT ar institiúidí san Aontas a mheas, ba cheart do na hinstitiúidí uile a bheadh faoi réir chreat BLT san Aontas tús a chur le tuairisciú na ríomhanna a dhíorthaítear ón gcur chuige caighdeánaithe athbhreithnithe. Chun na críche sin, d’fhonn na ríomhanna le haghaidh ceanglais tuairiscithe a dhéanamh lán-oibríochtúil i gcomhréir le forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU) a tharmligean chuig an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún an gníomh tarmligthe sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2019. Ba cheart d’institiúidí tús a chur le tuairisciú an ríomha sin tráth nach déanaí ná bliain amháin i ndiaidh ghlacadh an ghnímh tharmligthe. Ina theannta sin, na hinstitiúidí a fuair formheas cur chuige na samhla inmheánaí athbhreithnithe i gcreat BLT a úsáid chun críocha tuairiscithe, ba cheart dóibh an ríomh faoi chur chuige na samhla inmheánaí a thuairisciú trí bliana tar éis a chur i bhfeidhm iomláin.

(41)  Ba cheart tabhairt isteach ceanglais tuairiscithe do chineálacha cur chuige BLT a mheas mar chéad chéim i dtreo creat BLT a chur chun feidhme go hiomlán san Aontas. Agus athbhreithnithe deiridh ar chreat BLT a rinne CBMB, agus torthaí thionchar na n‑athbhreithnithe sin ar institiúidí san Aontas agus ar chineálacha cur chuige BLT atá leagtha amach cheana féin sa Rialachán seo i ndáil le ceanglais tuairiscithe, á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2020 maidir leis an tslí ina bhféadfaí creat BLT a chur chun feidhme san Aontas chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail mhargaidh a bhunú.

(42)  Ba cheart feidhm a bheith ag láimhseáil chomhréireach le haghaidh priacal margaidh freisin maidir le hinstitiúidí ag a bhfuil gníomhaíochtaí leabhair trádála teoranta, sa chaoi gur féidir le tuilleadh institiúidí ag a bhfuil gníomhaíochtaí beaga leabhair trádála an creat pracail creidmheasa a chur i bhfeidhm i gcás suíomhanna leabhair baincéireachta mar a leagtar amach faoi leagan athbhreithnithe den mhaolú le haghaidh gnó beag leabhair trádála. Ba cheart prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh nuair a dhéanann an Coimisiún athmheasúnú ar an mbealach is ceart d’institiúidí le gnó meánmhéide leabhair trádála an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacail mhargaidh a ríomh. Go háirithe, i bhfianaise na bhforbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar chalabrú na gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal margaidh d’institiúidí le gnó meánmhéide leabhair trádála. Idir an dá linn, ba cheart na hinstitiúidí sin le gnó meánmhéide leabhair trádála, mar aon le hinstitiúidí le gnó beag leabhar trádála, a dhíolmhú ó na ceanglais tuairiscithe faoi BLT.

(43)  Ba cheart an creat risíochtaí móra a dhaingniú chun gur fearr a bheidh institiúidí in ann caillteanais a ionsú agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Chun na críche sin, ba cheart cáilíocht níos fearr caipitil a úsáid mar bhonn caipitil chun teorainn na risíochtaí móra agus risíochtaí ar dhíorthaigh chreidmheasa a ríomh i gcomhréir le CCC-PCC. Ina theannta sin, ba cheart an teorainn leis na risíochtaí a d’fhéadfadh G-SIInna a bheith i leith G-SIInna eile a ísliú chun priacail shistéamacha a laghdú a bhaineann le hidirnaisc idir institiúidí móra agus leis an tionchar a d’fhéadfadh contrapháirtí G-SIInna a bheith acu ar an gcobhsaíocht airgeadais.

(44)  Cé go n-áirithíonn an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht (“LCR”) go mbeidh institiúidí in ann strus mór a sheasamh go gearrthéarmach, ní áirithíonn sé go mbeidh struchtúr maoinithe cobhsaí ag na hinstitiúidí sin nuair a bheidh tréimhse níos faide i gceist. Is léir ar an gcaoi sin gur cheart ceanglas maoiniúcháin chobhsaí ceangailtí mionsonraithe a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus gur cheart é a chomhlíonadh i gcónaí chun nach mbeidh neamhréir aibíochta ró-thromchúiseacha idir sócmhainní agus dliteanais agus chun nach mbeifear ag brath go rómhór ar mhaoiniú mórdhíola gearrthéarmach.

(45)  Chun bheith comhsheasmhach le caighdeán mhaoinithe CBMB, ba cheart,mar sin, rialacha a ghlacadh chun an ceanglas maoiniúcháin chobhsaí a shainmhíniú mar chóimheas idir an méid maoiniúcháin chobhsaí atá ar fáil ag institiúid agus an méid cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá aici in imeacht bliana. Ba cheart an ceanglas cóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí (‘CGCC’) a thabhairt ar an gceanglas ▌ ceangailteach sin. Ba cheart méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomh trí dhliteanais agus cistí dílse na hinstitiúide a iolrú faoi fhachtóirí iomchuí a léiríonn a leibhéil iontaofachta thar thréimhse aon bhliana CGCC. Ba cheart méid an chistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a ríomh trí shócmhainní agus risíochtaí na hinstitiúid lasmuigh den chlár comhardaithe e a iolrú faoi fhachtóirí iomchuí a léiríonn a dtréithe leachtachta agus a n-aibíochtaí iarmhair thar thréimhse aon bhliana CGCC.

(46)  Ba cheart CGCC a shloinneadh mar chéatadán agus a shocrú ar íosleibhéal 100%, rud a thugann le fios go sealbhaíonn institiúid maoiniú cobhsaí leordhóthanach chun a riachtanais maoiniúcháin a riar thar thréimhse aon bhliana faoi ghnáthdhálaí agus faoi strus. Dá dtitfeadh a CGCC faoi bhun 100%, ba cheart don institiúid na ceanglais shonracha a chomhlíonadh a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun go dtabharfar a CGCC ar ais go dtí an t-íosleibhéal go tráthúil. Níor cheart cur i bhfeidhm na mbeart maoirseachta i gcás neamh-chomhlíonadh cheanglas CGCC a bheith uathoibríoch ▌. Ba cheart do na húdaráis inniúla na cúiseanna atá le neamh-chomhlíonadh cheanglas CGCC a mheas sula saineoidh siad bearta maoirseachta.

(47)  I gcomhréir leis na moltaí a rinne ÚBE sa tuarascáil uaidh an 15 Nollaig 2015 maidir le ceanglais glanchistiúcháin chobhsaí faoi Airteagal 510 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart na rialacha maidir le CGCC a ríomh a ailíniú go dlúth le caighdeáin CBMB, lena n-airítear forbairtí sna caighdeáin sin i ndáil le láimhseáil idirbheart díorthach. Ós rud é gur gá roinnt sonraíochtaí Eorpacha a chur san áireamh chun a áirithiú nach mbeidh ceanglas CGCC ina chonstaic roimh mhaoiniú fhíorgheilleagar na hEorpa, áfach, tá údar maith ann roinnt coigeartaithe ar CGCC a cheap CBMB a ghlacadh chun ceanglas CGCC na hEorpa a shainiú. Molann ÚBE na coigeartuithe sin a thagann as an gcomhthéacs Eorpach, ar coigeartuithe iad a bhaineann den chuid is mó le láimhseáil shonrach le haghaidh: samhlacha faoi bhealach go ginearálta agus eisiúint bannaí cumhdaithe go háirithe; gníomhaíochtaí maoinithe trádála; coigilteas rialáilte lárnach; iasachtaí ráthaithe áite chónaithe; ▌ comhair chreidmheasa; CPLanna agus taisclanna lárnacha urrús (CSDanna) nach ndéanann aon chlaochlú aibíochta suntasach. Léiríonn an láimhseáil shonrach sin atá molta an chóir fhabhrach a chuirtear ar na gníomhaíochtaí sin i LCR na hEorpa, seachas mar a chuirtear i LCR a cheap CBMB. Ós rud é go gcomhlánaíonn CGCC an LCR, ba cheart an dá chóimheas sin a bheith comhsheasmhach le chéile ó thaobh sainiú agus calabrú de. Is fíor sin go háirithe i gcás fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chuirtear i bhfeidhm ar shócmhainní leachtachta ardcháilíochta LCR chun CGCC a ríomh ar cheart dóibh na sainithe agus na caolchorrlaigh atá i LCR na hEorpa a léiriú, beag beann ar chomhlíonadh na gceanglas ginearálta agus oibríochtúla sin a leagtar amach do ríomh an LCR agus nach bhfuil iomchuí i dtréimhse aon bhliana ríomh CGCC.

(48)  Lasmuigh de na sonraíochtaí Eorpacha, b’fhéidir go mbeadh tionchar mór ag láimhseáil ▌ idirbheart díorthach i CGCC a cheap CBMB ar ghníomhaíochtaí díorthach institiúidí agus, mar gheall air sin, ar mhargaí airgeadais na hEorpa agus ar rochtain ar roinnt oibríochtaí d’úsáideoirí deiridh. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar míchuí míréireach ag tabhairt isteach CGCC a cheap CBMB ar idirbhearta díorthach agus ar roinnt idirbheart idirnasctha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí imréitigh, mura ndéanfaí staidéir tionchair cainníochtúil leitheadacha agus comhairliúchán poiblí maidir leis an tabhairt isteach sin. An ceanglas breise gur gá idir 5% agus 20% de mhaoiniú cobhsaí a shealbhú i gcoinne dliteanais chomhlána díorthach, meastar go forleathan gur garbh an beart é chun priacail maoiniúcháin bhreise a ghabháil a bhaineann leis an méadú ar dhliteanais díorthach a d’fhéadfadh a bheith ann thar thréimhse aon bhliana, agus tá sé faoi bhreithniú ar leibhéal CBMB. D’fhéadfaí an ceanglas sin, a thabharfaí isteach ar leibhéal 5% i gcomhréir leis an rogha a d’fhág CBMB ag dlínse an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh ar dhliteanais chomhlána díorthach a ísliú, a leasú ina dhiaidh sin, chun forbairtí ar leibhéal CBMB a chur san áireamh agus chun iarmhairtí neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, amhail constaic a chur roimh dhea-fheidhmiú mhargaí airgeadais na hEorpa agus roimh sholáthar uirlisí fálaithe priacail d’institiúidí agus d’úsáideoirí deiridh, corparáidí san áireamh, chun a maoiniú a áirithiú mar chuspóir de chuid aontas na margaí caipitil.

(49)  Is é atá beartaithe leis an láimhseáil neamhshiméadrach a dhéanann CBMB ar chistiú gearrthéarmach, amhail comhaontuithe athcheannaigh (nuair nach dtugtar aitheantas do chistiú cobhsaí) agus iasachtú gearrthéarmach, amhail comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais (nuair a cheanglaítear roinnt cistiúcháin chobhsaí a bheith ann – 10% má chomhthaobhaítear é le sócmhainní leachtachta ardcháilíochta (SLAL) leibhéal 1 de réir an tsainmhínithe sa LCR agus 15% i gcás idirbhearta eile) le cliaint airgeadais, naisc chistiúcháin ghearrthéarmaigh fhairsinge a dhíspreagadh idir cliaint airgeadais, toisc gur foinse idirnasctha iad na naisc sin agus gur deacra a bhíonn sé, mar thoradh orthu, institiúid áirithe a réiteach gan priacal gabhála a bheith ar an gcuid eile den chóras airgeadais i gcás cliseadh. Mar sin féin, tá calabrú na neamhshiméadrachta ▌róchoimeádach agus d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh do leachtacht urrús a úsáidtear de ghnáth mar chomhthaobhacht in idirbhearta gearrthéarmacha, go háirithe i ndáil le bannaí ceannasacha, mar gur dócha go laghdóidh na hinstitiúidí méid a n-oibríochtaí ar na margaí athcheannaigh. D’fhéadfadh sé freisin go mbainfeadh sé d’éifeacht na ngníomhaíochtaí cruthaithe margaidh, mar go n-éascaíonn na margaí athcheannaigh bainistiú an fhardail is gá, rud a thiocfadh salach ar chuspóirí aontas na margaí caipitil. D’fhonn go leor ama a chur ar fáil do na hinstitiúidí iad féin a chur in oiriúint de réir a chéile don chalabrú coimeádach sin, ba cheart idirthréimhse a thabhairt isteach ar lena linn a dhéanfaí fachtóirí an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a laghdú go sealadach. Ba cheart méid an laghdaithe shealadaigh i bhfachtóirí an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheith ag brath ar chineálacha na n-idirbheart agus ar chineál na comhthaobhachta a úsáidtear sna hidirbhearta sin.

(50)  Le cois chalabrú sealadach fhachtóir an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh de chuid CBMB a bhfuil feidhm aige maidir le hidirbhearta gearrthéarmacha athcheannaigh droim ar ais le cliaint airgeadais a urrúsaítear le bannaí ceannasacha ▌, léiríodh gur gá roinnt coigeartuithe eile a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh tabhairt isteach cheanglas CGCC bac ar leachtacht mhargaí na mbannaí ceannasacha. Le fachtóir an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 % de chuid CBMB a bhfuil feidhm aige maidir le SLAL leibhéal 1, lena n-áirítear bannaí ceannasacha, chaithfeadh na hinstitiúidí cistiú fadtéarmach neamhurrúsaithe a bheadh ar fáil a bheith faoi réir acu ag an gcéatadán sin, is cuma cén fad a bhfuil siad ag súil na bannaí ceannasacha a bheith acu. D’fhéadfadh sé gur dreasú breise a bheadh ansin d’institiúidí airgead tirim a thaisceadh i mbainc lárnacha seachas gníomhú mar phríomhdhéileálaithe agus leachtacht a sholáthar i margaí bannaí ceannasacha. Lena chois sin, níl sé comhsheasmhach leis an LCR a aithníonn leachtacht iomlán na sócmhainní sin, fiú nuair a bhíonn dianstrus leachtachta ann (caolchorrlach 0 %). Ba cheart, mar sin fachtóir an ghlanchistiúcháin chobhsaí cheangailtigh SLAL leibhéal 1 de réir an tsainmhínithe i LCR na hEorpa, lasmuigh de bhannaí cumhdaithe ardcháilíochta, a laghdú ó 5 % go 0 %.

(51)  Thairis sin, ba cheart SLAL leibhéal 1 uile, mar a shainmhínítear i LCR na hEorpa iad, seachas bannaí cumhdaithe sárcháilíochta, a fhaightear mar chorrlaigh athrúcháin i gconarthaí díorthacha, ba cheart dóibh sócmhainní díorthach a fhritháireamh, ach ní ghlacann CGCC arna fhorbairt ag CBMB ach airgead tirim a chomhlíonann coinníollacha an chreata giarála chun sócmhainní díorthach a fhritháireamh. Le haitheantas níos leithne sin do shócmhainní a fhaightear mar chorrlaigh athrúcháin, cuirfear le leachtacht na margaí bannaí ceannasacha, seachnófar pionósú na n-úsáideoirí deiridh a shealbhaíonn méideanna móra de bhannaí ceannasacha ach ar beag bannaí airgid tirim (ar nós cistí pinsin) a shealbhaíonn siad, agus seachnófar cur leis an teannas san éileamh ar airgead tirim sna margaí athcheannaigh.

(52)  Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglas CGCC maidir leis na hinstitiúidí ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite araon, mura dtarscaoilfidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm ceanglas CGCC ar bhonn aonair. Murar tarscaoileadh cur i bhfeidhm ceanglas CGCC ar bhonn aonair, ba cheart, i bprionsabal, d’idirbhearta idir dhá institiúid atá san aon ghrúpa amháin nó san aon scéim cosanta institiúidí amháin fachtóirí siméadracha a fháil i ndáil le cistiú cobhsaí atá ar fáil agus cistiú cobhsaí ceangailteach chun nach mbeidh caillteanas cistiúcháin ann sa mhargadh aonair agus nach gcuirfear bac ar bhainistiú éifeachtach leachtachta i ngrúpaí Eorpacha ina mbainistítear leachtacht go lárnach. Níor cheart an láimhseáil shiméadrach fhabhrach sin a thabhairt ach i gcás idirbhearta laistigh de ghrúpa nuair a bheidh na cosaintí uile is gá ar bun, ar bhonn critéir bhreise i gcás idirbhearta trasteorann, agus níor cheart sin a dhéanamh ach má d’fhormheas na húdaráis inniúla lena mbaineann é mar nach féidir a thoimhdiú go bhfaighidh institiúidí ar deacair dóibh a n‑oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh tacaíocht chistiúcháin i gcónaí ó ghnóthais eile sa ghrúpa céanna leo nó sa scéim cosanta institiúidí céanna leo.

(53)  Ba cheart an deis a thabhairt d’institiúidí beaga neamhchasta úsáid a bhaint as leagan simplithe de cheanglas CGCC. Ba cheart, leis an leagan simplithe nach bhfuil chomh mionsonraithe céanna de CGCC, gan an oiread céanna pointí sonraí a bhailiú, rud a laghdódh castacht an ríomha do na hinstitiúidí sin i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ach a áiritheodh ag an am céanna go gcoinneodh na hinstitiúidí sin fós fachtóir cistiúcháin chobhsaí leordhóthanaí trí bhíthin calabrú a bheadh chomh coimeádach le, nó níos coimeádaí ná, calabrú cheanglas CGCC lánfheidhme. Ba cheart d’údaráis inniúla bheith ábalta, áfach, a cheangal ar institiúidí beaga neamhchasta go gcuirfeadh siad ceanglas CGCC lánfheidhme i bhfeidhm in ionad an leagain shimplithe.

(54)  Ba cheart aird chuí a thabhairt ar na ceanglais cistiúcháin chobhsaí is infheidhme i dtríú tíortha agus comhdhlúthú á dhéanamh ar fhochuideachtaí sna tíortha sin. Dá réir sin, níor cheart do rialacha comhdhlúthaithe san Aontas láimhseáil níos fabhraí a thabhairt isteach le haghaidh cistiú cobhsaí atá ar fáil agus cistiú cobhsaí ceangailteach i bhfochuideachtaí tríú tír ná an láimhseáil atá le fáil faoi dhlí náisiúnta na dtríú tíortha sin.

(55)  Ba cheart é a bheith de cheangal ar na hinstitiúidí tuairisciú chuig a n-údaráis inniúla san airgeadra tuairiscithe faoin CGCC ceangailteach le haghaidh na n-ítimí uile agus, ar leithligh, le haghaidh ítimí arna n-ainmniú i ngach airgeadra suntasacha chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar neamhréir féideartha airgeadraí. Níor cheart do cheanglas CGCC aon cheanglais tuairiscithe dhúbailte, nó ceanglais tuairiscithe, nach bhfuil i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm, a chur ar na hinstitiúidí agus ba cheart go leor ama a thabhairt do na hinstitiúidí chun iad féin a ullmhú le haghaidh teacht i bhfeidhm ceanglais tuairiscithe nua.

(56)  Ós rud é gur bunphrionsabal ag aon chóras baincéireachta fónta é soláthar faisnéise fiúntaí inchomparáide ar chomh-mhéadracht phríomhphriacal, tá sé ríthábhachtach an neamhshiméadracht faisnéise a laghdú a mhéid is féidir agus an inchomparáideacht a éascú idir próifílí priacail institiúidí creidmheasa laistigh de dhlínse agus ó dhlínse go dlínse. D’fhoilsigh CBMB caighdeáin athbhreithnithe Cholún 3 ar nochtadh in Eanáir 2015 chun inchomparáideacht, cáilíocht agus comhsheasmhacht nochtadh rialála na n-institiúidí don mhargadh a fheabhsú. Dá bhrí sin, is iomchuí na ceanglais nochta atá ann faoi láthair a leasú chun na caighdeáin nua sin a chur chun feidhme.

(57)  Dar le freagróirí ar Ghlao an Choimisiún ar fhianaise ar chreat rialála seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh, tá na ceanglais maidir le nochtadh atá ann faoi láthair míréireach agus cuireann siad ualach rómhór ar institiúidí beaga. Gan dochar do nochtadh a ailíniú níos dlúithe le caighdeáin idirnáisiúnta, ní mór é a bheith de cheangal ar institiúidí beaga neamhchasta, nochtadh a dhéanamh ina mbeidh níos lú mionsonraithe ná mar a bheadh i nochtadh a dhéanfadh na hinstitiúidí móra agus gan an nochtadh sin a bheith le déanamh acu chomh minic sin, agus ar an gcaoi sin laghdófar an t-ualach riaracháin atá orthu.

(58)  Ba cheart roinnt soiléirithe a dhéanamh maidir le nochtadh aisíocaíochta. Ba cheart na ceanglais nochta i dtaca leis an luach saothair a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith comhoiriúnach leis na rialacha maidir le luach saothair, is é sin, beartais agus cleachtais luacha saothair a bhunú agus a chothabháil le haghaidh na gcatagóirí foirne sin a mbíonn tionchar iarbhír ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl priacail na n-institiúidí agus atá i gcomhréir le bainistiú priacail éifeachtach. Thairis sin, na hinstitiúidí a fuair maolú ar rialacha aisíocaíochta áirithe, ba cheart é a bheith de cheanglas orthu faisnéis a nochtadh ar an maolú sin.

(59)  Tá fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ar cheann de cholúin taca gheilleagar an Aontais mar gheall ar an ról bunúsach atá acu i leith fás eacnamaíoch a chruthú agus fostaíocht a sholáthar. Ós rud é gur lú an priacal sistéamach a iompraíonn FBManna ná corparáidí eile, ba cheart gur ísle na ceanglais chaipitil a bheadh ar FBManna ná mar a bheadh ar chorparáidí móra, chun a áirithiú go ndéanfaidh na bainc an cistiú is fearr is féidir ar na FBManna. Faoi láthair, tá risíochtaí FBManna suas le EUR 1,5 milliún faoi réir laghdú 23,81% i méid risíochta atá ualaithe de réir priacail. Ós rud é nach léiríonn an tairseach sin EUR 1,5 milliún do risíocht FBManna athrú ar an bpriacal a bhaineann le FBM, ba cheart an laghdú ar cheanglais chaipitil a leathnú go gcumhdóidh sé risíochtaí FBManna ▌ a fhad le EUR 2,5 milliún agus ▌ ba cheart an chuid sin de risíocht FBM atá thar EUR 2,5 milliún a bheith faoi réir laghdú 15% i gceanglais chaipitil.

(60)  Tá infheistíochtaí sa bhonneagar ríthábhachtach chun iomaíocht na hEorpa a neartú agus chun cruthú post a spreagadh. Tá téarnamh gheilleagar an Aontais agus an fás a thiocfaidh air amach anseo ag brath cuid mhór ar chaipiteal a bheith ar fáil le haghaidh infheistíochtaí straitéiseach ar an mbonneagar atá suntasach ar scála Eorpach, lena n-áirítear líonraí leathanbhanda agus fuinnimh chomh maith leis an mbonneagar iompair lena n-áirítear bonneagar leictrea-shoghluaisteachta, go háirithe i láir thionsclaíochta; oideachas, taighde agus nuálaíocht; fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh. Tá an Plean Infheistíochta don Eoraip dírithe ar chistiú breise a spreagadh le haghaidh tionscadail bhonneagair atá inmharthana trí, inter alia, foinsí príobháideacha cistiúcháin breise a chur i gcúrsaíocht. Is an t-ábhar imní atá ag roinnt infheisteoirí ionchasacha go síltear nach bhfuil tionscadail inmharthana ann agus gur beag an cumas atá ann priacal a mheas mar is ceart mar gheall ar iad a bheith casta ó nádúr.

(61)  Chun infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí i dtionscadail bhonneagair a spreagadh, tá sé ríthábhachtach timpeallacht rialála a leagan síos lenar féidir tionscadail bhonneagair ardcháilíochta a chur chun cinn agus priacail d’infheisteoirí a laghdú. Go háirithe, ba cheart ceanglais cistí dílse le haghaidh risíochtaí ar thionscadail bhonneagair a laghdú ar choinníoll go gcomhlíonann siad tacar critéar lenar féidir a bpróifíl priacail a laghdú agus intuarthacht na sreabh airgid thirim a fheabhsú. Ba cheart don Choimisiún an fhoráil maidir le tionscadail bonneagair ardcháilíochta a athbhreithniú chun measúnú a dhéanamh ar: tionchar na forála ar an méid infheistíochtaí bonneagair a rinne institiúidí agus cáilíocht na n-infheistíochtaí i dtaca leis an gcuspóir atá ag an Aontas dul i dtreo geilleagar ísealcharbóin a bheidh seasmhach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach; agus a leordhóthanaí atá an fhoráil ó thaobh stuamachta de. Lena chois sin, ba cheart don Choimisiún a fhiafraí de féin ar cheart raon na bhforálacha sin a leathnú go gcumhdóidh sé infheistíochtaí bonneagair a dhéanann corparáidí.

(62)  Mar a mhol ÚBE, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) agus an Banc Ceannais Eorpach, ba cheart CLanna, mar gheall ar an tsamhail ghnó ar leith atá acu, a dhíolmhú ón gcóimheas luamhánaithe, toisc go bhfuil sé de cheanglas orthu ceadúnas baincéireachta a fháil chun rochtain a fháil ar shaoráidí bainc ceannais thar oíche agus chun a róil a chomhlíonadh mar phríomhéascaitheoirí cuspóirí tábhachtacha polaitiúla agus rialála in earnáil an airgeadais.

(63)  Ina theannta sin, risíochtaí TLUanna a údaraítear mar institiúidí creidmheasa agus risíochtaí institiúidí creidmheasa a ainmnítear i gcomhréir le Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14), amhail iarmhéideanna airgid thirim a thagann as cuntais airgid a sholáthar do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús agus do shealbhóirí cuntais urrús, nó a thagann as cuntais airgid a ghlacadh ó na rannpháirtithe agus na sealbhóirí sin, ba cheart iad a eisiamh ó thomhas iomlán risíochtaí de dheasca nach gcruthaítear leo priacal maidir le giaráil iomarcach mar úsáidtear na hiarmhéideanna airgid thirim sin chun idirbhearta a shocrú i gcórais socraíochta urrús.

64)  Ós rud é gur sprioc-chaipitil ina léirítear ionchais mhaoirseachta í an treoir maidir le cistí breise dílse dá dtagraítear i dTreoir 2013/36/AE, níor cheart í a bheith faoi réir nochtadh éigeantach ná toirmeasc ar nochtadh arna dhéanamh ag údaráis inniúla faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó faoin Treoir sin.

(65)  Chun a áirithiú go saineofar go hiomchuí roinnt forálacha teicniúla sonracha de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus chun go gcuirfear san áireamh forbairtí féideartha áirithe sna caighdeáin ar an leibhéal idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún: i dtaca leis an liosta de na táirgí nó na seirbhísí ar féidir a mheas go bhfuil a sócmhainní agus a ndliteanais idirspleách a leasú; i dtaca leis an liosta de na bainc forbartha iltaobhacha a leasú; i dtaca leis na ceanglais maidir le priacal margaidh a thuairisciú a leasú; agus i dtaca le ceanglais bhreise leachtachta a shonrú. Sula nglacfar na gníomhartha sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(15). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(66)  Ba cheart comhchuibhiú comhsheasmhach na gceanglas a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a áirithiú leis na caighdeáin theicniúla. Ós rud é gur comhlacht é ÚBE a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, ba cheart sainordú a thabhairt dó dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a dhréachtú, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, le cur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart caighdeáin rialála teicniúla a fhorbairt sna réimsí seo a leanas: comhdhlúthú stuamachta, cistí dílse, TLAC, láimhseáil risíochtaí a urraítear le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe, infheistíochtaí cothromais i gcistí, ríomh an chaillteanais i gcás mainneachtana faoin gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha maidir le priacal creidmheasa, priacal margaidh, risíochtaí móra agus leachtacht. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart don Choimisiún agus do ÚBE a áirithiú go bhféadfaidh na hinstitiúidí go léir lena mbaineann na caighdeáin agus na ceanglais sin a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach le cineál, scála agus castacht na n-institiúidí sin agus a ngníomhaíochtaí.

(67)  Chun gur fusa nochtadh a chur i gcomparáid le nochtadh eile, ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh lena mbunófar teimpléid chaighdeánaithe nochta lena gcumhdófaí na ceanglais nochta shubstaintiúla uile a leagtar amach i Rialachán (AE) 575/2013. Agus é ag forbairt na gcaighdeán sin, ba cheart do ÚBE méid agus castacht na n-institiúidí chomh maith le nádúr agus leibhéal an phriacail a bhaineann lena ngníomhaíochtaí a chur san áireamh. Ba cheart do ÚBE tuairisciú ar an áit is féidir feabhas a chur ar phacáiste tuairiscithe maoirseachta an Aontais ó thaobh raoin, gráinneachta nó minicíochta de agus moltaí nithiúla, ar a laghad, a dhéanamh, maidir leis an dóigh chun meánchostais chomhlíonta na n-institiúidí beaga a laghdú 20 % nó níos mó agus iad a laghdú 10 %, ar a laghad, trí na ceanglais a shimpliú go hiomchuí. Ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt a ghabhfaidh leis an tuarascáil sin. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

(68)  Chun gur fusa do na hinstitiúidí na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a chomhlíonadh, agus na caighdeáin rialála teicniúla, na rialacha teicniúla cur chun feidhme, na treoirlínte agus na teimpléid arna nglacadh chun na rialacha sin a chur chun feidhme a chomhlíonadh chomh maith, ba cheart do ÚBE uirlis TF a fhorbairt a bheidh dírithe ar institiúidí a stiúradh trí na forálacha ábhartha, na caighdeáin, na treoirlínte agus na teimpléid de réir a méide agus a samhla gnó.

(69)  Chomh maith le tuairisc a dhéanamh maidir le laghduithe costais féideartha, faoi cheann … [12 mhí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán leasaitheach seo i bhfeidhm], ba cheart do ÚBE - i gcomhar leis na húdaráis uile ábhartha, is é sin na húdaráis sin atá freagrach as maoirseacht stuamachta, as réiteach agus as scéimeanna ráthaithe taiscí agus go háirithe an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) — tuarascáil féidearthachta a chur i dtoll a chéile maidir le córas comhsheasmhach comhtháite a cheapadh le haghaidh sonraí staidrimh, sonraí réitigh agus sonraí stuamachta a bhailiú. Agus aird á tabhairt ar an obair a rinne CEBC roimhe seo maidir le bailiú sonraí, ba cheart, sa tuarascáil sin, anailís costas agus sochar a chur ar fáil maidir le pointe bailithe sonraí lárnach a chruthú do chóras tuairiscithe sonraí comhtháite a mhéid a bhaineann le sonraí staidrimh agus rialála le haghaidh na n-institiúidí uile atá lonnaithe san Aontas. Ba cheart, sa chóras sin, i measc rudaí eile, sainmhínithe agus caighdeáin chomhsheasmhacha a úsáid maidir leis na sonraí atá le bailiú, agus malartú faisnéise iontaofa buan idir na húdaráis inniúla a ráthú, lena n-áiritheofar rúndacht dhian na sonraí a bhaileofar, deimhniú láidir agus bainistiú ceart na rochtana ar an gcóras agus an a chibearshlándáil, chomh maith. Is é is aidhm leis an lárú agus an comhchuibhiú sin ar an bpróiseas tuairiscithe Eorpach, gan iarrataí iolracha atá comhchosúil nó comhionann a bheith á ndéanamh ag údaráis éagsúla agus leis sin, an t-ualach riaracháin agus airgeadais a laghdú go suntasach do na húdaráis inniúla agus do na hinstitiúidí araon. Ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, agus an tuarascáil féidearthachta le ÚBE á cur san áireamh, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(70)  Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na húdaráis ábhartha inniúla nó ainmnithe go seachnófaí aon fhoirm d’úsáid dhúbailteach nó neamh-chomhsheasmhach na gcumhachtaí macrastuamachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla nó ainmnithe ábhartha a mheas go cuí an bhfuil na bearta a dhéanann siad faoi Airteagal 124, 164 nó 458 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 dúbailteach nó neamh‑chomhsheasmhach le bearta eile atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE.

(71)  Dá bhrí sin, i bhfianaise na leasuithe ar láimhseáil risíochtaí ar CPLCanna, go sonrach na leasuithe ar láimhseáil ranníocaíochtaí institiúidí le cistí mainneachtana CPLCanna, a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart leasú a dhéanamh dá réir sin ar na forálacha ábhartha i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012(16), forálacha a tugadh isteach sa Rialachán sin leis an Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ina leagtar amach go mionsonraithe ríomh caipitil hipitéisigh CPLanna a úsáideann na hinstitiúidí ansin chun a gceanglais cistí dílse a ríomh.

(72)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon gníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana lena n‑áirithítear ceanglais stuamachta atá i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ar fud an Aontais a dhaingniú agus a athscagadh, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur féidir, mar gheall ar a bhfairsinge agus ar a n-éifeachtaí, na cuspóirí sin a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(73)  D’fhonn go mbeifear in ann dídhílsiú ordúil a dhéanamh ó shealúchais árachais nach bhfuil faoi réir maoirseacht fhorlíontach, ba cheart leagan leasaithe de na forálacha idirthréimhseacha i ndáil leis an díolúine ó shealúchais árachais a asbhaint i gcuideachtaí árachais a chur i bhfeidhm le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2019.

(74)  Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(1)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 agus 2:"

“Airteagal 1

Raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le ceanglais stuamachta ghinearálta nach mór d’institiúidí, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi mhaoirsiú Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh i ndáil leis na nithe seo a leanas:

   (a) ceanglais cistí dílse a bhaineann le gnéithe de phriacal creidmheasa, priacal margaidh, priacal oibriúcháin ▌, priacal socraíochta agus giaráil atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;
   (b) ceanglais a chuireann teorainneacha le risíochtaí móra;
   (c) ceanglais leachtachta a bhaineann le priacal leachtachta atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;
   (d) ceanglais tuairiscithe a bhaineann le pointí (a), (b) agus (c);
   (e) ceanglais maidir le nochtadh poiblí.

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na ceanglais cistí dílse agus dliteanas incháilithe a chomhlíonfaidh eintitis réitigh ar institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) iad nó cuid de G-SIInna agus fochuideachtaí suntasacha de G-SIInna neamh-AE.

Ní rialaítear leis an Rialachán seo na ceanglais atá ar údaráis inniúla maidir le nochtadh i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta institiúidí mar a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE.

Airteagal 2

Cumhachtaí maoirseachta

   1. D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, beidh na cumhachtaí ag na húdaráis inniúla a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE agus leanfaidh siad na nósanna imeachta atá inti agus sa Rialachán seo.
   2. D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, beidh na cumhachtaí ag na húdaráis réitigh a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus leanfaidh siad na nósanna imeachta atá inti agus sa Rialachán seo.
   3. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanas incháilithe, oibreoidh údaráis inniúla agus údaráis réitigh i gcomhar le chéile.
   4. Chun críocha comhlíonadh a áirithiú laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, áiritheoidh an Bord Aonair Réitigh, arna bhunú ag Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, agus an Banc Ceannais Eorpach, i ndáil le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013*** ón gComhairle, go ndéanfar faisnéis ábhartha a mhalartú go rialta iontaofa.

______________

* Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aisghairm (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

** Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

*** Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).”;

"

(2)  leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)  leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):"

“(7) ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta” nó “(GC)” GCUI mar a shainmhínítear é in Airteagal 1 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó ciste infheistíochta malartach (CIM) mar a shainmhínítear é i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;

______________

* Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúchán agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

** Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).”;

"

(ii)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (20):"

“(20) ciallaíonn ‘cuideachta shealbhaíochta airgeadais’ institiúid airgeadais ar institiúidí airgeadais a fochuideachtaí uile nó an chuid is mó díobh agus nach cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha í; is éard is fochuideachtaí de chuid institiúid airgeadais ann, institiúidí nó institiúidí airgeadais, den chuid is mó, ar institiúid ceann amháin díobh ar a laghad agus a mbaineann níos mó ná 50 % de chothromas, de shócmhainní comhdhlúite, d’ioncam nó de phearsanra na hinstitiúide airgeadais nó de tháscaire eile de chuid na hinstitiúide airgeadais sin a mheasann a húdarás inniúil atá ábhartha, le fochuideachtaí ar institiúidí nó institiúidí airgeadais iad;”;

"

(iii)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (26):"

“(26) ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’ gnóthas seachas institiúid agus seachas cuideachta shealbhaíochta airgeadais, arb é a phríomhghníomhaíocht sealúchais a fháil nó ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí 2 go 12 agus i bpointe 15 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a shaothrú, lena n-áirítear cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha, institiúid íocaíochta mar a shainmhínítear í i bpointe (4) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, agus cuideachta bainistíochta sócmhainní, ach ní áirítear leis cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear iad, faoi seach, i bpointí (f) agus (g) d’Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE;”;

__________________

* Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).”;

"

(iv)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (28):"

“(28) ‘ciallaíonn ‘máthairinstitiúid i mBallstát’ institiúid i mBallstát a bhfuil institiúid nó institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha mar fhochuideachta aici, a bhfuil rannpháirtíocht aici in institiúid, in institiúid airgeadais nó i ngnóthas seirbhísí coimhdeacha, agus nach bhfuil ina fochuideachta í de chuid institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna”;

"

(v)  cuirtear na pointí seo a leanas isteach:"

“(29a) ciallaíonn ‘máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát’ máthairinstitiúid i mBallstát ar gnólacht infheistíochta í;

   (29b) ciallaíonn ‘máthairghnólacht infheistíochta AE’ máthairinstitiúid AE ar gnólacht infheistíochta í;
   (29c) ciallaíonn ‘máthairinstitiúid chreidmheasa i mBallstát’ máthairinstitiúid i mBallstát ar institiúid creidmheasa í;
   (29d) ciallaíonn ‘máthairinstitiúid creidmheasa AE’ máthairinstitiúid AE ar institiúid creidmheasa í;”;

"

(vi)  i bpointe (39), cuirtear an mhír seo a leanas leis:"

“Ní mheastar gur grúpa cliant nasctha iad beirt nó triúr daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b) mar go bhfuil siad risíochta go díreach ar CPL céanna chun críocha gníomhaíochtaí imréitigh;”;

"

(vii)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (41):"

“(41) ciallaíonn ‘maoirseoir comhdhlúthaithe’ údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE;”;

"

(viii)  i bpointe (71), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh i bpointe (b):"

“(b) chun críocha Airteagal 97, ciallaíonn sé suim na méideanna seo a leanas:”;

"

(ix)  i bpointe (72), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

“(a) is margadh rialáilte nó margadh tríú tír é a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 25(4) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;

__________________

* Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 2002/92/AE ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).”;

"

(x)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (86):"

“(86) ciallaíonn ‘leabhar trádála’ gach suíomh in ionstraimí airgeadais agus i dtráchtearraí arna sealbhú ag institiúid le hintinn trádála, d’fhonn suíomhanna arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil a fhálú ▌, i gcomhréir le hAirteagal 104 ▌;”;

"

(xi)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (91):"

“(91) ciallaíonn ‘risíocht trádála’ risíocht reatha, lena n-áirítear corrlach athrúcháin atá dlite don chomhalta imréitigh ach nach bhfuarthas fós agus aon risíocht a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo de chuid comhalta imréitigh nó de chuid cliaint ar CPL a eascraíonn as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 301(1), mar aon le corrlach tosaigh;”;

"

(xii)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (96):"

“(96) ciallaíonn ‘fálú inmheánach’ suíomh lena bhfritháirítear na heilimintí priacail comhpháirtí idir suíomh sa leabhar trádála agus suíomh amháin nó níos mó sa leabhar neamhthrádála nó idir dhá dheasca trádála;”;

"

(xiii)  i bpointe (127), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

“(a) tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúidí céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7) nó tá siad cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach trí bhíthin líonra;”;

"

(xiv)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (128):"

“(128) ciallaíonn ‘ítimí indáilte’ méid an bhrabúis ag deireadh na bliana airgeadais deiridh móide aon bhrabús a thugtar ar aghaidh agus aon chúlchistí atá ar fáil chuige sin sula ndéanfar dáileacháin ar shealbhóirí ionstraimí cistí dílse lúide aon chaillteanais a thugtar ar aghaidh, aon bhrabúis atá neamh-indáilte de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta nó fhodhlíthe na hinstitiúide, agus aon suimeanna a chuirtear i gcúlchistí neamh-indáilte i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is nó le reachtanna na hinstitiúide, i ngach cás maidir le catagóir sonrach na n‑ionstraimí cistí dílse lena mbaineann dlí an Aontais, an dlí náisiúnta, fodhlíthe na n-institiúidí nó reachtanna; agus brabúis, caillteanais agus cúlchistí den chineál sin á gcinneadh ar bhonn chuntas aonair na hinstitiúide seachas ar bhonn na gcuntas comhdhlúite;”;

"

(xv)  cuirtear na pointí seo a leanas leis:"

“(130) ciallaíonn ‘údarás réitigh’ údarás réitigh mar a shainmhínítear é i bpointe (18) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;

   (131) ciallaíonn ‘eintiteas réitigh’ eintiteas réitigh mar a shainmhínítear é i bpointe (83a) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;
   (132) ciallaíonn ‘grúpa réitigh’ grúpa réitigh mar a shainmhínítear é i bpointe (83b) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;
   (133) ciallaíonn ‘institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach léi’ nó “G-SII” G-SII a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 131(1) agus (2) de Threoir 2013/36/AE;
   (134) ciallaíonn ‘institiúid dhomhanda neamh-AE a bhfuil tábhacht shistéamach léi” nó “G-SII neamh-’AE grúpa banc domhanda lena bhfuil tábhacht shistéamach nó banc (G-SIBanna) nach G‑SII é agus atá ar liosta na G-SIBanna a fhoilsíonn an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, liosta a thabharfar cothrom le dáta go rialta;
   (135) ciallaíonn ‘fochuideachta ábhartha’ fochuideachta a chomhlíonann, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
   (a) sealbhaíonn an fhochuideachta níos mó ná 5 % de shócmhainní comhdhlúite atá ualaithe ó thaobh priacail a máthairghnóthais bunaidh;
   (b) gineann an fhochuideachta níos mó ná 5 % d’ioncam oibriúcháin iomlán a máthairghnóthais bunaidh;
   (c) is mó tomhas iomlán na risíochtaí, dá dtagraítear in Airteagal 429(4) den Rialachán seo, atá ag an bhfochuideachta ná 5 % de thomhas comhdhlúite iomlán na risíochtaí atá ag a máthairghnóthas bunaidh;

chun cinneadh cé hí an fhochuideachta ábhartha, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE, glacfar leis an dá mháthairghnóthas idirmheánacha de chuid an Aontais mar fhochuideachta aonair ar bhonn a gcáis chomhdhlúite;

   (136) ciallaíonn ‘eintiteas G-SII’ eintiteas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus ar G-SII nó cuid de G-SII nó de G-SII neamh-AE é;
   (137) ciallaíonn ‘uirlis díluachála fiachais’ uirlis díluachála fiachais mar a shainmhínítear í i bpointe (57) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/(AE);
   (138) ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa de ghnóthais ar institiúid é gnóthas amháin acu ar a laghad agus atá déanta de mháthairghnóthas agus dá fochuideachtaí, nó de ghnóthais a bhfuil baint acu lena chéile mar a leagtar amach ina Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle*;
   (139) ciallaíonn ‘idirbheart maoinithe urrús’ ‘idirbheart athcheannaigh’, idirbheart lena dtugtar nó lena bhfaightear urrúis nó tráchtearraí ar iasacht, nó idirbheart lena dtugtar corrlach ar iasacht;
   (140) ciallaíonn ‘corrlach tosaigh’ nó ‘CT’ aon chomhthaobhacht, seachas an corrlach athrúcháin, a bailíodh ó eintiteas nó a postáladh chuige chun an risíocht atá ann faoi láthair agus an risíocht a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí ar idirbheart nó punann idirbheart le linn na tréimhse is gá chun na hidirbhearta sin a leachtú nó chun a bpriacal margaidh a athfhálú, tar éis mhainneachtain an chontrapháirtí san idirbheart nó i bpunann na n-idirbheart;
   (141) ciallaíonn ‘‘priacal margaidh’ an priacal go dtiocfadh caillteanais as athruithe ar phraghsanna margaidh, lena n-áirítear rátaí malairte eachtraí nó praghsanna tráchtearraí;
   (142) ciallaíonn ‘priacal malairte eachtraí’ an priacal go dtiocfadh caillteanais as athruithe ar rátaí malairte eachtraí;
   (143) ciallaíonn ‘priacal tráchtearraí’ an priacal go dtiocfadh caillteanais as athruithe ar phraghsanna tráchtearraí;
   (144) ciallaíonn ‘deasc trádála’, grúpa déileálaithe léir-shainaitheanta arna chur ar bun ag an institiúid chun comhbhainistiú a dhéanamh ar phunann de shuíomhanna leabhair trádála i gcomhréir le straitéis ghnó chomhsheasmhach dhea-shainithe agus é ag oibriú faoin aon struchtúr bainistithe priacail amháin;
   (145) ciallaíonn “institiúid bheag neamhchasta” institiúid a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
   (a) nach institiúid mhór í;
   (b) tá luach iomlán a sócmhainní ar bhonn aonair nó, más infheidhme, ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE, ar an meán, cothrom le tairseach EUR 5 bhilliún thar an tréimhse ceithre bliana atá díreach roimh an tréimhse bhliantúil reatha tuairiscithe nó níos lú ná an tairseach sin; Is ceadmhach do Bhallstáit an tairseach sin a ísliú;
   (c) níl sí faoi réir aon oibleagáidí, nó tá sí faoi réir oibleagáidí simplithe, i ndáil leis an bpleanáil téarnaimh agus réitigh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2014/59/AE;
   (d) rangaítear a gnó leabhar trádála mar ghnó beag de réir bhrí Airteagal 94(1);
   (e) ní mó luach iomlán a suíomhanna díorthacha arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil ná 2 % d’iomlán á sócmhainní laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus ní mó luach iomlán a suíomhanna díorthach ná 5 %, i gcás ina ríomhfar an dá luach sin i gcomhréir le hAirteagal 273a(3);
   (f) baineann corradh le 75 % de shócmhainní iomlána agus comhdhlúite na hinstitiúide agus de dhliteanais iomlána chomhdhlúite na hinstitiúide, cé is moite de na risíochtaí laistigh de ghrúpa sa dá chás, baineann siad le gníomhaíochtaí le contrapháirtithe atá lonnaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;
   (g) ní úsáideann an institiúid samhlacha inmheánacha chun freastal ar na ceanglais stuamachta i gcomhréir leis an Rialachán seo cé is moite d’fhochuideachtaí a bhaineann úsáid as samhlacha inmheánacha a forbraíodh ar leibhéal an ghrúpa, ar choinníoll go bhfuil an grúpa faoi réir na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar síos in Airteagal 433a nó in Airteagal 433c ar leibhéal comhdhlúite;
   (h) níor cuireadh agóid in iúl don údarás inniúil ag an institiúid i gcoinne a rangaithe mar institiúid bheag neamhchasta;
   (i) ní dhearna an t-údarás inniúil cinneadh nach measfar an institiúid a bheith mar institiúid bheag neamhchasta ar bhonn anailís ar a méid, a hidirnascacht, a castacht nó ar a próifíl priacail;
   (146) ciallaíonn ‘institiúid mhór’ institiúid a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
   (a) is ‘G-SII’ í ;
   (b) sainaithníodh í mar institiúid eile a bhfuil tábhacht shistéamach léi (O-SII) i gcomhréir le hAirteagal 131(1) agus (2) de Threoir 2013/36/AE ;
   (c) tá sí, sa Bhallstát ina bhfuil sí bunaithe, ar na trí institiúid is mó de réir luach iomlán na sócmhainní;
   (d) is comhionann le EUR 30 billiún nó níos mó ná sin é luach iomlán a sócmhainní ar bhonn aonair nó, más infheidhme, ar bhonn a cáis chomhdhlúite i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE;
   (147) ciallaíonn ‘fochuideachta mhór’ cuideachta a cháilíonn mar institiúid mhór;
   (148) ciallaíonn ‘institiúid neamhliostaithe’ institiúid nár eisigh urrúis a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte d’aon Bhallstát, de réir bhrí phointe (21) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
   (149) ciallaíonn ‘tuarascáil airgeadais’, chun chríocha Chuid a hOcht, tuarascáil airgeadais de réir bhrí Airteagail 4 agus 5 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**.

__________________

* Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

** Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).”;

"

(b)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach :"

“4. Déanfaidh ÚBE caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar cé hiad na cásanna ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (39) de mhír 1.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi ... [aon bhliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

"

(3)  leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Déanfaidh institiúidí na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó, a Trí, a Ceathair, a Seacht, a Seacht A agus a hOcht den Rialachán seo agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh ar bhonn aonair, cé is moite de phointe (d) d’Airteagal 430(1) den Rialachán seo.”;

"

(b)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

“1a. De mhaolú ar mhír 1 den Rialachán seo, is institiúidí a sainaithníodh mar eintitis réitigh, ar G‑SIInna iad nó atá mar chuid de G-SII freisin, agus nach bhfuil fochuideachtaí acu, agus na hinstitiúidí sin amháin a chomhlíonfaidh an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92a ar bhonn aonair.

Comhlíonfaidh fochuideachtaí ábhartha de G-SII neamh-AE ▌ Airteagal 92b ar bhonn aonair i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha uile seo a leanas:

   (a) ní eintitis réitigh iad;
   (b) níl fochuideachtaí acu;
   (c) ní fochuideachtaí iad de mháthairinstitiúid AE.”;

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3, 4 agus 5:"

“3. Maidir le haon institiúid ar máthairghnóthas í nó ar fochuideachta í, agus gach institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 18, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht a chomhlíonadh ar bhonn aonair.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo Airteagal 437a agus pointe (h) d’Airteagal 447 ar bhonn aonair.

   4. Institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe chun na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a sholáthar, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé agus i bpointe (d) d’Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn aonair.

Ní bheidh sé de cheangal ar na hinstitiúidí seo a leanas Airteagal 413(1) agus na ceanglais ghaolmhara maidir le tuairisciú leachtachta a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo a chomhlíonadh:

   (a) institiúidí atá údaraithe freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
   (b) institiúidí atá údaraithe freisin i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le pointe (a) d’Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, ar choinníoll nach ndéanann siad aon tiontú aibíochta suntasach; agus
   (c) institiúidí atá ainmnithe i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar na coinníollacha seo a leanas:
   (i) go bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí teoranta do sheirbhísí a thairiscint do thaisclanna lárnacha urrús a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin, ar seirbhísí de chineál baincéireachta iad a liostaítear i bpointí (a) go (e) de Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin; agus
   (ii) nach ndéanann siad aon tiontú aibíochta suntasach.

Go dtí go dtíolacfaidh an Coimisiún an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 508(3), is ceadmhach d’údaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé agus i bpointe (d) d’Airteagal 430(1) a chomhlíonadh agus cineál, scála agus castacht a ngníomhaíochtaí á gcur san áireamh.

   5. Ní bheidh sé de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagail 95(1) agus 96(1) den Rialachán seo, ar institiúidí dár fheidhmigh na húdaráis inniúla an maolú a shonraítear in Airteagal 7(1) nó (3) den Rialachán seo, ar institiúidí atá údaraithe, freisin, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó ar institiúidí atá údaraithe, freisin, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Seacht agus na ceanglais tuairiscithe gaolmhara um chóimheas luamhánaithe a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn aonair.

________________

* Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíoch urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh.  236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).”;

"

(4)  leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) déanfaidh an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó an institiúid fochuideachta ar bhonn fo-chomhdhlúite, maoirseacht i gcónaí ar shuíomhanna leachtachta gach institiúide den ghrúpa nó den fhoghrúpa atá faoi réir na tarscaoilte, déanfaidh sí faireachán agus maoirseacht i gcónaí ar shuíomhanna cistiúcháin gach institiúide den ghrúpa nó den fhoghrúpa i gcás ina dtarscaoilfear an ceanglas cóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí (CGCC) a leagtar amach i dteideal IV de Chuid a Sé, agus áiritheoidh sí go mbeidh leibhéal leordhóthanach leachtachta ann agus, i gcás ina dtarscaoilfear ceanglas CGCC a leagtar amach i dteideal IV de Chuid a Sé, go mbeidh leibhéal leordhóthanach cistiúcháin chobhsaí ann i gcomhair na n‑institiúidí sin uile;”;

"

(b)  i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):"

“(b) dáileadh méideanna, láthair agus úinéireacht na sócmhainní leachtacha arna gceangal atá le sealbhú laistigh den fhoghrúpa leachtachta aonair i gcás ina dtarscaoilfear an ceanglas maidir le cóimheas cumhdaigh ar leachtacht (LCR) mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), agus dáileadh méideanna agus suíomh an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil laistigh den fhoghrúpa leachtachta aonair i gcás ina dtarscaoilfear ceanglas CGCC a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Sé;

   (c) cinneadh a dhéanamh i ndáil le híosmhéid sócmhainní leachtacha arna atá le sealbhú ag institiúidí ar ina leith a tharscaoilfear cur chun feidhme cheanglas LCR a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) agus cinneadh a dhéanamh i ndáil le híosmhéid cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil atá le sealbhú ag institiúidí ar ina leith a tharscaoilfear cur chun feidhme cheanglas CGCC a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Sé;”;

"

(c)  cuirtear an mhír seo a leanas leis:"

“6. Sa chás, i gcomhréir leis an Airteagal seo, go dtarscaoileann údarás inniúil, go páirteach nó go hiomlán, cur i bhfeidhm Chuid a Sé d’institiúid, féadfaidh sé cur i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe leachtachta gaolmhar faoi phointe (d) d’Airteagal 430(1) a tharscaoileadh freisin don institiúid sin.”;

"

(5)  in Airteagal 10(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhrása thosaigh na chéad fhomhíre:"

“1. Féadfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCodanna a Dó go hOcht den Rialachán seo agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 a tharscaoileadh go páirteach nó go hiomlán d’institiúid chreidmheasa amháin nó níos mó atá suite sa Bhallstát céanna agus atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach a dhéanann maoirseacht orthu agus atá bunaithe sa Bhallstát céanna, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:”;

"

(6)  Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:"

“1. Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí i mBallstát, a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18, na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó, a Trí, a Ceathair, a Seacht agus a Seacht A ar bhonn a gcáis chomhdhlúite, cé is moite de phointe (d) d’Airteagal 430(1). Bunóidh na máthairghnóthais agus a bhfochuideachtaí atá faoi réir an Rialacháin seo struchtúr eagraíochtúil iomchuí agus sásraí rialaithe inmheánaigh is iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí is gá chun an comhdhlúthú a phróiseáil go hiomchuí agus a chur ar aghaidh. Go háirithe, áiritheoidh siad go ndéanfaidh na fochuideachtaí sin nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí a chur chun feidhme chun comhdhlúthú iomchuí a áirithiú.

   2. Chun a áirithiú go gcuirfear ceanglais an Rialacháin seo i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh na téarmaí ‘institiúid’, ‘máthairinstitiúid i mBallstát’, ‘máthairinstitiúid AE’ agus ‘máthairghnóthas’, de réir an cháis, tagairt freisin don mhéid a leanas:
   (a) cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 21a de Threoir 2013/36/AE;
   (b) institiúid ainmnithe a rialaíonn máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i gcás nach mbíonn an mháthairchuideachta sin faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 21a(4) de Threoir 2013/36/AE;
   (c) cuideachta shealbhaíochta airgeadais, cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó institiúid a ainmnítear i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 21a(6) de Threoir 2013/36/AE.

Is é cás comhdhlúite na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nach mbíonn faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 21a(4) de Threoir 2013/36/AE a bheidh i gcás comhdhlúite gnóthais dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo. Is é cás comhdhlúite na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a bheidh i gcás comhdhlúite gnóthais dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo.”;

"

(b)  scriostar mír 3;

(c)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

“3a. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, is institiúidí a sainaithníodh mar eintitis réitigh ar G-SIInna, cuid de G-SII nó cuid de G-SII neamh-AE iad agus iad sin amháin a chomhlíonfaidh Airteagal 92a den Rialachán seo ar bhonn comhdhlúite, a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18 den Rialachán seo.

Is máthairghnóthais de chuid an Aontais Eorpaigh ar fochuideachta iad de G-SII neamh-AE agus nach eintitis réitigh iad, agus iadsan amháin, a chomhlíonfaidh Airteagal 92b den Rialachán seo ar bhonn comhdhlúite a mhéid agus ar an modh a leagtar amach in Airteagal 18 den Rialachán seo. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE, comhlíonfaidh an dá mháthairghnóthas idirmheánacha AE faoi seach, ar sainaithníodh go comhpháirteach iad mar fhochuideachta ábhartha, Airteagal 92b den Rialachán seo ar bhonn a gcáis chomhdhlúite.”;

"

(d)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:"

“4. Comhlíonfaidh máthairghnóthais AE Cuid a Sé agus pointe (d) d’Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn a gcáis chomhdhlúite ▌ má bhíonn institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó sa ghrúpa agus iad údaraithe na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a sholáthar. Go dtí go dtíolacfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 508(2) den Rialachán seo, agus i gcás nach mbeidh ach gnólachtaí infheistíochta sa ghrúpa, féadfaidh údaráis inniúla máthairghnóthais AE a dhíolmhú ó chomhlíonadh Chuid a Sé agus pointe (d) d’Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn comhdhlúite, agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na gnólachta infheistíochta á gcur san áireamh.

Má tugadh tarscaoileadh faoi ’Airteagal 8(1) go (5) déanfaidh na hinstitiúidí agus, más infheidhme, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha ar cuid iad d’fhoghrúpa leachtachta Cuid a Sé agus pointe (d) d’Airteagal 430(1) a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúite leachtacht an fhoghrúpa.

   5. I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10 den Rialachán seo, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin ceanglais Chuid a Dó go Cuid a hOcht den Rialachán seo agus Chaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 ar bhonn chás comhdhlúite an iomláin arb éard atá ann an comhlacht lárnach i dteannta a institiúidí chleamhnaithe.
   6. De bhreis ar na ceanglais i mír 1 go 5 den Airteagal seo, agus gan dochar d’fhorálacha eile an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE nuair a bheidh bonn cirt ann chun críocha maoirseachta de bharr shonraíochtaí priacail nó struchtúr caipitil institiúide, nó i gcás ina nglacfaidh na Ballstáit dlíthe náisiúnta lena gceanglófar go ndéanfar gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa baincéireachta a scaradh go struchtúrach, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar institiúid na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó go dtí a hOcht den Rialachán seo agus i dTeideal VII de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh ar bhonn fo-chomhdhlúite.

Beidh cur i bhfeidhm an chur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.”;

"

(7)  scriostar Airteagal 12;

(8)  cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:"

“Airteagal 12a

Ríomh comhdhlúite le haghaidh G-SIInna ag a bhfuil il-eintitis réitigh

I gcás inar eintiteas réitigh dhá eintiteas G-SII ar a laghad ar leis an aon G-SII iad, ríomhfaidh máthairinstitiúid AE an G-SII sin an méid cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 92a(1) den Rialachán seo. Déanfar an ríomh sin ar bhonn chás comhdhlúite mháthairinstitiúid AE amhail dá mba é an t-aon eintiteas réitigh amháin de chuid an G-SII sin é.

I gcás ina mbeidh an méid a ríomhadh i gcomhréir leis an gcéad mhír den Rialachán seo níos lú ná suim na méideanna cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 92a(1) den Rialachán seo atá ag na heintitis uile ar leis an G-SII sin iad, gníomhóidh na húdaráis réitigh i gcomhréir le hAirteagail 45d(3) agus 45h(2) de Threoir 2014/59/AE.

I gcás ina mbeidh an méid a ríomhadh i gcomhréir leis an gcéad mhír den Airteagal seo níos mó ná suim na méideanna cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 92a(1) den Rialachán seo atá ag na heintitis uile ar leis an G-SII sin iad, féadfaidh na húdaráis réitigh gníomhú i gcomhréir le hAirteagail 45d(3) agus 45h(2) de Threoir 2014/59/AE.”;

"

(9)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 13 agus 14:"

“Airteagal 13

Cur i bhfeidhm ceanglais maidir le nochtadh ar bhonn comhdhlúite

   1. Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE Cuid a hOcht ar bhonn a gcáis chomhdhlúite.

Nochtfaidh fochuideachtaí móra máthairinstitiúidí AE an fhaisnéis a shonraítear in Airteagail 437, 438, 440, 442, 450, 451, 451a ▌ agus 453 ar bhonn aonair nó, más infheidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE, ar bhonn fo-chomhdhlúite.

   2. Déanfaidh institiúidí a sainaithníodh mar eintitis réitigh ar G-SIInna nó atá mar chuid de G-SII Airteagal 437a agus pointe (h) d’Airteagal 447 a chomhlíonadh ar bhonn ▌ cás comhdhlúite a ngrúpa réitigh.
   3. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír de mhír 1 maidir le máthairinstitiúidí AE, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais AE, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha AE, nó eintitis réitigh má áirítear iad laistigh de nochtaí coibhéiseacha ar bhonn comhdhlúite ag máthairghnóthas atá bunaithe i dtríú tír.

Beidh feidhm ag an dara fomhír de mhír 1 maidir le fochuideachtaí máthairghnóthas atá suite i dtríú tír ina bhfuil na fochuideachtaí sin cáilithe mar fhochuideachtaí móra.

   4. I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin rialacha Chuid a hOcht ar bhonn chás comhdhlúite an chomhlachta lárnaigh. Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) maidir leis an gcomhlacht lárnach agus láimhseálfar na hinstitiúidí cleamhnaithe mar fhochuideachtaí de chuid an chomhlachta lárnaigh.

Airteagal 14

Ceanglais Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite

   1. Cuirfear de cheangal ar mháthairghnóthais agus a bhfochuideachtaí atá faoi réir an Rialacháin seo na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, lena áirithiú go bhfuil na socruithe, na próisis agus na sásraí a cheanglaítear leis na forálacha sin comhsheasmhach agus comhtháite agus gur féidir aon sonraí agus aon fhaisnéis atá ábhartha do chuspóir na maoirseachta a chur ar fáil. Go háirithe, áiritheoidh siad go gcuireann fochuideachtaí nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí chun feidhme lena áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha sin.
   2. Cuirfidh institiúidí ualú priacail breise i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 270a den Rialachán seo nuair a bheidh Airteagal 92 den Rialachán seo á chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite nó fo‑chomhdhlúite, má sháraítear na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 ag leibhéal eintitis atá bunaithe i dtríú tír agus a áirítear sa chomhdhlúthú de réir Airteagal 18 den Rialachán seo má tá an sárú ábhartha de réir phróifíl priacail foriomlán an ghrúpa.”;

"

(10)  in Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhrása thosaigh na chéad fhomhíre:"

“1. Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe, ar bhonn an cháis, cur i bhfeidhm Chuid a Trí agus na ceanglas tuairiscithe gaolmhar i gCuid a Seacht A den Rialachán seo agus Chaibidil 4 de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE, cé is moite de phointe (d) d’Airteagal 430(1) den Rialachán seo a tharscaoileadh ar bhonn comhdhlúite, ar an gcoinníoll go bhfuil na coinníollacha seo a leanas ann:”;

"

(11)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:"

“Airteagal 16

Maolú ar chur i bhfeidhm cheanglais an chóimheasa luamhánaithe ar bhonn comhdhlúite maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta

I gcás inar gnólachtaí infheistíochta atá díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i gCuid a Seacht a chur i bhfeidhm ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 6(5) iad gach eintiteas i ngrúpa de ghnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear an máthaireintiteas, féadfaidh an máthairghnólacht infheistíochta a shocrú gan na ceanglais a leagtar síos i gCuid a Seacht agus ceanglais ghaolmhara um chóimheas luamhánaithe a thuairisciú a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite.

"

(12)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:"

“Airteagal 18

Modhanna comhdhlúthaithe stuamachta

   1. Na hinstitiúidí, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha nach mór dóibh na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 1 a chomhlíonadh, ar bhonn a gcáis chomhdhlúite, déanfaidh siad comhdhlúthú iomlán ar gach institiúid agus institiúid airgeadais atá ina bhfochuideachtaí aige, nó, nuair is ábhartha, ina bhfochuideachtaí ag an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha. Ní bheidh feidhm ag míreanna 3 go 6 agus mír 9 den Airteagal seo i gcás ina mbeidh feidhm ag Cuid a Sé agus pointe (d) d’Airteagal 430(1) ar bhonn cás comhdhlúite institiúide, cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, nó ar bhonn cás fo-chomhdhlúite foghrúpa leachtachta mar a leagtar amach in Airteagail 8 agus 10.

Chun críocha Airteagal 11(3a), na hinstitiúidí nach mór dóibh na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92a nó 92b a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh siad comhdhlúthú ar na hinstitiúidí agus na hinstitiúidí airgeadais uile arb iad a bhfochuideachtaí iad sna grúpaí réitigh ábhartha.

   2. Áireofar gnóthais seirbhísí coimhdeachta sa chomhdhlúthú sna cásanna a leagtar síos san Airteagal seo agus de réir na modhanna a leagtar síos san Airteagal seo.
   3. I gcás ina bhfuil baint ag gnóthais lena chéile de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/CE, socróidh na húdaráis inniúla conas a dhéanfar comhdhlúthú.
   4. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe de cheangal go ndéanfar an comhdhlúthú comhréireach de réir na scaire caipitil a shealbhaíonn rannpháirtíochtaí in institiúidí agus in institiúidí airgeadais a bhainistíonn gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó nach n-áirítear sa chomhdhlúthú, i gcás ina mbeidh dliteanas na ngnóthas sin teoranta don scair den chaipiteal atá ina seilbh.
   5. I gcás rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitiúla seachas iad sin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4, cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é. Go háirithe, féadfaidh siad úsáid an mhodha cothromais a cheadú nó a cheangal. Mar sin féin, ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.
   6. Cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é sna cásanna seo a leanas:
   (a) i gcás ina bhfuil, i dtuairim na n-údarás inniúil, tionchar suntasach ag institiúid ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin; agus
   (b) i gcás ina bhfuil dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó curtha faoi bhainistíocht aonair ach amháin más de bhun conartha, ar bhonn clásail atá ina meabhráin nó ar bhonn a nairteagal comhlachais a dhéantar an méid sin.

Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid ▌ an mhodha a ndéantar foráil dó in Airteagal 22(7), (8) agus (9) de Threoir 2013/34/CEE a cheadú ▌ nó a éileamh. Ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

   7. I gcás ina bhfuil fochuideachta ag institiúid ar gnóthas é nach institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha an gnóthas sin, nó i gcás ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid i ngnóthas den sórt sin, beidh feidhm ag an modh cothromais leis an bhfochuideachta sin nó leis an rannpháirtíocht sin. Mar sin féin, ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla a cheadú d’institiúidí nó a éileamh orthu modh éagsúil a chur i bhfeidhm ar fhochuideachtai nó rannpháirtíochtaí den chineál sin, lena n-áirítear an modh a cheanglaítear faoin gcreat cuntasaíochta infheidhme, ar choinníoll go ndéanfar an méid a leanas:

   (a) nach bhfuil an modh cothromais á chur i bhfeidhm cheana ar an ... [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo];
   (b) gur róthrom an t-ualach an modh cothromais a chur i bhfeidhm nó nach léirítear go leordhóthanach leis an modh cothromais na priacail don institiúid ón ngnóthas dá dtagraítear sa chéad fhomhír; agus
   (c) nach mbíonn comhdhlúthú iomlán nó cionmhar ar an ngnóthas sin mar thoradh ar an modh a chuirtear i bhfeidhm.
   8. Féadfaidh údaráis inniúla comhdhlúthú iomlán nó cionmhar a cheangal ar fhochuideachta nó ar ghnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid i gcás nach institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha é agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
   (a) ní gnóthas árachais, gnóthas árachais tríú tír, gnóthas athárachais, gnóthas athárachais tríú tír, cuideachta shealbhaíochta árachais nó gnóthas atá eisiata ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin é an gnóthas;
   (b) tá baol suntasach ann go gcinnfidh an institiúid tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don ghnóthas sin agus é i gcruachás, in éagmais aon oibleagáidí conarthacha nó sa bhreis ar aon oibleagáidí conarthacha maidir le tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil.
   9. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a gcuirfear an comhdhlúthú i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 3 go 6 agus mír 8.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2020.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

"

(13)  Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 22"

“Airteagal 22

Fo-chomhdhlúthú i gcás eintitis i dtríú tíortha

   1. Déanfaidh fo-institiúidí na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 89, 90 agus 91 agus i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht agus na ceanglais ghaolmhara tuairiscithe a leagtar síos i gCuid a Seacht A a chur i bhfeidhm ar bhonn a gcáis fho‑chomhdhlúite má tá institiúid nó institiúid airgeadais mar fhochuideachta i dtríú tír acu nó má tá rannpháirtíocht i ngnóthas den chineál sin ina seilbh.
   2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh fo-institiúidí a roghnú gan na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 89, 90 agus 91 agus i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht agus na ceanglais ghaolmhara tuairiscithe a leagtar síos i gCuid a Seacht A a chur i bhfeidhm ar bhonn a gcáis fho-chomhdhlúite más lú ná 10 % de mhéid iomlán na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe atá ag an bhfo-institiúid méid iomlán na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe atá ag a bhfochuideachta agus ag a rannpháirtíochtaí sna tríú tíortha.”;

"

(14)  i gCuid a Dó, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“CISTÍ DÍLSE AGUS DLITEANAIS INCHÁILITHE”;

"

(15)  in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

“3. Déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar a bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29 á gcomhlíonadh ag eisiúintí ionstraimí caipitil. Ní aicmeoidh na hinstitiúidí eisiúintí ionstraimí caipitil mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin tar éis cead a fháil ó na húdaráis inniúla.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na hinstitiúidí eisiúintí a dhéanfar ina dhiaidh sin i bhfoirm ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dár tugadh cead don institiúid cheana féin, a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ar choinníoll go gcomhlíontar ar dá choinníoll seo a leanas:

   (a) gurb ionann, a bheag nó a mhór, na forálacha lena rialaítear na heisiúintí sin a dhéanfar ina dhiaidh sin agus na forálacha lena rialaítear na heisiúintí sin dár tugadh cead don institiúid cheana féin;
   (b) gur thug na hinstitiúidí fógra luath go leor do na húdaráis inniúla faoi na heisiúintí sin a dhéanfar ina dhiaidh sin sula ndéanfar iad a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1.

Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le ÚBE sula dtabharfaidh siad an cead sin le haghaidh cineálacha nua ionstraimí caipitil a aicmiú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. Tabharfaidh na húdaráis inniúla aird chuí ar thuairim ÚBE agus, i gcás ina gcinnfidh siad imeacht uaithi, scríobhfaidh siad chuig ÚBE laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaighidh siad tuairim ÚBE, d’fhonn an réasúnaíocht ba bhun leis an imeacht sin uaithi a leagan amach. Níl feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na hionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 31.

Ar bhonn na faisnéise a bhailítear ó na húdaráis inniúla, déanfaidh ÚBE liosta d’fhoirmeacha uile ionstraimí caipitil a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú i ngach Ballstát, ar ionstraimí iad a cháilíonn mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1. I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, féadfaidh ÚBE aon fhaisnéis a bhailiú i ndáil le hionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a mheasann sé is gá chun a bhunú go gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 28, nó i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29 den Rialachán seo, agus d’fhonn an liosta dá dtagraítear san fhomhír seo a chothabháil agus a nuashonrú.

I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh de réir an phróisis a leagtar amach in Airteagal 80, agus i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach nach gcomhlíonann na hionstraimí caipitil ábhartha na critéir a leagtar amach in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29, nó gur scoir siad den chomhlíonadh sin, is ceadmhach do ÚBE a chinneadh gan na hionstraimí dá dtagraítear sa cheathrú fomhír a chur leis an liosta sin nó iad a bhaint den liosta, de réir an cháis. Tabharfaidh ÚBE fógra chun na críche sin ina dtagrófar freisin do sheasamh an údaráis inniúil ábhartha i leith an ábhair féin. Níl feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na hionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 31.”;

"

(16)  leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)  leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) tá na hionstraimí láníoctha agus ní dhéanann an institiúid, go díreach nó go hindíreach, éadáil úinéireacht na n-ionstraimí sin a chistiú;”;

"

(ii)  cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:"

“Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim Gnáthchothromais Leibhéal 1.”;

"

(b)  i mír 3, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:"

“Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (h)(v) den chéad fhomhír de mhír 1 d’ainneoin fochuideachta a bheith faoi réir comhaontú leis an máthairghnóthas maidir le brabús agus caillteanas a aistriú, ar dá réir a bhfuil sé d’oibleagáid ar an bhfochuideachta an toradh bliantúil a aistriú chuig an máthairghnóthas, tar éis di a ráitis airgeadais bhliantúla a ullmhú, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas:

   (a) gur leis an máthairghnóthas 90 %, nó níos mó, de chearta vótála agus de chaipiteal na fochuideachta;
   (b) go bhfuil an máthairghnóthas agus an fhochuideachta lonnaithe sa Bhallstát céanna;
   (c) gur chun críocha dlisteanacha cánach a tugadh an comhaontú i gcrích;
   (d) go bhfuil sé de rogha ag an bhfochuideachta suim na ndáileachán a laghdú, agus an ráiteas airgeadais bliantúil á ullmhú aici, trí chuid dá brabús nó an brabús ar fad a leithdháileadh ar a cúlchistí dílse nó ar a cistí do phriacal baincéireachta ginearálta sula ndéanfaidh sí aon íocaíocht leis an máthairghnóthas;
   (e) go bhfuil sé d’oibleagáid ar an máthairghnóthas faoin gcomhaontú sin an fhochuideachta a chúiteamh go hiomlán ar na caillteanais uile a thabhaíonn sí;
   (f) go bhfuil an comhaontú faoi réir tréimhse fógra ar dá réir is féidir an comhaontú a fhoirceannadh faoi dheireadh na bliana cuntasaíochta, agus faoi sin amháin, agus éifeacht ag an bhfoirceannadh sin tráth nach luaithe ná tosach na bliana cuntastaíochta dár gcionn, rud a fhágann nach dtagann aon athrú ar an oibleagáid atá ar an máthairghnóthas an fhochuideachta a chúiteamh go hiomlán ar na caillteanais uile a thabhaíonn sí le linn na bliana cuntasaíochta reatha.

I gcás ina bhfuil comhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú déanta ag institiúid, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil gan mhoill agus cuirfidh sí cóip den chomhaontú ar fáil don údarás inniúil. Tabharfaidh an institiúid fógra freisin don údarás inniúil gan mhoill má thagann aon athrú ar an gcomhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú agus má fhoirceanntar é. Ní dhéanfaidh institiúid níos mó ná aon chomhaontú amháin maidir le brabús agus caillteanas a aistriú.”;

"

(17)  in Airteagal 33(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

“(c) gnóthachain agus caillteanais ar luach cóir ar dhliteanais díorthach de chuid na hinstitiúide as a dtagann athruithe ar priacal creidmheasa dhílis na hinstitiúide sin.”;

"

(18)  leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

(a)  leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

“(b) sócmhainní doláimhsithe cé is moite de bhogearraí a luacháiltear go stuama agus nach mbíonn tionchar diúltach ag réiteach, ag dócmhainneacht nó ag leachtú na hinstitiúide ar a luach;”;

"

(ii)  cuirtear an pointe seo a leanas leis:"

“(n) i gcás gealltanas íosluacha dá dtagraítear in Airteagal 132c(2), suim ar bith lena dtagann margadhluach reatha i gcás aonad nó scaireanna in GCanna agus a fholuíonn an gealltanas íosluacha, lena dtagann sin gann ar luach reatha an ghealltanais íosluacha agus nach bhfuil laghdú aitheanta cheana féin ag an institiúid ina leith i gcás ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.”;

"

(b)  cuirtear an mhír seo a leanas leis:"

“4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun cur i bhfeidhm na n-asbhaintí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a shonrú, lena n‑áirítear ábharthacht na n-éifeachtaí diúltacha ar an luach nach ábhar imní iad ó thaobh stuamachta de.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

"

(19)  cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 37:"

“(c) bainfear méid na hathluachála cuntasaíochta ar shócmhainní doláimhsithe na gcuideachtaí arna dhíorthú ó chomhdhlúthú fochuideachtaí is inchurtha i leith daoine seachas na gnóthais atá sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, bainfear an méid sin den mhéid atá le hasbhaint.”;

"

(20)  in Airteagal 39(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití sa chéad fhomhír:"

“Beidh na sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí teoranta do shócmhainní cánach iarchurtha a cruthaíodh roimh 23 Samhain 2016 agus a eascraíonn as difríochtaí sealadacha, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:”;

"

(21)  in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i):"

“(i) dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin ▌, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;”;

"

(22)  leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

(a)  i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:"

“Ní bheidh feidhm ag an mír seo nuair a bheifear ag ríomh cistí dílse chun críocha na gceanglas in Airteagail 92a agus 92b, rud a ríomhfar i gcomhréir leis an gcreat asbhainte a leagtar amach in Airteagal 72e(4).”;

"

(b)  leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)  i bpointe (a)(iv), cuirtear na méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh:"

“Déanfar an clár comhardaithe comhdhlúite nó an ríomh comhiomlán leathnaithe a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla chomh minic agus a leagtar amach sna ceanglais theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 430(7).”;

"

(ii)  i bpointe (a)(v), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:"

“(v) comhlíonann na hinstitiúidí atá ar áireamh i scéim chosanta institiúideach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92 ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn comhiomlán fadaithe agus déanann siad comhlíonadh na gceanglas sin a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430.”;

"

(23)  leasaítear Airteagal 52(1) mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

“(a) eisíonn institiúid na hionstraimí go díreach agus tá siad íoctha go hiomlán;”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití de phointe (b):"

“(b) ní le haon cheann díobh seo a leanas na hionstraimí:”;

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

“(c) ní dhéanann an institiúid éadáil úinéireacht na n-ionstraimí a chistiú go díreach nó go hindíreach;”;

"

(d)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):"

“(h) i gcás ina n-áirítear leis na hionstraimí luathrogha amháin ar fhuascailt, nó níos mó, lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora;”;

"

(e)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):"

“(j) ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfadh an institiúid ionstraimí a cheannach, a fhuascailt nó a athcheannach, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;”;

"

(f)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (p):"

“(p) i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, de réir an dlí nó de réir forálacha conartha lena rialaítear na hionstraimí, ní mór, ar chinneadh ón údarás réitigh an chumhacht díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin a fheidhmiú, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;

i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus nár ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintitis réitigh bunaithe san Aontas, ceanglaítear leis an dlí, nó le forálacha conartha, lena rialaítear na hionstraimí, nach mór, ar chinneadh ón údarás ábhartha sa tríú tír, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;”;

"

(g)  ▌ cuirtear na pointí ▌ seo a leanas leis:"

“(q) i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, is i gcás ina bhfuil feidhmiú na cumhachta díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin de réir dlíthe tríú tír, ina bhfuil an feidhmiú sin éifeachtach agus infheidhmithe ar bhonn forálacha reachtacha nó forálacha conartha a aithníonn gníomhartha réitigh nó gníomhartha díluachála nó comhshó eile, agus sa chás sin amháin, a fhéadfar ionstraimí a eisiúint faoi dhlíthe tríú tír nó a chur faoi réir na ndlíthe sin ar dhóigh eile;

   (r) níl na hionstraimí faoi réir socruithe ▌fritháirimh nó socruithe glanluachála ▌a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas.”;

"

(h)  cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:"

“Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1.”;

"

(24)   cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 54(1):"

“(e) i gcás ina n-eisíonn gnóthas fochuideachta atá bunaithe i dtríú tír na hionstraimí Leibhéal 1 Breise, déanfar an truicear dar méid 5,125 % nó níos airde, dá dtagraítear i bpointe (a) a ríomh i gcomhréir le dlí náisiúnta an tríú tír sin nó leis na forálacha conarthacha lena rialaítear na hionstraimí, ar choinníoll gur deimhin leis an údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, go bhfuil na forálacha sin comhionann, ar a laghad, leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.”;

"

(25)  in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i):"

“(i) dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin ▌, is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;”;

"

(26)  in Airteagal 62, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

“(a) ionstraimí caipitil ▌, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63, agus a mhéid a shonraítear in Airteagal 64;”;

"

(27)  leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:"

“Cáileoidh ionstraimí caipitil mar ionstraimí Leibhéal 2 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

“(a) eisíonn ▌ institiúid na hionstraimí go díreach agus tá siad íoctha ina n‑iomláine;”;

"

(c)  i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:"

“(b) ní le haon cheann díobh seo a leanas na hionstraimí:”;

"

(d)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) agus phointe (d):"

“(c) ní dhéanann an institiúid éadáil úinéireacht na n-ionstraimí a chistiú go díreach nó go hindíreach;

   (d) tá an t-éileamh ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí faoi na forálacha lena rialaítear na hionstraimí rangaithe faoi bhun aon éilimh ó ionstraimí dliteanas incháilithe;”;

"

(e)  i bpointe (e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:"

“(e) níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíocht lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:”;

"

(f)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (f) go (n):"

“(f) níl na hionstraimí faoi réir aon socrú a chuireann le sinsearacht an éilimh faoi na hionstraimí;

   (g) tá aibíocht bunaidh cúig bliana ar a laghad ag na hionstraimí;
   (h) sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí, níl aon dreasacht do na hinstitiúidí chun a méid príomhshuime a fhuascailt nó a aisíoc, mar is infheidhme, roimh thráth a n-aibíochta;
   (i) i gcás ina n-áirítear leis na hionstraimí luathrogha amháin ar aisíoc, nó níos mó, lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora;
   (j) ní fhéadfar na hionstraimí a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 77, agus tráth nach túisce ná cúig bliana tar éis an dáta eisiúna ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 78(4);
   (k) ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfadh an institiúid ionstraimí a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;
   (l) ní thugann na forálacha lena rialaítear na hionstraimí an ceart don sealbhóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide;
   (m) ní leasófar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite ar na hionstraimí ar bhonn sheasamh creidmheasa na hinstitiúide nó a máthairghnóthas;
   (n) i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, de réir an dlí nó de réir forálacha conartha lena rialaítear na hionstraimí, ní mór, ar chinneadh ón údarás réitigh an chumhacht díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin a fheidhmiú, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;

i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus nár ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintitis réitigh bunaithe san Aontas, ceanglaítear leis an dlí, nó le forálacha conartha, lena rialaítear na hionstraimí, nach mór, ar chinneadh ón údarás ábhartha sa tríú tír, príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil ar bhonn buan nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1;”;

"

(g)  cuirtear na pointí seo a leanas isteach:"

“(o) i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i dtríú tír agus ar ainmníodh é i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/59/AE mar chuid de ghrúpa réitigh a bhfuil a eintiteas réitigh bunaithe san Aontas, nó i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir bunaithe i mBallstát, is i gcás ina bhfuil feidhmiú na cumhachta díluachála agus comhshó dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir sin de réir dlíthe tríú tír, ina bhfuil an feidhmiú sin éifeachtach agus infheidhmithe ar bhonn forálacha reachtacha nó forálacha conartha a aithníonn gníomhartha réitigh nó gníomhartha díluachála nó comhshó eile, agus sa chás sin amháin, a fhéadfar ionstraimí a eisiúint faoi dhlíthe tríú tír nó a chur faoi réir na ndlíthe sin ar dhóigh eile;

   (p) níl na hionstraimí faoi réir socruithe ▌fritháirimh nó socruithe glanluachála ▌a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas.”;

"

(h)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

“Chun críocha phointe (a) den chéad mhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim Leibhéal 2.”;

"

(28)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:"

“Airteagal 64

Ionstraimí de Chaipiteal Leibhéal 2 a amúchadh

   1. Measfar gur ítimí Leibhéal 2 méid iomlán ionstraimí Leibhéal 2 ag a bhfuil aibíocht iarmhair os cionn cúig bliana.
   2. Déantar an méid a cháilíonn ionstraimí Leibhéal 2 mar ítimí Leibhéal 2 sna cúig bliana deireanacha d’aibíocht na n-ionstraimí a ríomh tríd an toradh a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (a) a iolrú faoin méid dá dtagraítear i bpointe (b) mar seo a leanas:
   (a) roinntear suim ainmniúil na n-ionstraimí ▌ar an gcéad lá den tréimhse deiridh cúig bliana dá n-aibíocht chonarthach ar líon na laethanta sa tréimhse sin;
   (b) líon na laethanta d’aibíocht chonarthach atá fágtha maidir leis na hionstraimí ▌.”;

"

(29)  in Airteagal 66, cuirtear an pointe seo a leanas leis:"

“(e) méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí dliteanas incháilithe de bhun Airteagal 72e a sháraíonn ítimí dliteanas incháilithe na hinstitiúide.”;

"

(30)  in Airteagal 69, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i):"

“(i) dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;”;

"

(31)  cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 72:"

“CAIBIDIL 5a

Dliteanais incháilithe

Roinn 1

Ítimí agus ionstraimí dliteanas incháilithe

Airteagal 72a

Ítimí dliteanas incháilithe

   1. Is iad na nithe seo a leanas a bheidh ina n-ítimí dliteanas incháilithe, mura bhfuil siad in aon cheann de na catagóirí de dhliteanais eisiata a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, agus a mhéid a shonraítear in Airteagal 72c:
   (a) ionstraimí dliteanas incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b, a mhéid nach gcáilíonn siad mar ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2;
   (b) Ionstraimí Leibhéal 2 ag a bhfuil aibíocht iarmhair bliana amháin ar a laghad, a mhéid nach gcáilíonn siad mar ítimí Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 64.
   2. Eisiafar na dliteanais seo a leanas ó ítimí dliteanas incháilithe:
   (a) taiscí cumhdaithe;
   (b) taiscí ar amharc agus taiscí gearrthéarma a bhfuil a n-aibíocht bunaidh faoi bhun bliain amháin;
   (c) an chuid sin de thaiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;
   (d) taiscí a bheadh ina dtaiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, gur taisceadh iad trí bhrainsí a bhí lonnaithe lasmuigh den Aontas ó institiúidí atá bunaithe san Aontas;
   (e) dliteanais urraithe lena n-áirítear bannaí cumhdaithe agus dliteanais i bhfoirm ionstraimí airgeadais a úsáidtear chun críocha fálaithe agus ar cuid lárnach iad den chomhthiomsú cumhdaigh agus dhéantar a urrú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar bhealach comhchosúil le bannaí cumhdaithe, ar choinníoll nach ndéanfar difear d’aon sócmhainní urraithe a bhaineann le comhthiomsú cumhdaigh agus go leanfar dá ndóthain cistiúcháin a thabhairt dóibh agus seachas aon chuid de dhliteanas urraithe nó de dhliteanas a mbeidh comhthaobhacht geallta ina leith ar mó é ná luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta lena bhfuil sé urraithe;
   (f) aon dliteanas a thagann chun cinn mar gheall ar shócmhainní cliaint nó airgead cliaint i seilbh lena n-áirítear sócmhainní cliaint agus airgead cliaint atá i seilbh ar son gnóthais chomhinfheistíochta, ar choinníoll ar choinníoll go mbeidh an cliant sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta is infheidhme;
   (g) aon dliteanais a eascraíonn de bhua caidrimh mhuinínigh idir an t-eintiteas réitigh nó aon cheann dá fhochuideachtaí (mar mhuiníneach) agus duine eile (mar thairbhí), ar choinníoll go mbeidh an tairbhí sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta nó sibhialta is infheidhme;
   (h) dliteanais d’institiúidí, gan dliteanais d’eintitis ar cuid den ghrúpa céanna iad a áireamh, a bhfuil aibíocht bunaidh níos lú ná seacht lá acu;
   (i) dliteanais a bhfuil aibíocht níos lú ná seacht lá fágtha iontu, atá dlite do na heintitis seo a leanas:
   (i) córais nó oibreoirí córas a ainmnítear i gcomhréir le Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
   (ii) rannpháirtithe i gcóras a ainmnítear i gcomhréir le Treoir 98/26/CE agus a eascraíonn as rannpháirtíocht i gcóras den sórt sin; nó
   (iii) CPL tríú tír a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
   (j) dliteanas i leith aon cheann díobh seo a leanas:
   (i) Fostaí ▌, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála agus seachas an chomhchuid inathraithe de luach saothair glacadóirí priacail ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 92(2) de Threoir 2013/36/AE;
   (ii) creidiúnaí tráchtála nó trádála má thagann an dliteanas as soláthar, don institiúid nó don mháthairghnóthas, earraí nó seirbhísí a bhfuil gá leo chun go bhfeidhmeodh oibríochtaí na hinstitiúide nó an mháthairghnóthais, lena n-áirítear seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil an áitribh;
   (iii) údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll go mbeidh tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí is infheidhme;
   (iv) scéimeanna ráthaithe taiscí má thagann an dliteanas as ranníocaíochtaí atá dlite i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE;
   (k) dliteanais a thagann as díorthaigh;
   (l) dliteanais a thagann as ionstraimí fiachais ag a bhfuil díorthaigh leabaithe.

Chun críocha phointe (l) den chéad fhomhír, ionstraimí fiachais ina bhfuil roghanna ar luathfhuascailt is féidir a fheidhmiú de réir rogha an eisitheora nó an tsealbhóra, agus ionstraimí fiachais ag a bhfuil ús athraitheach a dhíorthaítear ó ráta tagartha a úsáidtear go leitheadach amhail Euribor nó Libor, ní mheasfar gur ionstraimí fiachais ag a bhfuil díorthaigh leabaithe iad ar bhonn gnéithe den sórt sin amháin.

Airteagal 72b

Ionstraimí dliteanas incháilithe

   1. Cáileoidh dliteanais mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a mhéid a shonraítear san Airteagal seo.
   2. Cáileoidh dliteanais mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
   (a) eisíonn institiúid go díreach nó faigheann institiúid na dliteanais, de réir mar is infheidhme, agus tá siad íoctha go hiomlán;
   (b) ní le haon cheann díobh seo a leanas na dliteanais:
   (i) institiúid nó eintiteas atá sa ghrúpa réitigh céanna;
   (ii) gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht dhíreach nó indíreach ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireacht dhíreach, nó i bhfoirm rialaithe, ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin;
   (c) ní dhéanann an t-eintiteas réitigh éadáil úinéireacht na ndliteanas a chistiú go díreach nó go hindíreach;
   (d) tá an t-éileamh ar phríomhshuim na ndliteanas faoi na forálacha lena rialaítear na hionstraimí go hiomlán fo-ordaithe maidir le héilimh a thagann as na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2); measfar gur comhlíonadh an ceanglas fo-ordúcháin sin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
   (i) sonraíonn na forálacha conartha lena rialaítear na dliteanais go mbeidh, i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear iad i bpointe (47) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, an t-éileamh ar phríomhshuim na n-ionstraimí rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thagann as aon cheann de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo;
   (ii) sonraítear sa dlí ▌is infheidhme go mbeidh, i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear iad i bpointe (47) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, an t-éileamh ar phríomhshuim na n-ionstraimí rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thagann as aon cheann de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo;
   (iii) is eintiteas réitigh nach bhfuil aon dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) den Rialachán seo a rangaítear pari passu le hionstraimí dliteanas incháilithe nó níos sóisearaí ná iad ar a chlár comhordaithe a eisíonn na hionstraimí;
   (e) níl na dliteanais urraithe, ná faoi réir ráthaíochta ná aon socrú eile lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh, ag aon cheann díobh seo a leanas:
   (i) institiúid nó a fochuideachtaí;
   (ii) máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
   (iii) aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii);
   (f) níl na dliteanais faoi réir ▌socruithe fritháirimh nó socruithe glanluachála ▌a chuirfeadh isteach ar a n-acmhainn ionsúite caillteanas i gcás réitigh;
   (g) ní áirítear sna forálacha lena rialaítear na dliteanais aon dreasacht don institiúid chun a méid príomhshuime a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc, de réir mar is infheidhme, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(3);
   (h) níl féidir le sealbhóirí na n-ionstraimí na dliteanais a fhuascailt roimh thráth a n-aibíochta, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(2);
   (i) faoi réir Airteagal 72c(3) agus (4), i gcás ina n-áirítear leis na dliteanais luathrogha amháin ar aisíoc, nó níos mó, ▌lena n-áirítear céadroghanna ar cheannach, féadfar na roghanna a fheidhmiú de réir lánrogha iomlán an eisitheora, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(2);
   (j) ní fhéadfar na dliteanais a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath ach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 77 agus 78a;
   (k) ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na dliteanais go ndéanfadh ▌an t-eintiteas réitigh dliteanais a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach go luath, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide agus nach dtugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;
   (l) ní thugann na forálacha lena rialaítear na dliteanais an ceart don sealbhóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú an eintitis réitigh;
   (m) ní ▌leasófar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite ar na dliteanais, de réir mar is infheidhme, ar bhonn sheasamh creidmheasa an eintitis réitigh nó a mháthairghnóthas;
   (n) i gcás ionstraimí a eisítear tar éis ... [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], luafar go sainráite sa doiciméadacht chonarthach ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire a bhaineann leis an eisiúint, go bhféadfaí an chumhacht díluachála agus comhshó a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 48 de Threoir 2014/59/AE. ▌

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh ach na codanna sin de na dliteanais atá íoctha go hiomlán i dteideal a gcáilithe mar ionstraimí dliteanais incháilithe.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil roinnt de na dliteanais eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta, ar an ábhar, inter alia, go bhfuil siad á sealbhú ag creidiúnaí a bhfuil dlúthnaisc aige leis an bhféichiúnaí, go bhfuil, nó go raibh, an creidiúnaí ina scairshealbhóir, i ngaolmhaireacht rialaithe nó grúpa, gur comhalta den chomhlacht bainistíochta an creidiúnaí nó go bhfuil an creidiúnaí bainteach le haon duine de na daoine sin, ní dhéanfar an fo-ordú a mheas trí thagairt d’éilimh a éiríonn as dliteanais eisiata den sórt sin.

   3. Le cois na ndliteanas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás réitigh ligean do dhliteanais a bheith incháilithe mar ionstraimí dliteanas go dtí méid comhiomlán nach mó ná 3,5% de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus (4), ar choinníoll:
   (a) go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 2 cé is moite den choinníoll i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 2;
   (b) go rangaítear na dliteanais pari passu leis na dliteanais eisiata is ísle rangú dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) cé is moite de dhliteanais eisiata atá fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo; agus
   (c) nach dtiocfadh, mar thoradh ar na dliteanais sin a áireamh in ítimí dliteanas incháilithe, priacal ábhartha d’agóid dhlíthiúil rathúil ná d’éilimh bhailí ar chúiteamh mar a mheas an t-údarás réitigh iad i ndáil leis na prionsabail dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 34(1) agus d’Airteagal 75 de Threoir 2014/59/AE.

   4. Féadfaidh an t-údarás réitigh ligean do dhliteanais a bheith incháilithe mar ionstraimí dliteanais incháilithe sa bhreis ar na dliteanais dá dtagraítear i mír 2 ar choinníoll go ndéantar an méid a leanas:
   (a) nach gceadaítear don institiúid dliteanais dá dtagraítear i mír 3 a áireamh i ndliteanais incháilithe;
   (b) go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 2 cé is moite den choinníoll i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo;
   (c) go rangaítear na dliteanais pari passu leis na dliteanais eisiata is ísle rangú dá dtagraítear in Airteagal 72a(2), nó gur sinsearaí na dliteanais ná iad, cé is moite de na dliteanais eisiata atá fo-ordaithe maidir le gnáthéilimh neamhurraithe faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2;
   (d) ar chlár comhordaithe na hinstitiúide, nach mó ná 5 % de mhéid cistí dílse agus dliteanas incháilithe na hinstitiúide an méid dliteanas eisiata dá dtagraítear in Airteagal 72a(2) a rangaítear pari passu leis na dliteanais sin i ndócmhainneacht nó níos ísle ná iad;
   e) nach dtiocfadh, mar thoradh ar na dliteanais sin a áireamh in ítimí dliteanas incháilithe, priacal ábhartha d’agóid dhlíthiúil rathúil ná d’éilimh bhailí ar chúiteamh mar a mheas an t-údarás réitigh iad i ndáil leis na prionsabail dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 34(1) agus ▌d’Airteagal 75 de Threoir 2014/59/AE.
   5. Ní fhéadfaidh údarás réitigh a cheadú d’institiúid ▌ach na dliteanais sin dá dtagraítear i mír 3 nó 4, agus iad sin amháin, a áireamh ▌mar ítimí dliteanas incháilithe.

   6. Rachaidh ▌an t-údarás réitigh i gcomhairle leis an údarás inniúil agus é ag déanamh scrúdú féachaint an bhfuil coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo comhlíonta.
   7. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
   (a) leaganacha agus cineálacha maoinithe indírigh infheidhme na n-ionstraimí dliteanas incháilithe;
   (b) foirm agus cineál na ndreasachtaí atá le fuascailt chun críocha an choinníll a leagtar amach i bpointe (g) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo agus chun críocha Airteagal 72c(3).

Déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ailíniú go hiomlán leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 28(5) agus i bpointe (a) d’Airteagal 52(2).

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi ... [sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 72c

Ionstraimí dliteanas incháilithe a amúchadh

   1. Ionstraimí dliteanas incháilithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair bliana amháin ar a laghad, cáileoidh siad go hiomlán mar ítimí dliteanas incháilithe.

Ionstraimí dliteanas incháilithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair faoi bhun bliain amháin, ní cháileoidh siad go mar ítimí dliteanas incháilithe.

   2. Chun críocha mhír 1, i gcás ina gcuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe rogha fuascailte don sealbhóir is infheidhmithe roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, saineofar tráth aibíocht na hionstraime mar an dáta is luaithe is féidir leis an sealbhóir an rogha fuascailte a fheidhmiú agus fuascailt nó aisíoc na hionstraime a iarraidh.
   3. Chun críocha mhír 1, má chuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe dreasacht don eisitheoir an ionstraim a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, saineofar tráth aibíocht na hionstraime mar an dáta is luaithe is féidir leis an eisitheoir an rogha sin a fheidhmiú agus fuascailt nó aisíoc na hionstraime a iarraidh.
   4. Chun críocha mhír 1, má chuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe luathroghanna ar fhuascailt is infheidhmithe de réir lánrogha iomlán an eisitheora roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, ach nach gcuimsíonn na forálacha lena rialaítear an ionstraim dreasacht ar bith an ionstraim a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach roimh thráth a haibíochta agus nach gcuimsíonn siad rogha ar bith fuascailte nó aisíoctha de réir lánrogha na sealbhóirí, saineofar tráth aibíochta na hionstraime mar an tráth aibíochta a sonraíodh ar dtús.

Airteagal 72d

Na hiarmhairtí le deireadh a bheith le comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta

Más rud é, i gcás ionstraim dliteanas incháilithe, gur stadadh de chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b, stadfaidh na dliteanais láithreach de cháiliú mar ionstraimí dliteanas incháilithe.

Féadfar glacadh le dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 72b(2) mar ionstraimí dliteanas incháilithe ar choinníoll go gcáilíonn siad mar ionstraimí dliteanas incháilithe faoi Airteagal 72b(3) nó (4).

Roinn 2

Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe

Airteagal 72e

Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe

   1. Asbhainfidh institiúidí atá faoi réir Airteagal 92a an méid seo a leanas as ítimí dliteanas incháilithe:
   (a) sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d’ionstraimí dílse atá ag an institiúid, lena n-áirítear dliteanais dhílse a bhfeadfadh oibleagáid a bheith ar an institiúid iad a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;
   (b) sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, atá ag an institiúid ar ionstraimí de chuid eintitis G-SII agus ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t‑údarás inniúil gur ceapadh iad chun cumas ionsúcháin caillteanas agus cumas athchaipitlithe na hinstitiúide a mhéadú go saorga;
   (c) méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 72i, sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach ionstraimí dliteanas incháilithe de chuid eintitis G‑SII, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;
   (d) sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá ag an institiúid ar ionstraimí de chuid eintitis G-SII i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh tréimhse níos giorra ná cúig lá gnó.
   2. Chun críocha na Roinne seo, láimhseálfar na hionstraimí uile a rangaítear pari passu le hionstraimí dliteanas incháilithe mar ionstraimí dliteanas incháilithe, cé is moite d’ionstraimí a rangaítear pari passu le hionstraimí a aithnítear mar ionstraimí dliteanas incháilithe de bhun Airteagal 72b(3) agus (4).
   3. Chun críocha na Roinne seo, féadfaidh institiúidí méid sealúchas na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(3) a ríomh mar a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000002.png

nuair:

h = méid sealúchas na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72b(3);

i = an t-innéacs lena gcuirtear institiúid eisiúna in iúl;

Hi = méid sealúchas dhliteanais incháilithe na hinstitiúide eisiúna i dá dtagraítear in Airteagal 72b(3);

li = méid na sealúchas a áiríonn an institiúid eisiúna i in ítimí dliteanas incháilithe laistigh de na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 72b(3) de réir an nochta is déanaí ón institiúid eisiúna; agus

Li = méid iomlán dhliteanais gan íoc na hinstitiúide eisiúna i dá dtagraítear in Airteagal 72b(3) de réir an nochta is déanaí ón institiúid eisiúna.

   4. I gcás ina bhfuil sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha ar ionstraimí cistí dílse nó ar ionstraimí dliteanas incháilithe ó fhochuideachta amháin nó níos mó nach bhfuil in aon ghrúpa réitigh amháin léi ag máthairinstitiúid AE nó máthairinstitiúid i mBallstát atá faoi réir Airteagal 92a, féadfaidh sí, tar éis di barúil údaráis réitigh aon fhochuideachtaí lena mbaineann a thabhairt ar aird mar ba chuí, cead a thabhairt don mháthairchuideachta na sealúchais sin a asbhaint, trí mhéid níos lú arna shonrú ag údarás réitigh na máthairchuideachta sin a asbhaint. Beidh an méid coigeartaithe sin ar a laghad cothrom leis an méid (m) a ríomhfar mar a leanas:

mi=uasmhéid{0; OPi+LPi−uasmhéid{0;20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000003.png∙[20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000004.png]}}

nuair:

i = an t-innéacs lena gcuirtear an fhochuideachta in iúl;

OPi = an méid ionstraimí cistí dílse atá eisithe ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide;

LPi = an méid ítimí dliteanas incháilithe atá eisithe ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide;

𝛽 = céatadán na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ítimí dliteanas incháilithe atá eisithe ag fochuideachta i ▌ agus atá i seilbh an mháthairghnóthais;

Oi = méid chistí dílse fhochuideachta i, gan an asbhaint a ríomhtar i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh;

Li = méid dhliteanais incháilithe fhochuideachta i, gan an asbhaint a ríomhtar i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh;

ri = an cóimheas is infheidhme maidir le fochuideachta i ar leibhéal a grúpa réitigh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 92a(1) den Rialachán seo agus Airteagal 45d de Threoir 2014/59/AE; agus

aRWAi = méid iomlán risíochta ar phriacal an eintitis G-SII, ar méid é a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus (4), agus coigeartuithe a leagtar amach in Airteagal 12 á gcur san áireamh.

I gcás ina bhfuil cead ag an máthairinstitiúid an méid coigeartaithe a asbhaint i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, asbhainfidh an fhochuideachta ▌an difríocht idir méid shealúchas na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an méid coigeartaithe sin.

Airteagal 72f

Sealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a asbhaint

Chun críocha phointe (a) d’Airteagal 72e(1), ríomhfaidh institiúidí sealúchais ar bhonn ollsuíomhanna fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:

   (a) féadfaidh institiúidí méid na sealúchas sa leabhar trádála a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
   (i) tá an risíocht fholuiteach chéanna ag na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra agus níl aon phriacal contrapháirtí ag baint leis na suíomhanna gearra;
   (ii) coimeádtar na suíomhanna gearra agus na suíomhanna fada araon sa leabhar trádála nó coimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála;
   (b) déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d’urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dliteanas dílis incháilithe sna hinnéacsanna sin a ríomh;
   (c) féadfaidh institiúidí ollsuíomhanna fada in ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a thagann as sealúchais d’urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomhanna gearra in ionstraimí dílse 72e(1) a thagann as suíomhanna gearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suíomhanna gearra sin. ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
   (i) tá an suíomh gearr agus an suíomh fada sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;
   (ii) coimeádtar na suíomhanna gearra agus na suíomhanna fada araon sa leabhar trádála nó coimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála.

Airteagal 72g

Bunachar asbhainte le haghaidh ítimí dliteanas incháilithe

Chun críocha phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) d’Airteagal 723(1), asbhainfidh institiúidí na hollsuíomhanna fada faoi réir na n-eisceachtaí a leagtar síos in Airteagal 72h agus 72i.

Airteagal 72h

Sealúchais de dhliteanais incháilithe de chuid eintitis G-SII eile a asbhaint

Institiúidí nach bhfuil ag úsáid na heisceachta a leagtar síos in Airteagal 72j ▌, déanfaidh siad na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 72e(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

   (a) féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ionstraimí dliteanas incháilithe a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht bhunúsach chéanna ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:
   (i) dáta aibíochta an tsuímh ghearr, is ionann é agus dáta aibíochta an tsuímh fhada nó is déanaí é ná an dáta sin ▌, nó is é bliain amháin, ar a laghad, aibíocht iarmhair an tsuímh ghearr;
   (ii) go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;
   (b) déanfaidh siad an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d’urrúis innéacsanna a chinneadh trí dhearcadh ar an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dliteanas incháilithe sna hinnéacsanna sin.

Airteagal 72i

Dliteanais incháilithe a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintitis G-SII

   1. Chun críocha phointe (c) d’Airteagal 72e(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a díorthaíodh ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:
   (a) an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d’ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais agus eintitis, ionstraimí dliteanas de chuid eintiteas G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in aon cheann acu, a sháraíonn 10 % de na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhfar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:
   (i) Airteagail 32 go 35;
   (ii) pointí (a) go (g), pointí k(ii) go k(v) agus pointe (l) d’Airteagal 36(1), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;
   (iii) Airteagail 44 agus 45;
   (b) an méid comhiomlán sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach ar ionstraimí dliteanas incháilithe atá ag eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu arna roinnt ar mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá ag an institiúid d’ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 breise agus Leibhéal 2 de chuid eintiteas san earnáil airgeadais agus ionstraimí dliteanas de chuid eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an eintiteas réitigh in aon cheann acu.
   2. Déanfaidh institiúidí suíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá gnó nó níos lú a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1.
   3. Dáilfear an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 ar gach ionstraim dliteanas incháilithe de chuid eintiteas G-SII. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime dliteanas incháilithe a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion a shonraítear i bpointe (b) den mhír seo:
   (a) méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;
   (b) an méid comhiomlán de na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá i seilbh na hinstitiúide d’ionstraimí dliteanas incháilithe de chuid eintitis G‑SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu arna léiriú ag gach ionstraim dliteanas incháilithe atá i seilbh na hinstitiúide.
   4. Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 72e(1) atá cothrom le nó níos lú ná 10 % d’ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha leagtar síos i bpointí (a)(i), (a)(ii) agus (a)(iii) de mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualuithe priacail is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
   5. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime dliteanas incháilithe atá priacal-ualaithe de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid sealúchas a cheanglaítear a bheith priacal‑ualaithe i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion a thiocfaidh as an ríomh a shonraítear i bpointe (b) de mhír 3.

Airteagal 72j

Díolmhú leabhair trádála ó asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe

   1. Féadfaidh institiúidí cinneadh a dhéanamh gan cuid ainmnithe dá sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ar ionstraimí dliteanas incháilithe, atá, ina méid comhiomlán agus arna thomhas ar bhonn comhlán fada, cothrom le nó níos lú ná 5 % d’ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid na hinstitiúide tar éis dóibh Airteagail 32 go 36, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:
   (a) tá na sealúchais sa leabhar trádála;
   (b) ní choinnítear na hionstraimí dliteanas incháilithe níos faide ná 30 lá gnó.
   2. Beidh méideanna na n-ítimí nár asbhaineadh de bhun mhír 1 faoi réir ceanglais cistí dílse maidir le hítimí sa leabhar trádála.
   3. Más rud é, i gcás sealúchais nár asbhaineadh i gcomhréir le mír 1, nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin a thuilleadh, asbhainfear na sealúchais i gcomhréir le hAirteagal 72g gan na heisceachtaí a leagtar síos in Airteagail 72h agus 72i a chur i bhfeidhm.

Roinn 3

Cistí dílse agus dliteanais incháilithe

Airteagal 72k

Ionstraimí dliteanas incháilithe

Is éard a bheidh i ndliteanais incháilithe institiúide, ítimí dliteanais incháilithe na hinstitiúide tar éis na n-asbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 72e.

Airteagal 72l

Cistí dílse agus dliteanais incháilithe

Is éard a bheidh i gcistí dílse agus dliteanais incháilithe, suim a cistí dílse agus a dliteanais incháilithe.

______________

* Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

** Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).

"

(32)  i dTeideal I de Chuid a Dó, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 6:"

“Ceanglais ghinearálta maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe”;

"

(33)  leasaítear Airteagal 73 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“DÁILEACHÁIN AR IONSTRAIMÍ”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 4:"

“1. Maidir le hionstraimí caipitil agus dliteanais a bhfuil lánrogha iomlán ag institiúid a chinneadh ina leith dáileacháin a íoc in aon fhoirm seachas mar airgead tirim nó ionstraimí cistí dílse, ní bheidh sé incháilithe cáiliú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 nó ionstraimí dliteanas incháilithe ach amháin i gcás ina bhfuil réamhchead faighte ag an institiúid ó na húdaráis inniúla.

   2. Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla an réamhchead dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcás ina measann siad go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
   (a) nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hinstitiúide íocaíochtaí a chur ar ceal faoin ionstraim;
   (b) nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hionstraime caipitil nó an dliteanais caillteanais a sheasamh;
   (c) nach laghdódh an rogha dá dtagraítear i mír 1 nó an fhoirm ina bhféadfaí na dáileacháin a dhéanamh cáilíocht na hionstraime caipitil nó an dliteanais ar aon slí eile.

Rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis an údarás réitigh maidir leis an institiúid a bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha sin sula dtabharfaidh sé an réamhchead dá dtagraítear i mír 1.

   3. Maidir le hionstraimí caipitil agus dliteanais a bhfuil sé de rogha ag duine dlítheanach seachas an institiúid a eisíonn iad a chinneadh nó a cheangal ina leith go ndéanfar na dáileacháin faoi na hionstraimí sin a íoc in aon fhoirm seachas mar airgead tirim nó ionstraimí cistí dílse, ní bheidh sé incháilithe cáiliú mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 nó ionstraimí dliteanas incháilithe.
   4. Féadfaidh institiúidí innéacs leathan margaidh a úsáid mar cheann amháin de na boinn lena gcinntear leibhéal na ndáileachán ar ionstraimí Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanas incháilithe.”;

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:"

“6. Tuairisceoidh agus nochtfaidh institiúidí na hinnéacsanna margaidh leathana ar a mbraitheann a n-ionstraimí caipitil agus a n-ionstraimí dliteanas incháilithe.”;

"

(34)  in Airteagal 75 cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:"

“Measfar go gcomhlíontar na ceanglais aibíochta i ndáil le suíomhanna gearra dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 45(a), pointe (a) d’Airteagal 59, pointe (a) d’Airteagal 69 agus pointe (a) d’Airteagal 72h maidir le suíomhanna a thógtar nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:”;

"

(35)  in Airteagal 76, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:"

“1. Chun críocha phointe (a) d’Airteagal 42, phointe (a) d’Airteagal 45, phointe (a) d’Airteagal 57, phointe (a) d’Airteagal 59, phointe (a) d’Airteagal 67, phointe (a) d’Airteagal 69 agus phointe (a) d’Airteagal 72h, féadfaidh institiúidí méid suímh fhada in ionstraim chaipitil a laghdú le cion innéacs atá comhdhéanta den risíocht fholuiteach chéanna atá á fálú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

   (a) sealbhaítear an suíomh fada atá á fhálú, agus coimeádtar an suíomh gearr arna úsáid in innéacs chun an suíomh fada sin a fhálú sa leabhar trádála nó sealbhaítear iad araon sna leabhair neamhthrádála;
   (b) sealbhaítear na suímh dá dtagraítear i bpointe (a) ag luach chóir ar chlár comhordaithe na hinstitiúide;
   (c) cáilíonn an suíomh gearr dá dtagraítear i bpointe (a) mar fhálú éifeachtach faoi phróisis rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide;
   (d) déanann na húdaráis inniúla measúnú ar leordhóthanacht na bpróiseas inmheánach rialaithe dá dtagraítear i bpointe (c) ar bhonn bliantúil ar a laghad agus tá siad sásta lena oiriúnaí atá na próisis i gcónaí.
   2. Féadfaidh institiúid, i gcás inar dheonaigh an t-údarás inniúil réamhchead, meastachán coimeádach a úsáid ar risíocht fholuiteach na hinstitiúide ar ionstraimí a áirítear sna hinnéacsanna mar rogha eile ar institiúid a bheith ag ríomh na risíochta atá aici ar na hítimí dá dtagraítear i gceann amháin nó níos mó de na pointí seo a leanas:
   (a) ionstraimí dílse Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanas incháilithe, a áirítear sna hinnéacsanna;
   (b) ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise agus Leibhéal 2 de chuid eintiteas san earnáil airgeadais, a áirítear sna hinnéacsanna;
   (c) ionstraimí dliteanas incháilithe, a áirítear sna hinnéacsanna.
   3. Ní thabharfaidh údaráis inniúla an réamhchead dá dtagraítear i mír 2 ach amháin nuair atá sé léirithe ag an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil go gcuirfeadh sé ualach rómhór ar an institiúid faireachán a dhéanamh ar a risíocht fholuiteach ar na hítimí dá dtagraítear i gceann amháin nó níos mó de phointí mhír 2, de réir mar is infheidhme.”;

"

(36)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 77:"

“Airteagal 77

Coinníollacha maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a laghdú

   1. Gheobhaidh institiúid réamhchead ón údarás inniúil chun aon cheann acu seo a leanas a dhéanamh:
   (a) ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an institiúid ar shlí a cheadaítear faoin dlí náisiúnta is infheidhme a laghdú, a fhuascailt nó a athcheannach;
   (b) na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hionstraimí cistí dílse a laghdú, a dháileadh nó a athaicmiú mar ítim cistí dílse;
   (c) ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó ionstraimí Leibhéal 2, a chur i gcrích roimh dháta a n-aibíochta conarthaí.
   2. Gheobhaidh institiúid réamhchead ón údarás réitigh ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí dliteanas incháilithe nach gcumhdaítear faoi mhír 1 a chur i gcrích, roimh dháta a n-aibíochta conarthaí.”;

"

(37)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 78:"

“Airteagal 78

Cead maoirseachta chun cistí dílse a laghdú ▌

   1. Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d’institiúid chun ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 ▌a laghdú, a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc, nó a athcheannach, nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a laghdú, a dháileadh nó a athaicmiú, i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
   (a) tráth roimh beart ar bith dá dtagraítear in Airteagal 77(1), nó an tráth céanna le beart ar bith acu sin, déanfaidh an institiúid na hionstraimí nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 77(1) a ionadú le hionstraimí cistí dílse a mbeidh an cháilíocht chéanna nó cáilíocht níos airde iontu faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;
   (b) léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go sáródh cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide, tar éis an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 77(1) den Rialachán seo, na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, agus i dTreoir 2013/36/AE agus i dTreoir 2014/59/AE de chorrlach a mheasann an t-údarás inniúil a bheith riachtanach.

Má thugann institiúid ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir lena cumas oibriú le cístí dílse os cionn na méideanna a cheanglaítear sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE ▌, féadfaidh an t-údarás inniúil ▌réamhchead ginearálta a thabhairt don institiúid sin aon cheann de na gníomhartha a leagtar síos in Airteagal 77(1) den Rialachán seo a dhéanamh, faoi réir critéir lena n-áiritheofar go mbeidh aon ghníomh den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo. Ní thabharfar an réamhchead ginearálta sin ach le haghaidh tréimhse sonrach nach mó ná bliain amháin, agus féadfar é a athnuachan tar a éis sin. Tabharfar an réamhchead ginearálta le haghaidh méid áirithe réamhchinnte a shocróidh an t-údarás inniúil. I gcás ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ní sháróidh an méid réamhchinnte sin 3 % den aschur ábhartha agus ní sháróidh sé 10 % den mhéid a sháraíonn caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 suim na gceanglas maidir maidir le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a leagtar amach sa Rialachán seo, i dTreoir 2013/36/AE agus i dTreoir 2014/59/AE le corrlach a mheasann an t‑údarás inniúil atá riachtanach. I gcás ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2, ní sháróidh an méid réamhchinnte sin 10 % den aschur ábhartha agus ní sháróidh sé 3 % de mhéid iomlán ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 gan íoc, de réir mar is infheidhme. ▌

Aistarraingeoidh na húdaráis inniúla an réamhchead ginearálta má sháraíonn institiúid aon cheann de na critéir a tugadh chun críocha an cheada sin.

   2. Agus inbhuanaitheacht na n-ionstraimí athsholáthair d’inniúlacht ioncaim na hinstitiúide dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 á measúnú, measfaidh na húdaráis inniúla a mhéid a mbeadh na hionstraimí athsholáthair chaipitil sin ▌níos costasaí don institiúid ná na hionstraimí caipitil nó na cuntais scairbhisigh a mbeidís ag gabháil ina n-ionad.
   3. I gcás ina ndéanfaidh institiúid beart dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 77(1) agus go dtoirmiscfear de réir an dlí náisiúnta is infheidhme diúltú d’ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 27 a fhuascailt, féadfaidh an t-údarás inniúil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a tharscaoileadh ar an gcoinníoll go gceanglóidh an t-údarás inniúil ar an institiúid teorainn a chur le fuascailt na n-ionstraimí sin ar bhonn iomchuí.
   4. Féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 nó cuntais scairbhisigh ghaolmhara a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc le linn na gcúig bliana tar éis a ndáta eisiúna má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus ceann de na coinníollacha seo a leanas:
   (a) tháinig athrú ar aicmiú rialála na n-ionstraimí sin ar dóigh go mbeadh mar thoradh air eisiamh na n-ionstraimí ó chistí dílse nó athaicmiú mar chistí dílse de chineál cáilíochta níos ísle, agus comhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
   (i) measann an t-údarás inniúil gur leor an chinnteacht a bhaineann leis an athrú sin;
   (ii) léiríonn an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil nach raibh athaicmiú rialála na n-ionstraimí sin intuartha go réasúnach tráth a n‑eisiúna;
   (b) tháinig athrú ar an láimhseáil cánach is infheidhme i ndáil leis na hionstraimí sin a léiríonn an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil gur athrú ábhartha é agus nach raibh sé intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúna;
   (c) déantar na hionstraimí agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a mharthanú faoi Airteagal 494b;
   (d) tráth roimh an mbeart nó an tráth céanna leis an mbeart dá dtagraítear in Airteagal 77(1), déanfaidh an institiúid na hionstraimí nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 77(1) a ionadú le hionstraimí cistí dílse ▌ ar an gcáilíocht chéanna nó ar cháilíocht níos airde faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hacmhainn ioncaim na hinstitiúide agus cheadaigh an t-údarás inniúil an gníomh sin ar bhonn an chinnidh go mbainfeadh sochar leis ó thaobh na stuamachta de agus go mbeadh údar leis de bharr cás eisceachtúil a bheith ann;
   (e) athcheannaítear ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 chun críocha cruthaithe margaidh.

   5. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
   (a) an bhrí atá le “inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide”;
   (b) na bunúis iomchuí le teorannú na fuascailte dá dtagraítear i mír 3;
   (c) an próiseas, lena n-áirítear na teorainneacha agus na nósanna imeachta maidir leis na húdaráis inniúil an formheas a dhéanamh roimh ré i gcás beart atá liostaithe in Airteagal 77(1), agus na ceanglais sonraí a theastóidh nuair a dhéanfaidh institiúid iarratas ar chead an údaráis inniúil chun beart atá liostaithe ann a dhéanamh, lena n-áirítear an próiseas atá le cur i bhfeidhm i gcás fhuascailt na scaireanna arna n-eisiúint do chomhaltaí comharchumann, agus an teorainn ama atá leis an iarratas sin a phróiseáil.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

"

(38)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

“Airteagal 78a

Cead ionstraimí dliteanas incháilithe a laghdú

   1. Tabharfaidh an t-údarás réitigh cead d’institiúid ionstraimí dliteanas incháilithe a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:
   (a) tráth níos luaithe ná an beart nó an tráth céanna le ceann ar bith de na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 77(2), déanann an institiúid na hionstraimí dliteanas incháilithe a ionadú le hionstraimí cistí dílse nó le hionstraimí dliteanas incháilithe atá ar an gcáilíocht chéanna nó ar cháilíocht níos airde faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;
   (b) léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis réitigh go sáródh cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide, tar éis an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 77(2) den Rialachán seo, na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoracha 2013/36/AE agus 2014/59/AE, de chorrlach a mheasann an t‑údarás réitigh, agus an t-údarás inniúil ar aon intinn leis, atá riachtanach;
   (c) léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis réitigh gur gá ionstraimí cistí dílse a chur in ionad dliteanais incháilithe, go hiomlán nó go páirteach, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais maidir le cistí dílse a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE, ionas go leanfar leis an údarú.

Má thugann institiúid ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir lena cumas oibriú le cístí dílse agus le dliteanais incháilithe os cionn mhéid na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoracha 2013/36/AE agus 2014/59/AE, féadfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, réamhchead ginearálta a thabhairt don institiúid sin ceannach, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí dliteanas incháilithe a dhéanamh, faoi réir critéir lena n‑áiritheofar go mbeidh aon ghníomh den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo. Ní thabharfar an réamhchead ginearálta sin ach le haghaidh tréimhse sonrach nach mó ná bliain amháin, agus féadfar é a athnuachan tar a éis sin. Tabharfar an réamhchead ginearálta le haghaidh méid áirithe réamhchinnte a shocróidh an t-údarás réitigh. Cuirfidh na húdaráis réitigh na húdaráis inniúla ar an eolas faoi aon réamhchead ginearálta a tugadh.

Aistarraingeoidh an t-údarás réitigh an réamhchead ginearálta má sháraíonn institiúid aon cheann de na critéir a tugadh chun críocha an cheada sin.

   2. Agus inbhuanaitheacht na n-ionstraimí athsholáthair d’inniúlacht ioncaim na hinstitiúide dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 á measúnú, measfaidh na húdaráis réitigh a mhéid a mbeadh na hionstraimí athsholáthair chaipitil sin agus na dliteanais athsholáthair incháilithe sin níos costasaí don institiúid ná iad siúd a mbeidís ag gabháil ina n-ionad.
   3. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
   (a) an próiseas don chomhordú idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh;
   (b) an nós imeachta, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na ceanglais faisnéise, chun cead a dheonú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 1;
   (c) an nós imeachta, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na ceanglais faisnéise, chun an réamhchead ginearálta a dheonú i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1;
   (d) an bhrí atá le ‘inbhuanaithe d’acmhainn ioncaim na hinstitiúide’.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ailíniú go hiomlán leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 78.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi ... [sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

"

(39)  leasaítear Airteagal 79 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Tarscaoileadh sealadach ó asbhaint ó chistí dílse agus ó dhliteanais incháilithe”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. I gcás ina sealbhaíonn institiúid ionstraimí caipitil nó dliteanais a cháilíonn mar ionstraimí cistí dílse in eintiteas earnála airgeadais nó mar dhliteanais incháilithe in institiúid agus ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil na sealúchais sin ann chun críocha oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun inmharthanacht an eintitis nó na hinstitiúide sin a atheagrú agus a athshlánú, féadfaidh an t-údarás inniúil na forálacha maidir le hasbhaint a mbeadh feidhm aici ar shlí eile maidir leis na hionstraimí sin a tharscaoileadh ar bhonn sealadach.”;

"

(40)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

“Airteagal 79a

Measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe

Is ar ghnéithe substaintiúla na n-ionstraimí agus ní ar a bhfoirm dhlíthiúil amháin a thabharfaidh na hinstitiúidí aird agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i gCuid a Dó. Áireofar sa mheasúnú ar ghnéithe substaintiúla ionstraime na socruithe go léir a bhaineann leis na hionstraimí, fiú i gcás socruithe nach leagtar amach go sainráite i dtéarmaí agus i gcoinníollacha na n-ionstraimí féin, d’fhonn a chinneadh an gcomhlíontar cuspóir na bhforálacha ábhartha le héifeachtaí comhcheangailte eacnamaíocha na socruithe sin.”;

"

(41)  leasaítear Airteagal 80 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Athbhreithniú leantach ar cháilíocht cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Déanfaidh ÚBE monatóireacht ar chaighdeán na n-ionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún láithreach i gcás ina bhfuil fianaise shuntasach ann nach gcomhlíonann na hionstraimí sin na critéir incháilitheachta lena mbaineann a leagtar amach sa Rialachán seo.

Ar iarratas ó ÚBE agus gan aon mhoill, cuirfidh údaráis inniúla gach faisnéis ar aghaidh chuig ÚBE a mheasann ÚBE a bhaineann le hábhar i ndáil le hionstraimí nua caipitil nó cineálacha nua dliteanas a eisíodh chun é a chur ar chumas ÚBE faireachán a dhéanamh ar cháilíocht ionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais.”;

"

(c)  i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:"

“3. Tabharfaidh ÚBE comhairle theicniúil don Choimisiún maidir le haon athruithe suntasacha a mheasann sé a theastaíonn don sainmhíniú ar chistí dílse mar thoradh ar aon cheann díobh seo a leanas:”;

"

(42)  in Airteagal 81, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Is leasanna mionlaigh iad suim na n-ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid fochuideachta, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

   (a) is ceann díobh seo a leanas í an fhochuideachta:
   (i) institiúid;
   (ii) gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;
   (iii) cuideachta inmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír atá faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus má chinn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 107(4) go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;
   (b) tá an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
   (c) is le daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo.”;

"

(43)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 82:"

“Airteagal 82

Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha

Is é a bheidh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus i gcistí dílse cáilitheacha, an leas mionlaigh, ionstraimí Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 nó Leibhéal 2, de réir mar is infheidhme, móide an tuilleamh coimeádta gaolmhar agus cuntais scairbhisigh, de chuid fochuideachta, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

   (a) is ceann díobh seo a leanas í an fhochuideachta:
   (i) institiúid;
   (ii) gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;
   (iii) cuideachta inmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír atá faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 107(4) go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;
   (b) tá an fhochuideachta áirithe go hiomlán faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;
   (c) is le daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon na hionstraimí sin.”;

"

(44)  in Airteagal 83(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:"

“1. Go dtí an 31 Nollaig 2021, níl ionstraimí Leibhéal 1 Breise agus Leibhéal 2 arna n‑eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara ar áireamh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise nó i Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 nó i gcistí dílse cáilitheacha, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:”;

"

(45)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

“Airteagal 88a

Ionstraimí dliteanas cáilitheacha incháilithe

Maidir le dliteanais a eiseoidh fochuideachta atá bunaithe san Aontas ar cuid den ghrúpa réitigh céanna í leis an eintiteas réitigh, beidh siad cáilithe a áireamh i measc ionstraimí dliteanas incháilithe chomhdhlúthaithe institiúide faoi réir Airteagal 92a ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

   (a) eiseofar iad i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE;
   (b) ceannóidh scairshealbhóir atá ann cheana iad nach cuid den ghrúpa réitigh céanna é chomh fada agus nach ndéanfar difear, le feidhmiú na gcumhachtaí díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagail 59 go 62 de Threoir 2014/59/AE, don rialú a dhéanfaidh an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;
   (c) ní mó iad ná méid a chinnfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (i) a dhealú ón méid dá dtagraítear i bpointe (ii):
   (i) suim na ndliteanas a eiseofar don eintiteas réitigh agus a cheannóidh an t‑eintiteas réitigh sin go díreach nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna agus méid na gcistí dílse a eiseofar i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE;
   (ii) an méid is gá i gcomhréir le hAirteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE”;

"

(46)  leasaítear Airteagal 92 mar a leanas:

(a)  i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas léi:"

“(d) cóimheas luamhánaithe 3 %.”;

"

(b)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

“1a. Sa bhreis ar an gceanglas a leagtar síos i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo, coinneoidh G-SII maolán cóimheasa luamhánaithe cothrom le tomhas iomlán risíochta de chuid G-SII dá dtagraítear in Airteagal 429(4) den Rialachán seo arna iolrú faoi 50 % de mhaolán G-SII is infheidhme maidir le G-SII i gcomhréir le hAirteagal 131 de Threoir 2013/36/AE.

Ní dhéanfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh ach amháin le caipiteal Leibhéal 1. Caipiteal Leibhéal 1 a úsáidfear chun an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh, ní úsáidfear é chun aon cheanglas giaráil-bhunaithe a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a chomhlíonadh, ach amháin má dhéantar foráil shainráite dó ar shlí eile sa Rialachán nó sa Treoir.

I gcas nach gcomhlíonfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, beidh sé faoi réir an cheanglais caomhnaithe caipitil i gcomhréir le hAirteagal 141b de Threoir 2013/36/AE.

I gcás nach gcomhlíonfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE é ag an am céanna, beidh sé faoi réir an cheanglais caomhnaithe caipitil atá níos airde i gcomhréir le hAirteagal 141 agus 141b den Treoir sin.”;

"

(c)  leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):"

“(b) ceanglais cistí dílse gnó institiúide, ar gnó é sin a bhaineann leis an leabhar trádála, i gcás an mhéid seo a leanas:

   (i) priacail mhargaidh arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal IV den Chuid seo, cé is moite de na cur chuige a leagtar amach i gCaibidlí 1a agus 1b den Teideal sin;
   (ii) risíochtaí móra a sháraíonn na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 395 go hAirteagal 401, a mhéid is ceadmhach d’institiúid na teorainneacha sin a shárú, arna gcinneadh i gcomhréir le Cuid a Ceathair;
   (c) na ceanglais cistí dílse do priacal margaidh arna gcinneadh i dTeideal IV den Chuid seo, cé is moite de na cur chuige a leagtar amach i gCaibidlí 1a agus 1b den Teideal sin, do gach gníomhaíocht ghnó atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí;”;

"

(ii)  cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

“(ca) na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Teideal V den Chuid seo, cé is moite d’Airteagal 379 le haghaidh priacal socraíochta.”;

"

(47)  cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:"

“Airteagal 92a

Ceanglais ar G-SIInna maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe

   1. Faoi réir Airteagail 93 agus 94 agus na n-eisceachtaí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, comhlíonfaidh na hinstitiúidí a shainaithnítear mar eintitis réitigh agus ar G-SII iad nó ar cuid de G-SII iad na ceanglais seo a leanas i gcónaí maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe:
   (a) cóimheas priacalbhunaithe 18 %, a bhaineann le cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar phriacal a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus (4);
   (b) cóimheas 6.75 % nach cóimheas priacalbhunaithe é, a bhaineann le cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide arna sloinneadh mar chéatadán den tomhas iomlán risíochta dá dtagraítear in Airteagal 492(4).
   2. Ní bheidh feidhm leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 sna cásanna seo a leanas:
   (a) faoi cheann thrí bliana i ndiaidh an dáta ar sainaithníodh an institiúid nó an grúpa ar cuid den institiúid é mar G-SII;
   (b) faoi cheann dhá bhliain tar éis an dáta ar chuir an t-údarás réitigh an uirlis díluachála fiachais i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 2014/59/EU;
   (c) faoi cheann an dá bhliain tar éis an dáta ar chuir an t-eintiteas réitigh beart malartach ón earnáil phríobháideach i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 32(1) de Threoir 2014/59/EU lena ndearnadh ionstraimí caipitil agus dliteanais eile a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun an t-eintiteas réitigh a athchaipitliú gan uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm.
   3. I gcás ina sáróidh an comhiomlán a thiocfaidh as cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar síos i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo ar gach eintiteas réitigh den G-SII céanna an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo, féadfaidh údarás réitigh mháthairinstitiúid AE, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis réitigh ábhartha eile, gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 45d(3) nó Airteagal 45h(1) de Threoir 2014/59/EU.

Airteagal 92a

Ceanglais ar G-SIInna neamh-AE maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe

   1. Comhlíonfaidh institiúidí ar fochuideachtaí ábhartha iad de G-SIInna neamh-AE agus nach eintitis réitigh iad ceanglais i gcónaí maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe ar comhionann iad agus 90 % de na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos in Airteagal 92a.
   2. Ar mhaithe le mír 1 a chomhlíonadh, ní chuirfear ionstraimí breise Leibhéal 1, Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanas incháilithe san áireamh ach i gcás gur le máthairghnóthas deiridh G-SII neamh-AE iad agus gur eisíodh iad, go díreach nó go hindíreach, trí eintitis eile sa ghrúpa céanna, ar choinníoll go bhfuil na heintitis sin go léir bunaithe sa tríú tír céanna is atá an máthairghnóthas deiridh nó i mBallstát.
   3. Ní chuirfear aon ionstraim dliteanas incháilithe san áireamh chun mír 1 a chomhlíonadh ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh sí gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
   (a) i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear i bpointe (47) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, beidh an t-éileamh a eascróidh ón dliteanas rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thiocfaidh as dliteanais nach gcomhlíonfaidh na coinníollach a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo nach bhfuil incháilithe mar ionstraimí cistí dílse;
   (b) tá sí faoi réir na gcumhachtaí díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 go hAirteagal 61 de Threoir 2014/59/AE.”;

"

(48)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 94:"

“Airteagal 94

Maolú do ghnó beag a bhaineann leis an leabhar trádála

   1. De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 92(3), féadfaidh institiúidí an ceanglas maidir le cistí dílse a ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar choinníoll gur lú méid gnó na n-institiúidí a bhaineann leis an leabhar trádála laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go mbeidh siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéanfar orthu go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí á n-úsáid:
   (a) 5 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
   (b) EUR 50 milliún.
   2. I gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí an ceanglas maidir le cistí dílse a ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh mar seo a leanas:
   (a) maidir leis na conarthaí a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II, ar conarthaí iad a bhaineann le cothromais dá dtagraítear i bpointe 3 den ‘ Iarscríbhinn sin agus díorthaigh chreidmheasa, féadfaidh institiúidí na suíomhanna sin a dhíolmhú ón gceanglas maidir le cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 92(3);
   (b) maidir le suíomhanna leabhair trádála, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, féadfaidh institiúidí an ceanglas a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 92(3) a chur in ionad an cheanglais maidir le cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 92(3).
   3. Déanfaidh institiúidí méid an ghnó leabhair trádála atá acu laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí chun críocha mhír 1 i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
   (a) beidh na suíomhanna uile a shannfar don leabhar trádála i gcomhréir le hAirteagal 104 ar áireamh sa ríomh seachas sna cásanna seo a leanas:
   (i) suíomhanna a bhaineann le malairt eachtrach agus tráchtearraí;
   (ii) suíomhanna i ndíorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar risíochtaí leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa nó risíochtaí ar phriacal contrapháirtí agus na hidirbhearta díorthaigh chreidmheasa a fhritháiríonn go hiomlán priacal margaidh na bhfáluithe inmheánacha sin dá dtagraítear in Airteagal 106(3);
   (b) déanfar gach suíomh a áireofar sa ríomh i gcomhréir le pointe (a) a luacháil ag a margadhluach ar an dáta áirithe sin, i gcás nach mbeidh margadhluach suímh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí luach cóir don suíomh ar an dáta sin; i gcás nach mbeidh margadhluach ná an luach cóir ar shuíomh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí don suíomh sin;
   (c) déanfar luach absalóideach suíomhanna fada agus luach absalóideach suíomhanna gearra a shuimiú le chéile.
   4. I gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo, beag beann ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 74 agus 83 de Threoir 2013/36/AE, ní bheidh feidhm ag Airteagal 102(3) agus (4) ná ag Airteagail 103 ná 104b den Rialachán seo.
   5. Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla nuair a ríomhfaidh siad ceanglais cistí dílse á ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála, nó nuair a scoirfidh siad dá ríomh, i gcomhréir le ▌mír 2.
   6. Institiúid nach gcomhlíonfaidh a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 tabharfaidh sí fógra ina leith don údarás inniúil gan mhoill.
   7. Scoirfidh institiúid de cheanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le mír 2 laistigh de thrí mhí tar éis do cheann amháin de na cásanna seo a leanas tarlú:
   (a) ní chomhlíonfaidh na hinstitiúidí ▌na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b) de mhír 1 ar feadh trí mhí as a chéile;
   (b) ní chomhlíonfaidh an institiúid ▌ na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 ar feadh níos mó ná 6 mhí de na 12 mhí dheireanacha.
   8. I gcás inar scoir institiúid de cheanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála atá aici a ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní cheadófar di ceanglais cistí dílse a gnó a bhaineann leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo ach amháin i gcás ina léireoidh sí don údarás inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha go léir a leagtar amach i mír 1 ar feadh bliain iomlán gan bhriseadh.
   9. Ní thiocfaidh institiúidí i suíomh leabhair trádála ná ní dhéanfaidh sí suíomh leabhair trádála a cheannach ná a dhíol nach mbeidh de chríoch acu ach aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh i rith an mheasúnaithe mhíosúil.”;

"

(49)  i dTeideal 1 de Chuid 3, scriostar Caibidil 2;

(50)  leasaítear Airteagal 102 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:"

“2. Beidh fianaise ann ar intinn trádála ar bhonn na straitéisí, na mbeartas agus na nósanna imeachta arna mbunú ag an institiúid chun an suíomh nó an phunann a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 103, 104 agus 104a.

   3. Déanfaidh institiúidí córais agus rialuithe a bhunú agus a choimeád ar bun lena leabhar trádála a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 103.
   4. Chun críocha na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b(3), sannfar suíomhanna leabhair trádála do dheasca trádála arna mbunú ▌ i gcomhréir le hAirteagal 104b. ▌”;

"

(b)  cuirtear na míreanna seo a leanas leis:"

“5. Beidh suíomhanna sa leabhar trádála faoi réir na gceanglas maidir le luacháil stuama a shonraítear in Airteagal 105.

   6. Déanfaidh institiúidí fálú inmheánach a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 106.”;

"

(51)  cuirtear an méid seo a leanas ▌ in ionad Airteagal 103103:"

Airteagal 103

An leabhar trádála a bhainistiú

   1. Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí maidir le bainistiú foriomlán an leabhair trádála. Rachaidh na beartais agus na nósanna imeachta sin i ngleic leis na nithe seo a leanas ar a laghad:
   (a) na gníomhaíochtaí a mheasann an institiúid gur gníomhaíochtaí trádála iad agus gur cuid den leabhar trádála iad chun críocha ceanglas cistí dílse;
   (b) a mhéid is féidir suíomh a mharcáil go laethúil ón margadh trí thagairt a dhéanamh do mhargadh dhá-threo leachtach, gníomhach;
   (c) maidir le suíomhanna atá marcáilte de réir samhla, an méid is féidir leis an institiúid na nithe seo a leanas a dhéanamh:
   (i) priacail ábhartha uile an tsuímh a shainaithint;
   (ii) priacail ábhartha uile an tsuímh a fhálú le hionstraimí a bhfuil margadh dhá threo leachtach, gníomhach ann ina leith;
   (iii) meastacháin iontaofa a dhíorthú do na príomhthoimhdí agus do na paraiméadair a úsáidtear sa tsamhail;
   (d) a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, luachálacha a ghiniúint don suíomh, luachálacha is féidir a bhailíochtú go seachtrach agus go comhleanúnach;
   (e) a mhéid a chuirfeadh srianta dlí nó ceanglais oibriúcháin eile bac ar chumas na hinstitiúide an suíomh a leachtú nó a fhálú go gearrthéarmach;
   (f) a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, priacail na suíomhanna laistigh dá hoibríocht trádála a bhainistiú;
   (g) a mhéid a fhéadfaidh an institiúid priacal nó suíomhanna a athaicmiú idir na leabhair neamhthrádála agus na leabhair thrádála agus na ceanglais maidir leis na hathaicmithe sin dá dtagraítear in Airteagal 104a.

   2. Agus í ag bainistiú a cuid suíomhanna nó a punanna suíomhanna sa leabhar trádála, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais seo a leanas ar fad:

   (a) beidh straitéis trádála a bheidh doiciméadaithe go soiléir, agus formheasta ag an mbainistíocht shinsearach, i bhfeidhm ag an institiúid don suíomh nó do na punanna sa leabhar trádála, agus áireofar an tréimhse shealbhaíochta ionchasach ann;

   (b) beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid d’fhonn bainistíocht ghníomhach a dhéanamh ar shuíomhanna nó ar phunanna sa leabhar trádála; áireofar na nithe seo a leanas sna beartais agus sna nósanna imeachta sin:

   (i) cé na suíomhanna nó na punanna ar féidir le gach deasc trádála nó, de réir mar a bheidh, déileálaithe ainmnithe dul isteach iontu;
   (ii) teorainneacha suímh a shocrú agus faireachán a dhéanamh orthu féachaint cé chomh hoiriúnach is atá siad;
   (iii) áiritheofar go mbeidh an uathriail ag déileálaithe dul isteach i suíomh agus é a bhainistiú laistigh de theorainneacha a bheidh comhaontaithe agus de réir na straitéise formheasta;
   (iv) áiritheofar go dtuairisceofar suíomhanna don bhainistíocht shinsearach mar chuid lárnach de phróiseas bainistithe priacail na hinstitiúide;
   (v) áiritheofar go ndéanfar faireachán gníomhach ar shuíomhanna agus tabharfar aird ar fhoinsí faisnéise an mhargaidh agus ar mheasúnú a dhéanfar ar an gcumas an suíomh, nó na priacail chomhpháirte a bhaineann leis, a mhargú nó a fhálú, lena n-áirítear measúnú, cáilíocht agus infhaighteacht ionchuir an mhargaidh sa phróiseas luachála, leibhéal láimhdeachais an mhargaidh, méideanna na suíomh a dhéantar a thrádáil ar an margadh;
   (vi) nósanna imeachta agus rialuithe gníomhacha frithchalaoise;
   (c) beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid chun faireachán a dhéanamh ar na suíomhanna i gcomparáid le straitéis trádála na hinstitiúide lena n-áirítear faireachán ar láimhdeachas agus ar shuíomhanna ar saraíodh an tréimhse shealbhaíochta a bhí i gceist leo ag an tús ina leith.”;

"

(52)  in Airteagal 104, scriostar mír 2;

(53)  cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:"

“Airteagal 104a

Suíomh a athaicmiú

   1. Beidh beartais a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí chun na himthosca eisceachtúla sin a shainaithint a bhfuil údar cuí leo suíomh leabhair trádála a athaicmiú mar shuíomh leabhair neamhthrádála nó, os a choinne sin, suíomh leabhair neamhthrádála a athaicmiú ina shuíomh leabhair trádála chun na ceanglais cistí dílse a chinneadh chun sástacht na n-údarás inniúil. Déanfaidh na hinstitiúidí athbhreithniú ar na beartais sin ar bhonn bliantúil ar a laghad.

Déanfaidh ÚBE faireachán ar réimse na gcleachtas maoirseachta agus eiseoidh sé treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 faoi ...[cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo] faoin mbrí atá le himthosca eisceachtúla chun críocha mhír 1 den Airteagal seo. Go dtí go n-eiseoidh ÚBE na treoirlínte sin, cuirfidh údaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoina gcinntí maidir le cibé an dtabharfaidh siad cead d’institiúid a suíomh a athaicmiú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, agus an réasúnaíocht a bheidh leis.

   2. Ní thabharfaidh údaráis inniúla a gcead suíomh leabhair trádála a athaicmiú ina shuíomh leabhair trádála nó, os a choinne sin, suíomh leabhair neamhthrádála a athaicmiú ina shuíomh leabhair trádála chun críche ceanglais cistí dílse a chinneadh ach amháin i gcás inar sholáthair an institiúid fianaise i scríbhinn do na húdaráis inniúla go bhfuil a cinneadh chun an suíomh sin a athaicmiú bunaithe ar imthoisc eisceachtúil atá comhsheasmhach leis na beartais a leagfaidh an institiúid amach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Chun na críche sin, soláthróidh an institiúid fianaise leordhóthanach nach gcomhlíonann an suíomh an coinníoll gur cheart an suíomh a aicmiú mar shuíomh leabhair trádála nó mar shuíomh leabhair neamhthrádála de bhun Airteagal 104.

Déanfaidh comhlacht bainistíochta na hinstitiúide an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhormheas.

   3. I gcás inar thug údarás inniúil an cead suíomh leabhair trádála a athaicmiú i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an institiúid a fuair an cead an méid seo a leanas:
   (a) gan aon mhoill, an dá ní seo a leanas a nochtadh go poiblí,
   (i) an fhaisnéis go ndearnadh a shuíomh a athaicmiú, agus
   (ii) i gcás ina mbeidh laghdú ar cheanglais cistí dílse na hinstitiúide mar éifeacht ar an athaicmiú sin, méid an laghdaithe; agus
   (b) i gcás inar laghdú ar cheanglais cistí dílse na hinstitiúide éifeacht an athaicmithe sin, ní aithneoidh sí an éifeacht sin go dtí go n-aibeoidh an suíomh, mura gceadóidh údarás inniúil na hinstitiúide di an éifeacht a aithint ar dháta níos luaithe.
   4. Ríomhfaidh an institiúid an glanathrú ar mhéid a ceanglas cistí dílse de bharr an suíomh a athaicmiú mar an difríocht idir an ceanglas cistí dílse díreach tar éis an athaicmithe agus na ceanglais cistí dílse díreach roimh an athaicmiú, agus iad araon á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92. Ní chuirfear tosca ar bith eile san áireamh sa ríomh seachas an t-athaicmiú.
   5. Ní fhéadfar athaicmiú suímh a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo a chúlghairm.

Airteagal 104b

Ceanglais le haghaidh na deisce trádála

   1. Chun críocha na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b(3), bunóidh institiúidí deasca trádála agus sannfaidh siad gach suíomh leabhair trádála acu do cheann de na deasca trádála sin. Ní shannfar suíomhanna leabhair trádála don deasc trádála chéanna ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh siad an straitéis ghnó a comhaontaíodh le haghaidh na deisce trádála agus i gcás ina ndéanfar bainistiú agus faireachán go comhsheasmhach orthu i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
   2. Comhlíonfaidh deasca trádála na n-institiúidí na ceanglais seo a leanas i gcónaí:
   (a) beidh ag gach deasc trádála straitéis ghnó atá soiléir sainiúil agus struchtúr bainistithe priacail atá oiriúnach dá straitéis ghnó;
   (b) beidh ag gach deasc trádála struchtúr soiléir eagrúcháin; déanfaidh déileálaithe ainmnithe de chuid na hinstitiúide na suíomhanna in aon deasc trádála ar leith a bhainistiú; beidh a shainfheidhmeanna féin ag gach déileálaí i dtaca leis an deasc trádála; ní shannfar d’aon deasc trádála ar leith ach an t-aon déileálaí amháin; ▌
   (c) socrófar teorainneacha suímh laistigh de gach deasc trádála de réir straitéis gnó na deisce trádála sin;
   (d) déanfar tuarascálacha ar na gníomhaíochtaí, ar an mbrabúsacht, ar an mbainistiú priacail agus ar na ceanglais rialála ar leibhéal na deisce trádála a sholáthar ar bhonn seachtainiúil ar a laghad agus cuirfear iad in iúl don chomhlacht bainistíochta ar bhonn rialta;
   (e) beidh plean gnó bliantúil soiléir ag gach deasc trádála lena n-áireofar beartas dea‑shainithe luacha saothair bunaithe ar chritéir fhónta a úsáidtear chun feidhmíocht a thomhas;
   (f) ullmhófar tuarascálacha maidir le suíomhanna a aibíonn go laethúil, sáruithe teorann trádála ionlae agus laethúla agus gníomhaíochtaí a dhéanann an institiúid chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin, chomh maith le measúnú ar leachtacht an mhargaidh le haghaidh gach deisce trádála ar bhonn míosúil agus cuirfear ar fáil do na húdaráis inniúla iad.
   3. De mhaolú ar phointe (b) de mhír 2, féadfaidh institiúid déileálaí a shannadh do níos mó ná aon deasc trádála amháin ar choinníoll go léiríonn an institiúid, chun sástachta a údaráis inniúil, go ndearnadh an sannadh de bharr cúinsí gnó nó acmhainní eile agus go gcaomhnóidh an sannadh na ceanglais cháilíochtúla eile a leagtar amach san Airteagail seo is infheidhme i ndáil le déileálaithe agus le deasca trádála.
   4. Tabharfaidh na hinstitiúidí fógra do na húdaráis inniúla faoin gcaoi a gcomhlíonfaidh siad mír 2. Féadfaidh na húdaráis inniúla a chur de cheangal ar institiúid struchtúr nó eagrú a deasc trádála a athrú le go mbeidh siad i gcomhréir leis an Airteagal seo.”;

"

(54)  leasaítear Airteagal 105 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Beidh gach suíomh leabhair trádála agus gach suíomh leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir faoi réir na gcaighdeán maidir le luacháil stuama a shonraítear san Airteagal seo. Áiritheoidh institiúidí go háirithe go mbainfidh an luacháil stuama a dhéanfar ar a gcuid suíomhanna leabhair trádála leibhéal cinnteachta iomchuí amach ag féachaint don mhianach dinimiciúil a bhaineann le suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir, na héilimh a bhaineann le fóntacht stuamachta agus an modh oibríochta agus cuspóir na riachtanas caipitil maidir le suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir.”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:"

“3. Déanfaidh institiúidí athluacháil ar shuíomhanna leabhair trádála ar luach cóir ar bhonn laethúil ar a laghad. Déanfar athruithe ar luach na suíomhanna sin a thuairisciú mar chuid de chuntas brabúis agus caillteanais na hinstitiúide.

   4. Marcálfaidh institiúidí a gcuid suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir, nuair is féidir sin, lena n‑áirítear nuair a bheidh an láimhseáil caipitil ábhartha á cur i bhfeidhm acu ar na suíomhanna sin.”;

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:"

“6. Nuair nach féidir marcáil ón margadh a dhéanamh, déanfaidh institiúidí marcáil choimeádach de réir samhla a fháil dá suíomhanna agus dá bpunanna, lena n-áirítear nuair a bheidh ceanglais cistí dílse á ríomh le haghaidh suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir.”;

"

(d)  i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"

“Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, ceapfar nó formheasfar an tsamhail go neamhspleách ar na deasca trádála agus déanfar tástáil neamhspleách uirthi, lena n-áirítear bailíochtú ar an matamaitic, ar na toimhdí agus ar chur chun feidhme na mbogearraí.”;

"

(e)  i mír 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

“(a) an méid breise ama a thógfadh sé an suíomh nó na priacail laistigh den suíomh sin a fhálú amach i ndiaidh na dtréimhsí leachtachta a sannadh d’fhachtóirí priacail an tsuímh i gcomhréir le hAirteagal 325bd;”;

"

(55)  leasaítear Airteagal 106 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:"

“2. Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i mír 1 gan dochar do na ceanglais is infheidhme maidir leis an suíomh fálaithe sa leabhar neamhthrádála nó sa leabhar trádála, nuair is ábhartha.

   3. I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar risíocht leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa nó ar risíocht ar phriacal contrapháirtí ag úsáid díorthach creidmheasa atá cláraithe ina leabhar trádála, aithneofar an suíomh díorthaigh creidmheasa sin mar fhálú inmheánach ar risíocht leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa nó ar risíocht ar phriacal contrapháirtí chun críche na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 92(3) a ríomh i gcás ina ndéanfaidh an institiúid idirbheart díorthaigh chreidmheasa eile le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe a chomhlíonann na ceanglais maidir le cosaint neamhchistithe chreidmheasa sa leabhar neamhthrádála agus a fhritháiríonn go hiomlán priacal margaidh an fhálaithe inmheánaigh.

Áireofar fálú inmheánach a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an díorthach creidmheasa a rinneadh le tríú páirtí, áireofar iad araon sa leabhar trádála chun críche na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail mhargaidh a ríomh.”;

"

(b)  cuirtear na míreanna seo a leanas leis:"

“4. I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar risíocht leabhair neamhthrádála ar phriacal cothromais ag úsáid díorthach cothromais atá cláraithe ina leabhar trádála, aithneofar an suíomh díorthaigh chothromais sin mar fhálú inmheánach ar risíocht leabhair neamhthrádála ar phriacal cothromais chun críche na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 92(3) a ríomh i gcás ina ndéanfaidh an institiúid idirbheart díorthaigh chothromais eile le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe a chomhlíonann na ceanglais maidir le cosaint neamhchistithe chreidmheasa sa leabhar neamhthrádála agus a fhritháiríonn go hiomlán priacal margaidh an fhálaithe inmheánaigh.

Áireofar fálú inmheánach a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an díorthach cothromais a dhéantar le soláthraí cosanta tríú páirtí incháilithe, áireofar iad araon sa leabhar trádála chun críche na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh.

   5. I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar risíochtaí leabhair neamhthrádála ar phriacal ráta úis ag úsáid suíomh priacail ráta úis atá cláraithe ina leabhar trádála, measfar gur fálú inmheánach é an suíomh sin maidir le priacal an ráta úis chun críocha priacail ráta úis a thagann as suíomhanna neamhthrádála a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagail 84 agus 98 de Threoir 2013/36/AE i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
   (a) sannadh an suíomh do phunann ar leithligh ón suíomh leabhair trádála eile, arb é is straitéis ghnó di bainistiú agus maolú a dhéanamh ar an bpriacal margaidh a bhaineann le fáluithe inmheánacha ar risíocht ar phriacal ráta úis, agus an méid sin amháin; chun na críche sin, féadfaidh an institiúid a shannadh don phunann sin suíomhanna eile priacail ráta úis a dhéantar le tríú páirtithe, nó a leabhar trádála féin ar choinníoll go bhfritháiríonn an institiúid go hiomlán priacal margaidh na suíomhanna eile priacail ráta úis sin trí shuíomhanna priacail ráta úis dá malairt a bheith acu le tríú páirtithe;
   (b) chun críocha na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b(3), sannadh an suíomh do dheasc trádála a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 104b arb é is straitéis ghnó di bainistiú agus maolú a dhéanamh ar an bpriacal margaidh a bhaineann le fáluithe inmheánacha ar risíocht ar phriacal ráta úis, agus an méid sin amháin; chun na críche sin, féadfaidh an deasc trádála sin suíomhanna eile priacail ráta úis a bheith acu le tríú páirtithe nó le deasca trádála eile de chuid na hinstitiúide, ar choinníoll go bhfritháireoidh na deasca trádála eile sin go hiomlán priacal margaidh na suíomhanna eile priacail ráta úis sin trí shuíomhanna priacail ráta úis dá malairt a bheith acu le tríú páirtithe;
   (c) rinne an institiúid doiciméadú iomlán ar an gcaoi a maolóidh an suíomh an phriacail ráta úis a bhaineann le suíomhanna leabhair neamhthrádála chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 84 agus 98 de Threoir 2013/36/AE.
   6. Na ceanglais cistí dílse do phriacal margaidh na suíomhanna uile a sannadh don phunann ar leithligh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5, déanfar iad a ríomh ar bhonn aonair agus beidh siad sa bhreis ar na ceanglais cistí dílse do na suíomhanna leabhair trádála eile.
   7. Chun críocha na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b, na ceanglais cistí dílse do phriacal margaidh na suíomhanna uile a sannadh don phunann ar leithligh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5 den Airteagal seo nó don deasc trádála nó atá ag an deasc dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5 den Airteagal seo, de réir mar is iomchuí, déanfar iad a ríomh ar bhonn aonair mar phunann ar leithligh agus beidh siad sa bhreis ar ríomh na gceanglas cistí dílse do na suíomhanna leabhair trádála eile.”;

"

(56)  in Airteagal 107, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

“3. Chun críocha an Rialacháin seo, láimhseálfar risíochtaí ar ghnólacht infheistíochta tríú tír, risíochtaí ar institiúid chreidmheasa tríú tír agus risíochtaí ar mhalartán tríú tír mar risíochtaí ar institiúid i gcás ina gcuirfidh an tríú tír ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta bhfeidhm ar an eintiteas sin, ar ceanglais iad atá ar a laghad coibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, agus sa chás sin amháin.”;

"

(57)  in Airteagal 117, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)  cuirtear na pointí seo a leanas léi:"

“(o) an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta;

   (p) Banc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar.”;

"

(b)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a leasú trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 lena leasítear, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, liosta na mbanc forbartha iltaobhach dá dtagraítear sa chéad fhomhír.”;

"

(58)  in Airteagal 118, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

“(a) an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;”;

"

(59)  in Airteagal 123, cuirtear an mhír seo a leanas leis:"

“Risíochtaí i ngeall ar iasachtaí arna ndeonú ag institiúid chreidmheasa do phinsinéirí nó d’fhostaithe a bhfuil conradh buan in aghaidh aistriú neamhchoinníollach cuid de phinsean nó de thuarastal an iasachtaí chuig an institiúid chreidmheasa sin, sannfar ualú priacail 35 % dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad seo a leanas:

   (a) chun an iasacht a aisíoc, údaraíonn an t-iasachtaí go neamhchoinníollach don chiste pinsin nó don fhostóir íocaíochtaí díreacha a dhéanamh leis an institiúid chreidmheasa trí na híocaíochtaí míosúla ar an iasacht a bhaint as tuarastal míosúil nó pinsean an iasachtaí;
   (b) go gclúdaítear go cuí na priacail ar bhás, éagumas chun oibre, dífhostaíocht nó laghdú ar phinsean nó tuarastal glan míosúil an iasachtaí le polasaí árachais a bheidh frithgheallta ag an iasachtaí chun tairbhe na hinstitiúide creidmheasa;
   (c) nach mó ná 20 % de phinsean nó tuarastal glan míosúil an iasachtaí na híocaíochtaí míosúla atá le déanamh ag an iasachtaí ar na hiasachtaí uile a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b);
   (d) go bhfuil uastréimhse aibíochta bunaidh na hiasachta cothrom le deich mbliana nó níos giorra ná sin.”;

"

(60)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 124:"

“Airteagal 124

Risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe

   1. I gcás risíocht nó aon chuid de risíocht atá urraithe go hiomlán le morgáiste ar mhaoin dhochorraithe, déanfar ualú priacail cothrom le 100 % a shannadh di, i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 125 nó Airteagal 126, cé is moite d’aon chuid den risíocht atá sannta d’aicme risíochta eile. Déanfar an t-ualú priacail is infheidhme maidir le risíochtaí gan urrús an chontrapháirtí lena mbaineann a shannadh don chuid den risíocht lena sáraítear luach morgáiste na maoine dochorraithe.

Ní bheidh an chuid sin de risíocht a láimhseáiltear mar risíocht atá urraithe go hiomlán le maoin dhochorraithe níos mó ná an méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó, sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, luach iasachta morgáiste na maoine dochorraithe atá i gceist.

   1a. Ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as mír 2 a chur i bhfeidhm. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh san údarás sin a ainmneofar.

I gcás inarb é an t-údarás inniúil an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, áiritheoidh sé go gcuirfear na comhlachtaí agus údaráis ábhartha náisiúnta ag a bhfuil sainordú macrastuamachta ar an eolas go cuí maidir le rún an údaráis inniúil úsáid a bhaint as an Airteagal seo, agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomchuí i measúnú na n-ábhar imní maidir le cobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát i gcomhréir le mír 2.

I gcás nach é an t-údarás inniúil an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Ballstát na forálacha is gá chun comhordú agus malartú cuí faisnéise idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a áirithiú le go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go cuí. Go háirithe, ceanglófar ar údaráis comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis ar fad a chomhroinnt a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun go ndéanfaidh siad go leordhóthanach na dualgais a fhorchuirtear ar an údarás ainmnithe de bhun an Airteagail seo. Beidh sé d’aidhm leis an gcomhar sin aon chineál gníomhaíochta dúbailtí nó neamh‑chomhsheasmhaí idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a sheachaint, agus a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí aon idirghníomhaíocht le bearta eile, go háirithe na bearta arna nglacadh faoi Airteagal 458 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE.

   2. Bunaithe ar na sonraí a bailíodh faoi Airteagal 430a, agus ar aon táscairí ábhartha eile, déanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo measúnú, go tréimhsiúil, agus go bliantúil ar a laghad, an bhfuil an t-ualú priacail 35 % oiriúnach i gcás risíochtaí ar dheighleog amháin maoine nó níos mó atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 125 atá suite i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstáit an údaráis ábhartha agus an bhfuil an t-ualú priacail 50 % i gcás oiriúnach risíochtaí atá urraithe ag morgáistí ar mhaoin tráchtála dhochorraithe dá dtagraítear in Airteagal 126 atá suite i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstáit an údaráis ábhartha, agus an measúnú sin bunaithe ar an méid a leanas:
   (a) caillteanas taithí na risíochtaí atá urraithe le maoin dhochorraithe;
   (b) forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí maoine dochorraithe.

I gcás ina mbeidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo den tuairim, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nach léireofar go leordhóthanach sna hualuithe priacail a leagtar amach in Airteagal 125(2) nó in 126(2) na priacail iarbhír a bhaineann le risíochtaí maidir le deighleog amháin maoine nó maidir le níos mó deighleog maoine risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar réadmhaoin tráchtála dhochorraithe a lonnaítear i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstát an údaráis ábhartha, agus má mheasann sé go bhféadfadh neamhleordhóthanacht na n-ualuithe priacail difear díobhálach a dhéanamh ar chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé na hualuithe priacail is infheidhme ar na risíochtaí sin a mhéadú laistigh de na raonta a socraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo nó féadfaidh sé critéir a fhorchur atá níos déine ná na critéir a leagtar amach in Airteagal 125(2) nó 126(2).

Tabharfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo fógra do ÚBE agus do BERS faoi aon choigeartuithe ar na hualuithe priacail agus ar na critéir a chuirfear i bhfeidhm de bhun na míre seo. Faoi cheann mí amháin ón bhfógra réamhluaite a fháil, cuirfidh ÚBE agus BERS a dtuairimí in iúl don Bhallstát lena mbaineann. Foilseoidh ÚBE agus BERS na hualuithe priacail agus na critéir le haghaidh risíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 125, Airteagal 126 agus i bpointe (a) d’Airteagal 199(1) mar a chuir an t-údarás ábhartha chun feidhme iad.

Chun críocha an dara fomhír den mhír seo féadfaidh an t-údarás arna inmniú i gcomhréir le mír 1a na hualuithe priacail a shocrú faoi na raonta seo a leanas:

   (a) 35 % go 150 % do risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin chónaithe;
   (b) 50 % go 150 % do risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin tráchtála dhochorraithe.
   3. I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a ualú priacail níos airde nó critéir níos déine a shocrú de bhun an dara fomhír de mhír 2, beidh idirthréimhse sé mhí ag institiúidí chun an t-ualú priacail nua a chur i bhfeidhm.
   4. Déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le BERS, dréachtchaighdeáin theicniúla a fhorbairt chun na critéir dhiana chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste dá dtagraítear i mír 1 a shainiú agus na cineálacha fachtóirí atá le meas chun a iomchuí atá na hualuithe priacail dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 a mheasúnú.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

   5. Féadfaidh BERS, trí bhíthin moltaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, treoir a thabhairt do na húdaráis a ainmneofar i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:
   (a) fachtóirí a d’fhéadfadh “difear díobhálach a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo” dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2; agus
   (b) tagarmharcanna táscacha atá le cur san áireamh ag an údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 1a agus ualuithe priacail níos airde á socrú.
   6. Cuirfidh institiúidí Ballstáit na hualuithe priacail agus na critéir arna gcinneadh ag údaráis de chuid Ballstáit eile i gcomhréir le mír 2 i bhfeidhm maidir lena risíochtaí uile atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála dhochorraithe atá suite i gcuid amháin nó i gcodanna den Bhallstát sin.”;

"

(61)  in Airteagal 128, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:"

“1. Sannfaidh institiúidí ualú priacail 150 % ar risíochtaí a mbaineann priacal fíor‑ard leo.

   2. Chun críocha an Airteagail seo, láimhseálfaidh institiúidí aon cheann de na risíochtaí seo a leanas ar aon dul le risíochtaí a mbaineann priacal fíor‑ard leo:
   (a) infheistíochtaí i ngnólachtaí caipitil fiontair, ach amháin i gcás ina láimhseáiltear na hinfheistíochtaí sin faoi Airteagal 132;
   (b) infheistíochtaí i gcothromas príobháideach, ach amháin i gcás ina láimhseáiltear na hinfheistíochtaí sin faoi Airteagal 132;
   (c) maoiniú amhantrach maoine dochorraithe.”;

"

(62)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 132:"

“Airteagal 132

Ceanglais cistí dílse do risíochtaí atá i bhfoirm aonad nó scaireanna i GCanna

   1. Ríomhfaidh institiúidí méid risíochta a risíochtaí féin atá ualaithe ó thaobh priacail i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC trí mhéid risíochta risíochtaí an GC atá ualaithe ó thaobh priacail, arna thomhas sin i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2, a iolrú faoi chéatadán na n-aonad nó na scaireanna atá ag na hinstitiúidí sin.
   2. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí cur chuige na trédhearcachta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 132a(1) nó an cur chuige bunaithe ar shainordú a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 132a(2).

Faoi réir Airteagal 132b(2), na hinstitiúidí sin nach gcuirfidh cur chuige na trédhearcachta ná an cur chuige bunaithe ar shainordú i bhfeidhm, sannfaidh siad ualú priacail 1 250 % (“cur chuige cúltaca”) ar na risíochtaí sin dá gcuid atá i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC.

Féadfaidh institiúidí méid risíochta a risíochtaí féin atá ualaithe ó thaobh priacail i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC a ríomh trí na cineálacha cur chuige dá dtagraítear sa mhír seo a chomhcheangal, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na cineálacha cur chuige sin a úsáid.

   3. Féadfaidh institiúidí méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacail a chinneadh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
   (a) is ceann díobh seo a leanas an GC sin:
   (i) gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) atá faoi rialú ag Treoir 2009/65/CE;
   (ii) ciste ▌infheistíochta malartach (CIM) faoi bhainistiú bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha de chuid an Aontais Eorpaigh (BCIM AE) atá cláraithe faoi Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE;
   (iii) CIM faoi bhainistiú BCIM AE atá údaraithe faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE;
   (iv) CIM faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá údaraithe faoi Airteagal 37 de Threoir 2011/61/AE;
   (v) CIM neamh-AE faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 42 de Threoir 2011/61/AE;
   (vi) CIM neamh-AE nach margaítear san Aontas faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá bunaithe i dtríú tír a chumhdaítear faoi ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 67(6) de Threoir 2011/61/AE;
   (b) áirítear an méid seo a leanas i réamheolaire an GC sin nó ina choibhéis de dhoiciméad:
   (i) na catagóirí sócmhainní a bhfuil údarú ag an GC sin infheistiú iontu;
   (ii) na teorainneacha coibhneasta agus na modheolaíochtaí chun iad a ríomh, más rud é go bhfuil feidhm ag teorainneacha infheistíochta;
   (c) tá nósanna tuairiscithe an GC nó chuideachta bainistíochta an GC sin don institiúid i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
   (i) déanfar risíochtaí an GC sin a thuairisciú chomh minic céanna, ar a laghad, le risíochtaí na hinstitiúide;
   (ii) is leor gráinneacht na faisnéise airgeadais le gur féidir leis an institiúid méid risíochta an GC sin atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a roghnóidh an institiúid;
   (iii) déanfaidh tríú páirtí neamhspleách faisnéis faoi na risíochtaí foluiteacha a fhíorú i gcás ina gcuirfidh an institiúid cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm.

De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír den Airteagal seo, féadfaidh bainc forbartha iltaobhacha agus bainc forbartha déthaobhacha agus institiúidí eile a chomhinfheistíonn i GC le bainc forbartha iltaobhacha nó déthaobhacha méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacail a chinneadh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír den Airteagal seo agus de réir teorannacha i sainordú infheistíochta GC nach féidir leis an GC sin infheistiú a dhéanamh in aon chineál sócmhainní eile seachas sócmhainní a chuireann forbairt inbhuanaithe chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha.

Tabharfaidh institiúidí fógra dá n-údarás inniúil faoi na GCanna sin a gcuireann siad na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír i bhfeidhm orthu.

De mhaolú ar phointe (c)(i) den chéad fhomhír, i gcás ina gcinnfidh an institiúid méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacail i gcomhréir leis an gcur chuige sainordú-bhunaithe, féadfar tuairisciú an GC sin nó chuideachta bainistíochta an GC sin don institiúid a theorannú do shainordú infheistíochta an GC sin agus d’aon athruithe ina leith agus ní fhéadfar an tuairisciú a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtabhóidh an institiúid an risíocht don GC sin den chéad uair agus nuair a bheidh athrú ar shainordú infheistíochta an GC sin.

   4. Féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain sonraí nó faisnéise acu chun méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a, féadfaidh siad brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
   (a) is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:
   (i) institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an GC ar chuntar go ndéanfaidh an GC infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanfaidh sí gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;
   (ii) maidir le GCanna nach gcumhdaítear le pointe (i) den phointe seo, cuideachta bainistíochta an GC sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an chuideachta an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 3;
   (b) déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a(1), (2) nó (3) de réir mar is infheidhme;
   (c) deimhneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas an ríomha a rinne an tríú páirtí.

Institiúidí a bheidh ag brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, déanfaidh siad an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GC a thiocfaidh as na ríomhanna sin a iolrú faoi fhachtóir 1,2.

De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina mbeidh rochtain neamhshrianta ag an institiúid ar ríomhanna mionsonraithe arna ndéanamh ag an tríú páirtí, ní bheidh feidhm ag an bhfachtóir 1,2. Tabharfaidh an institiúid na ríomhanna sin dá húdarás inniúil arna iarraidh sin uirthi.

   5. I gcás ina gcuirfidh institiúid na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 132(a) i bhfeidhm chun críche an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GC (‘GC Leibhéal 1’) a ríomh, agus i gcás inar risíocht i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC eile (‘GC Leibhéal 2’) é aon cheann de risíochtaí foluiteacha an GC Leibhéal 1, féadfar an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí an GC Leibhéal 2 a ríomh trí úsáid a bhaint as aon cheann de na trí chineál cur chuige ar a bhfuil tuairisc i mír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh an institiúid cur chuige na trédhearcachta a úsáid chun na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí an GC Leibhéal 3 a ríomh agus risíochtaí ar aon leibhéal ina dhiaidh sin i gcás inar úsáideadh an cur chuige sin chun an leibhéal roimhe sin a ríomh. In aon chás eile, bainfidh sí úsáid as an gcur chuige cúltaca.
   6. Maidir leis an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GC arna ríomh i gcomhréir le cur chuige na trédhearcachta agus leis an gcur chuige bunaithe ar shainordú a leagtar amach in Airteagal 132a(1) agus (2), beidh uasteorainn leis arb ionann í agus an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí an GC sin arna ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige cúltaca.
   7. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí ag a bhfuil cur chuige na trédhearcachta á chur i bhfeidhm acu i gcomhréir le hAirteagal 132a(1) an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail dá risíochtaí féin a ríomh i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC trí mhéid risíochta na risíochtaí sin a iolrú, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 111, agus an t-ualú priacail (20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000005.png) arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach in Airteagal 132c, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
   (a) déanfaidh na hinstitiúidí luach a n-aonad nó scaireanna i GC a thomhas ar chostas stairiúil ach déanfaidh siad luach sócmhainní foluiteacha an GC a thomhas ar luach cóir má chuireann siad cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm;
   (b) ní dhéanfaidh athrú i margadhluach na n-aonad nó na scaireanna ar a ndéanfaidh na hinstitiúidí an luach ar chostas stairiúil a thomhas aon difríocht do mhéid chistí dílse na n-institiúidí sin ná don luach risíochta a bhaineann leis na sealúchais sin.”;

"

(63)  cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:"

“Airteagal 132a

Cineálacha cur chuige chun na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de GCanna a ríomh

   1. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 132(3), institiúidí a bhfuil leordhóthain faisnéise acu faoi risíochtaí foluiteacha aonair GC, déanfaidh siad na risíochtaí sin a thrédhearcadh chun an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de chuid an GC sin a ríomh, agus ualú priacail á dhéanamh acu ar gach risíocht fholuiteach de chuid an GC amhail agus dá mba leis na hinstitiúidí féin iad.
   2. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 132(3), féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain faisnéise acu faoi risíochtaí foluiteacha aonair GC chun cur chuige na trédhearcachta a úsáid, féadfaidh siad an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de na risíochtaí sin a ríomh faoi na teorainneacha a socraíodh sa dlí ábhartha agus i sainordú an GC.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh na hinstitiúidí na ríomhanna, á ghlacadh leis go dtabhóidh an GC sin ar dtús risíochtaí go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear dó faoina shainordú nó faoin reachtaíocht ábhartha sna risíochtaí a mbaineann an ceanglas cistí dílse is airde leo agus go leanfaidh siad de bheith ag tabhú risíochtaí in ord íslitheach go dtí go sroichfear an uasteorainn risíochta iomlán, agus go gcuirfidh an GC sin giaráil i bhfeidhm go dtí an t‑uasmhéid a cheadaítear dó faoina shainordú nó faoin dlí ábhartha, i gcás inarb infheidhme.

Déanfaidh institiúidí na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach sa Chaibidil seo, i gCaibidil 5 den Teideal seo, agus i Roinn 3, i Roinn 4 nó i Roinn 5 de Chaibidil 6 den Teideal seo.

   3. De mhaolú ar phointe (d) d’Airteagal 92(3), féadfaidh institiúidí a ríomhfaidh an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail de risíochtaí GC i gcomhréir le mír 1 nó 2 den Airteagal seo, féadfaidh siad méid is ionann agus 50 % de cheanglais císte dílse na risíochtaí díorthach sin a ríomh don cheanglais cistí dísle do phriacal coigeartaithe luachála creidmheasa a risíochtaí díorthach arna ríomh i gcomhréir le Roinn 3, le Roinn 4 nó le Roinn 5 de Chaibidil 6 den Teideal seo, de réir mar is infheidhme.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus an ceanglas cistí dísle do dhíorthach priacail ó choigeartú luachála creidmheasa á ríomh aici, féadfaidh institiúid risíochtaí a eisiamh ón ríomh sin nach mbeadh faoi réir an cheanglais i gcás inar thabhaigh an institiúid go díreach iad.

   4. Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena shonrú conas a dhéanfaidh institiúidí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail dá dtagraítear i mír 2 a ríomh i gcás nach bhfuil fáil ar cheann amháin nó níos mó de na hionchuir is gá le haghaidh an ríomha sin.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi ... [naoi mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

“Airteagal 132b

Eisiaimh ó na cineálacha cur chuige chun na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de chuid GCanna a ríomh

   1. Maidir leis na ríomhanna dá dtagraítear in Airteagal 132, féadfaidh institiúidí ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1, ▌ ionstraimí Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanais incháilithe atá ag GC agus nach mór d’institiúidí a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 36(1) agus le hAirteagail 56, 66 agus 72e faoi seach, féadfaidh siad na hionstraimí sin a eisiamh ó na ríomhanna thuasluaite.
   2. Maidir leis na ríomhanna dá dtagraítear in Airteagal 132, féadfaidh institiúidí risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna dá dtagraítear i bpointí (g) agus (h) d’Airteagal 150(1) a eisiamh ó na ríomhanna sin agus féadfaidh siad na risíochtaí sin a láimhseáil mar a leagtar amach in Airteagal 133.

Airteagal 132c

Risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe ar GCanna a láimhseáil

   1. Ríomhfaidh institiúidí méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail maidir lena n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe ag a bhfuil an fhéidearthacht risíochtaí a chomhshó i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC trí luachanna risíochta na risíochtaí sin a iolrú, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 111, ag a bhfuil an t-ualú priacail seo a leanas:
   (a) do gach risíocht a mbaineann na hinstitiúidí úsáid as ceann de na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 123a ina leith:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000006.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000007.png = an t-ualú priacail;

i = an t-innéacs lena gcuirtear an GC in iúl:

RW20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000008.png= an tsuim arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 132a maidir le GCi;

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000009.pngluach risíochta na risíochtaí GCi;

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000010.png luach cuntasaíochta na sócmhainní GCi; agus

EQi = luach cuntasaíochta chothromas GCi.

   (b) do gach risíocht eile, 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000011.png.
   2. Ríomhfaidh institiúidí an luach risíochta a bhaineann leis an ngealltanas íosluacha a chomhlíonfadh na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo mar luach lascainithe reatha an mhéid faoi ráthaíocht trí úsáid a bhaint as fachtóir lascaine saor ó phriacal um mainneachtain. Féadfaidh institiúidí an luach risíochta a bhaineann leis an ngealltanas íosluacha a laghdú faoi aon chaillteanais a aithnítear i ndáil leis an ngealltanas íosluacha faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme.

Ríomhfaidh institiúidí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a thagann as na gealltanais íosluacha a chomhlíonfaidh na coinníollacha go léir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo trí luach risíochta na risíochtaí a iolrú faoi fhachtóir coinbhéartaithe creidmheasa de 20 % agus an t-ualú priacail a dhíorthaítear faoi Airteagal 132 nó 152.

   3. Cinnfidh institiúidí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a eascraíonn ó ghealltanais íosluacha i gcomhréir le mír 2 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
   (a) is ionann risíocht lasmuigh de chlár comhardaithe na hinstitiúide agus gealltanas íosluacha chun infheistíocht a dhéanamh in aonaid nó scaireanna de chuid GC amháin nó níos mó nach bhfuil oibleagáid dá réir ar an institiúid ach íocaíocht a dhéanamh de réir an ghealltanais íosluacha i gcás ina bhfuil margadhluach risíochtaí foluiteacha an GC nó na GCanna faoi bhun tairseach réamhshocraithe ag ceann amháin nó níos mó de na pointí in am, mar a shonraítear sa chonradh;
   (b) is GC é aon cheann díobh seo a leanas:
   (i) GCUI mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/65/CE; nó
   (ii) CIM mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE nach n-infheistíonn ach in urrúis inaistrithe amháin nó i sócmhainní so-aistrithe airgeadais eile dá dtagraítear in Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE, i gcás nach gceadaítear faoi shainordú an CIM giaráil níos airde ná mar a cheadaítear faoi Airteagal 51(3) de Threoir 2009/65/CE;
   (c) cumhdaíonn nó sáraíonn margadhluach reatha risíochtaí foluiteacha an GC is bun leis an ngealltanas íosluacha gan aird a thabhairt ar éifeacht gealltanais íosluacha atá lasmuigh den chlár comhardaithe an luach reatha atá ar an tairseach a shonraítear sa ghealltanas íosluacha;
   (d) i gcás ina laghdóidh barrachas margadhluacha risíochtaí foluiteacha an GC nó na GCanna i gcomparáid le luach reatha an ghealltanais íosluacha, féadfaidh an institiúid, nó gnóthas eile a mhéid is atá sé clúdaithe ag an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a bhfuil an institiúid féin faoina réir, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE nó Treoir 2002/87/CE, tionchar a imirt ar chomhdhéanamh risíochtaí foluiteacha an GC nó na GCanna nó teorainn a chur leis na féidearthachtaí maidir le laghdú breise ar an mbarrachas i slite eile;
   (e) is cliant miondíola mar a shainmhínítear i bpointe 11 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é de ghnáth tairbhí deiridh díreach nó indíreach an ghealltanais íosluacha.”;

"

(64)  in Airteagal 144(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):"

“(g) rinne an institiúid na ceanglais cistí dílse a thagann óna cuid meastachán ar pharaiméadair phriacail a ríomh faoin gCur Chuige IRB agus tá sí in ann an tuairisciú a cheanglaítear le hAirteagal 430 a chur isteach;”;

"

(65)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 152:"

“Airteagal 152

Risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna a láimhseáil

   1. Ríomhfaidh institiúidí an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, dá risíochtaí féin i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC trí mhéid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de chuid an GC sin, arna thomhas sin i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i míreanna 2 agus 5, a iolrú faoi chéatadán na n-aonad nó na scaireanna atá ag na hinstitiúidí sin.
   2. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 132(3), déanfaidh institiúidí a bhfuil leordhóthain faisnéise acu faoi risíochtaí foluiteacha aonair GC, déanfaidh siad na risíochtaí foluiteacha sin a thrédhearcadh chun an méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de chuid an GC sin a ríomh, agus ualú priacail á dhéanamh acu ar gach risíocht fholuiteach de chuid an GC amhail agus dá mba leis na hinstitiúidí féin iad.
   3. De mhaolú ar phointe (d) d’Airteagal 92(3), féadfaidh institiúidí a ríomhfaidh méid risíochta risíochtaí GC atá ualaithe ó thaobh priacail i gcomhréir le mír 1 nó 2 den Airteagal seo, féadfaidh siad méid is ionann agus 50 % de cheanglais císte dílse na risíochtaí díorthach sin a ríomh don cheanglais cistí dísle do phriacal coigeartaithe luachála creidmheasa a risíochtaí díorthacha arna ríomh i gcomhréir le Roinn 3, le Roinn 4 nó le Roinn 5 de Chaibidil 6 den Teideal seo, de réir mar is infheidhme.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus an ceanglas cistí dísle do dhíorthach priacail ó choigeartú luachála creidmheasa á ríomh aici, féadfaidh institiúid risíochtaí a eisiamh ón ríomh sin nach mbeadh faoi réir an cheanglais i gcás inar thabhaigh an institiúid go díreach iad.

   4. Maidir le hinstitiúidí a chuireann cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 den Airteagal seo agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le páirtúsáid bhuan i gcomhréir le hAirteagal 150, nó nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir leis na modhanna a leagtar amach sa Chaibidil seo nó ceann amháin nó níos mó de na modhanna a leagtar amach i gCaibidil 5 a úsáid do risíochtaí foluiteacha uile an GC nó do chodanna díobh, ríomhfaidh na hinstitiúidí sin méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
   (a) maidir le risíochtaí a shanntar d’aicme na risíochta ar chothromas dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 147(2), cuirfidh institiúidí an cur chuige simplí maidir le hualú priacail i bhfeidhm a leagtar amach in Airteagal 155(2);
   (b) maidir le risíochtaí a shanntar do na hítimí a ionadaíonn do shuíomhanna urrúsúcháin dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 147(2), cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 254 i bhfeidhm amhail is dá mbeadh na risíochtaí sin i seilbh na n-institiúidí sin go díreach;
   (c) maidir le gach risíocht fhorluiteach eile, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm an cur chuige caighdeánaithe a leagtar síos i gCaibidil 2 den Teideal seo.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, i gcás nach mbeidh an institiúid in ann idirdhealú a dhéanamh idir risíochtaí ar chothromas príobháideach, risíochtaí a thrádáiltear ar an malartán agus risíochtaí eile cothromais, láimhseálfaidh sí na risíochtaí lena mbaineann mar risíochtaí cothromais eile.

   5. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach faoi Airteagal 132(3), féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain faisnéise acu faoi risíochtaí foluiteacha aonair GC, féadfaidh siad méid risíochta na risíochtaí sin atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige bunaithe ar shainordú a leagtar amach in Airteagal 132a(2). Os a choinne sin, i gcás na risíochtaí a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 4 den Airteagal seo, cuirfidh institiúidí na cineálacha cur chuige i bhfeidhm a leagtar amach ann.
   6. Faoi réir Airteagal 132b(2), na hinstitiúidí sin nach gcuireann cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 den Airteagal seo nó nach gcuireann an cur chuige bunaithe ar shainordú i bhfeidhm i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, cuirfidh siad an cur chuige cúltaca dá dtagraítear in Airteagal 132(2) i bhfeidhm.
   7. Féadfaidh institiúidí méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, dá risíochtaí féin i bhfoirm aonad nó scaireanna i GC a ríomh trí na cineálacha cur chuige dá dtagraítear sa Airteagal seo a chomhcheangal, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na cineálacha cur chuige sin a úsáid.
   8. Féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain sonraí nó faisnéise acu chun méid risíochta, ualaithe ó thaobh priacail de chuid GC a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i míreanna 2, 3, 4 agus 5, féadfaidh siad brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
   (a) is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:
   (i) institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an GC sin, ar chuntar go ndéanfaidh an GC infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanfaidh sí gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;
   (ii) maidir le GCanna nach gcumhdaítear le pointe (i) den phointe seo, an chuideachta bainistíochta GC, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh cuideachta bainistíochta an GC sin na critéir a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 132(3);
   (b) maidir le risíochtaí seachas iad siúd a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) den Airteagal seo, déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a(1);
   (c) maidir leis na risíochtaí a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 4, déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach inti;
   (d) daingneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas an ríomha a rinne an tríú páirtí.

Déanfaidh institiúidí a bheidh ag brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí na méideanna risíochta, ualaithe ó thaobh priacail, de risíochtaí GCa thagann as na ríomhanna sin a iolrú faoi fhachtóir 1,2.

De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina mbeidh rochtain neamhshrianta ag an institiúid ar ríomhanna mionsonraithe arna ndéanamh ag an tríú páirtí, ní bheidh feidhm ag an bhfachtóir 1,2. Tabharfaidh an institiúid na ríomhanna sin dá húdarás inniúil arna iarraidh sin uirthi.

   9. Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na forálacha atá in Airteagal 132(5) agus (6) agus in Airteagal 132b. Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag Airteagal 132c, agus na hualuithe priacail arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 3 den Teideal seo á n-úsáid.”;

"

(66)  in Airteagal 158, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

“9a. Nialas a bheidh i méid an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh gealltanas íosluacha a chomhlíonann na ceanglais go léir a leagtar amach in Airteagal 132c(3).”;

"

(67)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 164:"

“Airteagal 164

Caillteanas i gcás Mainneachtana (LGD)

   1. Cuirfidh na hinstitiúidí a meastacháin féin ar LGDanna ar fáil faoi réir na gceanglas a shonraítear i Roinn 6 den Chaibidil seo agus ar an gcoinníoll go bhfaighidh siad cead ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 143. I gcás priacal caolúcháin ar earraí infhaighte ceannaithe, úsáidfear luach LGD atá cothrom le 75 %. Más féidir le hinstitiúid a meastacháin EL ar phriacal caolúcháin na n-earraí infhaighte ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar bhealach iontaofa, féadfaidh an institiúid a meastachán LGD féin a úsáid.
   2. D’fhonn tacú le risíocht ar leith nó le comhthiomsú de risíochtaí, féadfar cosaint neamhchistithe chreidmheasa a aithint mar ghné atá incháilithe ach na meastacháin PD nó LGD a choigeartú faoi réir na gceangaltas a shonraítear in Airteagal 183(1), (2) agus (3) agus faoi réir chead na n-údarás inniúil. Ní shannfaidh institiúid PD ná LGD coigeartaithe do risíochtaí faoi ráthaíocht ar chaoi gurbh ísle an t-ualú priacail coigeartaithe ná an t-ualú priacail a bheadh ag risíocht dhíreach inchomparáide ar an ráthóir.
   3. Chun críocha Airteagal 154(2), is ionann LGD na risíochta dírí inchomparáide ar sholáthraí na cosanta dá dtagraítear in Airteagal 153(3) agus an LGD a bhaineann le saoráid neamhfhálaithe chun an ráthóra, é sin nó le saoráid neamhfhálaithe an fhéichiúnaí, rud a bheadh ag brath ar cé acu, i gcás ina mainneodh an ráthóir agus an féichiúnaí araon le linn shaolré an idirbhirt fhálaithe, a léireofaí nó nach léireofaí leis an bhfianaise atá le fáil agus le struchtúr na ráthaíochta, go mbeadh an méid a ghnóthófaí ag brath ar staid airgeadais an ráthóra nó an fhéichiúnaí, faoi seach.
   4. An meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta do gach risíocht ar mhiondíol arna hurrú le maoin chónaithe agus gan ráthaíochtaí ó rialtais láir acu, ní bheidh sé níos ísle ná 10 %.

An meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta do gach risíocht ar mhiondíol arna hurrú le maoin tráchtála dhochorraithe agus gan ráthaíochtaí ó rialtais láir acu, ní bheidh sé níos ísle ná 15 %.

   5. Ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as mír 6 a chur i bhfeidhm. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh san údarás sin .

I gcás inarb é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, áiritheoidh an t-údarás inniúil sin go gcuirfear na comhlachtaí agus údaráis ábhartha náisiúnta ag a bhfuil sainordú macrastuamachta ar an eolas go cuí maidir le rún an údaráis inniúil úsáid a bhaint as an Airteagal seo, agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomchuí i measúnú na n-ábhar imní maidir le cobhsaíocht airgeadais ina Bhallstát i gcomhréir le mír 6.

I gcás nach é an t-údarás inniúil é an t-údarás a ainmneoidh an Ballstát chun an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Ballstát na forálacha is gá chun comhordú agus malartú ceart faisnéise idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás ainmnithe a áirithiú le go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go cuí. Go háirithe, ceanglófar ar na húdaráis comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis ar fad a chomhroinnt a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun go ndéanfaidh an t‑údarás ainmnithe na dualgais a fhorchuirtear air, de bhun an Airteagail seo, ar bhealach leordhóthanach. Beidh sé d’aidhm leis an gcomhar sin aon chineál gníomhaíochtaí dúblailteacha nó neamh-chomhsheasmhacha idir an t-údaráis inniúla agus an t-údarás ainmnithe a sheachaint, agus a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí aon idirghníomhaíocht le bearta eile, go háirithe faoi Airteagal 458 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE.

   6. Bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh faoi Airteagal 430a agus ar aon táscaire ábhartha eile, agus forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí maoine dochorraithe á gcur san áireamh, déanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo a mheas go tréimhsiúil nó, ar a laghad uair sa bhliain, an bhfuil na luachanna íosta LGD dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo iomchuí do risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála dhochorraithe atá suite i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstát an údaráis ábhartha.

I gcás ina mbeidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 den tuairim, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nach leordhóthanach na luachanna íosta LGD dá dtagraítear i mír 4, agus ina measfaidh sé go bhféadfadh neamhleordhóthanacht na luachanna LGD difear díobhálach a dhéanamh ar chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé luachanna íosta LGD níos airde a shocrú i dtaca leis na risíochtaí sin atá lonnaithe i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstát an údaráis ábhartha. Féadfar na íosluachanna níos airde sin a chur i bhfeidhm freisin ar leibhéal ceann amháin nó níos mó de na deighleoga maoine den sórt sin.

Tabharfaidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 fógra do ÚBE agus do BERS roimh an gcinneadh dá dtagraítear sa mhír seo a dhéanamh. Faoi cheann mí amháin ón bhfógra réamhluaite a fháil, cuirfidh BERS agus ÚBE a dtuairimí in iúl don Bhallstát lena mbaineann. Foilseoidh ÚBE agus BERS na luachanna LGD sin.

   7. I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás a a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 luachanna íosta LGD níos airde a shocrú de bhun mhír 6, beidh idirthréimhse sé mhí ag institiúidí chun iad a chur i bhfeidhm.
   8. Déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le BERS, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt d’fhonn na coinníollacha a shonrú a chuirfidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 san áireamh agus oiriúnacht na luachanna LGD á meas acu mar chuid den mheasúnú dá dtagraítear i mír 6.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

   9. Féadfaidh BERS trí nhithín moltaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, agus i ndlúthchomhar le ÚBE, treoir a thabhairt do na húdaráis a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:
   (a) na fachtóirí a d’fhéadfadh “difear díobhálach a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo” dá dtagraítear i mír 6; agus
   (b) tagarmharcanna táscacha a chuirfidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 5 san áireamh agus luachanna LGD níos airde á socrú.
   10. Cuirfidh institiúidí de chuid Ballstáit amháin na luachanna íosta LGD níos airde arna gcinneadh ag údaráis Ballstáit eile i gcomhréir le mír 6 i bhfeidhm maidir lena risíochtaí comhfhreagracha uile atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe agus ar mhaoin tráchtála dhochorraithe atá suite i gcuid amháin nó níos mó den Bhallstát sin.”;

"

(68)  in Airteagal 201(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):"

“(h) contrapháirtithe lárnacha cáilitheacha.”;

"

(69)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

“Airteagal 204a

Cineálacha incháilithe díorthach cothromais

   1. Ní fhéadfaidh institiúidí díorthaigh chothromais, ar babhtálacha an toraidh iomláin iad nó cinn a bhfuil éifeacht eacnamaíoch chomhchosúil acu, a úsáid mar chosaint chreidmheasa incháilithe ach amháin chun críocha fáluithe inmheánacha a dhéanamh.

I gcás ina gceannóidh institiúid cosaint chreidmheasa trí bhabhtáil an toraidh iomláin agus ina ndéanann sí taifead ar na glaníocaíochtaí arna bhfáil ar an mbabhtáil mar ghlanioncam, ach nach ndéanfaidh sí taifead ar an meath fritháirimh i luach na sócmhainne atá cosanta faoi laghduithe i luach cóir nó trí mhéid breise a bheith curtha le cúlchistí, ní cháileoidh an chosaint chreidmheasa sin mar chosaint chreidmheasa incháilithe.

   2. I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú inmheánach ag baint úsáid as díorthach cothromais, ionas go gcáileoidh an fálú inmheánach mar chosaint chreidmheasa incháilithe chun críocha na Caibidle seo, déanfar an priacal creidmheasa a aistríodh chuig an leabhar trádála a aistriú chuig tríú páirtí nó páirtithe.

I gcás ina ndearnadh fálú inmheánach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus inar comhlíonadh na ceanglais sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí na rialacha a leagtar amach i Roinn 4 go Roinn 6 den Chaibidil seo i bhfeidhm maidir le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás ina bhfaighidh siad cosaint neamhchistithe chreidmheasa.”;

"

(70)  leasaítear Airteagal 223 mar a leanas:

(a)  i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"

“I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar, déanfaidh institiúidí a mbíonn an modh a leagtar síos i Roinn 6 de Chaibidil 6 á úsáid acu EVA a ríomh mar a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000012.png.”;

"

(b)  i mír 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:"

“I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar, déanfaidh institiúidí a mbíonn na modhanna a leagtar síos i Roinn 3, i Roinn 4 agus i Roinn 5 de Chaibidil 6 á n-úsáid acu, éifeachtaí maolaithe priacail na comhthaobhachta a chur san áireamh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Ranna 3, 4 agus 5 de Chaibidil 6, de réir mar is infheidhme.”;

"

(71)  leasaítear Airteagal 272 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):"

“(6) ciallaíonn ‘tacar fálúcháin’ grúpa idirbheart laistigh de thacar glanluachála aonair dá gceadaítear fritháireamh iomlán nó páirteach chun an risíocht fhéideartha thodhchaíoch a chinneadh de réir na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó i Roinn 4 den Chaibidil seo;”;

"

(b)  cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

“(7a) ciallaíonn ‘comhaontú corrlaigh aontreo’ comhaontú corrlaigh faoina n-éileofar ar an institiúid corrlaigh athrúcháin a bhreacadh chuig contrapháirtí ach nach bhfuil sí i dteideal corrlach athrúcháin a fháil ón gcontrapháirtí sin nó a mhalairt;”;

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):"

“(12) ciallaíonn ‘margadhluach reatha’, nó ‘CMV’ margadhluach glan na n‑idirbheart uile laistigh de thacar glanluachála, d’aon chomhthaobhacht a fuarthas nó a breacadh, i gcás margadh dearfach agus margadh diúltach a bheith glanluacháilte agus an CMV á ríomh;”;

"

(d)  cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

“(12a) ciallaíonn ‘glanmhéid na comhthaobhachta neamhspleáiche’ nó ▌’NICA’ suim luach na glanchomhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig an tacar glanluachála seachas an corrlach athrúcháin;”;

"

(72)  leasaítear Airteagal 273 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Cinnfidh institiúidí luach risíochta na gconarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II ar bhonn ceann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Ní úsáidfidh institiúid nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a (1) an modh a leagtar amach i Roinn 4. Ní úsáidfidh institiúid nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a (2) an modh a leagtar amach i Roinn 5.

Féadfaidh institiúidí na modhanna a leagtar amach i Ranna 3 go 6 a úsáid i dteaglaim ar bhonn buan laistigh de ghrúpa. Ní dhéanfaidh institiúid aonair, ar bhonn buan, na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 a úsáid i dteaglaim.”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6, 7 agus 8:"

“6. Faoi gach modh a leagtar amach i Ranna 3 go 6, beidh luach na risíochta le haghaidh contrapháirtí áirithe cothrom le suim na luachanna risíochta arna ríomh do gach tacar glanluachála leis an gcontrapháirtí sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina mbeidh feidhm ag comhaontú corrlaigh amháin maidir le tacair ghlanluachála iomadúla leis an gcontrapháirtí sin agus i gcás ina mbeidh ceann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 á úsáid ag an institiúid chun luach risíochta na dtacar glanluachála sin a ríomh, déanfar luach na risíochta a ríomh i gcomhréir leis an Roinn ábhartha.

Le haghaidh contrapháirtí faoi leith, beidh luach na risíochta le haghaidh tacar glanluachála áirithe d’ionstraimí díorthacha thar an gcuntar a liostaítear in Iarscríbhinn II arna ríomh i gcomhréir leis an gCaibidil seo cothrom leis an gceann is mó idir nialas agus an difríocht idir suim na luachanna risíochta thar gach tacar glanluachála leis an gcontrapháirtí agus suim na gcoigeartuithe luachála creidmheasa don chontrapháirtí sin arna aithint ag an institiúid mar dhíluacháil thabhaithe. Déanfar na coigeartuithe luachála creidmheasa a ríomh gan aon choigeartuithe luachála dochair fhritháirimh a chur san áireamh a thugtar do phriacal creidmheasa na gnólachta airgeadais féin atá eisiata cheana ó chistí dílse i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 33(1).

   7. Agus luach na risíochta á ríomh acu i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach i Ranna 3, 4 agus 5, féadfaidh institiúidí dhá chonradh dhíorthacha thar an gcuntar ar lánmheaitseálacha iad agus a áirítear sa chomhaontú glanluachála céanna a láimhseáil mar chonradh singil ag a bhfuil príomhshuim bharúlach atá cothrom le nialas.

Chun críocha na chéad fhomhíre, measfar gur lánmheaitseálacha dhá chonradh dhíorthacha thar an gcuntar i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

   (a) go bhfuil a suíomhanna priacail urchomhaireach i leith a chéile;
   (b) gur comhionann na gnéithe atá acu cé is moite den dáta trádála;
   (c) go bhfritháiríonn a sreabha airgid a chéile.
   8. Déanfaidh institiúidí luach risíochta na risíochtaí a thagann as idirbhearta socraíochta iarchurtha a chinneadh trí aon cheann de na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6, beag beann ar an modh atá roghnaithe ag an institiúid chun díorthaigh thar an gcuntar agus idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí agus idirbhearta iasachta corrlaigh a láimhseáil. Agus ceanglais cistí dílse á ríomh le haghaidh idirbhearta socraíochta iarchurtha, féadfaidh institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 3 ualuithe priacail a shannadh faoin gcur chuige a leagtar amach i gCaibidil 2 ar bhonn buan agus beag beann ar ábharthacht na suíomhanna sin.”;

"

(c)  cuirtear an mhír seo a leanas leis:"

“9. I dtaca leis na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 den Chaibidil seo, láimhseálfaidh institiúidí idirbhearta ina ndearnadh Sainphriacal Comhghaolmhaireachta a aithint i gcomhréir le hAirteagal 291(2), (4), (5), agus (6).”;

"

(73)  cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:"

“Airteagal 273a

Coinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach na risíochta a ríomh

   1. Féadfaidh institiúid luach risíochta a cuid suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 4 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid:
   (a) 10 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
   (b) EUR 300 milliún.

   2. Féadfaidh institiúid luach risíochta ▌suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 5 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid;
   (a) 5 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
   (b) EUR 100 milliún.

   3. Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh institiúidí méid a ngnó díorthach laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí amach i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
   (a) déanfar gach suíomh díorthach a luacháil ag a margadhluachanna ar an dáta áirithe sin; i gcás nach bhfuil margadhluach suímh ar fáil ar dháta áirithe, déanfaidh institiúidí luach cóir don suíomh ar an dáta sin a ghlacadh; i gcás nach mbeidh an margadhluach an an luach cóir ar shuíomh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí don suíomh sin;
   (b) déanfar suimiú ar luach absalóideach suíomhanna fada díorthach agus ar luach absalóideach suíomhanna gearra díorthach;
   (c) cuirfear na suíomhanna díorthach go léir san áireamh, seachas díorthaigh chreidmheasa a aithneofar mar fháluithe inmheánacha ar risíochtaí leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa.
   4. De mhaolú ar mhír 1 nó ar mhír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás nach sáraíonn an gnó díorthach ar bhonn comhdhlúite na tairseacha a leagtar amach i mír 1 nó 2, de réir mar is infheidhme, féadfaidh institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú agus ar a mbeidh an modh a leagtar amach i Roinn 3 nó 4 a chur i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, ós rud é go sáraíonn an institiúid na tairseacha sin ar bhonn aonair, a roghnú ina ionad sin, faoi réir formheas ó na húdaráis inniúla, an modh a chur i bhfeidhm ag a mbeadh feidhm ar bhonn comhdhlúite.
   5. Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla i leith na modhanna a leagtar amach i Roinn 4 nó i Roinn 5 as a mbaineann siad úsáid, nó a scoireann siad de bheith á n-úsáid, de réir mar is infheidhme, chun luach risíochta a suíomhanna díorthach a ríomh.
   6. Ní bheidh institiúidí páirteach in idirbheart díorthach, ná ní dhéanfaidh siad é a cheannach ná a dhíol, mura bhfuil de chuspóir acu ach aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a chomhlíonadh i rith an mheasúnaithe mhíosúil.

Airteagal 273b

Neamh-chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach risíochta díorthach a ríomh

   1. Institiúid nach gcomhlíonann a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a(1) nó (2), tabharfaidh an institiúid sin fógra ina leith don údarás inniúil gan mhoill.
   2. Scoirfidh institiúid de luachanna risíochta a suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir le Roinn 4 nó Roinn 5, de réir mar is infheidhme, laistigh de thrí mhí ón uair a tharlóidh ceann amháin de na cásanna seo a leanas:
   (a) ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, nó na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, ar feadh trí mhí as a chéile;
   (b) ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, nó na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, ar feadh breis agus 6 mhí den 12 mhí roimhe sin.
   3. I gcás inar scoir institiúid de luachanna risíochta a suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir le Roinn 4 nó 5, de réir mar is infheidhme, ní cheadófar di luachanna risíochta a suíomhanna díorthacha a ríomh arís mar a leagtar amach i Roinn 4 nó i Roinn 5 ach amháin i gcás ina léiríonn sí don údarás inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha go léir a leagtar amach in Airteagal 273a(1) nó (2) ar feadh tréimhse bliana gan bhriseadh.”;

"

(74)  i gCaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Ranna 3, 4 agus 5:"

“Roinn 3

Cur chuige caighdeánaithe le haghaidh priacal creidmheasa contrapháirtí

Airteagal 274

Luach risíochta

   1. Féadfaidh institiúid luach risíochta aonair a ríomh ar leibhéal an tacair glanluachála le haghaidh na n-idirbheart uile a chumhdaítear le comhaontú glanluachála conarthach i gcás ina gcomhlíontar an méid seo a leanas:
   (a) is le ceann de na cineálacha comhaontuithe glanluachála conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 295 a bhaineann an comhaontú glanluachála;
   (b) tá an comhaontú glanluachála aitheanta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 296;
   (c) tá na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 297 comhlíonta ag an institiúid i ndáil leis an gcomhaontú glanluachála.

I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, déanfaidh an institiúid gach idirbheart a láimhseáil amhail agus dá mba é a thacar glanluachála féin é.

   2. Déanfaidh institiúidí luach risíochta tacair ghlanluachála a ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000013.png

nuair:

RC = an costas athsholáthair arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 275; agus

PFE = an risíocht fhéideartha thodhchaíoch arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 278;

α = 1,4.

   3. Maidir leis an luach risíochta tacair glanluachála atá faoi réir comhaontú corrlaigh conarthach beidh uasteorainn leis is ionann agus luach risíochta an tacair glanluachála chéanna nach bhfuil faoi réir aon chomhaontaithe corrlaigh.
   4. I gcás ina bhfuil feidhm ag comhaontuithe corrlaigh iolracha maidir leis an tacar glanluachála céanna, déanfaidh institiúidí gach comhaontú corrlaigh a leithdháileadh ar ghrúpa idirbheart sa tacar glanluachála a bhfuil feidhm chonarthach ag an gcomhaontú corrlaigh maidir leis agus déanfaidh siad luach risíochta a ríomh ar leithligh le haghaidh gach ceann de na hidirbhearta grúpáilte sin.
   5. Féadfaidh institiúidí luach risíochta tacair glanluachála a shocrú ag nialas i gcás ina gcomhlíonann an tacar sin na coinníollacha seo a leanas:
   (a) gur céadroghanna díolta amháin atá sa tacar glanluachála;
   (b) go mbíonn margadhluach reatha an tacair glanluachála diúltach i gcónaí;
   (c) go bhfuair an institiúid roimh ré préimh na gcéadroghanna uile a áirítear sa tacar glanluachála chun comhlíonadh na gconarthaí a ráthú;
   (d) nach bhfuil an tacar glanluachála faoi réir aon chomhaontaithe corrlaigh.
   6. Maidir le tacar glanluachála, is é a chuirfidh institiúid in ionad idirbheart ar comhcheangal líneach finideach é de chéadroghanna ar cheannach nó ar dhíol atá ceannaithe nó díolta na céadroghanna aonair uile atá sa chomhcheangal líneach sin, arna dtógáil mar idirbheart aonair, chun críocha luach risíochta an tacair glanluachála a ríomh i gcomhréir leis an roinn seo. Déanfar gach comhcheangal de roghanna a láimhseáil mar idirbheart aonair sa tacar glanluachála ina gcuirtear an comhcheangal san áireamh chun críche an luach risíochta a ríomh.
   7. Luach risíochta idirbhirt díorthach creidmheasa a ionadaíonn suíomh fada sa risíocht fholuiteach, féadfar é a theorannú do mhéid méid na préimhe atá fós gan íoc ar choinníoll go ndéileáiltear leis amhail mar a thacar glanluachála féin nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh.

Airteagal 275

Costas athsholáthair

   1. Déanfaidh institiúidí costas athsholáthair RC‘’na dtacar glanluachála nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000014.png

   2. Déanfaidh institiúidí costas athsholáthair na dtacar glanluachála aonair atáoi réir comhaontú corrlaigh a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000015.png

nuair:

RC = an costas athsholáthair

VM = luach an ghlanchorrlaigh athrúcháin arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig an tacar glanluachála ar bhonn rialta chun athruithe ar CMV an tacair glanluachála a mhaolú;

TH = an tairseach corrlaigh is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh, ar tairseach í faoina mbeadh cosc ar an institiúid glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht; agus

MTA = íosmhéid an aistrithe is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh.

   3. Déanfaidh institiúidí an costas athsholáthair le haghaidh tacair ghlanluachála iolracha atá faoi réir an chomhaontaithe corrlaigh chéanna a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000016.png

nuair:

RC = costas athsholáthair

i = an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair ghlanluachála atá faoi réir an corrlaigh aonair;

CMVi = CMV thacar glanluachála ‘i’;

VMMA = suim luach na comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig tacair ghlanluachála iolracha ar bhonn rialta chun athruithe ar a CMV a mhaolú; agus

NICAMA = suim luach na comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, de réir mar is infheidhme, chuig tacair ghlanluachála iolracha cé is moite de VMMA.

Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfar NICAMA a ríomh ar an leibhéal trádála, ar leibhéal an tacair glanluachála nó ar leibhéal na dtacar glanluachála uile a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú corrlaigh maidir leo ag brath ar an leibhéal a bhfuil feidhm ag an gcomhaontú corrlaigh maidir leis.

Airteagal 276

Comhthaobhacht a aithint agus a láimhseáil

   1. Chun críocha na Roinne seo, déanfaidh institiúidí méideanna comhthaobhachta VM, VMMA, NICA agus NICAMA, a ríomh trí na ceanglais uile seo a leanas a chur i bhfeidhm:
   (a) i gcás ina mbaineann na hidirbhearta uile a áirítear i dtacar glanluachála leis an leabhar trádála, ní aithneofar ach amháin comhthaobhacht atá incháilithe faoi Airteagail 197 agus 299;
   (b) i gcás ina bhfuil idirbheart amháin ar a laghad a bhaineann le leabhar neamhthrádála i dtacar glanluachála, ní aithneofar ach amháin comhthaobhacht atá incháilithe faoi Airteagal 197;
   (c) is trí chomhartha deimhneach a aithneofar comhthaobhacht a fhaightear ó chontrapháirtí agus is trí chomhartha diúltach a aithneofar comhthaobhacht a bhreactar i leith contrapháirtí;
   (d) déanfar luach aon chineáil comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 223; chun críocha an ríomha sin, ní úsáidfidh institiúidí an modh a leagtar amach in Airteagal 225;
   (e) ní áireofar an ítim chomhthaobhachta chéanna i VM agus i NICA araon ag an am céanna;
   (f) ní áireofar an ítim chomhthaobhachta chéanna i VMMA agus i NICAMA araon ag an am céanna;
   (g) ní aithneofar aon chomhthaobhacht a bhreactar i leith an chontrapháirtí atá leithscartha ó shócmhainní an chontrapháirtí sin, agus, mar gheall ar an leithscaradh sin, nach bhfuil baint aici le féimheacht i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chontrapháirtí sin, ní aithneofar í agus NICA agus NICAMA á ríomh.
   2. Maidir le luach comhthaobhachta breactha arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo a ríomh, cuirfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas in ionad na foirmle a leagtar amach in Airteagal 223(2):

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000017.png

nuair:

CVA = luach comhthaobhachta breactha arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta; agus

C = an chomhthaobhacht;

agus Hc agus Hfx á sainmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 223(2).

   3. Chun críche phointe (d) de mhír 1, socróidh institiúidí an tréimhse leachtaithe is ábhartha do ríomh an luacha comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, i gcomhréir le ceann amháin de na tréimhsí ionchasacha seo a leanas:
   (a) bliain amháin i gcás na dtacar glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(1)r;
   (b) an tréimhse corrlaigh faoi phriacal arna cinneadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 279c(1) i gcás na dtacar glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(2) agus (3).

Airteagal 277

Idirbhearta a mhapáil ar chatagóirí priacail

   1. Mapálfaidh institiúidí gach idirbheart de chuid tacar glanluachála ar cheann amháin de na catagóirí priacail seo a leanas chun an risíocht fhéideartha thodhchaíoch a chinneadh don tacar glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 278:
   (a) priacal ráta úis;
   (b) priacal malairte eachtraí;
   (c) priacal creidmheasa;
   (d) priacal cothromais;
   (e) priacal tráchtearraí;
   (f) priacal eile.
   2. Déanfaidh institiúidí an mhapáil dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn phríomhspreagaí priacail an idirbhirt díorthach. Ní bheidh de spreagaí priacail ábhartha ag idirbheart díorthach ach an príomhspreagaí priacail.

   3. De mhaolú ar mhír 2, mapálfaidh institiúidí idirbhearta díorthach ag a bhfuil níos mó ná aon spreagaí priacail ábhartha amháin ar níos mó ná aon chatagóir phriacail amháin. I gcás ina mbaineann spreagaí priacail ábhartha uile aon idirbhirt amháin díobh sin leis an gcatagóir chéanna phriacail, ní cheanglófar ar institiúidí an t-idirbheart sin a mhapáil ar an gcatagóir phriacail sin ach an t-aon uair amháin ar bhonn an an spreagaithe priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail sin. I gcás ina mbaineann spreagaithe priacail ábhartha aon idirbhirt amháin díobh sin le catagóirí priacail éagsúla, déanfaidh institiúidí an t-idirbheart sin a mhapáil aon uair amháin ar gach catagóir phriacail díobh sin a bhfuil aon spreagaí priacail ábhartha amháin ar a laghad acu, ar bhonn an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail sa chatagóir phriacail sin.
   4. In ainneoin mhíreanna 1, 2 agus 3, nuair a bheidh idirbhearta á mapáil acu ar na catagóirí priacail a liostaítear i mír 1, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas i bhfeidhm:
   (a) más athróg boilsciúcháin atá i bpríomhspreagaí priacail idirbhirt, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear i mír 3, mapálfaidh institiúidí an t-idirbheart sin ar an gcatagóir priacail ráta úis;
   (b) más athróg dálaí aeráide atá i bpríomhspreagaí priacail idirbhirt, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear i mír 3, mapálfaidh institiúidí an t-idirbheart sin ar an gcatagóir priacail tráchtearraí.
   5. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
   (a) an modh chun na hidirbhearta sin nach bhfuil ach aon spreagaí priacail ábhartha amháin acu a shainaithint;
   (b) an modh chun idirbhearta a aithint ag a bhfuil níos mó ná spreagaí priacail ábhartha amháin agus chun an spreagaí is ábhartha de na spreagaithe priacail sin a aithint chun críocha mhír 3;

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi ... [sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 277a

Tacair falúcháin

   1. Bunóidh institiúidí na tacair fálúcháin is ábhartha do gach catagóir phriacail a ghabhann le tacar glanluachála agus sannfaidh siad gach idirbheart do na tacair fálúcháin sin mar leanas:
   (a) ní shannfar don tacar fálúcháin céanna idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis ach amháin i gcás ina mbeidh a bpríomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), ainmnithe san airgeadra céanna;
   (b) ní shannfar don tacar fálúcháin céanna idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail malairte eachtraí ach amháin i gcás ina mbeidh a bpríomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), bunaithe ar an bpéire airgeadra céanna;
   (c) sannfar don tacar fálúcháin céanna gach idirbheart arna mhapáil ar an gcatagóir priacail creidmheasa;
   (d) sannfar don tacar fálúcháin céanna gach idirbheart arna mhapáil ar an gcatagóir priacail cothromais;
   (e) sannfar do cheann amháin de na tacair fálúcháin seo a leanas idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail tráchtearraí ar bhonn nádúr a bpríomhspreagaí priacail nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3):
   (i) fuinneamh;
   (ii) miotail;
   (iii) earraí talmhaíochta;
   (iv) tráchtearraí eile;
   (v) dálaí aeráide;
   (f) ní shannfar don tacar fálúcháin céanna idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir phriacail eile ach amháin i gcás inarb ionann príomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), dóibh.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, sannfar do thacair fálúcháin ar leithligh idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis ar athróg boilsciúcháin é an príomhspreagaí priacail atá acu, cé is moite de na tacair fálúcháin sin a bunaíodh le haghaidh idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis nach é athróg boilsciúcháin an príomhspreagaí priacail atá acu. Ní shannfar na hidirbhearta sin don tacar fálúcháin céanna ach amháin i gcás ina mbeidh a bpríomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), ainmnithe san airgeadra céanna.

   2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, bunóidh institiúidí tacair fálúcháin aonair ar leithligh i ngach catagóir phriacail le haghaidh na n-idirbheart seo a leanas:
   (a) idirbhearta arb é an príomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), atá acu luaineacht spreagaí priacail, cé acu luaineacht intuigthe an mhargaidh í sin nó luaineacht réadaithe, nó an comhchoibhneas idir dhá spreagaí priacail;
   (b) idirbhearta arb é an príomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), atá acu an difríocht idir dhá spreagaí priacail arna mapáil ar an gcatagóir chéanna phriacail nó idirbhearta arb é atá iontu dhá chuid d’íocaíocht ainmnithe san airgeadra céanna agus a bhfuil spreagaí priacail ó chatagóir chéanna phriacail an phríomhspreagaí priacail le fáil sa chuid d’íocaíocht eile nach í an chuid d’íocaíocht a bhfuil an príomhspreagaí priacail inti í.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, ní shannfaidh institiúidí idirbhearta don tacar fálúcháin céanna de chuid na catagóire priacail lena mbainfidh ach amháin i gcás inarb ionann príomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), dóibh.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ní shannfaidh institiúidí idirbhearta don tacar fálúcháin céanna de chuid na catagóire priacail lena mbainfidh ach amháin i gcás inarb ionann an péire spreagaithe priacail sna hidirbhearta sin dá dtagraítear ann agus go mbeidh an dá spreagaí priacail sa phéire sin curtha i gcomhchoibhneas deimhneach. Seachas sin, sannfaidh institiúidí idirbhearta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír do cheann amháin de na tacair fálúcháin sin arna mbunú i gcomhréir le mír 1, ar bhonn ceann den dá spreagaí priacail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír.

   3. Ar iarraidh ó údarás inniúil, cuirfidh institiúidí ar fáil líon na dtacar fálúcháin arna mbunú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo do gach catagóir phriacail, mar aon leis an bpríomhspreagaí priacail, nó an spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), nó an péire spreagaithe priacail do gach ceann de na tacair fálúcháin sin, mar aon le líon na n-idirbheart i ngach ceann de na tacair fálúcháin sin.

Airteagal 278

Risíocht fhéideartha thodhchaíoch

   1. Ríomhfaidh institiúidí an risíocht fhéideartha thodhchaíoch ‘’a bhaineann le tacar glanluachála mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000018.png

nuair:

PFE = risíocht fhéideartha thodhchaíoch

a = an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na catagóirí priacail a áireofar i ríomh risíocht fhéideartha thodhchaíoch an tacair glanluachála;

AddOn(a) = an forlíontán do chatagóir phriacail’’ arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 280a go 280f, de réir mar is infheidhme; agus

multiplier = fachtóir iolrúcháin arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle dá dtagraítear i mír 3.

Chun críche an ríomha sin, áireoidh institiúidí forlíontán catagóire priacail áirithe i ríomh risíocht fhéideartha thodhchaíoch an tacair glanluachála i gcás inar mapáladh idirbheart amháin ar a laghad de chuid an tacair glanluachála ar an gcatagóir phriacail sin.

   2. Déanfar risíocht fhéideartha thodhchaíoch de chuid tacair ghlanluachála iolracha atá faoi réir comhaontú corrlaigh amháin, dá dtagraítear in Airteagal 275(3), a ríomh mar shuim risíochtaí féideartha todhchaíocha na dtacar glanluachála aonair uile amhail agus nach raibh siad faoi réir comhaontú corrlaigh d’aon sórt.
   3. Chun críche mhír 1, ríomhfar an t-iolraitheoir mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000019.png

nuair:

Floorm = 5 %;

y = 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000020.png

z = 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000021.png

NICAi = glanmhéid na comhthaobhachta neamhspleáiche arna ríomh d’idirbhearta a áirítear i dtacar glanluachála ‘i’ agus do na hidirbhearta sin amháin. Déanfar NICAi a ríomh ar an leibhéal trádála nó ar leibhéal an tacair glanluachála ag brath ar an gcomhaontú corrlaigh.

Airteagal 279

Suíomhanna priacail a ríomh

Chun críocha na forlíontáin catagóire priacail dá dtagraítear in Airteagal 280a go hAirteagal 280f a ríomh, déanfaidh institiúidí suíomh priacail gach idirbhirt de chuid tacar glanluachála a ríomh mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000022.png

nuair:

δ = deilte mhaoirseachta an idirbhirt a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos in Airteagal 279a;

AdjNot = méid barúlach coigeartaithe an idirbhirt arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 279b; agus

MF = fachtóir aibíochta an idirbhirt a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos in Airteagal 279c.

Airteagal 279a

Deilte mhaoirseachta

   1. Ríomhfaidh institiúidí an deilte mhaoirseachta mar leanas:
   (a) maidir le céadroghanna ar dhíol nó ar cheannach lena dtugtar cead do cheannaitheoir na céadrogha bunionstraim a cheannach nó a dhíol ar phraghas deimhneach ar aon dáta amháin nó ar an iliomad dátaí san am atá amach romhainn, cé is moite de chásanna inar mapáladh na céadroghanna sin ar an gcatagóir priacail ráta úis, úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000023.png

nuair:

δ = an deilte mhaoirseachta

sign = -1 i gcás idirbheart ar céadrogha ar dhíol atá díolta nó céadrogha ar cheannach atá ceannaithe é;

sign = +1 i gcás idirbheart ar céadrogha ar dhíol atá ceannaithe nó céadrogha ar cheannach atá díolta é;

type = -1 i gcás idirbheart ar céadrogha ar cheannach é;

type = +1 i gcás idirbheart ar céadrogha ar dhíol é;

N(x) = an fheidhm dáileacháin charnaigh d’athróg randamach normálta chaighdeánach, i.e. an dóchúlacht go bhfuil athróg randamach normálta le meán de nialas agus athraitheas d’aon níos lú ná, nó cothrom le, ‘x’;

P = spotphraghas nó réamhphraghas bhunionstraim na céadrogha; i gcás roghanna a bhfuil a sreafaí airgid ag brath ar mheánluach phraghas na bunionstraime, beidh P cothrom leis an meánluach ar an dáta ríofa;

K = praghas ceangail na céadrogha;

T = dáta éaga na céadrogha; i gcás céadroghanna nach féidir a fheidhmiú ach amháin ar dháta amháin sa todhchaí, is é an dáta sin a bheidh mar dháta éaga; i gcás céadroghanna is féidir a fheidhmiú ar dhátaí éagsúla sa todhchaí, is é an dáta is déanaí de na dátaí sin a bheidh mar dháta éaga; sloinnfear an dáta éaga sin i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre; agus

σ = luaineacht mhaoirseachta na céadrogha arna cinneadh i gcomhréir le Tábla 1 ar bhonn chatagóir phriacail an idirbhirt agus nádúr bhunionstraim na céadrogha.

Tábla 1

Catagóir phriacail

Bunionstraim

Luaineacht mhaoirseachta

Malairt Eachtrach

Uile

15 %

Creidmheas

Ionstraim aonainm

100 %

Ionstraim il‑ainmneacha

80 %

Cothromas

Ionstraim aonainm

120 %

Ionstraim il‑ainmneacha

75 %

Tráchtearra

Leictreachas

150 %

Tráchtearraí eile (seachas leictreachas)

70 %

Eile

Uile

150 %

Institiúidí a bheidh ag úsáid réamhphraghas bhunionstraim na céadrogha, áiritheoidh siad na nithe seo a leanas:

   (i) go bhfuil an réamhphraghas comhsheasmhach le tréithe na céadrogha;
   (ii) go ríomhtar an réamhphraghas ag úsáid pé ráta úis ábhartha atá i réim ar an dáta tuairiscithe;
   (iii) go gcomhtháthaítear sa réamhphraghas sreabha airgid ionchasacha na bunionstraime roimh dháta éaga na céadrogha;
   (b) maidir le tráinsí d’urrúsú sintéiseach agus díorthach creidmheasa don nú mainneachtain, úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000024.png

nuair:

sign =20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000025.png

A = pointe astaithe an tráinse; i gcás idirbheart díorthach creidmheasa don nú mainneachtain bunaithe ar eintitis tagartha k, A = (n-1)/k; agus

D = pointe dí-astaithe an tráinse; i gcás idirbheart díorthach creidmheasa don nú mainneachtain bunaithe ar eintitis tagartha k, D = n/k;

   (c) maidir le hidirbhearta nach dtagraítear dóibh i bpointe (a) ná (b), úsáidfidh institiúidí an deilte mhaoirseachta seo a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000026.png

   2. Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn suíomh fada i bpríomhspreagaí priacail nó sa spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3) go dtagann méadú ar mhargadhluach an idirbhirt nuair a thagann méadú ar luach an spreagaí priacail sin agus ciallaíonn suíomh gearr i bpríomhspreagaí priacail nó sa spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3) go dtagann laghdú ar mhargadhluach an idirbhirt nuair a thagann méadú ar luach an spreagaí priacail sin.

   3. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
   (a) i gcomhréir leis na forbairtí rialála idirnáisiúnta, an fhoirmle a úsáidfidh institiúidí chun ríomh a dhéanamh ar dheilte mhaoirseachta na gcéadroghanna ar cheannach agus ar dhíol arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis atá comhoiriúnach le dálaí margaidh faoina bhféadfadh rátaí úis a bheith diúltach agus faoina bhféadfadh luaineacht mhaoirseacht atá oiriúnach don fhoirmle sin a bheith diúltach freisin;
   (b) an modh chun a chinneadh cé acu suíomh fada nó gearr é idirbheart sa phríomhspreagaí priacail nó sa spreagaí priacail is ábhartha de na spreagaithe priacail i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3).

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi ... [sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 279b

Méid barúlach coigeartaithe

   1. Ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar leanas:
   (a) maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail ráta úis nó an catagóir priacail creidmheasa, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar thoradh mhéid barúlach an chonartha dhíorthaigh agus fhachtóir na marthanachta maoirseachta, a ríomhfar mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000027.png

nuair:

R = an ráta lascaine maoirseachta; R = 5 %;

S = an tréimhse idir dáta tosaigh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe, arna sloinneadh i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre; agus

E = an tréimhse idir dáta deiridh ▌ idirbhirt ▌agus an dáta tuairiscithe, arna sloinneadh i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre.

Is é dáta tosaigh idirbhirt an dáta is luaithe ar a ndéantar ar a laghad íocaíocht chonarthach faoin idirbheart, leis an institiúid nó as an institiúid, a shocrú nó a mhalartú, seachas na híocaíochtaí a bhaineann le malartú comhthaobhacha i gcomhaontú corrlaigh. I gcás ina raibh íocaíochtaí á socrú nó á ndéanamh faoin idirbheart ar an dáta tuairiscithe cheana féin, beidh dáta tosaigh an idirbhirt cothrom le 0.

I gcás ina bhfuil aon dáta conarthach nó níos mó dátaí conarthacha sa todhchaí i gceist leis an idirbheart, ar a bhféadfaidh an institiúid nó an contrapháirtí a chinneadh an t-idirbheart a fhoirceannadh roimh dháta a aibíochta conarthaí, beidh dáta tosaigh an idirbhirt cothrom leis an gceann is luaithe díobh seo a leanas:

   (i) an dáta nó an ceann is luaithe de dhátaí éagsúla sa todhchaí ar a bhféadfaidh an institiúid nó an contrapháirtí a chinneadh idirbheart a fhoirceannadh níos luaithe ná dáta a aibíochta conarthaí;
   (ii) an dáta ar a dtosaítear ar íocaíochtaí a shocrú nó a dhéanamh le hidirbheart, seachas íocaíochtaí a bhaineann le malartú comhthaobhachta i gcomhaontú corrlaigh.

I gcás ina bhfuil ionstraim airgeadais ag idirbheart mar an bhunionstraim a d’fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha sin an idirbhirt, cinnfear dáta tosaigh idirbhirt ar bhonn an dáta is luaithe ar a dtosaítear ar íocaíochtaí a shocrú nó a dhéanamh leis an mbunionstraim.

Is é dáta deiridh idirbhirt an dáta is déanaí ar a ndéantar íocaíocht chonarthach faoin idirbheart sin, leis an institiúid nó as an institiúid, nó an dáta is déanaí ar a bhféadtar an íocaíocht sin a dhéanamh.

I gcás ina bhfuil ionstraim airgeadais ag idirbheart mar bhunionstraim a d’fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha sin an idirbhirt, cinnfear dáta deiridh an idirbhirt ar bhonn na híocaíochta conarthaí deireanaí a dhéanfar i leith bhunionstraim an idirbhirt.

I gcás idirbheart atá struchtúraithe chun risíocht gan íoc a shocrú tar éis dátaí íocaíochta sonraithe agus i gcás inar athshocraíodh na téarmaí sa chaoi gur nialas é margadhluach an idirbhirt ar na dátaí sonraithe sin, measfar gur íocaíocht chonarthach faoin idirbheart céanna é socrú na risíochta gan íoc ar na dátaí sonraithe sin;

   (b) maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail malairte eachtraí, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe mar leanas:
   (i) nuair is aon chuid d’íocaíocht amháin a bheidh i gceist leis an idirbheart, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe méid barúlach an chonartha dhíorthaigh;
   (ii) nuair is dhá chuid d’íocaíocht a bheidh i gceist leis an idirbheart agus méid barúlach cuid d’íocaíocht amháin díobh sin ainmnithe in airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe méid barúlach na coda d’íocaíocht eile;
   (iii) nuair is dhá chuid d’íocaíocht a bheidh i gceist leis an idirbheart agus méid barúlach an dá chuid d’íocaíocht ainmnithe in airgeadra eile seachas airgeadra tuairiscithe na hinstitiúide, is éard a bheidh sa mhéid barúlach coigeartaithe an ceann is mó de mhéideanna barúlacha an dá chuid d’íocaíocht tar éis na méideanna sin a thiontú go hairgeadra tuairiscithe na hinstitiúide de réir an spotráta malairte atá i réim;
   (c) maidir le hidirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacail cothromais nó ar an gcatagóir priacail tráchtearraí, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe trí phraghas margaidh aon aonad amháin de bhunionstraim an idirbhirt a iolrú faoi líon na n-aonad sa bhunionstraim atá faoi thagairt ag an idirbheart;

i gcás ina ndéantar idirbheart arna mhapáil ar an gcatagóir priacail cothromais nó ar an gcatagóir priacail tráchtearraí a shloinneadh, de réir conartha, mar mhéid barúlach, úsáidfidh institiúidí méid barúlach an idirbhirt seachas líon na n-aonad sa bhunionstraim, mar an méid barúlach coigeartaithe;

   (d) i gcás idirbhearta arna mapáil ar an gcatagóir priacal eile, ríomhfaidh institiúidí an méid barúlach coigeartaithe ar bhonn an mhodha is iomchuí i measc na modhanna a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c), ag brath ar chineál agus ar shaintréithe bhunionstraim an idirbhirt.
   2. Cinnfidh institiúidí méid barúlach nó líon aonad na bunionstraime chun críche méid barúlach coigeartaithe idirbhirt dá dtagraítear i mír 1 a ríomh mar leanas:
   (a) i gcás nach socraítear méid barúlach nó líon aonad bhunionstraim an idirbhirt go dtí a aibíocht chonarthach:
   (i) maidir le méideanna barúlacha cinnteachaíocha agus líon aonad cinnteachaíoch na bunionstraime, beidh an méid barúlach cothrom le meán ualaithe luachanna cinnteachaíocha mhéideanna barúlacha cinnteachaíocha agus líon aonad cinnteachaíoch na bunionstraime, de réir mar is infheidhme, go dtí aibíocht chonarthach an idirbhirt, nuair is ionann na hualuithe agus an cion den tréimhse ama a bhfuil feidhm ag gach luach méid bharúlaigh lena linn;
   (ii) maidir le méideanna barúlacha stocastach agus líon aonad stocastach na bunionstraime, beidh an méid barúlach cothrom leis an méid a chinntear trí mhargadhluachanna reatha a shocrú laistigh den fhoirmle lena ríomhtar margadhluachanna na todhchaí;

   (b) maidir le conarthaí le malartuithe iolracha an mhéid bharúlaigh, déanfar an méid barúlach a iolrú faoi líon na n-íocaíochtaí atá fágtha a bheidh fós le déanamh i gcomhréir leis na conarthaí;
   (c) i gcás conarthaí ina ndéantar foráil maidir le hiolrú íocaíochtaí na sreabh airgid nó maidir le hiolrú bhunionstraim an chonartha dhíorthaigh, coigeartóidh institiúid an méid barúlach chun iarmhairtí an iolrúcháin ar struchtúr priacail na gconarthaí sin a chur san áireamh.
   3. Tiontóidh institiúidí méid barúlach coigeartaithe idirbhirt go dtí a n-airgeadra tuairiscithe de réir an spotráta malairte atá i réim i gcás ina ríomhtar an méid barúlach coigeartaithe faoin Airteagal seo ar bhonn méid barúlach conarthach nó praghas margaidh líon aonad na bunionstraime ainmnithe in airgeadra eile.

Airteagal 279c

Fachtóir Aibíochta

   1. Ríomhfaidh institiúidí an fachtóir aibíochta ‘’mar leanas:
   (a) maidir le hidirbhearta a áirítear i dtacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(1), úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000028.png

nuair:

MF = an fachtóir aibíochta

M = aibíocht iarmhair an idirbhirt atá cothrom leis an tréimhse is gá chun oibleagáidí conarthacha uile an idirbhirt a fhoirceannadh; chun na críche sin, measfar gur oibleagáid chonarthach í aon roghnaíocht a ghabhann le conradh díorthach; sloinnfear an aibíocht iarmhair i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre;

i gcás ina bhfuil conradh díorthach eile ag idirbheart mar bhunionstraim a d’fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha an idirbhirt, beidh aibíocht iarmhair an idirbhirt cothrom leis an tréimhse is gá chun oibleagáidí conarthacha uile na bunionstraime a fhoirceannadh;

i gcás idirbheart atá struchtúraithe chun risíocht gan íoc a shocrú tar éis dátaí íocaíochta sonraithe agus i gcás inar athshocraíodh na téarmaí sa chaoi gur nialas é margadhluach an idirbhirt ar na dátaí sonraithe sin, beidh aibíocht iarmhair an idirbhirt cothrom leis an tréimhse go dtí an chéad dáta athshocraithe eile; agus

OneBusinessYear = bliain amháin arna sloinneadh i laethanta oibre ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre;

   (b) maidir le hidirbhearta a áirítear sna tacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(2) agus (3), sainmhínítear an fachtóir aibíochta mar a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000029.png

nuair:

MF = an fachtóir aibíochta;

MPOR = an tréimhse corrlaigh faoi phriacal a ghabhann le tacar glanluachála arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 285(2) go (5); agus

OneBusinessYear = bliain amháin arna sloinneadh i laethanta gnó agus leas á bhaint as an gcoinbhinsiún ábhartha maidir le lá gnó

Agus an tréimhse corrlaigh faoi phriacail d’idirbhearta idir cliant agus comhalta imréitigh á cinneadh aici, cuirfidh an institiúid ag gníomhú di mar an cliant nó mar an comhalta imréitigh, cuirfidh sí cúig lá oibre in ionad na híostréimhse a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 285(2).

   2. Chun críche mhír 1, beidh an aibíocht iarmhair cothrom leis an tréimhse go dtí an chéad dáta athshocraithe eile i gcás idirbhearta a bhfuil struchtúr acu chun risíocht gan íoc a shocrú tar éis dátaí íocaíochta sonraithe agus i gcás ina n‑athshocraítear na téarmaí le go mbeidh margadhluach nialasach ag an gconradh ar na dátaí sonraithe sin.

Airteagal 280

Comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin

Chun críche an forlíontán tacair fálúcháin dá dtagraítear in Airteagal 280a go hAirteagal 280f a ríomh, is éard a bheidh i gcomhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin ‘ϵ’:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000030.png

Airteagal 280a

Forlíontán na catagóire priacail ráta úis

   1. Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail ráta úis le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000031.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000032.png = forlíontán na catagóire priacail ráta úis;

j = an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin priacail ráta úis uile arna socrú i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000033.png = forlíontán thacar fálúcháin ‘j’ de chuid na catagóire priacail ráta úis arna ríomh i gcomhréir le mír 2.

   2. Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do thacar fálúcháin ‘j’ den chatagóir priacail ráta úis mar a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000034.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000035.png = comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin ‘j’ arna cinneadh i gcomhréir leis na luachanna is infheidhme a shonraítear in Airteagal 280;

SFIR = fachtóir maoirseachta na catagóire priacail ráta úis ag a bhfuil luach atá cothrom le 0.5 %; agus

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000036.png = méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin ‘j arna ríomh i gcomhréir le mír 3.

   3. Chun críche méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin ‘j’, a ríomh, déanfaidh institiúidí gach idirbheart den tacar fálúcháin a mhapáil ar an mbuicéad iomchuí i dTábla 2. Déanfaidh siad amhlaidh ar bhonn dháta deiridh gach idirbhirt arna chinneadh faoi phointe (a) d’Airteagal 279b(1):

Tábla 2

Buicéad

Dáta deiridh

(blianta)

1

>0 agus <=1

2

>1 agus <= 5

3

> 5

Déanfaidh institiúidí méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin ‘j’ a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000037.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000038.png = méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin ‘j’; agus

Dj,k = méid barúlach iarbhír bhuicéad ‘k de chuid thacar fálúcháin ‘j’ arna ríomh mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000039.png

nuair:

l = an t-innéacs lena gcuirtear an suíomh priacail in iúl.

Airteagal 280b

Forlíontán na catagóire priacail malairte eachtraí

   1. Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail malairte eachtraí le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000040.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000041.png = forlíontán na catagóire priacail malairte eachtraí;

j = an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin priacail malairte eachtraí arna socrú i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000042.png= forlíontán thacar fálúcháin ‘j’ de chuid na catagóire priacail malairte eachtraí arna ríomh i gcomhréir le mír 2.

   2. Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do thacar fálúcháin ‘j’ den chatagóir priacail malairte eachtraí mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000043.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000044.png = comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin ‘j’ arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280;

SFFX = fachtóir maoirseachta na catagóire priacail malairte eachtraí ag a bhfuil luach atá cothrom le 4 %;

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000045.png= méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin ‘j’ arna ríomh mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000046.png

nuair:

l = an t-innéacs lena gcuirtear an suíomh priacail in iúl.

Airteagal 280c

Forlíontán na catagóire priacail creidmheasa

   1. Chun críocha mhír 2, bunóidh institiúidí eintitis tagartha chreidmheasa ábhartha an tacair glanluachála i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
   (a) Beidh aon eintiteas tagartha creidmheasa ann do gach eisitheoir ionstraime fiachais tagartha a fholuíonn idirbheart aonainm arna leithdháileadh ar an gcatagóir priacail creidmheasa; sannfar idirbhearta aonainm don eintiteas tagartha creidmheasa céanna i gcás ina n-eisíonn an t-eisitheoir céanna bunionstraim fiachais tagartha na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin;
   (b) Beidh aon eintiteas tagartha creidmheasa ann do gach grúpa d’ionstraimí fiachais tagartha nó díorthaigh chreidmheasa aonainm a fholuíonn idirbheart il‑ainmneacha arna leithdháileadh ar an gcatagóir priacail creidmheasa; sannfar idirbhearta il-ainmneacha don eintiteas tagartha creidmheasa céanna i gcás ina bhfuil na comhpháirteanna céanna i ngach grúpa de bhunionstraimí fiachais tagartha nó i ndíorthaigh chreidmheasa aonainm na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin.
   2. Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail creidmheasa le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000047.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000048.png forlíontán na catagóire priacail creidmheasa;

j = an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin priacail creidmheasa uile arna socrú i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála. agus

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000049.png= an forlíontán do thacar fálúcháin ‘j’ den chatagóir priacail creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le mír 3.

   3. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin ‘j’ mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000050.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000051.png forlíontán na catagóire priacail creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin ‘j’

ϵj = comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin ‘j’ arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280;

k = an t-innéacs lena gcuirtear in iúl eintitis tagartha chreidmheasa an tacair glanluachála arna mbunú i gcomhréir le mír 1;

ρkCredit = fachtóir comhghaolúcháin eintiteas tagartha creidmheasa ‘k’; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha creidmheasa k i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, ρkCredit = 50 %, i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha creidmheasa k i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1, ρkCredit = 80 %; agus

AddOn(Entityk) = an forlíontán don eintiteas tagartha creidmheasa ‘k’ arna chinneadh i gcomhréir le mír 4.

   4. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintiteas tagartha creidmheasa ‘k’ mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000052.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000053.png = méid barúlach iarbhír eintiteas tagartha creidmheasa k arna ríomh mar a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000054.png

nuair:

l = an t-innéacs lena gcuirtear an suíomh priacail in iúl; agus

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000055.png= an fachtóir maoirseachta is infheidhme maidir le heintiteas tagartha creidmheasa k arna ríomh i gcomhréir le mír 5.

   5. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintiteas tagartha creidmheasa k mar a leanas:
   (a) maidir le heintiteas tagartha creidmheasa ‘k’ arna bhunú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, déanfar 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000056.pnga mhapáil ar cheann amháin de na sé fhachtóir maoirseachta a leagtar amach i dTábla 3 den mhír seo ar bhonn mheasúnú creidmheasa seachtrach arna dhéanamh ag IMCS ainmnithe de chuid an eisitheora aonair chomhfhreagraigh; maidir le heisitheoir aonair nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith:
   (i) institiúid a úsáideann an cur chuige dá dtagraítear i gCaibidil 3, déanfaidh sí rátáil inmheánach an eisitheora aonair a mhapáil ar cheann de na measúnuithe creidmheasa seachtracha;
   (ii) institiúid a úsáideann an cur chuige dá dtagraítear i gCaibidil 2, déanfaidh sí SFk,lCredit = 0,54 % a shannadh don eintiteas tagartha creidmheasa sin; i gcás ina gcuireann institiúid Airteagal 128 i bhfeidhm, áfach, chun risíochtaí priacail creidmheasa contrapháirtithe ar an eisitheoir aonair sin a ualú ó thaobh priacail, déanfar 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000057.png= 1,6 % a shannadh don eintiteas tagartha creidmheasa sin;
   (b) maidir le heintiteas tagartha creidmheasa k arna mbunú i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1:
   (i) I gcás inar innéacs creidmheasa, a liostaítear ar mhalartán aitheanta, é an suíomh priacaill arna shannadh d’eintiteas tagartha creidmheasa k, déanfar 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000058.pnga mhapáil ar cheann den dá fhachtóir maoirseachta a leagtar amach i dTábla 4 den mhír seo ar bhonn cháilíocht chreidmheasa fhormhór a chomhpháirteanna aonair;
   (ii) I gcás nach dtagraítear i bpointe (b)(i) do shuíomh priacail l arna shannadh d’eintiteas tagartha creidmheasa ‘k’, is éard a bheidh in 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000059.pngmeán ualaithe na bhfachtóirí maoirseachta arna mapáil ar gach comhpháirt i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i bpointe (a), nuair a shainmhínítear na hualuithe de réir chion mhéid barúlach na gcomhpháirteanna sa suíomh sin.

Tábla 3

Céim na cáilíochta creidmheasa

Fachtóir maoirseachta d’idirbhearta aonainm

1

0,38 %

2

0,42 %

3

0,54 %

4

1,06 %

5

1,6 %

6

6,0 %

Tábla 4

Cáilíocht chreidmheasa cheannasach

Fachtóir maoirseachta d’innéacsanna luaite

Grád infheistíochta

0,38 %

Grád neamhinfheistíochta

1,06 %

Airteagal 280d

Forlíontán na catagóire priacail cothromais

   1. Chun críocha mhír 2, bunóidh na hinstitiúidí eintitis tagartha chothromais ábhartha an tacair glanluachála i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
   (a) beidh aon eintiteas tagartha cothromais ann do gach eisitheoir ionstraime tagartha cothromais a fholuíonn idirbheart aonainm arna leithdháileadh ar an gcatagóir priacail cothromais; sannfar idirbhearta aonainm don eintiteas tagartha cothromais céanna i gcás ina n-eisíonn an t-eisitheoir céanna bunionstraim tagartha chothromais na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin;
   (b) beidh aon eintiteas tagartha cothromais ann do gach grúpa d’ionstraimí tagartha cothromais nó díorthaigh chothromais aonainm a fholuíonn idirbheart il‑ainmneacha arna leithdháileadh ar an gcatagóir priacail cothromais; sannfar idirbhearta il-ainmneacha don eintiteas tagartha cothromais céanna i gcás ina bhfuil na comhpháirteanna céanna i ngach grúpa de bhunionstraimí tagartha cothromais nó i ndíorthaigh chothromais aonainm na n-idirbheart sin, de réir mar is infheidhme, agus sa chás sin amháin.
   2. Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail cothromais le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000060.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000061.png forlíontán na catagóire priacail cothromais;

j = an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin priacail cothromais uile arna socrú i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000062.png = an forlíontán do thacar fálúcháin ‘j’ den chatagóir priacail creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le mír 3.

   3. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail cothromais le haghaidh thacar fálúcháin ‘j’ mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000063.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000064.png = an forlíontán do thacar fálúcháin ‘j’ den chatagóir priacail creidmheasa

ϵj = comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin ‘j’ arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280;

k = an t-innéacs lena gcuirtear in iúl eintitis tagartha chothromais an tacair glanluachála arna mbunú i gcomhréir le mír 1;

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000065.png = fachtóir comhghaolúcháin eintiteas tagartha cothromais k; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha cothromais k i gcomhréir le mír 1(a), ρkEquity =50 %; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha cothromais k i gcomhréir le pointe (b) de mhír 120190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000066.png=80 %; agus

AddOn(Entityk) = an forlíontán don eintiteas tagartha creidmheasa ‘k’ arna chinneadh i gcomhréir le mír 4.

   4. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintitis tagartha cothromais ‘k’ mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000067.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000068.png an forlíontán eintitis tagartha cothromais k;

SFkEquity = an fachtóir maoirseachta is infheidhme maidir le heintiteas tagartha cothromais k; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha cothromais k i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, SFkEquity = 32 %; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha cothromais ‘k’ i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1, SFkEquity = 20 %; agus

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000069.png = méid barúlach iarbhír eintiteas tagartha cothromais ‘k’ arna ríomh mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000070.png

nuair:

l = an t-innéacs lena gcuirtear an suíomh priacail in iúl.

Airteagal 280e

Forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí

   1. Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000071.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000072.png forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí;

j = an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin tráchtearraí arna socrú i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000073.png = an forlíontán do thacar fálúcháin ‘j’ den chatagóir priacail tráchtearraí arna ríomh i gcomhréir le mír 4.

   2. Chun críche forlíontán tacair fálúcháin tráchtearraí do thacar glanluachála áirithe a ríomh i gcomhréir le mír 4, bunóidh institiúidí na cineálacha tagartha tráchtearraí do gach tacar fálúcháin. Sannfar idirbhearta díorthach tráchtearraí don chineál tagartha tráchtearraí céanna i gcás inarb ionann nádúr do bhunionstraim tráchtearraí na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin, beag beann ar shuíomh seachadta na hionstraime tráchtearraí agus ar cháilíocht na hionstraime tráchtearraí sin.
   3. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla a chur de cheangal ar institiúid a bhfuil risíocht mhór aici ar an mbunphriacal a bhaineann le suíomhanna éagsúla inarb ionann nádúr na suíomhanna féin agus dá dtagraítear i mír 2 chun na cineálacha tagartha tráchtearraí do na suíomhanna sin a shuí agus níos mó saintréithe a úsáid seachas nádúr na bunionstraime tráchtearraí amháin. I gcás mar sin, sannfar idirbhearta díorthach tráchtearraí don chineál tagartha tráchtearraí céanna i gcás inarb ionann na saintréithe sin, agus sa chás sin amháin.

   4. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin j mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000074.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000075.png forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin j;

ϵj = comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin j arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280;

ρCom = fachtóir comhghaolúcháin na catagóire priacail tráchtearraí ag a bhfuil luach atá cothrom le 40 %;

k = an t-innéacs lena gcuirtear in iúl cineálacha tagartha tráchtearraí an tacair glanluachála arna mbunú i gcomhréir le mír 2; agus

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000076.png = forlíontán chineál tagartha tráchtearraí k arna ríomh i gcomhréir le mír 5.

   5. Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do chineál tagartha tráchtearraí k mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000077.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000078.png an forlíontán do chineál tagartha tráchtearraí ‘k’;

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000079.png= an fachtóir maoirseachta is infheidhme maidir le cineál tagartha tráchtearraík; i gcás ina gcomhfhreagraíonn cineál tagartha tráchtearraí ‘k’ d’idirbhearta arna leithdháileadh ar an tacar fálúcháin dá dtagraítear i bpointe (e)(i) d’Airteagal 277a(1), cé is moite d’idirbhearta a bhaineann le leictreachas, SFkCom = 18 %; d’idirbhearta a bhaineann le leictreachas, SFkCom = 40 %; agus

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000080.png = méid barúlach iarbhír chineál tagartha tráchtearraí k arna ríomh mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000081.png

nuair:

l = an t-innéacs lena gcuirtear an suíomh priacail in iúl.

Airteagal 280f

Forlíontán na catagóire priacail eile

   1. Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail eile le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000082.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000083.png forlíontán na catagóire priacail eile;

j = an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin priacail eile arna socrú i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála; agus

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000084.png = forlíontán na catagóire priacail eile le haghaidh thacar fálúcháin j arna ríomh i gcomhréir le mír 2.

   2. Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire priacail eile le haghaidh thacar fálúcháin ‘j’ mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000085.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000086.png forlíontán na catagóire priacail eile le haghaidh thacar fálúcháin j;

ϵj = comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin ‘j’ arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280; agus

SFOther = fachtóir maoirseachta na catagóire priacail eile ag a bhfuil luach atá cothrom le 8 %;

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000087.png= méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin j arna ríomh mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000088.png

nuair:

l = an t-innéacs lena gcuirtear an suíomh priacail in iúl”.

Roinn 4

Cur chuige caighdeánaithe simplithe le haghaidh priacal creidmheasa contrapháirtí

Airteagal 281

Luach na risíochta a ríomh

   1. Ríomhfaidh institiúidí luach risíochta aonair ar leibhéal an tacair glanluachála i gcomhréir le Roinn 3, faoi réir mhír 2 den Airteagal seo.
   2. Ríomhfar luach risíochta tacair glanluachála i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
   (a) ní chuirfidh institiúidí an láimhseáil dá dtagraítear in Airteagal 274(6) i bhfeidhm;
   (b) de mhaolú ar Airteagal 275(1), maidir le tacair ghlanluachála nach dtagraítear dóibh in Airteagal 275(2), ríomhfaidh institiúidí an costas athsholáthair i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000089.png

nuair:

RC = an costas athsholáthair; agus

CMV = an margadhluach reatha.

   (c) de mhaolú ar Airteagal 275(2) den Rialachán seo, maidir le tacair ghlanluachála na n-idirbheart: a thrádáiltear ar mhalartán aitheanta; a imréitíonn contrapháirtí lárnach ar bhonn lárnach, ar contrapháirtí é a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin; nó a malartaítear comhthaobhacht ina leith ar bhonn déthaobhach leis an gcontrapháirtí i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, maidir leo sin ar fad ríomhfaidh institiúidí an costas athsholáthair i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000090.png

nuair atá:

RC = an costas athsholáthair;

TH = an tairseach corrlaigh is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh, ar tairseach í faoina mbeadh cosc ar an institiúid glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht; agus

MTA = íosmhéid an aistrithe is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh;

   (d) de mhaolú ar Airteagal 275(3), maidir le tacair ghlanluachála iolracha atá faoi réir comhaontú corrlaigh, ríomhfaidh institiúidí an costas athsholáthair mar shuim chostas athsholáthair gach tacair glanluachála aonair, arna ríomh sin i gcomhréir le mír 1 amhail agus nach raibh siad faoi chumhdach corrlaigh;
   (e) bunófar gach tacar fálúcháin i gcomhréir le hAirteagal 277a(1);
   (f) socróidh institiúidí ag 1 an t-iolraitheoir san fhoirmle a úsáidtear chun an risíocht fhéideartha thodhchaíoch in Airteagal 278(1) a ríomh, mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000091.png

nuair:

PFE = an risíocht fhéideartha thodhchaíoch; agus

AddOn(a) = an forlíontán do chatagóir phriacail a;

   (g) de mhaolú ar Airteagal 279a(1), maidir le gach idirbheart, ríomhfaidh institiúidí an deilte mhaoirseachta mar leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000092.png

nuair:

δ = an deilte mhaoirseachta;

   (h) mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 279b(1) a úsáidtear chun fachtóir na marthanachta maoirseachta a ríomh:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000093.png

nuair:

E = an tréimhse idir dáta deiridh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe; agus

S = an tréimhse idir dáta tosaigh idirbhirt agus an dáta tuairiscithe;

   (i) déanfar an fachtóir aibíochta dá dtagraítear in Airteagal 279c(1) a ríomh mar leanas:
   (i) maidir le hidirbhearta a áirítear sna tacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(1), MF = 1;
   (ii) maidir le hidirbhearta a áirítear sna tacair ghlanluachála dá dtagraítear in Airteagal 275(2) agus (3), MF=0,42;
   (j) mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 280a(3) a úsáidtear chun méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin 'j' a ríomh:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000094.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000095.png = méid barúlach iarbhír thacar fálúcháin 'j' agus

Dj,k, = méid barúlach iarbhír bhuicéad k de thacar fálúcháin 'j'

   (k) mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear ina Airteagal 280c(3) a úsáidtear chun forlíontán na catagóire priacail creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin 'j' a ríomh:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000096.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000097.png = forlíontán na catagóire priacail creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin 'j'; agus

AddOn(Entityk) = forlíontán an eintitis thagartha creidmheasa k;

   (l) mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 280d(3) a úsáidtear chun forlíontán na catagóire priacail cothromais le haghaidh thacar fálúcháin 'j' a ríomh:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000098.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000099.png forlíontán na catagóire priacail cothromais le haghaidh thacar fálúcháin 'j' agus

AddOn(Entityk) = forlíontán an eintitis thagartha creidmheasa k;

   (m) mar seo a leanas a bheidh an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 280e(4) a úsáidtear chun forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin 'j' a ríomh:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000100.png

nuair:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000101.png forlíontán na catagóire priacail tráchtearraí le haghaidh thacar fálúcháin 'j' agus

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000102.png = forlíontán na tagartha tráchtearraí de chineál k.

Roinn 5

Modh na risíochta tosaigh

Airteagal 282

Luach na risíochta a ríomh

   1. Féadfaidh institiúidí luach risíochta aonair a ríomh le haghaidh na n-idirbheart uile atá mar chuid de chomhaontú glanluachála conarthach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 274(1). In aon chás eile, ríomhfaidh institiúidí luach risíochta go leithleach le haghaidh gach idirbhirt, agus láimhseálfar gach idirbheart mar a thacar glanluachála féin.
   2. Is éard a bheidh i luach risíochta tacair glanluachála nó idirbhirt 1,4 uair shuim an chostais reatha athsholáthair agus na risíochta féideartha todhchaíche.
   3. Déanfar an costas reatha athsholáthair dá dtagraítear i mír 2 a ríomh mar leanas:
   (a) maidir le tacair ghlanluachála na n-idirbheart: a thrádáiltear ar mhalartán aitheanta; a imréitíonn contrapháirtí lárnach ar bhonn lárnach, ar contrapháirtí é a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin; nó a malartaítear comhthaobhacht ina leith ar bhonn déthaobhach leis an gcontrapháirtí i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, maidir leo sin ar fad úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000103.png

nuair:

RC = an costas athsholáthair;

TH = an tairseach corrlaigh is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh, ar tairseach í faoina mbeadh cosc ar an institiúid glao a dhéanamh ar chomhthaobhacht; agus

MTA = íosmhéid an aistrithe is infheidhme maidir leis an tacar glanluachála faoin gcomhaontú corrlaigh;

   (b) maidir leis na tacair ghlanluachála eile nó na hidirbhearta aonair eile, úsáidfidh institiúidí an fhoirmle seo a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000104.png

nuair:

RC = an costas athsholáthair; agus

CMV = an margadhluach reatha.

D'fhonn an costas reatha athsholáthair a ríomh, tabharfaidh institiúidí na luachanna margaidh reatha cothrom le dáta ar bhonn míosúil ar a laghad.

   4. Déanfaidh institiúidí an risíocht fhéideartha thodhchaíoch dá dtagraítear i mír 2 a ríomh mar leanas:
   (a) is éard is risíocht fhéideartha thodhchaíoch tacair glanluachála ann suim risíocht fhéideartha thodhchaíoch na n-idirbheart uile a áirítear sa tacar glanluachála, arna ríomh i gcomhréir le pointe (b);
   (b) is éard is risíocht fhéideartha thodhchaíoch idirbhirt aonair ann a mhéid barúlach arna iolrú faoin méid seo a leanas:
   (i) toradh 0,5 % agus aibíocht iarmhair an idirbhirt arna sloinneadh i mblianta le haghaidh conarthaí díorthach rátaí úis;
   (ii) toradh 6 % agus aibíocht iarmhair an idirbhirt arna sloinneadh i mblianta le haghaidh conarthaí díorthach creidmheasa;
   (iii) 4 % le haghaidh díorthach malairte eachtraí;
   (iv) 18 % le haghaidh díorthach óir agus tráchtearraí seachas díorthaigh leictreachais;
   (v) 40 % le haghaidh díorthach leictreachais ;
   (vi) 32 % le haghaidh díorthach cothromais;
   (c) déanfar an méid barúlach dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a chinneadh i gcomhréir le pointe (2) agus (3) d'Airteagal 279(b) maidir le gach díorthach a liostaítear sa phointe sin; ina theannta sin, déanfar méid barúlach na ndíorthach dá dtagraítear i bpointí (b)(iii) go (b)(vi) den mhír seo a chinneadh i gcomhréir le pointí (b) agus (c) d'Airteagal 279b(1);
   (d) déanfar risíocht fhéideartha thodhchaíoch na dtacar glanluachála dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 a iolrú faoi 0,42.

Chun risíocht fhéideartha díorthach rátaí úis agus díorthach creidmheasa i gcomhréir le pointe b(i) agus (ii), féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh an aibíocht bunaidh a úsáid in áit aibíocht iarmhair na gconarthaí.”;

"

(75)  in Airteagal 283, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

“4. Maidir le gach idirbheart díorthach thar an gcuntar, agus maidir le hidirbhearta socraíochta iarchurtha nach bhfuil cead faighte ag institiúid an IMM a úsáid ina leith faoi mhír 1, bainfidh an institiúid úsáid as na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 ▌. Féadfar na modhanna sin a úsáid i dteaglaim ar bhonn buan laistigh de ghrúpa.”;

"

(76)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 298:"

“Airteagal 298

Na héifeachtaí a bhaineann le glanluacháil mar rud a laghdaíonn priacal a aithint

Déanfar glanluacháil chun críocha Roinn 3 go Roinn 6 a aithint mar a leagtar amach sna Ranna sin.”;

"

(77)  in Airteagal 299(2), scriostar pointe (a);

(78)  Leasaítear Airteagal 300 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:"

“Chun críocha na Roinne seo agus Chuid a Seacht, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:ˮ;

"

(b)  cuirtear isteach na pointí seo a leanas:"

“(5) ciallaíonn “idirbheart airgid” idirbheart in airgead tirim, ionstraimí fiachais nó cothromais, spot-idirbheart malairte eachtraí nó spot-idirbheart tráchtearraí; ach ní idirbhearta airgid iad idirbhearta athcheannaigh agus idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí;

   (6) ciallaíonn “socrú imréitigh indíreach” socrú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
   (7) ciallaíonn “cliant ar leibhéal níos airde” eintiteas a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil do chliant ar leibhéal níos ísle;
   (8) ciallaíonn “cliant ar leibhéal níos ísle” eintiteas a bhfuil rochtain ar sheirbhísí contrapháirtí lárnaigh á fáil aige trí bhíthin cliant ar leibhéal níos airde;
   (9) ciallaíonn “struchtúr cliant il-leibhéil” socrú imréitigh indíreach faoina gcuireann eintiteas nach comhalta imréitigh é ach ar cliant de chuid comhalta imréitigh nó de chuid cliant ar leibhéal níos airde é, faoina gcuireann sé seirbhísí imréitigh ar fáil d'institiúid;
   (10) ciallaíonn “ranníocaíocht neamhchistithe le ciste mainneachtana” ranníocaíocht a gheallann institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh go conarthach a sholáthar do chontrapháirtí lárnach tar éis don chontrapháirtí lárnach a chiste mainneachtana a ídiú chun caillteanais a chumhdach a thabhaigh sé tar éis mainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí imréitigh;
   (11) ciallaíonn “idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith taiscí lánráthaithe” idirbheart margaidh i leith airgead lánchomhthaobhaithe ina malartaíonn beirt chontrapháirtithe taiscí le chéile agus ina n-idirchuireann contrapháirtí é féin eatarthu chun comhlíonadh oibleagáidí íocaíochta na gcontrapháirtithe sin a áirithiú.ˮ;

"

(79)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 301:"

“Airteagal 301

Raon feidhme ábhartha

   1. Baineann an Roinn seo leis na conarthaí agus na hidirbhearta seo a leanas fad agus atá siad gan réiteach le contrapháirtí lárnach:
   (a) na conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;
   (b) idirbhearta um maoiniú urrús agus idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith taiscí lánráthaithe; agus
   (c) idirbhearta socraíochta iarchurtha.

Níl feidhm ag an Roinn seo maidir le risíochtaí a thagann as socraíocht idirbheart airgid. Cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar síos i dTeideal V i bhfeidhm ar risíochtaí trádála a thagann as na hidirbhearta sin agus cuirfidh siad ualú priacail 0 % i bhfeidhm ar na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana a chumhdaíonn na hidirbhearta réamhráite agus iad sin amháin. Cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar síos in Airteagal 307 i bhfeidhm ar na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana a chumhdaíonn aon cheann de na conarthaí a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo sa bhreis ar idirbhearta airgid.

   2. Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
   (a) ní áireofar sa chorrlach tosaigh ranníocaíochtaí le contrapháirtí lárnach le haghaidh socruithe roinnte caillteanas;
   (b) áireofar sa chorrlach tosaigh comhthaobhacht arna taisceadh ag institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh nó ag cliant sa bhreis ar an íosmhéid a theastaíonn ón gcontrapháirtí lárnach nó ón institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh faoi seach, ar choinníoll go bhféadfaidh an contrapháirtí lárnach sin nó an institiúid sin, nuair is iomchuí, cosc a chur ar an institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh nó ar an gcliant an chomhthaobhacht bhreise sin a aistarraingt;
   (c) i gcás ina n-úsáideann contrapháirtí lárnach corrlach tosaigh chun caillteanais a fhrithpháirtiú i measc a chomhaltaí imréitigh, féadfaidh institiúidí a ghníomhaíonn mar chomhaltaí imréitigh an corrlach tosaigh sin a láimhseáil mar ranníocaíocht le ciste mainneachtana.ˮ;

"

(80)  in Airteagal 302, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

“2. Maidir le leibhéal na gcistí dílse atá á sealbhú i gcoinne risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach, lena náirítear risíochtaí féideartha todhchaíocha nó risíochtaí creidmheasa teagmhasacha, risíochtaí ar ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana agus, nuair atá an institiúid ag gníomhú mar chomhalta imréitigh, risíochtaí ar toradh iad ar shocruithe conarthacha a leagtar síos in Airteagal 304, déanfaidh institiúidí a mheas, trí anailís iomchuí ar chnámha an scéil a dhéanamh agus trí bhearta tástála struis, an leor iad le cois na priacail is gné dhílis de na risíochtaí sin.ˮ;

"

(81)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 303:"

“Airteagal 303

Risíochtaí na gcomhaltaí imréitigh ar chontrapháirtithe lárnacha a láimhseáil

   1. I gcás ina bhfuil institiúid ag gníomhú mar chomhalta imréitigh, chun a críocha féin nó mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach, ríomhfaidh sí na ceanglais cistí dílse dá risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach mar leanas:
   (a) cuirfidh sí an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 306 i bhfeidhm ar a risíochtaí trádála ar an gcontrapháirtí lárnach;
   (b) cuirfidh sí an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 307 i bhfeidhm ar a ranníocaíochtaí ciste mainneachtana leis an gcontrapháirtí lárnach.
   2. Chun críocha mhír 1, beidh suim ceanglas cistí dílse institiúide le haghaidh a risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach cáilitheach i ngeall ar risíochtaí trádála agus ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana, beidh sí faoi réir uasteorainn atá cothrom le suim na gceanglas cistí dílse a chuirfí i bhfeidhm ar na risíochtaí céanna sin dá mba chontrapháirtí lárnach neamhcháilitheach é an contrapháirtí lárnach.ˮ;

"

(82)  leasaítear Airteagal 304 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh, agus sa cháil sin, a ghníomhaíonn mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach, déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse a ríomh do na hidirbhearta sin dá chuid a bhaineann le contrapháirtí lárnach leis an gcliant sin i gcomhréir le Roinn 1 go Roinn 8 den Chaibidil seo, le Roinn 4 de Chaibidil 4 den Teideal seo agus le Teideal VI, de réir mar is infheidhme.”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3, mhír 4 agus mhír 5:"

“3. I gcás ina n-úsáideann institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó i Roinn 6 den Chaibidil seo chun a ceanglais cistí dílse le haghaidh a risíochtaí a ríomh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

   (a) de mhaolú ar Airteagal 285(2), féadfaidh an institiúid leas a bhaint as tréimhse corrlaigh faoi phriacail a mhairfidh cúig lá oibre ar a laghad le haghaidh a risíochtaí ar chliant;
   (b) cuirfidh an institiúid tréimhse corrlaigh faoi phriacail i bhfeidhm a mhairfidh 10 lá oibre ar a laghad le haghaidh a risíochtaí ar chontrapháirtí lárnach;
   (c) de mhaolú ar Airteagal 285(3), i gcás ina gcomhlíonann tacar glanluachála atá ar áireamh sa ríomh na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) den mhír sin, féadfaidh an institiúid neamhaird a thabhairt ar an teorainn a leagtar amach sa phointe sin, ar choinníoll nach gcomhlíonann an tacar glanluachála an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) den mhír sin agus nach bhfuil aon trádálacha ná céadroghanna coimhthíocha iontu ar ábhar díospóide iad;
   (d) i gcás ina gcoimeádann contrapháirtí lárnach corrlach athrúcháin i gcoinne idirbhirt agus nach ndéantar comhthaobhacht na hinstitiúide a chosaint ar dhócmhainneacht an chontrapháirtí lárnaigh, cuirfidh an institiúid tréimhse corrlaigh priacail i bhfeidhm arb ionann í agus aon bhliain amháin nó aibíocht iarmhair an idirbhirt, cibé acu is ísle, agus íosráta 10 lá gnó i gceist.
   4. De mhaolú ar phointe (i) d'Airteagal 281(2), i gcás ina n-úsáideann institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh na modhanna a leagtar amach i Roinn 4 chun a ceanglais cistí dílse le haghaidh a risíochtaí maidir le cliant a ríomh, féadfaidh an institiúid fachtóir aibíochta 0,21 a úsáid le haghaidh a ríomha.
   5. De mhaolú ar phointe (d) d'Airteagal 282(4), i gcás ina n-úsáideann institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh na modhanna a leagtar amach i Roinn 5 chun a ceanglais cistí dílse le haghaidh a risíochtaí a ríomh, féadfaidh an institiúid sin fachtóir aibíochta 0,21 a úsáid le haghaidh an ríomha sin.”;

"

(c)  cuirtear na míreanna seo a leanas leis:"

“6. Féadfaidh institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh úsáid a dhéanamh den risíocht laghdaithe tráth na mainneachtana a thagann as na ríomhanna a leagtar amach i mír 3, i mír 4 agus i mír 5 chun críocha a gceanglais cistí dílse le haghaidh priacal CVA a ríomh i gcomhréir le Teideal VI.

   7. Institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh a bhailíonn comhthaobhacht ó chliant d'idirbheart a bhaineann le contrapháirtí lárnach agus a chuireann an chomhthaobhacht ar aghaidh chuig an gcontrapháirtí lárnach, féadfaidh sí an chomhthaobhacht sin a aithint chun a risíocht ar an gcliant a laghdú i dtaca leis an idirbheart sin a bhaineann le contrapháirtí lárnach.

I gcás struchtúr cliant il-leibhéil, féadfar an láimhseáil a leagtar amach sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den struchtúr sin.ˮ;

"

(83)  Leasaítear Airteagal 305 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Ríomhfaidh institiúid ar cliant í na ceanglais cistí dílse do na hidirbhearta dá cuid a bhaineann le contrapháirtí lárnach lena comhalta imréitigh i gcomhréir le Roinn 1 go Roinn 8 den Chaibidil seo, le Roinn 4 de Chaibidil 4 den Teideal seo agus le Teideal VI, de réir mar is infheidhme.”;

"

(b)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

“ (c) tá athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag an gcliant, ar athbhreithniú é atá cothrom le dáta, a chruthaíonn go bhfuil na socruithe lena n-áirithítear comhlíonadh an choinníll atá leagtha amach i bpointe (b), go bhfuil siad dlíthiúil, bailí, ceangailteach agus infhorfheidhmithe faoi dhlíthe ábhartha na dlínse nó na ndlínsí ábhartha;”;

"

(c)  cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 2:"

“I gcás ina ndéanann an institiúid measúnú ar an gcaoi a bhfuil an coinníoll i bpointe (b) den chéad fhomhír á chomhlíonadh aici, féadfaidh institiúid aon fhasaigh shoiléire i ndáil le haistrithe suíomhanna cliant agus le comhthaobhacht chomhfhreagrach chuig contrapháirtí lárnach a chur san áireamh, maille le haon rún sa tionscal leanúint den chleachtas seo.”;

"

(d)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:"

“3. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás nach gcomhlíonann institiúid ar cliant í an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) den mhír sin toisc nach gcosnaítear an institiúid sin ar chaillteanais i gcás ina gcómhainneachtaíonn an comhalta imréitigh agus cliant eile de chuid an chomhalta imréitigh, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha uile eile a leagtar amach i bpointí (a) go (d) den mhír sin á gcomhlíonadh, féadfaidh an institiúid na ceanglais cistí dílse dá risíochtaí trádála ar idirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach lena comhalta imréitigh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 306, faoi réir ualú priacail 4 % a chur in ionad an ualaithe phriacail 2 % a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 306(1).

   4. I gcás struchtúr cliant il-leibhéil, ní fhéadfaidh institiúid ar cliant ar leibhéal níos ísle í a bhfuil rochtain ar sheirbhísí contrapháirtí lárnaigh á fáil aici trí bhíthin cliant ar leibhéal níos airde, ní fhéadfaidh sí an láimhseáil a leagtar amach i mír 2 nó i mír 3 a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach iontu ar gach leibhéal den struchtúr sin.ˮ;

"

(84)  leasaítear Airteagal 306 mar a leanas:

(a)  leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

“(c) i gcás ina bhfuil institiúid ag gníomhú mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach agus go bhforálann téarmaí an idirbhirt a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach nach bhfuil sé de cheangal ar an institiúid an cliant a aisíoc as aon chaillteanas a bhain dó de thoradh athruithe ar luach an idirbhirt sin má mhainníonn an contrapháirtí lárnach, féadfaidh an institiúid sin luach risíochta na risíochta trádála ar an gcontrapháirtí lárnach a chomhfhreagraíonn don idirbheart sin a bhaineann le contrapháirtí lárnach, féadfaidh sí an luach sin a shocrú ag nialas;”;

"

(ii)  cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

“(d) i gcás ina bhfuil institiúid ag gníomhú mar idirghabhálaí airgeadais idir cliant agus contrapháirtí lárnach, agus go bhforálann téarmaí an idirbhirt a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach go bhfuil sé de cheangal ar an institiúid an cliant a aisíoc as aon chaillteanas a bhain dó de thoradh athruithe ar luach an idirbhirt sin má mhainníonn an contrapháirtí lárnach, féadfaidh an institiúid sin an láimhseáil i bpointe (a) nó i bpointe (b), de réir mar is infheidhme, a chur i bhfeidhm ar an risíocht trádála ar an gcontrapháirtí lárnach a chomhfhreagraíonn don idirbheart sin a bhaineann le contrapháirtí lárnach.”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:"

“2. De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil sócmhainní a bhreactar mar chomhthaobhacht do chontrapháirtí lárnach nó do chomhalta imréitigh neamhbhainteach le féimheacht i gcás ina n-éireoidh an contrapháirtí lárnach, an comhalta imréitigh nó duine amháin nó níos mó de na cliaint eile dócmhainneach, féadfaidh institiúid luach risíochta nialais a shannadh do risíochtaí priacail creidmheasa contrapháirtithe maidir leis na sócmhainní sin.

   3. Ríomhfaidh institiúid luachanna risíochta a risíochtaí trádála ar chontrapháirtí lárnach i gcomhréir le Roinn 1 go Roinn 8 den Chaibidil seo, agus le Roinn 4 de Chaibidil 4, de réir mar is infheidhme.”;

"

(85)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 307:"

“Airteagal 307

Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh

Cuirfidh institiúid a ghníomhaíonn mar chomhalta imréitigh an láimhseáil seo a leanas i bhfeidhm ar a risíochtaí a thagann as a ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh:

   (a) ríomhfaidh sí an ceanglas cistí dílse dá ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 308;
   (b) ríomhfaidh sí an ceanglas cistí dílse dá ranníocaíochtaí réamhchistithe agus neamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 309;
   (c) ríomhfaidh sí an ceanglas cistí dílse dá ranníocaíochtaí neamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh i gcomhréir leis an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 310.ˮ;

"

(86)  leasaítear Airteagal 308 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:"

“2. Is mar seo a leanas a ríomhfaidh institiúid an ceanglas cistí dílse chun an risíocht a thagann as a ranníocaíocht réamhchistithe a chumhdach:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000105.png

nuair atá:

Ki = an ceanglas cistí dílse;

i = an t-innéacs lena gcuirtear an comhalta imréitigh in iúl;

KCCP = caipiteal hipitéiseach an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh a chuireann an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

DFi = an ranníocaíocht réamhchistithe;

DFCCP = acmhainní airgeadais réamhchistithe an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh a chuireann an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; agus

DFCM = suim ranníocaíochtaí réamhchistithe chomhaltaí imréitigh uile an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh a chuireann an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

   3. Déanfaidh institiúid méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh maidir le risíochtaí a thagann as ranníocaíocht réamhchistithe na hinstitiúide sin le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh chun críocha Airteagal 92(3) mar an ceanglas cistí dílse, arna ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo arna iolrú faoi 12,5.ˮ;

"

(b)  scriostar mír 4 agus mír 5;

(87)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 309, Airteagal 310 agus Airteagal 311:"

“Airteagal 309

Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh agus le ranníocaíochtaí neamhchistithe le contrapháirtí lárnach neamhcháilitheach

   1. Cuirfidh institiúid an fhoirmle seo a leanas i bhfeidhm chun an ceanglas cistí dílse a ríomh maidir leis na risíochtaí a thagann as a ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh agus as ranníocaíochtaí neamhchistithe le contrapháirtí lárnach den sórt sin:

K=DF+UC

nuair:

K = na ceanglais cistí dílse;

DF = ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh; agus

UC = ranníocaíochtaí neamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh.

   2. Déanfaidh institiúid méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh maidir le risíochtaí a thagann as ranníocaíocht na hinstitiúide sin le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh neamhcháilithigh chun críocha Airteagal 92(3) mar an ceanglas cistí dílse, arna ríomh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, arna iolrú faoi 12,5.ˮ;

Airteagal 310

Ceanglais cistí dílse maidir le ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh

Cuirfidh institiúid ualú priacail 0 % i bhfeidhm ar a ranníocaíochtaí neamhchistithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh cháilithigh.

Airteagal 311

Ceanglais cistí dílse do risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha nach gcomhlíonann coinníollacha áirithe a thuilleadh

   1. Cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach san Airteagal seo i bhfeidhm i gcás inar tháinig siad de bheith ar an eolas, tar éis fógra poiblí nó fógra ó údarás inniúil contrapháirtí lárnaigh a úsáideann na hinstitiúidí nó ón gcontrapháirtí lárnach féin, nach gcomhlíonfaidh an contrapháirtí lárnach na coinníollacha maidir le húdarú nó le haitheantas, de réir mar is infheidhme, a thuilleadh.
   2. I gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i mír 1, déanfaidh institiúidí, laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfuil a fhios acu faoin imthoisc dá dtagraítear sa mhír sin nó níos luaithe i gcás ina n-éilíonn údaráis inniúla na n-institiúidí sin é, déanfaidh siad an méid seo a leanas i ndáil lena risíochtaí ar an gcontrapháirtí lárnach sin:
   (a) cuirfidh siad an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 306(1) i bhfeidhm ar a risíochtaí trádála ar an gcontrapháirtí lárnach sin;
   (b) cuirfidh siad an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 309 i bhfeidhm ar a ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh sin agus ar a ranníocaíochtaí neamhchistithe leis an gcontrapháirtí lárnach sin;
   (c) déanfaidh siad a risíochtaí ar an gcontrapháirtí lárnach sin seachas iad sin a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin a láimhseáil mar risíochtaí ar eintiteas corparáideach i gcomhréir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe maidir le priacalcreidmheasa i gCaibidil 2.ˮ;

"

(88)  in Airteagal 316(1), cuirtear an fhomhír seo leanas isteach:"

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh institiúidí a roghnú gan na catagóirí cuntasaíochta don chuntas brabúis agus caillteanais faoi Airteagal 27 de Threoir 86/635/CEE a chur i bhfeidhm maidir le léasanna airgeadais agus oibriúcháin chun críocha an táscaire ábhartha a ríomh agus féadfaidh siad na nithe seo a leanas a chur san áireamh ina n-ionad:

   (a) ioncaim úis ó léasanna airgeadais agus oibriúcháin agus brabúis ó shócmhainní léasaithe isteach sa chatagóir dá dtagraítear i bpointe 1 de Thábla 1;
   (b) úschostas ó léasanna airgeadais agus oibriúcháin, caillteanais, dímheas agus lagú ar shócmhainní léasaithe oibriúcháin isteach sa chatagóir dá dtagraítear i bpointe 2 de Thábla 1.”;

"

(89)  i dTeideal IV de Chuid a Trí, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 1:"

“Caibidil 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 325

Cur chuige chun críche ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh priacal margaidh

   1. Déanfaidh gach institiúid a ceanglais cistí dílse maidir le priacal margaidh gach suímh leabhar trádála agus gach suímh leabhar neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige seo a leanas:
   (a) ▌an cur chuige caighdeánaithe dá dtagraítear i mír 2;

   (b) ▌an cur chuige samhla inmheánaí a leagtar amach i gCaibidil 5 den Teideal seo do na catagóirí priacail ar tugadh cead d'institiúid ina leith an cur chuige sin a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 363 ▌.
   2. Ciallóidh na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomhtar i gcomhréir leis an ▌ gcur chuige caighdeánaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 suim na gceanglas cistí dílse, mar is infheidhme:
   (a) na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal suímh dá dtagraítear i gCaibidil 2;
   (b) na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal malairte eachtraí dá dtagraítear i gCaibidil 3;
   (c) na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal tráchtearraí dá dtagraítear i gCaibidil 4.
   3. Aon institiúid ▌nach bhfuil díolúine aici ó na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b i gcomhréir le hAirteagal 325a, déanfaidh an institiúid sin an ríomh a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430b do gach suíomh leabhar trádála agus gach suíomh leabhar neamhthrádála faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí i gcomhréir leis na cuir chuige seo a leanas:
   (a) an cur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCaibidil 1a;
   (b) an cur chuige samhla inmheánaí malartach a leagtar amach i gCaibidil 1b.
   4. Féadfaidh institiúid na cineálacha cur chuige a leagtar amach i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo a úsáid i gcomhcheangal ar bhonn buan laistigh de ghrúpa i gcomhréir le hAirteagal 363.

   5. Ní úsáidfidh institiúid an cur chuige a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 3 d'ionstraimí ina leabhar trádála ar suíomhanna urrúsúcháin iad nó suíomhanna a áirítear sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach (ACTP) mar a leagtar amach i mír 6, i mír 7 agus i mír 88.

   6. Maidir le suíomhanna urrúsúcháin agus díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas, áireofar san ACTP iad:
   (a) ní suíomhanna athurrúsúcháin iad, ná roghanna ar thráinse urrúsúcháin, ná aon díorthaigh eile ó risíochtaí urrúsúcháin nach soláthraíonn sciar pro rata sna fáltais ó thráinse urrúsúcháin;
   (b) is ionstraimí de na cinn seo a leanas iad na hionstraimí foluiteacha:
   (i) ionstraimí aonainm, lena n-áirítear díorthaigh chreidmheasa aonainm, a bhfuil margadh leachtach dhá threo ann ina leith;
   (ii) innéacsanna a thrádáiltear de ghnáth bunaithe ar na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (i).

Meastar go bhfuil margadh dhá threo ann má dhéantar tairiscintí neamhspleácha bona fide chun earraí a cheannach agus a dhíol ionas gur féidir praghas a bhaineann go réasúnta leis an bpraghas díola deireanach nó le tairiscint iomaíoch bona fide agus luachanna tairisceana reatha a chinneadh laistigh de lá amháin agus a shocrú ar an bpraghas sin laistigh de thréimhse measartha gearr ag teacht le gnás trádála.

   7. Ní áireofar sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach aon suíomhanna ina bhfuil aon cheann de na hionstraimí seo a leanas:
   (a) ionstraimí foluiteacha a shanntar do na haicmí risíochtaí dá dtagraítear i bpointe (h) nó i bpointe (i) d'Airteagal 112;
   (b) éileamh ar eintiteas sainchuspóireach, arna chomhthaobhú, go díreach nó go hindíreach, le suíomh nach mbeadh incháilithe é féin le cur isteach sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach i gcomhréir le mír 6.
   8. Féadfaidh institiúidí suíomhanna a chur sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach nach suíomhanna urrúsúcháin ná díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain iad ach a fhálaíonn suíomhanna eile sa phunann sin, ar choinníoll go bhfuil margadh leachtach dhá threo, de réir na tuairisce sa dara fomhír de mhír 6, ann don ionstraim sin nó dá ionstraimí foluiteacha.
   9. Déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt d'fhonn sonrú a thabhairt ar an dóigh ina ríomhfaidh na hinstitiúidí ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh do shuíomhanna leabhar neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 3.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [15 mhí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán leasaitheach seo i bhfeidhm].

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 325a

Díolúintí ó cheanglais shonracha tuairiscithe le haghaidh priacal margaidh

   1. Díolmhófar institiúid ón gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 430b, ar choinníoll gur lú gnó na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir priacal margaidh ná gach ceann de na tairseacha seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil, agus na sonraí a úsáid ón lá deireanach den mhí:
   (a) 10 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
   (b) EUR 500 milliún.
   2. Déanfaidh institiúidí méid a ngnó laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir priacal margaidh bunaithe ar shonraí amhail ón lá deireanach de gach mí i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
   (a) áireofar na suíomhanna go léir a shannfar don leabhar trádála, cé is moite de dhíorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar risíochtaí leabhair neamhthrádála ar phriacal creidmheasa agus idirbhearta díorthaigh chreidmheasa a fhritháiríonn go hiomlán priacal margaidh na bhfáluithe inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 106(3);
   (b) cuirfear gach suíomh leabhar neamhthrádála atá faoi réir priacail malairte eachtraí nó tráchtearraí san áireamh;
   (c) déanfar gach suíomh a luacháil ag a luachanna ar an margadh an dáta sin, seachas na suíomhanna dá dtagraítear i bpointe (b); i gcás nach bhfuil luach margaidh suímh ar fáil ar dháta áirithe, déanfaidh institiúidí luach cóir don suíomh a ghlacadh ar an dáta sin; I gcás nach bhfuil an luach cóir agus luach margaidh ar shuíomh ar fáil ar dháta ar leith, déanfaidh institiúidí an luach is déanaí, cibé an luach margaidh nó an luach cóir, don suíomh sin a ghlacadh;
   (d) déanfar gach suíomh leabhar ▌neamhthrádála atá faoi réir priacail malairte eachtraí a mheas mar ghlansuíomh foriomlán in airgeadra eachtrach agus a luacháil i gcomhréir le hAirteagal 352;
   (e) déanfar gach suíomh leabhar neamhthrádála atá faoi réir priacail tráchtearra a mheas trí úsáid a bhaint as Airteagal 357 agus Airteagal 358;
   (f) déanfar luach absalóideach suíomhanna fada a shuimiú le luach absalóideach suíomhanna gearra.
   3. Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla nuair a ríomhfaidh siad a gceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh i gcomhréir leis an Airteagal seo, nó nuair a scoirfidh siad de na ceanglais sin a ríomh.
   4. Institiúid nach gcomhlíonfaidh a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 tabharfaidh sí fógra ina leith don údarás inniúil gan mhoill.
   5. Scoirfidh an díolúine ó na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 430b d'fheidhm a bheith aici laistigh de thrí mhí de cheachtar de na cásanna seo a leanas:
   (a) ní chomhlíonann an institiúid ▌ na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 ar feadh trí mhí as a chéile; nó
   (b) níor chomhlíon an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 ar feadh níos mó ná 6 mhí de na 12 mhí dheireanacha.
   6. I gcás ina bhfuil institiúid faoi féir ▌na gceanglas tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 430b i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, ní bheidh an institiúid díolmhaithe ó na ceanglais tuairiscithe sin ▌ach amháin i gcás ina léiríonn sí don údarás inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha go léir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo ar feadh tréimhse bliana iomlán.
   7. Ní thiocfaidh institiúid i suíomh ná ní dhéanfaidh sí suíomh a cheannach ná a dhíol, d'aon ghnó, chun ceann ar bith de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh i rith an mheasúnaithe mhíosúil agus chun na críche sin amháin.
   8. Aon institiúid atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 94, beidh sí díolmhaithe ón gceanglas tuairiscithe atá leagtha amach in Airteagal 430b.

Airteagal 325b

Cead i leith ceanglais chomhdhlúite

   1. Faoi réir mhír 2, agus ar mhaithe le glansuíomhanna agus ceanglais cistí dílse a ríomh i gcomhréir leis an Teideal seo ar bhonn comhdhlúite, agus ar mhaithe leis sin amháin, féadfaidh institiúidí suíomhanna in institiúid nó i ngnóthas amháin a úsáid chun suíomhanna in institiúid nó i ngnóthas eile a fhritháireamh.
   2. Ní fhéadfaidh institiúidí mír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin le cead ó na húdaráis inniúla, cead a thabharfar má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
   (a) tá cistí dílse leithdháilte go sásúil laistigh den ghrúpa;
   (b) ráthaítear leis an gcreat rialúcháin, dlíthiúil nó conarthach ina bhfeidhmíonn na hinstitiúidí go bhfuil tacaíocht airgeadais fhrithpháirteach laistigh den ghrúpa.
   3. I gcás ina bhfuil na gnóthais suite i dtríú tíortha, comhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas i dteannta na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 2:
   (a) tá na gnóthais sin údaraithe i dtríú tír agus comhlíonann siad an sainmhíniú ar institiúid creidmheasa nó is gnólachtaí infheistíochta aitheanta tríú tír iad;
   (b) ar bhonn aonair, comhlíonann na gnóthais sin ceanglais cistí dílse atá coibhéiseach leis na cinn sin a leagtar síos sa Rialachán seo;
   (c) níl aon rialacháin sna tríú tíortha atá i gceist a d'fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d'aistriú cistí laistigh den ghrúpa.”;

"

(90)  i dTeideal IV de Chuid a Trí, cuirtear na Caibidlí seo a leanas isteach:"

Caibidil 1a

An Cur Chuige Caighdeánaithe Malartach

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 325c

Raon feidhme agus struchtúr an chur chuige mhalartaigh caighdeánaithe

   1. Níor cheart an cur chuige caighdeánaithe malartach mar a leagtar amach sa Chaibidil seo a úsáid ach amháin chun críocha an cheanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 430b(1).
   2. Déanfaidh na hinstitiúidí a gceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach maidir le punann de shuíomhanna sa leabhar trádála agus de shuíomhanna leabhar neamhthrádála atá faoi réir priacail malairte eachtraí nó tráchtearraí mar shuim na dtrí chomhpháirt seo a leanas:
   (a) an ceanglas cistí dílse de réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe a leagtar amach i Roinn 2;
   (b) an ceanglas cistí dílse i gcomhair priacal mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 a bhfuil feidhm aige maidir leis na suíomhanna leabhar trádála dá dtagraítear sa Roinn sin agus leis na suíomhanna sin amháin;
   (c) an ceanglas cistí dílse le haghaidh priacail iarmharacha a leagtar amach i Roinn 4 a bhfuil feidhm aige maidir leis na suíomhanna leabhar trádála dá dtagraítear sa Roinn sin agus leis na suíomhanna sin amháin.

Roinn 2

Ceanglas íogaireacht-bhunaithe maidir le cistí dílse a ríomh

Airteagal 325d

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

   (1) ciallaíonn “aicme priacail” aon cheann de na seacht gcatagóir seo a leanas:
   (i) priacal ráta úis ghinearálta;
   (ii) priacal um raon difríochta creidmheasa (CSR) le haghaidh neamhurrúsúcháin;
   (iii) priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin nach n-áirítear sa phunann trádála neamhchomhghaoil mhalartach (CSR nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP);
   (iv) priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin a áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (ACTP CSR);
   (v) priacal cothromais;
   (vi) priacal tráchtearraí;
   (vii) priacal malairte eachtraí;
   (2) ciallaíonn ‘íogaireacht’ an t-athrú cóimheasa ar luach suímh, mar thoradh ar athrú ar luach aon cheann d'fhachtóirí priacail ábhartha an tsuímh, a ríomhadh le samhail phraghsála na hinstitiúide i gcomhréir le Foroinn 2 de Roinn 3;
   (3) ciallaíonn “buicéad” fochatagóir suíomhanna laistigh d'aicme phriacail amháin a bhfuil próifíl phriacail aige a bhfuil priacal-ualú sannta di mar a shainmhínítear i bhForoinn 1 de Roinn 3.

Airteagal 325e

Comhpháirteanna an mhodha íogaireacht-bhunaithe

   1. Déanfaidh institiúidí a gceanglais cistí dílse féin le haghaidh priacal margaidh a ríomh de réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe trí na trí cheanglas cistí dílse a chomhiomlánú i gcomhréir le hAirteagal 325h:
   (a) ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal deilte lena ngabhtar an priacal go dtiocfaidh athruithe ar luach na hionstraime mar gheall ar ghluaiseachtaí sna fachtóirí priacail neamhluaineachta ▌;
   (b) ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal vega lena ngabhtar an priacal go dtiocfaidh athruithe ar luach ionstraime mar gheall ar ghluaiseachtaí sna fachtóirí priacail luaineachta;
   (c) ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal cuaire lena ngabhtar an priacal go dtiocfaidh athruithe ar luach ionstraime mar gheall ar ghluaiseachtaí sna príomhfhachtóirí priacail neamhluaineachta a bhaineann le fachtóirí priacail gaolmhara nach ngabhtar le ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal deilte.
   2. Chun críche an ríomha dá dtagraítear i mír 1,
   (a) beidh suíomhanna uile ionstraimí ina bhfuil roghnaíocht faoi réir na gceanglas cistí dílse dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1.
   (b) beidh suíomhanna uile ionstraimí gan roghnaíocht faoi réir na gceanglas cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.

Chun críocha na Caibidle seo, ar na hionstraimí ina bhfuil roghnaíocht tá, i measc ionstraimí eile: glaonna, céadroghanna, caidhpeanna, íosrátaí, roghtálacha, céadroghanna bacainneacha agus céadroghanna coimhthíocha. Measfar gur suíomhanna ar leithligh i roghanna iad roghanna leabaithe, amhail roghanna réamhíocaíochta nó iompraíochta, chun críche ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh.

Chun críocha na Caibidle seo, measfar gur ionstraimí gan roghnaíocht iad ionstraimí ar féidir a sreabhadh airgid thirim a scríobh mar fheidhm líneach de mhéid barúlach an fholuitigh.

Airteagal 325f ▌

Ceanglais cistí dílse maidir le priacail deilte agus vega

   1. Cuirfidh institiúidí na fachtóirí priacail deilte agus vega i bhfeidhm mar a thuairiscítear i bhForoinn 1 de Roinn 3 chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail deilte agus vega a ríomh.
   2. Cuirfidh institiúidí an próiseas i bhfeidhm mar a leagtar amach i míreanna 3 go 8 chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail deilte agus vega a ríomh.
   3. Maidir le gach aicme phriacail, déanfar íogaireacht na n-ionstraimí uile faoi raon feidhme na gceanglas cistí dílse le haghaidh priacail deilte nó vega ar gach fachtóir priacail deilte nó vega is infheidhme atá san áireamh san aicme phriacail sin, déanfar sin a ríomh trí na foirmlí comhfhreagracha i bhForoinn 2 de Roinn 3 a úsáid. Má bhíonn luach ionstraime ag brath ar an iliomad fachtóirí priacail, déanfar an íogaireacht a chinneadh ar leithligh maidir le gach fachtóir priacail.
   4. Déanfar íogaireachtaí a shannadh do cheann amháin de na buicéid 'b' laistigh de gach aicme phriacail.
   5. Laistigh de gach buicéad 'b', déanfar na híogaireachtaí deimhneacha agus diúltacha a ghlanluacháil, as a dtagann glaníogaireachtaí (sk) ar gach fachtóir priacail k laistigh de bhuicéad.
   6. Déanfar na glaníogaireachtaí ar gach fachtóir priacail laistigh de gach buicéad a iolrú faoi na hualuithe priacail chomhfhreagracha mar a leagtar amach i Roinn 6, as a dtiocfaidh íogaireachtaí ualaithe ar gach fachtóir priacail laistigh den bhuicéad sin i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000106.png

nuair:

WSk= na híogaireachtaí ualaithe;

RWk = na hualuithe priacail; agus

sk = an fachtóir priacail.

   7. Déanfar na híogaireachtaí ualaithe ar na fachtóirí priacail difriúla laistigh de gach buicéad a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos, mar a socraítear íosteorainn an mhéid laistigh den fheidhm fréimhe cearnaí ag nialas, as a dtagann an íogaireacht bhuicéad-shonrach. Úsáidfear na comhghaolta comhfhreagracha maidir le híogaireachtaí ualaithe laistigh den bhuicéad céanna (ρkl), a leagtar amach i Roinn 6.

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000107.png

nuair:

Kb = an íogaireacht bhuicéad-shonrach; agus

WS = na híogaireachtaí ualaithe.

   8. Déanfar an íogaireacht bhuicéad-shonrach a ríomh maidir le gach buicéad atá laistigh d'aicme phriacail i gcomhréir le mír 5, mír 6 agus mír 7. Nuair a ríomhfar an íogaireacht bhuicéad-shonrach i leith na mbuicéad go léir, déanfar íogaireachtaí ualaithe ar gach fachtóir priacail a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos, trí na comhghaolta comhfhreagracha γbc maidir le híogaireachtaí ualaithe i mbuicéad difriúla a úsáid mar a leagtar amach i Roinn 6, as a dtagann an ceanglas cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme phriacail do phriacal deilte nó vega:

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000108.png

Nuair: 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000109.pngatá maidir le gach fachtóir priacail i mbuicéad b agus 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000110.png i mbuicéad c; i gcás ina ngineann suim luachanna20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000111.png agus 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000112.png uimhir dhiúltach mar shuim fhoriomlán 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000113.png , déanfaidh an institiúid ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme phriacail do phriacal deilte nó vega ar leith a ríomh trí úsáid a bhaint as sonrú malartach i gcás ina bhfuil

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000114.pngmaidir le gach fachtóir priacail i mbuicéad b, agus

20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000115.pngmaidir le gach fachtóir priacail i mbuicéad c.

Déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail deilte nó vega a bhaineann go sonrach le haicme phriacail ar leith a ríomh maidir le gach aicme phriacail i gcomhréir le míreanna 1 go 8.

Airteagal 325g

Ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail cuaire

Déanfaidh na hinstitiúidí ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail cuaire a ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a.

Airteagal 325h

Ceanglais cistí dílse a chomhiomlánú a bhaineann go sonrach le haicme phriacail ar leith le haghaidh priacail deilte, vega agus cuaire

   1. Comhiomlánóidh institiúidí ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme phriacail ar leith le haghaidh na priacail deilte, vega agus cuaire i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar amach i mír 2, 3 agus 4.
   2. An próiseas chun ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicmí priacail deilte, vega agus cuaire ar leith a ríomh mar a thuairiscítear in Airteagal 325f agus Airteagal 325g, déanfar an próiseas sin trí huaire le haghaidh gach aicme phriacail, trí thacar paraiméadar comhghaoil difriúil a úsáid gach uair20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000116.png (an comhghaol idir fachtóirí priacail laistigh de bhuicéad) agus20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000117.png (an comhghaol idir buicéid laistigh d'aicme phriacail). Beidh gach ceann de na trí thacar sin comhfhreagrach le cás difriúil, mar a leanas:
   (a) cás 'na meán-chomhghaolta', trína bhfágfar nach mbíonn aon difríocht idir na paraiméadair comhghaoil20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000118.png agus 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000119.png a shonraítear i Roinn 6;
   (b) 'cás na gcomhghaolta arda', trína ndéanfar na paraiméadair comhghaoil20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000120.png agus 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000121.png a shonraítear i Roinn 6 a iolrú go haonfhoirmeach faoi 1,25, agus beidh20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000122.png agus 20190416-P8_TA-PROV(2019)0369_GA-p0000123.pngfaoi réir uasteorainn 100 %.
   (c) sonrófar 'cás na gcomhghaolta ísle' sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a.
   3. Ríomhfaidh na hinstitiúidí na ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicmí priacail deilte, vega agus cuaire ar leith maidir le gach cás ▌chun trí ▌cheanglas cistí dílse cás-sonracha a chinneadh ▌..
   4. Is éard a bheidh sa cheanglas cistí dílse faoin modh íogaireacht-bhunaithe an ceann is mó de na trí cheanglas ▌cistí dílse cás-sonracha dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 325i

Ionstraimí innéacs agus céadroghanna il-fholuiteacha a láimhseáil

Déanfaidh na hinstitiúidí láimhseáil na n-ionstraimí innéacs agus na gcéadroghanna il-fholuiteacha▌ a shonrú i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a.

Airteagal 325j

Gnóthais chomhinfheistíochta a láimhseáil

Déanfaidh na hinstitiúidí láimhseáil na ngnóthas comhinfheistíochta a shonrú i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a.

Airteagal 325k

Suíomhanna frithgheallta

   1. Féadfaidh institiúidí úsáid a bhaint as an bpróiseas a leagtar amach san Airteagal seo chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh maidir le suíomhanna frithgheallta ionstraimí fiachais nó cothromais a ríomh.
   2. Déanfaidh institiúidí ceann amháin de na fachtóirí iolraithe iomchuí arna liostú i dTábla 1 a chur i bhfeidhm ar ghlaníogaireachtaí na suíomhanna frithgheallta i ngach eisitheoir aonair, seachas na suíomhanna frithgheallta a ndéantar a shuibscríobh nó a fho-fhrithghealladh ag tríú páirtithe ar bhonn comhaontuithe foirmiúla, agus déanfaidh siad na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo ar bhonn na nglaníogaireachtaí coigeartaithe.

Tábla 1

Lá gnó 0

0 %

Lá gnó 1

10 %

Lá gnó 2 agus 3

25 %

Lá gnó 4

50 %

Lá gnó 5

75 %

Tar éis lá gnó 5

100 %

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘lá gnó 0’ an lá gnó ar a dtabharfaidh an institiúid gealltanas gan choinníoll glacadh le líon áirithe urrús ar phraghas comhaontaithe.

   3. Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla maidir le cur i bhfeidhm an phróisis a leagtar amach san Airteagal seo.

Roinn 3

Sainmhínithe ar fhachtóirí priacail agus ar íogaireacht

Foroinn 1

Sainmhínithe ar fhachtóirí priacail

Airteagal 325l

Fachtóirí priacail i dtaca le ráta úis ginearálta

   1. Maidir leis na fachtóirí priacail i dtaca le ráta úis ginearálta, lena n-áirítear priacal bolscaireachta agus priacal trasairgeadra-bhunaithe, beidh buicéad amháin in aghaidh an airgeadra a bhfuil cineálacha difriúla fachtóir priacail i ngach ceann acu.

Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail deilte i dtaca le rátaí úis ginearálta mar is infheidhme maidir le hionstraimí atá íogair ar rátaí úis na rátaí ábhartha saor ó phriacal in aghaidh an airgeadra agus in aghaidh gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,25 bliain, 0.5 bliain, 1 bhliain, 2 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana, 15 bliana, 20 bliain, 30 bliain. Déanfaidh institiúidí fachtóirí priacail a shannadh do na reanna a shonraítear trí idirshuíomh líneach nó trí mhodh a úsáid is mó atá comhsheasmhach leis na feidhmeanna praghsála a úsáidtear le feidhm rialaithe phriacail neamhspleách na hinstitiúide chun priacal margaidh nó brabúis agus caillteanais a thuairisciú chun na bainistíochta sinsearaí.

   2. Gheobhaidh na hinstitiúidí na rátaí saor ó phriacal in aghaidh an airgeadra ó ionstraimí margaidh airgid atá i leabhar trádála na hinstitiúide ag a bhfuil an priacal creidmheasa is ísle, amhail babhtálacha innéacsanna thar oíche.
   3. I gcás nach bhféadann institiúid an cur chuige dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm, bunófar na rátaí saor ó phriacal ar chuar babhtála intuigthe ón margadh amháin nó níos mó ná sin chun suíomhanna ar an margadh a mharcáil, amhail cuar babhtála ráta a thairgtear idir bainc.

I gcás nach leordhóthanach na sonraí maidir le cuara babhtála intuigthe ón margadh ar a bhfuil tuairisc i mír 2 agus sa chéad fhomhír den mhír sin, féadfar na rátaí saor ó phriacal a dhíorthú ón gcuar banna ceannais is oiriúnaí maidir le hairgeadra ar leith.

I gcás ina n-úsáideann institiúidí fachtóirí priacail ráta úis ghinearálta a dhíorthaítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír den mhír sin maidir le hionstraimí fiachais cheannasaigh, ní bheidh díolúine ag an ionstraim fiachais cheannasaigh ón gceanglas cistí maidir le priacal um raon difríochta creidmheasa. Sna cásanna sin, nuair nach féidir an ráta saor ó phriacal a scaradh ó chomhpháirt an raoin difríochta, déanfar an íogaireacht ar an bhfachtóir priacail sin a leithdháileadh ar phriacal ráta úis ghinearálta agus ar aicmí priacail um raon difríochta.

   4. I gcás fachtóirí priacail i dtaca le ráta úis ginearálta, is buicéad ar leithligh a bheidh i ngach airgeadra. Sannfaidh institiúidí fachtóirí priacail laistigh den bhuicéad céanna, ach beidh aibíochtaí difriúla ag gabháil leo, ualú priacail difriúil, i gcomhréir le Roinn 6.

Cuirfidh institiúidí fachtóirí priacail breise le haghaidh priacal boilscithe i bhfeidhm ar ionstraimí fiachais a bhfuil a sreabhadh airgid thirim ag brath go feidhmeach ar rátaí boilscithe. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail breise sin veicteoir amháin de rátaí boilscithe intuigthe ón margadh a bhfuil aibíochtaí difriúla acu in aghaidh an airgeadra. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil de rátaí boilscithe ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin.

   5. Déanfaidh institiúidí íogaireacht na hionstraime ar an bhfachtóir priacail breise le haghaidh priacal boilscithe dá dtagraítear i mír 4 a ríomh mar athrú ar luach na hionstraime, i gcomhréir lena samhail phraghsála, mar thoradh ar athrú 1 phointe boinn amháin i ngach ceann de chomhpháirteanna an veicteora. Buicéad ar leith a bheidh i ngach airgeadra. Laistigh de gach buicéad, déanfaidh institiúidí an boilsciú a láimhseáil mar fhachtóir priacail aonair, gan beann ar an líon comhpháirteanna i ngach veicteoir. Déanfaidh institiúidí gach íogaireacht ar bhoilsciú a fhritháireamh laistigh de bhuicéad, arna ríomh mar a thuairiscítear sa mhír seo, chun críche glaníogaireacht amháin in aghaidh an bhuicéid a chur faoi deara.
   6. Beidh ionstraimí fiachais a bhaineann le híocaíochtaí in airgeadraí difriúla faoi réir freisin ag priacal trasairgeadra-bhunaithe idir na hairgeadraí sin. Chun críocha an mhodha íogaireacht-bhunaithe, is éard a bheidh sna fachtóirí priacail a bheidh le cur i bhfeidhm ag na hinstitiúidí na priacail trasairgeadra-bhunaithe ar bhonn de réir dollar SAM nó ar bhonn de réir euro. Déanfaidh institiúidí boinn thrasairgeadra nach mbaineann le bonn de réir USD nó bonn de réir euro a ríomh 'ar bhonn de réir dollar SAM nó 'ar bhonn de réir euro'.

Is éard a bheidh sna fachtóirí ar bhonn trasairgeadra sin veicteoir amháin de rátaí boilscithe intuigthe ón margadh ag a bhfuil aibíochtaí difriúla acu in aghaidh an airgeadra. Maidir le gach ionstraim fiachais, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil de bhoinn thrasairgeadra ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála don ionstraim sin. Buicéad difriúil a bheidh i ngach airgeadra.

Déanfaidh institiúidí íogaireacht na hionstraime ar an bhfachtóir ar bhonn trasairgeadra a ríomh mar athrú ar luach na hionstraime, i gcomhréir lena samhail phraghsála, mar thoradh ar athrú 1 phointe boinn amháin i ngach ceann de chomhpháirteanna an veicteora. Buicéad ar leith a bheidh i ngach airgeadra. Laistigh de gach buicéad beidh dhá fhachtóir priacail fhéideartha éagsúla: bonn de réir euro agus bonn de réir dollar SAM, gan beann ar an líon comhpháirteanna a bhíonn i ngach veicteoir lena bhfuil bonn trasairgeadra. Ní bheidh níos mó ná dhá ghlaníogaireacht i ngach buicéad.

   7. Na fachtóirí priacail vega i dtaca le ráta úis ginearálta is infheidhme maidir le céadroghanna lena mbaineann ionstraimí foluiteacha atá íogair ar ráta úis ginearálta, is éard a bheidh sna fachtóirí sin luaineachtaí intuigthe na rátaí úis saor ó phriacal lena mbaineann mar a thuairiscítear i mír 2 agus mír 3, a ndéanfar a shannadh do bhuicéid ag brath ar an airgeadra agus arna mapáil ar na haibíochtaí seo a leanas laistigh de gach buicéad: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Buicéad amháin in aghaidh an airgeadra a bheidh ann.

Chun críocha mapála, measfaidh gach institiúid gur san fhachtóir priacail céanna a bheidh luaineachtaí intuigthe arna nascadh leis na rátaí céanna saor ó phriacal agus arna mapáil ar na haibíochtaí céanna.

I gás ina mapálann institiúidí luaineachtaí intuigthe leis na haibíochtaí dá dtagraítear sa mhír seo, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

   (a) i gcás ina ndéantar an chéadrogha a ailíniú le haibíocht na hionstraime foluití, déanfar fachtóir priacail aonair a mheas, a dhéanfar a mhapáil don aibíocht sin;
   (b) i gcás inar giorra aibíocht na céadrogha ná aibíocht na hionstraime foluití, déanfar na fachtóirí priacail seo a leanas a mheas mar a leanas:
   (i) déanfar an chéad fhachtóir priacail a mhapáil d’aibíocht na céadrogha;
   (ii) déanfar an dara fachtóir priacail a mhapáil d’aibíocht iarmharach na hionstraime foluití dáta éaga na céadrogha.
   8. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail maidir le rátaí ginearálta úis cuaire a bheidh le cur i bhfeidhm ag na hinstitiúidí veicteoir amháin de rátaí saor ó phriacal, arb éard a bheidh ann aon chuar toraidh shonrach amháin, in aghaidh an airgeadra. Buicéad difriúil a bheidh i ngach airgeadra. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí saor ó phriacal ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin.
   9. Déanfaidh na hinstitiúidí íogaireacht gach ionstraime ar gach fachtóir priacail arna úsáid san fhoirmle phriacail cuaire a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325g. Chun críocha priacal cuaire, measfaidh institiúidí gurb é an fachtóir priacail céanna veicteoirí atá comhfhreagrach le cuara toradh difriúla agus a bhfuil líon comhpháirteanna difriúil acu, ar choinníoll go bhfuil na veicteoirí sin comhfhreagrach leis an airgeadra céanna. Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí ar an bhfachtóir priacail céanna a fhritháireamh. Ní bheidh ach aon ghlaníogaireacht amháin le haghaidh gach buicéid.

Ní bheidh aon cheanglais cistí dílse priacal cuaire le haghaidh boilsciú agus priacail trasairgeadra-bhunaithe.

Airteagal 325m

Fachtóirí priacail um raon difríochta le haghaidh neamhurrúsúcháin

   1. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail um raon difríochta deilte a bheidh le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le hionstraimí neamhurrúsúcháin a bhíonn íogair ar raonta difríochta ná rátaí um raon difríochta eisitheora na n-ionstraimí sin, arna mbunú ar na hionstraimí fiachais ábhartha agus ar bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa, agus arna mapáil ar gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: ▌0,5 bliain, 1 bhliain, ▌3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana ▌. Cuirfidh institiúidí fachtóir priacail amháin i bhfeidhm maidir le gach eisitheoir agus aibíocht, gan beann ar a bhfuil na rátaí um raon difríochta eisitheora sin bunaithe ar ionstraimí fiachais nó babhtálacha mainneachtana creidmheasa. Is éard a bheidh sna buicéid buicéid earnála, dá dtagraítear i Roinn 6, agus beidh na fachtóirí priacail arna leithdháileadh ar na fachtóirí priacail a shanntar don earnáil ábhartha.
   2. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail vega um raon difríochta creidmheasa a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a bhfuil ionstraimí foluiteacha ag gabháil leo a bhíonn íogair ar raon difríochta creidmheasa ná luaineachtaí intuigthe rátaí um raon difríochta creidmheasa eisitheora na hionstraime foluití mar a leagtar síos i mír 1, a ndéanfar a mhapáil ar na haibíochtaí seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na céadrogha faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Bainfear úsáid as na buicéid chéanna a úsáideadh don phriacal um raon difríochta creidmheasa deilte i ndáil le neamhurrúsúchán.
   3. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail um raon difríochta cuaire a bheidh le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le hionstraimí neamhurrúsúcháin veicteoir amháin rátaí um raon difríochta, arb éard a bheidh ann cuar um raon difríochta creidmheasa a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí um raon difríochta creidmheasa ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin. Bainfear úsáid as na buicéid chéanna a úsáideadh don phriacal um raon difríochta creidmheasa deilte i ndáil le neamhurrúsúchán.
   4. Déanfaidh na hinstitiúidí íogaireacht gach ionstraime ar gach fachtóir priacail arna úsáid san fhoirmle phriacail chuaire a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325g. Chun críocha priacal cuaire, measfaidh institiúidí gurb é an fachtóir priacail céanna veicteoirí atá bunaithe ar ionstraimí fiachais ábhartha nó babhtálacha mainneachtana creidmheasa agus a bhfuil líon comhpháirteanna difriúil acu, ar choinníoll go bhfuil na veicteoirí sin comhfhreagrach leis an eisitheoir céanna.

Airteagal 325n

Fachtóirí priacail um raon difríochta i gcomhair urrúsúcháin

   1. Cuirfidh institiúidí na fachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa dá dtagraítear i mír 3 i bhfeidhm ar shuíomhanna urrúsúcháin a áirítear i ACTP, dá dtagraítear i mír (6) ▌, mír (7) agus mír (8) d'Airteagal 325,

Cuirfidh institiúidí na fachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa dá dtagraítear i mír 5 i bhfeidhm ar shuíomhanna urrúsúcháin nach n-áirítear i ACTP, dá dtagraítear i mír (6) ▌, mír (7) agus mír (8) d'Airteagal 325.

   2. Is ionann na buicéid is infheidhme le priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúchán a áirítear i ACTP agus na buicéid is infheidhme le priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúcháin, dá dtagraítear i Roinn 6.

Bainfidh na buicéid is infheidhme le priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúchán nach n-áirítear i ACTP go sonrach leis an gcatagóir aicme phriacail sin, dá dtagraítear i Roinn 6.

   3. Is iad seo a leanas na fachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa ag institiúidí ar shuíomhanna urrúsúcháin a áirítear i ACTP:
   (a) is é a bheidh sna fachtóirí priacail rátaí um raon difríochta creidmheasa ábhartha uile eisitheoirí risíochtaí ionstraimí foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin, a bhunaítear ar na hionstraimí fiachais agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa, agus maidir le gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
   (b) is éard a bheidh sna fachtóirí priacail vega a bhíonn le cur i bhfeidhm maidir le céadroghanna a áirítear i ACTP mar ionstraimí foluiteacha ná luaineachtaí intuigthe um raon difríochta eisitheoirí risíochtaí foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin, atá intuigthe mar a thuairiscítear i bpointe (a) den mhír seo, a ndéanfar a mhapáil ar na hurrúsúcháin seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na céadrogha comhfhreagraí faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
   (c) is éard a bheidh sna fachtóirí priacail chuaire cuara toraidh ábhartha um raon difríochta creidmheasa eisitheoirí risíochtaí foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin arna shloinneadh mar veicteoir rátaí um raon difríochta creidmheasa maidir le haibíochtaí difriúla, atá intuigthe ó phointe (a) den mhír seo; maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí um raon difríochta creidmheasa ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin.
   4. Déanfaidh na hinstitiúidí íogaireacht gach urrúsúcháin ar gach fachtóir priacail arna úsáid san fhoirmle phriacail chuaire a ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 325g. Chun críocha priacal cuaire, measfaidh institiúidí gurb é an fachtóir priacail céanna veicteoirí atá bunaithe ar ionstraimí fiachais ábhartha nó babhtálacha mainneachtana creidmheasa agus a bhfuil líon comhpháirteanna difriúil acu, ar choinníoll go bhfuil na veicteoirí sin comhfhreagrach leis an eisitheoir céanna.
   5. Déanfaidh na fachtóirí priacail um raon difríochta creidmheasa a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí ar shuíomhanna urrúsúcháin nach n-áirítear i ACTP, déanfaidh siad tagairt do raon difríochta an tráinse seachas raon difríochta na n-ionstraimí foluiteacha agus is éard a bheidh iontu an méid seo a leanas:
   (a) is éard a bheidh sna fachtóirí priacail deilte na rátaí um raon difríochta creidmheasa arna mapáil ar na haibíochtaí seo a leanas, i gcomhréir le haibíocht an tráinse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
   (b) is éard a bheidh sna fachtóirí priacail vega a bhíonn le cur i bhfeidhm maidir le céadroghanna nach n-áirítear i ACTP mar ionstraimí foluiteacha ná luaineachtaí intuigthe um raon difríochta creidmheasa na dtráinsí, a ndéanfar a mhapáil ar na hurrúsúcháin seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na céadrogha comhfhreagraí faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
   (c) is ionann na fachtóirí priacail chuaire agus na fachtóirí a thuairiscítear i bpointe (a) den mhír seo; cuirfear ualú priacail coiteann i bhfeidhm ar na fachtóirí priacail sin uile, dá dtagraítear i Roinn 6.

Airteagal 325o

Fachtóirí priacail cothromais

   1. Is éard a bheidh sna buicéid maidir le gach fachtóir priacail cothromais na buicéid earnála, dá dtagraítear i Roinn 6.
   2. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail deilte cothromais a bhíonn le cur i bhfeidhm ag na hinstitiúidí na spotphraghsanna cothromais uile agus ▌na rátaí athcheannaigh cothromais uile.

Chun críocha priacal cothromais, is fachtóir priacail aonair, arna shloinneadh mar veicteoir rátaí athcheannaigh d'aibíochtaí difriúla, a bheidh i gcuar athcheannaigh cothromais sonrach. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí athcheannaigh ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin.

Déanfaidh institiúidí íogaireacht ionstraime ar an bhfachtóir priacail cothromais sin a ríomh mar athrú ar luach na hionstraime, i gcomhréir lena samhail phraghsála, mar thoradh ar athrú 1 phointe boinn amháin i ngach ceann de chomhpháirteanna an veicteora. Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí ar fhachtóir priacail ráta athcheannaigh an urrúis cothromais chéanna a fhritháireamh, gan beann ar an líon comhpháirteanna i ngach veicteoir.

   3. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail cothromais a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a bhfuil ionstraimí foluiteacha ag gabháil leo a bhíonn íogair ar chothromas luaineachtaí intuigthe spotphraghsanna cothromais, a ndéanfar a mhapáil ar na haibíochtaí seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na gcéadroghanna comhfhreagracha faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Ní bheidh aon cheanglais cístí dílse i gcomhair priacal vega ar ▌rátaí athcheannaigh cothromais.
   4. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail cuaire a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a mbíonn ionstraimí foluiteacha ag gabháil leo atá íogair ar chothromas na spotphraghsanna cothromais uile, gan beann ar aibíocht na gcéadroghanna comhfhreagracha. Ní bheidh aon cheanglais cístí dílse i gcomhair priacal cuaire ar rátaí athcheannaigh cothromais.

Airteagal 325p

Fachtóirí priacail tráchtearraí

   1. Is éard a bheidh sna buicéid maidir le gach fachtóir priacail tráchtearraí na buicéid earnála, dá dtagraítear i Roinn 6.
   2. Is éard a bheidh sna fachtóirí priacail deilte a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le hionstraimí atá íogair ar thráchtearraí ná na spotphraghsanna tráchtearraí uile de réir cineáil tráchtearra agus de réir gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,25 bliain, 0,5 bliain, 1 bhliain, 2 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana, 15 bliana, 20 bliain, 30 bliain. Ní dhéanfaidh institiúidí ach dhá phraghas tráchtearraí maidir leis an gcineál tráchtearra céanna, a bhfuil an aibíocht chéanna aige, a mheas mar ▌ an fachtóir priacail céanna i gcás inarb ionann an tacar téarmaí dlíthiúla maidir le suíomh a seachadta.
   3. Is éar