Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 18 Aibreán 2019 - Strasbourg 
Caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d'fheithiclí nua tromshaothair ***I
 Feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn ***I
 Úsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí ***I
 Comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann ***I
 Neamhchosaintí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach ***I
 Bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach ***I
 InvestEU ***I
 Timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí ***I
 Nochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí inbhuanaithe agus rioscaí inbhuanaitheachta ***I
 Truailleáin orgánacha mharthanacha ***I
 Oibleagáid imréitigh, ceanglais tuairiscithe agus teicnící maolaithe riosca do dhíorthaigh thar an gcuntar, agus stórtha trádála***I
 CPLanna a údarú agus CPLanna tríú tír a aithint ***I
 Úsáid margaí fáis FBManna a chur chun cinn ***I

Caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d'fheithiclí nua tromshaothair ***I
PDF 440kWORD 133k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair (COM(2018)0284 – C8-0197/2018 – 2018/0143(COD))
P8_TA-PROV(2019)0426A8-0354/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0284),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0197/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 22 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0354/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  á thabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d'fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle

P8_TC1-COD(2018)0143


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  I gComhaontú Pháras leagtar amach, inter alia, sprioc fhadtéarmach i gcomhréir leis an gcuspóir an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1.5°C. Deimhnítear drochthionchair an athraithe aeráide go neamh-dhéchiallach sna torthaí eolaíocha is déanaí a thuairiscigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) ina thuarascáil speisialta ar na tionchair a ghabhann le téamh domhanda atá 1,5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus faoi na conairí laghdaithe gaolmhara maidir le hastaíochtaí domhanda na ngás ceaptha teasa. Is é conclúid na tuarascála speisialta sin ná go bhfuil géarghá le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí i ngach earnáil chun teorainn a chur leis an athrú aeráide.

(2)   Chun rannchuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras, is gá dlús a chur le claochlú na hearnála iompair ar fad i dtreo astaíochtaí nialasacha, i bhfianaise theachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 dar teideal “A Clean Planet for all – a European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy” [“Pláinéad Glan do Chách – fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach ar mhaithe le geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de”], ina dtugtar achoimre ar an bhfís is gá ar mhaithe le claochluithe eacnamaíocha agus sochaíocha, ina bhfuil gach earnáil sa gheilleagar agus sa tsochaí rannpháirteach, chun an t-aistriú chuig glan-astaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2050. Ina theannta sin, ní mór astaíochtaí truailleán aeir ón earnáil iompair a dhéanann dochar suntasach dár sláinte agus don chomhshaol a laghdú go mór gan mhoill.

(3)  ▌Ghlac an Coimisiún pacáistí soghluaisteachta an 31 Bealtaine 2017 (‘Europe on the Move: An agenda for a socially fair transition towards clean, competitive and connected mobility for all’ [“An Eoraip ag Gluaiseacht: Clár le haghaidh aistriú atá cothrom go sóisialta i dtreo soghluaisteacht ghlan iomaíoch nasctha”]) agus 8 Samhain 2017 (‘Delivering on low-emission mobility - A European Union that protects the planet, empowers its consumers and defends its industry and workers’ [“Soghluaisteacht íseal-astaíochtaí a chur chun feidhme: Aontas Eorpach a chosnaíonn an domhain, a thugann cumhacht dá thomhaltóirí agus a chosnaíonn a thionscal agus a oibrithe”]). Leagtar amach clár oibre dearfach sna pacáistí sin agus dírítear freisin ar aistriú rianúil i dtreo soghluaisteacht ghlan iomaíoch nasctha do chách a áirithiú.

(4)  Is cuid de tríú pacáiste soghluaisteachta ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2018 dar teideal ‘Europe on the Move - Sustainable Mobility for Europe: safe, connected and clean’ [‘An Eoraip ag Gluaiseacht - Soghluaisteacht Inbhuanaithe don Eoraip: slán, nasctha agus glan’] an Rialachán seo, ar cuid é den obair a lean teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 dar teideal ‘Investing in a smart, innovative and sustainable Industry: A renewed EU Industrial Policy Strategy’ [‘Infheistíocht a dhéanamh ar mhaithe le tionscal cliste, nuálach, inbhuanaithe: Straitéis athnuaite Beartais Tionsclaíochta AE’]. Tá an Rialachán seo ceaptha freisin an próiseas a chríochnú chun cur ar chumas an Aontais lántairbhe a bhaint as nuachóiriú agus dícharbónú na soghluaisteachta. Is é is aidhm don tríú pacáiste sin an tsoghluaisteacht san Eoraip a dhéanamh níos sábháilte agus níos inrochtana, an tionscal san Eoraip a dhéanamh níos iomaíche, na poist san Eoraip a dhéanamh níos sábháilte, agus an córas soghluaisteachta a dhéanamh níos glaine agus níos oiriúnaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Teastóidh leis sin tiomantas iomlán ó thaobh an Aontais, ó thaobh na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí de, go háirithe má táthar chun cur leis na hiarrachtaí astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) agus truailliú aeir a laghdú.

(5)  Leis an Rialachán seo, chomh maith le Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5)(6), réitítear an bealach le haghaidh laghduithe ar astaíochtaí CO2 i gcás na hearnála iompair de bhóthar agus cuidíonn sé an sprioc cheangailteach a bhaint amach maidir le laghdú 40 % ar a laghad a bhaint amach i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre ar fud an gheilleagair faoi 2030, i gcomparáid le 1990, faoi mar a formhuiníodh i gConclúidí na Comhairle Eorpaí an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, agus arna fhormheas ag an gComhairle an 6 Márta 2015 mar “Rannchuidiú Beartaithe an Aontais arna Chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras” ▌.

(6)  Formhuiníodh i gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, laghdú 30 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 2005 do na hearnálacha nach cuid de chóras trádála astaíochtaí an Aontais iad. Is iad astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil iompair de bhóthar is cúis le cuid mhór d’astaíochtaí na n-earnálacha sin. Bhí an earnáil iompair de bhóthar freagrach as tuairim is ceathrú cuid d’astaíochtaí iomlána an Aontais in 2016. Tá astaíochtaí na hearnála sin ag méadú, agus tá siad i bhfad os cionn leibhéil 1990 go fóill. Má thagann méadú breise ar astaíochtaí ó iompar de bhóthar, déanfaidh siad na laghduithe ar astaíochtaí atá déanta in earnálacha eile chun an t-athrú aeráide a chomhrac a chur ar ceal.

(7)  Leagadh béim sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 ar an tábhacht a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus na rioscaí a bhaineann le bheith spleách ar bhreosla iontaise in earnáil an iompair a laghdú trí bhíthin cur chuige cuimsitheach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chun an laghdú ar astaíochtaí agus an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn in earnáil an iompair, le haghaidh iompar leictreach agus foinsí in-athnuaite fuinnimh in earnáil an iompair freisin tar éis 2020.

(8)  Chun fuinneamh atá slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne a chur ar fáil do thomhaltóirí san Aontas, tá rannchuidiú na héifeachtúlachta fuinnimh leis an éileamh a mhaolú ar cheann de na cúig ghné a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015 dar teideal “A Framework Strategy for a Resilient Energy Union with a Forward-Looking Climate Change Policy ” [“Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide”], ar gnéithe iad a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile agus a neartaíonn a chéile. Luaitear sa teachtaireacht sin, cé gur gá bearta a dhéanamh sna hearnálacha eacnamaíocha ar fad chun éifeachtúlacht an ídithe fuinnimh sna hearnálacha sin a mhéadú, go bhfuil cumas ollmhór san earnáil iompair ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de.

(9)  Is iad astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair, lena n-áirítear leoraithe, busanna agus cóistí, is cúis le thart ar 6 % de na hastaíochtaí CO2 san Aontas ina n-iomláine agus thart ar 25 % de na hastaíochtaí CO2 ó iompar de bhóthar ina n-iomláine. Mura ndéantar aon bheart ina leith sin, meastar go dtiocfaidh méadú thart ar 9 % ar an sciar d’astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair idir 2010 agus 2030. Faoi láthair, ní leagtar síos le dlí an Aontais aon cheanglais maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 d'fheithiclí tromshaothair, agus mar sin, beidh gá le bearta sonracha d’fheithiclí den sórt sin gan mhoill.

(10)  Ba cheart, dá bhrí sin, spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú do 2025 agus 2030 le haghaidh flíteanna feithiclí nua tromshaothair ar fud an Aontais, agus an t-am is gá chun an flít feithiclí a athnuachan agus an gá don earnáil iompair de bhóthar rannchuidiú le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach do2030 agus ina dhiaidh sin á chur san áireamh. Comhartha luath agus soiléir is ea an cur chuige céim ar chéim sin freisin don tionscal dlús a chur le teicneolaíocht atá éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a thabhairt isteach ar an margadh. Ba cheart gur rannchuidiú é feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a imlonnú chun dul i ngleic le fadhbanna soghluaisteachta uirbeacha. Cé go bhfuil sé riachtanach chun astaíochtaí CO2 a laghdú san earnáil iompair de bhóthar, tá cur chun cinn feithiclí tromshaothair den sórt sin ag monaróirí tábhachtach freisin le haghaidh laghdú iarbhír ar thruailleáin aeir agus ar leibhéil torainn iomarcacha i gcathracha agus i limistéir uirbeacha.

(11)  Chun an cumas ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de a bhaint amach ina iomláine agus chun a áirithiú go rannchuidíonn an earnáil iompair de bhóthar ina hiomláine leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a aontaíodh a bhaint amach, is iomchuí na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 atá i bhfeidhm cheana féin i dtaca le gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua a chomhlánú trí chaighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 i dtaca le feithiclí nua tromshaothair a leagan síos. A bhuí leis na caighdeáin feidhmíochta sin, spreagfar an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí lena gcuirfear an éifeachtúlacht bhreosla chun cinn, rud a chuirfidh le ceannaireacht theicneolaíoch mhonaróirí agus sholáthraithe an Aontais, agus le cruthú post ardoilte san fhadtéarma.

(12)  Ag cur san áireamh gur fadhb thrasteorann é an t-athrú aeráide agus gur gá margadh aonair dea-fheidhmiúil a chosaint do sheirbhísí iompair de bhóthar agus, ina theannta sin, d’fheithiclí tromshaothair agus ilroinnt ar an margadh a sheachaint ag an am céanna, is iomchuí caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 i dtaca le feithiclí tromshaothair a leagan síos ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na caighdeáin feidhmíochta sin a bheith ▌ gan dochar do dhlí iomaíochta an Aontais.

(13)  Agus na leibhéil laghdúcháin i dtaobh astaíochtaí CO2 á sainiú ba cheart do fhlít feithiclí tromshaothair an Aontais a bhaint amach, ba cheart go gcuirfí san áireamh éifeachtacht na leibhéal laghdúcháin sin chun cuidiú ar bhealach costéifeachtach astaíochtaí CO2 na n-earnálacha arna gcumhdach le Rialachán ▌(AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) a laghdú faoi 2030, na costais agus na coigiltis a bheadh ann don tsochaí, do mhonaróirí, d'oibreoirí iompair agus do thomhaltóirí agus, ina theannta sin, na himpleachtaí díreacha agus indíreacha a bheadh ag na leibhéil laghdúcháin sin don fhostaíocht, don nuálaíocht agus don na tairbhí indíreacha arna nginiúint i dtéarmaí truailliú aeir a laghdú agus slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú.

(14)  Ba cheart aistriú chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, arb aistriú é a bheidh inghlactha go sóisialta agus cóir, a áirithiú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí san áireamh éifeachtaí sóisialta an aistrithe ar fud an tslabhra luacha ar fad sa tionscal mótarfheithiclí agus go dtabharfaí aghaidh ghníomhach ar na himpleachtaí fostaíochta. Ba cheart féachaint ar chláir spriocdhírithe, dá bhrí sin, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh athsciliú, uas-sciliú agus ath-imlonnú oibrithe, mar aon le tionscnaimh oideachais agus cuardaithe poist i bpobail agus réigiúin atá thíos leis an aistriú, ar tionscnaimh iad a reáchtálfar i ndlúth-idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta agus na húdaráis inniúla. Mar chuid den aistriú sin, ba cheart fostaíocht na mban mar aon le comhionannas deiseanna san earnáil sin a neartú.

(15)  Chun go mbeidh rath ar an aistriú chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha is gá cur chuige comhtháite agus an timpeallacht cheart chumasúcháin chun an nuálaíocht a spreagadh agus chun go leanfaidh an tAontas de bheith ina cheannaire teicneolaíochta san earnáil iompair de bhóthar. Áirítear leis sin infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha sa taighde agus sa nuálaíocht, méadú ar sholáthar na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle, leathadh amach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe, an comhtháthú leis na córais fuinnimh, mar aon le soláthar inbhuanaithe ábhar le haghaidh ceallraí san Eoraip agus táirgeadh inbhuanaithe ceallraí, agus athúsáid agus athchúrsáil ceallraí san Eoraip. Is gá gníomhaíocht chomhleanúnach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chuige sin, lena n-áirítear trí dhreasachtaí chun tacú le glacadh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle.

(16)  Tugadh isteach nós imeachta nua chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair ar leith a chinneadh mar chuid de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) a chur chun feidhme. Le Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún(9), déantar foráil maidir le modheolaíocht, bunaithe ar an uirlis ríofa um ídiú fuinnimh feithicle (VECTO), lenar féidir astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla fhlít iomlán na bhfeithiclí tromshaothair a ionsamhlú. Leis an modheolaíocht sin, féadtar éagsúlacht na hearnála feithiclí tromshaothair agus ardleibhéal oiriúnaithe feithiclí tromshaothair ar leith a chur san áireamh. Ar dtús, ón 1 Iúil 2019, déanfar astaíochtaí CO2 a chinneadh do cheithre ghrúpa feithiclí tromshaothair arb iad is cúis le thart ar 65 % go 70 % d'astaíochtaí uile CO2 ó fhlít feithiclí tromshaothair an Aontais.

(17)  I bhfianaise na nuálaíochta agus chun cur chun feidhme teicneolaíochtaí nua lena gcuirtear feabhas ar éifeachtúlacht breosla feithiclí tromshaothair a chur san áireamh, déanfar uirlis ionsamhlúcháin VECTO agus Rialachán (AE) 2017/2400 a nuashonrú ar bhonn leanúnach agus go tráthrialta.

(18)  Is faoi Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10) a dhéanfar faireachán ar na sonraí i leith astaíochtaí CO2 arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2017/2400. Ba cheart na sonraí sin a bheith mar bhonn chun a chinneadh cad iad na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 atá le baint amach ag na ceithre ghrúpa de na feithiclí tromshaothair is mó astaíochtaí san Aontas agus, lena chois sin, chun meánastaíochtaí sonracha monaróra i dtréimhse tuairiscithe ar leith a chinneadh.

(19)  Ba cheart sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú do 2025 a bheadh ina laghdú coibhneasta bunaithe ar mheánastaíochtaí CO2 de chuid na bhfeithiclí tromshaothair sin a nuachláraíodh le linn na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh 2020, lena léirítear imlonnú gnáthfheithiclí teicneolaíochtaí costéifeachtacha ar féidir teacht orthu go héasca. Ba cheart sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú don bhliain 2030 ar aghaidh. Ba cheart feidhm a bheith ag an sprioc sin mura gcinnfear a mhalairt de bhun an athbhreithnithe atá le déanamh in 2022 ▌. Is i gcomhréir le gealltanais an Aontais Eorpaigh faoi Chomhaontú Pháras ba cheart measúnú ar sprioc 2030 a dhéanamh.

(20)  Chun stóinseacht na n-astaíochtaí tagartha CO2 i leith astaíochtaí CO2 méadaithe feithiclí tromshaothair a áirithiú, trí bhíthin nós imeachta míchuí, nach léireodh cás ina bhfuil na hastaíochtaí CO2 faoi rialáil cheana féin, is iomchuí modheolaíocht ceartúcháin chun na hastaíochtaí tagartha CO2 a chur ar fáil.

(21)  Breosla malartach atá ar fáil d’fheithiclí tromshaothair is ea an gás nádúrtha leachtaithe (GNL) in áit díosail. De bhíthin teicneolaíochtaí níos nuálaí atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn i réimse GNL a bheith á n-imlonnú, rannchuideofar le spriocanna i leith laghduithe ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma toisc gurb ísle astaíochtaí CO2 de thoradh theicneolaíochtaí GNL a bheith á n-úsáid i gcomparáid le feithiclí díosail. Léirítear go cuimsitheach in VECTO cheana féin, an cumas atá ag feithiclí GNL astaíochtaí CO2 a laghdú. Ina theannta sin, agus a bhuí sin le teicneolaíochtaí GNL, áirithítear go mbeidh leibhéal íseal astaíochtaí truailleán aeir ann, amhail astaíochtaí NOx agus astaíochtaí ábhair cháithnínigh. Tá bonneagar athbhreoslaithe leordhóthanach íosta ann freisin agus tá tuilleadh imlonnaithe á dhéanamh air mar chuid de chreataí beartais náisiúnta le haghaidh bonneagar breoslaí malartacha.

(22)  Nuair a bheidh astaíochtaí tagartha CO2 á ríomh, arb astaíochtaí iad a úsáidfear mar bhunús chun spriocanna 2025 agus 2030 i leith astaíochtaí sonracha CO2 a shocrú, ba cheart an cumas laghdúcháin maidir le hastaíochtaí CO2 a bhfuiltear ag súil leis ón bhflít feithiclí tromshaothair ▌ a chur san áireamh. Is iomchuí, dá bharr sin, feithiclí seirbhíse, amhail feithiclí bailithe bruscair nó feithiclí láithreáin tógála, a eisiamh ón ríomh sin. Bíonn míleáiste réasúnta íseal ag na feithiclí sin, agus i ngeall ar a bpatrún tiomána sonrach, dealraíonn sé nach bhfuil bearta teicniúla atá ceaptha astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a laghdú costéifeachtach sa dóigh chéanna agus atá siad i gcás feithiclí tromshaothair a úsáidtear chun earraí a sheachadadh.

(23)  Ba cheart na ceanglais maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shloinneadh i ngraim CO2 in aghaidh tona-ciliméadar chun fóntas na bhfeithiclí tromshaothair a léiriú.

(24)  Ní mór a áirithiú go leithdháilfear go cothrom na ceanglais fhoriomlána maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 ar na monaróirí, agus an éagsúlacht a bhaineann le feithiclí tromshaothair ó thaobh a ndeartha agus a bpatrúin tiomána de, agus a míleáiste bliantúil, pálasta agus cumraíocht leantóra á gcur san áireamh. Is iomchuí, dá bhrí sin, dealú a dhéanamh idir feithiclí tromshaothair de réir foghrúpaí feithicle difriúla agus ar leith lena léirítear gnáthphatrún úsáide na bhfeithiclí agus a n-airíonna teicniúla sonracha. Trí spriocanna bliantúla i leith astaíochtaí sonracha CO2 a shocrú do mhonaróirí a chomhfhreagraíonn do mheán ualaithe na spriocanna a shainítear do gach ceann de na foghrúpaí sin, tugtar freisin an deis do mhonaróirí cothromaíocht a bhaint amach ar bhealach éifeachtach idir feithiclí i bhfoghrúpaí áirithe nach n-éiríonn leo na spriocanna a bhaint amach agus feithiclí i bhfoghrúpaí eile a sháraíonn na spriocanna, agus meánastaíochtaí CO2 na bhfeithiclí sna foghrúpaí difriúla le linn a saolré á gcur san aíreamh.

(25)  Is ar bhonn a mheánastaíochtaí CO2 ba cheart a mheas an bhfuil ag éirí le monaróir a spriocanna bliantúla i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chomhlíonadh. Chun na meánastaíochtaí sonracha CO2 a shocrú, ba cheart na sonraíochtaí a léirítear sna foghrúpaí feithiclí éagsúla a mheas chomh maith. Mar thoradh air sin, ba cheart na meánastaíochtaí sonracha CO2 atá ag monaróir a bheith bunaithe ar na meánastaíochtaí CO2 a chinntear do gach foghrúpa feithiclí, lena n-áirítear ualú atá bunaithe ar an meánmhíleáiste bliantúil agus ar an meán-phálasta atá toimhdithe maidir leis na foghrúpaí sin, lena léirítear astaíochtaí iomlána CO2 le linn na saolré iomláine. De bharr cumas teoranta feithiclí seirbhíse maidir le hastaíochtaí CO2, níor cheart na feithiclí sin a chur san áireamh chun meánastaíochtaí sonracha a ríomh.

(26)  Chun aistriú rianúil chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a áirithiú agus chun dreasachtaí a sholáthar chun feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle a fhorbairt agus a imlonnú ar mhargadh an Aontais a chomhlánódh ionstraimí a imríonn tionchar ar an éileamh, amhail Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), ba cheart sásra tiomnaithe i bhfoirm sár-chreidmheasanna a thabhairt isteach le haghaidh na dtréimhsí tuairiscithe roimh 2025 agus ba cheart tagarmharc do sciar na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle i bhflít monaróra a shocrú do na treimhsí tuairiscithe ó 2025 ar aghaidh.

(27)  Ba cheart an córas dreasachta a dhearadh chun cinnteacht infheistíochta do sholáthraithe agus monaróirí bonneagair luchtaithe a áirithiú chun imlonnú gasta ar mhargadh an Aontais d’fheithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle a chur chun cinn, agus solúbthacht áirithe á ceadú san am céanna do mhonaróirí a n-amlíne infheistíochta a chinneadh.

(28)  Chun críche meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a ríomh, sna tréimhsí tuairiscithe roimh 2025, ba cheart ▌feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha uile agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle uile a chomhaireamh níos mó ná uair amháin. Do na treimhsí tuairiscithe ó 2025 ar aghaidh, ba cheart meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a ríomh agus a fheidhmiú i gcomparáid le tagarmharc na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle á chur san áireamh. Ba cheart an leibhéal dreasachtaí a athrú ag brath ar astaíochtaí iarbhír CO2 na feithicle. Chun a áirithiú nach ndéanfaí cuspóirí comhshaoil a lagú, ba cheart an laghdú a dhéanfaí dá bharr ar astaíochtaí CO2 a bheith faoi réir uasteorann.

(29)  Níor cheart feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle a dhreasú ach amháin i gcás inar lú a n-astaíochtaí CO2 ná ▌ leath d’astaíochtaí tagartha CO2 na bhfeithiclí ar fad san fhoghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil tromshaothair. ▌Thabharfadh sé sin spreagadh don nuálaíocht sa réimse sin.

(30)  Agus an sásra dreasachta á cheapadh le haghaidh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a imlonnú, ba cheart leoraithe beaga ▌ nach bhfuil faoi réir spriocanna i leith laghduithe ar astaíochtaí CO2 faoin Rialachán seo a áireamh freisin. Ina theannta sin, baineann tairbhí móra leis na feithiclí sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna truaillithe aeir i gcathracha. ▌Chun a áirithiú go mbeidh cothromaíocht mhaith ann idir na cineálacha difriúla feithicle ó thaobh dreasachtaí de, ba cheart an laghdú ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra, de thoradh leoraithe beaga astaíochtaí nialasacha ▌a bheith faoi réir uasteorann freisin.

(31)  Chun cur chun feidhme costéifeachtach na gceanglas maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a chur chun cinn, agus na hathruithe ar chomhdhéanamh fhlít na bhfeithiclí tromshaothair agus ar na hastaíochtaí CO2 le himeacht na mblianta á gcur san áireamh, ba cheart an deis a bheith ag monaróirí cothromaíocht a bhaint amach idir an bhliain ina sáraíonn siad an sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 is gá dóibh a chomhlíonadh agus an bhliain nach n-éiríonn leo an sprioc sin a chomhlíonadh.

(32)  Chun laghduithe luatha ar astaíochtaí CO2 a dhreasú, monaróir, ar lú a mheánastaíochtaí sonracha CO2 ná an chonair laghduithe astaíochtaí CO2 a shainítear trí bhíthin na n-astaíochtaí tagartha CO2 ▌agus sprioc 2025 maidir le hastaíochtaí CO2, ba cheart go mbeadh sé in ann na creidmheasanna astaíochtaí sin a shábháil chun críche an sprioc a chomhlíonadh in 2025. Ar an dóigh chéanna, monaróir, ar lú a mheánastaíochtaí sonracha CO2 ná an chonair laghduithe astaíochtaí CO2 idir sprioc 2025 agus an sprioc is infheidhme ó 2030 ar aghaidh, ba cheart go mbeadh sé in ann na creidmheasanna astaíochtaí sin a shábháil chun críche na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 a chomhlíonadh ón 1 Iúil 2025 go dtí 30 Meitheamh 2030.

(33)  I gcás neamhchomhlíonadh a sprice i leith astaíochtaí sonracha CO2 in aon cheann de na tréimhsí tuairiscithe dhá mhí dhéag dar tús 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2030, ba cheart an deis a bheith ag an monaróir fiach astaíochta teoranta a fháil. Mar sin féin, ba cheart do mhonaróirí aon fhiach astaíochta atá fós ann i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2029 dar críoch 30 Meitheamh 2030 a ghlanadh.

(34)  Níor cheart féachaint ar chreidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta ach amháin chun críche cinneadh a dhéanamh an bhfuil ag éirí le monaróir a sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chomhlíonadh agus ní mar shócmhainní atá inaistrithe nó faoi réir bearta fioscacha.

(35)  Ba cheart don Choimisiún pionós airgeadais a fhorchur, i bhfoirm préimhe astaíochtaí CO2 iomarcacha, i gcás inar léir go bhfuil astaíochtaí iomarcacha ag monaróir, agus creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta á gcur san áireamh. Ba cheart go gcuirfí faisnéis faoi astaíochtaí CO2 iomarcacha monaróirí ar fáil go poiblí. Chun dreasacht leordhóthanach a thabhairt do mhonaróirí chun bearta a ghlacadh lena laghdófar astaíochtaí sonracha CO2 ó fheithiclí tromshaothair, tá sé tábhachtach go mbeadh an phréimh ▌níos mó ná meánchostais imeallacha na dteicneolaíochtaí is gá chun na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 a bhaint amach. Ba cheart an mhodheolaíocht i dtaca le bailiú préimheanna a shocrú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, agus an mhodheolaíocht arna glacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) á cur san áireamh. Maidir leis an bpréimh, ba cheart go measfaí gur ioncam le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais í. Mar chuid den mheasúnú atá le déanamh de bhun Rialachán (AE) 2019/...(13) , ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh arbh fhéidir na méideanna sin a leithdháileadh ar chiste sonrach nó ar chlár ábhartha a bhfuil sé mar aidhm leis aistriú cothrom i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a áirithiú agus tacú le hathsciliú agus uas-sciliú na n-oibrithe san earnáil mótarfheithiclí agus le hoiliúint na n-oibrithe sin i scileanna eile.

(36)  Is gá sásra láidir um chomhlíonadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 faoin Rialachán seo. I ngeall ar an oibleagáid ar mhonaróirí de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2018/956 sonraí atá cruinn a chur ar fáil agus na fíneálacha riaracháin a fhéadfar a fhorchur sa chás nach gcomhlíonfar an oibleagáid sin, déantar deimhin de go mbainfear úsáid as sonraí stóinseacha chun a áirithiú go gcomhlíontar na spriocanna faoin Rialachán seo.

(37)  Chun laghduithe ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach de bhun an Rialacháin seo, ba cheart astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair atá in úsáid a bheith i gcomhréir leis na luachanna arna socrú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, aon neamh-chomhlíonadh córasach a aimsíonn na húdaráis cineálcheadaithe maidir le hastaíochtaí CO2 na bhfeithiclí tromshaothair atá in úsáid a chur san áireamh agus é ag ríomh meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra.

(38)  Chun go mbeidh sé inniúil ar na bearta sin a dhéanamh, ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún nós imeachta a ullmhú agus a bhunú chun a fhíorú go bhfuil astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí tromshaothair inseirbhíse, arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 595/2009, agus a bhearta cur chun feidhme, i gcomhréir leis na luachanna astaíochta CO2 atá taifeadta sna deimhnithe comhréireachta, sna deimhnithe um cheadú aonair nó sna comhaid faisnéise custaiméara. Agus an nós imeacht sin á fhorbairt, ba cheart aird ar leith a dhíriú ar mhodhanna a shainaithint, lena n-áirítear úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, chun teacht ar straitéisí lena gcuirtear feabhas saorga ar fheidhmíocht CO2 feithicle sa nós imeachta deimhniúcháin. I gcás ina n-aimsítear neamhréireachtaí nó straitéisí lena gcuirtear feabhas saorga ar fheidhmíocht CO2 feithicle le linn na bhfíoruithe sin, tá na torthaí sin le meas mar chúiseanna leordhóthanacha a cheapadh gur ann do riosca tromchúiseach neamhchomhlíonta maidir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14), agus ba cheart do na Ballstáit, ar an mbonn sin, na bearta is gá a dhéanamh de bhun Chaibidil XI de Rialachán (AE) 2018/858.

(39)  I bhfírinne, maidir leis na spriocanna i leith astaíochtaí CO2 a leagtar amach sa Rialachán seo, braitheann a n-éifeachtacht go mór ar fhíorionadaíochas na modheolaíochta a úsáidtear chun astaíochtaí CO2 a chinneadh. I gcomhréir leis an Tuairim ón Sásra um Chomhairle Eolaíoch (SAM) i dtaca le feithiclí saothair éadroim, agus an moladh ó Pharlaimint na hEorpa tar éis di tomhais astaíochtaí san earnáil mótarfheithiclí a fhiosrú, is iomchuí freisin i gcás feithiclí tromshaothair sásra a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar fhíorionadaíochas luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe fuinnimh arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2017/2400. Is é an bealach is iontaofa chun fíorionadaíochas na luachanna sin a áirithiú ná trí úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh. Ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún dá bhrí sin na nósanna imeachta a fhorbairt is gá chun sonraí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh, a bhfuil gá leo chun na measúnuithe sin a dhéanamh, a bhailiú agus a phróiseáil agus a áirithiú go mbeidh na sonraí sin ar fáil don phobal, fad a fhoráiltear don chosaint a thugtar d’aon sonraí pearsanta.

(40)  Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh sonraí faoi ídiú breosla agus fuinnimh a bheith ina gcuidiú lena áirithiú go mbeidh astaíochtaí CO2 feithiclí arna gcinneadh le huirlis VECTO i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena bhearta cur chun feidhme ionadaíoch i gcónaí ar fhíorastaíochtaí CO2 le himeacht ama do na monaróirí ar fad agus, go sonrach, ar an gcaoi ar féidir na sonraí sin a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an mbearna idir luachanna astaíochtaí CO2 arna gcinneadh le huirlis VECTO agus fíorastaíochtaí CO2 agus, i gcás inar gá, cosc a chur ar mhéadú na bearna sin.

(41)  In 2022, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na gcaighdeán feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a leagtar síos sa Rialachán seo agus, go háirithe, leibhéal na sprice i leith laghduithe ar astaíochtaí CO2 atá le baint amach faoi 2030 agus tar éis sin, na módúlachtaí ar cheart teacht a bheith orthu chun an sprioc sin a bhaint amach agus, lena chois sin, na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú i gcás cineálacha eile feithiclí tromshaothair, amhail leoraithe beaga, feithiclí seirbhíse, busanna, cóistí agus leantóirí. Anuas air sin, ba cheart a chur san áireamh leis an measúnú sin, chun críche an Rialacháin seo agus chun na críche sin amháin, breithnithe ar fheithiclí tromshaothair agus cónaisc feithiclí, agus na meáchain agus toisí is infheidhme i dtaobh iompar náisiúnta á gcur san áireamh, mar shampla, iompar modúlach agus iompar idirmhódach, agus measúnú á dhéanamh ag an am céanna ar ghnéithe slándála agus éifeachtúlachta a d’fhéadfadh a bheith ann, ar éifeachtaí idirmhódacha, comhshaoil, bonneagair agus athphreibe chomh maith le suíomh geografach na mBallstát.

(42)  Tá sé tábhachtach go ndéanfaí measúnú ar na hastaíochtaí CO2 ar feadh shaolré na bhfeithiclí tromshaothair ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná 2023, meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán na bhfeithiclí tromshaothair a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus chun tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin i rith an ama. Ba cheart don Choimisiún bearta leantacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha, a ghlacadh.

(43)  Chun a áirithiú go bhfanann astaíochtaí sonracha CO2 feithiclí tromshaothair ionadaíoch agus go hiomlán cothrom le dáta, ní mór leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus ar a bhearta cur chun feidhme a dhéanann difear do na hastaíochtaí sonracha CO2 sin a léiriú sa Rialachán seo. Chun na críche sin, ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún modheolaíocht a chinneadh lena sainítear feithicil tromshaothair ionadaíoch do gach foghrúpa feithiclí, ar ar a bhonn ba cheart athruithe ar astaíochtaí sonracha CO2 a mheas.

(44)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le liosta de shonraí áirithe agus d’fheidhmíocht monaróirí a fhoilsiú.

(45)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le feithiclí atá deimhnithe mar fheithiclí seirbhíse a shainaithint agus ceartúcháin a chur i bhfeidhm maidir le meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 monaróra, le préimheanna astaíochtaí CO2 iomarcacha a bhailiú, le neamhréireachtaí i luachanna astaíochtaí CO2 a thuairisciú agus iad a chur san áireamh agus meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 á ríomh, le measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcoinníollacha faoinar cinneadh astaíochtaí tagartha CO2 agus na critéir chun a chinneadh an ndearnadh na hastaíochtaí sin a mhéadú go míchuí agus, más amhlaidh go ndearnadh, conas a cheartófar iad, lena áirithiú go gcuirtear paraiméadair áirithe a bhaineann le fíorastaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair ar fáil don Choimisiún, le fíoruithe a dhéanamh go gcomhfhreagraíonn luachanna astaíochtaí CO2 agus luachanna ídithe breosla sna comhaid faisnéise custaiméara d’astaíocht CO2 ó fheithiclí tromshaothair inseirbhíse agus straitéis a bheith ann chun feabhas saorga a chur ar fheidhmíocht na feithicle i dtástálacha a dhéantar nó i ríomhanna a dhéantar, agus le feithicil ionadaíoch amháin nó níos d’fhoghrúpa feithiclí mó a shainiú ar ar a bonn atá coigeartaithe pálasta le cinneadh. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) 595/2009 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le gnéithe áirithe d’fheidhmíocht chomhshaoil feithiclí de chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme dá dtagraítear san aithris seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15).

(46)  Chun eilimintí neamhriachtanacha fhorálacha an Rialacháin seo a leasú nó a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hastaíochtaí tagartha CO2 a choigeartú, i dtaca leis na treoirphrionsabail agus treoirchritéir a leagan amach chun na nósanna imeachta a shainiú chun astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair inseirbhíse a fhíorú agus i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú maidir le paraiméadair theicniúla áirithe, lena n-airítear ualuithe na bpróifílí misin, na luachanna pálasta, na luachanna an mhíleáiste bhliantúil agus na fachtóirí coigeartaithe pálasta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(16). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(47)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair a ghnóthú go leordhóthanach ach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(48)  Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle(17) a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

Chun cur le sprioc an Aontais a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 30 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/842 agus le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 i dtaca le feithiclí nua tromshaothair lena ndéanfar astaíochtaí sonracha CO2 ó fhlít feithiclí tromshaothair an Aontais a laghdú i gcomparáid le hastaíochtaí tagartha CO2 mar a leanas:

(a)  15 % do thréimhsí tuairiscithe na bliana 2025 amach;

(b)  30 % do thréimhsí tuairiscithe na bliana 2030 amach,mura gcinnfear a mhalairt de bhun an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 13.

Beidh astaíochtaí tagartha CO2 bunaithe ar na sonraí faireacháin ▌ arna dtuairisciú de bhun Rialachán (AE) 2018/956 don tréimhse idir 1 Iúil 2019 agus 30 Meitheamh 2020 (‘an tréimhse thagartha’), ach gan feithiclí seirbhíse san áireamh, agus déanfar iad a ríomh i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí nua tromshaothair de chatagóirí N2 agus N3 a bhfuil na hairíonna seo a leanas acu:

(a)  leoraithe dochta a bhfuil cumraíocht acastóirí 4x2 acu agus uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil a sháraíonn 16 thona;

(b)  leoraithe dochta a bhfuil cumraíocht acastóirí 6x2 acu;

(c)  tarracóirí a bhfuil cumraíocht acastóirí 4x2 acu agus uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil a sháraíonn 16 thona; agus

(d)  tarracóirí a bhfuil cumraíocht acastóirí 6x2 acu.

Beidh feidhm ag an Rialachán freisin, chun críocha Airteagal 5 den Rialachán seo agus phointe 2.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis, maidir le ▌feithiclí nua tromshaothair de chatagóir N nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18) agus nach bhfuil na hairíonna a leagtar amach i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh acu.

Tagraítear leis na catagóirí feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo do na catagóirí feithiclí a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19).

2.  Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur feithiclí nua tromshaothair i dtréimhse ar leith 12 mhí dar tús an 1 Iúil na feithiclí dá dtagraítear i mír 1 má chláraítear iad san Aontas den chéad uair sa tréimhse sin agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas iad.

Ní dhéanfar clárú roimhe sin, arna dhéanamh lasmuigh den Aontas tráth nach faide ná trí mhí roimh chlárú san Aontas, a chur san áireamh.

3.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nós imeachta sonrach chun feithiclí tromshaothair atá deimhnithe mar fheithiclí seirbhíse a shainaithint de bhun Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus na mbeart cur chun feidhme a ghabhann leis, nach bhfuil cláraithe mar sin, agus déanfaidh sé ceartúcháin a chur i bhfeidhm maidir le meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 monaróra chun na feithiclí sin a chur san áireamh, ó thréimhse tuairiscithe na bliana 2021 amach agus do gach tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘astaíochtaí tagartha CO2’ meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 sa tréimhse thagartha dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 1 i gcomhair na bhfeithiclí nua tromshaothair uile i ngach foghrúpa feithiclí, ach gan feithiclí seirbhíse san áireamh, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I;

(2)  ciallaíonn ‘astaíochtaí sonracha CO2’ astaíochtaí CO2 feithicle tromshaothair ar leith arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.1 d’Iarscríbhinn I;

(3)  ciallaíonn ‘tréimhse tuairiscithe na bliana Y’ an tréimhse ón 1 Iúil na bliana Y go dtí an 30 Meitheamh na bliana Y+1;

(4)  ciallaíonn ‘meánastaíochtaí sonracha CO2’ meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair feithiclí nua tromshaothair monaróra i dtréimhse tuairiscithe ar leith arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.7 d’Iarscríbhinn I;

(5)  ciallaíonn ‘sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2’ sprioc astaíochtaí CO2 de chuid monaróra aonair, arna sloinneadh in g/tkm agus arna cinneadh ar bhonn bliantúil don tréimhse tuairiscithe roimhe sin i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn I;

(6)  ciallaíonn ‘leoraí docht’ leoraí nach bhfuil deartha nó déanta chun leathleantóir a tharraingt;

(7)  ciallaíonn ‘tarracóir’ aonad tarracóra atá deartha agus déanta go heisiach nó go príomha chun leathleantóirí a tharraingt;

(8)  ciallaíonn ‘foghrúpa feithiclí’ grúpa feithiclí mar a shainítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, a bhfuil tacar comhchoiteann sainiúil critéar teicniúil mar shaintréith acu atá ábhartha chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na bhfeithiclí sin a chinneadh;

(9)  ciallaíonn ‘feithicil seirbhíse’ feithicil tromshaothair ▌ar ina leith a cinneadh astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme, do phróifílí misin eile seachas na cinn sin a shainítear i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus do na próifílí misin sin amháin;

(10)  ciallaíonn ‘monaróir’ an duine nó an comhlacht atá freagrach as na sonraí a bhaineann le feithiclí nua tromshaothair a thíolacadh de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/956 nó, i gcás feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha, an duine nó an comhlacht atá freagrach don údarás ceadaithe as gach gné de nós imeachta cineálcheadaithe CE nó as an nós imeachta aonair ceadaithe i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE agus as comhréireacht na táirgeachta a áirithiú;

(11)  ciallaíonn ‘feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha’ feithicil tromshaothair nach bhfuil inneall dócháin inmheánaigh aici, nó a bhfuil inneall dócháin inmheánaigh aici a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/kWh arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme, nó a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/km arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20) agus a bhearta cur chun feidhme;

(12)  ciallaíonn ‘feithicil tromshaothair astaíochtaí ísle’ feithicil tromshaothair, seachas feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha, a bhfuil astaíochtaí sonracha CO2 aici is lú ná a leath d’astaíochtaí tagartha CO2 na bhfeithiclí ar fad san fhoghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil tromshaothair, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.3.3 d’Iarscríbhinn I;

(13)  ciallaíonn ‘próifíl mhisin’ meascán de sprioc maidir le timthriall luais, luach pálasta, cumraíocht chabhlach nó leantóra agus paraiméadair eile, más infheidhme, lena léirítear an úsáid shonrach a bhaintear as feithicil, ar ar a bhonn a chinntear astaíochtaí oifigiúla CO2 agus ídiú oifigiúil breosla feithicle tromshaothair;

(14)  ciallaíonn ‘sprioc maidir le timthriall luais’ an tuairisc ar threoluas na feithicle is mian leis an tiománaí a bhaint amach nó ag a bhfuil sé teoranta i ngeall ar dhálaí tráchta, mar fheidhm den fhad arna thaisteal le linn turais;

(15)  ciallaíonn ‘pálasta’ meáchan na n-earraí nó na ndaoine a iompraíonn feithicil faoi dhálaí difriúla.

Airteagal 4

Meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra

Cinnfidh an Coimisiún, ón 1 Iúil 2020 den chéad uair, agus gach tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin ▌, meánastaíochtaí sonracha CO2 gach monaróra in g/tkm don tréimhse tuairiscithe roimhe sin, trí na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

(a)  na sonraí arna dtuairisciú de bhun Rialachán (AE) 2018/956 i dtaca le feithiclí nua tromshaothair an mhonaróra arna gclárú sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, ach gan feithiclí seirbhíse san áireamh; agus

(b)  an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5.

Déanfar na meánastaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh i gcomhréir le pointe 2.7 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 5

Feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle

1.  Cinnfidh an Coimisiún, ón 1 Iúil 2020 den chéad uair agus gach tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin ▌do gach monaróir an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle don tréimhse tuairiscithe roimhe sin.

Leis an bhfachtóir astaíochtaí nialasacha agus leis an bhfachtóir astaíochtaí ísle, cuirfear san áireamh líon na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle, mar aon lena n-astaíochtaí CO2, i bhflít an mhonaróra i dtréimhse tuairiscithe, lena n-áirítear feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1), chomh maith le feithiclí seirbhíse astaíochtaí nialasacha agus feithiclí seirbhíse astaíochtaí ísle, agus cinnfear na fachtóirí sin i gcomhréir le pointe 2.3 d’Iarscríbhinn I.

2.  I gcás thréimhsí tuairiscithe 2019 go 2024, déanfar líon na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle a chomhaireamh mar a leanas chun críche mhír 1:

(a)  comhairfear feithicil astaíochtaí nialasacha mar dhá fheithicil; agus

(b)  comhairfear feithicil astaíochtaí ísle mar suas le dhá fheithicil de réir feidhm de chuid a hastaíochtaí sonracha CO2 agus thairseach astaíochtaí ísle an fhoghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil, mar a shainítear i bpointe 2.3.3 d’Iarscríbhinn I.

Déanfar an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle a chinneadh i gcomhréir le pointe 2.3.1 d’Iarscríbhinn I.

3.  I gcás na dtréimhsí tuairiscithe ón mbliain 2025 ar aghaidh, is ar bhonn thagarmharc 2 % a chinnfear an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle, i gcomhréir le pointe 2.3.2 d’Iarscríbhinn I.

4.  I ngeall ar an bhfachtóir astaíochtaí nialasacha agus ar an bhfachtóir astaíochtaí ísle, laghdófar meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra faoi 3 % ar a mhéad. De thoradh rannchuidiú na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1) leis an bhfachtóir sin, laghdófar meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra faoi 1,5 % ar a mhéad.

Airteagal 6

Spriocanna monaróra i leith astaíochtaí sonracha CO2

Cinnfidh an Coimisiún, ón 1 Iúil 2026 den chéad uair agus i ngach tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, do gach monaróir sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 don tréimhse tuairiscithe roimhe sin. Is é a bheidh sa sprioc sin i leith astaíochtaí sonracha CO2 suim na dtorthaí, as measc na bhfoghrúpaí feithiclí uile, ar na luachanna seo a leanas:

(a)  an sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den chéad mhír d’Airteagal 1, de réir mar is infheidhme;

(b)  astaíochtaí tagartha CO2;

(c)  sciar feithiclí an mhonaróra i ngach foghrúpa feithiclí;

(d)  na fachtóirí bliantúla míleáiste agus ualaithe pálasta a chuirtear i bhfeidhm maidir le gach foghrúpa feithiclí.

Déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 7

Creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta

1.  Chun a chinneadh an bhfuil a spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 á gcomhlíonadh ag monaróir le linn thréimhsí tuairiscithe na mbliana 2025 go 2029, cuirfear san áireamh na creidmheasanna astaíochta agus na fiacha astaíochta atá aige arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn I, a chomhfhreagraíonn do líon na bhfeithiclí nua tromshaothair de chuid an mhonaróra, gan feithiclí seirbhíse san áireamh, i dtréimhse tuairiscithe, arna iolrú faoi na nithe seo a leanas:

(a)  an difríocht idir conair laghdaithe astaíochtaí CO2 an mhonaróra sin dá dtagraítear i mír 2 agus a mheánastaíochtaí sonracha CO2, má tá an difríocht sin dearfach (‘creidmheasanna astaíochta’); nó

(b)  an difríocht idir meánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra sin agus an sprioc atá aige i leith astaíochtaí sonracha CO2, má tá an difríocht sin dearfach (‘fiacha astaíochta’).

Gheofar creidmheasanna astaíochta i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2019 go 2029. Mar sin féin, ní chuirfear na creidmheasanna astaíochta a gheofar i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2019 go 2024 san áireamh ach amháin chun a chinneadh an bhfuil a spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 do thréimhse tuairiscithe na bliana 2025 á gcomhlíonadh ag an monaróir ▌.

Gheofar fiacha astaíochta i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2025 go 2029. Mar sin féin, ní rachaidh an fiach astaíochta iomlán monaróra thar 5 % de sprioc an mhonaróra i leith astaíochtaí sonracha CO2 i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2025 arna iolrú faoi líon na bhfeithiclí tromshaothair de chuid an mhonaróra sa tréimhse sin (‘an teorainn maidir le fiach astaíochta’).

Aistreofar, i gcás ina mbeidh fáil orthu, creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta a gheofar i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2025 go 2028, ó thréimhse tuairiscithe féilire amháin go dtí an chéad tréimhse tuairiscithe eile. Glanfar aon fhiacha astaíochta a bheidh fágtha i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2029.

2.  Socrófar an chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 ▌do gach monaróir i gcomhréir le pointe 5.1 d’Iarscríbhinn I, bunaithe ar chonair líneach idir astaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 1 agus an sprioc ▌i leith astaíochtaí CO2 do thréimhse tuairiscithe na bliana 2025 mar a shonraítear i bpointe (a) den chéad mhír den Airteagal sin, agus idir an ▌sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhse tuairiscithe na bliana 2025 agus an ▌sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhsí tuairiscithe na bliana 2030 ar aghaidh mar a shonraítear i bpointe (b) den chéad mhír den Airteagal sin.

Airteagal 8

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chomhlíonadh

1.  I gcás ina bhfaightear go bhfuil astaíochtaí iomarcacha CO2 ag monaróir de bhun mhír 2 i dtréimhse tuairiscithe ar leith ó 2025 ar aghaidh, forchuirfidh an Coimisiún préimh astaíochtaí CO2 iomarcacha, arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

(a)  ó 2025 go 2029,

(Préimh astaíochtaí CO2 iomarcacha) = (Astaíochtaí CO2 iomarcacha x EUR 4 250/gCO2/tkm)

(b)  ó 2030 ar aghaidh,

(Préimh astaíochtaí CO2 iomarcacha) = (Astaíochtaí CO2 iomarcacha x EUR 6 800/gCO2/tkm).

2.  Measfar astaíochtaí CO2 iomarcacha a bheith ag monaróir in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)  i gcás, le linn aon cheann de thréimhsí tuairiscithe na mbliana 2025 go 2028, ina sáróidh suim na bhfiach astaíochta arna laghdú le méid na gcreidmheasanna astaíochta an teorainn maidir le fiach astaíochta dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 7(1);

(b)  i gcás, le linn thréimhse tuairiscithe na bliana 2029, gur dearfach suim na bhfiach astaíochta arna laghdú le méid na gcreidmheasanna astaíochta nialas;

(c)  i gcás, ó thréimhse tuairiscithe na bliana 2030 ar aghaidh, ina sáróidh meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2.

Déanfar na hastaíochtaí CO2 iomarcacha i dtréimhse tuairiscithe ar leith a ríomh i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn I.

3.  Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na modhanna maidir le préimheanna astaíochtaí CO2 iomarcacha a bhailiú faoi mhír 1 den Airteagal seo ▌. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

4.  Measfar, maidir leis na préimheanna astaíochtaí CO2 iomarcacha, gur ioncam iad do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 9

Sonraí faireacháin a fhíorú

1.  Tabharfaidh na húdaráis cineálcheadaithe tuairisc don Choimisiún gan mhoill i dtaca le haon neamhréireacht a aimsítear i luachanna astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair inseirbhíse i gcomparáid leis na luachanna sin a léirítear i ndeimhnithe comhréireachta nó i gcomhad faisnéise an chustaiméara dá dtagraítear in Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2017/2400 de thoradh fíoruithe arna ndéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo.

2.  Cuirfidh an Coimisiún na neamhréireachtaí dá dtagraítear i mír 1 san áireamh chun meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a ríomh.

3.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta chun na neamhréireachtaí sin a thuairisciú agus chun iad a chur san áireamh i ríomh na meánastaíochtaí sonracha CO2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin ▌ i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 10

Measúnú ar astaíochtaí tagartha CO2

Chun stóinseacht agus ionadaíochas astaíochtaí tagartha CO2 a áirithiú mar bhonn chun na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 fhlít an Aontais ina iomláine a chinneadh, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na ndálaí faoinar cinneadh astaíochtaí tagartha CO2, agus na critéir a bhunú chun a chinneadh an ndearnadh na hastaíochtaí sin a mhéadú go míchuí agus, más amhlaidh go ndearnadh, conas a cheartófar iad.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 11

Sonraí agus feidhmíocht monaróra a fhoilsiú

1.  Faoin 30 Aibreán gach bliain, foilseoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta ina léireofar an méid seo a leanas:

(a)  ón 1 Iúil 2020, i gcás gach monaróra, a mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)  ón 1 Iúil 2020, i gcás gach monaróra, an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle, sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 5(1);

(c)  ón 1 Iúil 2026, i gcás gach monaróra, a sprioc maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 don tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 6;

(d)  ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2031, i gcás gach monaróra, a chonair laghdaithe astaíochtaí CO2, a chreidmheasanna astaíochta agus, ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Iúil 2031, a fhiacha astaíochta sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 7;

(e)  ón 1 Iúil 2026, i gcás gach monaróra, a astaíochtaí CO2 iomarcacha sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 8(1);

(f)  ón 1 Iúil 2020 ar aghaidh, an meán d’astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a cláraíodh san Aontas sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin.

Sa liosta atá le foilsiú faoin 30 Aibreán 2021, áireofar astaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 1.

2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17 chun astaíochtaí CO2 a choigeartú i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:

(a)  i gcás ina ndearnadh ualuithe na bpróifílí misin nó na luachanna pálasta a choigeartú de bhun phointe (b) nó phointe (c) d’Airteagal 14(1), tríd an nós imeachta a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II a chur i bhfeidhm;

(b)  i gcás inar cinneadh ▌ fachtóirí coigeartaithe de bhun Airteagal 14(2), trí na fachtóirí coigeartaithe sin a chur i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí tagartha CO2;

(c)   i gcás inar cinneadh, i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10, gur ann do mhéadú míchuí ar astaíochtaí tagartha CO2, trí astaíochtaí tagartha CO2 ceartaithe a cheartú faoin 30 Aibreán 2022.

Foilseoidh an Coimisiún na luachanna coigeartaithe i dtaca le hastaíochtaí tagartha CO2 agus cuirfidh sé na luachanna sin i bhfeidhm chun spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra a ríomh sna tréimhsí tuairiscithe ag tosú ó dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe lena gcoigeartaítear na luachanna.

Airteagal 12

Fíorastaíochtaí CO2 agus fíorídiú fuinnimh

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú ar fhíorionadaíochas luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe fuinnimh arna gcinneadh faoi chuimsiú Rialachán (CE) 595/2009.

Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún bailiú tráthrialta ar shonraí maidir le fíorastaíochtaí CO2 agus fíorídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair ina n-úsáidtear feistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, ag tosú le feithiclí nua tromshaothair arna gclárú ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an pobal ar an eolas faoi aon fhorbairt a thagann ar an ionadaíochas sin le himeacht ama.

2.  Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfidh na monaróirí nó na húdaráis náisiúnta ar fáil dó, nó go ndéanfar sin le haistriú díreach sonraí ó na feithiclí féin, de réir mar a bheidh, na paraiméadair seo a leanas a bhaineann le fíorastaíochtaí CO2 agus le fíorídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair go tráthrialta ag tosú ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009:

(a)  uimhir aitheantais na feithicle;

(b)  ídiú breosla agus ídiú fuinnimh leictrigh;

(c)  an fad iomlán a thaistealaítear;

(d)  pálasta;

(e)  i gcás feithiclí leictreacha hibrideacha tromshaothair atá in-athluchtaithe ón taobh amuigh, an breosla agus an fuinneamh leictreach a ídíodh, agus an fad a taistealaíodh arna dháileadh i measc na modhanna tiomána éagsúla;

(f)  paraiméadair eile a bhfuil gá leo chun a áirithiú gur féidir na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún na sonraí arna bhfáil faoin gcéad fhomhír den mhír seo a phróiseáil chun tacar sonraí anaithnidithe comhiomlánaithe a chruthú, lena n-áirítear in aghaidh an mhonaróra, chun críocha mhír 1. Ní bhainfear úsáid as uimhreacha aitheantais na bhfeithiclí ach chun críche na próiseála sonraí sin ná ní choinneofar iad níos faide ná mar is gá chun na críche sin.

3.  Chun cosc a chur ar fhás bhearna na bhfíorastaíochtaí, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná dhá bhliain agus cúig mhí i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009, measúnú ar conas is féidir sonraí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh a úsáid chun a áirithiú go mbeidh luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe fuinnimh feithiclí arna gcinneadh de bhun an Rialacháin sin fós ionadaíoch ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do gach monaróir .

Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú bliantúil ar conas mar a fhorbróidh an bhearna dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus, d’fhonn cosc a chur le méadú sa bhearna sin, déanfaidh sé measúnú, in 2027, ar a indéanta atá sásra chun coigeartú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra amhail ó 2030, agus, más iomchuí, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun sásra den sórt sin a chur ar bun.

4.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an nós imeachta mionsonraithe chun na sonraí dá dtagraítear i ▌mír 2 den Airteagal seo a bhailiú agus a phróiseáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 13

Fíorú ar astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair inseirbhíse

1.  Áiritheoidh monaróirí go mbeidh luachanna astaíochtaí CO2 agus an ídithe breosla arna dtaifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara dá dtagraítear in Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2017/2400 ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair inseirbhíse mar a chinntear i gcomhréir leis an Rialachán sin.

2.  I ndiaidh theacht i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 4, fíoróidh na húdaráis cineálcheadaithe, i gcás na monaróirí sin dar dheonaigh siad ceadúnas chun an uirlis ionsamhlúcháin a oibriú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 595/2009 agus lena mbearta cur chun feidhme, ar bhonn sampláil iomchuí agus ionadaíoch feithiclí, go bhfuil luachanna astaíochtaí CO2 agus an ídithe breosla arna dtaifeadadh sna comhaid faisnéise custaiméara ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh na bhfeithiclí tromshaothair inseirbhíse arna gcinneadh i gcomhréir leis an Rialachán sin agus lena mbearta cur chun feidhme, agus breithniú á dhéanamh, inter alia, ar úsáid a bhaint as sonraí atá ar fáil ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.

Fíoróidh na húdaráis cineálcheadaithe freisin an ann d’aon straitéisí infheithicle nó d’aon straitéisí a bhaineann leis na feithiclí arna sampláil a fheabhsaíonn feidhmíocht na feithicle go saorga sna tástálacha nó sna ríomhanna chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a dheimhniú trí, inter alia, úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.

3.  I gcás ina n-aimsítear easpa comhréireachta maidir le luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla nach féidir a shannadh ar mhífheidhmiú na huirlise ionsamhlúcháin, nó aon straitéisí atá ann lena bhfeabhsaítear feidhmíocht feithicle ar bhonn saorga mar thoradh ar na fíoruithe a dhéantar de bhun mhír 2, áiritheoidh an t-údarás cineálcheadaithe atá freagrach, sa bhreis ar na bearta riachtanacha a leagtar amach i gCaibidil XI de Rialachán (AE) 2018/858 a dhéanamh, go gceartófar na comhaid faisnéise custaiméara, na deimhnithe comhréireachta agus na deimhnithe um cheadú aonair, de réir mar a bheidh.

4.  Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na nósanna imeachta chun na fíoruithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Tugtar de chumhacht don Choimisiún, sula nglacfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na treoirphrionsabail agus na critéir a leagan amach chun na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainiú.

Airteagal 14

Leasuithe ar Iarscríbhinní I agus II

1.  Chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh an dul chun cinn teicniúil agus an forás ar lóistíocht iompair lastais leis na paraiméadair theicniúla a úsáidtear chun meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra de bhun Airteagal 4 agus na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 de bhun Airteagal 6 a ríomh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun na forálacha seo a leanas a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a leasú:

(a)  na hiontrálacha maidir leis an gcineál cábáin agus leis an gcumhacht innill a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I agus na sainmhínithe ar ‘chábán codlata’ agus ‘cábán lae’ dá dtagraítear sa tábla sin;

(b)  ualuithe na bpróifílí misin a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I;

(c)  na luachanna pálasta a leagtar amach i dTábla 3 d’Iarscríbhinn I, agus na fachtóirí coigeartaithe pálasta a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II;

(d)  luachanna an mhíleáiste bhliantúil a leagtar amach i dTábla 4 d’Iarscríbhinn I.

2.  I gcás ina ndéanfar nósanna imeachta a bhaineann le cineálcheadú a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus bearta cur chun feidhme an Rialacháin sin a mhodhnú trí leasuithe eile seachas na cinn dá bhforáiltear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1 den Airteagal seo ar dhóigh a thiocfaidh méadú nó laghdú is mó ná 5 g CO2/km ar leibhéal astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí ionadaíocha arna sainiú de bhun na míre seo, cuirfidh an Coimisiún, i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2) fachtóir coigeartaithe i bhfeidhm ar astaíochtaí tagartha CO2 atá le ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II.

3.   Cuirfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ▌ , modheolaíocht ar bun chun feithicil ionadaíoch amháin nó níos mó d’fhoghrúpa feithiclí a shainiú, lena n-áirítear a n-ualuithe staidrimh, ar ar a mbonn a chinnfear an coigeartú sin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, agus na sonraí faireacháin arna dtuairisciú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2018/956 agus airíonna teicniúla na bhfeithiclí a liostaítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/2400 á gcur san áireamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo.

Airteagal 15

Athbhreithniú agus tuairisciú

1.   Faoin 31 Nollaig 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i dtaobh a éifeachtaí atá an Rialachán seo, an sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 agus leibhéal an tsásra dreasachta le haghaidh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle is infheidhme ó 2030, ▌ i dtaobh spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú le haghaidh cineálacha eile feithiclí tromshaothair, lena n-áirítear leantóirí, busanna agus cóistí, agus feithiclí seirbhíse, agus i dtaobh spriocanna ceangailteacha maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a thabhairt isteach do 2035 agus do 2040 ar aghaidh. Is i gcomhréir le gealltanais an Aontais Eorpaigh faoi Chomhaontú Pháras a dhéanfar measúnú ar sprioc 2030.

2.   Áireofar go háirithe sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an méid seo a leanas freisin:

(a)  measúnú ar éifeachtacht chóras na gcreidmheasanna astaíochta agus na bhfiach astaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus a iomchuí atá sé síneadh a chur le cur i bhfeidhm an chórais sin in 2030 agus ar aghaidh;

(b)  measúnú ar imlonnú feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle, ▌agus aird á tabhairt ar na spriocanna a leagtar amach i dTreoir 2009/33/CE[1], chomh maith le paraiméadair agus coinníollacha ábhartha a dhéanann difear do chur ar an margadh feithiclí tromshaothair den sórt sin;

(c)  measúnú sa ar éifeachtacht an tsásra dreasachta le haghaidh na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle a leagtar amach in Airteagal 5 agus ar a iomchuí atá eilimintí éagsúla an tsásra dreasachta, d’fhonn é a choigeartú don tréimhse i ndiaidh 2025 faoi chomhair difreáil a d’fhéadfaí a dhéanamh trí raon tiomána astaíochtaí nialasacha agus foghrúpa feithiclí, in éineacht le fachtóirí míleáiste agus fachtóirí ualaithe pálasta, lena ngabhfadh dáta cur i bhfeidhm a dtiocfadh aga tionscanta de thrí bliana ar a laghad roimhe;

(d)  measúnú ar leathadh amach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe is gá, ar an bhféidearthacht caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 innill a thabhairt isteach, go háirithe le haghaidh feithiclí seirbhíse, agus ar fhíorionadaíochas luachanna astaíochtaí CO2 agus an ídithe breosla arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2400;

(e)  chun críche an Rialacháin seo agus chun na críche sin amháin, breithnithe ar fheithiclí tromshaothair agus cónaisc feithiclí, agus na meáchain agus toisí is infheidhme i dtaobh iompar náisiúnta á gcur san áireamh, mar shampla, iompar modúlach agus iompar idirmhódach, agus measúnú á dhéanamh ag an am céanna ar ghnéithe slándála agus éifeachtúlachta a d’fhéadfadh a bheith ann, ar éifeachtaí idirmhódacha, comhshaoil, bonneagair agus athphreibe chomh maith le suíomh geografach na mBallstát;

(f)  measúnú ar uirlis ionsamhlúcháin VECTO chun a áirithiú go ndéanfar an uirlis sin a nuashonrú go leanúnach agus ar bhonn tráthúil;

(g)  measúnú ar an bhféidearthacht modheolaíocht shonrach a fhorbairt chun go gcuirfí san áireamh an rannchuidiú a d’fhéadfaí a dhéanamh le hastaíochtaí CO2 a laghdú trí bhreoslaí sintéiseacha agus ardbhreoslaí inathnuaite leachtacha agus gásacha malartacha a úsáid, lena n-áirítear ríomhbhreoslaí, arna dtáirgeadh le fuinneamh inathnuaite agus lena gcomhlíontar na critéir maidir leis an inbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21);

(h)  measúnú ar a indéanta atá sé sásra comhthiomsaithe oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a thabhairt isteach idir monaróirí;

(i)  measúnú ar leibhéal na préimhe astaíochtaí CO2 iomarcacha chun a áirithiú gur mó an phréimh sin ná meánchostais imeallacha na dteicneolaíochtaí is gá chun na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 a bhaint amach.

3.  I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach chun leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.

4.  Mar chuid den mheastóireacht de bhun Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2019/...(22), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an bhféidearthacht na hioncaim ó phréimheanna astaíochtaí sonracha CO2 a shannadh ar chiste sonrach nó ar chlár ábhartha, agus é mar chuspóir leis sin aistriú cóir a áirithiú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach dá dtagraítear in Airteagal 4.1 de Chomhaontú Pháras, go háirithe chun tacú le hathsciliú, uas-sciliú agus oiliúint i scileanna eile agus athdháileadh oibrithe san earnáil mótarfheithiclí i ngach Ballstát a ndéanfar difear dó, go háirithe sna réigiúin agus sna pobail is mó a ndéanfaidh an t-aistriú difear dóibh. Más iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach chuige sin faoi 2027 ar a dhéanaí.

5.  Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 2023, meastóireacht ar an bhféidearthacht modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán na bhfeithiclí nua tromshaothair a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus chun tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin. Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht sin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tograí le haghaidh bearta leantacha, amhail tograí reachtacha, a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.  Déanfaidh an Coiste um Athrú Aeráide, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 44(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11(2), an dara fomhír d’Airteagal 13(4) agus Airteagal 14(1) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2), sa dara fomhír d’Airteagal 13(4) agus in Airteagal 14(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 11(2), an dara fomhír d’Airteagal 13(4) agus Airteagal 14(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid ina choinne curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 595/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 mar a leanas:

(a)  in Airteagal 2, cuirtear an abairt seo a leanas leis an gcéad fhomhír :"

‘Beidh feidhm aige freisin, chun críocha Airteagal 5a, Airteagal 5b agus Airteagal 5c, maidir le feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4.’;

"

(b)  cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 5a

Ceanglais shonracha ar mhonaróirí maidir le feidhmíocht chomhshaoil feithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4

1.  Áiritheoidh na monaróirí go gcomhlíonfar na ceanglais a leanas le feithiclí nua chatagóir O3 agus chatagóir O4 a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís:

   (a) déanfar tionchar na bhfeithiclí sin ar na hastaíochtaí CO2, ídiú fuinnimh, ídiú leictreachais agus raon tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí a chinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5c;
   (b) feisteofar iad le feistí infheithicle chun faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar an bpálasta i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c.

2.  Áiritheoidh na monaróirí go ndéanfar feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2 agus N3 a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís a fheistiú le feistí infheithicle chun faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, pálasta agus míleáiste i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c.

Áiritheoidh siad freisin go ndéanfar raon tiomána astaíochtaí nialasacha agus ídiú leictreachais na bhfeithiclí sin a chinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(c).

Airteagal 5b

Ceanglais shonracha ar na Ballstáit maidir le feidhmíocht chomhshaoil fheithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4

1.  I gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5c, diúltóidh na húdaráis náisiúnta cineálcheadú CE nó cineálcheadú náisiúnta a dheonú i dtaca le cineálacha feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sna bearta cur chun feidhme sin leo.

2.  I gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5c, toirmeascfaidh na húdaráis náisiúnta díol, clárú nó teacht i seirbhís feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sna bearta cur chun feidhme sin leo.

Airteagal 5c

Bearta i gcomhair gnéithe áirithe chun feidhmíocht chomhshaoil feithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4 a chinneadh

Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta a leanas a ghlacadh:

   (a) modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4 maidir lena dtionchar ar astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú leictreachais agus raonta tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí;
   (b) ceanglais theicniúla maidir le feistí infheithicle a fheistiú chun faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh agus míleáiste mótarfheithiclí chatagóirí M2, M3, N2 agus N3, agus chun pálasta nó meáchan iomlán feithiclí lena gcomhlíontar na saintréithe a leagtar amach i bpointe (a), (b), (c) nó (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*(24) agus a gcónaisc le feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4, lena n-áirítear tarchur sonraí idir feithiclí laistigh de chónasc, a chinneadh agus a thaifeadadh, de réir mar is gá;
   (c) modheolaíocht chun raon tiomána astaíochtaí nialasacha agus ídiú fuinnimh feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2 agus N3 a chinneadh.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13a.

___________________

* Rialachán (AE) 2019/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d'fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/200 agus (AE) 2018/956agus Treoir 96/53/CE (IO L …, …, lch. …).”;

"

(c)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 13a

Nós imeachta coiste

1.  Déanfaidh an Coiste Teicniúil maidir le Mótarfheithiclí, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

___________________

* Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).’.

"

Airteagal 19

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/956

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/956 mar a leanas:

(1)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:"

‘Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus i Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**(25).

____________________

* Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

** Rialachán (AE) 2019/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d'fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/200 agus (AE) 2018/956agus Treoir 96/53/CE (IO L …, …, lch. …).';

"

(2)  in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

‘1. Ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar na sonraí a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I maidir le feithiclí nua tromshaothair a chláraítear san Aontas den chéad uair.

Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, ó 2020 ar aghaidh, tuairisceoidh údaráis inniúla na mBallstát sonraí na tréimhse tuairiscithe roimhe sin (an 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh) don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

I ndáil le 2019, áireofar sna sonraí a thuairisceofar faoin 30 Meán Fómhair 2020 na sonraí a ndearnadh faireachán orthu ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020.

Ní dhéanfar faireachán ná tuairisciú ar shonraí maidir le feithiclí nua tromshaothair a cláraíodh roimhe lasmuigh den Aontas, ach amháin i gcás ina ndearnadh an clárú sin tráth is lú ná trí mhí roimh an gclárú san Aontas.’;

"

(3)  in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

'1. Ó na túsbhlianta a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I amach, déanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair faireachán ar na sonraí a shonraítear i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I, i gcás gach feithicle nua tromshaothair.

Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, ó na túsbhlianta a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I amach, déanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair na sonraí sin a thuairisciú, i gcás gach feithicle nua tromshaothair le dáta ionsamhlúcháin sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin (an 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh), don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

I ndáil le 2019, tuairisceoidh monaróirí na sonraí maidir le gach feithicil nua tromshaothair lena ngabhfaidh dáta ionsamhlúcháin a bheidh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Eanáir 2020.

Is é an dáta ionsamhlúcháin an dáta a thuairisceofar i gcomhréir le hiontráil sonraí 71 i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I.’;

"

(4)  in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

‘1. Faoin 30 Aibreán gach bliain, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil lena anailís ar na sonraí a tharchuir na Ballstáit agus na monaróirí don tréimhse tuairiscithe roimhe sin.’;

"

(5)  in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2:"

‘3.2. Cuirfear na sonraí maidir le feithiclí tromshaothair arna gclárú sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus arna dtaifeadadh sa Chlár ar fáil don phobal faoin 30 Aibreán gach bliain, ó 2021 amach, cé is moite de na hiontrálacha sonraí sin a shonraítear in Airteagal 6(1).’.

"

Airteagal 20

Leasuithe ar Threoir 96/53/CE

Leasaítear Treoir 96/53/CE mar a leanas:

(1)  in Airteagal 2, cuirtear an sainmhíniú seo a leanas isteach i ndiaidh an tsainmhínithe ar ‘fheithicil a úsáideann breoslaí malartacha’:"

"- ciallaíonn ‘feithicil astaíochtaí nialasacha’ ‘feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha’ mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*(26),

_________________________________

* Rialachán (AE) 2019/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d'fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/200 agus (AE) 2018/956agus Treoir 96/53/CE (IO L …, …, lch. …).';

"

(2)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10b:"

‘Airteagal 10b

Is iad meáchain údaraithe uasta na bhfeithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha iad sin a leagtar amach i bpointí 2.2.1, 2.2.2, 2.2.3, 2.2.4, 2.3.1, 2.3.2 agus 2.4 d’Iarscríbhinn I.

Leis na feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó na feithiclí astaíochtaí nialasacha, comhlíonfar freisin na teorainneacha maidir le meáchain údaraithe uasta na n-acastóirí a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I.

Is ar bhonn na doiciméadachta arna soláthar ag an monaróir tráth a fhormheasfar an fheithicil lena mbaineann a shaineofar an meáchan breise a bhfuil gá leis ag feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó feithiclí astaíochtaí nialasacha. Léireofar an meáchan breise sin sa chruthúnas oifigiúil atá ag teastáil i gcomhréir le hAirteagal 6.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10h chun an liosta de bhreoslaí malartacha dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhfuil gá le meáchan breise acu a nuashonrú, chun críocha na Treorach seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go leanfaidh an Coimisiún dá ghnáthchleachtas agus go rachaidh sé i mbun comhairliúcháin le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe ó na Ballstáit, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.’;

"

(3)  leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)  cuirtear an fhomhír seo a leanas leis an dara colún de phointí 2.2.1, 2.2.2, 2.2.3 agus 2.2.4 agus lena bhfophointí chomh maith:"

‘I gcás cónaisc feithiclí, lena n-áirítear feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó feithiclí astaíochtaí nialasacha, méadófar na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear sa roinn seo faoi mheáchan breise an bhreosla mhalartaigh nó na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 1 tonna agus 2 thonna faoi seach.’;

"

(b)  cuirtear an fhomhír a leanas leis an dara colún de phointe 2.3.1: "

‘Feithiclí astaíochtaí nialasacha: méadaítear an meáchan údaraithe uasta 18 dtonna faoi mheáchan breise na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 2 thonna.’;

"

(c)  cuirtear an fhomhír seo a leanas leis an tríú colún de phointe 2.3.2:"

‘Feithiclí astaíochtaí nialasacha trí acastóir: méadaítear an meáchan údaraithe uasta 25 thonna, nó 26 thonna i gcás inar feistíodh an t-acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás inar feistíodh gach acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus nach mó ná 9.5 tonna meáchan uasta gach ceann de na hacastóirí, faoi mheáchan breise na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 2 thonna.’;

"

(d)  cuirtear an fhomhír seo a leanas leis an tríú colún de phointe 2.4:"

‘Busanna trí acastóir ar feithiclí astaíochtaí nialasacha iad: méadaítear an meáchan údaraithe uasta 28 dtonna faoi mheáchan breise theicneolaíocht na n-astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 2 thonna.’.

"

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Meánastaíochtaí sonracha CO2, an spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 agus na hastaíochtaí CO2 iomarcacha

1.  foghrúpaí feithicle

Déanfar gach feithicil nua tromshaothair a shannadh chuig ceann de na foghrúpaí feithiclí arna sainmhíniú i dTábla 1 i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa tábla sin.

Tábla 1 – Foghrúpaí feithicle (sg)

Feithiclí tromshaothair

Cineál cábáin

Cumhacht innill

Foghrúpa feithicle (sg)

Leoraithe dochta a bhfuil cumraíocht acastóirí 4x2 acu agus uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil > 16 thonna

Gach ceann

<170 kW

4-UD

Cábán lae

≥170 kW

4-RD

Cábán codlata

≥170 kW agus <265 kW

Cábán codlata

≥265 kW

4-LH

Leoraithe dochta a bhfuil cumraíocht acastóirí 6x2 acu

Cábán lae

Gach ceann

9-RD

Cábán codlata

9-LH

Tarracóirí a bhfuil cumraíocht acastóirí 4x2 acu agus uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil >16 thonna

Cábán lae

Gach ceann

5-RD

Cábán codlata

< 265 kW

Cábán codlata

≥ 265 kW

5-LH

Tarracóirí a bhfuil cumraíocht acastóirí 6x2 acu

Cábán lae

Gach ceann

10-RD

Cábán codlata

10-LH

Ciallaíonn “cábán codlata” cineál cábáin a bhfuil urrann taobh thiar de shuíochán an tiománaí atá ceaptha lena húsáid don chodladh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956.

Ciallaíonn “cábán lae” cineál cábáin nach cábán codlata é.

Mura féidir feithicil nua tromshaothair a shannadh chuig foghrúpa feithicle toisc nach bhfuil faisnéis faoin gcineál cábáin nó faoi chumhacht an innill ar fáil, sannfar é don fhoghrúpa cianaistir (LH) a fhreagraíonn dá chineál fonnaidh (leoraí docht nó tarracóir) agus cumraíocht acastóirí (4x2 nó 6x2).

I gcás ina sanntar feithicil nua tromshaothair d’fhoghrúpa feithiclí 4-UD, ach nach bhfuil sonraí faoi na hastaíochtaí CO2 in g/km ar fáil don phróifíl mhisin UDL nó UDR a shainmhínítear i dTábla 2 de pointe 2.1, sannfar an fheithicil nua tromshaothair d’fhoghrúpa feithiclí 4-RD.

1.  Meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra

1.1.  Astaíochtaí sonracha CO2 feithicle nua tromshaothair

Déanfar na hastaíochtaí sonracha CO2 in g/km (CO2v) atá ag feithicil nua tromshaothair v atá sannta d’fhoghrúpa feithiclí sg a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

i gcás inarb é:

= an tsuim thar gach próifíl mhisin mp a liostaítear i dTábla 2;

sg = an foghrúpa feithiclí dár sannadh an fheithicil nua tromshaothair v i gcomhréir le pointe 1 den Iarscríbhinn seo;

Wsg,mp = ualú na próifíle misin a shonraítear i dTábla 2;

CO2v,mp = astaíochtaí CO2 in g/km feithicle nua tromshaothair v arna gcinneadh do phróifíl mhisin mp agus arna tuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956.

Socrófar astaíochtaí sonracha CO2 feithicle tromshaothair astaíochtaí nialasacha ag 0 g CO2/km.

Beidh astaíochtaí sonracha CO2 feithicle seirbhíse cothrom le meán na n-astaíochtaí CO2 in g/km arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956.

Tábla 2 - Ualaí na bpróifílí misin (Wsg,mp)

Foghrúpa feithicle

(sg)

Próifíl mhisin1 (mp)

RDL

RDR

LHL

LHR

UDL

UDR

REL, RER, LEL, LER

4-UD

0

0

0

0

0,5

0,5

0

4-RD

0,45

0,45

0,05

0,05

0

0

0

4-LH

0,05

0,05

0,45

0,45

0

0

0

9-RD

0,27

0,63

0,03

0,07

0

0

0

9-LH

0,03

0,07

0,27

0,63

0

0

0

5-RD

0,27

0,63

0,03

0,07

0

0

0

5-LH

0,03

0,07

0,27

0,63

0

0

0

10-RD

0,27

0,63

0,03

0,07

0

0

0

10-LH

0,03

0,07

0,27

0,63

0

0

0

Sainmhínithe ar phróifílí misin

RDL

Seachadadh réigiúnach le pálasta íseal

RDR

Seachadadh réigiúnach le pálasta ionadaíoch

LHL

Cianaistear le pálasta íseal

LHR

Cianaistear le pálasta ionadaíoch

UDL

Seachadadh uirbeach le pálasta íseal

UDR

Seachadadh uirbeach le pálasta ionadaíoch

REL

Seachadadh réigiúnach (EMS) le pálasta íseal

RER

Seachadadh réigiúnach (EMS) le pálasta ionadaíoch

LEL

Cianaistear (EMS) le pálasta íseal

LER

Cianaistear (EMS) le pálasta ionadaíoch

1.2.  Meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair i bhfoghrúpa feithiclí le haghaidh monaróra

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe, déanfar meánastaíochtaí sonracha CO2 in g/tkm () atá ag gach feithicil nua tromshaothair i bhfoghrúpa feithiclí sg a ríomh mar seo a leanas:

i gcás inarb é:

= suim thar gach feithicil nua tromshaothair an mhonaróra i bhfoghrúpa feithiclí sg seachas gach feithicil seirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4;

CO2v = astaíochtaí sonracha CO2 feithicle nua tromshaothair v arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.1;

Vsg = líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróir i bhfoghrúpa feithiclí sg, seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4;

PLsg = meán-phálasta na bhfeithiclí i bhfoghrúpa sg mar a chinntear i bpointe 2.5 é.

1.3.  An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle dá dtagraítear in Airteagal 5

2.3.1  Tréimhsí tuairiscithe 2019 go 2024

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe ó 2019 go dtí 2024, déanfar an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle (ZLEV) dá dtagraítear in Airteagal 5 a ríomh mar seo a leanas:

ZLEV = V / (Vconv + Vzlev) le híosluach 0.97

i gcás inarb é,

V = líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróir a chomhlíonann na saintréithe a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(1), seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4;

Vconv = líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróir a chomhlíonann na saintréithe a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(1), seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4 agus diomaite de gach feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle;

Vzlev = suim Vin agus Vout,

i gcás inarb é:

Vin = ∑ v (1+ (1 – CO2v/LETsg))

agus 20190418-P8_TA-PROV(2019)0426_GA-p0000007.png cothrom leis an tsuim thar gach feithicle tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle nua a chomhlíonann na saintréithe a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(1);

CO2v = astaíochtaí sonracha CO2 in g/km feithicle v tromshaothair astaíochtaí nialasacha nó astaíochtaí ísle arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.1.;

LETsg = tairseach astaíochtaí ísle fhoghrúpa feithiclí sg lena mbaineann an fheithicil v mar a shainmhínítear i bpointe 2.3.3;

Vout = líon iomlán na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha atá nuachláraithe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1), iolraithe faoi 2, agus le huasmhéid 1,5 % de Vconv.

2.3.2  Tréimhsí tuairiscithe ó 2025 ar aghaidh

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe, déanfar an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle (ZLEV) dá dtagraítear in Airteagal 5 a ríomh mar a leanas:

ZLEV = 1 - (y - x) ach amháin más mó an tsuim sin ná 1 nó más lú ná 0,97 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1 nó 0,97, de réir mar is cuí

i gcás inarb é,

x = 0.02

y = suim Vin agus Vout, arna roinnt ar Vtotal, i gcás inarb é:

Vin = líon iomlán na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha nuachláraithe a comhlíonann na saintréithe a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(1), i gcás ina gcomhairtear iad mar ZLEVsonrach i gcomhréir leis an bhfoirmle anseo thíos:

ZLEVsonrach = 1 - (CO2v / LETsg )

i gcás inarb é:

CO2v= astaíochtaí sonracha CO2 in g/km feithicle v tromshaothair astaíochtaí nialasacha nó astaíochtaí ísle arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.1.;

LETsg= tairseach astaíochtaí ísle fhoghrúpa feithiclí sg lena mbaineann an fheithicil v mar a shainmhínítear i bpointe 2.3.3;

Vout = líon iomlán na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1), agus le huasmhéid 0.035% de Vtotal;

Vtotal = líon iomlán na bhfeithiclí nua tromshaothairchláraithe atá ag an monaróir sa tréimhse sin.

I gcás inar lú Vin/Vtotal ná 0.0075, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1.

2.3.3  Tairseach na n-astaíochtaí ísle

Sainmhínítear tairseach astaíochtaí ísle LET sg fhoghrúpa feithiclí sg mar a leanas:

LETsg = (rCO2sg x PLsg) / 2

i gcás inarb é,

rCO2sg = astaíochtaí tagartha CO2 fhoghrúpa feithiclí sg, mar a chinntear i bpointe 3 é;

PLsg = meán-phálasta na bhfeithiclí fhoghrúpa feithiclí sg, mar a chinntear i bpointe 2.5 é.

1.4.  Sciar an mhonaróra d’fheithiclí nua tromshaothair i bhfoghrúpa feithiclí

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe, déanfar sciar sharesg na bhfeithiclí nua tromshaothair i bhfoghrúpa feithiclí sharesg a ríomh mar a leanas:

i gcás inarb é:

Vsg = líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróir i bhfoghrúpa feithiclí sg seachas gach feithicil seirbhíse i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4;

V = líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróir, seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4.

1.5.  Meánluachanna pálasta gach feithicle i bhfoghrúpa feithiclí

Déanfar meánluach pálasta PLsg feithicle i bhfoghrúpa feithiclí sg a ríomh mar a leanas:

i gcás inarb é:

= an tsuim thar gach próifíl mhisin mp;

Wsg,mp = ualú na próifíle misin a shonraítear i dTábla 2 faoi phointe 2.1;

PLsg,mp = an luach pálasta arna shannadh do na feithiclí i bhfoghrúpa feithiclí sg don phróifíl mhisin mp, mar a shonraítear i dTábla 3.

Tábla 3 – Luachanna pálasta PL sg, mp (i dtonnaí)

Foghrúpa feithicle sg

Próifíl mhisin1 (mp)

RDL

RDR

LHL

LHR

UDL

UDR

REL

RER

LEL

LER

4-UD

0,9

4,4

1,9

14

0,9

4,4

3,5

17,5

3,5

26,5

4-RD

4-LH

5-RD

2,6

12,9

2,6

19,3

2,6

12,9

3,5

17,5

3,5

26,5

5-LH

9-RD

1,4

7,1

2,6

19,3

1,4

7,1

3,5

17,5

3,5

26,5

9-LH

10-RD

2,6

12,9

2,6

19,3

2,6

12,9

3,5

17,5

3,5

26,5

10-LH

1 Féach na sainmhínithe ar na próifílí misin faoi Thábla 2 de phointe 2.1

1.6.  Fachtóir an mhíleáiste agus an ualaithe pálasta

Sainmhínítear fachtóir míleáiste agus ualaithe pálasta (MPWsg) fhoghrúpa feithiclí sg mar thoradh ar an míleáiste bliantúil a shonraítear i dTábla 4 agus an luach pálasta de réir foghrúpa feithiclí a shonraítear i dTábla 3 de phointe 2.5, arna normalú go dtí an luach faoi seach d’fhoghrúpa feithiclí 5-LH, agus déanfar é a ríomh mar seo a leanas:

i gcás inarb é:

AMsg = an míleáiste bliantúil arna sonrú i dTábla 4 do na feithiclí san fhoghrúpa feithiclí faoi seach;

AM5-LH = an míleáiste bliantúil arna sonrú d’fhoghrúpa feithiclí 5-LH i dTábla 4;

PLsg = an meánluach pálasta mar a chinntear i bpointe 2.5 é;

PL5-LH = an meánluach pálasta d’fhoghrúpa feithiclí 5-LH mar a chinntear i bpointe 2.5 é.

Tábla 4 – Míleáistí bliantúla

Foghrúpa

feithicle sg

Míleáiste bliantúil AMsg (in km)

4-UD

60 000

4-RD

78 000

4-LH

98 000

5-RD

78 000

5-LH

116 000

9-RD

73 000

9-LH

108 000

10-RD

68 000

10-LH

107 000

1.7.  Meánastaíochtaí sonracha CO2 in g/tkm monaróra dá dtagraítear in Airteagal 4

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe, déanfar meánastaíochtaí sonracha CO2 in g/tkm (CO2) a ríomh mar a leanas:

CO2 = ZLEV × ∑ sg share,sg × MPWsg × avgCO2sg

i gcás inarb é:

sg = an tsuim thar gach foghrúpa feithiclí;

ZLEV = an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle mar a chinntear i bpointe 2.3 í

share,sg = an sciar d’fheithiclí nua tromshaothair i bhfoghrúpa feithiclí sg mar a chinntear i bpointe 2.4 é;

MPWsg = fachtóir an mhíleáiste agus an ualaithe pálasta mar a chinntear i bpointe 2.6 é;

avgCO2sg = meánastaíochtaí sonracha CO2 in g/tkm mar a chinntear i bpointe 2.2 iad.

2.  Na hastaíochtaí tagartha CO2dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 1

Déanfar na hastaíochtaí tagartha CO2 (rCO2sg) a ríomh do gach foghrúpa feithiclí sg ar bhonn gach feithicle nua tromshaothair atá ag gach monaróir sa tréimhse tuairiscithe mar a leanas:

i gcás inarb é:

= an tsuim thar gach feithicil nua tromshaothair arna clárú sa tréimhse tuairiscithe i bhfoghrúpa feithiclí sg, seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 1;

CO2v = astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle nua tromshaothair v arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.1, arna gcoigeartú, más infheidhme, de bhun Iarscríbhinn II;

rVsg = líon na bhfeithiclí nua tromshaothair arna gclárú sa tréimhse tuairiscithe i bhfoghrúpa feithiclí sg, seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 1;

PLsg = meán-phálasta na bhfeithiclí i bhfoghrúpa feithiclí sg mar a chinntear i bpointe 2.5 é.

3.  Sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 monaróra dá dtagraítear in Airteagal 6

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe, ón 1 Iúil 2025 ar aghaidh, déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 T a ríomh mar seo a leanas:

T = ∑ sg sharesg × MPWsg × (1 - rf) × rCO2sg

i gcás inarb é,

sg = an tsuim thar gach foghrúpa feithiclí;

sharesg = sciar na bhfeithiclí nua tromshaothair i bhfoghrúpa feithiclí sg mar a chinntear i bpointe 2.4 é;

MPWsg = fachtóir an mhíleáiste agus an ualaithe pálasta mar a chinntear i bpointe 2.6 é;

rf = an sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 (in %) is infheidhme don tréimhse tuairiscithe ar leith sin;

rCO2sg = na hastaíochtaí tagartha CO2 mar a chinntear i pointe 3 iad.

4.  Creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7

4.1.  An chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 le haghaidh creidmheasanna astaíochta

Le haghaidh gach monaróra agus gach thréimhse tuairiscithe na mblianta Y ó 2019 go 2030, sainítear conair laghdaithe astaíochtaí CO2 (ETY) mar a leanas:

ETY = sg sharesg × MPWsg × R-ETY × rCO2sg

i gcás inarb é:

sg (…) = an tsuim thar gach foghrúpa feithiclí;

share,sg = sciar na bhfeithiclí nua tromshaothair i bhoghrúpa feithiclí sg mar a chinntear i bpointe 2.4 é;

MPWsg = an fachtóir mileáiste agus ualaithe pálasta mar a chinntear i bpointe 2.6 é;

rCO2sg = na hastaíochtaí tagartha CO2 mar a chinntear i pointe 3 iad;

i gcás inarb é,

le haghaidh thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó 2019 go 2025:

R-ETY, = (1-rf2025)+ rf2025 × (2025 – Y)/6

agus, le haghaidh thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó 2026 go 2030:

R-ETY = (1-rf2030 ) + (rf2030 - rf2025) × (2030 – Y)/5

is iad rf2025 agus rf2030 na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 (in %) is infheidhme le haghaidh thréimhsí tuairiscithe na mblianta 2025 agus 2030, faoi seach.

4.2.  Ccreidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta i ngach tréimhse tuairiscithe

Le haghaidh gach monaróra agus gach thréimhse tuairiscithe na mblianta Y ó 2019 go 2029, déanfar na creidmheasanna astaíochta (cCO2Y) agus na fiacha astaíochta (dCO2Y) a ríomh mar a leanas:

Má tá CO2Y < ETY:

cCO2Y = (ETY – CO2Y) × Vy agus

dCO2Y = 0

Má táCO2Y > TY do na blianta 2025 go 2029:

dCO2Y = (CO2Y - TY) × VY agus

cCO2Y = 0

I ngach cás eile socraítear dCO2Y agus cCO2Y ag 0.

i gcás inarb é,

ETY = conair laghdaithe astaíochtaí CO2 an mhonaróra i dtréimhse tuairiscithe na bliana Y arna cinneadh i gcomhréir le pointe 5.1;

CO2Y = na meánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra i dtréimhse tuairiscithe na bliana Y arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.7;

TY = sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra sa tréimhse tuairiscithe don bhliain Y arna cinneadh i gcomhréir le pointe 4;

VY = líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróir sa tréimhse tuairiscithe don bhliain Y, seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4.

4.3.  An teorainn maidir le fiach astaíochta

Le haghaidh gach monaróra sainmhínítear an teorainn maidir le fiach astaíochta (limCO2) mar a leanas:

limCO2 = T2025 × 0,05 × V2025

i gcás inarb é,

T2025 = sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2025 arna cinneadh i gcomhréir le pointe 4;

V2025 = líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróir i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2025, seachas gach feithicil seirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4.

4.4.  Creidmheasanna astaíochta arna bhfáil roimh an mbliain 2025

Na fiacha astaíochta arna bhfáil do thréimhse tuairiscithe na bliana 2025, laghdófar iad faoi mhéid (redCO2) a fhreagraíonn do na creidmheasanna astaíochta arna bhfáil roimh an tréimhse tuairiscithe sin, a chinntear le haghaidh gach monaróra mar a leanas:

20190418-P8_TA-PROV(2019)0426_GA-p0000014.png

i gcás inarb é,

min = an ceann is lú den dá luach atá tugtha idir na lúibíní;

= suim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó 2019 go 2024;

dCO22025 = na fiacha astaíochta do thréimhse tuairiscithe na bliana 2025 arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5.2;

cCO2Y = na creidiúintí astaíochta do thréimhse tuairiscithe na bliana Y arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5.2;

5.  Astaíochtaí CO2 iomarcacha monaróra dá dtagraítear in Airteagal 8(2)

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe ón mbliain 2025 ar aghaidh, ríomhfar luach na n-astaíochtaí CO2 iomarcacha (exeCO2Y) mar a leanas, más luach dearfach atá ann:

Le haghaidh thréimhse tuairiscithe na bliana 2025

20190418-P8_TA-PROV(2019)0426_GA-p0000016.png

Le haghaidh thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó 2026 go 2028

20190418-P8_TA-PROV(2019)0426_GA-p0000017.png

Le haghaidh thréimhse tuairiscithe na bliana 2029

20190418-P8_TA-PROV(2019)0426_GA-p0000018.png

Le haghaidh thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó 2030 ar aghaidh

exeCO2y = (CO2Y - TY) x VY

i gcás inarb é,

= an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó 2019 go 2025;

= an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta I ó 2025 go dtí an bhliain Y;

= an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta J ó 2025 go dtí an bhliain (Y-1);

= an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta J ó 2025 go 2028;

= an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta I ó 2025 go 2029;

dCO2Y = na fiacha astaíochta do thréimhse tuairiscithe na bliana Y arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5.2;

cCO2Y = na creidiúintí astaíochta do thréimhse tuairiscithe na bliana Y arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5.2;

limCO2 = teorainn an fhéich astaíochta arna cinneadh i gcomhréir le pointe 5.3;

redCO2 = an laghdú ar fhiacha astaíochta thréimhse tuairiscithe na bliana 2025 arna chinneadh i gcomhréir le pointe 5.4.

I ngach cás eile socrófar luach na n-astaíochtaí CO2 iomarcacha exeCO2Y ag 0.

IARSCRÍBHINN II

Nósanna imeachta do choigeartuithe

1.  Na fachtóirí coigeartaithe pálasta dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(1)

Faoi réir phointe (a) d’Airteagal 11(2), chun críocha astaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 1 a ríomh, úsáidfear ualuithe na bpróifílí misin agus na luachanna pálasta is infheidhme don uair sa tréimhse tuairiscithe nuair a thiocfaidh éifeacht leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(1) le haghaidh gach feithicle nua tromshaothair, agus déanfar astaíochtaí CO2 in g/km feithicle tromshaothair v arna gcinneadh le haghaidh próifíl mhisin mp dá dtagraítear i dTábla 2 i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I a choigeartú mar a leanas:

CO2v,mp = CO2(RP)v,mp x (1+ PLasg,mp x (PLsg,mp – PL(RP)sg,mp))

i gcás inarb é,

sg = an foghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil v;

CO2(RP)v,mp = astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle v in g/km, de réir mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp agus bunaithe ar na sonraí faireacháin […] le haghaidh na tréimhse tagartha arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956;

PL(RP)sg, mp = an luach pálasta, a sannadh d’fheithicil v i bhfoghrúpa feithiclí sg ar phróifíl mhisin mp sa tréimhse tuairiscithe, i gcomhréir le Tábla 3 de phointe 2.5 d’Iarscríbhinn I, chun críocha na sonraí faireacháin le haghaidh na tréimhse tagartha a bhunú, sonraí arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956;

PLsg, mp = an luach pálasta, a sannadh do na feithiclí i bhfoghrúpa feithiclí sg ar phróifíl mhisin mp sa tréimhse tuairiscithe nuair a thiocfaidh éifeacht leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(1) le haghaidh gach feithicle nua tromshaothair, i gcomhréir le Tábla 3 i bpointe 2.5 d’Iarscríbhinn I;

PLasg, mp = an fachtóir coigeartaithe pálasta a shainmhínítear i dTábla 5.

Tábla 5 - Fachtóirí coigeartaithe pálasta PLa sg, mp

PLasg,mp

(in 1/tonna)

Próifílí misin mp1

RDL, RDR

REL, RER

LHL, LHR

LEL, LER

UDL, UDR

Foghrúpaí feithiclí sg

4-UD

0,026

N.A.

0,015

N.A.

0,026

4-RD

4-LH

5-RD

0,022

0,022

0,017

0,017

0,022

5-LH

9-RD

0,026

0,025

0,015

0,015

0,026

9-LH

10-RD

0,022

0,021

0,016

0,016

0,022

10-LH

1 féach na sainmhínithe ar na próifílí misin i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I.

2.  Na fachtóirí coigeartaithe pálasta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 11(2)

Faoi réir phointe (b) d’Airteagal 11(2), chun críocha astaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 1 a ríomh, úsáidfear ualuithe na bpróifílí misin agus na luachanna pálasta is infheidhme don uair sa tréimhse tuairiscithe nuair a thiocfaidh éifeacht leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(1) le haghaidh gach feithicle nua tromshaothair, agus déanfar astaíochtaí CO2 in g/km feithicle tromshaothair v arna gcinneadh le haghaidh próifíl mhisin mp dá dtagraítear i dTábla 2 i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I a choigeartú mar seo a leanas:

CO2v,mp = CO2(RP)v,mp x (∑ r s r,sg x CO2 r,mp )/ (∑ r s r,sg x CO2(RP)r,mp )

i gcás inarb é,

r = an tsuim thar gach feithicil ionadaíoch r d’fhoghrúpa feithiclí sg;

sg = an foghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil v;

s r,sg = ualú staidrimh na feithicle ionadaíche r i bhfoghrúpa feithiclí sg;

CO2(RP)v,mp = astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle v in g/km, de réir mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp agus bunaithe ar na sonraí faireacháin le haghaidh na tréimhse tagartha arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956;

CO2(RP)r,mp = astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle ionadaíche r in g/km, de réir mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme sa tréimhse tuairiscithe nuair a cinneadh CO2(RP)v,mp;

CO2r,mp = astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle ionadaíche r, de réir mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme sa tréimhse tuairiscithe nuair a thiocfaidh éifeacht leis na hathruithe dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo le haghaidh gach feithicle nua tromshaothair.

Déanfar an fheithicil ionadaíoch a shainmhíniú i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 14(3) den Rialachán seo.

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún

Tá an Coimisiún i mbun forbairt theicniúil a dhéanamh ar an Uirlis Ríofa um Ídiú Fuinnimh Feithicle (VECTO) d'fhonn é a nuashonrú go rialta agus go tráthúil, i bhfianaise na nuálaíochta agus aird á tabhairt ar chur chun feidhme teicneolaíochtaí nua lena gcuirtear feabhas ar fheithiclí tromshaothair.

(1)IO C 62, 15.2.2019, lch. 286
(2)Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 14 Samhain 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0455).
(3)IO C 62, 15.2.2019, lch. 286.
(4) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019.
(5)Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (IO L , ...,..., lch.).
(6)+Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad 2017/0293 (COD) - pe 6/19, agus comhlánaigh an fonóta comhfhreagrach.
(7)Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018. lch. 26).
(8)Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/EC agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1).
(9)Rialachán (CE) 2017/2400 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (EC) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair (IO L 173, 9.7.2018, lch.1).
(11)Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair ar an mbóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).
(12)Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua paisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1).
(13)+Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad 2017/0293 (COD) - pe 6/19.
(14)Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
(15)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(16)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(17) Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59).
(18)Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1).
(19) Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).
(20)Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).
(21)Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(22)+ Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad 2017/0293 (COD) - pe 6/19.
(23)Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(24)+ Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá sa doiciméad seo (2018/0143 (COD) - pe 60/19), agus críochnaigh an fonóta comhfhreagrach.
(25)+ Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá sa doiciméad seo (2018/0143 (COD) - pe 60/19), agus críochnaigh an fonóta comhfhreagrach.
(26)+ Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá sa doiciméad seo (2018/0143 (COD) - pe 60/19), agus críochnaigh an fonóta comhfhreagrach.


Feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn ***I
PDF 249kWORD 94k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/33/AE maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn (COM(2017)0653 – C8-0393/2017 – 2017/0291(COD))
P8_TA-PROV(2019)0427A8-0321/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0653),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0393/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Aibreán 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Iúil 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0321/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/33/CE a mhéid a bhaineann le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn

P8_TC1-COD(2017)0291


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(4),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(5),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(6),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  I gcomhréir le conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, tá an tAontas tiomanta do chóras fuinnimh atá inbhuanaithe, iomaíoch, slán agus dícharbónaithe. I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2014 dar teideal “A policy framework for climate and energy for the period from 2020 to 2030” [‘Creat Beartais don Aeráid agus don Fhuinneamh don tréimhse ó 2020 go 2030’], leagtar síos gealltanais uaillmhianacha don Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990, an cion fuinnimh in-athnuaite a ídítear a mhéadú go dtí 27 % ar a laghad, coigilteas fuinnimh de 27 % ar a laghad a bhaint amach, agus slándáil, iomaíochas agus inbhuanaitheacht fuinnimh an Aontais a fheabhsú. Ó shin, leagadh amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite de 32 % ar a laghad d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030 agus leagadh amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) sprioc nua éifeachtúlachta fuinnimh don Aontas de 32,5 % ar a laghad faoi 2030.

(2)  Sa teachtaireacht uaidh an 20 Iúil 2016 dar teideal “A European Strategy for Low-Emission Mobility” [‘Straitéis Eorpach maidir le Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí’], d'fhógair an Coimisiún nach mór dlús a chur le dícharbónú na hearnála iompair agus, dá bhrí sin, go mbeidh gá dícheall a dhéanamh an sprioc astaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa agus astaíochtaí nialasacha truailleán aeir a bhaint amach faoi lár an chéid chun na gealltanais a thug an tAontas ag an 21ú Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a reáchtáladh i bPáras sa bhliain 2015 a chomhlíonadh. Thairis sin, ní mór laghdú suntasach a dhéanamh gan mhoill ar astaíochtaí truailleán aeir a eascraíonn as an iompar agus atá díobhálach do shláinte an duine agus don chomhshaol. Is féidir é sin a bhaint amach le tionscnaimh bheartais éagsúla, lena n-áirítear bearta lena dtacaítear le hathrú i dtreo iompar poiblí, agus úsáid a bhaint as soláthar poiblí chun feithiclí glana a chur chun cinn.

(3)  Sa teachtaireacht uaidh an 31 Bealtaine 2017 dar teideal ‘Europe on the Move: an agenda for a socially fair transition towards clean, competitive and connected mobility for all’ [“An Eoraip ag Bogadh: clár oibre le haghaidh ascnamh atá cothrom go sóisialta i dtreo na soghluaisteacha glaine iomaíche nasctha do chách”], cuireann an Coimisiún in iúl go bhfuil tairbhí iomadúla le baint ag saoránaigh, ag Ballstáit agus ag tionscail na hEorpa as méadú ar tháirgeadh agus ar úsáid feithiclí glana, as bonneagar breoslaí malartacha agus as seirbhísí nua soghluaisteachta a bhaineann leas as an digitiú agus as an uathoibriú san Aontas. Ar na tairbhí sin tá réitigh shoghluaisteachta níos sábháilte agus rianúla agus laghdú an nochta d'astaíochtaí truailleán díobhálacha. Ina theannta sin, mar a luadh in aitheasc ar Staid an Aontais an 13 Meán Fómhair 2017, is é ceann de na príomhchuspóirí don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta ar leibhéal domhanda i réimse an dícharbónaithe.

(4)  Mar a fógraíodh sa teachtaireacht ón gCoimisiún “An Eoraip ag Bogadh” dá dtagraítear cheana, is cuid den dara pacáiste tograí an Treoir seo, ar pacáiste é a rannchuideoidh le hiarrachtaí an Aontais soghluaisteacht íseal-astaíochtaí a bhaint amach. Leis an bpacáiste sin, a cuireadh i láthair i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2017 dar teideal ‘Delivering on the European Strategy for low-emission mobility - A European Union that protects the planet, empowers its consumers, and defends its industry and workers’ [“Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí a bhaint amach - Aontas Eorpach a chaomhnaíonn an pláinéad, a thugann cumhacht don tomhaltóir agus cosaint dá thionscal agus dá oibrithe”], áirítear meascán de bhearta atá dírithe ar sholáthar agus éileamh chun an tAontas a chur ar an mbealach i dtreo soghluaisteacht íseal-astaíochtaí agus chun iomaíochas éiceachóras soghluaisteachta an Aontais a neartú ag an am céanna. Ba cheart cur chun cinn feithiclí glana a dhéanamh i gcomhthráth le tuilleadh forbartha ar an iompar poiblí mar bhealach chun brú tráchta a laghdú agus, dá bharr sin, astaíochtaí a laghdú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú.

(5)  Tá nuálaíocht i dteicneolaíochtaí nua ina cabhair le hastaíochtaí CO2 feithiclí a laghdú agus truailliú aeir agus torainn a laghdú, agus tacú le dícharbónú na hearnála iompair ag an am céanna. Is é an toradh a bheidh ar ghlacadh méadaithe d'feithiclí bóthair astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ná go laghdófar astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán áirithe (ábhar cáithníneach, ocsaídí nítrigine agus hidreacarbóin gan mheatán) agus dá bharr sin go bhfeabhsófar cáilíocht an aeir i gcathracha agus i limistéir thruaillithe eile, agus ag an am céanna go gcuirfear le ▌ hiomaíochas agus fás thionscal an Aontais sna margaí domhanda d’fheithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha, ar margaí iad atá ag méadú. Ba cheart don Choimisiún bearta beartais a shaothrú chun go ndéanfar glacadh forleathan na dteicneolaíochtaí nua sin sa tionscal agus fás acmhainneachta monaraíochta maidir leis na teicneolaíochtaí nua sin a chothú sna Ballstáit uile chun go rannchuideofar le cothrom iomaíochta agus le forbairt chothrom ar fud na mBallstát.

(6)  De réir réamhaisnéisí an mhargaidh, meastar go leanfaidh laghdú leanúnach ar phraghsanna ceannaigh feithiclí glana. Fágann costais oibríochtúla agus chothabhála níos ísle go bhfuil an costas iomlán úinéireachta níos iomaíche cheana féin sa lá atá inniu ann. Déanfar bacainní ar infhaighteacht agus glacadh feithiclí glana sa mhargadh a laghdú tuilleadh sa deich mbliana atá amach romhainn a bhuí leis an laghdú ar an bpraghas ceannaigh a bhfuiltear ag súil leis.

(7)  Cé go bhfuil an tAontas ar cheann de na príomhréigiúin taighde agus éicea‑nuálaíochta ardluacha, is i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise atá na táirgeoirí busanna ceallra-leictreacha agus ceallraí is mó. Ar an gcaoi chéanna, spreagann na margaí sa tSín agus sna Stáit Aontaithe forbairtí sa mhargadh domhanda ó thaobh feithiclí ceallra-leictreacha de. Le beartas uaillmhianach de chuid an Aontais maidir le feithiclí glana a sholáthar, cuideofar le nuálaíocht a spreagadh agus iomaíocht agus fás thionscal an Aontais a chur chun cinn tuilleadh i margaí na bhfeithiclí glana agus an bhonneagair teicneolaíochta lena mbaineann, ar margaí iad atá ag éirí níos domhanda. Mar a tugadh ar aire sa teachtaireacht uaidh an 3 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal ‘Making public procurement work in and for Europe’ [‘Ag cur soláthar poiblí ag obair san Eoraip agus ar son na hEorpa’], leanfaidh an Coimisiún d’iarrachtaí a stiúradh chun go n-áiritheofar cothrom iomaíochta agus rochtain níos fearr ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha a chur chun cinn, lena n-áirítear chun críocha feithiclí iompair de bhóthar a cheannach, a léasú, a ghlacadh ar cíos nó a fhruilcheannach.

(8)  Trína chur san áireamh gurb ionann caiteachas poiblí ar earraí, saothair agus seirbhísí agus tuairim is 16 % de OTI in 2018, is féidir le húdaráis phoiblí, trína mbeartas um sholáthar poiblí, margaí d’earraí agus seirbhísí atá nuálach a chothú agus tacú leo. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart, le Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9), ceanglais shoiléire agus thrédhearcacha a leagan amach, lena n-áirítear spriocanna soláthair soiléire agus fadtéarmacha mar aon le modh simplí chun iad a ríomh. Le Treoracha 2014/24/AE(10) agus 2014/25/AE(11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar amach rialacha íosta maidir leis an soláthar poiblí lena gcomhordaítear an dóigh a ndéanann údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí a sholáthar. Go háirithe, leagtar amach leis na Treoracha sin tairseacha airgeadaíochta foriomlána chun a chinneadh cé na conarthaí poiblí a bheidh faoi réir reachtaíocht an Aontais maidir le soláthar poiblí. Tá feidhm ag ar tairseacha sin freisin maidir le ▌ Treoir 2009/33/CE.

(9)  Tá sé riachtanach go mbeadh bonneagar leordhóthanach athluchtúcháin agus athbhreoslúcháin ar fáil chun go bhféadfar feithiclí breoslaí malartacha a imlonnú. An 8 Samhain 2017, ghlac an Coimisiún plean gníomhaíochta chun tacú le leathadh amach luathaithe an bhonneagair i leith breoslaí malartacha san Aontas, lena n-áirítear tacaíocht neartaithe do leathadh amach an bhonneagair atá ar fáil go poiblí trí bhíthin chistí an Aontais, rud a chabhróidh le coinníollacha níos fabhraí a chruthú le haghaidh an aistrithe i dtreo feithiclí glana, lena n-áirítear san iompar poiblí. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) faoin 31 Nollaig 2020, agus tíolacfaidh sé togra reachtach chun an Treoir sin a leasú, má mheasann sé go bhfuil gá leis sin bunaithe ar an athbhreithniú sin.

(10)  Le Treoir 2009/33/CE, comhlánaítear reachtaíocht chothrománach soláthair phoiblí an Aontais agus tugtar isteach critéir inbhuanaitheachta, agus ar an dóigh sin is é is aidhm léi an margadh d’fheithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a spreagadh. Rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar Threoir 2009/33/CE in 2015 agus ba é a chonclúid nár spreagadh glacadh feithiclí glana sa mhargadh ar fud an Aontais de bharr na Treorach sin, go háirithe de thoradh laigí a mhéid a bhaineann lena raon feidhme agus leis na forálacha i leith ceannach feithiclí. Is é an conclúid a bhí ag an meastóireacht sin go raibh an tionchar a bhí ag an Treoir sin maidir le astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán aeir a laghdú agus maidir le hiomaíochas tionscail a chur chun cinn an-teoranta.

(11)  Sa mheasúnú tionchair a rinne an Coimisiún ar athbhreithniú Threoir 2009/33/CE, leagtar béim ar na tairbhí a bhaineann le hathrú a dhéanamh ar an gcur chuige rialachais foriomlán i leith soláthar feithiclí glana ar leibhéal an Aontais. Trí spriocanna íosta soláthair a leagan síos, is féidir cuidiú leis an gcuspóir a bhaint amach glacadh feithiclí glana sa mhargadh a chur chun cinn agus a spreagadh i gcomparáid le bheith ag brath ar inmheánú costas seachtrach i gcinntí foriomlána soláthair, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar a ábhartha atá sé gnéithe comhshaoil a mheas i ngach cinneadh soláthair. Tá bonn cirt iomlán ag an gcur chuige sin i bhfianaise na dtairbhí meántéarmacha agus fadtéarmacha a bhainfidh saoránaigh agus fiontair an Aontais as, sa mhéid go bhfágtar dóthain solúbthachta ag údaráis chonarthacha-agus ag eintitis chonarthacha maidir le rogha na dteicneolaíochtaí atá le húsáid.

(12)  Trí raon feidhme Threoir 2009/33/CE a leathnú trí chleachtais amhail feithiclí a léasú, a ghlacadh ar cíos agus a fhruilcheannach a chur san áireamh, chomh maith le conarthaí le haghaidh seirbhísí áirithe, áiritheofar go gcumhdófar gach cleachtas soláthair ábhartha. Maidir leis na seirbhísí a chumhdaítear le raon feidhme na Treorach seo, amhail seirbhísí poiblí iompair de bhóthar, seirbhísí sainchuspóireacha iompair paisinéirí de bhóthar, iompar neamhsceidealta paisinéirí, chomh maith le seirbhísí poist agus beartán agus seirbhísí bailithe bruscair, ba cheart gurb ionann iad agus na seirbhísí ina dtagann na feithiclí a úsáidtear chun na seirbhísí sin a sholáthar faoi réir na gcatagóirí feithiclí a chumhdaítear leis an Treoir seo, agus tá na feithiclí ina ngné mhór den chonradh. Ba cheart na seirbhísí sin a shainaithint lena úsáidtear a gcóid faoi seach sa Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV), a liostaítear san Iarscríbhinn. Níor cheart don Treoir seo difear cúlghabhálach a dhéanamh do chonarthaí atá ann cheana.

(13)  Tá tacaíocht fhorleathan ann i measc geallsealbhóirí lárnacha do shainmhíniú ar fheithiclí glana ina gcuirtear san áireamh na ceanglais maidir le gáis ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán aeir ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú. Chun a áirithiú go mbeidh dreasachtaí leordhóthanacha ann chun glacadh feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí astaíochtaí nialasacha sa mhargadh san Aontas a chur chun cinn, ba cheart forálacha dá soláthar poiblí faoin Treoir seo a ailíniú leis an sainmhíniú ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13)(14). Leis an ngníomhaíocht a dhéantar faoin Treoir seo, rannchuideofar le comhlíonadh cheanglais na gcaighdeán a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/… (15). ▌ Chun cáilíocht an aeir a fheabhsú, ba cheart d’fheithiclí glana feidhmiú níos fearr i gcomparáid leis na híoscheanglais le haghaidh ocsaídí de nítrigin (NOx) agus cáithníní sármhíne - Líon na gCáithnín (PN) arna socrú ag na teorainnluachanna astaíochtaí faoi fhíordhálaí tiomána (RDE) atá i bhfeidhm. De bhreis ar fheithiclí atá saor ó astaíochtaí, níl mórán feithiclí saothair éadroim ann sa lá atá inniu ann ag a bhfuil astaíochtaí truailleán aeir de 80 % nó níos lú de na teorainneacha astaíochtaí reatha. Táthar ag súil, áfach, go dtiocfaidh méadú ar líon na bhfeithiclí sin sna blianta amach romhainn, go háirithe hibridí inluchtaithe. Is féidir le cur chuige níos uaillmhianaí i leith an tsoláthair phoiblí spreagadh breise suntasach a thabhairt don mhargadh.

(14)  Ba cheart feithiclí tromshaothair glana a shainmhíniú tríd an úsáid a bhaintear as breoslaí malartacha i gcomhréir le Treoir 2014/94/AE. I gcás ina bhfuil feithiclí arna soláthar le bithbhreoslaí leachtacha, breoslaí sintéiseacha nó breoslaí pairifíneacha a úsáid, ní mór d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha a áirithiú, trí chlásail chonarthacha shainordaitheacha nó trí mhodhanna éifeachtacha dá samhail laistigh den nós imeachta soláthair phoiblí, nach n-úsáidfear ach na breoslaí sin sna feithiclí sin. Cé gur féidir le breiseáin bhreosla a bheith sna breoslaí sin, mar atá i gcás breosla atá bunaithe ar eatánól le haghaidh innill díosail oiriúnaithe (ED95) mar shampla, níor cheart iad a chumasc le breoslaí iontaise.

(15)  Chun cáilíocht an aeir i mbardais a fheabhsú, tá sé ríthábhachtach an flít iompair a athnuachan le feithiclí glana. Thairis sin, i dtaca le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh, ní mór saolré an táirge a leathnú. Dá bhrí sin, maidir le feithiclí a chomhlíonann na ceanglais maidir le feithiclí glana nó astaíochtaí nialasacha mar thoradh ar iarfheistiú, ba cheart iad a áireamh i dtreo na spriocanna íosta soláthair faoi seach a bhaint amach.

(16)  Baintear úsáid as feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair chun críocha difriúla agus tá leibhéil dhifriúla aibíochta margaidh ag baint leo, agus bheadh sé ina bhuntáiste dá ndéanfaí na difríochtaí sin a aithint i bhforálacha soláthair phoiblí. Aithníodh sa mheasúnú tionchair ▌ gur saintréith de chuid na margaí do bhusanna uirbeacha astaíochtaí ísle agus do bhusanna uirbeacha astaíochtaí nialasacha é an margadh a bheith níos aibí, ach go bhfuil na margaí do thrucailí astaíochtaí ísle agus do thrucailí astaíochtaí nialasacha ag céim níos luaithe den fhorbairt mhargaidh. De bharr leibhéil teoranta aibíochta an mhargaidh i gcás cóistí astaíochtaí ísle agus nialasacha, ról réasúnta teoranta an tsoláthair phoiblí sa chuid sin den mhargadh, agus a riachtanais oibríochtúla sonracha, níor cheart go n-áireofaí cóistí i raon feidhme na Treorach seo. I gcomhréir leis an gcur chuige a leantar i Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) agus i Rialachán 107 de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE), meastar gur busanna atá i bhfeithiclí de chatagóir M3 ina bhfuil limistéir inar féidir le paisinéirí seasamh iontu agus a cheadaíonn gluaiseacht mhinic paisinéirí, agus meastar gur cóistí atá i bhfeithiclí de chatagóir M3 ina bhfuil limistéar an-teoranta nó nach bhfuil aon limistéar iontu do phaisinéirí seasamh iontu. I bhfianaise an mhargaidh an-teoranta atá ann le haghaidh busanna dhá stór agus a dteorainneacha sonracha ó thaobh dearaidh de, is iomchuí, le linn na chéad tréimhse tagartha a chumhdaítear leis an Treoir seo, spriocanna soláthair íosta níos ísle a chur i bhfeidhm le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha a bhaineann leis an gcatagóir sin d’fheithiclí tromshaothair sna Ballstáit ina bhfuil busanna dhá stór ina sciar shuntasach den soláthar poiblí.

(17)  Ionas nach ndéanfar ualaí díréireacha a fhorchur ar údaráis phoiblí agus oibritheoirí, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann soláthar poiblí feithiclí áirithe a bhfuil tréithe sonracha acu i ndáil lena riachtanais oibríochtúla a dhíolmhú ó cheanglais na Treorach seo. Áirítear ar na feithiclí sin feithiclí armúrtha, otharcharranna, eileatraim, feithiclí de chatagóir M1 atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí, crainn tógála soghluaiste, feithiclí atá deartha agus tógtha lena n-úsáid go príomha ar láithreacha tógála nó i gcairéil nó i saoráidí calafoirt nó aerfoirt, chomh maith le feithiclí atá deartha agus tógtha go sonrach nó oiriúnaithe lena n-úsáid ag na fórsaí armtha, ag an gcosaint shibhialta, ag seirbhísí dóiteáin agus ag fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choimeád. D’fhéadfadh baint a bheith ag na hoiriúnuithe sin le trealamh cumarsáide speisialaithe nó le soilse éigeandála a shuiteáil. Níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo maidir le feithiclí atá deartha agus tógtha go sonrach le haghaidh saothar agus nach bhfuil oiriúnach chun paisinéirí ná earraí a iompar. Áirítear ar na feithiclí sin feithiclí a úsáidtear chun bóithre a chothabháil, amhail céachtaí sneachta.

(18)  Trí spriocanna íosta a leagan síos do sholáthar feithiclí glana atá le comhlíonadh in dhá thréimhse tagartha a thagann chun deiridh in 2025 agus in 2030 ar leibhéal na mBallstát, ba cheart rannchuidiú leis an gcinnteacht bheartais i gcás margaí ina bhfuil gá le hinfheistíocht a dhéanamh i soghluaisteacht astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha. Leis na spriocanna íosta, rannchuidítear le tacaíocht a thabhairt don chruthú margaidh le haghaidh na bhfeithiclí glana ar fud an Aontais. Soláthraíonn said am chun próisis soláthair phoiblí a choigeartú agus is follasach an comhartha a thugann siad don margadh. Thairis sin, neartaítear an tiomantas do dhícharbónú na hearnála iompair trína cheangal go gcomhlíonfar leath den sprioc íosta le haghaidh na mbusanna arna soláthar sna tréimhsí tagartha sin trí bhusanna astaíochtaí nialasacha a sholáthar. Ba cheart a thabhairt ar aird go meastar gur busanna astaíochtaí nialasacha iad busanna tralaí, ar choinníoll gur ar leictreachas amháin a ritheann siad nó gur gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha amháin a bhíonn in úsáid acu nuair nach bhfuil siad nasctha leis an eangach, murab amhlaidh sin áireofar fós iad mar fheithiclí glana. Tugtar faoi deara sa mheasúnú tionchair go bhfuil ag méadú ar na Ballstáit spriocanna náisiúnta a leagan síos ag brath ar a n-acmhainneacht eacnamaíoch agus ar thromchúis na faidhbe. Ba cheart spriocanna éagsúla a leagan síos do na Ballstáit éagsúla bunaithe ar a n-acmhainneacht eacnamaíoch (Olltáirgeacht Intíre per capita) agus ar a nochtadh don truailliú (dlús daonra uirbigh). ▌ Léiríodh sa mheasúnú tionchair chríochaigh a rinneadh don Treoir seo go mbeidh an tionchar dáilte go cothrom i measc na réigiún san Aontas.

(19)  Ba cheart go mbeadh an tsolúbthacht ag na Ballstáit an dícheall chun na spriocanna íosta laistigh dá gcríoch a chomhlíonadh a dháileadh, i gcomhréir lena gcreat bunreachtúil agus i gcomhréir lena gcuspóirí beartais iompair. Maidir le leithdháileadh an díchill laistigh de Bhallstát, d’fhéadfaí tosca éagsúla a chur san áireamh amhail difríochtaí idir acmhainneacht eacnamaíoch, cáilíocht an aeir, dlús daonra, saintréithe na gcóras iompair, beartais chun iompar a dhícharbónú agus truailliú aeir a laghdú, nó aon chritéir ábhartha eile.

(20)  Feithiclí nach scaoiltear aon astaíochtaí óna sceithphíopaí, fágann siad lorg comhshaoil freisin de bharr na n-astaíochtaí a thagann as slabhra soláthair an bhreosla, ón gcéim eastósctha go dtí an t-umar, agus de bharr phróiseas mhonarú na gcomhpháirteanna agus a leibhéal in-athchúrsáilteachta. Chun bheith comhréireach le cuspóirí na hinbhuanaitheachta, ba cheart go dtáirgfí ceallraí leis na hiarmhairtí comhshaoil is ísle lasmuigh agus laistigh den Aontas, go háirithe maidir le próiseas eastósctha na n-amhábhar atá le húsáid i dtáirgeadh ceallraí. Trí theicneolaíochtaí a chur chun cinn a thugann aghaidh ar an dúshlán sin, amhail ceallraí inbhuanaithe agus in-athchúrsáilte, is féidir rannchuidiú le hinbhunaitheacht fhoriomlán feithiclí leictreacha trí thionscnaimh amhail Comhghuaillíocht Ceallraí AE agus Plean Gníomhaíochta AE do Cheallraí agus i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Threoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17). Maidir leis an bhféidearthacht go mbeifí ag smaoineamh ar astaíochtaí CO2 saolré agus astaíochtaí CO2 ‘ón tobar go dtí an roth’ ó fheithiclí, ba cheart é sin a mheas don tréimhse tar éis 2030, agus forálacha ábhartha de dhlí an Aontais maidir lena ríomh ag an bpointe ama sin á gcur san áireamh.

(21)  Sa mholadh uaithi an 4 Aibreán 2017 chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tar éis an fhiosrúcháin maidir le tomhais astaíochtaí san earnáil gluaisteán(18), d’iarr Parlaimint na hEorpa ar na Ballstáit beartais ghlasa soláthair phoiblí a chothú trí fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí astaíochtaí sárísle a bheith á gceannach ag údaráis phoiblí ar mhaithe lena gcuid flíteanna féin nó ar mhaithe le cláir phoiblí nó leathphoiblí comhroinnte carranna, agus ar mhaithe le deireadh a chur le carranna nua a astaíonn CO2 de réir a chéile faoin mbliain 2035.

(22)  Beifear in ann an tionchar is mó a bhaint amach más ar limistéir a bhfuil leibhéil aerthruaillithe agus truailliú de dheasca torainn measartha ard iontu a dhírítear an soláthar poiblí feithiclí glana. Moltar d’údaráis phoiblí sna Ballstáit díriú ar na réimsí sin go háirithe agus spriocanna íosta soláthair baile á gcur chun feidhme acu. Moltar d’údaráis phoiblí freisin bearta a dhéanamh, amhail na hacmhainní airgeadais leordhóthanacha a chur ar fáil d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha, chun nach mbeidh praghsanna ticéad níos airde do thomhaltóirí nó nach mbeidh laghdú ar na seirbhísí iompair phoiblí ann, nó nach ndéanfaí forbairt iompair ghlain nach iompar de bhóthar é amhail tramanna agus traenacha meitreo a dhíspreagadh mar thoradh ar na costais a bhaineann le comhlíonadh na spriocanna soláthair íosta arna mbunú sa Treoir seo. Ba cheart d’údaráis phoiblí gníomhaíocht ghaolmhar a léiriú ina dtuairisciú faoin Treoir seo. Chun ualach díréireach a sheachaint agus chun torthaí ionchasacha na Treorach seo a optamú, ba cheart cúnamh teicniúil iomchuí a chur ar fáil do na húdaráis phoiblí.

(23)  Níl an t-iompar poiblí freagrach ach as sciar beag de na hastaíochtaí a thagann ón earnáil iompair. Chun dícharbónú na hearnála iompair a chur chun cinn tuilleadh, chun cáilíocht an aeir a fheabhsú tuilleadh agus chun cothrom iomaíochta a choimeád idir na hoibreoirí éagsúla, is féidir leis na Ballstáit a chinneadh, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais, ceanglais chomhchosúla a fhorchur freisin ar oibreoirí príobháideacha agus ar sheirbhísí lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo, amhail cuideachtaí tacsaí, cuideachtaí carranna ar cíos agus cuideachtaí comhroinnte carranna.

(24)  Tá an chostáil saolré ina huirlis thábhachtach ag údaráis chonarthacha agus ag eintitis chonarthacha le haghaidh costais fuinnimh agus chomhshaoil a chumhdach le linn saolré feithicle, lena n-áirítear an costas a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán eile ar bhonn modheolaíocht ábhartha chun a luach airgeadúil a chinneadh. I bhfianaise thearcúsáid na modheolaíochta le haghaidh costais saolré oibríochtúla a ríomh faoi Threoir 2009/33/CE agus i bhfianaise na faisnéise a chuireann údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha ar fáil faoi úsáid a modheolaíochtaí féin atá sainoiriúnaithe dá n-imthosca sonracha agus dá riachtanais shonracha, níor cheart é a bheith éigeantach modheolaíocht shainordaitheach ar leith a úsáid, ach seachas sin, ba cheart d’údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a bheith in ann aon mhodheolaíocht costála saolré a úsáid chun tacú lena bpróisis soláthair ar bhonn na gcritéar tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch ('MEAT') mar a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 67 de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 82 de Threoir 2014/25/AE, agus cost-éifeachtacht thar shaolré na feithicle á cur san áireamh mar aon le gnéithe comhshaoil agus sóisialta.

(25)  Leis an tuairisciú ar sholáthar poiblí faoin Treoir seo, ba cheart forbhreathnú soiléir a fháil ar an margadh sa dóigh gur féidir faireachán éifeachtach a dhéanamh ar ▌ a chur chun feidhme. Le tuairisciú den sórt sin, ba cheart tús a chur le réamhthíolacadh na faisnéise ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún faoin ... [36 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], agus ba cheart leanúint de leis an gcéad tuarascáil chuimsitheach ar chur chun feidhme na spriocanna íosta soláthair sa bhliain 2026 agus le ceann gach trí bliana ina dhiaidh sin. Ba cheart an tréimhse ama a ailíniú le hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana faoi Threoir 2014/24/AE agus Treoir 2014/25/AE. Chun an t-ualach riaracháin ar chomhlachtaí poiblí aonair a íoslaghdú agus chun forbhreathnú éifeachtach ar an margadh a fháil, ba cheart tuairisciú simplithe a éascú. Soláthróidh an Coimisiún réitigh chun go ndéanfar clárú agus faireachán faoin mbunachar sonraí ‘Tender Electronic Daily’, agus áiritheoidh sé go dtabharfar tuairisc chuimsitheach ar fheithiclí astaíochtaí ísle agus ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ar fheithiclí eile breoslaí malartacha i gcomhthéacs Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar an Aontais. Beidh cóid shonracha sa Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar ina gcuidiú leis an gclárú agus leis an bhfaireachán de réir an bhunachair sonraí 'Tenders Electronic Daily'.

(26)  Is féidir tacaíocht bhreise do ghlacadh feithiclí glana agus dá mbonneagair sa mhargadh a bhaint amach trí bhearta spriocdhírithe tacaíochta poiblí a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Áirítear ar bhearta den sórt sin úsáid níos mó a bhaint as cistí an Aontais chun tacú le flíteanna iompair phoiblí a athnuachan agus feabhas a chur ar an malartú eolais agus nósanna imeachta soláthair a ailíniú chun go mbeifear in ann gníomhartha a dhéanamh ar scála dóthanach chun laghduithe costais a bhaint amach agus dul i bhfeidhm ar an margadh. Aithnítear sna Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020(19) an fhéidearthacht tacaíocht phoiblí a thabhairt chun forbairt bonneagair a chur chun cinn, ar bonneagair iad a theastaíonn le haghaidh breoslaí malartacha a dháileadh. Mar sin féin, beidh feidhm ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 107 agus 108 de, maidir le tacaíocht phoiblí den sórt sin fós.

(27)  Le bearta tacaíochta spriocdhírithe le haghaidh feithiclí glana a sholáthar, féadfar cabhrú le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha. Faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) atá ann faoi láthair don tréimhse 2014-2020, tá réimse cistí éagsúla ag an Aontas cheana chun tacú leis na Ballstáit, le húdaráis áitiúla agus leis na hoibreoirí lena mbaineann maidir lena n-aistriú go soghluaisteacht inbhuanaithe. Go háirithe, is príomhfhoinse maoinithe le haghaidh soghluaisteacht uirbeach iad Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Le Fís 2020, clár taighde an Aontais, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20), déantar cistiú ar thionscadail taighde agus nuálaíochta maidir le gluaisteacht uirbeach agus le cathracha agus pobail chliste, agus leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21), tugtar tacaíocht do bhonneagar ábhartha a imlonnú i nóid uirbeacha. Is féidir a áirithiú go n-úsáidfear ionstraimí airgeadais ar bhonn níos spriocdhírithe fós lena n-áirítear sa chéad CAI eile don tréimhse 2021-2027 trí shainmhíniú soiléir ar fheithicil ghlan a thabhairt isteach agus spriocanna íosta a shocrú dá soláthar sa Treoir seo. Leis an bearta tacaíochta sin, cuideofar leis an ard-infheistíocht tosaigh in athruithe bonneagair a laghdú agus tacófar le hiompar a dhícharbónú.

(28)  Chun a áirithiú go saothrófar na tairbhí ionchasacha go hiomlán, ba cheart don Choimisiún treoir a sholáthar do na Ballstáit maidir le cistí éagsúla an Aontais a d’fhéadfaí a úsáid, agus ba cheart dó malartú eolais agus dea-chleachtas a éascú agus a struchtúrú idir na Ballstáit chun ceannach, léasú, glacadh ar cíos nó fruilcheannach feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobhfuinnimh de ag údaráis chonarthacha agus ag eintitis chonarthacha a chur chun cinn. Ba cheart don Coimisiún leanúint de sheirbhísí comhairleoireachta teicniúla agus airgeadais a chur ar fáil d’údaráis agus oibreoirí áitiúla trí ionstraimí amhail an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht, JASPERS agus JESSICA. Ba cheart a áireamh leis an gcúnamh sin údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a spreagadh chun a gcuid acmhainní a chomhthiomsú i soláthar comhpháirteach feithiclí iompair de bhóthar astaíochtaí ísle agus atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, chun barainneachtaí scála a bhaint amach agus chun gnóthú chuspóirí na Treorach seo a éascú.

(29)  Chun go mbeadh an tionchar is mó is féidir ag na hinfheistíochtaí, is gá comhordú níos fearr a dhéanamh ar an tsoghluaisteacht agus ar an bpleanáil uirbeach, amhail trí phleananna maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe (PSUInna) a úsáid. Is ionann PSUInna agus pleananna a fhorbraítear i réimsí beartais aonair agus i gcomhar le leibhéil éagsúla rialachais trína ndéantar modhanna difriúla iompair, sábháilteacht ar bhóithre, seachadadh lasta, bainistíocht soghluaisteachta agus córais chliste iompair a chónascadh. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag PSUInna i ngnóthú spriocanna an Aontais maidir leis na laghduithe ar astaíochtaí CO2, aerthruailliú agus truailliú torainn.

(30)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le formáid choiteann na dtuarascálacha ó na Ballstáit agus a gcuid socruithe tarchuir a leagan amach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22).

(31)  Faoin 31 Nollaig 2027, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme Threoir 2009/33/CE. Ba cheart go mbeadh togra reachtach ag gabháil leis an athbhreithniú, i gcás inarb iomchuí, chun an Treoir sin a leasú don tréimhse i ndiaidh 2030, lena n-áirítear maidir le spriocanna uaillmhianacha nua a shocrú agus an raon feidhme a leathnú go catagóirí eile feithiclí, amhail feithiclí de chatagóir L agus innealra láithreacha tógála. Ina athbhreithniú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh chomh maith, inter alia, ar an bhféidearthacht an Treoir seo a ailíniú le haon mhodheolaíocht arna forbairt i gcomhthéacs caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí AE chun astaíochtaí CO2 ar feadh an tsaolré agus astaíochtaí CO2 ‘ón tobar go dtí an roth’ a chomhaireamh, chomh maith leis an bhféidearthacht ceallraí inbhuanaithe agus in-athchúrsáilte mar aon le húsáid bonn ardghráid agus atráchta a chur chun cinn.

(32)  Cé nach bhfuil feidhm ag na spriocanna íosta soláthair a leagtar amach sa Treoir seo maidir le hinstitiúidí an Aontais, is inmhianaithe go dtabharfadh institiúidí an Aontais ceannaireacht le dea-shampla.

(33)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon spreagadh ar thaobh an éilimh a thabhairt d’fheithiclí glana chun tacú le hascnamh chuig soghluaisteacht íseal-astaíochtaí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr creat beartais comhchoiteann fadtéarmach agus de bharr fairsinge, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(34)  I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin(23), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(35)  Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/33/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2009/33/CE

Leasaítear Treoir 2009/33/CE mar a leanas:

(1)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

‘Treoir 2009/33/CE maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan a chur chun cinn chun tacú le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí';

"

(2)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:"

‘Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

Leis an Treoir seo, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go dtugann údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha aird ar thionchair fuinnimh agus comhshaoil saolré, lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleáin áirithe, nuair a bhíonn feithiclí iompair de bhóthar áirithe á soláthar agus é mar chuspóirí leis sin an margadh le haghaidh feithiclí atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn agus a spreagadh agus feabhas a chur ar rannchuidiú na hearnála iompair le beartais chomhshaoil, aeráide agus fuinnimh an Aontais.’;

"

(3)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:"

‘Airteagal 2

Díolúintí

Féadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo feithiclí dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 2(2) agus i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus i bpointí 5.2. go 5.5. agus pointe 5.7. de Chuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

_____________

* Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).’;

"

(4)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:"

‘Airteagal 3

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le soláthar tríd an méid seo a leanas:

   (a) conarthaí maidir le feithiclí iompair de bhóthar, arna ndámhachtain ag ▌ údaráis chonarthacha nó ag eintitis chonarthacha, a cheannach, a léasú, a ghlacadh ar cíos nó a fhruilcheannach a mhéid atá siad faoi oibleagáid na nósanna imeachta um sholáthar a leagtar amach i dTreoracha 2014/24/AE* agus 2014/25/AE** ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm;
   (b) conarthaí seirbhíse poiblí de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*** a bhfuil mar ábhar acu soláthar seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar os cionn tairseach a shocróidh na Ballstáit ach nach mó í ná an luach tairsí is infheidhme mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Rialachán sin;
   (c) ▌ conarthaí seirbhíse ▌ a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a mhéid atá na húdaráis chonarthacha nó na heintitis chonarthacha faoi oibleagáid na nósanna imeachta um sholáthar a leagtar amach i dTreoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE ▌a chur i bhfeidhm.

Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach amháin maidir leis na conarthaí sin a ndearnadh an glao ar thairiscintí ina leith a sheoladh tar éis an ... [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] nó, i gcásanna nach bhforáiltear do ghlao ar thairiscintí, i gcás inar chuir an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach tús leis an nós imeachta um sholáthar tar éis an dáta sin.

2.  Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

   (a) feithiclí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 2(2) agus i bpointe (c) d’Airteagal 2(3) de Rialachán(AE) 2018/858;
   (b) feithiclí de chatagóir M3 seachas feithiclí d’Aicme I agus feithiclí d’Aicme A mar a shainmhínítear ibpointí (2) agus (3) d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle****.

_______________

* Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

** Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

*** Rialachán (AE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).

**** Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 200, 31.7.2009, lch. 1)’;

"

(5)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:"

‘Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo:

   (1) ciallaíonn ‘údaráis chonarthacha’ údaráis chonarthacha mar a shainmhínítear iad i bpointe 1 d’Airteagal 2(1) ▌ de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 3 de Threoir 2014/25/AE;
   (2) ciallaíonn ‘eintitis chonarthacha’ eintitis chonarthacha amhail mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE;
   (3) ciallaíonn ‘feithicil iompair de bhóthar’ feithicil de chatagóir M nó N mar a shainmhínítear í i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/858;
   (4) ciallaíonn ‘feithicil ghlan’:
   (a) feithicil de chatagóir M1, M2 nó N1 ▌ ag a bhfuil astaíocht uasta sceithphíopa arna sloinneadh in CO2 g/km agus astaíochtaí truailleán i bhfíordhálaí tiomána atá faoi bhun céatadán de na teorainneacha astaíochtaí is infheidhme a leagtar síos i dTábla 2 den Iarscríbhinn, nó;
   (b) feithicil de chatagóir M3, N2 nó N3 a úsáideann breoslaí malartacha mar a shainmhínítear iad i bpointí (1) agus (2) d'Airteagal 2 de Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, cé is moite de bhreoslaí a tháirgtear as stoc beatha lena ngabhann riosca ard indíreach um athrú ar an talamhúsáid ar cuireadh síneadh suntasach leis an limistéar táirgthe chun go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**. I gcás feithiclí a úsáideann bithbhreoslaí leachtacha, breoslaí sintéiseacha agus breoslaí pairifíneacha, ní dhéanfar na breoslaí sin a chumasc le gnáthbhreoslaí iontaise;

   (5) ciallaíonn ‘feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha’ feithicil ghlan, mar a shainmhínítear í i bpointe 4(b) den Airteagal seo, nach bhfuil inneall dócháin inmheánaigh inti nó ag a bhfuil inneall dócháin inmheánaigh a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/kWh arna thomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*** agus a bhearta cur chun feidhme, nó feithicil a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/km arna thomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**** agus a bhearta cur chun feidhme.

_____________

* Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le húsáid a bhaint as bonneagar breoslaí malartacha (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

** Treoir AE 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

*** Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineálcheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/EC agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1).

**** Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).’;

"

(6)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:"

‘Airteagal 5

Spriocanna íosta soláthair

1.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás soláthar feithiclí agus seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir seo, go gcomhlíonfar na spriocanna íosta soláthair d’fheithiclí saothair éadroim glana a leagtar amach i dTábla 3 den Iarscríbhinn agus na spriocanna íosta soláthair d’fheithiclí tromshaothair glana a leagtar amach i dTábla 4 den Iarscríbhinn. Sloinntear na spriocanna sin mar chéatadáin íosta d’fheithiclí glana den líon iomlán feithiclí iompair de bhóthar atá cumhdaithe ag comhiomlán na gconarthaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 3, arna ndámhachtain idir an ... [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] agus an 31 Nollaig 2015, don chéad tréimhse thagartha, agus idir an 1 Eanáir 2026 agus an 31 Nollaig 2030, don dara tréimhse thagartha.

2.  Chun spriocanna íosta soláthair a ríomh, is é an dáta soláthair phoiblí atá le cur san áireamh ná an dáta a thugtar an nós imeachta um sholáthar poiblí i gcrích, tríd an gconradh a dhamhachtain.

3.  Maidir le feithiclí a chomhlíonann an sainmhíniú ar fheithicil ghlan faoi phointe 4 d'Airteagal 4 nó an sainmhíniú ar fheithicil thromshaothair astaíochtaí nialasacha faoi phointe 5 d'Airteagal 4 mar thoradh ar iarfheistiú, féadfar iad a chomhaireamh mar fheithiclí tromshaothair ghlana nó astaíochtaí nialasacha, faoi seach, chun críche na spriocanna íosta soláthair a chomhlíonadh.

4.  I gcás conarthaí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(1), cuirfear san áireamh líon na bhfeithiclí iompair arna gceannach, arna léasú, arna nglacadh ar cíos nó arna bhfruilcheannach faoi gach conradh chun críocha measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na spriocanna íosta soláthair.

5.  I gcás conarthaí dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 3(1), cuirfear san áireamh líon na bhfeithiclí iompair de bhóthar a úsáidfear chun na seirbhísí a sholáthar atá clúdaithe le gach conradh chun críocha measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na spriocanna íosta soláthair.

6.  I gcás nach nglacfar na spriocanna nua don tréimhse tar éis an 1 Eanáir 2030, leanfaidh na spriocanna arna leagan síos don dara tréimhse tagartha d’fheidhm a bheith acu, agus ríomhfar iad i gcomhréir le míreanna 1 go 5, thar thréimhsí 5 bliana ina dhiaidh sin.

7.  Féadfaidh na Ballstáit spriocanna náisiúnta níos airde nó níos déine ná na spriocanna sin dá dtagraítear san Iarscríbhinn a chur i bhfeidhm, nó féadfaidh siad a údarú dá n-údaráis chonarthachad'eintitis chonarthacha déanamh amhlaidh ▌.’;

"

(7)  scriostar Airteagail 6 agus 7;

(8)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:"

‘Airteagal 8

Eolas agus dea-chleachtais a mhalartú

Déanfaidh an Coimisiún an malartú eolais agus dea-chleachtas a éascú agus a struchtúrú idir na Ballstáit maidir le cleachtais chun soláthar feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de ag údaráis chonarthacha agus ag eintitis chonarthacha a chur chun cinn.’;

"

(9)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:"

Airteagal 9

Nós imeachta coiste

1.  Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 9 de Threoir 2014/94/AE cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. ▌

3.  I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

_______________

* Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’;

"

(10)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:"

Airteagal 10

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.  Faoin ... [36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a bheidh déanta chun an Treoir seo a chur chun feidhme agus faoi intinn na mBallstát i ndáil le gníomhaíochtaí cur chun feidhme sa todhchaí, lena n-áirítear uainiú agus comhroinnt díchill a d’fhéadfadh a bheith ann idir leibhéil éagsúla rialachais, agus faoi aon fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha.

2.   Faoin 18 Aibreán 2026, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh na tuarascálacha sin ag gabháil leis na tuarascálacha dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 83(3) de Threoir 2014/24/AE agus sa dara fomhír d’Airteagal 99(3) de Treoir 2014/24/AE, agus beidh faisnéis iontu faoi na bearta arna nglacadh chun an Treoir seo a chur chun feidhme, faoi ghníomhaíochtaí chur chun feidhme sa todhchaí, chomh maith le haon ▌ fhaisnéis eile a mheasann an Ballstát a bheith ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin freisin líon na bhfeithiclí agus catagóirí na bhfeithiclí arna gcumhdach ag na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir seo, bunaithe ar na sonraí arna soláthar ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear an fhaisnéis i láthair ar bhonn na gcatagóirí a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

3.  Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit maidir lena n-oibleagáidí tuairiscithe, déanfaidh an Coimisiún líon na bhfeithiclí agus catagóirí na bhfeithiclí a chumhdaítear leis na conarthaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d'Airteagal 3(1) den Treoir seo a thabhairt le chéile agus a fhoilsiú trí na sonraí ábhartha a bhaint as fógraí faoi dhámhachtain conarthaí a fhoilsítear ar an mbunachar sonraí ‘Tender Electronic Daily’ (TED) i gcomhréir le Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE.

4.  Faoin 18 Aibreán 2027, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar na bearta a bheidh déanta ag Ballstáit ina leith sin, tar éis na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 2.

5.   Faoin 31 Nollaig 2027, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme na Treorach seo agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtacht maidir lena leasú don tréimhse tar éis 2030 a thíolacadh, lena n-áirítear spriocanna nua a leagan síos agus catagóirí eile feithiclí a áireamh inti, amhail feithiclí dhá nó trí roth.

6.  ▌ Glacfaidh ▌ an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 9(2) lena leagtar amach formáid na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus a socruithe tarchuir.

__________________

* Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV) (IO L 340, 16.12.2002, lch. 1).’;

"

(11)  cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Trasuí

1.  Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin ... [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] ▌. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Faisnéis faoi spriocanna íosta soláthair

d’fheithiclí glana iompair de bhóthar a chur chun feidhme

chun tacú le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí sna Ballstáit

Tábla 1: Cóid an Stóir Focal Chomhchoitinn um Sholáthar le haghaidh seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(1).

Cód CPV

Tuairisc

60112000-6

Seirbhísí iompair phoiblí de bhóthar

60130000-8

Seirbhísí sainchuspóireacha iompair paisinéirí de bhóthar

60140000-1

Iompar neamhsceidealta paisinéirí

90511000-2

Seirbhísí bailithe dramhaíola

60160000-7

Iompar an phoist de bhóthar

60161000-4

Seirbhísí iompair beartán

64121100-1

Seirbhísí seachadta poist

64121200-2

Seirbhísí seachadta beartán

Tábla 2: Tairseacha astaíochtaí d’fheithiclí saothair éadroim glana

Catagóirí feithiclí

Go dtí an 31 Nollaig 2025

Ón 1 Eanáir 2026

 

CO2 g/km

Astaíochtaí truailleán aeir RDE* mar chéatadán de theorainneacha astaíochtaí**

CO2 g/km

Astaíochtaí truailleán aeir RDE* mar chéatadán de theorainneacha astaíochtaí**

M1

50

80 %

0

n/b

M2

50

80 %

0

n/b

N1

50

80 %

0

n/b

* Luachanna uasta dearbhaithe d’astaíochtaí faoi fhíordhálaí tiomána (RDE) de líon na gcáithnín (PN) in #/km agus ocsaídí nítrigine (NOx) in mg/km mar a thuairiscítear i bpointe 48.2 sa Deimhniú Comhréireachta, mar a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn IX de Threoir 2007/46/CE le haghaidh turais RDE iomlána agus uirbeacha araon.

** Na teorainneacha astaíochtaí is infheidhme a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, no ina comharbaí.

Tábla 3: Spriocanna íosta soláthair do sciar na bhfeithiclí saothair éadroim glana i gcomhréir le Tábla 2 de líon iomlán na bhfeithiclí saothair éadroim arna chumhdach leis na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 3 ar leibhéal na mBallstát

Ballstát

Ón ... [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] go dtí an 31 Nollaig 2025

Ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2030

Lucsamburg

38,5 %

38,5 %

An tSualainn

38,5 %

38,5 %

An Danmhairg

37,4 %

37,4 %

An Fhionlainn

38,5 %

38,5 %

An Ghearmáin

38,5 %

38,5 %

An Fhrainc

37,4 %

37,4 %

An Ríocht Aontaithe

38,5 %

38,5 %

An Ísiltír

38,5 %

38,5 %

An Ostair

38,5 %

38,5 %

An Bheilg

38,5 %

38,5 %

An Iodáil

38,5 %

38,5 %

Éire

38,5 %

38,5 %

An Spáinn

36,3 %

36,3 %

An Chipir

31,9 %

31,9 %

Málta

38,5 %

38,5 %

An Phortaingéil

29,7 %

29,7 %

An Ghréig

25,3 %

25,3 %

An tSlóivéin

22 %

22 %

An tSeicia

29,7 %

29,7 %

An Eastóin

23,1 %

23,1 %

An tSlóvaic

22 %

22 %

An Liotuáin

20,9 %

20,9 %

An Pholainn

22 %

22 %

An Chróit

18,7 %

18,7 %

An Ungáir

23,1 %

23,1 %

An Laitvia

22 %

22 %

An Rómáin

18,7 %

18,7 %

An Bhulgáir

17,6 %

17,6 %

Tábla 4: Spriocanna íosta soláthair do sciar na bhfeithiclí tromshaothair glana de líon iomlán na bhfeithiclí tromshaothair arna chumhdach leis na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 3 ar leibhéal na mBallstát*

Ballstát

Trucailí (catagóir feithicle N2 agus N3)

Busanna (catagóir feithicle M3)*

 

Ón ... [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] go dtí an 31 Nollaig 2025

Ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2030

Ón ... [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] go dtí an 31 Nollaig 2025

Ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2030

Lucsamburg

10 %

15 %

45 %

65 %

An tSualainn

10 %

15 %

45 %

65 %

An Danmhairg

10 %

15 %

45 %

65 %

An Fhionlainn

9 %

15 %

41 %

59 %

An Ghearmáin

10 %

15 %

45 %

65 %

An Fhrainc

10 %

15 %

43 %

61 %

An Ríocht Aontaithe

10 %

15 %

45 %

65 %

An Ísiltír

10 %

15 %

45 %

65 %

An Ostair

10 %

15 %

45 %

65 %

An Bheilg

10 %

15 %

45 %

65 %

An Iodáil

10 %

15 %

45 %

65 %

Éire

10 %

15 %

45 %

65 %

An Spáinn

10 %

14 %

45 %

65 %

An Chipir

10 %

13 %

45 %

65 %

Málta

10 %

15 %

45 %

65 %

An Phortaingéil

8 %

12 %

35 %

51 %

An Ghréig

8 %

10 %

33 %

47 %

An tSlóivéin

7 %

9 %

28 %

40 %

An tSeicia

9 %

11 %

41 %

60 %

An Eastóin

7 %

9 %

31 %

43 %

An tSlóvaic

8 %

9 %

34 %

48 %

An Liotuáin

8 %

9 %

42 %

60 %

An Pholainn

7 %

9 %

32 %

46 %

An Chróit

6 %

7 %

27 %

38 %

An Ungáir

8 %

9 %

37 %

53 %

An Laitvia

8 %

9 %

35 %

50 %

An Rómáin

6 %

7 %

24 %

33 %

An Bhulgáir

7 %

8 %

34 %

48 %

* Ní mór leath den sprioc íosta i dtaca leis an sciar de bhusanna glana a chomhlíonadh trí bhusanna astaíochtaí nialasacha a sholáthar mar a shainmhínítear i bpointe 5 d'Airteagal 4. Déantar an ceanglas sin a ísliú chuig aon cheathrú den sprioc íosta don chéad tréimhse thagartha más rud é gur busanna dhá stór atá i níos mó ná 80 % de na busanna atá cumhdaithe ag comhiomlán na gconarthaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 3 agus a rinneadh a dhámhachtain i rith na tréimhse sin i mBallstát..

(1)IO C 262, 25.7.2018, lch. 58.
(2)IO C 387, 25.10.2018, lch. 70.
(3)Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 25 Deireadh Fómhair 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0424).
(4)IO C 262, 25.7.2018, lch. 58.
(5)IO C 387, 25.10.2018, lch. 70.
(6)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019.
(7) Treoir AE 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(8)Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/CE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).
(9)Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).
(10)Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(11)Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(12)Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le húsáid a bhaint as bonneagar breoslaí malartacha (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).
(13)Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint agus ón gComhairle an … lena leagtar amach na caighdeáin feidhmíochta CO2 maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (IO L ...).
(14)+Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS 6/19 (2017/0293(COD)) agus cuirtear isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(15)++Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS 6/19 (2017/0293(COD)).
(16) Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 200, 31.7.2009, lch. 1).
(17)Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola, agus lena leasaítear Treoir 91/157/CEE (IO L 266, 26.9.2006, lch. 1).
(18)IO C 298, 23.8.2018, lch. 140.
(19)IO C 200, 28.6.2014, lch. 1.
(20) Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 — An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).
(21) Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (AE) Uimh 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).
(22)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(23)IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


Úsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí ***I
PDF 283kWORD 90k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí digiteacha agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí (COM(2018)0239 – C8-0166/2018 – 2018/0113(COD))
P8_TA-PROV(2019)0428A8-0422/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0239),

–  ag féachaint d'Airteagal 294(2) agus Airteagal 50(1) agus pointí (b), (c), (f) agus (g) d'Airteagal 50(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0166/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0422/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí

P8_TC1-COD(2018)0113


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(1) agus pointí (b), (c), (f) agus (g) d’Airteagal 50(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  I dTreoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) leagtar síos inter alia na rialacha maidir le nochtadh agus le hidirnascadh na gclár lárnach, tráchtála agus cuideachtaí de chuid na mBallstát.

(2)  Ceann de na réamhriachtanais chun margadh inmheánach iomaíoch a fheidhmiú go héifeachtach, a nuachóiriú, agus a chuíchóiriú ó thaobh riaracháin agus chun iomaíochas agus iontaofacht cuideachtaí a áirithiú ná úsáid uirlisí digiteacha agus próiseas digiteach chun gur fusa gníomhaíocht eacnamaíoch a thionscnamh, chun dlús a chur léi agus chun í a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí ó thaobh ama agus costais trí chuideachta a chur ar bun nó trí bhrainse de chuid na cuideachta sin a oscailt i mBallstát eile, agus chun faisnéis chuimsitheach agus inrochtana a sholáthar maidir le cuideachtaí.

(3)  Is den riachtanas é timpeallacht dhlíthiúil agus riaracháin a áirithiú atá in ann do na dúshláin shóisialta agus eacnamaíocha nua a bhaineann leis an domhandú agus leis an digitiú, chun, ar lámh amháin, na coimircí riachtanacha a sholáthar in aghaidh na mí-úsáide agus na calaoise agus, ar an lámh eile, cuspóirí a shaothrú amhail an fás eacnamaíoch a chur chun cinn, poist a chruthú agus infheistíocht a mhealladh chuig an Aontas, a mbeadh mar thoradh orthu go léir go mbeadh tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta ann don tsochaí trí chéile.

(4)  Faoi láthair, tá éagsúlachtaí suntasacha idir Ballstáit ó thaobh uirlisí ar líne a bheith ar fáil lena gceadaítear d’fhiontraithe agus do chuideachtaí cumarsáid a dhéanamh le húdaráis maidir le nithe a bhaineann le dlí na gcuideachtaí. Tá éagsúlacht ann ó Bhallstát go Ballstát maidir le seirbhísí ríomhrialtais. Soláthraíonn roinnt de na Ballstáit seirbhisí cuimsitheacha, atá so-úsáidte, agus atá ar fad ar fáil ar líne, ach, os a choinne sin, níl cinn eile in ann réitigh ar líne a sholáthar ag mórchéimeanna áirithe de shaolré comhlachta. Mar shampla, ní cheadaíonn roinnt Ballstát cuideachtaí a chlárú nó athruithe ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis a chomhdú leis an gclár ach má dhéantar an méid sin i bpearsa, ceadaíonn roinnt díobh na gníomhartha sin a dhéanamh i bpearsa nó ar líne, agus i mBallstáit eile, ní féidir iad a dhéanamh ach ar líne.

(5)  Thairis sin, maidir le rochtain ar fhaisnéis chuideachta, ordaítear le dlí an Aontais gur gá tacar íosta sonraí a sholáthar saor in aisce i gcónaí. Tá raon feidhme na faisnéise sin fós teoranta, áfach. Tá éagsúlacht ann maidir leis an rochtain ar fhaisnéis den sórt sin, agus níos mó faisnéise á cur ar fáil saor in aisce i roinnt Ballstát ná i gcinn eile, agus, dá thoradh sin, tá míchothromaíocht san Aontas.

(6)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘A Digital Single Market Strategy for Europe’ [Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip] agus sa Teachtaireacht uaidh ‘EU e-Government Action Plan 2016-2020: ‘Accelerating the digital transformation of government’ [Plean Gníomhaíochta AE maidir le ríomh-Rialtas 2016-2020: Dlús a chur le claochlú digiteach rialtais], cuireadh béim ar ról údarás poiblí i gcuidiú le gnólachtaí a gcuid gníomhaíochtaí a chur ar bun gan stró, oibriú ar líne agus leathnú amach thar theorainneacha. Aithnítear go sonrach i bPlean Gníomhaíochta AE maidir le ríomh-Rialtas an tábhacht a bhaineann le feabhas a chur ar úsáid uirlisí digiteacha agus ceanglais a bhaineann le dlí na gcuideachtaí á gcomhlíonadh. De bhreis air sin, d’iarr na Ballstáit sa ‘Tallinn Declaration on eGovernment’ [Dearbhú Thaillinn maidir le ríomh-Rialtas] an 6 Deireadh Fómhair 2017 go gcuirfí dlús le hiarrachtaí ar nósanna imeachta leictreonacha atá éifeachtúil agus úsáideoir-lárnach a sholáthar san Aontas.

(7)  I Meitheamh 2017, idirnascadh na gclár lárnach, tráchtála agus cuideachtaí de chuid na mBallstát , rud a éascaíonn rochtain trasteorann ar fhaisnéis faoi chuideachta go mór san Aontas agus a chuireann ar chumas clár sna Ballstáit cumarsáid a dhéanamh go leictreonach le chéile i ndáil le hoibríochtaí trasteorann áirithe a dhéanann difear do chuideachtaí.

(8)  Chun foirmiú cuideachtaí agus clárú brainsí a éascú agus chun na costais, an t-am agus na hualaí riaracháin a bhaineann leis na próisis sin a laghdú, go háirithe i ndáil le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún(5), ba cheart nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun go bhféadfar foirmiú cuideachtaí agus clárú brainsí a dhéanamh go hiomlán ar líne. Níor cheart, leis an Treoir seo, go gcuirfí de cheangal ar chuideachtaí na nósanna imeachta sin a úsáid, ach ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh i dtaca le roinnt nósanna imeachta ar líne, nó gach nós imeachta ar líne, a dhéanamh éigeantach. Ní ó tháillí riaracháin a ghearrtar as cuideachta a chur ar fhoirmiú nó brainse a chlárú amháin a dhíorthaíonn na costais agus na hualaí reatha a bhaineann le nósanna imeachta formáidiú agus clárúcháin sin, ach ó cheanglais eile freisin, rud a fhágann go mbíonn níos mó ama de dhíth chun an próiseas a chur i gcrích, go háirithe nuair atá gá le láithreacht fhisiciúil an iarratasóra. ▌ Ina theannta sin, ba cheart faisnéis faoi nósanna imeachta den sórt sin a chur ar fáil saor in aisce agus ar líne.

(9)  I Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) lena mbunaítear an Tairseach Aonair Dhigiteach, déantar foráil maidir le rialacha ginearálta i ndáil le faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh atá ábhartha i leith feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a sholáthar ar líne. Sa Treoir seo, leagtar síos rialacha sonracha a bhaineann le cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta a fhoirmiú, le brainsí a chlárú augs le doiciméid agus faisnéis a chomhdú ag cuideachtaí agus brainsí (“nósanna imeachta ar líne”), nach gcumhdaítear leis an Rialachán sin. Go háirithe, ba cheart go soláthródh na Ballstáit faisnéis shonrach maidir leis na nósanna imeachta ar líne dá bhforáiltear sa Treoir seo chomh maith le samhail-ionstraimí comhdhéanaimh (“teimpléid”) ar shuíomhanna gréasáin inrochtana tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach.

(10)  Dá bhféadfaí cuideachtaí a fhoirmiú agus brainsí a chlárú ▌go hiomlán ar líne agus doiciméid agus faisnéis a chomhdú go hiomlán ar líne, bheadh cuideachtaí in ann uirlisí digiteacha a úsáid agus teagmhálacha á ndéanamh acu le húdaráis inniúla de chuid na mBallstát. Chun iontaoibh a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ríomh-shainaitheantas slán agus úsáid seirbhísí iontaoibhe indéanta i gcás úsáideoirí náisiúnta agus úsáideoirí trasteorann i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014(7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. De bhreis air sin, chun ríomh-shainaitheantas trasteorann a chumasú, ba cheart do na Ballstáit scéimeanna ríomh-shainaitheantais a chur ar bun lena ndéanfar foráil maidir le modhanna ríomh-shainaitheantais údaraithe. D’úsáidfí na scéimeanna náisiúnta sin mar bhonn chun modhanna ríomh-shainaitheantais a aithint arna n-eisiúint i mBallstát eile. Chun ardleibhéal iontaoibhe a áirithiú i gcásanna trasteorann, níor cheart ach modhanna ríomh-shainaitheantais a chomhlíonann Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a aithint. ▌In aon chás, leis an Treoir seo, níor cheart a cheangal ar na Ballstáit ach clárú ar líne cuideachtaí agus a mbrainsí a chumasú agus leomhadh d’iarratasóirí ar saoránaigh de chuid an Aontais iad comhdú a dhéanamh ar líne trína meáin ríomh-shainaitheantais a aithint. Ba cheart do na Ballstáit a chinneadh cén chaoi a gcuirtear na modhanna sainaitheantais a aithníonn siad ar fáil go poiblí, lena n-áirítear iadsan nach dtagann faoi Rialachán (CE) Uimh. 910/2014.

(11)  Ba cheart go mbeadh na Ballstáit saor chun a chinneadh cé hiad na daoine a meastar faoin dlí náisiúnta ar iarratasóirí iad i ndáil le nósanna imeachta ar líne ar choinníoll nach gcuireann sé sin teorainn le raon feidhme agus le cuspóir na Treorach seo.

(12)  Chun éascú a dhéanamh ar nósanna imeachta ar líne do chuideachtaí, ba cheart go n-áiritheofaí le cláir na mBallstát go mbeadh na rialacha i leith táillí is infheidhme maidir leis na nósanna imeachta ar líne dá bhforáiltear sa Treoir seo agus go mbeidís trédhearcach agus curtha i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach. Níor cheart gur dochar do shaoirse chonarthach, áfach, an ceanglas go mbeadh na rialacha maidir le táillí trédhearcach, i gcás inarb infheidhme, idir na hiarratasóirí agus na daoine a chuidíonn leo in aon chuid den fhoirmiú ar líne nó de na nósanna imeachta comhdúcháin, lena n-áirítear an tsaoirse praghas iomchuí a chaibidliú le haghaidh na seirbhísí sin.

(13)  Maidir le táillí a bhaineann le nósanna imeachta ar líne, lena n-áirítear na táillí a ghearrfar leis na cláir, ba cheart iad a ríomh bunaithe ar chostais na seirbhísí lena mbaineann. D’fhéadfadh táillí den sórt sin, inter alia, costais a chumhdach a bheadh ag baint le mionseirbhísí a cuireadh ar fáil saor in aisce. Agus méid an chostais á ríomh acu, ba cheart go mbeadh na Ballstáit i dteideal gach costas a bhaineann le nósanna imeachta ar líne a dhéanamh a chur san áireamh, lena n-áirítear sciar na bhforchostas a d’fhéadfaí a chur ina leith sin. Thairis sin ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit muirir ag ráta comhréidh a fhorchur agus méid chostas na táillí sin a shocrú ar feadh tréimhse éiginnte, ar choinníoll go ndéanann sé seiceáil ag eatraimh rialta nach dtéann táillí den sórt sin thar an meánchostas ar na seirbhísí atá i gceist. Aon táillí le haghaidh nósanna imeachta ar líne a ghearrfar leis na cláir sna Ballstáit, níor cheart go rachaidís thar an gcostas aisghabhála ar na seirbhísí sin a sholáthar. Thairis sin, i gcás ina mbeadh íocaíocht i gceist le cur i gcrích an nós imeachta, ba cheart go bhféadfaí an íocaíocht a dhéanamh trí sheirbhísí íocaíochta trasteorann atá ar fáil go forleathan, amhail cártaí creidmheasa agus aistrithe bainc.

(14)  Ina theannta sin, ba cheart go gcuideodh na Ballstáit daoine atá ag iarraidh cuideachta a fhoirmiú nó brainse a bhunú trí fhaisnéis áirithe a sholáthar tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach agus, i gcás inarb infheidhme, ar an Tairseach don r-Cheartais, ar bhealach beacht agus éasca le húsáid, i ndáil le nósanna imeachta agus ceanglais maidir le foirmiú agus comhdúchán le haghaidh cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, brainsí a fhoirmiú, agus doiciméid agus faisnéis a chomhdú, rialacha a bhaineann le dícháiliú stiúrthóirí agus cur síos ar chumhachtaí agus ar fhreagrachtaí chomhalta de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta cuideachta.

(15)  Ba cheart an deis a bheith ann cuideachtaí a fhoirmiú agus go hiomlán ar líne. Ba cheart go mbeadh an cead ag na Ballstáit, áfach, teorainn a chur le foirmiú ar líne cineálacha áirithe cuideachtaí príobháideacha faoi dhliteanas teoranta, mar a shonraítear sa Treoir seo, mar gheall ar an gcastacht a bhaineann le foirmiú cineálacha eile cuideachtaí i ndlíthe náisiúnta. ▌In aon chás, ba cheart do na Ballstáit rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le foirmiú cuideachtaí ar líne. Ba cheart go mbeadh sé indéanta foirmiú ar líne a dhéanamh trí dhoiciméid nó faisnéis a chur isteach i bhfoirm leictreonach, gan dochar do cheanglais na mBallstát maidir le hionchorprú ábhartha agus le nósanna imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear na ceanglais sin a bhaineann le nósanna imeachta dlíthiúla maidir le hionstraimí comhdhéanaimh a tharraingt suas, agus le barántúlacht, beaichte, inchreidteacht, iontaofacht agus foirm iomchuí dhlíthiúil na ndoiciméad nó na faisnéise a chuirtear isteach. Níor cheart go ndéanfadh na ceanglais ábhartha agus na ceanglais nós imeachta sin nósanna imeachta ar líne dodhéanta áfach, go háirithe cuideachta a fhoirmiú agus brainse a chlárú ar líne. I gcásanna nach mbeadh sé indéanta go teicniúil cóipeanna leictreonacha de dhoiciméid a fháil, ar cóipeanna iad a chomhlíonann ceanglais na mBallstát, d’fhéadfaí, go heisceachtúil, go n-éileofaí doiciméid i bhfoirm páipéir.

(16)   I gcásanna inar comhlíonadh gach foirmiúlacht is gá maidir le cuideachta a fhoirmiú ar líne, lena n-áirítear an ceanglas maidir le cuideachta a chur ar fáil i gceart na doiciméid agus an fhaisnéis go léir, ba cheart go dtarlódh foirmiú cuideachtaí ar líne go gasta os comhair aon údarás, aon duine nó aon chomhlachtaí atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de na nósanna imeachta ar líne. I gcásanna ina bhfuil amhras ann, áfach, faoi chomhlíonadh na bhfoirmiúlachtaí riachtanacha, lena n-áirítear maidir le sainaitheantas an iarratasóra, dlíthiúlacht ainm na cuideachta, dícháiliú stiúrthóra nó go gcomhlíonfadh aon fhaisnéis nó aon doiciméad ceanglais dhlithiúla, nó i gcásanna ina bhfuil drochamhras ann faoi chalaois nó faoi mhí-úsáid, féadfaidh níos mó ama a bheith i gceist leis an bhfoirmiú ar líne agus níor cheart go gcuirfí tús leis an spriocdháta le haghaidh na n-údarás go dtí go mbeadh na foirmiúlachtaí sin comhlíonta. In aon chás, murar féidir an nós imeachta a thabhairt i gcrích faoin spriocdháta, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go dtugtar fógra don iarratasóir maidir leis na cúiseanna leis an moill.

(17)  Chun go bhféadfar cuideachta a fhoirmiú ar líne nó brainse a chlárú ar línego tráthúil, níor cheart do na Ballstáit é a chur de choinníoll le foirmiú cuideachta nó clárú brainse ar líne go bhfaighfear aon cheadúnas nó údarú sula bhféadfar foirmiú cuideachta nó clárú brainse a chur i gcrích ach amháin i gcás ina leagtar síos é sa dlí náisiúnta chun rialú cuí gníomhaíochtaí áirithe a áirithiú. Tar éis foirmiú nó clárú a dhéanamh, ba cheart rialáil a dhéanamh leis an dlí náisiúnta ar na cásanna nach bhféadfaidh cuideachtaí nó brainsí gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh gan ceadúnas ná údarú a fháil.

(18)  Chun cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí, go háirithe FMBanna, a ngnó a chur ar bun, ba cheart an deis a bheith ann cuideachta phríobháideach faoi dhliteanas teoranta a fhoirmiú trí theimpléid a úsáid ar samhailionstraimí comhdhéanaimh iad ba cheart a bheith ar fáil ar líne. Ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go bhféadfaí teimpléid den sórt sin a úsáid le haghaidh foirmiú cuideachta ar líne, agus dá bhrí sin ba cheart go mbeidís saor a luach dlíthiúil a chinneadh. Féadfar tacar roghanna réamhshainithe a bheith sna teimpléid sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart do na hiarratasóirí a bheith in ann rogha a dhéanamh idir teimpléid a úsáid nó cuideachta a fhoirmiú trí ionstraimí comhdhéanaimh saincheaptha a úsáid agus ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit teimpléid a sholáthar do chineálacha eile cuideachtaí freisin.

(19)  Chun déanamh de réir na dtraidisiún atá ag na Ballstáit cheana i leith dhlí na gcuideachtaí, is gá solúbthacht a bheith ann maidir leis an modh ina n-áiritheoidh siad córas iomlán ar líne chun foirmiú cuideachtaí agus clárú brainsí, mar aon le comhdú doiciméad agus faisnéise (nósanna imeachta ar líne), lena n-áirítear i ndáil leis an ról atá ag nótairí nó dlíodóirí i bpróiseas den sórt sin in aon chuid de na nósanna imeachta ar líne den sórt sin. Maidir le nithe a bhaineann le nósanna imeachta, nach ndéantar iad a rialáil sa Treoir seo, ba cheart iad a rialáil leis an dlí náisiúnta.

(20)  De bhreis air sin, chun dul i ngleic le calaois, le sciúradh airgid agus le fuadach cuideachta agus chun coimircí a sholáthar d’iontaofacht agus d’inchreidteacht doiciméad agus faisnéise atá sna cláir náisiúnta, ba cheart a áireamh freisin sna forálacha maidir le nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Treoir seo rialuithe dlíthiúlachta maidir le sainaitheantas agus le hinniúlacht dhlíthiúil daoine atá ag iarraidh cuideachta a fhoirmiú nó brainse a chlárú nó doiciméid nó faisnéis a chomhdú ar líne. D’fhéadfadh na rialuithe sin a bheith mar chuid de sheiceáil dlíthiúlachta arna héileamh ag roinnt de na Ballstáit. Maidir leis na meáin agus na modhanna chun na rialuithe sin a dhéanamh, áfach, ba cheart é a bheith faoi na Ballstáit iad a fhorbairt agus a ghlacadh. ▌Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rannpháirtíocht nótairí nó dlíodóirí a éileamh in aon chuid de nósanna imeachta ar líne. Níor cheart, áfach, an rannpháirtíocht sin a bheith ina cosc ar an nós imeachta ▌a chur i gcrích go hiomlán ar líne.

(21)  I gcás ina bhfuil údar cuí leis mar gheall ar an leas poiblí chun cosc a chur ar mhí-úsáid nó athrú sainaitheantais, nó chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir le hinniúlacht dhlíthiúil agus údarás an iarratasóra a bheith ina n-ionadaithe do chuideachta ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit bearta a ghlacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ▌lena bhféadfaí láithreacht fhisiciúil an iarratasóra, nó aon duine nó aon chomhlacht a bhfuil sainordú acu faoin dlí náisiúnta chun déileáil le gné ar bith de nósanna imeachta ar líne, a éileamh ▌i gcás inar gá an chuideachta a fhoirmiú agus brainse a chlárú. Níor cheart, áfach, go n-éileofaí an láithreacht fhisiciúil sin ach de réir an cháis seachas ar bhonn córasach, agus níor cheart go n-éileofaí í ach amháin i gcás ina bhfuil drochamhras ann faoi fhalsú sainaitheantais, nó neamhchomhlíonadh rialacha maidir le hinniúlacht dhlíthiúil agus údarás na n-iarratasóirí a bheith ina n-ionadaithe don chuideachta. Ba cheart go mbeadh an ▌drochamhras sin bunaithe ar ▌fhaisnéis atá ar fáil do na húdaráis nó do dhaoine nó comhlachtaí a bhfuil sainordú acu faoi dhlíthe náisiúnta na rialuithe sin a dhéanamh. I gcás ina n-éilítear láithreacht fhisiciúil, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go bhféadtar aon chéimeanna eile den nós imeachta a chur i gcrích ar líne. Ba cheart go mbeadh an cumas gníomhú san áireamh i gcoincheap na hinniúlachta dlíthiúla.

(22)  Ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit freisin ar chumas a n-údarás, a ndaoine nó a gcomhlachtaí inniúla a fhíorú, trí rialuithe leictreonacha comhlántacha ar shainaitheantas, ar inniúlacht dhlíthiúil agus ar dhlíthiúlacht, cibé ar comhlíonadh gach coinníoll ba ghá le haghaidh foirmiú cuideachtaí. Ba cheart a áireamh, leis na rialaithe sin, inter alia, físchomhdhálacha nó modhanna eile ar líne a chuireann nasc fíorama closamhairc ar fáil.

(23)  Chun a áirithiú go dtugtar cosaint do gach duine a idirghníomhaíonn le cuideachtaí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann iompar calaoiseach nó iompar mí-úsaideach a chosc trí cheapadh duine ina stiúrthóir ar chuideachta a dhiúltú, ag cur san áireamh iompar an duine sin roimhe seo ní hamháin ina gcríoch féin, ach i gcás ina bhforáiltear dó faoin dlí náisiúnta, chomh maith le faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit eile. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an cead ag na Ballstáit fáisnéis a iarraidh ó na Ballstáit eile. D’fhéadfadh an freagra a bheith ina fhaisnéis maidir le dícháiliú atá i bhfeidhm nó faisnéis eile atá ábhartha le haghaidh dícháiliú sa Bhallstát a fuair an freagra. Ba cheart go mbeadh na hiarrataí sin ar fhaisnéis ▌indéanta trí chóras idirnascadh na gclár. Maidir leis sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit saor chun roghnú cén bealach is fearr an fhaisnéis sin a bhailiú, amhail trí fhaisnéis ábhartha a bhailiú ó aon chláir nó ó áiteanna eile ina bhfuil sí stóráilte i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó trí chláir thiomnaithe a chruthú nó trí ranna tiomnaithe ar chláir ghnó. I gcás ina bhfuil gá le faisnéis bhreise, amhail na tréimhsí agus na forais don dícháiliú, ba cheart an cead a bheith ag na Ballstáit í a sholáthar trí na córais atá ar fáil do mhalartú faisnéise, i gcomhréir le dlíthe náisiúnta. Níor cheart don Treoir seo, áfach, oibleagáid a chruthú go n-iarrfaí an fhaisnéis sin i ngach cás. Thairis sin, níor cheart, toisc an cead a bheith ann faisnéis maidir le dícháiliú i mBallstát eile a chur san áireamh, go gceanglófaí ar na Ballstáit dícháilithe atá i bhfeidhm i mBallstáit eile a aithint.

(24)  Chun a áirithiú go dtugtar cosaint do gach duine a idirghníomhaíonn le cuideachtaí nó le brainsí agus chun iompar calaoiseach nó mí-úsáideach a chosc, tá sé tábhachtach go mbeadh ar chumas údarás inniúil sna Ballstáit a fhíorú cibé an bhfuil toirmeasc ar dhuine atá le ceapadh mar stiúrthóir cúraimí stiúrthóra a dhéanamh. Chuige sin, ba cheart go mbeadh údaráis inniúla ar an eolas faoi cibé an bhfuil duine ar leith ar taifead ar aon chlár atá ábhartha le haghaidh dícháiliú stiúrthóirí sna Ballstáit eile trí mheán chóras idirnascadh na gclár. Níor cheart go ndéanfadh na cláir, na húdaráis ná na daoine nó na comhlachtaí a bhfuil sainordú tugtha dóibh faoin dlí náisiúnta, aon ghné de nósanna imeachta a lámhseáil, na sonraí pearsanta sin a stóráil ar feadh tréimhse níos faide nár mar is gá chun measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht an duine atá le ceapadh mar stiúrthóir. Féadfaidh go mbeidh gá ag na heintitis sin, áfach, an fhaisnéis sin a stóráil ar feadh tréimhse níos faide i bhfianaise go bhféadfaí athbhreithniú féideartha a dhéanamh ar chinneadh diúltach. In aon chás, níor cheart go rachadh an tréimhse choinneála thar an tréimhse a leagtar síos i rialacha náisiúnta do choinneáil aon sonraí pearsanta maidir le foirmiú cuideachta nó le clárú brainse nó maidir le doiciméid agus faisnéis a chomhdú atá bainteach leis.

(25)  Ba cheart na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo a bhaineann le cuideachtaí a fhoirmiú ar líne agus brainsí a chlárú a bheith gan dochar d’aon fhoirmiúlachtaí eile nach mbaineann le dlí na gcuideachtaí ar gá do chuideachta iad a chomhlíonadh chun oibríochtaí a thosú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

(26)  Ar an gcuma chéanna, maidir le foirmiú cuideachtaí agus clárú brainsí ar líne, chun na costais agus na hualaí ar chuideachtaí a laghdú, i rith shaolré na gcuideachtaí, ba cheart a bheith in ann freisin doiciméid agus faisnéis a thíolacadh go hiomlán ar líne do chláir náisiúnta. San am céanna, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an deis a cheadú ▌ doiciméid agus faisnéis a chomhdú trí mheán eile, lena n-áirítear ar pháipéar. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis chuideachta a nochtadh a luaithe a chuirfear an fhaisnéis ar fáil don phobal sna cláir náisiúnta sin, ós rud é go bhfuil siad idirnasctha feasta agus go bhfuil siad ina bpointe tagartha cuimsitheach d’úsáideoirí. Chun nach gcuirfear isteach ar an modh nochta atá ann cheana, ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit freisin an fhaisnéis chuideachta uile nó cuid di a fhoilsiú in iris náisiúnta, agus iad á áirithiú san am céanna go seolfaidh an clár an fhaisnéis go leictreonach chuig an iris náisiúnta sin. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta maidir le luach dlíthiúil na gclár agus le ról irise náisiúnta.

(27)  Chun go n-éascófar an chaoi ar féidir an fhaisnéis atá stóráilte ar na cláir náisiúnta a chuardach agus a mhalartú le córais eile, maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis uile arna soláthar d’aon údarás nó duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de na nósanna imeachta ar líne, mar chuid de na nósanna imeacht ar líne dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú tar éis don idirthréimhse dul in éag gur féidir leis na cláir iad a stóráil i bhformáid atá inléite agus inchuardaithe ag meaisín nó mar shonraí struchtúrtha. Ciallaíonn an méid sin gur cheart go ndéanfaí formáid an chomhaid a struchtúrú sa chaoi is go mbeadh na feidhmchláir bogearraí in ann sonraí sonracha agus a struchtúr inmheánach a aithint, a shainaithint agus a asbhaint. Níor cheart go gcuimseodh formáid inchuardaithe doiciméid agus faisnéise sínithe scanta nó sonraí eile nach bhfuil oiriúnach do mheaisín-inléiteacht. Ós rud é go bhféadfadh sé gur ghá athruithe a dhéanamh ar na córais atá ag na Ballstáit cheana féin, ba cheart tréimhse thrasuí níos faide a bheith i gceist le haghaidh an cheanglais sin.

(28)  Chun costais a chiorrú agus an t-ualach riaracháin agus fad na nósanna imeachta a laghdú do chuideachtaí, ba cheart do na Ballstáit ‘prionsabal na haonuaire’ a chur i bhfeidhm i réimse dhlí na gcuideachtaí, atá daingnithe san Aontas, mar a léirítear, inter alia, trí Rialachán (AE) 2018/1724, trí Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Choimisiúin Eorpaigh nó trí Dhearbhú Thaillinn ar Ríomhsheirbhísí Rialtais. Is éard atá i gceist le prionsabal na haonuaire a chur i bhfeidhm ná nach n-iarrtar ar chuideachtaí an fhaisnéis chéanna a chur faoi bhráid údaráis phoiblí níos mó ná uair amháin. Mar shampla, níor cheart go mbeadh ar chuideachtaí an fhaisnéis chéanna a thíolacadh don chlár náisiúnta agus don iris náisiúnta. Ina ionad sin, ba cheart don chlár an fhaisnéis a tíolacadh cheana a sholáthar go díreach don iris náisiúnta. Ar an gcuma chéanna, i gcás ina bhfuil cuideachta foirmithe i mBallstát amháin agus inar mian léi brainse a chlárú i mBallstát eile, ba cheart don chuideachta a bheith in ann leas a bhaint as an bhfaisnéis nó as doiciméid nó faisnéis a tíolacadh do chlár roimhe sin. De bhreis air sin, i gcás ina bhfuil cuideachta foirmithe i mBallstát amháin ach ina bhfuil brainse i mBallstát eile aici, ba cheart an chuideachta a bheith in ann athruithe áirithe ar a faisnéis chuideachta a thíolacadh don chlár ina bhfuil an chuideachta cláraithe, agus dó sin amháin, gan an gá an fhaisnéis chéanna a thíolacadh don chlár ina bhfuil an brainse cláraithe. Ina ionad sin, ba cheart faisnéis amhail athrú ar ainm cuideachta nó athrú ar oifig chláraithe na cuideachta a mhalartú go leictreonach idir an clár ina bhfuil an chuideachta cláraithe agus an clár ina bhfuil an brainse cláraithe trí úsáid a bhaint as córas idirnascadh na gclár.

(29)  Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis chomhsheasmhach atá cothrom le dáta ar fáil maidir le cuideachtaí san Aontas agus méadú breise a chur ar thrédhearcacht, ba cheart an deis a bheith ann idirnascadh na gclár a úsáid chun faisnéis a mhalartú faoi aon chineál cuideachta atá cláraithe i gcláir na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis faoi na cineálacha cuideachtaí eile sin a chur ar fáil trí idirnascadh na gclár freisin.

(30)  Ar mhaithe le trédhearcacht, le cosaint leasanna oibrithe, creidiúnaithe agus scairshealbhóirí mionlaigh agus chun muinín a chur chun cinn in idirbhearta gnó, lena n-áirítear iad siúd de chineál trasteorann laistigh den mhargadh inmheánach, tá sé tábhachtach gur féidir le hinfheisteoirí, le geallsealbhóirí, le comhpháirtithe gnó agus le húdaráis rochtain a fháil gan stró ar fhaisnéis chuideachta. Chun feabhas a chur ar inrochtaineacht na faisnéise sin, ba cheart breis faisnéise a bheith ar fáil saor in aisce i ngach Ballstát. Ba cheart go n-áireodh an fhaisnéis sin ▌stádas na cuideachta agus faisnéis maidir lena brainsí i mBallstáit eile, chomh maith le faisnéis i ndáil le daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar ceann cuideachta, bíodh sé sin mar chomhlacht nó mar chomhaltaí na cuideachta sin. Thairis sin, ní bheidh an praghas ar chóip de na doiciméid agus den fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 14 a fháil, nó cóip de chuid díobh nó di a fháil, bíodh sin trí mheáin pháipéir nó trí mheáin leictreonacha, níos airde ná an costas riaracháin a bhaineann leis sin, lena n-áirítear costais forbartha agus cothabhála na gclár, ar choinníoll nach bhfuil an praghas díréireach i ndáil leis an bhfaisnéis a lorgaíodh.

(31)  I láthair na huaire, is féidir leis na Ballstáit pointí rochtana roghnacha a bhunú i ndáil le córas idirnascadh na gclár. Mar sin féin, ní féidir leis an gCoimisiún páirtithe leasmhara eile a nascadh le córas idirnascadh na gclár. Chun go bhféadfaidh páirtithe leasmhara eile tairbhe a bhaint as idirnascadh na gclár agus a áirithiú go mbeidh faisnéis atá cruinn, cothrom le dáta agus iontaofa fós ag a gcórais maidir le cuideachtaí, ba cheart a údarú don Choimisiún pointí rochtana breise a bhunú. Níor cheart do na pointí rochtana sin a bheith ar fáil ach amháin do chórais a fhorbraíonn agus a oibríonn an Coimisiún nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chun a bhfeidhmeanna riaracháin a chomhlíonadh nó forálacha dhlí an Aontais a chomhlíonadh.

(32)  Chun cuidiú le cuideachtaí atá bunaithe sa mhargadh inmhéanach a ngníomhaíochtaí gnó a leathnú ar bhealach níos éasca thar theorainneacha, ba cheart iad a bheith in ann brainsí a oscailt agus a chlárú i mBallstát eile ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit, ar bhealach comhchosúil le cuideachtaí, clárú brainsí ar líne agus comhdú doiciméad agus faisnéise ar líne a chumasú agus, ar an gcaoi sin, cuidiú chun costais a chiorrú, agus, san am céanna, an t-ualach riaracháin agus fad ama na bhfoirmiúlachtaí a bhaineann leis an leathnú trasteorann a laghdú.

(33)  Agus brainse cuideachta atá cláraithe i mBallstát eile á chlárú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann faisnéis áirithe a fhíorú freisin maidir leis an gcuideachta trí idirnascadh na gclár. De bhreis air sin, i gcás ina ndúntar brainse i mBallstát amháin, ba cheart do chlár an Bhallstáit sin an Ballstát ina bhfuil an chuideachta cláraithe a chur ar an eolas faoi sin trí chóras idirnascadh na gclár agus ba cheart don dá chlár an fhaisnéis sin a chlárú.

(34)  Chun comhsheasmhacht le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta a áirithiú, is gá an fhoráil i ndáil leis an gCoiste Teagmhála nach bhfuil ann níos mó a scriosadh, agus na cineálacha cuideachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 a nuashonrú.

(35)  Chun go bhféadfar athruithe eile a dhéanamh amach anseo ar dhlíthe na mBallstát agus ar reachtaíocht an Aontais i ndáil le cineálacha cuideachtaí, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an liosta de na cineálacha cuideachtaí atá in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IIA a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 a nuashonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(8). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(36)  Ní dhéanann forálacha na Treorach seo difear do na dlíthe náisiúnta i dtaca le bearta cánach Ballstát nó a bhforálacha críche agus riaracháin, lena n-áirítear na hoibleagáidí a bhaineann le clárú cuideachtaí.

(37)  Ní dhéanann an Treoir seo difear d’fhorálacha Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) ina dtugtar aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta, go háirithe na hoibleagáidí a bhaineann leis na bearta iomchuí díchill chuí do chustaiméirí a dhéanamh ar bhonn riosca-íogair agus i ndáil le húinéir tairbhiúil aon eintiteas a cruthaíodh le gairid a aithint agus a chlárú i mBallstát a ionchorpraithe. Níor cheart go ndéanfaí difear ach oiread d’oibleagáidí eile faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí naisiúnta, lena n-áirítear iadsan a eascraíonn ó fhrithsciúradh airgid, ó chur i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus ó rialacha na húinéireachta tairbhiúla. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do chumhachtaí na mBallstát diúltú do fhoirmiú cuideachtaí agus do chlárú brainsí i gcásanna de chalaois nó de mhí-úsáid, ná do ghníomhaíochtaí iniúchóireachta agus forfheidhmiúcháin na mBallstát, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a dhéanann na póilíní nó údaráis inniúla eile.

(38)  Ba cheart an Treoir seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais um chosaint sonraí agus le cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta mar a chumhdaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta daoine nádúrtha faoin Treoir seo, ní mór í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10).

(39)  Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) agus thug sé tuairim uaidh an 26 Iúil 2018.

(40)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, is é sin réitigh dhigiteacha bhreise a sholáthar do chuideachtaí sa mhargadh inmhéanach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(41)  I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin(12), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a thraschur.

(42)  I bhfianaise chastacht na n-athruithe is gá ar chórais náisiúnta chun forálacha na Treorach seo a chomhlíonadh, agus i bhfianaise na ndifríochtaí suntasacha atá ann faoi láthair idir na Ballstáit i ndáil le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i gcomhthéacs dhlí na cuideachta, is iomchuí é a fhoráil go mbeadh na Ballstáit a bhfuil deacrachtaí áirithe acu i dtrasuíomh roinnt forálacha den Treoir seo in ann fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an ngá atá acu le tairbhe a bhaint as síneadh suas le bliain amháin a chur leis tréimhse ábhartha cur chun feidhme. Ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit ina iúl na cúiseanna oibiachtúla atá acu cur isteach ar shíneadh den sórt sin.

(43)  Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo. De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar chúig chritéar mar atá éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ba cheart go gcuideodh na Ballstáit le déanamh na meastóireachta sin trí shonraí a sholáthar don Choimisiún, ar sonraí iad atá ar fáil dóibh maidir le conas atá ag éirí go praiticiúil le cuideachtaí a fhoirmiú ar líne cuideachtaí, mar shampla sonraí maidir le líon na bhfoirmithé ar líne, líon na gcásanna inar úsáideadh teimpléid nó inar éilíodh láithreacht fhisiciúil agus meánfhad agus costais na bhfoirmithe ar líne.

(44)  Ba cheart faisnéis a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na Treorach seo i gcoinne na gcuspóirí a shaothraítear inti agus chun bheith mar bhonn eolais le meastóireacht i gcomhréir le mír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

(45)  Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2017/1132 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir (AE) 2017/1132

Leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 mar a leanas:

(1)  in Airteagal 1, cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach tar éis an dara fleasc:"

"- na rialacha maidir le foirmiú cuideachta agus le clárú ar líne a mbrainsí agus maidir le doiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne a dhéanann cuideachtaí agus a mbrainsí,”;

"

(2)  i dTeideal I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil III:"

Nósanna imeachta ar líne (foirmiú, clárú agus comhdú), nochtadh agus cláir”;

"

(3)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:"

"Airteagal 13

Raon feidhme

Beidh feidhm ag na bearta comhordaithe dá bhforordaítear leis an Roinn seo agus le Roinn 1A maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann leis na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus i gcás ina sonrófar sin, a bhaineann leis na cineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn IIA.”;

"

(4)  cuirtear isteach Airteagal 13a go hAirteagal 13e mar a leanas:"

Airteagal 13a

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

   (1) ciallaíonn “modh ríomh-shainaitheantais” modh ríomh-shainaitheantais mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ▌;
   (2) ciallaíonn “scéim ríomh-shainaitheantais” scéim ríomh-shainaitheantais mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
   (3) ciallaíonn “modhanna leictreonacha” trealamh leictreonach a úsáidtear do phróiseáil, lena n-áirítear comhbhrú digiteach agus stóráil sonraí agus trína seoltar an fhaisnéis ar an gcéad dul síos agus trína bhfaightear iad ag an gceann scríbe, agus an fhaisnéis sin a sheoladh, a thíolacadh agus a fháil go hiomlán ar bhealach a chinnfidh na Ballstáit;
   (4) ciallaíonn “foirmiú” an próiseas iomlán lena bhfoirmítear cuideachta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear tarraingt suas a dhéanamh ar ionstraim chomhdhéanamh na cuideachta agus na céimeanna go léir is gá ionas go ndéanfaí cuideachta a iontráil ar an gclár;
   (5) ciallaíonn “clárú brainsí” próiseas as a dtagann nochtadh doiciméad agus faisnéise a bhaineann le brainse nua-oscailte i mBallstát;
   (6) ciallaíonn “teimpléad” samhail le haghaidh na hionstraime comhdhéanaimh de chuid cuideachta arna tarraingt suas ag na Ballstáit i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus a úsáidtear chun cuideachta a fhoirmiú ar líne i gcomhréir le hAirteagal 13g.

Airteagal 13b

Modhanna sainaitheantais a aithint chun críocha nósanna imeachta ar líne

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh iarratasóirí ar saoránaigh de chuid an Aontais iad na modhanna sainaitheantais seo a leanas a úsáid agus iad i mbun na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear sa Chaibidil seo:

   (a) modh ríomh-shainaitheantais arna eisiúint faoi scéim ríomh-shainaitheantais arna formheas ag a mBallstát féin;
   (b) modh ríomh-shainaitheantais arna eisiúint i mBallstát eile agus arna aithint chun críche fíordheimhniú trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

2.  Féadfaidh na Ballstáit aitheantas na modhanna ríomh-shainaitheantais a dhiúltú, i gcás nach gcomhlíonann leibhéil dearbhaithe na modhanna leictreonacha sainaitheantais sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

3.  Cuirfear an pobal ar an eolas faoi gach modh sainaitheantais arna aithint ag na Ballstáit.

4.  I gcás ina bhfuil údar cuí leis mar gheall ar an leas poiblí chun mí-úsáid nó athrú sainaitheantais a chosc féadfaidh na Ballstáit, chun críocha sainaitheantas iarratasóra a fhíorú, bearta a ghlacadh a d’fhéadfadh láithreacht fhisiciúil iarratasóra a éileamh roimh aon údarás nó aon duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear sa Chaibidil seo, lena n-áirítear ionstraim chomhdhéanaimh chuideachta a tharraingt suas. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar láithreacht fhisiciúil iarratasóra a éileamh ach amháin de réir an cháis i gcás ina bhfuil cúiseanna amhrais ann faoi fhalsú sainaitheantais, agus i gcás inar féidir aon chéimeanna eile den nós imeachta a chur i gcrích ar líne.

Airteagal 13c

Forálacha ginearálta maidir le nósanna imeachta ar líne

1.  Beidh an Treoir seo gan dochar do dhlíthe náisiúnta a dhéanann, i gcomhréir le córais agus le traidisiúin dlí na mBallstát, aon údaráis nó duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta a ainmniú chun déileáil le haon ghnéithe de chuideachtaí a bhunú, de bhrainsí a chlárú ar líne agus de dhoiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne.

2.  Beidh an Treoir seo gan dochar freisin do na nósanna imeachta agus na ceanglais a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le nósanna imeachta dlíthiúla le haghaidh ionstraimí comhdhéanaimh a tharraingt suas, ar choinníoll go bhfuil foirmiú ar líne cuideachta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13 g, agus clárú ar líne brainse, amhail dá dtagraítear in Airteagal 28a, chomh maith le doiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13j agus Airteagal 28a, fós indéanta.

3.  Na ceanglais faoin dlí náisiúnta is infheidhme i dtaca le barántúlacht, cruinneas, iontaofacht, inchreidteacht, agus foirm chuí dhlíthiúil na ndoiciméad nó na faisnéise arna dtíolacadh ar choinníoll go bhfuil foirmiú ar líne, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13g agus clárú brainse ar líne, amhail dá dtagraítear in Airteagal 28a, chomh maith le comhdú ar líne, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13j agus Airteagal 28b, fós indéanta.

Airteagal 13d

Táillí le haghaidh nósanna imeachta ar líne

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na rialacha i leith táillí is infheidhme maidir leis na nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear sa Chaibidil seo trédhearcach agus go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach iad.

2.  Aon táillí do nósanna imeachta ar líne a ghearrfar leis na cláir, dá dtagraítear in Airteagal 16 ▌ní bheidh siad níos mó ná aisghabháil na gcostas as seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil.

Airteagal 13e

Íocaíochtaí

I gcás inar gá íocaíocht a dhéanamh chun nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo a chur i gcrích, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an íocaíocht sin a dhéanamh trí bhíthin seirbhís íocaíochta ar líne atá le fáil go forleathan a úsáidtear le haghaidh íocaíochtaí trasteorann trína gceadaítear an duine a rinne an íocaíocht a shainaithint, agus arna soláthar ag institiúid airgeadais nó soláthraí seirbhíse íocaíochta atá bunaithe i mBallstát.

Airteagal 13f

Ceanglais faisnéise

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis bheacht agus sho-úsáidte ar fáil saor in aisce ar a laghad i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi ar thairseacha clárúcháin nó ar shuíomhanna gréasáin atá inrochtana tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach chun cabhrú cuideachtaí a fhoirmiú agus brainsí a chlárú. Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis:

   (a) rialacha maidir le cuideachtaí a fhoirmiú, lena n-áirítear nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear in Airteagal 13g agus Airteagal 13j, agus ceanglais maidir le húsáid teimpléad agus maidir le doiciméid foirmithe eile, sainaithint daoine, úsáid teangacha agus táillí is infheidhme;
   (b) rialacha maidir le brainsí a chlárú, lena n-áirítear nósanna imeachta ar líne dá dtagraítear in Airteagal 28a agus Airteagal 28b, agus ceanglais maidir ▌doiciméid chlárúcháin, sainaithint daoine, agus úsáid teangacha;
   (c) achoimre ar na rialacha maidir le ballraíocht i gcomhlacht riaracháin, i gcomhlacht bainistíochta agus i gcomhlacht maoirseachta cuideachta, lena n-áirítear maidir le dícháiliú stiúrthóirí agus maidir leis na húdaráis nó comhlachtaí atá freagrach as an bhfaisnéis faoi stiúrthóirí dícháilithe a choimeád;

   (d) achoimre ar chumhachtaí agus freagrachtaí chomhlacht riaracháin, chomhlacht bainistíochta agus chomhlacht maoirseachta chuideachta ▌, lena n-áirítear údaráis ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta ▌i leith tríú páirtithe.

________________________________

* Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

"

(5)  i dTeideal I, Caibidil III, cuir isteach mar a leanas:"

“Roinn 1A

Foirmiú ar líne, comhdú ar líne agus nochtadh

Airteagal 13g

Cuideachtaí a fhoirmiú ar líne

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cuideachtaí a fhoirmiú go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí ▌teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás ▌ná os comhair aon duine ná comhlacht ▌a bheidh sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné d’fhoirmiú ar líne cuideachtaí, lena n-áirítear ionstraim chomhdhéanaimh chuideachta a tharraingt suas, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 13b(4) agus i mír (8) den Airteagal sin.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan nósanna imeachta foirmithe ar líne a sholáthar ▌le haghaidh cineálacha cuideachtaí eile seachas iad sin a liostaítear in Iarscríbhinn IIA.

2.  Leagfaidh na Ballstáit rialacha mionsonraithe síos maidir le cuideachtaí a fhoirmiú ar líne, lena n-áirítear rialacha maidir le húsáid teimpléad, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13h agus na doiciméid agus an fhaisnéis is gá chun cuideachta a fhoirmiú. Mar chuid de na rialacha sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an foirmiú ar líne a dhéanamh trí dhoiciméid nó faisnéis a thíolacadh i bhfoirm leictreonach, lena n-áirítear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16a(4).

3.  Sna rialacha, dá dtagraítear i mír 2, déanfar foráil maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

   (a) na nósanna imeachta chun a áirithiú go bhfuil inniúlacht dhlíthiúil is gá agus údaráis ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta ag na hiarratasóirí;
   (b) na modhanna chun sainaitheantas na n-iarratasóirí a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 13b;
   (c) na ceanglais a chuirtear ar na hiarratasóirí seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a úsáid;
   (d) na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht chuspóir na cuideachta a fhíorú sa mhéid go ndéantar foráil do sheiceálacha den sórt sin faoin dlí náisiúnta;
   (e) na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht ainm na cuideachta a fhíorú sa mhéid go ndéantar foráil do sheiceálacha den sórt sin faoin dlí náisiúnta;
   (f) na nósanna imeachta chun ceapachán stiúrthóirí a fhíorú.

4.  Sna rialacha, dá dtagraítear i mír 2, féadfar foráil a dhéanamh, go háirithe, maidir leis an méid seo a leanas freisin:

   (a) na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht na n-ionstraimí comhdhéanaimh cuideachta a áirithiú, lena n-áirítear úsáid cheart teimpléad a fhíorú;
   (b) na hiarmhairtí a bhaineann le dícháiliú stiúrthóirí ag an údarás inniúil in aon Bhallstát;
   (c) ▌an ról atá ag nótaire nó ag aon duine nó comhlacht eile atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné den phróiseas maidir le cuideachta a fhoirmiú ar líne;
   (d) foirmiú ar líne a eisiamh i gcásanna inar gá scairchaipiteal na cuideachta a íoc trí ranníocaíochtaí comhchineáil.

5.  Ní chuirfidh na Ballstáit mar choinníoll le foirmiú cuideachta ar líne é go bhfaighfear aon cheadúnas nó údarú sula gclárófar an chuideachta, ach amháin i gcás ina bhfuil coinníoll den sórt sin fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí áirithe a mhaoirsiú go cuí, mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar gá scairchaipiteal a íoc mar chuid den nós imeachta chun cuideachta a fhoirmiú, go bhféadfar íocaíocht den sórt sin a dhéanamh ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 13e, le cuntas bainc an bhainc atá ag oibriú san Aontas. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cruthúnas ar na híocaíochtaí sin a sholáthar ar líne freisin.

7.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an foirmiú ar líne i gcrích laistigh de ▌chúig lá oibre i gcásanna ina bhfoirmítear cuideachta ag daoine nádúrtha amháin a úsáideann na teimpléid dá dtagraítear in Airteagal 13h, nó laistigh de dheich lá oibre i gcásanna eile, ón dáta is déanaí de na dátaí seo a leanas:

   (a) an dáta a chuirtear i gcrích na foirmiúlachtaí riachtanacha uile maidir le foirmiú ar líne , lena n-áirítear na doiciméid agus an fhaisnéis uile a chomhlíonann an dlí náisiúnta ag údarás nó ▌ag duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné d’fhoirmiú cuideachta;
   (b) an dáta a íocfar táille chlárúcháin, an tráth a dhéanfar íocaíocht in airgead tirim le haghaidh scairchaipitil nó, i gcás inar gá íocaíocht le haghaidh an scairchaipitil a sholáthar trí ranníocaíocht chomhchineáil, dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.

Más rud é nach féidir an nós imeachta a chur i gcrích laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear sa mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra ▌don iarratasóir maidir leis na cúiseanna atá leis an moill.

8.  I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar chúiseanna leasa phoiblí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir le hinniúlacht dhlíthiúil agus le húdarás na n-iarratasóirí ionadaíocht a dhéanamh thar ceann cuideachta, féadfaidh údarás nó duine atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné d’fhoirmiú ar líne cuideachta, lena n-áirítear an ionstraim chomhdhéanaimh a tharraingt suas, láithreacht fhisiciúil an iarratasóra a éileamh. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar, i gcásanna den sórt sin, láithreacht fhisiciúil na n-iarratasóirí a éileamh ach amháin de réir an cháis, i gcásanna ina bhfuil cúiseanna amhrais ann maidir le neamhchomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) mír 3. Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go bhféadfar céim ar bith eile den nós imeachta a chur i gcrích ar líne i gcónaí.

Airteagal 13h

Teimpléid chun cuideachtaí a fhoirmiú ar líne

1.  Cuirfidh na Ballstáit teimpléid ar fáil, le haghaidh na gcineálacha cuideachtaí uile a liostaítear in Iarscríbhinn IIA, ar thairseacha clárúcháin nó ar shuíomhanna gréasáin atá inrochtana tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach. Féadfaidh na Ballstáit teimpléid a chur ar fáil ar líne freisin chun cineálacha eile cuideachtaí ▌a fhoirmiú.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh iarratasóirí na teimpléid, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a úsáid mar chuid den nós imeachta foirmithe ar líne, dá dtagraítear in Airteagal 13g. Más rud é go n-úsáidfidh na hiarratasóirí na teimpléid sin i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 13g(4), ▌measfar go mbeidh an ceanglas a bhaineann le hionstraimí comhdhéanamh na cuideachta a dhréachtú agus a dheimhniú i bhfoirm chuí dhlíthiúil i gcásanna nach ndéantar foráil maidir le rialú coisctheach, riaracháin nó breithiúnach, in éagmais rialú coisctheach, riaracháin nó breithiúnach, a leagtar síos in Airteagal 10, measfar go mbeidh sé comhlíonta.

Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear d’aon cheangal faoin dlí náisiúnta, an fhoirm chuí dhlí le haghaidh ionstraimí comhdhéanaimh a tharraingt suas i bhfoirm chuí dhlí, chomh fada agus go bhfanfaidh an foirmiú ar líne, dá dtagraítear in Airteagal 13g, indéanta.

3.  Ní mór do na Ballstáit na teimpléid a chur ar fáil ar a laghad i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir uirthi. Is chun críche eolais amháin a bheidh fáil ar theimpléid i dteangacha eile seachas teanga nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann, seachas má chinneann na Ballstáit gur féidir cuideachta a fhoirmiú le teimpléid i dteangacha eile de chuid an Aontais freisin.

4.  Déanfar inneachar na dteimpléad a rialáil leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 13i

Stiúrthóirí dícháilithe

1.  ▌áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rialacha acu maidir le dícháiliú stiúrthóirí. Sna rialacha sin déantar foráil, don fhéidearthacht aon dhícháiliú atá i bhfeidhm nó faisnéis ábhartha faoi dhícháiliú i mBallstát eile. Chun críche an Airteagail seo, áiritheofar ar na stiúrthóirí ar a laghad na daoine ▌dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 14(d).

2.  Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfadh daoine, a bhfuil iarratas á ndéanamh acu le bheith ina stiúrthóirí, a dhearbhú an bhfuil siad ar an eolas faoi aon imthosca a bhféadfadh dícháiliú a bheith mar thoradh orthu sa Bhallstát lena mbaineann.

Féadfaidh na Ballstáit diúltú duine a cheapadh ina stiúrthóir ar chuideachta i gcás ina mbeidh an duine sin dícháilithe i láthair na huaire ó ghníomhú mar stiúrthóir i mBallstát eile.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leo freagairt d’iarraidh ó Bhallstát eile ar fhaisnéis ábhartha do dhícháiliú stiúrthóirí faoi dhlí an Bhallstáit atá ag tabhairt freagra ar an iarraidh sin.

4.   Chun freagairt d’iarraidh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit ar a laghad na socruithe is gá chun a áirithiú gur féidir faisnéis a sholáthar gan mhoill maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil duine ar leith dícháilithe nó taifeadta in aon cheann dá gcláir, ina bhfuil faisnéis ábhartha do dhícháiliú stiúrthóirí, trí mheán an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise a mhalartú freisin, amhail maidir leis an tréimhse agus na forais dícháilithe. Déanfar an malartú sin a rialáil leis an dlí náisiúnta.

5.  Déanfaidh an Coimisiúin socruithe mionsonraithe agus mionsonraí teicniúla a bhaineann leis an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo trí bhíthin gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 24.

6.  Beidh feidhm ag míreanna 1 go 5 den Airteagal seo mutatis mutandis i gcás ina gcomhdóidh cuideachta faisnéis a bhaineann le ceapadh stiúrthóra nua sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 16.

7.  Déanfar sonraí pearsanta na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal sin a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus leis an dlí náisiúnta chun cur ar chumas an údaráis inniúil nó ar chumas an duine nó an chomhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis riachtanach maidir le dícháiliú duine mar stiúrthóir d’fhonn iompar calaoiseach nó mí-úsáideach eile a chosc agus cosaint a áirithiú do gach duine a mbíonn baint acu le cuideachtaí nó brainsí.

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na cláir dá dtagraítear in Airteagal 16, údaráis ná daoine nó comhlachtaí, atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de na nósanna imeachta ar líne, na sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur chun críche an Airteagail seo a stóráil níos faide ná mar is gá agus in aon chás ní nach faide ná aon sonraí pearsanta a bhaineann le foirmiú cuideachta, clárú brainse nó comhdú ag cuideachta nó brainse.

Airteagal 13j

Doiciméid agus faisnéis chuideachta a chomhdú ar líne

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar ▌doiciméid agus faisnéis, amhail dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear aon mhodhnú orthu, a chomhdú ar líne leis an gclár laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear le dlíthe an Bhallstáit ina bhfuil an chuideachta ▌cláraithe. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an comhdú sin a chur i gcrích go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás ▌ná ▌aon duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil leis an gcomhdú ar líne, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 13b(4) agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 13g(8).

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar tionscnamh agus sláine na ndoiciméad arna gcomhdú ar líne a fhíorú go leictreonach.

3.  Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfadh cuideachtaí áirithe nó na cuideachtaí uile doiciméid agus faisnéis áirithe nó na doiciméid agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 1 a chomhdú ar líne.

4.  Tá feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 13g (2) go (5) maidir le doiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne.

5.  Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go leanfar d’fhoirmeacha eile comhdaithe seachas na cinn dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear le meán leictreonach nó ar páipéar, ag cuideachtaí, ag nótairí nó aon duine nó comhlachtaí eile atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun comhdú den sórt sin a dhéanamh.”;

"

(6)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:"

“Airteagal 16

Nochtadh sa chlár

1.  I ngach Ballstát, osclófar comhad i gclár lárnach, tráchtála nó cuideachtaí (‘an clár’), le haghaidh gach ceann de na cuideachtaí atá cláraithe ann.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aitheantóir uathúil Eorpach (‘EUID’), dá dtagraítear i bpointe (8) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/884(13) ón gCoimisiún, ag cuideachtaí lena bhféadfar iad a aithint gan iomrall sa chumarsáid a dhéanfar idir cláir trí chóras idirnascadh na gclár arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 22 (‘córas idirnascadh na gclár’). Beidh san aitheantóir uathúil sin, ar a laghad, eilimintí lena mbeifear in ann Ballstát an chláir a shainaithint, mar aon leis an gclár tionscnaimh intíre agus an uimhir chuideachta sa chlár sin agus, i gcás inarb iomchuí, gnéithe chun earráidí sainaitheanta a sheachaint.

2.  Coimeádfar sa chomhad dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na doiciméid agus an fhaisnéis uile a cheanglaítear a nochtadh de bhun Airteagal 14, nó cuirfear isteach go díreach sa chlár iad agus déanfar ábhar na n-iontrálacha sa chlár a thaifeadadh sa chomhad.

Na doiciméid agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 14, beag beann ar an modh a ndéanfar iad a chomhdú, is i bhfoirm leictreonach a choimeádfar sa chomhad nó a chuirfear isteach go díreach sa chlár iad. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an clár na doiciméid agus an fhaisnéis sin uile a chomhdaítear i bhfoirm pháipéir a chomhshó i bhfoirm leictreonach chomh tapa agus is féidir.

Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a comhdaíodh i bhfoirm pháipéir roimh an 31 Nollaig 2006, go n-iompóidh an clár iad i bhfoirm leictreonach ar iarratas ar nochtadh a fháil trí mheán leictreonach.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar na doiciméid agus an fhaisnéis, dá dtagraítear in Airteagal 14, a nochtadh trína gcur ar fáil don phobal sa chlár. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a éileamh freisin go ndéanfaí cuid de na doiciméid agus den fhaisnéis nó na doiciméid agus an fhaisnéis uile a fhoilsiú in iris náisiúnta arna hainmniú chun na críche sin nó ar mheán a bheadh chomh héifeachtach céanna. Is éard a bheidh i gceist leis na meáin sin, ar a laghad, leas a bhaint as córas trína bhféadfaí rochtain a fháil, in ord croineolaíoch, ar an bhfaisnéis fhoilsithe trí ardán lárnach leictreonach. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh an clár go ndéanfar na doiciméid agus an fhaisnéis sin a sheoladh go leictreonach trí an gclár chuig an iris náisiúnta nó chuig an ardán lárnach leictreonach.

4.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun aon neamhréireacht a sheachaint idir an méid atá sa chlár agus sa chomhad.

Déanfaidh Ballstáit a éilíonn doiciméad agus faisnéise a fhoilsiú in iris náisiúnta nó ar ardán lárnach leictreonach na bearta is gá a ghlacadh chun aon neamhréireacht a sheachaint idir an méid a nochtar i gcomhréir le mír 3 agus an méid a fhoilsítear san iris nó ar an ardán.

I gcás aon neamhréireachtaí faoin Airteagal seo, beidh forlámhas ag na doiciméid agus faisnéis arna gcur ar fáil sa chlár.

5.  Ní fhéadfaidh an chuideachta brath ar na doiciméid ná ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 mar fhianaise i gcoinne tríú páirtithe ach amháin tar éis dóibh a bheith nochta i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, murar chruthaigh an chuideachta go raibh na tríú páirtithe ar an eolas faoi sin.

Mar sin féin, maidir le hidirbhearta a dhéanfar roimh an séú lá déag i ndiaidh an nochta, ní rachfar i muinín na ndoiciméad ná na faisnéise mar fhianaise i gcoinne tríú páirtithe a chruthaigh nárbh fhéidir go raibh siad ar an eolas fúthu.

Féadfaidh tríú páirtithe i gcónaí dul i muinín aon doiciméad agus aon fhaisnéis nach bhfuil na foirmiúlachtaí maidir le nochtadh tugtha chun críche go fóill ina leith, ach amháin i gcásanna nach mbíonn éifeacht ar bith ag doiciméid nó faisnéis den sórt sin mar gheall ar neamhnochtadh.

6.  Maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis uile arna dtíolacadh ▌mar chuid de chuideachta a fhoirmiú, de bhrainse a chlárú nó de chuideachta nó brainse a chumhdú, áiritheoidh na Ballstáit go stórálfar iad sna cláir i bhformáid atá inléite ag meaisín agus inchuardaithe nó mar shonraí struchtúrtha.”;

"

(7)  cuirtear an tAirteagal 16a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 16a

Rochtain ar fhaisnéis nochta

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cóipeanna de na doiciméid agus den fhaisnéis uile nó d’aon chuid díobh nó di, dá dtagraítear in Airteagal 14, a fháil ón gclár ar iarratas a fháil agus go bhféadfar iarratais den sórt sin a thíolacadh don chlár ar páipéar nó le meán leictreonach.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhféadfar cineálacha nó codanna áirithe de na doiciméid agus den fhaisnéis, a comhdaíodh i bhfoirm pháipéir an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, a fháil trí mheán leictreonach i gcás ina mbeidh tréimhse shonraithe caite idir dáta an chomhdaithe agus dáta an iarratais. Ní bheidh tréimhse níos gairide ná 10 mbliana i gceist le tréimhse shonraithe den sórt sin.

2.  Ní bheidh an praghas ar chóip de na doiciméid agus den fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 14 a fháil, nó cóip de chuid díobh nó di a fháil, níos airde ná an costas riaracháin a bhaineann leis sin, lena n-áirítear costais forbartha agus cothabhála na gclár, is cuma cé acu ar páipéar nó le meán leictreonach a thabharfar í.

3.  Cóipeanna leictreonacha agus páipéir a sholáthrófar d’iarratasóir, déanfar iad a dheimhniú mar ‘cóipeanna dílse’ mura bhfágfaidh an t-iarratasóir an deimhniú sin ar lár.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cóipeanna agus sleachta leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis arna soláthar as an gclár a fhíordheimhniú le seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 chun a ráthú go mbeidh na cóipeanna agus sleachta leictreonacha soláthartha as an gclár agus gur cóip dhílis a bheidh iontu den doiciméad atá coinnithe sa chlár nó go mbeidh sé ag teacht leis an bhfaisnéis atá ann.”;

"

(8)  in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

"1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear fáisnéis atá cothrom le dáta ar fáil lena míneofar forálacha an dlí náisiúnta ar dá mbun atá tríú páirtithe in ann dul i muinín na faisnéise agus gach cineál doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14, i gcomhréir le hAirteagal 16(3), (4) agus (5).”;

"

(9)  Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

"1. Cuirfear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 ar fáil don phobal freisin trí chóras idirnascadh na gclár. Féadfaidh na Ballstáit na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 a chur ar fáil freisin do chineálacha cuideachtaí seachas na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn II.”;

"

(b)  i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (a):"

"(a) na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áiritear le haghaidh cineálacha cuideachtaí seachas na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn II i gcás ina gcuirfidh na Ballstáit na doiciméid sin ar fáil;”;

"

(10)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:"

“Airteagal 19

Na táillí is féidir a ghearradh le haghaidh doiciméad agus faisnéise

1.  Ní bheidh na táillí a ghearrfar chun teacht ar na doiciméid agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14 trí chóras idirnascadh na gclár níos airde ná an costas riaracháin lena mbaineann, lena n-áirítear costais forbartha agus chothabhála na gclár.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar a laghad an fhaisnéis agus na doiciméid seo a leanas ar fáil saor in aisce trí chóras idirnascadh na gclár:

   (a) ainm nó ainmneacha agus foirm dhlíthiúil na cuideachta;
   (b) oifig chláraithe na cuideachta agus an Ballstát ina bhfuil sí cláraithe;
   (c) uimhir chlárúcháin na cuideachta agus a EUID;
   (d) mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na cuideachta i gcás ina mbeidh sonraí den sórt sin taifeadta sa chlár náisiúnta;
   (e) stádas na cuideachta, amhail an tráth a dhúntar í, an tráth a bhaintear den chlár í, an tráth a dhéantar í a fhoirceannadh, an tráth a dhéantar í a dhíscaoileadh, an tráth atá sí gníomhach nó neamhghníomhach go heacnamaíoch mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta agus i gcás ina mbeidh sé taifeadta sna cláir náisiúnta;
   (f) cuspóir na cuideachta, i gcás ina mbeidh sé taifeadta sa chlár náisiúnta;

   (g) bunsonraí daoine, atá údaraithe ag an gcuideachta faoi láthair, cibé mar chomhlacht nó mar chomhaltaí d’aon chomhlacht den sórt sin, chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na cuideachta agus iad ag déileáil le tríú páirtithe agus in imeachtaí dlíthiúla agus faisnéis i ndáil le cibé ar féidir leis na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na cuideachta é sin a dhéanamh ina n-aonar nó an bhfuil sé de cheangal orthu gníomhú go comhpháirteach;
   (h) faisnéis faoi aon bhrainse arna oscailt ag an gcuideachta i mBallstát eile lena n-áirítear ainm, uimhir chlárúcháin, EUID agus an Ballstát ina bhfuil an brainse cláraithe.

3.  Ní ghearrfar aon táille, ó thaobh na gclár de, mar gheall ar mhalartú aon fhaisnéis trí chóras idirnascadh na gclár.

4.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (d) agus (f) ar fáil saor in aisce d’údaráis na mBallstát eile amháin.”;

"

(11)  Scriostar Airteagal 20(3);

(12)  Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)  cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 4:"

“Féadfaidh an Coimisiún pointí roghnacha a bhunú le haghaidh rochtain ar chóras idirnascadh na gclár freisin. Is éard a bheidh sna pointí rochtana sin ná córais a fhorbraíonn agus a oibríonn an Coimisiún nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chun a bhfeidhmeanna riaracháin a chomhlíonadh nó forálacha dhlí an Aontais a chomhlíonadh. Cuirfidh an Coimisiún fógra chuig na Ballstáit gan moill mhíchuí faoi bhunú na bpointí rochtana sin agus faoi aon athruithe suntasacha a rinneadh ar oibriú na bpointí.”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:"

"5. Déanfar rochtain ar fhaisnéis ó chóras idirnascadh na gclár a sholáthair tríd an tairseach agus trí na pointí rochtana roghnacha arna mbunú ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún.”;

"

(13)  Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):"

"(d) an tsonraíocht theicniúil lena sainítear na modhanna chun faisnéis a mhalartú idir clár na cuideachta agus clár an bhrainse dá dtagraítear in Airteagal 20, in Airteagal 28a (4) agus (6) agus in Airteagail 28c, 30a agus 34;”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):"

"(e) liosta mionsonraithe na sonraí a bheidh le tarchur ar mhaithe le faisnéis a mhalartú idir na cláir, amhail dá dtagraítear in Airteagail 20, 28a, 28c, 30a, 34 agus 130;”;

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (n):"

"(n) an nós imeachta agus na ceanglais theicniúla a bhaineann leis na pointí rochtana roghnacha ar an ardán a nascadh dá dtagraítear in Airteagal 22;”,

"

(d)  cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

"(o) na socruithe mionsonraithe agus na sonraí teicniúla a bhaineann leis na modhanna chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13i a mhalartú idir cláir.”;

"

(e)  i ndeireadh an Airteagail, cuirtear isteach an mír seo a leanas:"

“Déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh de bhun phointí (d), (e), (n) agus (o) faoi ...[18 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí.”;

"

(14)  i dTeideal I, Caibidil III, Roinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Rialacha maidir le clárú agus nochtadh is infheidhme maidir le brainsí cuideachtaí ó Bhallstáit eile”;

"

(15)  i dTeideal I, Caibidil III, Roinn 2, cuirtear Airteagal 28a, Airteagal 28b agus Airteagal 28c isteach mar a leanas:"

"Airteagal 28a

Brainsí a chlárú ar líne

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar brainse cuideachta a ndéantar í a rialáil le dlí Ballstáit eile a chlárú go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás ▌ ná ▌aon duine nó comhlacht eile sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné den iarratas ar chlárú brainsí, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 13b(4) agus mutatis mutandis in Airteagal 13g(8).

2.  Leagfaidh na Ballstáit rialacha mionsonraithe síos chun brainsí a chlárú ar líne, lena n-áirítear rialacha maidir leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a chur faoi bhráid údarás inniúil. Mar chuid de na rialacha sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an clárú ar líne a dhéanamh trí fhaisnéis nó doiciméid a thíolacadh i bhfoirm leictreonach, lena n-áirítear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16a(4), nó trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis nó as na doiciméid a tíolacadh do chlár roimhe sin.

3.  Sna rialacha, dá dtagraítear i mír 2, déanfar foráil maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

   (a) an nós imeachta chun an inniúlacht dhlíthiúil na n-iarratasóirí is gá agus a n-údaráis ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta a áirithiú;
   (b) na modhanna chun sainaitheantas an duine nó na ndaoine a bhfuil an brainse á chlárú acu a fhíorú nó na modhanna chun sainaitheantas a ionadaí nó a n-ionadaithe a fhíorú;
   (c) na ceanglais a chuirtear ar na hiarratasóirí seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a úsáid.

4.  Sna rialacha, dá dtagraítear i mír 2, féadfar foráil a dhéanamh freisin maidir leis na nósanna imeachta seo a leanas:

   (a) dlíthiúlacht chuspóir an bhrainse a fhíorú;
   (b) dlíthiúlacht ainm an bhrainse a fhíorú;
   (c) dlíthiúlacht na ndoiciméad agus na faisnéise arna dtíolacadh le haghaidh chlárú an bhrainse a fhíorú;
   (d) foráil a dhéanamh maidir leis an ról atá ag nótaire nó ag aon duine nó comhlacht eile atá rannpháirteach sa phróiseas chun an brainse a chlárú faoi na forálacha náisiúnta is infheidhme.

5.  Féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis faoin gcuideachta a fhíorú le córas idirnascadh na gclár agus brainse cuideachta arna bhunú i mBallstát eile á chlárú.

Ní chuirfidh na Ballstáit mar choinníoll le clárú brainse ar líne é go bhfaighfear aon cheadúnas nó údarú sula gclárófar an brainse, ach amháin i gcás ina bhfuil coinníoll den sórt sin fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí áirithe a mhaoirsiú go cuí, mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar clárú ar líne brainse a chur i gcrích laistigh de 10 lá oibre ó chur i gcrích na bhfoirmiúlachtaí uile, lena n-áirítear na doiciméid agus an fhaisnéis riachtanach uile a fháil a chomhlíonann an dlí náisiúnta ag údarás nó ▌ag duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné de chlárú brainse;

Más rud é nach féidir brainse a chlárú laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear sa mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra don iarratasóir maidir leis na cúiseanna atá leis an moill.

7.  I ndiaidh brainse cuideachta arna bunú faoi dhlí Ballstáit eile a chlárú, tabharfaidh clár an Bhallstáit ina bhfuil an brainse sin cláraithe fógra don Bhallstát ina bhfuil an chuideachta cláraithe á rá go ndearnadh an brainse a chlárú le córas idirnascadh na gclár. Admhóidh an Ballstát ina bhfuil an chuideachta cláraithe go bhfuarthas an fógra sin agus déanfaidh sé an fhaisnéis a thaifeadadh ina chlár gan mhoill.

Airteagal 28b

Doiciméid agus faisnéis a chomhdú ar líne le haghaidh brainsí

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar na doiciméid agus an fhaisnéis, dá dtagraítear in Airteagal 30, nó aon mhodhnú orthu, a chomhdú ar líne laistigh den tréimhse dá bhforáiltear le dlíthe na mBallstát ina bhfuil an brainse bunaithe. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an comhdú sin a chur i gcrích go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás ná os comhair aon duine ná aon chomhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta le déileáil leis an gcomhdú ar líne, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 13b(4) agus a leagtar síos mutatis mutandis in Airteagal 13g(8).

2.  Tá feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 28a (2) go (5) maidir le comhdú ar líne do bhrainsí.

3.  Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfaí doiciméid agus faisnéis áirithe nó na doiciméid agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 1 a chomhdú ar líne amháin.

Airteagal 28c

Dúnadh brainsí

Ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 30(1) a fháil, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an clár de chuid Ballstáit ina bhfuil brainse cuideachta cláraithe, le córas idirnascadh na gclár, an clár de chuid Ballstáit ina bhfuil an chuideachta cláraithe a chur ar an eolas gur dúnadh a brainse agus gur baineadh den chlár é. Admhóidh clár Bhallstát na cuideachta go bhfuarthas an fógra sin, leis an gcóras sin freisin agus clárófar ▌an fhaisnéis sin, ▌gan mhoill.”;

"

(16)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

“Airteagal 30a

Athruithe ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis na cuideachta

1.  Tabharfaidh an Ballstát ina bhfuil cuideachta cláraithe fógra gan mhoill, le córas idirnascadh na gclár, don Bhallstát ina bhfuil brainse de chuid na cuideachta cláraithe, sa chás go gcomhdófar athrú i leith aon cheann díobh seo a leanas:

   (a) ainm na cuideachta;
   (b) oifig chláraithe na cuideachta;
   (c) uimhir chlárúcháin na cuideachta sa chlár;
   (d) foirm dhlíthiúil na cuideachta;
   (e) na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (f) d’Airteagal 14.

Ar an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil, admhóidh an clár ina bhfuil an brainse cláraithe, le córas idirnascadh na gclár, go bhfuarthas an fógra sin agus áiritheoidh sé go ndéanfar na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30(1) a nuashonrú gan mhoill.”;

"

(17)  in Airteagal 31, cuirtear an mhír seo a leanas:"

“Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfar a mheas go bhfuil nochtadh éigeantach doiciméad cuntasaíochta dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 30(1) comhlíonta tríd an nochtadh i gclár an Bhallstáit ina bhfuil an chuideachta cláraithe i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 14.”;

"

(18)  scriostar Airteagal 43.

(19)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 161:"

“Airteagal 161

Cosaint sonraí

Beidh próiseáil aon sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs na Treorach seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679.”;

"

(20)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

"Airteagal 162a

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon athruithe ar na cineálacha cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta dá bhforáiltear ina ndlí náisiúnta lena ndéanfaí difear d’inneachar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IIA.

Sa chás go gcuireann Ballstát an Coimisiún ar an eolas de bhur na chéad mhíre den Airteagal seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún an liosta de na cineálacha cuideachtaí atá in Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IIA a oiriúnú de réir na faisnéise dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 163.”;

"

(21)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 163:"

"Airteagal 163

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus in Airteagal 162a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm na treorach seo].

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus in Airteagal 162a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Sula ndéanfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoi, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 25(3) nó Airteagal 162a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

"

(22)  in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú fleasc is fiche:"

"— An tSualainn:

publikt aktiebolag;”;

"

(23)  in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an seachtú fleasc is fiche:"

"— An tSualainn:

privat aktiebolag

publikt aktiebolag;”;

"

(24)  Cuirtear isteach Iarscríbhinn IIA, mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Trasuí

1.  Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin ….[2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo leasaithí] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.  D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun pointe (5) d’Airteagal 1 den Treoir seo, a mhéid a bhaineann Airteagal 13i agus Airteagal 13j(2) de Threoir (AE) 2017/1132, agus pointe (6) d’Airteagal 1 den Treoir seo, a mhéid a bhaineann Airteagal 16(6) de Threoir (AE) 2017/1132, faoin...[4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

3.  De mhaolú ar mhír 1, Ballstáit a mbíonn deacrachtaí ar leith acu maidir leis an Treoir seo a thrasuí, beidh siad i dteideal tairbhe a bhaint as síneadh ama ar an tréimhse dá bhforáiltear sa mhír sin suas le bliain. Cuirfidh siad cúiseanna oibiachtúla ar fáil maidir leis an ngá le síneadh ama. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena rún leas a bhaint as síneadh ama den sórt sin faoi... [18 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

4.  Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

5.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tuairisciú, athbhreithniú agus bailiú sonraí

1.  Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná … [5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], nó má bhaineann aon Bhallstát úsáid as an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 2(3) tráth nach déanaí ná ... [6 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], meastóireacht ar na forálacha a thugtar isteach leis an Treoir seo i dTreoir (AE) 2017/1132 seo agus tuarascáil ar na príomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, cé is moite de na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a ndéanfar an meastóireacht agus tuarascáil ina leith tráth nach déanaí ná ... [7 mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Maidir leis an bhfaisnéis is gá chun na tuarascálacha a ullmhú, déanfaidh na Ballstáit í a thabhairt don Choimisiún, is é sin, trí shonraí faoin líon clárúchán ar líne agus faoi chostais ghaolmhara a sholáthar.

2.  Déanfar meastóireacht ar na nithe seo a leanas, inter alia, sa tuarascáil ón gCoimisiún:

(a)  a indéanta atá sé foráil a dhéanamh maidir le clárú go hiomlán ar líne do na cineálacha cuideachtaí seachas na cinn sin a liostaítear in Iarscríbhinn IIA;

(b)  a ▌indéanta atá sé teimpléid ó na Ballstáit a sholáthar le haghaidh gach cineál cuideachta faoi dhliteanas teoranta agus an gá atá le teimpléad comhchuibhithe a sholáthar ar fud an Aontais lena úsáid ag na Ballstáit uile i gcomhair na gcineálacha cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IIA agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh;

(c)  an taithí phraiticiúil le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le dícháiliú stiúrthóirí dá dtagraítear in Airteagal 13i;

(d)  na modhanna a bhaineann le comhdú ar líne agus rochtain ar líne, lena n-áirítear comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár a úsáid;

(e)  an gá atá le níos mó faisnéise ná mar a cheanglaítear in Airteagal 19(2) a chur ar fáil saor in aisce agus an gá atá le rochtain neamhualaithe ar an bhfaisnéis sin a áirithiú agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh;

(f)  an gá atá le prionsabal na haonuaire a chur i bhfeidhm tuilleadh agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh.

3.  Beidh ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, tograí chun Treoir (AE) 2017/1132 a leasú.

4.  D’fhonn meastóireacht iontaofa ar na forálacha a thugtar isteach leis an Treoir i dTreoir (AE) 2017/1132 seo a chur ar fáil, déanfaidh na Ballstáit sonraí a bhailiú maidir le conas mar atá ag éirí le foirmiú ar líne i gcleachtas. De ghnáth, ba cheart go gcuimseofaí san fhaisnéis sin an líon foirmithe ar líne, an líon cásanna inar baineadh úsáid as teimpléid nó ina raibh gá le láithreacht fhisiciúil agus fad agus costas meánach na bhfoirmithe ar líne. Cuirfidh siad an fhaisnéis sin in iúl don Choimisiún faoi dhó, tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dháta an trasuí.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh i/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN IIA

NA CINEÁLACHA CUIDEACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 13, 13f, 13h, agus 162a

—  An Bheilg:

société privée à responsabilité limitée/besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid,

société privée à responsabilité limitée unipersonnelle/Eenpersoons besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid;

—  An Bhulgáir:

дружество с ограничена отговорност,

еднолично дружество с ограничена отговорност;

—  Poblacht na Seice:

společnost s ručením omezeným;

—  An Danmhairg:

Anpartsselskab;

—  An Ghearmáin:

Gesellschaft mit beschränkter Haftung;

—  An Eastóin:

osaühing;

—  Éire:

private company limited by shares or by guarantee/cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna nó ráthaíochta,

designated activity company/cuideachta ghníomhaíochta ainmnithe;

—  An Ghréig:

εταιρεία περιορισμένης ευθύνης,

ιδιωτική κεφαλαιουχική εταιρεία;

—  An Spáinn:

sociedad de responsabilidad limitada;

—  An Fhrainc:

société à responsabilité limitée,

entreprise unipersonnelle à responsabilité limitée,

société par actions simplifiée,

société par actions simplifiée unipersonnelle;

—  An Chróit:

društvo s ograničenom odgovornošću,

jednostavno društvo s ograničenom odgovornošću;

—  An Iodáil:

società a responsabilità limitata,

società a responsabilità limitata semplificata;

—  An Chipir:

ιδιωτική εταιρεία περιορισμένης ευθύνης με μετοχές ή/και με εγγύηση;

—  An Laitvia:

sabiedrība ar ierobežotu atbildību;

—  An Liotuáin:

uždaroji akcinė bendrovė;

—  Lucsamburg:

société à responsabilité limitée;

—  An Ungáir:

korlátolt felelősségű társaság;

—  Málta:

private limited liability company/kumpannija privata;

—  An Ísiltír:

besloten vennootschap met beperkte aansprakelijkheid;

—  An Ostair:

Gesellschaft mit beschränkter Haftung;

—  An Pholainn:

spółka z ograniczoną odpowiedzialnością;

—  An Phortaingéil:

sociedade por quotas;

—  An Rómáin:

societate cu răspundere limitată;

—  An tSlóivéin:

družba z omejeno odgovornostjo;

—  An tSlóvaic:

spoločnosť s ručením obmedzeným;

—  An Fhionlainn:

yksityinen osakeyhtiö/privat aktiebolag;

—  An tSualainn:

privat aktiebolag;

—  An Ríocht Aontaithe:

private limited by shares or guarantee. ”

(1)IO C 62, 15.2.2019, lch. 24.
(2)IO C 62, 15.2.2019, lch. 24.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019.
(4)Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(5) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(8)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(9)Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(10) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(11)Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(12)IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/884 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2015 lena mbunaítear sonraíochtaí agus nósanna imeachta is gá le haghaidh chóras idirnascadh na gclár arna bhunú le Treoir 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 144, 10.6.2015, lch. 1).


Comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann ***I
PDF 416kWORD 150k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann (COM(2018)0241 – C8-0167/2018 – 2018/0114(COD))
P8_TA-PROV(2019)0429A8-0002/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0241),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 50(1) agus (2), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0167/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0002/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann(2)

P8_TC1-COD(2018)0114


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(1) agus (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) rialaítear comhshónna trasteorann de chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta. Maidir le feidhmiú an Mhargaidh Aonair is cloch mhíle shuntasach do chuideachtaí agus do ghnólachtaí na rialacha seo toisc go gcumasaítear iad an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú. De thoradh meastóireachta ar na rialacha sin, áfach, léirítear gur gá modhnuithe a dhéanamh ar na rialacha cumaisc trasteorann. Anuas air sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rialacha lena rialaítear comhshónna agus deighiltí trasteorann, ós rud é nach bhforáiltear le Treoir (AE) 2017/1132 ach do dheighiltí intíre cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta.

(2)  Tá an tsaoirse bhunaíochta ar cheann de bhunphrionsabail dhlí an Aontais. Faoin dara mír d’Airteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 54 CFAE, áirítear inter alia sa tsaoirse bhunaíochta do chuideachtaí agus do ghnólachtaí an ceart chun cuideachtaí nó gnólachtaí den chineál sin a fhoirmiú nó a bhainistiú faoi na coinníollacha a leagtar síos i reachtaíocht Bhallstát na bunaíochta. Tá sé léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go gcumhdaítear leis sin an ceart atá ag cuideachta nó gnólacht a cruthaíodh i gcomhréir le dlí Ballstáit í féin nó é féin a chomhshó ina cuideachta nó ina ghnólacht faoi rialú dlí Ballstáit eile, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos le reachtaíocht an Bhallstáit eile sin agus, go háirithe, go sásófar an tástáil atá glactha ag an mBallstát sin chun an nasc idir cuideachta nó gnólacht agus a dlíchóras nó a dhlíchóras náisiúnta a chinneadh.

(3)  In éagmais chomhchuibhiú dhlí an Aontais, tagann an sainmhíniú ar an nascfhachtóir lena gcinntear an dlí is infheidhme maidir le cuideachta nó gnólacht, i gcomhréir le hAirteagal 54 CFAE, faoi inniúlacht gach Ballstáit chun an sainmhíniú ▌ a dhéanamh. Le hAirteagal 54 CFAE, cuirtear nascfhachtóirí na hoifige cláraithe, an riaracháin lárnaigh agus phríomháit ghnó na cuideachta nó an ghnólachta ar bhonn cothrom. Dá bharr sin, mar a shoiléirítear sa chásdlí, ▌toisc nach n-aistrítear ach an oifig chláraithe (agus ní an riarachán lárnach ná an phríomháit ghnó), ní eisiatar ar an gcaoi sin infheidhmeacht na saoirse bunaíochta faoi Airteagal 49 CFAE. ▌

(4)  Leis na forbairtí sin sa chásdlí, tá deiseanna nua curtha ar fáil do chuideachtaí ▌ sa Mhargadh Aonair chun fás eacnamaíoch, iomaíocht éifeachtach agus táirgiúlacht a chothú. San am céanna, ní mór an cuspóir maidir le Margadh Aonair gan teorainneacha inmheánacha a bheith ann do chuideachtaí a thabhairt i gcomhréir le cuspóirí eile an chomhtháthaithe Eorpaigh amhail cosaint shóisialta mar a leagtar amach in Airteagal 3 CAE agus in Airteagal 9 CFAE mar aon le hidirphlé sóisialta a chur chun cinn mar a leagtar amach in Airteagal 151 agus Airteagal 152 CFAE). An ceart atá ag cuideachtaí comhshó, cumasc agus deighilt trasna teorannacha, ba cheart go mbeadh sé i dteannta agus i gcothromaíocht chuí leis an gcosaint d’fhostaithe, do chreidiúnaithe agus do chomhaltaí.

(5)  Is é a thagann as an easpa creata dhlíthiúil maidir le comhshónna agus deighiltí trasteorann ná ilroinnt dhlíthiúil agus éiginnteacht dhlíthiúil agus, ar an gcaoi sin, bacainní ar fheidhmiú na saoirse bunaíochta. Tagann as freisin nach dtugtar an chosaint is fearr d’fhostaithe, creidiúnaithe agus comhaltaí mionlaigh laistigh den Mhargadh Aonair.

(6)  Tá sé iarrtha ag Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún rialacha comhchuibhithe a ghlacadh maidir le comhshónna agus deighiltí trasteorann. Leis an creat dlíthiúil comhchuibhithe, rannchuideofaí tuilleadh leis na srianta atá leis an tsaoirse bhunaíochta a bhaint agus, san am céanna, sholáthrófaí cosaint ▌leormhaith do gheallsealbhóirí amhail fostaithe, creidiúnaithe agus comhaltaí.

(7)  Ba cheart go mbeadh an Treoir seo gan dochar do na cumhachtaí atá ag na Ballstáit cosaint neartaithe a sholáthar d’fhostaithe, i gcomhréir leis an acquis sóisialta atá ann cheana.

(8)  Is éard atá i gceist le comhshó trasteorann a dhéanamh an fhoirm dhlíthiúil a athrú do chuideachta gan a pearsantacht dhlítheanach a chailleadh. Mar sin féin, níor cheart ▌ gurbh é an toradh a bheadh ar chomhshó trasteorann ná ar chumasc nó deighilt trasteorann go dtiocfaí timpeall ar na ceanglais maidir le corprú sa Bhallstát ▌ ina mbeidh an chuideachta le clárú tar éis na hoibríochta. Ba cheart do chuideachta na coinníollacha sin, lena n-áirítear na ceanglais an cheannoifig a bheith sa Bhallstát cinn scríbe agus iad sin maidir le stiúrthóirí a dhícháiliú, a urramú go hiomlán. Mar sin féin, i gcás comhshónna trasteorann, ní fhéadfaidh cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin ag an mBallstát cinn scríbe difear a dhéanamh do leanúnachas phearsantacht dhlíthiúil na cuideachta comhshóite. ▌

(9)  Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le cuideachtaí atá faoi leachtú i gcás ina bhfuil tús curtha le dáileadh sócmhainní. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin cuideachtaí atá faoi réir imeachtaí leachtaithe eile a eisiamh. Ba cheart freisin go mbeadh na Ballstáit in ann gan an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí atá faoi réir imeachtaí dócmhainneachta, nó maidir le creataí coisctheacha um athstruchtúrú mar a shainítear faoin dlí náisiúnta, gan beann ar cibé acu na himeachtaí sin a bheith ina gcuid de chreat náisiúnta dócmhainneachta nó iad a bheith á rialú lasmuigh de, agus maidir le cuideachtaí atá faoi réir bearta coiscthe géarchéime de réir bhrí Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6).

Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar don Treoir maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, an dara deis agus bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte a fheabhsú.

(10)   I ngeall ar a chasta atá comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann (dá ngairtear oibríochtaí trasteorann anseo feasta) agus an iliomad leasanna atá i gceist, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht na hoibríochta trasteorann sula ngabhfaidh éifeacht léi, chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú. Chuige sin, ▌ ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát ▌ lena mbaineann a áirithiú go ndéanfar cinneadh maidir le hoibríocht trasteorann a fhormheas ar chaoi chothrom, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach ar bhonn na ngnéithe ábhartha uile a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta agus le dlí AE.

(11)   Le gur féidir leasanna dlisteanacha na ngeallsealbhóirí uile a chur san áireamh sa nós imeachta lena rialaítear oibríocht trasteorann, ba cheart don chuideachta dréacht-téarmaí na hoibríochta atá beartaithe, ina mbeidh an fhaisnéis is tábhachtaí ina leith, a tharraingt suas agus a nochtadh. Ba cheart don chomhlacht riaracháin nó bainistíochta, i gcás ina bhforáiltear dó faoin dlí náisiúnta agus/nó i gcomhréir le cleachtas náisiúnta, ionadaí na bhfostaithe ar leibhéal an bhoird a áireamh sa chinneadh maidir le dréacht-téarmaí oibríochta trasteorann. Ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis sin an fhoirm dhlíthiúil atá beartaithe don chuideachta nó do na chuideachtaí, an ionstraim chomhdhéanaimh, i gcás inarb infheidhme, na stádais, an tráthchlár táscach atá molta don oibríocht agus mionsonraí na gcoimircí a chuirfear ar fáil do chomhaltaí agus do creidiúnaithe. Ba cheart fógra a nochtadh sa chlár gnó lena gcuirfí in iúl do na comhaltaí, do na creidiúnaithe agus d’ionadaithe fhostaithe na cuideachta, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha a chur isteach i ndáil leis an oibríocht atá beartaithe. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin go nochtfar an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách.

(12)  Chun faisnéis a chur ar fáil dá comhaltaí agus dá fostaithe, ba cheart don chuideachta a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aici tuarascáil a ullmhú dóibh. Leis an tuarascáil, ba cheart gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha na hoibríochta trasteorann atá beartaithe agus na himpleachtaí a bheidh aici d’fhostaithe a mhíniú agus bunús a thabhairt leo. Go háirithe, ba cheart míniú a thabhairt sa tuarascáil ar impleachtaí na hoibríochta trasteorann maidir le gnó na cuideachta sa todhchaí, lena n-áiritear gnó a fochuideachtaí. Maidir leis na comhaltaí, ba cheart, go háirithe, go n-áireofaí sa tuarascáil leigheasanna a d’fhéadfadh a bheith ar fáil dóibh, go háirithe faisnéis faoina gceart imeachta. Maidir leis na fostaithe, ba cheart míniú a thabhairt sa tuarascáil freisin, go háirithe, ar impleachtaí na hoibríochta trasteorann atá beartaithe maidir le staid na fostaíochta.Go háirithe, ba cheart míniú a thabhairt inti i dtaobh an dtiocfadh aon athrú ábhartha ar na coinníollacha fostaíochta a leagtar síos leis an dlí, le comhaontuithe comhchoiteanna agus le comhaontuithe cuideachtaí trasnáisiúnta, agus ar shuíomhanna áiteanna gnó na gcuideachtaí, amhail suíomh na ceannoifige, mar aon le faisnéis faoin gcomhlacht bainistíochta agus, i gcás inarb infheidhme, faoin bhfoireann, trealamh, áitreabh agus sócmhainní a bheith ann roimh an oibríocht trasteorann agus ina diaidh agus faoi na hathruithe is dócha a thiocfaidh ar eagrú na hoibre, an pá, áit post sonrach agus na hiarmhairtí a bhfuiltear ag súil leo do na fostaithe atá sna poist sin, mar aon leis an idirphlé sóisialta ar leibhéal na cuideachta lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ionadaí na bhfostaithe ar leibhéal an bhoird. Ba cheart míniú a thabhairt inti ar conas a dhéanfadh na hathruithe sin difear d’aon fhochuideachtaí de chuid na cuideachta. Ba cheart, áfach, nach mbeadh feidhm ag an gceanglas sin i gcás nach mbeidh in orgán riaracháin na cuideachta ach fostaithe na cuideachta. Anuas air sin, chun an chosaint a thugtar d’fhostaithe a fheabhsú, ba cheart go mbeadh na fostaithe nó a n-ionadaithe in ann a dtuairim ar an tuarascáil a thabhairt, agus na himpleachtaí dóibh féin a bheidh ag an oibríocht trasteorann á leagan amach acu. Ba cheart soláthar na tuarascála agus an fhéidearthacht tuairim a thabhairt a bheith gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus d’imeachtaí comhairliúcháin a thionscnófar ar an leibhéal náisiúnta lena n-áirítear iad sin a tharla tar éis chur chun feidhme Threoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), nó Threoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8). Ba cheart an tuarascáil nó na tuarascálacha, i gcás ina mbunófar ar leithligh iad, a bheithar fáil do na comhaltaí agus d’ionadaithe fhostaithe na cuideachta a dhéanfaidh an comhshó trasteorann nó, i gcás nach mbeidh ionadaithe dá leithéid ann, do na fostaithe féin.

(13)  Ba cheart saineolaí atá neamhspleách ar an gcuideachta scrúdú a dhéanamh ar dhréacht-téarmaí na hoibríochta trasteorann, ar an tairiscint cúitimh airgid a rinne an gcuideachta do na comhaltaí sin ar mian leo imeacht ón gcuideachta agus, i gcás inarb infheidhme, ar an gcóimheas malartaithe scaireanna lena n-áirítear méid íocaíochta comhlántaí airgid a d’fhéadfadh a áireamh sna dréacht-téarmaí. Maidir le neamhspleáchas an tsaineolaí, ba cheart do na Ballstáit na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 22 agus in Airteagal 22b de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) a chur san áireamh.

(14)  Ba cheart an fhaisnéis a nochtfaidh an chuideachta a bheith cuimsitheach agus ba cheart geallsealbhóirí a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar impleachtaí na hoibríochta trasteorann atá beartaithe. Níor cheart, áfach, go mbeadh oibleagáid ar chuideachtaí faisnéis rúnda a nochtadh, ar faisnéis í a ndéanfadh a nochtadh dochar dá seasamh gnó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais. Níor cheart an rúndachta sin an bonn a bhaint ó cheanglais eile faoin Treoir seo.

(15)  Ar bhonn na ndréacht-téarmaí ▌ agus na dtuarascálacha, ba cheart do chomhaltaí na cuideachta nó na gcuideachtaí cinneadh a dhéanamh maidir leis na dréacht-téarmaí sin a fhormheas nó gan iad a fhormheas agus na leasuithe is gá a dhéanamh ar na hionstraimí comhdhéanaimh, lena n-áirítear na reachtanna. Tá sé tábhachtach go mbeidh an tromlach a cheanglófar le haghaidh an vóta sin ard go leor chun a áirithiú go mbeidh an cinneadh ▌ bunaithe ar thromlach láidir. Ina theannta sin, ba cheart an ceart a bheith ag comhaltaí vóta a chaitheamh maidir le haon cheann de na socruithe a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe, i gcás ina gcoimeádfaidh siad an ceart sin chucu féin ag an gcruinniú ginearálta.

(16)  Mar thoradh ar oibríocht trasteorann, is minic a bhíonn comhaltaí i staid ina dtiocfadh athrú ar a gcearta, ar an ábhar go ndéanfaí comhaltaí díobh i gcuideachta atá á rialú le dlí Ballstáit nach é an dlí é is infheidhme maidir leis an gcuideachta roimh an oibríocht. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstát, ar a laghad, an ceart a thairiscint imeacht ón gcuideachta agus cúiteamh airgid a fháil as a scaireanna, cúiteamh atá coibhéiseach le luach na scaireanna atá ina seilbh ag comhaltaí a bhfuil cearta vótála acu agus a chaith vóta in éadan fhormheas na ndréacht-téarmaí. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, áfach, an ceart sin a thairiscint do chomhaltaí freisin, mar shampla do chomhaltaí a bhfuil scaireanna ina seilbh acu ach nach bhfuil cearta vótála acu nó do chomhaltaí, mar thoradh ar deighilt trasteorann, a gheobhadh scaireanna sa chuideachta i gcionmhaireachtaí atá éagsúil lena raibh ina seilbh acu roimh an oibríocht nó do chomhaltaí nach raibh aon athrú ina leith tagtha ar an dlí is infheidhme ach ar ina leith ar tháinig athrú ar chearta áirithe mar gheall ar an oibríocht. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta maidir le bailíocht conarthaí le haghaidh scaireanna a dhíol agus a aistriú i gcuideachtaí ná do cheanglais speisialta maidir le foirm dhlíthiúil. Mar shampla, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann gníomhas nótaire nó deimhniú sínithe a éileamh.

(17)  Ba cheart go mbeadh cuideachtaí in ann, a mhéid is féidir, meastachán a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis an oibríocht. Ba cheart ceanglas a bheith ar chomhaltaí a dhearbhú don chuideachta an bhfuil siad ag feidhmiú a gcirt chun a gcuid scaireanna a dhiúscairt. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar d’aon ceanglais fhoirmiúla arna gcur ar bun leis an dlí náisiúnta. D’fhéadfaí a cheangal ar chomhaltaí freisin a léiriú, i dteannta leis an dearbhú nó laistigh de theorainn ama shonrach, an bhfuil sé beartaithe acu agóid a dhéanamh i gcoinne an chúitimh airgid atá á thairiscint agus cúiteamh airgid breise a éileamh.

(18)  Ba cheart ríomh na tairsceana cúitimh airgid a bheith bunaithe ar mhodhanna luachála a nglactar go ginearálta leo. Ba cheart an ceart a bheith ag comhaltaí agóid a dhéanamh i gcoinne an ríomha agus leordhóthanacht an chúitimh airgid a cheistiú os comhair údarás inniúil riaracháin nó breithiúnach nó os comhair comhlacht a bhfuil sainordú aige faoin dlí náisiúnta lena n-áirítear binsí eadrána. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh go mbeidh comhaltaí a bhfuil an ceart na scaireanna a dhiúscairt feidhmithe acu i dteideal a bheith rannpháirteach sna himeachtaí agus ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann teorannacha ama chun déanamh amhlaidh a bhunú sa dlí náisiúnta.

(19)  I gcás cumaisc nó deighilt trasteorann, maidir le comhaltaí nach raibh ceart imeachta acu nó nár fheidhmigh an ceart sin, ba cheart go mbeadh ceart acu agóid a dhéanamh i gcoinne an chóimheasa mhalartaithe scaireanna. Agus measúnú á dhéanamh aige ar leormhaitheas an chóimheasa mhalartaithe scaireanna, ba cheart don údarás inniúil riaracháin nó breithiúnach nó comhlacht a bhfuil sainordú aige faoin dlí náisiúnta aird a thabhairt freisin ar mhéid aon íocaíochta comhlántaí airgid a d’fhéadfadh a bheith sna dréacht-téarmaí.

(20)   ▌ Ina theannta sin, chun na creidiúnaithe sin a chosaint ón riosca maidir le dócmhainneacht na cuideachta a thiocfaidh as oibríocht trasteorann, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar an gcuideachta ar na cuideachtaí dearbhú sócmhainneachta a dhéanamh á rá nach eol dóibh aon chúis nach mbeadh an chuideachta nó na cuideachtaí a thiocfaidh as an oibríocht trasteorann in ann a ndliteanais a chomhlíonadh. Sna himthosca sin, ba cheart na Ballstát a bheith in ann comhaltaí an orgáin bainistíochta a chur faoi dhliteanas pearsanta as cruinneas an dearbhaithe sin. Ós rud é go bhfuil traidisiúin dhlíthiúla éagsúla sna Ballstáit i ndáil le dearbhuithe sócmhainneachta a úsáid agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann dá mbarr, ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé iarmhairtí iomchuí a fhorchur i gcás dearbhuithe bréagacha nó míthreoracha a dhéanamh, lena n-áirítear smachtbhannaí agus dliteanais éifeachtacha comhréireacha i gcomhréir le dlí an Aontais.

(21)  Chun cosaint iomchuí do chreidiúnaithe a ráthú i gcásanna nach bhfuil siad sásta leis an gcosaint atá á tabhairt ag an gcuideachta i ndréacht-téarmaí agus i gcás go bhféadfadh sé nach bhfuil réiteach sásúil faighte acu laistigh den chuideachta, féadfaidh creidiúnaithe, a bhfuil fógra tugtha acu don chuideachta roimh ré, coimircí a iarraidh ar an údarás inniúil ▌ . Agus measúnú á dhéanamh aige ar na coimircí sin, ba cheart don údarás inniúil a chur san áireamh an bhfuil éileamh an chreidiúnaí i gcoinne na cuideachta ▌ nó tríú páirtí ▌ ar luach atá coibhéiseach ar a laghad leis an luach a bhí ann roimh an oibríocht trasteorann agus an bhfuil sé ar cháilíocht chreidmheasa atá i gcomhréir leis an gcáilíocht a bhí ann roimh an oibríocht trasteorann agus an bhféadfar an t-éileamh a dhéanamh sa dlínse chéanna ▌.

(22)  Ba cheart do na Ballstáit cosaint leormhaith a áirithiú do na creidiúnaithe sin, a chuaigh i mbun caidreamh leis an gcuideachta sula raibh sé poiblithe ag an gcuideachta go raibh sé ar intinn aici oibríocht trasteorann a dhéanamh. Sa bhreis ar na rialacha ginearálta a leagtar amach i Rialachán Ia na Bruiséile, ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh don rogha a bheith ag na creidiúnaithe sin éileamh a chomhadú sna Ballstáit imeachta a feadh tréimhse dhá bhliain tar éis nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann. Tar éis do na dréacht-téarmaí a bheith nochta, ba cheart go mbeadh creidiúnaithe in ann an t-athrú a d’fhéadfadh teacht ar dhlínse agus ar an dlí is infheidhme mar thoradh ar an oibríocht trasteorann a chur san áireamh. D’fhéadfadh sé freisin gur fostaithe gníomhacha agus iarfhostaithe a bhfuil cearta dílsithe pinsin gairme agus daoine a fhaigheann socair phinsin ghairme iad na creidiúnaithe cuideachta a bheidh le cosaint. Ina theannta sin, maidir leis an mbeart cosanta dhá bhliain atá beartaithe leis an treoir seo i ndáil leis an dlínse ar féidir feidhm a bheith aici maidir le creidiúnaithe a rinne a n-éilimh roimh dháta nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, beidh sé gan dochar don dlí náisiúnta lena gcinntear reacht na dtréimhsí maidir le héilimh.

(23)  Tá sé tábhachtach a áirithiú go dtabharfaí lánurraim do na cearta atá ag fostaithe go gcuirfí ar an eolas iad agus go rachfaí i gcomhairle leo i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann. Ba cheart faisnéis a thabhairt d’fhostaithe agus dul i gcomhairle leo i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil a leagtar amach le Treoir 2002/14/CE, i gcás inarb infheidhme maidir le gnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó grúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, i gcomhréir le Treoir 2009/38/CE, agus Treoir 2001/23/CE ón gComhairle(10), i gcás ina measfar gurb ionann an cumasc trasteorann nó an deighilt trasteorann agus aistriú gnóthais de réir bhrí na Treorach sin. Ní dhéanann an Treoir seo difear do Threoir 2009/38/CE, do Threoir 98/59/CE ón gComhairle, agus do Threoir 2002/14/CE. Ós rud é, áfach, go leagtar síos sa Treoir seo nós imeachta comhchuibhithe d’oibríochtaí trasteorann, is iomchuí, go háirithe, an creat ama lena linn ar cheart an fhaisnéis a thabhairt d’fhostaithe agus dul i gcomhairle leo maidir leis an oibríocht trasteorann a shonrú.

(24)  Ba cheart go n-áireofaí ar ionadaithe na bhfostaithe dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta agus/nó i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, comhlachtaí ábhartha arna mbunú i gcomhréir le dlí AE, más ann dóibh, amhail Comhairle Oibreacha Eorpacha arna bunú i gcomhréir le Treoir 2009/38/CE agus an comhlacht ionadaíoch arna bhunú i gcomhréir le Treoir 2001/86/CE ón gComhairle(11).

(25)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh ag ionadaithe na bhfostaithe, agus á bhfeidhmeanna á gcur i gcrích acu, cosaint agus ráthaíochtaí leormhaithe i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2002/14/CE chun iad a chumasú na cúraimí atá sannaithe orthu a chomhlíonadh go cuí.

(26)  Chun anailís a dhéanamh ar an tuarascáil, ba cheart don chuideachta a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aici na hacmhainní is gá a thabhairt d’ionadaithe na bhfostaithe chun go mbeidh siad in ann na cearta a thagann as an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhealach iomchuí.

(27)   Chun a áirithiú nach ndéanfar dochar míchuí do rannpháirtíocht fostaithe mar thoradh ar oibríocht trasteorann, i gcás ina mbeidh an chuideachta a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aici tar éis córas rannpháirtíochta fostaithe ▌a chur chun feidhme, ba cheart oibleagáid a bheith ar an gcuideachta nó ar na cuideachtaí a thagann as an oibríocht trasteorann foirm dhlíthiúil a ghabháil lena gceadófar rannpháirtíocht a fheidhmiú, lena n-áirítear trí ionadaithe na bhfostaithe a bheith ar orgáin iomchuí bhainistíochta agus mhaoirseachta na cuideachta nó na gcuideachtaí. Thairis sin, i gcás den chineál sin, i gcás ina dtarlóidh caibidlíocht bona fide idir an chuideachta agus a cuid fostaithe, ba cheart í a dhéanamh ar bhonn an nós imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2001/86/CE, d’fhonn teacht ar chomhréiteach cairdiúil idir an ceart atá ag an gcuideachta oibríocht trasteorann a dhéanamh agus cearta rannpháirtíochta na bhfostaithe. Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin, ba cheart feidhm a bheith ag réiteach saincheaptha nó réiteach comhaontaithe nó, in éagmais comhaontaithe, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha caighdeánacha, mutatis mutandis, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/86/CE. Chun an réiteach a comhaontaíodh nó cur i bhfeidhm na rialacha caighdeánacha sin a chosaint, ba cheart nach bhféadfadh an chuideachta deireadh a chur leis na cearta rannpháirtíochta trí chomhshó, cumasc nó deighilt intíre nó trasteorann a dhéanamh ina dhiaidh sin go ceann ceithre bliana.

(28)  Chun cosc a chur le teacht timpeall ar chearta rannpháirtíochta fostaithe trí bhíthin oibríocht trasteorann, ba cheart nach mbeadh an chuideachta nó na cuideachtaí a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aici agus atá cláraithe sa Bhallstát ina ndéantar foráil maidir le cearta rannpháirtíochta fostaithe, ba cheart nach mbeadh an chuideachta sin in ann oibríocht trasteorann a dhéanamh gan dul i mbun caibidlíochta lena fostaithe nó lena n-ionadaithe má bhíonn meánlíon na bhfostaithe atá fostaithe ag an gcuideachta sin coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairseach náisiúnta do rannpháirtíocht fostaithe.

(29)  Rannchuidíonn rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile, go háirithe fostaithe, le cur chuige fadtéarmach agus inbhuanaithe ag cuideachtaí ar fud an Mhargaidh Aonair. Maidir leis sin, tá ról tábhachtach ag cearta rannpháirtíochta fostaithe ar bhoird cuideachtaí a choimirciú agus a chur chun cinn, go háirithe nuair a aistreoidh siad nó a dhéanfaidh siad athstruchtúrú trasna teorannacha. Dá bhrí sin, tá cur i gcrích rathúil caibidlíochtaí maidir le cearta rannpháirtíochta i gcomhthéacs oibríochtaí buntábhachtach agus ba cheart í a spreagadh.

(30)   Chun sannadh iomchuí cúraimí idir na Ballstáit agus rialú ex ante éifeachtúil éifeachtach ar oibríochtaí trasteorann a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis inniúla ▌ Bhallstáit na cuideachta nó na gcuideachtaí a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh acu réamh-chomhshó, réamhchumasc nó réamhdheighilt a eisiúint (dá dtagraítear anseo mar ‘dheimhniú réamhoibríochta’). Gan deimhniú den sórt sin, níor cheart go mbeadh údaráis inniúla Bhallstáit na cuideachta arna comhshó nó na cuideachta nó na gcuideachtaí a thagann as an oibríocht trasteorann in ann na nósanna imeachta oibríochta trasteorann a chur i gcrích.

(31)  Chun deimhniú réamhoibríochta a eisiúint, ba cheart do Bhallstáit na cuideachta nó na gcuideachtaí a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh acu údarás nó roinnt údarás inniúil a ainmniú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na hoibríochta. D’fhéadfadh iad seo a leanas a bheith san údarás inniúil nó sna húdaráis inniúla: Cúirteanna, nótairí nó údaráis eile, údarás cánach nó údarás seirbhíse airgeadais. Más ann do níos mó ná aon údarás inniúil amháin, ba cheart go mbeadh an chuideachta in ann iarratas ar dheimhniú réamhoibríochta a dhéanamh chuig aon údarás inniúil aonair, arna ainmniú ag na Ballstáit, agus ba cheart don údarás inniúil sin comhordú a dhéanamh leis na húdaráis inniúla eile. Ba cheart don údarás inniúil nó do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh an bhfuil na coinníollacha uile á gcomhlíonadh agus an bhfuil na nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí uile sa Bhallstát sin á gcur i gcrích go cuí agus ba cheart dóibh a chinneadh an ndéanfaidh siad deimhniú réamhoibríochta a eisiúint laistigh de thrí seachtaine ó rinne an chuideachta an t-iarratas, ach amháin má bhíonn amhras tromchúiseach orthu go bhfuil an oibríocht trasteorann curtha ar bun chun críocha míúsáide nó calaoise nó go bhfuil sé mar aidhm aice an dlí náisiúnta nó dlí AE a sheachaint nó teacht timpeall air, nó chun críocha coiriúla, agus gur gá breathnú a dhéanamh ar fhaisnéis bhreise nó gníomhaíochtaí breise imscrúdaitheacha a dhéanamh i dteannta an scrúdaithe.

(32)  In imthosca áirithe, maidir leis an gceart atá ag cuideachtaí oibríocht trasteorann a dhéanamh, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as chun críocha míúsáide nó calaoise amhail teacht timpeall ar chearta fostaithe, íocaíochtaí slándála sóisialta nó oibleagáidí cánach nó chun críocha coiriúla. Go háirithe, tá sé tábhachtach gníomhú i gcoinne cuideachtaí ‘caocha’ arna gcur ar bun chun an dlí náisiúnta agus/nó dlí an Aontais a sheachaint, chun teacht timpeall air nó chun é a shárú. I gcás, le linn dó an grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht, go bhfaighidh an t-údarás amach, lena n-áirítear trí dhul i gcomhairle le húdaráis ábhartha, go bhfuil an oibríocht trasteorann curtha ar bun chun críocha míúsáide nó calaoise, críocha a mbeidh sé mar toradh orthu nó a bhfuil sé mar aidhm leo teacht timpeall ar an dlí náisiúnta nó ar dhlí AE, nó chun críocha coiriúla, níor cheart dó an oibríocht a údarú. Ba cheart an nós imeachta ábhartha, lena n-áirítear aon mheasúnú mionsonraithe, a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás den sórt sin, féadfaidh an t-údarás inniúil síniú ama suas le trí mhí ar a mhéad a chur leis an measúnú.

(33)  I gcás ina bhfuil amhras tromchúiseach ar an údarás inniúil go bhfuil an oibríocht trasteorann curtha ar bun chun críocha míúsáide nó calaoise, ba cheart gach fíric agus imthoisc ábhartha a mheas leis an measúnú, agus ba cheart aird a thabhairt, in gcás inarb ábhartha, ar a laghad, ar fhachtóirí táscacha a bhaineann le saintréithe an bhunaithe sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta nó na cuideachtaí le clárú tar éis na hoibríochta trasteorann, lena n-áirítear intinn na hoibríochta, an earnáil, an infheistíocht, an glanláimhdeachas agus brabús nó caillteanas, comhdhéanamh an chláir comhardaithe, an sainchónaí cánach, na sócmhainní agus a suíomh, trealamh, úinéirí tairbhiúla na cuideachta, gnátháit oibre fostaithe agus grúpaí sonracha fostaithe, an áit a bhfuil rannaíochtaí sóisialta dlite, líon na bhfostaithe arna bpostú le linn na bliana roimh an chomhshó de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) agus Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13), agus líon na bhfostaithe atá ag obair go comhuaineach i níos mó ná Ballstát amháin de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus na rioscaí tráchta arna nglacadh uirthi féin nó orthu féin ag an gcuideachta nó ag na chuideachtaí roimh an oibríocht trasteorann nó ina diaidh. Ba cheart aird a thabhairt leis an measúnú ar na fíricí agus imthosca ábhartha a bhaineann le cearta rannpháirtíochta fostaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le caibidlíocht maidir leis na cearta sin i gcás nach bhfuil siad i bhfeidhm de bharr ceithre chúigiú den tairseach náisiúnta is infheidhme. Níor cheart na gnéithe sin a mheas ach mar thosca táscacha sa mheasúnú foriomlán agus, dá bharr sin, níor cheart iad a mheas ina n-aonair. Féadfaidh an t-údaras inniúil an méid sin a mheas mar léiriú nach ann d’imthosca as a dtiocfaidh míúsáid nó calaois más rud é, mar thoradh ar an oibríocht trasteorann, go mbeidh suíomh bhainistíocht éifeachtúil agus/nó ghníomhaíocht eacnamaíoch na cuideachta ann sa Bhallstát, i gcás ina mbeidh an chuideachta nó na cuideachtaí le clárú tar éis na hoibríochta trasteorann.

(34)  Ba cheart freisin go mbeadh an t-údarás inniúil in ann an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha uile a fháil ón gcuideachta a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aici, nó ó údaráis inniúla eile, lena n-áirítear iad sin ón mBallstát cinn scríbe, d’fhonn an rialú dlíthiúlachta a dhéanamh laistigh den chreat nós imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a shonrú cad iad na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag an éisiúint maidir le deimhniú réamhoibríochta na nósanna imeachta arna dtionscnamh ag comhaltaí agus creidiúnaithe i gcomhréir leis an Treoir seo.

(35)  Sa mheasúnú ar an iarratas a chuirfidh an chuideachta isteach chun deimhniú réamhoibríochta a fháil, féadfaidh an t-údarás inniúil dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos chun a áirithiú, maidir leis an saineolaí nó an duine dlítheanach a bhfuil an saineolaí ag oibriú thar a cheann nó thar a ceann, go bhfuil sé nó sí neamhspleách ar an gcuideachta atá ag déanamh iarratas ar an deimhniú réamhoibríochta. Ba cheart gurbh é an t-údarás inniúil a cheapfaidh an saineolaí nó na saineolaithe, agus ba cheart nach mbeadh aon nasc reatha acu, ná aon nasc roimhe seo, leis an gcuideachta i dtrácht, ar nasc é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhspleáchas.

(36)  Chun a áirithiú nach ndéanfaidh an chuideachta a mbeidh an oibríocht trasteorann á déanamh aice dochar dá creidiúnaithe, ba cheart go mbeadh an t-údarás inniúil in ann a sheiceáil, go háirithe, an bhfuil á hoibleagáidí comhlíonta ag an gcuideachta maidir le creidiúnaithe poiblí nó an bhfuil aon oibleagáidí oscailte urraithe go leordhóthanach. Go háirithe, ba cheart freisin go mbeadh an t-údarás inniúil in ann a sheiceáil an bhfuil an chuideachta faoi réir aon imeachtaí cúirte leanúnacha a bhaineann, mar shampla, le sárú ar an dlí sóisialta, ar dhlí an tsaothair nó ar dhlí an chomhshaoil, a bhféadfadh sé a bheith mar thoradh orthu go mbunófaí tuilleadh oibleagáidí ar an gcuideachta, lena n-áirítear maidir le saoránaigh agus eintitis phríobháideacha.

(37)  Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do choimircí nós imeachta i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta maidir le rochtain ar an gceartas, lena n-áirítear an fhéidearthacht athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí na n-údarás inniúil sna himeachtaí a bhaineann le hoibríochtaí trasteorann, an fhéidearthacht moill a chur ar theacht in éifeacht an deimhnithe chun go mbeidh páirtithe in ann caingean a thabhairt os comhair na cúirte inniúla agus an fhéidearthacht bearta idirthréimhseacha a fháil, i gcás inarb iomchuí.

(38)   Tar éis dóibh deimhniú réamhoibríochta a fháil, agus tar éis dóibh comhlíonadh cheanglais dhlíthiúla an Bhallstáit ▌ina mbeidh an chuideachta le clárú tar éis na hoibríochta, lena n-áirítear an tseiceáil i dtaobh an bhfuil an t-idirbheart fós ina theacht timpeall ar an dlí náisiúnta nó ar dhlí AE, a fhíorú, ba cheart do na húdaráis inniúla ▌an chuideachta a chlárú i gclár gnó an Bhallstáit sin. Is tar éis an chláraithe sin amháin is ceart d’údarás inniúil iar-Bhallstát na cuideachta nó na gcuideachtaí a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aici nó acu a bhaint dá chlár féin. Ba cheart nach mbeadh údaráis inniúla an Bhallstáit ▌ ina mbeidh an chuideachta nó na cuideachtaí le clárú tar éis na hoibríochta trasteorann, in ann agóid a dhéanamh faoin ▌ bhfaisnéise a chuirfear ar fáil sa deimhniú réamhoibríochta. ▌

(39)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le cur i gcrích céimeanna áirithe nós imeachta, eadhon, nochtadh na ndréacht-téarmaí, an t-iarratas ar dheimhniú réamh-comhshó, réamhchumaisc nó réamhdheighilte (dá dtagraítear anseo mar ‘dheimhniú réamhoibríochta’) mar aon le tíolacadh aon fhaisnéise agus doiciméad le haghaidh grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chomhshó trasteorann, an chumaisc trasteorann nó na deighilte trasteorann ag an mBallstát cinn scríbe, go bhféadfar na céimeanna uile a chur i gcrích ar líne gan an gá an bheith ann le hiarratasóirí teacht i láthair iad féin os comhair aon údaráis inniúil sna Ballstáit. De réir mar is iomchuí, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha i ndlí na gcuideachtaí maidir le húsáid uirlisi digiteacha agus próiseas digiteach, lena n-áirítear na coimircí ábhartha. Ba cheart go mbeadh an t-údarás inniúil in ann an t-iarratas ar an deimhniú réamhchomhshó, lena n-áirítear tíolacadh aon fhaisnéise agus doiciméad, a fháil ar líne, ach amháin, i gcásanna eisceachtúla, ina mbeadh sé dodhéanta ó thaobh na teicneolaíochta de don údarás déanamh amhlaidh.

(40)  Chun laghdú a dhéanamh ar chostais agus ar fhad na nósanna imeachta agus ar an ualach riaracháin do chuideachtaí, ba cheart do na Ballstáit prionsabal ‘na haonuaire’ a chur i bhfeidhm i réimse dhlí na gcuideachtaí, ar prionsabal é lena mbaineann gan a iarraidh ar chuideachtaí an fhaisnéis chéanna a thíolacadh chuig údaráis phoiblí níos mó ná aon uair amháin. Mar shampla, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ag cuideachtaí an fhaisnéis chéanna a thíolacadh don chlár náisiúnta agus don iris náisiúnta.

(41)  Mar thoradh ar an gcomhshó trasteorann, ba cheart don chuideachta chomhshóite a pearsantacht dhlíthiúil, a sócmhainní agus a dliteanais, agus gach ceart agus oibleagáid, lena n-áirítear cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as conarthaí, gníomhartha nó neamhghníomhartha, ba cheart di an méid sin a choinneáil. Go háirithe, ba cheart don chuideachta urraim a thabhairt do na cearta agus oibleagáidí a thagann as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta lena n-áirítear na téarmaí agus coinníollacha arna gcomhaontú in aon chomhaontuithe comhchoiteanna.

(42)   Chun foráil a dhéanamh maidir leis an leibhéal trédhearcachta iomchuí agus maidir le húsáid uirlisí digiteacha agus próiseas digiteach, ba cheart na deimhnithe réamhoibríochta arna n-eisiúint ag na húdaráis inniúla i mBallstáit éagsúla a chomhroinnt trí chóras idirnasctha na gclár gnó agus a chur ar fáil go poiblí. I gcomhréir leis an bprionsabal is bun leis an Treoir seo, ba cheart go mbeadh an malartú faisnéise sin i gcónaí saor in aisce.

(43)  Chun an trédhearcacht maidir leis na hoibríochtaí trasteorann a fheabhsú, tá sé tábhachtach faisnéis riachtanach ón gclár eile nó ó na cláir eile maidir leis na cuideachtaí atá rannpháirteach san oibríocht trasteorann a bheith i gcláir na mBallstát lena mbaineann, chun gur féidir stair na gcuideachtaí sin a rianú siar. Go hairithe, ba cheart an uimhir chlárúcháin nua a tugadh don chuideachta tar éis na hoibríochta trasteorann a bheith sa chomhad i gclár na cuideachta san áit ar cláraíodh í roimh an oibríocht trasteorann. Ar an gcuma chéanna, ba cheart an uimhir chlárúcháin tosaigh a tugadh don chuideachta roimh an oibríocht trasteorann a bheith sa chomhad i gclár na cuideachta san áit ar cláraíodh í tar éis na hoibríochta trasteorann.

(44)  I ndáil leis na rialacha atá ann cheana maidir le cumaisc trasteorann, d’fhógair an Coimisiún ina Theachtaireacht dar teideal ‘An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí’, ▌ go ndéanfadh sé meastóireacht ar an ngá atá ann leis na rialacha ▌ sin a thabhairt cothrom le dáta le go mbeadh sé ní b’éasca ag FBManna an straitéis ghnó is fearr leo a roghnú agus iad féin a oiriúnú d'athruithe i ndálaí an mhargaidh, agus san am céanna gan an chosaint fostaíochta a lagú. Ina Theachtaireacht dar teideal ‘Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2017, An Eoraip ag caomhnú, ag cumhachtú agus ag cosaint’, d'fhógair an Coimisiún tionscnamh maidir le cur chun feidhme cumasc trasteorann a éascú.

(45)   Tá an easpa comhchuibhithe ar choimircí do chomhaltaí ▌ aitheanta mar chonstaic ar oibríochtaí trasteorann. Bíonn ar chuideachtaí agus ar chomhaltaí deileáil le réimse leathan d’fhoirmeacha éagsúla cosanta, rud is cúis le castacht agus éiginnteacht dhlíthiúil. Ba cheart, dá bhrí sin, an t-íosleibhéal cosanta céanna a thairiscint do chomhaltaí ▌ gan beann ar an mBallstát ina bhfuil an chuideachta lonnaithe. Féadfaidh na Ballstáit, dá bhrí sin, rialacha breise cosanta a choinneáil nó a thabhairt isteach do chomhaltaí, ach amháin má bhíonn siad ar neamhréir leo sin dá bhforáiltear leis an Treoir seo má bhíonn siad ar neamhréir leis an tsaoirse bhunaíochta. Ní dhéantar aon difear do chearta aonair na gcomhaltaí chun faisnéis a fháil.

(46)   Tar éis oibríocht trasteorann, d’fhéadfaí difear a dhéanamh d’éilimh iarchreidiúnaithe na cuideachta nó na gcuideachtaí a bhfuil an oibríocht sin á déanamh acu i gcás ina bhfuil an chuideachta▌atá faoi dhliteanas an fhéich faoi rialú dlí Ballstáit eile ina dhiaidh sin. Faoi láthair, tá éagsúlacht mhór idir na rialacha cosanta do chreidiúnaithe ó Bhallstát go Ballstát, rud a chuireann castacht shuntasach le próiseas na hoibríochta trasteorann agus, mar thoradh air sin, bíonn neamhchinnteacht ann do na cuideachtaí lena mbaineann agus dá gcreidiúnaithe araon i dtaca lena n-éileamh a ghnóthú nó a shásamh.

(47)  Mar aon leis na rialacha nua sa Treoir seo maidir le comhshónna, leagtar síos rialacha maidir le deighiltí trasteorann, idir dheighiltí páirteacha agus deighiltí iomlána, trí bhíthin cuideachtaí nua a fhoirmiú agus ar an gcaoi sin amháin. Leis an Treoir seo, ní chuirtear creat comhchuibhithe ar fáil le haghaidh deighiltí trasteorann ina n-aistríonn cuideachta sócmhainní agus dliteanais chuig níos mó ná aon chuideachta amháin atá ann cheana toisc go raibh an tuairim ann go raibh na cásanna sin an-chasta, go mbeadh gá le rannpháirteachas údarás inniúil ó roinnt Ballstát agus gur mhó na rioscaí a bheadh ann maidir le teacht timpeall ar na rialacha náisiúnta agus ar rialacha AE.Leis an bhféidearthacht cuideachta a fhoirmiú le deighilt trí scaradh amhail dá bhforáiltear sa Treoir seo, cuirtear nós imeachta comhchuibhithe nua ar fáil do chuideachtaí sa Mhargadh Aonair. Ba cheart, áfach, go mbeadh cuideachtaí saor chun fochuideachtaí a bhunú go díreach i mBallstáit eile.

(48)   Mar thoradh ar an gcumasc trasteorann, ba cheart na sócmhainní agus dliteanais agus na cearta agus oibleagáidí uile, lena n-áirítear cearta agus oibleagáidí a thagann as conarthaí, as gníomhartha nó as neamhghníomhartha, a aistriú chuig an gcuideachta éadála nó chuig an gcuideachta nua agus ba cheart comhaltaí de chuid na cuideachta éadála nó na cuideachta nua faoi seach a dhéanamh de chomhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc, nach bhfeidhmeoidh an ceart imeachta. Go háirithe, ba cheart don chuideachta éadála nó an chuideachta nua urraim a thabhairt do na cearta agus oibleagáidí a thagann as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta lena n-áirítear na téarmaí agus coinníollacha arna gcomhaontú in aon chomhaontuithe comhchoiteanna.

(49)  Mar thoradh ar an deighilt trasteorann, ba cheart sócmhainní agus dliteanais agus na cearta agus oibleagáidí uile, lena n-áirítear cearta agus oibleagáidí a thagann as conarthaí, as gníomhartha nó as neamhghníomhartha na cuideachta atá á deighilt, a aistriú chuig na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir leis an gcionroinnt a shonraítear sna dréacht-téarmaí deighilte agus ba cheart comhaltaí na cuideachta atá á deighilt, nach bhfeidhmeoidh an ceart imeachta, a bheith ina gcomhaltaí de na cuideachtaí is faighteoir nó leanúint de bheith ina gcomhaltaí den chuideachta atá á deighilt, nó ba cheart iad a bheith ina gcomhaltaí den dá rud in éineacht. Go háirithe, ba cheart don chuideachta is faighteoir urraim a thabhairt do na cearta agus oibleagáidí a thagann as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta lena n-áirítear na téarmaí agus coinníollacha arna gcomhaontú in aon chomhaontuithe comhchoiteanna.

(50)  Chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú, níor cheart gurbh fhéidir oibríocht trasteorann ar ghabh éifeacht léi i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa Treoir seo a chur ar neamhní. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do chumhachtaí na mBallstát, inter alia, i réimsí an dlí choiriúil, mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, an dlí shóisialta, an chánachais agus fhorfheidhmiú an dlí i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, go háirithe i gcás ina suífidh an t-údarás inniúil nó údaráis ábhartha eile, go háirithe trí fhaisnéis shubstainteach nua, tar éis éifeacht a ghabháil leis an oibríocht trasteorann, gur cuireadh an oibríocht trasteorann ar bun chun críocha míúsáide nó calaoise nó go bhfuil sé mar aidhm léi an dlí náisiúnta nó dlí AE a sheachaint nó teacht timpeall air, nó gur cuireadh ar bun í chun críocha coiriúla. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin i dtaobh an ndearnadh an tairseach náisiúnta is infheidhme maidir le rannpháirtíocht fhostaithe Bhallstát na cuideachta a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aice a chomhlíonadh, nó an ndeachthas thairis, le linn na mblianta tar éis na hoibríochta trasteorann.

(51)  Ba cheart aon oibríocht trasteorann a bheith gan dochar don dliteanas i leith oibleagáidí cánach a bhaineann le gníomhaíocht na cuideachta nó na gcuideachtaí roimh an oibríocht sin.

(52)   Chun cearta fostaithe cé is moite de chearta chun rannpháirtíochta a ráthú, ní dhéanann an Treoir seo difear do Threoir 2009/38/CE, Treoir 98/59/CE ón gComhairle(14), Treoir 2001/23/CE nó Treoir 2002/14/CE. Ba cheart feidhm a bheith ag dlíthe náisiúnta maidir le hábhair atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo amhail cáin agus slándáil shóisialta.

(53)   Le forálacha na Treorach seo, ní dhéantar difear d’fhorálacha dlí nó riaracháin an dlí náisiúnta i dtaca le bearta cánach na mBallstát nó a bhforanna críche agus riaracháin, lena n-áirítear forfheidhmiú na rialacha cánach a bhaineann le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann.

(54)  Tá an Treoir seo gan dochar do Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle(15) lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais maidir le seachaint cánach a dhéanann difear díreach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, Treoir 2009/113/CE ón gComhairle(16) maidir le córas coiteann cánachais is infheidhme ar chumaisc, deighiltí, páirtdeighiltí, aistrithe sócmhainní agus malartuithe scaireanna i dtaobh cuideachtaí Ballstát éagsúil agus ar aistriú oifige cláraithe SE nó SCE idir Bhallstáit, Treoir (AE) 2015/2396 ón gComhairle(17) maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach faoi réamhrialuithe cánach agus réamhshocruithe praghsála idir na Ballstáit, Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle(18) malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach i réimse na cánach agus Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle(19) maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann.

(55)   Sa Treoir seo, ní dhéantar difear d'fhorálacha Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20) ina dtugtar aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, go háirithe na hoibleagáidí a bhaineann leis na bearta iomchuí díchill chuí do chustaiméirí a dhéanamh ar bhonn riosca-íogair agus i ndáil le húinéir tairbhiúil aon eintitis arna chruthú le gairid a aithint agus a chlárú i mBallstát a chorpraithe.

(56)  Ní dheanann an Treoir seo difear do reachtaíocht an Aontais agus do rialacha náisiúnta arna ndéanamh nó arna dtabhairt isteach de bhun na reachtaíochta sin an Aontais lena rialaítear trédhearcacht agus cearta sciarshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe.

(57)  Ní dhéanann an Treoir seo difear do reachtaíocht an Aontais lena rialaítear idirghabhálaithe creidmheasa agus gnóthais airgeadais eile agus rialacha náisiúnta a dhéantar nó a thugtar isteach de bhun reachtaíocht sin an Aontais.

(58)   Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon comhshónna, cumaisc agus deighiltí a éascú agus a rialáil, a ghnóthú go leordhóthanach ach de bharr gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CFAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(59)   Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(60)   I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin(21), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.

(61)   Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo lena n-áirítear meastóireacht ar chur chun feidhme soláthair faisnéise d’fhostaithe, ar chomhairliúchán agus ar rannpháirtíocht i gcomhthéacs na n-oibríochtaí trasteorann. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an meastóireacht sin, go háirithe, measúnú a dhéanamh ar na hoibríochtaí trasteorann sin i gcás gur de bharr ceithre chúigiú den tairseach náisiúnta is infheidhme a ndearnadh an chaibidlíocht maidir le rannpháirtíocht fostaithe, agus a fháil amach an ndearna na cuideachtaí sin, tar éis na hoibríochta trasteorann, an tairseach is infheidhme maidir le rannpháirtíocht fhostaithe Bhallstát na cuideachta a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aice a chomhlíonadh, nó an ndeachaidh siad thairsti. De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(22), ba cheart an mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar chúig chritéar mar atá éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

(62)   Ba cheart faisnéis a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na reachtaíochta i gcoinne na gcuspóirí a shaothraítear inti agus chun bheith mar bhonn eolais le meastóireacht ar an reachtaíocht i gcomhréir le mír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach.

(63)  Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2017/1132 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir (AE) 2017/1132

Leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 mar a leanas:

(1)  in Airteagal 18(3), cuirtear isteach an pointe (aa) seo a leanas:"

"(aa) na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 86h, 86o, 86q, 123, 127a, 160j, 160q, 160s;"

"

(2)  ▌leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):"

“(e) liosta mionsonraithe na sonraí atá le tarchur chun críche faisnéis a mhalartú idir na cláir agus chun críche nochta, dá dtagraítear in Airteagail 20, 34, ▌86o, 86p, 86q, 127a, 128, 130 ▌, 160q, 160r agus 160s”;

"

(b)  sa dara fomhír, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:"

“Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme de bhun phointe (e) 18 mí tar éis dháta a dteacht i bhfeidhm ar a dhéanaí.”;

"

(3)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad teideal Theideal II:"

“COMHSHÓNNA, CUMAISC AGUS DEIGHILTÍ CUIDEACHTAÍ FAOI DHLITEANAS TEORANTA”;

"

(4)  i dTeideal II, cuirtear an Chaibidil -I seo a leanas leis:"

“CAIBIDIL -I

Comhshónna trasteorann

Airteagal 86a

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le cuideachta faoi dhliteanas teoranta, arna fhoirmiú i gcomhréir le dlí Ballstáit agus a bhfuil a hoifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a príomhionad gnó laistigh den Aontas, maidir leis an gcuideachta sin a chomhshó ina cuideachta faoi dhliteanas teoranta atá faoi rialú ag dlí Ballstáit eile (dá ngairtear “comhshó trasteorann” anseo feasta).

Airteagal 86b

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

   (1) ciallaíonn “cuideachta faoi dhliteanas teoranta”, dá ngairtear “cuideachta” anseo feasta, cuideachta faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a bhfuil comhshó trasteorann á chur i gcrích aici;
   (2) ciallaíonn ‘comhshó trasteorann’ oibríocht ina gcomhshónn cuideachta, gan a bheith díscaoilte, foirceanta ná leachtaithe, an fhoirm dhlíthiúil faoina bhfuil sí cláraithe i mBallstát imeachta go foirm dhlíthiúil de chuideachta an Bhallstáit cinn scríbe agus a liostaítear in Iarscríbhinn II agus ina ndéanann sí a hoifig chláraithe ar a laghad a aistriú chuig an mBallstát cinn scríbe agus a pearsantacht dhlíthiúil á coimeád aici fós;
   (3) ciallaíonn ‘Ballstát imeachta’ Ballstát ina raibh cuideachta cláraithe ina foirm dhlíthiúil roimh an gcomhshó trasteorann;
   (4) ciallaíonn ‘Ballstát cinn scríbe’ Ballstát ina mbeidh cuideachta cláraithe mar gheall ar an gcomhshó trasteorann;

   (5) ciallaíonn ▌‘cuideachta chomhshóite’ an chuideachta a fabhraíodh sa Bhallstát cinn scríbe mar thoradh ar phróiseas an chomhshó trasteorann ▌.

Airteagal 86c

Forálacha breise a bhaineann leis an raon feidhme

1.  Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le comhshónna trasteorann a bhaineann le cuideachta arb é an cuspóir atá léi an chomhinfheistíocht chaipitil arna soláthar ag an bpobal, a oibríonn ar phrionsabal an scaipthe riosca, agus ina ndéantar na haonaid aici a athcheannach nó a fhuascailt, arna iarraidh sin ag na sealbhóirí, go díreach nó go hindíreach, as sócmhainní na cuideachta sin. Gníomh a dhéanann cuideachta den sórt sin chun a áirithiú nach n-éagsúlaíonn luach stocmhalartáin a n-aonad go sonrach ón nglanluach sócmhainní, measfar é sin a bheith comhionann le hathcheannach nó fuascailt.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil feidhm ag an gCaibidil seo le haon cheann de na himthosca seo a leanas:

   (a) Tá an chuideachta faoi leachtú agus tús curtha aici lena sócmhainní a dháileadh ar a sciarshealbhóirí;

   (b) tá an chuideachta faoi réir uirlisí réitigh, cumhachtaí agus sásraí dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

3.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Caibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí atá faoi réir:

   (a) imeachtaí dócmhainneachta nó creataí um athstruchtúrú coisctheach;
   (aa) imeachtaí leachtaithe seachas iad sin dá dtagraítear i mír 2, nó
   (b) bearta coiscthe géarchéime de réir bhrí Airteagal 2 mír 1 pointe (101) de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

4.  Rialófar le dlí náisiúnta an Bhallstáit imeachta an chuid sin de na nósanna imeachta agus de na foirmiúlachtaí ar gá iad a chomhlíonadh i dtaca leis an gcomhshó trasteorann chun an deimhniú réamh-chomhshó a fháil, agus rialófar le dlí náisiúnta an Bhallstáit cinn scríbe an chuid sin de na nósanna imeachta agus de na foirmiúlachtaí nach mór iad a chomhlíonadh tar éis an deimhniú réamh-chomhshó a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 86d

Dréacht-téarmaí na gcomhshónna trasteorann

1.   Déanfaidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta ▌ na dréacht-téarmaí comhshó trasteorann a tharraingt suas. Áireofar na sonraí seo a leanas ar a laghad i ndréacht-téarmaí comhshó trasteorann:

   (a) an fhoirm dhlíthiúil, ainm agus suíomh oifig chláraithe na cuideachta sa Bhallstát imeachta;
   (b) an fhoirm dhlíthiúil, ainm agus suíomh na hoifige cláraithe faoi mar atá beartaithe don chuideachta chomhshóite sa Bhallstát cinn scríbe;
   (c) an ionstraim ▌ chomhdhéanaimh, i gcás inarb infheidhme, agus reachtanna na cuideachta sa Bhallstát cinn scríbe, más in ionstraim ar leithligh atá siad;
   (d) an t-amchlár táscach atá molta don chomhshó trasteorann;
   (e) na cearta a thabharfaidh an chuideachta chomhshóite do chomhaltaí a bhfuil cearta speisialta acu nó do shealbhóirí urrús seachas scaireanna ar ionann iad agus caipiteal na cuideachta, nó na bearta atá molta ina leith;
   (f) ▌coimircí, amhail ráthaíochtaí nó gealltanais, i gcás in a dtairgtear iad do ▌ chreidiúnaithe;

   (h) aon bhuntáistí speisialta a thabharfar do chomhaltaí orgán riaracháin, bainistíochta, faireacháin nó rialála na ▌ cuideachta;
   (ha) Má fuair an chuideachta aon dreasacht nó fhóirdheontais sa Bhallstát imeachta le cúig bliana anuas;
   (i) mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do na comhaltaí ▌ i gcomhréir le hAirteagal 86j;
   (j) impleachtaí dóchúla an chomhshó trasteorann ar an bhfostaíocht;
   (k) i gcás inarb iomchuí, is de bhun Airteagal 861 ▌ a chinnfear faisnéis faoi na nósanna imeachta lena ndéanfar socruithe i ndáil le rannpháirtíocht fostaithe agus a gcearta á sainmhíniú maidir le rannpháirtíocht sa chuideachta chomhshóite.

Airteagal 86e

Tuarascáil an orgáin bainistíochta nó riaracháin chuig na comhaltaí agus chuig na fostaithe

1.  Déanfaidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta ▌ tuarascáil a tharraingt suas do chomhaltaí agus d’fhostaithe ina dtugtar míniú agus bonn cirt le gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha an chomhshó trasteorann agus ina dtugtar míniú ar impleachtaí an chomhshó trasteorann d'fhostaithe.

2.  Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, déanfar, go háirithe, míniú a thabhairt ar impleachtaí an chomhshó trasteorann do ghnó na cuideachta amach anseo:

Áireofar inti freisin roinn do chomhaltaí agus roinn d’fhostaithe

3.  Sa roinn den tuarascáil do chomhaltaí, míneofar an méid seo a leanas go háirithe:

   (aa) míniú ar an gcúiteamh airgid agus ar an modh a úsáideadh lena ríomh;
   (b) impleachtaí an chomhshó trasteorann do chomhaltaí;
   (c) na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí ▌ i gcomhréir le hAirteagal 86j.

4.  Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil do chomhaltaí i gcás ina bhfuil sé comhaontaithe ag comhaltaí uile na gcuideachta an ceanglas sin a tharscaoileadh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aonbhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo.

5.  Sa roinn den tuarascáil d’fhostaithe míneofar go háirithe an méid seo a leanas:

   (ca) impleachtaí an chomhshó trasteorann ar chaidrimh fostaíochta, mar aon le, i gcás inarb infheidhme, aon bheart chun iad a choimirciú;
   (cb) aon athruithe ábhartha ar na dálaí fostaíochta is infheidhme, agus ar shuíomh láithreacha gnó na cuideachta;
   (d) conas freisin a dhéanann na tosca a leagtar amach i bpointe (ca) agus i bpointe (cb) difear d’fhochuideachtaí ar bith de chuid na cuideachta.

6.  I gcás ina bhfaighidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta, in am iomchuí, tuairim ar chodanna na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus i mír 4 ó ionadaithe na bhfostaithe nó, i gcás nach ann d’aon ionadaí den sórt sin, ó na fostaithe iad féin, mar a fhoráiltear faoi réir dlí náisiúnta, cuirfear an tuairim sin in iúl do na comhaltaí agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil sin í.

7.  Ní bheidh gá leis an roinn d’fhostaithe, i gcás nach bhfuil aon fhostaithe ag cuideachta ná ag a fochuideachtaí, más ann dóibh, cé is moite díobh sin ar cuid den orgán bainistíochta nó riaracháin iad.

8.  Féadfaidh an chuideachta a chinneadh aon tuarascáil amháin a tharraingt suas ina mbeidh an dá roinn dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 nó tuarascálacha ar leithligh a tharraingt suas do chomhaltaí agus d’fhostaithe faoi seach.

9.  Cuirfear an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 nó na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 5 ar fáil in aon chás go leictreonach, in éineacht le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, má tá fáil orthu, do na comhaltaí agus d’ionadaithe fhostaithe na cuideachta ▌nó, sa chás nach bhfuil ionadaí ar bith dá leithéid ann, do na fostaithe iad féin, nach lú ná 6 seachtaine roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i.

10.  I gcás ina ndéanfar an roinn do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 3 agus nach bhfuil gá leis an roinn d’fhostaithe dá dtagraítear i mír 4 i gcomhréir le mír 4a, níl gá leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.

9.  Beidh mír 1 go mír 8 den Airteagal seo gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus do chearta comhairliúcháin agus do nósanna imeachta a thionscnófar ar leibhéal náisiúnta tar éis Threoir 2002/14/CE agus Threoir 2009/38/CE a thrasuí.

Airteagal 86g

Tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh saineolaí neamhspleách dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a scrúdú agus tuarascáil a tharraingt suas a bheidh beartaithe do chomhaltaí agus a chuirfear ar fáil dóibh nach lú ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i ▌. Ag brath ar dhlí na mBallstát, d'fheadfadh sé gur duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bheadh sa saineolaí.

2.   Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, áireofar tuairim an tsaineolaí in aon chás cibé atá an cúiteamh airgid leordhóthanach. I ndáil leis an gcúiteamh airgid dá dtagraítear in Airteagal 86d pointe (i), tabharfaidh an saineolaí aird ar phraghas margaidh ar bith ar na scaireanna sin sa chuideachta roimh fhógairt an togra comhshó agus ar luach na cuideachta gan éifeacht an chomhshó atá beartaithe san áireamh de réir mar a chinntear i gcomhréir le modhanna luachála a nglactar leo go ginearálta. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:

   (a) léiriú ar an modh ar baineadh leas as chun teacht ar an gcúiteamh airgid a mholtar;
   (b) maíomh an bhfuil an modh sin leordhóthanach do mheasúnú an chúitimh airgid agus léiriú ar an luach ar thángthas air trí leas a bhaint as an modh sin agus tuairim a thabhairt maidir leis an tábhacht choibhneasta a sannadh don mhodh sin i dtaca le teacht ar an luach a cinneadh;
   (c) cur síos ar aon deacrachtaí luachála speisialta a tháinig chun cinn;

Beidh an saineolaí i dteideal an fhaisnéis riachtanach uile a aimsiú ón gcuideachta chun a dualgais/dhualgais a urscaoileadh.

3.  Ní cheanglófar scrúdú ar na dréacht-téarmaí comhshó trasteorann ó shaineolaí neamhspleách ná tuarascáil ó shaineolaí má chomhaontaigh comhaltaí uile na cuideachta amhlaidh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aonbhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo.

Airteagal 86h

Nochtadh

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na doiciméid a leanas a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí i gclár an Bhallstát imeachta, aon mhí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i:

   (a) dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann;

   (b) fógra lena chuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d’ionadaithe fhostaithe na cuideachta, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a chur faoi bhráid na cuideachta, laistigh de cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí sa chlár, i gcás gur dréachtaíodh an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 86g.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh na tuarascála ó shaineolaí neamhspleách.

Beidh teacht ar na doiciméid arna nochtadh i gcomhréir leis an mír seo trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22.

2.  Is féidir leis na Ballstáit an chuideachta ▌a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1, más rud é, ar feadh tréimhse leanúnach dar tús tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin, go gcuirfidh sí na doiciméid dtagraítear i mír 1 ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal.

Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin, áfach, faoi réir aon cheanglas ná srianta seachas na cinn sin atá riachtanach chun slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú ach amháin a mhéid agus go mbeidís comhréireach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.  I gcás ina nochtfaidh an chuideachta ▌ dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh sí isteach i gclár an Bhallstáit imeachta an fhaisnéis seo a leanas nach mór a nochtadh tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i:

   (a) an fhoirm dhlíthiúil, ainm agus oifig chláraithe na cuideachta sa Bhallstát imeachta agus na cinn atá beartaithe don chuideachta chomhshóite sa Bhallstát cinn scríbe;
   (b) an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir leis an gcuideachta, ▌agus an uimhir chláraithe sa chlár sin;
   (c) na socruithe atá déanta maidir le cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú;
   (d) mionsonraí an tsuímh ghréasáin inar féidir teacht ar líne agus saor in aisce ar dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, ar an bhfógra agus ar an tuarascáil ó shaineolaí dtagraítear i mír 1 agus ar fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a chomhlánú ar líne go hiomlán gan na hiarrthóirí a bheith i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil sa Bhallstát imeachta, i gcomhréir le forálacha ábhartha Chaibidil III de Theideal I.

5.  D’fhéadfadh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, a cheangal go bhfoilseofaí dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ina n-iris náisiúnta nó trí ardán lárnach leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 16 mír 3. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 trí chóras idirnascadh na gclár.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach rachaidh aon táillí a ghearrfaidh na cláir um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 ar an gcuideachta ▌ agus, i gcás arb infheidhme, i leith an fhoilsithe dá dtagraítear i mír 5, nach mbeidh na táillí sin níos mó ná aisghabháil na gcostas as seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil.

Airteagal 86i

Formheas ag an gcruinniú ginearálta

1.  Tar éis aird a thabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 86e ▌ agus in Airteagal 86g, i gcás inarb infheidhme, agus tuairimí na bhfostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 86e agus barúlacha na bhfostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 86h, déanfaidh cruinniú ginearálta na cuideachta cinneadh ▌ le rún, cibé ar cheart dréacht-téamaí an chomhshó trasteorann a fhormheas agus cibé ar cheart an ionstraim chomhdhéanaimh, agus na reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad a ghlacadh.

2.  Féadfaidh cruinniú ginearálta na cuideachta ▌ an ceart a choimeád chun go mbeidh cur chun feidhme an chomhshó trasteorann coinníollach ar dhaingniú sainráite an chruinnithe ar na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 86l.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil móramh nach lú ná dhá thrian ach gan a bheith níos mó ná 90% de na vótaí atá ceangailte leis na scaireanna nó leis an gcaipiteal suibscríofa arna ionadú ag an gcruinniú, ceangailte leis an bhformheas ar ▌dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann nó ar aon leasú de. Ar aon chuma, ní bheidh an tairseach vótála níos airde ná an tairseach dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta maidir le cumaisc thrasteorann a fhormheas.

4.  I gcás ina dtiocfaidh méadú ar oibleagáidí eacnamaíocha scairshealbhóra i leith na cuideachta nó tríú páirtithe mar thoradh ar chlásal dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann nó mar thoradh ar aon leasú ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta chomhshóite, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil i gcás imthosca sonracha dá sórt go ndéanfaidh an scairshealbhóir lena mbaineann an clásal sin nó an leasú ar an ionstraim chomhdhéanaimh a fhormheas, ar choinníoll nach bhfuil ar chumas an scairshealbhóra sin na cearta a leagtar síos in Airteagal 86j a fheidhmiú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh an cruinniú ginearálta agóid a dhéanamh in aghaidh fhormheas an chomhshó trasteorann ar na cúiseanna seo a leanas:

   (a) níor socraíodh an cúiteamh airgid dá dtagraítear in Airteagal 86d(i) go cuí;
   (b) Ní dhearna an fhaisnéis a tugadh ar phointe (a) na ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh.

Airteagal 86j

Cosaint na gcomhaltaí

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar a laghad an ceart ag na ▌ comhaltaí a vótáil i gcoinne fhormheas dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a scaireanna a dhiúscairt i gcomhair cúiteamh airgid leordhóthanach, de réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 2 go mír 6.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go dtabharfar ceart dá shórt do chomhaltaí eile na cuideachta freisin.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar cur i gcoinne follasach na gcomhaltaí i leith dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann agus/nó rún na gcomhaltaí a gceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt, go ndéanfar e sin a dhoiciméadú go hiomchuí ar a dhéanaí ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go n-áireofar taifeadadh chur i gcoinne dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann mar dhoiciméadú cuí ar vóta diúltach.

2.  Bunóidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn nach mór do na comhaltaí▌ dá dtagraítear i mír 1 a gcinneadh a dhearbhú don chuideachta an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt. Ní rachaidh an tréimhse sin thar aon mhí amháin tar éis an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an chuideachta seoladh leictreonach ar fáil chun an dearbhú leictreonach sin a fháil.

3.  Bunóidh na Ballstáit freisin an tréimhse ina ndéanfar an cúiteamh airgid arna shonrú i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a íoc. Ní fhéadfaidh deireadh a theacht leis an tréimhse seo tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chomhshó trasteorann de réir Airteagal 86r.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhalta ar bith a dhearbhaigh an cinneadh an ceart a fheidhmiú maidir leis na scaireanna a dhiúscairt ach a mheasann nár socraíodh go leordhóthanach an cúiteamh airgid a thairg an chuideachta, go mbeidh an comhalta sin i dteideal cúiteamh airgid breise a iarraidh os comhair údaráis inniúla nó comhlachtaí arna sainordú faoin dlí náisiúnta. Bunóidh na Ballstáit teorainn ama i ndáil leis an iarraidh maidir le cúiteamh airgid breise.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh an cinneadh críochnaitheach ina ndéanfar cúiteamh airgid breise a sholáthar, bailí do na comhaltaí sin a dhearbhaigh an cinneadh an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt de réir mhír 2.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit go rialóidh dlí an Bhallstáit imeachta na cearta dá dtagraítear i mír1 go mír 4 agus gur ag an mBallstát imeachta a bheidh an inniúlacht eisiach chun aon díospóidí a bhaineann leis na cearta sin a réiteach.

Airteagal 86k

Creidiúnaithe a chosaint

1.  Déanfaidh na Ballstáit foráil do chóras leordhóthanach cosanta maidir le leasanna creidiúnaithe, a ndearnadh a n-éilimh roimh nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann agus nach mbeidh dlite ag tráth an nochta sin . Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le creidiúnaithe nach bhfuil sásta leis na coimircí arna dtairiscint i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, dá bhforáiltear in Airteagal 86d (1) pointe (f)iarratas a chur isteach laistigh de thrí mhí ó nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 86h chuig an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach i gcomhair coimircí leordhóthanacha ar an gcoinníoll gur féidir leo a léiriú go hinchreidte go bhfuil sásamh a n-éileamh i dtreis agus nach bhfuarthas aon choimircí leordhóthanacha ón gcuideachta. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na coimircí ag brath ar theacht i bhfeidhm an chomhshó trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 86r.

2.  Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta ▌ dearbhú ar fáil ina léireofar go cruinn stádas airgeadais reatha na cuideachta ag dáta an dearbhaithe, nach mbeidh níos luaithe ná aon mhí amháin roimh thráth a nochta . Fógrófar sa dearbhú, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil d’orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta ar dháta an dearbhaithe, agus tar éis fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, nach eol dóibh cúis ar bith nach mbeadh an chuideachta, tar éis theacht i bhfeidhm an chomhshó, in ann na dliteanais a chomhlíonadh tráth a bheadh na dliteanais sin iníoctha. Déanfar an dearbhú a nochtadh mar aon le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann ▌ i gcomhréir le hAirteagal 86h.

3.   Tá mír ▌2 agus mír 3 gan dochar do chur i bhfeidhm dhlíthe náisiúnta an Bhallstáit imeachta maidir le sásamh nó daingniú i dtaobh na n-íocaíochtaí nó na n-oibleagáidí neamhairgid atá dlite do chomhlachtaí poiblí.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh creidiúnaithe a ndearnadh a n-éilimh roimh nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, imeachtaí a thionscnamh i gcoinne na cuideachta atá sa Bhallstát imeachta freisin laistigh de dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhshó, gan dochar do na rialacha maidir le dlínse a eascróidh ó dhlí náisiúnta nó ó dhlí an Aontais nó ó chomhaontú conarthach. Beidh an fhéidearthacht chun imeachtaí dá sórt a thionscnaimh sa bhreis ar rialacha eile maidir le rogha dlínse infheidhme de bhun dhlí an Aontais

Airteagal 86ka

Faisnéis agus comhairliúchán fostaithe

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta fostaithe maidir le faisnéis agus comhairliúchán a urramú i ndáil leis an gcomhshó trasteorann agus go ndéanfar iad a fheidhmiú i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil a leagtar amach i dTreoir 2002/14/CE agus, i gcás inarb infheidhme do ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó do ghrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, i gcomhréir le Treoir 2009/38/CE. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cearta faisnéise agus comhairliúcháin a chur i bhfeidhm ar chuideachtaí eile seachas na cuideachtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 3 mír 1 de Threoir 2002/14/CE.

2.  D’ainneoin Airteagal 86e(6) agus Airteagal 86h(1)(b), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta fostaithe i ndail le faisnéis agus comhairliúchán a urramú, ar a laghad sula ndéanfar dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann nó an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 86e a chinneadh, cibé acu is luaithe, sa chaoi go bhfaighidh na fostaithe freagra réasúnaithe roimh an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i.

3.  Gan dochar d’aon fhorálacha agus/nó do chleachtais níos fabhraí d’fhostaithe atá i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit cinneadh i leith na socruithe praiticiúla i ndail leis an gceart chun faisnéis agus comhairliúchán a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2002/14/CE.

Airteagal 861

Rannpháirtíocht fostaithe

1.  Gan dochar do mhír 2, beidh an chuideachta ▌ chomhshóite faoi réir na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht na bhfostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát cinn scríbe.

2.  Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát cinn scríbe, i gcás ina bhfuil meánlíon fostaithe coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairseach is infheidhme, faoi mar atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit imeachta, ag an gcuideachta a bhfuil an comhshó á dhéanamh aici, sna sé mhí roimh fhoilsiú dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 86d den Treoir seo, rud a éileodh rannpháirtíocht fostaithe de réir bhrí phointe (k) d’Airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, nó sa chás nach ndéanann dlí náisiúnta an Bhallstáit cinn scríbe sin:

   (a) foráil a dhéanamh maidir leis an leibhéal céanna rannpháirtíochta fostaithe ar a laghad agus a bhí sa chuideachta roimh an gcomhshó, arna thomhas trí thagairt a dhéanamh don chion ionadaithe fostaithe i measc chomhaltaí an orgáin riaracháin nó maoirseachta nó a gcoistí nó an ghrúpa bainistíochta a chumhdaíonn aonaid bhrabúis na cuideachta, faoi réir ionadaíocht fostaithe; nó
   (b) foráil a dhéanamh maidir leis an teidlíocht chéanna cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú agus atá ag fostaithe atá fostaithe sa Bhallstát cinn scríbe a thabhairt d’fhostaithe bhunaíochtaí na cuideachta ▌ comhshóite atá suite i mBallstáit eile.

3.  Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh rannpháirtíocht na bhfostaithe sa chuideachta chomhshóite agus a rannpháirteachas i sainmhíniú na gceart sin á rialú ag na Ballstáit, mutatis mutandis agus faoi réir mhír 4 go mír 7 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 12(2) ▌ in Airteagal 12 (4) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus na forálacha seo a leanas de Threoir 2001/86/CE:

   (a) Airteagal 3(1), (2)(a)(i), (2)(b) agus (3), an chéad dá abairt d’Airteagal 3(4),▌Airteagal 3(5), agus Airteagal 3(7);
   (b) Airteagal 4(1), Airteagal 4(2)(a), (g) agus (h), Airteagal 4(3) agus Airteagal 4(4);
   (c) Airteagal 5;
   (d) Airteagal 6;
   (e) ▌Airteagal 7 mír 1 seachas an dara fleasc de (b);
   (f) Airteagail 8, ▌ 10, 11 agus 12;
   (g) pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn.

4.  Agus iad i mbun rialála ar na prionsabail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

   (a) bronnfaidh siad ar an gcomhlacht caibidlíochta speisialta an ceart chun cinneadh a dhéanamh, faoi réir ag móramh de dhá thrian dá chomhaltaí arb ionann é sin agus dhá thrian de na fostaithe, gan caibidlíochtaí a thionscnamh nó caibidlíochtaí atá tionscanta cheana féin a fhoirceannadh agus chun brath ar na rialacha rannpháirtíochta atá i bhfeidhm sa Bhallstát cinn scríbe;
   (b) i gcás ina bhfuil feidhm, tar éis caibidlíocht roimh ré, ag rialacha caighdeánacha le haghaidh rannpháirtíochta agus in ainneoin rialacha den sórt sin, féadfar cinneadh a dhéanamh maidir le teorainn a chur le cion na n-ionadaithe fostaithe in orgán riaracháin na cuideachta comhshóite. Mar sin féin, más ionadaithe fostaithe ar a laghad aon trian de bhord riaracháin nó de bhord maoirseachta na cuideachta ▌ ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh riamh ar an teorannú sin go mbeidh cion ionadaithe fostaithe níos lú ná aon trian san orgán riaracháin;
   (c) áiritheofar go bhfeidhmeofar go fóill na rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe a bhí i bhfeidhm roimh an gcomhshó trasteorann go dtí dáta feidhmithe aon cheann de na rialacha arna gcomhaontú ina dhiaidh sin nó in éagmais rialacha comhaontaithe go dtí feidhmiú na rialacha caighdeánacha i gcomhréir le pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn.

5.  Ní chuimseoidh síneadh cearta rannpháirtíochta d’fhostaithe na cuideachta comhshóite a fhostaítear i mBallstáit eile, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, aon oibleagáid ar na Ballstáit a roghnaíonn é sin a dhéanamh na fostaithe sin a chur san áireamh agus na tairseacha lucht saothair as a dtiocfaidh cearta rannpháirtíochta faoin dlí náisiúnta á ríomh.

6.  I gcás ina mbeidh an chuideachta chomhshóite le rialú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 2, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin foirm dhlíthiúil a ghabháil lena gceadaítear cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú.

7.  I gcás ina bhfuil an chuideachta chomhshóite ag oibriú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcosnófar cearta rannpháirtíochta fostaithe i gcás cumaisc trasteorann nó intíre, deighilte nó comhshó ina dhiaidh sin go ceann tréimhse ceithre bliana tar éis an dáta ar ghabh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann, trí na rialacha a leagtar síos i mír1 go mír 6 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.

8.  Cuirfidh cuideachta in iúl dá fostaithe nó dá n-ionadaithe toradh na gcaibidlíochtaí maidir le rannpháirtíocht fostaithe gan moill mhíchuí.

Airteagal 86m

Deimhniú réamh-chomhshó

1.  Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t-údarás nó na húdaráis eile atá inniúil (“an t-údarás inniúil”) chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chomhshó trasteorann maidir leis an gcuid sin den nós imeachta a rialaítear ag dlí an Bhallstáit imeachta agus chun deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha go léir agus cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí sa Bhallstát imeachta.

D’fhéadfadh amhail cur i gcrích na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí an bonn a bhaint de shástacht na n-íocaíochtaí nó de dhaingniú íocaíochtaí, nó d’oibleagáidí neamhairgid atá dlite do chomhlachtaí poiblí nó do chomhlíonadh na gceanglas earnálach speisialta, lena n-áirítear íocaíochtaí nó oibleagáidí a eascraíonn as imeachtaí leanúnacha a dhaingniú.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta ▌ ar dheimhniú réamh-chomhshó a fháil:

   (a) na dréacht-téarmaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 86d;
   (b) an tuarascáil agus an tuairim i gceangal, más ann di, dá dtagraítear in Airteagal 86c, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 86g, ach sin a bheith ar fáil;
   (ba) aon bharúlacha a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 86h (1);
   (c) faisnéis maidir le formheas an chruinnithe ghinearálta ▌ dá dtagraítear in Airteagal 86j.

3.  Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh faisnéis bhreise ag gabháil leis an iarratas ar dheimhniú réamh-chomhshó a fháil, amhail, go háirithe:

   (a) ar líon na bhfostaithe tráth ina ndéanfar dréacht-téarmaí an chomhshó a tharraingt suas;
   (b) ar na fochuideachtaí agus a leithdháileadh geografach faoi seach;
   (c) maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí atá dlite do chomhlachtaí poiblí ag an gcuideachta;

Chun críche na míre seo, féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis seo a iarraidh ar údaráis ábhartha eile, mura ndéanfar í a chur ar fáil.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, lena n-áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, go bhféadfar an t-iarratas sin a chomhlánú ar líne ina iomláine gan gá teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le forálacha ábhartha Chaibidil III de Theideal 1.

5.  Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 861, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Ballstát imeachta a fhíorú go n-áireofar i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, faisnéis maidir leis na nósanna imeachta trína ndéanfar na socruithe ábhartha a chinneadh agus maidir leis na roghanna féideartha le haghaidh socruithe dá leithéid.

6.  Mar chuid den mheasúnú ▌dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis a leanas:

   (a) doiciméid agus faisnéis uile arna dtíolacadh chuig an údarás i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3;
   (b) tásc ón gcuideachta go bhfuil an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86l(3) agus in Airteagal 86l(4) tionscanta, nuair is ábhartha.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích faoi cheann trí mhí tar éis dháta fála na ndoiciméad agusna faisnéise maidir le formheas an chomhshó trasteorann ag cruinniú ginearálta na cuideachta. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh ar an measúnú sin:

   (a) i gcás ina gcinnfear go ndéanann an comhshó trasteorann ▌ na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an t-údarás inniúil an deimhniú réamh-chomhshó;
   (b) i gcás ina gcinnfear nach ndéanann an comhshó trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh agus nach bhfuil na nósanna imeachta agus/nó na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, ní eiseoidh an t-údarás inniúil an deimhniú réamh-chomhshó agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Sa chás sin, féadfaidh an t-údarás inniúil an deis a thabhairt don chuideachta na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh nó na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse iomchuí ama.

8.  Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar an deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint, má chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a bunaíodh an comhshó trasteorann a bhfuil mar aidhm leis nó arb as a n-eascraíonn bealaí chun an dlí náisiúnta nó dlí an Aontais Eorpaigh a sheachaint nó a dhul timpeall orthu, nó chun críocha coiriúla.

9.  Más rud é, tríd an ngrinnscrúdú ar dhlíthiúlacht dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil móramhras ar an údarás inniúil gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a bunaíodh an comhshó trasteorann, a bhfuil mar aidhm leis nó arb as a n-eascraíonn bealaí chun an dlí náisiúnta nó dlí an Aontais Eorpaigh a sheachaint nó a dhul timpeall orthu, nó chun críocha coiriúla, déanfaidh sé fíorais agus cúinsí ábhartha a chur san áireamh, amhail, i gcás inarb ábhartha tosca táscacha nach ndéanfar a bhreithniú ina n-aonar agus a bhfuil an t-údarás inniúil ar an eolas ina dtaobh, le linn an ghrinnscrúdaithe ar dhlíthiúlacht dá dtagraítear i mír1, lena n-áirítear trí chomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha. Déanfar an measúnú ar bhonn cás ar chás chun críocha na míre seo, trí nós imeachta arna rialú faoin dlí náisiúnta.

10.  I gcás inar gá don mheasúnú faoi mhír 8 faisnéis bhreise a chur san áireamh nó gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha breise a dhéanamh, féadfar síneadh ama trí mhí bhreise ar a mhéid a chur leis an tréimhse trí mhí dá bhforáiltear i mír 7.

11.  I gcás nach féidir an measúnú a dhéanamh faoin spriocdháta dá bhforáiltear san Airteagal seo de bharr chastacht nós imeachta an chomhshó trasteorann, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an t-iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna maidir le haon mhoill roimh dhul in éag an spriocdháta bunaidh.

12.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis inniúla arna ainmniú i gcomhréir le mír 1, dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla a bhaineann leis an gcomhshó trasteorann, lena n-áirítear iad sin ón mBallstát cinn scríbe, agus faisnéis agus doiciméid a fháil ó na húdaráis sin agus ón gcuideachta, atá riachtanach chun an rialú ar dhlíthiúlacht a chur i gcrích, laistigh den chreat nós imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta. Féadfaidh an t-údarás inniúil dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách le linn an mheasúnaithe.

Airteagal 86o

▌Tarchur an deimhnithe réamh-chomhshó

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go roinnfear an ▌ deimhniú réamh-chomhshó leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 86p(1) trí chóras idirnasctha na gclár arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 22

Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar an deimhniú réamh-chomhshó trí chóras idirnasctha na gclár arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 22.

2.  Beidh rochtain saor in aisce ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 86p(1) agus ag na cláir.

Airteagal 86p

Grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chomhshó trasteorann ag an mBallstát cinn scríbe

1.  Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó údarás eile atá inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chomhshó trasteorann maidir leis an gcuid sin den nós imeachta a rialaítear ag dlí an Bhallstáit cinn scríbe agus chun an comhshó trasteorann a fhormheas i gcás ▌ ina bhfuil na coinníollacha ábhartha ▌ agus na foirmiúlachtaí go léir arna gcur i gcrích go cuí sa Bhallstát cinn scríbe.

Áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe go háirithe go gcomhlíonfaidh an chuideachta chomhshóite atá beartaithe forálacha an dlí náisiúnta maidir le corprú agus clárú cuideachtaí agus, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh na socruithe maidir le rannpháirtíocht fostaithe cinntithe i gcomhréir le hAirteagal 86l.

2.  Chun críocha mhír 1, cuirfidh an chuideachta a bheidh i mbun an chomhshó trasteorann dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann arna bhformheas ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i faoi bhráid an údaráis dá dtagraítear i mír 1.

3.  Áiritheoidh gach Ballstát gur féidir an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1, ón gcuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici, lena n-áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, go bhféadfaidh an chuideachta sin an t-iarratas a chomhlánú ar líne ina iomláine gan gá teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil i gcomhréir le forálacha ábhartha Chaibidil III de Theideal I.

4.  Formheasfaidh ▌ an t-údarás dá dtagraítear i mír 1 an comhshó trasteorann a luaithe a bheidh a mheasúnú ar na coinníollacha ábhartha curtha i gcrích aige.

5.  Glacfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 an deimhniú réamh-chomhshó dá dtagraítear in Airteagal 86o(1), a fhianóidh go cinntitheach cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit imeachta nach bhfuil formheas an chomhshó trasteorann indéanta gan é.

Airteagal 86q

Clárú

1.  Cinnfear le dlí na mBallstát imeachta agus na mBallstáit cinn scríbe, maidir le críoch na Stát sin, na socruithe chun cur i gcrích an chomhshó trasteorann a nochtadh sa chlár.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear isteach an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ina gcláir a bheidh ar fáil agus inrochtana go poiblí trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22:

   (a) i ▌gclár an Bhallstáit cinn scríbegur de thoradh comhshó trasteorann é clárú na cuideachta comhshóite;
   (b) i gclár an Bhallstáit cinn scríbe dáta cláraithe na cuideachta comhshóite;
   (c) i gclár an Bhallstáit imeachtagur de thoradh comhshó trasteorann é baint na cuideachta den chlár ▌;
   (d) i gclár an Bhallstáit imeachta dáta bhaint na cuideachta den chlár;
   (e) i gcláir na mBallstát imeachta agus na mBallstát cinn scríbe faoi seachan uimhir chláraithe, ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta sa Bhallstát imeachta agus uimhir chláraithe, ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta comhshóite sa Bhallstát cinn scríbe.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an clár sa Bhallstát cinn scríbe fógra chuig an gclár sa Bhallstát imeachta tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 22 go bhfuil an comhshó trasteorann i bhfeidhm le héifeacht. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndíchlárófar chlárú na cuideachta láithreach tar éis don fhógra sin a bheith faighte ▌.

Airteagal 86r

An dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann

Is le dlí an Bhallstáit cinn scríbe a chinnfear an dáta ar a ngabhfaidh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann ▌. Beidh an dáta sin i ndiaidh an ghrinnscrúdaithe ▌ dá dtagraítear in Airteagal 86p a chur i gcrích.

Airteagal 86s

Iarmhairtí an chomhshó trasteorann

Beidh na hiarmhairtí seo a leanas i gceist le comhshó trasteorann arna dhéanamh de réir na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo, de bharr theacht in éifeacht an chomhshó trasteorann agus ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 86r:

   (a) fanfaidh sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta ▌ lena n-áirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, i ▌seilbh na cuideachta comhshóite;
   (b) fanfaidh comhaltaí na cuideachta ▌ ina gcomhaltaí den chuideachta chomhshóite, ach amháin má fheidhmíonn siad an ceart chun imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86j(1);
   (c) fanfaidh cearta agus oibleagáidí na cuideachta ▌ a eascraíonn as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus atá ann ag an dáta ina dtagann an comhshó trasteorann in éifeacht, fanfaidh siad sin leis an gcuideachta chomhshóite ▌.

Airteagal 86t

Dliteanas na saineolaithe neamhspleácha

Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena rialófar ar a laghad dliteanas sibhialta an saineolaí neamhspleách atá freagrach as an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 86g a tharraingt suas.

Beidh rialacha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú go bhfuil an saineolaí nó an duine dleathach ar thar a cheann atá an saineolaí ag obair, go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa aige leis an gcuideachta atá ag déanamh iarratas ar an deimhniú réamh-chomhshó agus go bhfuil tuairim an tsaineolaí neamhchlaonta, oibiachtúil, agus tugtha d’fhonn cúnamh a chur ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis na ceanglais neamhchlaontachta agus neamhspleáchais faoin dlí is infheidhme nó na caighdeáin ghairmiúla ar faoina réir atá an saineolaí.

Airteagal 86u

Bailíocht

Ní féidir comhshó trasteorann a tháinig i bhfeidhm de réir na nósanna imeachta lena dtrasuitear an Treoir seo a chur ar neamhní.

Ní dhéanann sé seo difear do chumhachtaí na mBallstát, inter alia, i réimse an dlí choiriúil, maoiniú na sceimhlitheoireachta, an dlí sóisialta, cánachas agus forfheidhmiú an dlí, bearta agus pionóis a fhorchur, i gcomhréir leis na dlithe náisiúnta, i ndiaidh an dáta ar a dtáinig an chomhshó trasteorann i bhfeidhm.

______________

(*) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/24/CE, Treoir 2002/47/CE, Treoir 2004/25/CE, Treoir 2005/56/CE, Treoir 2007/36/CE, Treoir 2011/35/AE, Treoir 2012/30/AE agus Treoir 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).”;

"

(5)  in Airteagal 119, leasaítear pointe (2) mar a leanas:

(a)  ag deireadh phointe (c) cuirtear an méid a leanas leis"; nó”;

(b)  cuirtear isteach an pointe (d) a leanas:"

"(d) aistríonn aon chuideachta amháin nó níos mó ná sin, tar éis di a bheith díscaoilte gan a bheith leachtaithe, a sócmhainní agus a dliteanais go léir chuig cuideachta eile, an chuideachta éadála, gan an chuideachta éadála scaireanna nua a eisiúint, ar choinníoll go bhfuil seilbh go díreach nó go hindíreach ag duine amháin ar na scaireanna go léir sna cuideachtaí atá ag cumasc nó tá seilbh ag comhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc de réir an chion chéanna i ngach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc.";

"

(6)  Leasaítear Airteagal 120 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Airteagal 120

Forálacha breise a bhaineann leis an raon feidhme”;

"

(b)  in Airteagal 120, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

"4. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil baint ag an gCaibidil le haon cheann de na himthosca a leanas:

   (a) Tá an chuideachta nó na cuideachtaí faoi leachtú, agus tús curtha acu lena sócmhainní a leithdháileadh ar a sciarshealbhóirí;

   (d) tá an chuideachta faoi réir ag uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

"

(f)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

"5. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Caibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí atá faoi réir:

   (a) imeachtaí dócmhainneachta nó creataí um athstruchtúrú coisctheach
   (b) imeachtaí leachtaithe seachas iad sin dá dtagraítear i mír 4 pointe a, nó
   (c) bearta coiscthe géarchéime de réir bhrí Airteagal 2 mír 1 pointe (101) de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle”;

"

(7)  Leasaítear Airteagal 121 mar a leanas:

(a)  i mír 1, scriostar pointe (a);

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

"2. Áireofar, go háirithe, sna forálacha agus sna foirmiúlachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 na forálacha agus sna foirmiúlachtaí sin a bhaineann leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir leis an gcumasc agus le cosaint na bhfostaithe ó thaobh ceart de cé is moite de na cinn a rialaítear le hAirteagal 133.";

"

(8)  Leasaítear Airteagal 122 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):"

"(a) foirm dhlíthiúil, ainm agus suíomh oifig chláraithe na gcuideachtaí atá ag cumasc agus na gcuideachtaí a mholtar don chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann;

   (b) i gcás inarb iomchuí, an cóimheas is infheidhme maidir le malartú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta agus méid aon íocaíochta airgid;”

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):"

"(h) aon bhuntáistí speisialta a thabharfar ▌do chomhaltaí orgán riaracháin, bainistíochta, faireacháin nó rialála na gcuideachtaí comhshóite;”

"

(c)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):"

(i) ionstraim nó ionstraimí comhdhéanaimh na cuideachta atá ann de thoradh an chumaisc trasteorann, i gcás inarb infheidhme, agus na reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad”;

"

(d)   cuirtear isteach an pointe (m) agus an pointe (n) a leanas:"

"(m) mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do na comhaltaí ▌i gcomhréir le hAirteagal 126a;

   (n) ▌ coimircí, amhail ráthaíochtaí nó gealltanais, i gcás ina dtairgtear iad do chreidiúnaithe.”;

"

(9)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 123 agus Airteagal 124:"

‘‘Airteagal 123

Nochtadh

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na doiciméid a leanas a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí i gcláir ▌Bhallstát gach cuideachta atá ag cumasc, aon mhí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126:

   (a) dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann;
   (b) fógra lena chuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d’ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá ag cumasc, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann a chur faoi bhráid na cuideachta lena mbaineann, laistigh de cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí sa chlár, i gcás gur dréachtaíodh an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 125.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh na tuarascála ó shaineolaí neamhspleách.

Beidh teacht ar na doiciméid arna nochtadh i gcomhréir leis an mír seo trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22.

2.  Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí atá ag cumasc a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1, más rud é, ar feadh tréimhse leanúnach dar tús tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126 agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin, go gcuirfidh na cuideachtaí sin na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal.

Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin, áfach, faoi réir aon cheanglas ná srianta seachas na cinn sin atá riachtanach d’fhonn slándáil an tsuímh ghréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú ach amháin a mhéid agus go mbeidís comhréireach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.  I gcás ina nochtfaidh na cuideachtaí atá ag cumasc dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas, ar gá í a nochtadh, a chur isteach sa chlár tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126:

   (a) an fhoirm dhlíthiúil, ainm agus oifig chláraithe gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc agus an fhoirm dhlíthiúil, ainm agus an oifig chláraithe atá beartaithe le haghaidh aon chuideachta nua-thionscanta;
   (b) an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir le gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc agus an uimhir chlárúcháin sa chlár sin;
   (c) tásc, le haghaidh gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, de na socruithe arna ndéanamh chun cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú;
   (d) mionsonraí an tsuímh gréasáin inar féidir dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, an fógra agus tuarascáil ó na saineolaithe dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a fháil ar líne agus saor in aisce.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 a chomhlánú ar líne ina n-iomláine gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil i mBallstáitna gcuideachtaí atá ag cumasc, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.

5.  I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála i gcomhréir le hAirteagal 126(3), déanfar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo a chur ar fáil aon mhí ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile/na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.

6.  Féadfaidh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, a cheangal go bhfoilseofar dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ina n-iris náisiúnta nó trí ardán lárnach leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 16 mír 3. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta.

7.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 nó ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 trí chóras idirnascadh na gclár.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach rachaidh aon táillí a ghearrfaidh na cláir um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 ar an gcuideachta agus, i gcás arb infheidhme, i leith an fhoilsithe dá dtagraítear i mír 5, nach mbeidh na táillí sin níos mó ná aisghabháil na gcostas as seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil.

Airteagal 124

Tuarascáil ▌ an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta chuig na comhaltaí agus chuig na fostaithe

1.  Déanfaidh orgán bainistíochta nó riaracháin gach cuideachta atá ag cumasc tuarascáil a tharraingt suas do chomhaltaí agus d’fhostaithe ina dtugtar míniú agus bonn cirt le gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha an chumaisc trasteorann agus ina dtugtar míniú ar impleachtaí an chumaisc trasteorann d’fhostaithe.

2.  Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, déanfar, go háirithe, míniú a thabhairt ar impleachtaí an chumaisc trasteorann do ghnó na cuideachta amach anseo

Áireofar inti freisin roinn do chomhaltaí agus roinn d’fhostaithe.

3.  Sa roinn den tuarascáil do chomhaltaí, míneofar an méid seo a leanas go háirithe:

   (aa) míniú ar an gcúiteamh airgid agus ar an modh a úsáideadh lena ríomh;
   (b) míniú ar an gcóimheas malartaithe scaireanna agus ar an modh nó na modhanna a úsáideadh lena ríomh, i gcás inarb infheidhme;

   (d) impleachtaí an chumaisc trasteorann do chomhaltaí;
   (e) na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí ▌ i gcomhréir le hAirteagal 126a.

3a.  Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil do chomhaltaí i gcás ina bhfuil sé comhaontaithe ag comhaltaí uile na cuideachta an ceanglas sin a tharscaoileadh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aonbhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo.

4.  Sa roinn den tuarascáil d’fhostaithe, míneofar go háirithe an méid seo a leanas:

   (ca) impleachtaí an chumaisc trasteorann ar chaidrimh fostaíochta, mar aon le, i gcás inarb infheidhme, aon bheart chun iad a choimirciú;
   (cb) aon athruithe ábhartha ar na dálaí fostaíochta is infheidhme, agus ar shuíomh láithreacha gnó na cuideachta;
   (d) conas a dhéanann na tosca a leagtar amach i bpointe (ca) agus i bpointe (cb) difear freisin d’fhochuideachtaí ar bith de chuid na cuideachta.

4aa.  I gcás ina bhfaighidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta atá ag cumasc, in am iomchuí, tuairim ar chodanna na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus i mír 4 ó ionadaithe na bhfostaithe nó, i gcás nach ann d’aon ionadaí den sórt sin, ó na fostaithe iad féin, mar a fhoráiltear faoi réir dlí náisiúnta, cuirfear an tuairim sin in iúl do na comhaltaí agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil sin í.

4a.  Ní bheidh gá leis an roinn d’fhostaithe, i gcás nach bhfuil aon fhostaithe ag cuideachta atá ag cumasc ná ag a fochuideachtaí, más ann dóibh, cé is moite díobh sin ar cuid den orgán bainistíochta nó riaracháin iad.

5.  Féadfaidh gach cuideachta atá ag cumasc cinneadh a dhéanamh cibé acu aon tuarascáil amháin a tharraingt suas ina mbeidh an dá roinn dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4 nó tuarascálacha ar leith a tharraingt suas a chuirfear faoi bhráid na gcomhaltaí agus na bhfosaithe faoi seach.

6.  Cuirfear an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 nó na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 5 ar fáil in aon chás go leictreonach, in éineacht le dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, má tá fáil orthu, do na comhaltaí agus d’ionadaithe fhostaithe gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc nó, sa chás nach bhfuil ionadaí ar bith dá leithéid ann, do na fostaithe iad féin, nach lú ná 6 seachtaine roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126.

I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála, i gcomhréir le hAirteagal 126(3), áfach, cuirfear an tuarascáil ar fáil 6 seachtaine ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile nó na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.

8.  I gcás ina ndéantar an roinn do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 3 agus nach bhfuil an roinn d’fhostaithe dá dtagraítear i mír 4 ag teastáil i gcomhréir le mír 4a, ní bheidh gá leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.

9.  Beidh mír 1 go mír 8 gan dochar do na cearta faisnéise agus na cearta comhairliúcháin is infheidhme agus do nósanna imeachta a thionscnófar ar leibhéal náisiúnta tar éis Threoir 2002/14/CE agus Threoir 2009/38/CE a thrasuí.

"

(10)  Leasaítear Airteagal 125 mar seo a leanas:

(a)  i mír (1), cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:"

“I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála, i gcomhréir le hAirteagal 126(3), áfach, cuirfear an tuarascáil ar fáil aon mhí ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile nó na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

"3. In aon chás, áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 tuairim an tsaineolaí an bhfuil an cúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna leormhaith. I ndáil leis an gcúiteamh airgid dá dtagraítear in Airteagal 122 pointe (m), tabharfaidh na saineolaithe aird ar phraghas margaidh ar bith ar na scaireanna sin sna cuideachtaí atá ag cumasc roimh fhógairt an togra cumaisc nó ar luach na gcuideachtaí gan éifeacht an chumaisc atá beartaithe a bheith san áireamh de réir mar a chinntear i gcomhréir le modhanna luachála a nglactar leo go ginearálta. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, sna tuarascálacha:

   (a) an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcúiteamh airgid arna mholadh a ríomh a léiriú;
   (b) an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna arna mholadh a ríomh a léiriú;
   (c) a chur in iúl an leormhaith an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna a mheasúnú agus an luach a ríomhadh trí na modhanna sin a úsáid a lua agus tuairim a thabhairt ar thábhacht choibhneasta na modhanna sin i ndáil leis an luach a cinneadh a ríomh; agus sa chás gur úsáideadh modhanna difriúla i gcumasc na gcuideachtaí, chomh maith leis an méid sin, an raibh údar le modhanna difriúla a úsáid;
   (d) cur síos ar aon deacrachtaí luachála speisialta a tháinig chun cinn.

Beidh na saineolaithe i dteideal an fhaisnéis uile is gá a aimsiú ó na cuideachtaí atá ag cumasc chun a ndualgais a urscaoileadh.

"

(c)  cuirtear an abairt seo a leanas le mír 4:"

“Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aonbhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo.”

"

(11)  Leasaítear Airteagal 126 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

"1. Tar éis aird a thabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 124 ▌ agus in Airteagal 125, i gcás inarb infheidhme, agus tuairimí na bhfostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 124 agus barúlacha na bhfostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 123, déanfar cinneadh i gcruinniú ginearálta gach cuideachta atá ag cumasc, trí bhíthin rúin, ar cheart dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann a fhormheas agus ar cheart an ionstraim chomhdhéanaimh, agus na reachtanna más i ndoiciméad ar leithligh atá siad, a oiriúnú.’’;

"

(b)  cuirtear mír 4 seo a leanas leis:"

"4. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh an cruinniú ginearálta agóid a dhéanamh in aghaidh fhormheas an chumaisc trasteorann ▌ ar na cúiseanna seo a leanas amháin:

   (a) níor socraíodh an cóimheas malartaithe scaireanna dá dtagraítear in Airteagal 122(b) go leormhaith;
   (b) níor socraíodh an cúiteamh airgid dá dtagraítear in Airteagal 122(m) go leormhaith;

   (d) níor comhlíonadh na ceanglais dhlíthiúla leis an bhfaisnéis a tugadh maidir le pointí (a) nó (b).

"

(12)  cuirtear na hAirteagail seo a leanas ▌ isteach:"

“Airteagal 126a

Cosaint na gcomhaltaí

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag ▌ comhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc a vótáil in aghaidh fhormheas dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, agus acu siúd ar a laghad, a gcuid scaireanna a dhiúscairt i gcomaoin cúiteamh leormhaith airgid agus sin a dhéanamh faoi na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 6 ar choinníoll, mar thoradh ar an gcumasc, go bhfaighidís scaireanna sa chuideachta a thiocfadh as an gcumasc a rialófaí le dlí Ballstáit nach é Ballstát na cuideachta lena mbaineann atá ag cumasc é.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go dtabharfar an ceart sin freisin do chomhaltaí eile na gcuideachtaí atá ag cumasc.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar cur i gcoinne follasach i leith dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann agus/nó rún na gcomhaltaí a gceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt, go ndéanfar é sin a dhoiciméadú go hiomchuí ar a dhéanaí ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go n-áireofar taifeadadh chur i gcoinne dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann mar dhoiciméadú cuí ar vóta diúltach.

2.  Bunóidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn is gá do na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1 dearbhú a thabhairt don chuideachta atá ag cumasc gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir leis na scaireanna a dhiúscairt. Ní rachaidh an tréimhse sin thar aon mhí amháin tar éis an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na cuideachtaí atá ag cumasc seoladh leictreonach ar fáil chun an dearbhú leictreonach sin a fháil.

3.  Ina theannta sin, bunóidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn a dhéanfar an cúiteamh airgid a shonraítear i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann a íoc. Ní fhéadfaidh deireadh a theacht leis an tréimhse sin tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an chumaisc trasteorann a theacht in éifeacht de réir Airteagal 129.

4.  Maidir le haon chomhalta a bhfuil sé dearbhaithe aige gurb é a chinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir leis na scaireanna a dhiúscairt ach a mheasann nár socraíodh go leormhaith an cúiteamh airgid atá an chuideachta atá ag cumasc lena mbaineann a thairiscint, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé i dteideal cúiteamh breise airgid a éileamh os comhair údaráis inniúla nó comhlachtaí arna sainordú faoin dlí náisiúnta. Bunóidh na Ballstáit teorainn ama don éileamh maidir le cúiteamh breise airgid.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh an cinneadh críochnaitheach lena ndéanfar cúiteamh breise airgid a sholáthar bailí do na comhaltaí sin den chuideachta atá ag cumasc lena mbaineann a bhfuil sé dearbhaithe acu gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt de réir mhír 2.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar le dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an chuideachta atá ag cumasc faoina réir, na cearta dá dtagraítear i mír 1 go mír 6 a rialú agus gur ag an mBallstát lena mbaineann a bheidh an inniúlacht eisiach réiteach a aimsiú ar aon díospóidí a bhaineann leis na cearta sin.

6.   Áiritheoidh ▌na Ballstáit go bhféadfaidh comhaltaí sin na cuideachta atá ag cumasc nach raibh sé de cheart acu a gcuid scaireanna a dhiúscairtnach ndearna an ceart sin a fheidhmiú, ach atá den tuairim nach bhfuil an cóimheas malartaithe scaireanna leormhaith, agóid a dhéanamh i gcoinne an chóimheasa sin ▌a leagtar amach i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann agus íocaíocht airgid a éileamh. Tionscnófar an t-imeacht sin os comhair na n-údarás inniúil nó na gcomhlachtaí arna sainordú faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an chuideachta atá ag cumasc faoina réir, laistigh den teorainn ama a leagtar síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit sin agus ní chuirfidh sé cosc ar chlárú an chumaisc trasteorann. Beidh an cinneadh sin ina cheangal ar an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh an cóimheas malartaithe scaireanna a bhunófar sa chinneadh bailí do na comhaltaí sin den chuideachta atá ag cumasc lena mbaineann nach raibh sé de cheart acu a gcuid scaireanna a dhiúscairt nó nach ndearna an ceart sin a fheidhmiú.

7.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin gur féidir leis an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann foráil a dhéanamh do scaireanna nó do chúiteamh eile seachas íocaíocht airgid.

Airteagal 126b

Na creidiúnaithe a chosaint

1.  Déanfaidh na Ballstáit foráil do chóras leormhaith cosanta do leas na gcreidiúnaithe, a rinne a n-éilimh sular nochtadh dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann agus nach raibh dlite tráth an nochta sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh creidiúnaithe atá míshásta leis na coimircí atá i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 122 pointe (m), iarratas a dhéanamh, laistigh de thrí mhí ó nochtadh dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 123, leis an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach ar choimircí leormhaithe ar an gcoinníoll gur féidir leo a léiriú go hinchreidte go bhfuil, mar gheall ar an gcumasc trasteorann, sásamh a n-éileamh i dtreis agus nach bhfuarthas aon choimircí leormhaithe ó na cuideachtaí atá ag cumasc.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na coimircí ag brath ar theacht in éifeacht an chumaisc trasteorann a bheith i gcomhréir le hAirteagal 129.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh orgán bainistíochta nó riaracháin na gcuideachtaí atá ag cumasc dearbhú ar fáil ina léireofar go cruinn stádas airgeadais reatha na gcuideachtaí sin ag dáta an dearbhaithe, nach mbeidh níos luaithe ná aon mhí amháin roimh thráth a nochta. Fógrófar sa dearbhú, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil d’orgán bainistíochta nó riaracháin na gcuideachtaí atá ag cumasc ar dháta an dearbhaithe, agus tar éis fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, nach eol dóibh cúis ar bith nach mbeadh an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc in ann na dliteanais a chomhlíonadh tráth a bheidh na dliteanais sin iníoctha. Déanfar an dearbhú a nochtadh mar aon le dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann ▌ i gcomhréir le hAirteagal 123.

3.   Tá ▌mír 2 agus mír 3 gan dochar do chur i bhfeidhm dhlíthe náisiúnta Bhallstáit na gcuideachtaí atá ag cumasc maidir le híocaíochtaí a chomhall nó íocaíochtaí le comhlachtaí poiblí nó oibleagáidí neamhairgid ina leith a chur faoi urrús.”

Airteagal 126c

Faisnéis agus comhairliúchán na bhfostaithe

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta fostaithe ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a urramú i ndáil leis an gcumasc trasteorann agus go bhfeidhmeofar iad i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil a leagtar amach le Treoir 2002/14/CE agus le Treoir 2001/23/CE i gcás ina meastar gurb ionann an cumasc trasteorann agus aistriú gnóthais de réir bhrí Threoir 2001/23/CE agus, i gcás inarb infheidhme i leith ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó i leith grúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, i gcomhréir le Treoir 2009/38/CE. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cearta faisnéise agus comhairliúcháin a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí nach iad na cuideachtaí dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2002/14/CE iad.

2.  D’ainneoin Airteagal 124(4aa) agus Airteagal 123(1)(b), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta fostaithe ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a urramú, ar a laghad sula ndéanfar dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann nó an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 124 a chinneadh, cibé acu is luaithe, sa chaoi go dtabharfar freagra réasúnaithe ar na fosaithe roimh an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126.

3.  Gan dochar d’aon fhorálacha agus/nó d’aon chleachtais atá i bhfeidhm agus atá níos fabhraí d’fhostaithe, cinnfidh na Ballstáit na socruithe praiticiúla chun an ceart ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2002/14/CE.”

"

(13)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 127:"

Airteagal 127

Deimhniú réamhchumaisc

1.  Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t-údarás nó na húdaráis eile atá inniúil (‘an t-údarás inniúil’) chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chumaisc trasteorann maidir leis an gcuid sin den nós imeachta a rialaítear le dlí Bhallstát na cuideachta atá ag cumasc agus chun deimhniú réamhchumaisc a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha go léir agus cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí i mBallstát an chuideachta atá ag cumasc.

Féadfar comhall íocaíochtaí, íocaíochtaí nó oibleagáidí neamhairgid a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí a chur faoi urrús nó comhlíonadh ceanglas speisialta earnálach, lena n-áirítear íocaíochtaí nó oibleagáidí a eascróidh as imeachtaí leanúnacha a chur faoi urrús, a chuimsiú le cur i gcrích sin na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta ar dheimhniú réamhchumaisc a fháil:

   (a) na dréacht-téarmaí cumaisc dá dtagraítear in Airteagal 122;
   (b) an tuarascáil agus an tuairim i gceangal, más ann di, dá dtagraítear in Airteagal 124, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 125, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;
   (ba) aon bharúlacha a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 123 (1);
   (c) faisnéis maidir leis an bhformheas tríd an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k.

3.  Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeadh faisnéis bhreise ag gabháil leis an iarratas ar dheimhniú réamhchumaisc a fháil, amhail an méid seo a leanas go háirithe:

   (a) ar an líon fostaithe tráth a rinneadh dréacht-téarmaí an chumaisc a tharraingt suas;
   (b) ar na fochuideachtaí agus a leithdháileadh geografach faoi seach;
   (c) maidir le hoibleagáidí a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí arna gcomhlíonadh ag an gcuideachta;

Chun críche na míre seo, féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, mura soláthrófar í, a iarraidh ar údaráis ábhartha eile.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 2a, lena n-áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan an gá le teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.

5.  Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 133, fíoróidh údarás inniúil Bhallstát na cuideachta atá ag cumasc go n-áirítear i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, faisnéis maidir leis na nósanna imeachta trína ndéantar na socruithe ábhartha a chinntiú agus maidir leis na roghanna féideartha le haghaidh socruithe dá leithéid.

6.  Mar chuid den mheasúnú ar an dlíthiúlacht dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

   (a) na doiciméid agus an fhaisnéis uile arna dtíolacadh don údarás i gcomhréir le mír 2 agus le mír 2a;
   (c) tásc ó na cuideachtaí atá ag cumasc go bhfuil tús curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 133(3) agus (4), i gcás inarb ábhartha.

7.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích laistigh de thrí mhí ón dáta a gheofar na doiciméid agus an fhaisnéis maidir le cruinniú ginearálta na cuideachta an cumasc trasteorann a fhormheas. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh ar an measúnú sin:

   (a) i gcás ina gcinnfear go gcomhlíontar leis an gcumasc trasteorann na coinníollacha ábhartha uile agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an t-údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc;
   (b) i gcás ina gcinnfear nach gcomhlíontar leis an gcumasc trasteorann na coinníollacha ábhartha uile nó nach bhfuil na nósanna imeachta agus/nó na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, ní eiseoidh an t-údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Sa chás sin, féadfaidh an t-údarás inniúil an deis a thabhairt don chuideachta na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh nó na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse iomchuí ama.

8.  Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc a eisiúint, má chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun cumasc trasteorann arbh é ba thoradh leis gur seachnaíodh an dlí náisiúnta nó dlí AE, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm leis gurbh é sin an toradh a bheadh air, nó gur cuireadh ar bun é chun críocha coiriúla.

9.  Más rud é, tríd an ngrinnscrúdú ar dhlíthiúlacht dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil móramhras ar an údarás inniúil gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun an cumasc trasteorann, arbh é ba thoradh leis gur seachnaíodh an dlí náisiúnta nó dlí AE, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm leis gurbh é sin an toradh a bheadh air, nó gur cuireadh ar bun é chun críocha coiriúla, déanfaidh sé fíorais agus cúinsí ábhartha a chur san áireamh, amhail, i gcás inarb ábhartha agus gan iad a bhreithniú ina n-aonar, tosca táscacha a bhfuil an t-údarás inniúil ar an eolas fúthu, le linn an ghrinnscrúdaithe ar dhlíthiúlacht dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear trí chomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha. Is ar bhonn cás ar chás, trí nós imeachta arna rialú leis an dlí náisiúnta, a dhéanfar an measúnú chun críocha na míre seo.

10.  I gcás inar gá, chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 7, faisnéis bhreise a chur san áireamh nó gníomhaíochtaí breise imscrúdaitheacha a dhéanamh, féadfar síneadh trí mhí ar a mhéid a chur leis an tréimhse trí mhí amhail dá bhforáiltear i mír 6.

11.  I gcás nach féidir an measúnú a dhéanamh laistigh de na spriocdhátaí amhail dá bhforáiltear san airteagal seo de bharr chastacht nós imeachta an chumaisc trasteorann, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an t-iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna le haon mhoill sula rachaidh an spriocdháta bunaidh in éag.

12.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla lena mbaineann an cumasc trasteorann, lena n-áirítear iad sin ó Bhallstát na gcuideachtaí a thiocfaidh as an gcumasc, agus faisnéis agus doiciméid a fháil ó na húdaráis sin agus ón gcuideachta atá riachtanach chun an rialú ar dhlíthiúlacht a chur i gcrích, faoi chuimsiú an chreata nós imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Féadfaidh an t-údarás inniúil dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách le linn an mheasúnaithe.’

"

(14)  Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:"

“Airteagal 127a

An deimhniú réamhchumaisc a tharchur

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go roinnfear an deimhniú réamhchumaisc leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 128(1) trí chóras idirnasctha na gclár arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 22.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar an deimhniú réamhchumaisc trí chóras idirnasctha na gclár arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 22.

2.  Beidh rochtain saor in aisce ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 128(1) agus ag na cláir.”

"

(15)  Leasaítear Airteagal 128 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

"2. Chun críche mhír 1 ▌, cuirfidh gach cuideachta atá ag cumasc faoi bhráid an údaráis dá dtagraítear ▌ i mír 1 dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann arna bhformheas ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126 nó, i gcás nach bhfuil formheas ón gcruinniú ginearálta ag teastáil i gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 132, dréacht-téarmaí an chumaisc trasteorann arna bhformheas ag gach cuideachta atá ag cumasc i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”

"

(b)  cuirtear na míreanna ▌ seo a leanas isteach:"

3. Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfar an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1, ó aon cheann de na cuideachtaí atá ag cumasc, lena n-áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a thíolacadh, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.

4.  Formheasfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 an cumasc trasteorann a luaithe a bheidh a mheasúnú ar na coinníollacha ábhartha curtha i gcrích aige.

5.   Glacfaidh údarás inniúil de chuid Ballstáit cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann leis an deimhniú réamhchumaisc nó leis na deimhnithe réamhchumaisc dá dtagraítear in Airteagal 127a(1), mar fhianú cinntitheach ar chomhlánú ceart na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí réamhchumaisc sa Bhallstát nó sna Ballstáit ábhartha ▌.”;

"

(16)  Leasaítear Airteagal 130 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

"1. Is é dlí na mBallstát a bhfuil na cuideachtaí atá ag cumasc agus an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc faoina réir a chinnfidh, i ndáil le críoch an Stáit sin, na socruithe, i gcomhréir le hAirteagal 16, tabhairt chun críche an chumaisc trasteorann a nochtadh sa chlár poiblí nach mór do gach ceann de na cuideachtaí doiciméid a chomhdú ann.

"

(b)  cuirtear isteach mír 1a:"

"1a. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear isteach an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ina gcláir a bheidh ar fáil agus inrochtana go poiblí trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22:

   (a) i gclár Bhallstát na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc – gur toradh ar chumasc trasteorann é clárú na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc;
   (b) i gclár Bhallstát na gcuideachtaí a thiocfaidh as an gcumasc – dáta clárúcháin na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc
   (c) i gclár Bhallstát gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc – dáta scriosadh nó bhaint na cuideachta den chlár;
   (d) i gclár Bhallstát gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc – gur toradh ar chumasc trasteorann é an chuideachta a scriosadh nó a bhaint;
   (e) i gcláir Bhallstát gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc agus Bhallstát na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc faoi seach – uimhreacha clárúcháin, ainmneacha agus foirm dhlíthiúil gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc agus uimhreacha clárúcháin, ainmneacha agus foirm dhlíthiúil na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc.”

"

(17)  Leasaítear Airteagal 131 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

"1. Beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag cumasc trasteorann a dhéantar mar a leagtar síos i bhfophointe (a), (c) agus (d) de phointe (2) d Airteagal 119, ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 129:

   (a) aistreofar sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta atá á fáil anseo, lena n-áirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, chuig an gcuideachta éadála agus fanfaidh siad i seilbh na cuideachta éadála;”;
   (b) fanfaidh comhaltaí na cuideachta atá á fáil ina gcomhaltaí den chuideachta éadála, ach amháin má fheidhmíonn siad an ceart chun imeachta dá dtagraítear in Airteagal 126a(1);
   (c) scoirfidh an chuideachta atá á fáil de bheith ann.’’;

"

(b)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):"

"(a) aistreofar sócmhainní agus dliteanais uile na gcuideachtaí atá ag cumasc anseo, lena n-áirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, chuig an gcuideachta nua agus fanfaidh siad i seilbh na cuideachta nua sin;”;

   (b) déanfar comhaltaí den chuideachta nua de chomhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc, ach amháin má fheidhmíonn siad an ceart chun imeachta dá dtagraítear in Airteagal 126a (1);’’;

"

(18)  Leasaítear Airteagal 132 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

"1. I gcás ina ndéanfaidh cuideachta a shealbhaíonn na scaireanna uile agus urrúis eile a thugann an ceart vótála ag cruinnithe ginearálta na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil nó i gcás ina ndéanfaidh duine a shealbhaíonn ar dhóigh dhíreach nó ar dhóigh indíreach na scaireanna uile sa chuideachta éadála agus sna cuideachtaí atá á bhfáil, i gcás ina ndéanfaidh an chuideachta nó an duine sin cumasc trasteorann trí éadáil a chur i gcrích agus nach gcionroinnfidh an chuideachta éadála aon scaireanna faoin gcumasc:

   ní bheidh feidhm ag pointí (b), (c), (e) agus (m) d’Airteagal 122, Airteagal 125 agus pointe (b) d’Airteagal 131(1);
   ní bheidh feidhm ag Airteagal 124 ná ag Airteagal 126(1) maidir leis an gcuideachta atá á fáil nó na cuideachtaí atá á bhfáil.”;

"

(b)  cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis:"

"3. I gcás ina bhforálfar le dlíthe Bhallstáit na gcuideachtaí uile atá ag cumasc maidir leis an díolúine ón bhformheas ag cruinniú ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 126(3) agus mír 1 den Airteagal seo, cuirfear ar fáil dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 go mír 3 d’Airteagal 123 faoi seach agus na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 124 agus Airteagal 124a tráth nach déanaí ná aon mhí amháin sula ndéanfaidh an chuideachta an cinneadh maidir leis an gcumasc i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”;

"

(19)  Leasaítear Airteagal 133 mar a leanas:

(a)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:"

“2. Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát ina mbeidh oifig chláraithe na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann i gcás, sna sé mhí roimh fhoilsiú dhréacht-téarmaí an chumaisc trasteorann amhail dá dtagraítear in Airteagal 123, ina mbeidh meánlíon fostaithe atá coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairiseach is infheidhme, a leagtar síos i ndlí an Bhallstáit a bhfuil an chuideachta atá ag cumasc faoi réir a dhlínse, rud a spreagfaidh rannpháirtíocht fostaithe de réir bhrí phointe (k) d’Airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, ná i gcás nach ndéantar leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann na nithe seo a leanas:’’

"

(b)  i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

“(a) an ceart a thabhairt d’orgáin ábhartha na gcuideachtaí atá ag cumasc, i gcás ina mbeidh ar a laghad ceann amháin de na cuideachtaí atá ag cumasc ag feidhmiú faoi réir córas rannpháirtíochta fostaithe de réir bhrí phointe (k) d’Airteagal 2 de Threoir 2001/86/EC, roghnú gan caibidlíocht roimh ré a bheith go díreach faoi réir na rialacha caighdeánacha maidir le rannpháirtíocht dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 3, mar a leagtar síos i reachtaíocht an Bhallstáit ina mbeidh oifig chláraithe na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann, agus cloí leis na rialacha sin ó dháta an chláraithe;’’

"

(c)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:"

"7. I gcás ina mbeidh an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann ag feidhmiú faoi réir córas rannpháirtíochta fostaithe, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar cearta rannpháirtíochta fostaithe i gcás cumasc trasteorann nó intíre, deighilte nó comhshó ina dhiaidh sin go ceann tréimhse ceithre bliana tar éis an dáta ar ghabh éifeacht leis an gcumasc trasteorann, trí na rialacha a leagtar síos i mír 1 go mír 6 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.”;

"

(d)   cuirtear isteach mír 8 seo a leanas:"

"8. Cuirfidh cuideachta in iúl dá fostaithe nó d’ionadaithe a fostaithe cé acu an roghnóidh an chuideachta rialacha caighdeánacha maidir le rannpháirtíocht dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 3 a chur i bhfeidhm nó an rachaidh an chuideachta i mbun caibidlíochta faoi chuimsiú an chomhlachta caibidlíochta speisialta. Sa dara cás sin, cuirfidh an chuideachta in iúl dá fostaithe nó d’ionadaithe a fostaithe toradh na gcaibidlíochtaí gan moill mhíchuí.”;

"

(20)  cuirtear an tAirteagal 133a seo a leanas isteach:"

‘‘Airteagal 133a

Dliteanas saineolaithe neamhspleácha

Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena rialófar dliteanas sibhialta na saineolaithe neamhspleácha a bheidh freagrach as an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 125 a tharraingt suas.

Beidh rialacha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh an saineolaí nó an duine dlítheanach ar thar a cheann a bheidh an saineolaí ag obair, neamhspleách agus nach mbeidh aon choinbhleacht leasa aige leis an gcuideachta a bhfuil iarratas á dhéanamh aici ar an deimhniú réamhchumaisc agus go mbeidh tuairim an tsaineolaí neamhchlaonta, oibiachtúil, agus tugtha d’fhonn cúnamh a thabhairt don údarás inniúil i gcomhréir leis na ceanglais neamhchlaontachta agus neamhspleáchais faoin dlí is infheidhme nó na caighdeáin ghairmiúla a bhfuil an saineolaí faoina réir.’’

"

(21)  in Airteagal 134, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:"

‘‘Ní dhéanann sé sin difear do chumhachtaí na mBallstát, inter alia, i réimse an dlí choiriúil, i réimse mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, i réimse an dlí shóisialta, i réimse an chánachais agus i réimse fhorfheidhmiú an dlí, bearta agus pionóis a fhorchur, i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, tar éis an dáta a ghabh éifeacht leis an gcumasc trasteorann.”

"

(22)  i dTeideal II, cuirtear an Chaibidil IV seo a leanas leis:"

“CAIBIDIL IV

Deighiltí trasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta

Airteagal 160a

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le deighilt trasteorann cuideachta faoi dhliteanas teoranta, arna fabhrú i gcomhréir le dlí Ballstáit agus a bhfuil a hoifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a príomhionad gnó laistigh den Aontas, ar choinníoll go bhfuil ar a laghad dhá cheann de na cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta atá rannpháirteach sa deighilt faoi rialú ag dlí Ballstát difriúil (dá ngairtear ‘deighilt trasteorann’ anseo feasta).

Airteagal 160b

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

   (1) ciallaíonn ‘cuideachta faoi dhliteanas teoranta’, dá ngairtear ‘cuideachta’ anseo feasta, cuideachta de chineál faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn II;
   (2) ciallaíonn ‘cuideachta atá á deighilt’ cuideachta a aistríonn, mar chuid de phróiseas deighilte trasteorann i gcás deighilt iomlán, a sócmhainní agus a dliteanais uile chuig dhá chuideachta nó níos mó nó, i gcás deighilt pháirteach nó deighilt trí scaradh, a aistríonn cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais go cuideachta amháin nó níos mó;
   (3) ciallaíonn ‘deighilt’ oibríocht lena ndéantar ceann amháin de na roghanna seo a leanas:
   (a) aistríonn cuideachta atá á deighilt, ar a díscaoileadh gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus a dliteanais uile chuig dhá chuideachta nó níos mó a fhoirmítear as an nua (‘na cuideachtaí is faighteoir’) de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a eisiúint do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus, más ann d’airgead, íocaíocht airgid nach mó ná 10% de luach ainmniúil na n-urrús nó na scaireanna sin nó, mura bhfuil luach ainmniúil acu, íocaíocht airgid nach mó ná 10% de pharluach cuntasaíochta a n-urrús nó scaireanna (‘deighilt iomlán’);
   (b) aistríonn cuideachta atá á deighilt cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais chuig cuideachta amháin nó níos mó a fhoirmítear as an nua (‘na cuideachtaí is faighteoir’) de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir, nó sa chuideachta atá á deighilt, nó sna cuideachtaí is faighteoir agus sa chuideachta atá á deighilt araon, a eisiúint do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus, más ann d’airgead, íocaíocht airgid nach mó ná 10% de luach ainmniúil na n-urrús nó na scaireanna sin nó, murab ann do luach ainmniúil, íocaíocht airgid nach mó ná 10% de pharluach cuntasaíochta a n-urrús nó scaireanna (‘deighilt pháirteach’).
   (c) aistríonn cuideachta atá á deighilt cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais chuig cuideachta amháin nó níos mó a fhoirmítear as an nua (‘na cuideachtaí is faighteoir’), de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a eisiúint don chuideachta atá á deighilt (‘deighilt trí scaradh’).

Airteagal 160c

Forálacha breise a bhaineann leis an raon feidhme

1.  D’ainneoin Airteagal 160b(3), beidh feidhm ag an gCaibidil seo freisin maidir le deighiltí trasteorann i gcás ina gceadófar le dlí Ballstáit amháin lena mbaineann ar a laghad an íocaíocht airgid dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 160b(3) 10% den luach ainmniúil a shárú nó, murab nach ann do luach ainmniúil, 10% de pharluach cuntasaíochta na n-urrús nó na scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí is faighteoir.

3.  Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le deighiltí trasteorann a bhaineann le cuideachta arb é an cuspóir atá léi an chomhinfheistíocht chaipitil arna soláthar ag an bpobal, a oibríonn ar phrionsabal an scaipthe riosca, agus ina ndéantar na haonaid aici a athcheannach nó a fhuascailt, arna iarraidh sin do na sealbhóirí, go díreach nó go hindíreach, as sócmhainní na cuideachta sin. Gníomh a dhéanann cuideachta den sórt sin chun a áirithiú nach n-éagsúlaíonn luach stocmhalartáin a n-aonad go sonrach ón nglanluach sócmhainní, measfar é sin a bheith comhionann le hathcheannach nó fuascailt.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil baint ag an gCaibidil le haon cheann de na himthosca a leanas:

   (a) tá an chuideachta atá á deighilt faoi leachtú agus tús curtha aici lena sócmhainní a dháileadh ar a sciarshealbhóirí;
   (b) tá an chuideachta faoi réir ag uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

5.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí atá faoi réir an mhéid seo a leanas:

   (a) imeachtaí dócmhainneachta nó creataí um athstruchtúrú coisctheach
   (aa) imeachtaí leachtaithe seachas iad sin dá dtagraítear i mír 4 de phointe a, nó
   (b) bearta coiscthe géarchéime de réir bhrí phointe (101) de mhír 1 d’Airteagal 2 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

6.  Is le dlí náisiúnta Bhallstát na cuideachta atá á deighilt a rialófar an chuid sin de na nósanna imeachta agus de na foirmiúlachtaí atá le comhlíonadh i dtaca leis an deighilt trasteorann chun an deimhniú réamhdheighilte a fháil, agus is le dlí náisiúnta Bhallstát na gcuideachtaí is faighteoir a rialófar an chuid sin den nós imeachta agus de na foirmiúlachtaí atá le comhlíonadh tar éis an deimhniú réamhdheighilte a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 160e

Dréacht-téarmaí deighiltí trasteorann

Déanfaidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta atá á deighilt dréacht-téarmaí deighilte trasteorann a tharraingt suas. Áireofar, ar a laghad, na sonraí seo a leanas sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann:

   (a) foirm dhlíthiúil, ainm agus suíomh oifig chláraithe na cuideachta atá á deighilt agus iad sin a mholtar don chuideachta nó na cuideachtaí nua a thiocfaidh as an deighilt trasteorann;
   (b) i gcás inarb iomchuí, an cóimheas is infheidhme maidir le malartú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí agus méid aon íocaíochta airgid;
   (c) na téarmaí i ndáil le leithroinnt na n-urrús nó na scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí is faighteoir nó na cuideachta atá á deighilt;
   (d) an t-amchlár táscach atá molta don deighilt trasteorann;
   (e) impleachtaí dóchúla na deighilte trasteorann ar an bhfostaíocht;
   (f) an dáta óna dtabharfaidh an sealbhú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí teidlíocht do na sealbhóirí brabúis a roinnt, agus aon choinníollacha speisialta lena ndéanfar difear don teidlíocht sin;
   (g) an dáta nó na dátaí óna gcaithfear le hidirbhearta na cuideachta atá á deighilt, chun críocha cuntasaíochta, mar idirbhearta na gcuideachtaí is faighteoir;
   (h) ▌aon bhuntáistí speisialta a dheonófar do chomhaltaí orgán riaracháin, bainistíochta, faireacháin nó rialála na cuideachta atá á deighilt;
   (i) na cearta a thabharfaidh na cuideachtaí is faighteoir do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt a bhfuil cearta speisialta acu nó do shealbhóirí urrús seachas scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta atá á deighilt, nó na bearta a bheartaítear maidir leo;

   (j) ionstraimí comhdhéanaimh na gcuideachtaí is faighteoir, i gcás inarb infheidhme, agus a reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad, agus aon athruithe ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta atá á deighilt i gcás deighilt pháirteach;
   (k) i gcás inarb iomchuí, is de bhun Airteagal 160n ▌ a chinnfear faisnéis faoi na nósanna imeachta lena ndéanfar socruithe i ndáil le rannpháirtíocht fostaithe i sainmhíniú a gceart maidir le rannpháirtíocht sa chuideachta is faighteoir;
   (l) tuairisc bheacht ar shócmhainní agus dliteanais na cuideachta atá á deighilt agus ráiteas faoin gcaoi atá na sócmhainní agus na dliteanais le cionroinnt idir na cuideachtaí is faighteoir, nó le coimeád ag an gcuideachta atá á deighilt i gcás deighilt pháirteach, lena n-áirítear foráil chun caitheamh le sócmhainní nó dliteanais nach bhfuil cionroinnte ar dhóigh shonrach sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann, amhail sócmhainní nó dliteanais nach eol iad a bheith ann ar an dáta a tharraingeofar suas na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann;
   (m) faisnéis faoin meastóireacht ar na sócmhainní agus ar na dliteanais a chionroinnfear ar gach cuideachta atá páirteach sa deighilt trasteorann;
   (n) dáta chuntais na cuideachta atá á deighilt, a úsáidtear chun coinníollacha na deighilte trasteorann a bhunú;
   (o) i gcás inarb iomchuí, cionroinnt na scaireanna agus na n-urrús sna cuideachtaí is faighteoir, nó sa chuideachta atá á deighilt, nó sa chuideachta is faighteoir chomh maith leis an gcuideachta atá á deighilt, ar chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus na critéir ar a bhfuil an chionroinnt sin bunaithe;
   (p) mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do na comhaltaí ▌i gcomhréir le hAirteagal 1601;
   (q) ▌ coimircí, amhail ráthaíochtaí nó gealltanais, i gcás ina dtairgtear iad do chreidiúnaithe.

Airteagal 160g

Tuarascáil an orgáin bainistíochta nó riaracháin chuig na comhaltaí agus chuig na fostaithe

1.  Déanfaidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta atá á deighilt tuarascáil a tharraingt suas a chuirfear faoi bhráid na gcomhaltaí agus na bhfostaithe ina míneofar gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha na deighilte trasteorann, agus ina dtabharfar bonn cirt leo, agus ina míneofar impleachtaí na deighilte trasteorann do na fostaithe.

2.  Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, déanfar, go háirithe, míniú a thabhairt ar impleachtaí na deighilte trasteorann do ghnó na gcuideachtaí amach anseo.

Áireofar inti freisin roinn do chomhaltaí agus roinn d’fhostaithe.

3.  Sa roinn den tuarascáil do chomhaltaí, míneofar an méid seo a leanas go háirithe:

   (aa) míniú ar an gcúiteamh airgid agus ar an modh a úsáideadh lena ríomh;
   (b) míniú ar an gcóimheas malartaithe scaireanna agus ar an modh a úsáideadh lena ríomh, i gcás inarb infheidhme;

   (d) impleachtaí na deighilte trasteorann do chomhaltaí;
   (e) na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí ▌ i gcomhréir le hAirteagal 1601.

4.  Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil do chomhaltaí i gcás ina bhfuil sé comhaontaithe ag comhaltaí na cuideachta an ceanglas sin a tharscaoileadh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí aonbhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagal seo.

5.  Sa roinn den tuarascáil d’fhostaithe, míneofar an méid seo a leanas go háirithe:

   (ca) impleachtaí na deighilte trasteorann do chaidrimh fostaíochta, agus, i gcás inarb infheidhme, aon bheart chun iad a choimirciú;
   (cb) aon athruithe ábhartha ar na dálaí fostaíochta is infheidhme, agus ar shuíomh áiteanna gnó na cuideachta;
   (d) an chaoi a ndéanann na tosca a leagtar amach i bpointí (ca) agus (cb) difear d’aon fhochuideachtaí den chuideachta freisin.

6.  I gcás ina bhfaighidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta atá á deighilt tuairim, in am trátha, ar na codanna den tuarascáil dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 agus an tuairim sin a theacht ó ionadaithe a chuid fostaithe, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, ó na fostaithe iad féin, mar a fhoráiltear faoin dlí náisiúnta, cuirfear an tuairim sin in iúl do na comhaltaí agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil sin í.

7.  Ní bheidh gá leis an roinn d’fhostaithe, i gcás nach bhfuil fostaithe ag an gcuideachta agus a fochuideachtaí, más ann dóibh, diomaite díobh siúd ar cuid den orgán bainistíochta nó riaracháin iad.

8.  Féadfaidh an chuideachta cinneadh a dhéanamh cibé acu aon tuarascáil amháin a tharraingt suas ina mbeidh an dá roinn dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 nó tuarascálacha ar leith a tharraingt suas a chuirfear faoi bhráid na gcomhaltaí agus na bhfosaithe faoi seach.

9.   Ar aon chuma, déanfar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, nó na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 5, maille le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, má bhíonn siad ar fáil, a chur ar fáil go leictreonach do na comhaltaí agus d’ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá á deighilt nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, tráth nach lú ná sé seachtaine roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k.

10.  I gcás ina ndéantar an roinn do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 3 agus nach bhfuil an roinn d’fhostaithe dá dtagraítear i mír 4 ag teastáil i gcomhréir le mír 4a, ní bheidh gá leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.

11.  Beidh míreanna 1 go 8 den Airteagal seo gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus do chearta comhairliúcháin a thionscnófar ar leibhéal náisiúnta tar éis Treoir 2002/14/EC agus Treoir 2009/38/EC a thrasuí.

Airteagal 160i

Tuarascáil ó na saineolaithe neamhspleácha

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh saineolaí seachtrach scrúdú ar na dréacht-téarmaí sin na deighilte trasteorann agus go dtarraingeoidh sé suas tuarascáil a bheidh beartaithe do chomhaltaí agus a chuirfear ar fáil dóibh tráth nach lú ná mí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k. Ag brath ar dhlí na mBallstát, féadfaidh gur duine nádúrtha nó duine dlítheanach an saineolaí sin.

2.  Ar aon chuma, áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 tuairim an tsaineolaí maidir le cé acu atá an cúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna leormhaith nó nach bhfuil. A mhéid a bhaineann leis an gcúiteamh airgid dá dtagraítear in Airteagal 160e pointe(q), breithneoidh an saineolaí aon phraghas margaidh ar na scaireanna sa chuideachta atá á deighilt roimh fhógairt an togra maidir leis an deighilt nó luach na cuideachta seachas éifeacht na deighilte molta arna cinneadh de réir modhanna luachála a bhfuil glacadh coitianta leo. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:

   (a) an modh a úsáideadh leis an gcúiteamh airgid molta a ríomh, an modh sin a léiriú;
   (b) an modh a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna molta a ríomh, an modh sin a léiriú;
   (c) luafar cé acu atá nó nach bhfuil an modh sin leormhaith chun an cúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna a mheas agus léireofar an luach a ríomhadh trí na modhanna sin a úsáid agus tabharfar tuairim ar thábhacht choibhneasta na modhanna sin i ndáil leis an luach ar ar cinneadh a ríomh;
   (d) tabharfar tuairisc ar aon deacrachtaí luachála ar leith atá tagtha chun cinn.

Beidh an saineolaí i dteideal gach faisnéis a aimsiú ón gcuideachta atá á deighilt atá riachtanach chun a dhualgais nó a dualgais a chomhall.

3.  Ní cheanglófar an saineolaí seachtrach dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a scrúdú ná tuarascáil ó shaineolaithe más rud é go mbeidh an méid sin comhaontaithe ag comhaltaí uile na cuideachta atá á deighilt. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí aonbhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagal seo.

Airteagal 160j

Nochtadh

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na doiciméid seo a leanas a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí i gclár Bhallstát na cuideachta atá á deighilt mí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k:

   (a) dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;

   (b) fógra lena gcuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d’ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá á deighilt, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a thíolacadh don chuideachta, cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí an tuarascáil ón saineolaí neamhspleách a dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 160i, go nochtfaí í agus go gcuirfí ar fáil go poiblí í sa chlár.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh na tuarascála ón saineolaí neamhspleách.

Beidh teacht freisin ar na doiciméid a nochtófar i gcomhréir leis an mír seo trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22.

2.  Féadfaidh na Ballstáit an chuideachta atá á deighilt a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina ndéanfaidh sí, go ceann tréimhse leanúnach dar tús aon mhí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin, na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal.

Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin faoi réir aon cheanglais ná srianta, áfach, seachas iad siúd atá riachtanach chun slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú, mura ní é go bhfuil siad comhréireach chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus a mhéid atá siad amhlaidh.

3.  I gcás ina nochtfaidh an chuideachta atá á deighilt dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh sí an fhaisnéis seo a leanas, ar gá í a nochtadh, a chur isteach sa chlár tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k:

   (a) foirm dhlíthiúil, ainm agus oifig chláraithe na cuideachta atá á deighilt agus an fhoirm dhlíthiúil, an t-ainm agus an oifig chláraithe atáthar a mholadh d’aon chuideachta nuachruthaithe a thiocfaidh as an deighilt trasteorann;
   (b) an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir leis an gcuideachta atá á deighilt agus an uimhir chlárúcháin sa chlár sin;
   (c) léiriú ar na socruithe atá déanta maidir le cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú;
   (d) mionsonraí an tsuímh gréasáin ar ar féidir dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, an fógra agus an tuarascáil ó na saineolaithe dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a fháil ar líne agus saor in aisce.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 a chomhlánú ar líne ina n-iomláine gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil sa Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.

5.  Féadfaidh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, a cheangal go bhfoilseofaí dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ina n-iris náisiúnta nó trí ardán lárnach leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 16 mír 3. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 nó ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 trí chóras idirnascadh na gclár.

Áiritheoidh na Ballstáit ina theannta sin nach rachaidh aon táillí a ghearrfaidh na cláir ar an gcuideachta ▌as an nochtadh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 agus, i gcás inarb infheidhme, as an bhfoilseachán dá dtagraítear i mír 5, thar aisghabháil na gcostas a ghabhann leis na seirbhísí sin a sholáthar.

Airteagal 160k

Formheas ag an gcruinniú ginearálta

1.  Tar éis aird a thabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 160g, ▌agus in Airteagal 160i, i gcás inarb infheidhme, agus ar na tuairimí ó na fostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 160g agus ar na barúlacha arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 160j, déanfar cinneadh, trí bhíthin rúin, ag cruinniú ginearálta na cuideachta atá á deighilt i dtaobh cibé acu a fhormheasfar nó nach bhformheasfar dréact-téarmaí na deighilte trasteorann agus i dtaobh cibé acu a oiriúnófar nó nach n-oiriúnófar an ionstraim chomhdhéanaimh, agus na reachtanna más in ionstraim ar leith atá siad.

2.  Féadfaidh an cruinniú ginearálta an ceart a choimeád é a chur de choinníoll le cur chun feidhme na deighilte trasteorann go ndéanfadh sé na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 160n a dhaingniú go sainráite.

3.  Maidir le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, nó aon leasú orthu, a fhormheas ▌, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ina leith tromlach nach lú ná dhá thrian ach nach mó ná 90 % de na vótaí a ghabhann leis na scaireanna nó leis an gcaipiteal suibscríofa a ndéantar ionadaíocht orthu ag an gcruinniú. Ar aon chuma, ní bheidh an tairseach vótála níos airde ná an tairseach dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta maidir le comhshónna trasteorann a fhormheas.

4.  I gcás ina dtagann de chlásal de dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann nó d’aon leasú ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta atá á deighilt go mó na hoibleagáidí eacnamaíocha atá ar an scairshealbhóir i leith na cuideachta nó i leith na dtríú páirtithe, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh sna cúinsí sonracha sin go bhformheasfaidh an scairshealbhóir lena mbaineann an clásal sin nó an leasú ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta atá á deighilt, ar choinníoll nach bhfuil an scairshealbhóir sin in ann na cearta a leagtar síos in Airteagal 160l a fheidhmiú.

5.  Maidir leis an gcruinniú ginearálta an deighilt trasteorann a fhormheas, áiritheoidh na Ballstáit nach féidir agóid a dhéanamh ina aghaidh ar na forais seo a leanas, agus orthu siúd amháin:

   (a) níor socraíodh go leormhaith an cóimheas malartaithe scaireanna dá dtagraítear in Airteagal 160e (b);
   (b) níor socraíodh go leormhaith an cúiteamh airgid dá dtagraítear in Airteagal 160e (q);
   (c) níor comhlíonadh na ceanglais dhlíthiúla leis an bhfaisnéis a tugadh maidir le pointí (a) nó (b).

Airteagal 1601

Cosaint na gcomhaltaí

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag na ▌ comhaltaí a vótáil in aghaidh fhormheas dhréacht-téarmaí dheighilt trasteorann na cuideachta atá á deighilt, agus acu siúd ar a laghad, a gcuid scaireanna a dhiúscairt i gcomaoin cúiteamh leormhaith airgid agus sin a dhéanamh faoi na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 6 ar choinníoll, mar thoradh ar an deighilt, go bhfaighidís scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a rialófaí le dlí Ballstáit nach é Ballstát na cuideachta atá á deighilt é.

Féadfaidh na Ballstáit an ceart sin a thabhairt freisin do chomhaltaí eile de chuid na cuideachta atá á deighilt.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí an freasúra follasach in aghaidh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann agus/nó rún na gcomhaltaí a gceart a fheidhmiú maidir lena gcuid scaireanna a dhiúscairt, go ndéanfaí é sin a dhoiciméadú go hiomchuí ar a dhéanaí ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú ina theannta sin go measfaí oireasú an fhreasúra ina aghaidh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a bheith ina dhoiciméadú cuí ar vóta diúltach.

2.  Cinnfidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn is gá do na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1 dearbhú a thabhairt don chuideachta atá á deighilt gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir leis na scaireanna a dhiúscairt. Ní rachaidh an tréimhse sin thar aon mhí amháin tar éis an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an chuideachta atá á deighilt seoladh leictreonach a sholáthar chun an dearbhú sin a fháil go leictreonach.

3.  Ina theannta sin, cinnfidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn a dhéanfar an cúiteamh airgid a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a íoc. Ní fhéadfaidh deireadh a theacht leis an tréimhse sin tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an deighilt trasteorann a theacht in éifeacht de réir Airteagal 160t.

4.  Maidir le haon chomhalta a bhfuil sé dearbhaithe aige gurb é a chinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir leis na scaireanna a dhiúscairt ach a mheasann nár socraíodh go leormhaith an cúiteamh airgid atá an chuideachta atá ag cumasc lena mbaineann a thairiscint, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé i dteideal cúiteamh breise airgid a éileamh os comhair údaráis inniúla nó comhlachtaí arna sainordú faoin dlí náisiúnta. Bunóidh na Ballstáit teorainn ama don éileamh maidir le cúiteamh breise airgid.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh an cinneadh críochnaitheach lena ndéanfar cúiteamh breise airgid a sholáthar bailí do na comhaltaí sin den chuideachta atá ag cumasc lena mbaineann a bhfuil sé dearbhaithe acu gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt de réir mhír 2a.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar le dlí náisiúnta Bhallstát na cuideachta atá á deighilt na cearta dá dtagraítear i mír 1 go mír 5 a rialú agus gur ag Ballstát na cuideachta atá á deighilt a bheidh an inniúlacht eisiach réiteach a aimsiú ar aon díospóidí a bhaineann leis na cearta sin.

6.   Áiritheoidh ▌na Ballstáit go bhféadfaidh comhaltaí sin na cuideachta atá á deighilt nach raibh sé de cheart acu a gcuid scaireanna a dhiúscairt nó nach ndearna an ceart sin a fheidhmiú, ach atá den tuairim nach bhfuil an cóimheasa mhalartaithe scaireanna leormhaith, go bhféadfaidh siad agóid a dhéanamh i gcoinne an chóimheasa sin ▌a leagtar amach i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann agus íocaíocht airgid a éileamh. Tionscnófar an t-imeacht sin os comhair na n-údarás inniúil nó na gcomhlachtaí arna sainordú faoi dhlí náisiúnta na cuideachta atá á deighilt, laistigh den teorainn ama a leagtar síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit sin agus ní chuirfidh sé cosc ar an deighilt trasteorann a chlárú. Beidh an cinneadh ina cheangal ar na cuideachtaí is faighteoir agus, i gcás deighilt pháirteach, ar an gcuideachta atá á deighilt freisin.

7.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin gur féidir leis an gcuideachta is faighteoir lena mbaineann agus, i gcás deighilt pháirteach, an chuideachta atá á deighilt chomh maith, foráil a dhéanamh do scaireanna nó do chúiteamh eile ▌seachas íocaíocht airgid.

Airteagal 160m

Creidiúnaithe a chosaint

1.  Déanfaidh na Ballstáit foráil do chóras leormhaith le haghaidh cosaint leas na gcreidiúnaithe, a rinne a n-éilimh sular nochtadh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann agus nach raibh dlite tráth an nochta sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh creidiúnaithe atá míshásta leis na coimircí atá i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 160e pointe (r), iarratas a dhéanamh, laistigh de thrí mhí ó nochtadh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 160j, leis an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach ar choimircí leormhaithe ar an gcoinníoll gur féidir leo a léiriú go hinchreidte go bhfuil, mar gheall ar an deighilt trasteorann, sásamh a n-éileamh i dtreis agus nach bhfuarthas aon choimircí leormhaithe ón gcuideachta.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na coimircí ag brath ar an deighilt trasteorann a theacht in éifeacht i gcomhréir le hAirteagal 160t.

2.  I gcás nach bhfaighidh creidiúnaí de chuid na cuideachta atá le deighilt ▌sásamh ón gcuideachta a gcionroinnfear an dliteanas uirthi, beidh na cuideachtaí is faighteoir eile agus, i gcás deighilt pháirteach nó deighilt trí scaradh, an chuideachta atá á deighilt, faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach leis an gcuideachta a gcionroinnfear an dliteanas uirthi i leith na hoibleagáide sin. Beidh uasmhéid dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh aon chuideachta atá rannpháirteach sa deighilt teoranta, áfach, do luach, ar an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an deighilt, na nglansócmhainní a leithdháilfear ar an gcuideachta sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfadh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta atá á deighilt dearbhú a sholáthar ina léireofaí go cruinn stádas reatha airgeadais na cuideachta dáta an dearbhaithe, nach mbeidh níos luaithe ná aon mhí amháin roimh thráth a nochta. Fógrófar sa dearbhú nach eol dóibh, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil d’orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta atá á deighilt dáta an dearbhaithe, agus tar éis fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, cúis ar bith nach mbeadh aon chuideachta is faighteoir agus, i gcás deighilt pháirteach, an chuideachta atá á deighilt, in ann, ón uair a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt, na dliteanais a leithdháilfear orthu faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a chomhlíonadh tráth a bheidh na dliteanais sin dlite. Déanfar an dearbhú a nochtadh maille le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 160j.

4.  Tá mír 1, mír 2 agus mír 3 gan dochar d’fheidhmiú dhlíthe náisiúnta Bhallstát na cuideachta atá á deighilt maidir le híocaíochtaí a chomhall nó íocaíochtaí le comhlachtaí poiblí nó oibleagáidí neamhairgid ina leith a chur faoi urrús.

Airteagal 160ma

Faisnéis agus comhairliúchán fostaithe

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta fostaithe ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a urramú i ndáil leis an deighilt trasteorann agus go bhfeidhmeofar iad i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil a leagtar amach le Treoir 2002/14/CE agus le Treoir 2001/23/CE i gcás ina meastar gurb ionann an deighilt trasteorann agus aistriú gnóthais de réir bhrí Threoir 2001/23/CE agus, i gcás inarb infheidhme i leith ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó i leith grúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, i gcomhréir le Treoir 2009/38/CE. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cearta faisnéise agus comhairliúcháin a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí nach iad na cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 mír 1 de Threoir 2002/14/CE iad.

2.  D’ainneoin Airteagal 86e(6) agus Airteagal 160j(1)(b), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta fostaithe ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a urramú, ar a laghad sula ndéanfar dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann nó an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 86e a chinneadh, cibé acu is luaithe, sa chaoi go dtabharfar freagra réasúnaithe ar na fosaithe roimh an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k.

3.  Gan dochar d’aon fhorálacha agus/nó d’aon chleachtais atá i bhfeidhm agus atá níos fabhraí d’fhostaithe, cinnfidh na Ballstáit na socruithe praiticiúla chun an ceart ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2002/14/CE.

Airteagal 160n

Rannpháirtíocht fostaithe

1.  Gan dochar do mhír 2, beidh gach cuideachta is faighteoir faoi réir na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát ina mbeidh a hoifig chláraithe.

2.  Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát ina mbeidh oifig chláraithe na cuideachta a thiocfaidh as an deighilt trasteorann i gcás, sna sé mhí roimh fhoilsiú dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann amhail dá dtagraítear in Airteagal 160e den Treoir seo, ina mbeidh meánlíon fostaithe sa chuideachta atá á deighilt atá coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairiseach is infheidhme, a leagtar síos i ndlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt, rud a spreagfaidh rannpháirtíocht fostaithe de réir bhrí phointe (k) d’Airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, ná i gcás nach ndéantar leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le gach cuideachta is faighteoir na nithe seo a leanas:

   (a) foráil don leibhéal céanna rannpháirtíochta fostaithe ar a laghad agus a bhí sa chuideachta atá á deighilt sula ndearnadh í a dheighilt, arna thomhas trí thagairt a dhéanamh do chion na n-ionadaithe fostaithe i measc chomhaltaí an orgáin riaracháin nó maoirseachta nó a gcoistí nó an ghrúpa bainistíochta a chumhdaíonn aonaid bhrabúis na cuideachta, faoi réir ionadaíocht fostaithe; nó
   (b) foráil don teidlíocht chéanna cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú a bheith ag fostaithe i mbunaíochtaí de chuid na gcuideachtaí is faighteoir agus atá ag na fostaithe sin atá fostaithe sa Bhallstát ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta is faighteoir.

3.  Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, beidh rannpháirtíocht na bhfostaithe sna cuideachtaí a thiocfaidh as an deighilt trasteorann agus a rannpháirtíocht i sainmhíniú na gceart sin á rialú ag na Ballstáit, mutatis mutandis, agus faoi réir mhír 4 go mír 7 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 12(2), (3) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus leis na forálacha seo a leanas de Threoir 2001/86/CE:

   (a) Airteagal 3(1), (2)(a)(i), (2)(b) agus (3), an chéad dá abairt d’Airteagal 3(4), Airteagal 3(5 ▌) agus Airteagal 3(7);
   (b) Airteagal 4(1), Airteagal 4(2)(a), (g) agus (h), Airteagal 4(3) agus Airteagal 4(4);
   (c) Airteagal 5;
   (d) Airteagal 6;
   (e) ▌Airteagal 7 mír 1 seachas an dara fleasc de (b);
   (f) Airteagail 8, ▌10, 11 agus 12;
   (g) pointe (a) de chuid 3 den Iarscríbhinn.

4.  Agus iad i mbun rialála ar na prionsabail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

   (a) an ceart a thabhairt don chomhlacht speisialta caibidlíochta cinneadh a dhéanamh, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar dhá thrian de na fostaithe ar a laghad, gan tús a chur le caibidlíochtaí nó caibidlíochtaí ar cuireadh tús leo cheana a fhoirceannadh agus brath ar na rialacha maidir le rannpháirtíocht atá i bhfeidhm i mBallstáit gach cuideachta is faighteoir;
   (b) i gcás ina mbeidh feidhm, tar éis caibidlíocht roimh ré, ag rialacha caighdeánacha le haghaidh rannpháirtíochta agus d’ainneoin na rialacha sin, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh teorainn a chur le cion na n-ionadaithe fostaithe in orgán riaracháin na gcuideachtaí is faighteoir. Más ionadaithe fostaithe ar a laghad aon trian de bhord riaracháin nó de bhord maoirseachta na cuideachta atá á deighilt, áfach, ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh riamh ar an teorannú sin go mbeidh cion ionadaithe fostaithe níos ísle ná aon trian san orgán riaracháin;
   (c) áiritheoidh siad go leanfaidh na rialacha maidir le rannpháirtíocht a raibh feidhm acu roimh an deighilt trasteorann d’fheidhm a bheith acu go dtí an dáta a gcuirfear i bhfeidhm aon rialacha a chomhaontófar ina dhiaidh sin nó, murab ann do rialacha comhaontaithe, go dtí go gcuirfear i bhfeidhm rialacha caighdeánacha i gcomhréir le pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn.

5.  Ní bheidh sé mar thoradh ar chearta rannpháirtíochta a shíneadh chuig fostaithe na gcuideachtaí is faighteoir atá fostaithe i mBallstáit eile, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, go mbeidh oibleagáid ar bith ar na Ballstáit a roghnóidh sin a dhéanamh na fostaithe sin a chur san áireamh agus ríomh á dhéanamh ar na tairseacha lucht saothair as a dtiocfaidh cearta rannpháirtíochta faoin dlí náisiúnta.

6.  I gcás ina mbeidh aon chuideachta is faighteoir le rialú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 2, beidh oibleagáid ar na cuideachtaí sin foirm dhlíthiúil a ghabháil lena gceadaítear cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú.

7.  I gcás ina bhfuil an chuideachta is faighteoir ▌ag oibriú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcosnófar cearta rannpháirtíochta fostaithe i gcás cumasc, deighilt nó comhshó ar bith trasteorann nó intíre ina dhiaidh sin go ceann tréimhse ceithre bliana tar éis an dáta a mbeidh éifeacht gafa leis an deighilt trasteorann, trí na rialacha a leagtar síos i míreanna 1 go 6 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.

8.  Déanfaidh cuideachta toradh na gcaibidlíochtaí maidir le rannpháirtíocht fostaithe a chur in iúl dá fostaithe nó dá n-ionadaithe gan moill mhíchuí.

Airteagal 160o

Deimhniú réamhdheighilte

1.  Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t-údarás nó na húdaráis eile a bheidh inniúil (‘an t-údarás inniúil’) chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na ndeighiltí trasteorann a mhéid a bhaineann leis an gcuid den nós imeachta a rialaítear le dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt, agus chun deimhniú réamhdheighilte a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha uile, agus cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí uile sa Bhallstát sin.

Féadfar comhall íocaíochtaí, íocaíochtaí nó oibleagáidí neamhairgid a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí a chur faoi urrús nó comhlíonadh ceanglas speisialta earnálach, lena n-áirítear íocaíochtaí nó oibleagáidí a eascróidh as imeachtaí leanúnacha a chur faoi urrús, a chuimsiú le cur i gcrích sin na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta atá á deighilt ar an deimhniú réamhdheighilte a fháil:

   (a) na dréacht-téarmaí deighilte dá dtagraítear in Airteagal 160e;
   (b) an tuarascáil agus an tuairim i gceangal, más ann di, dá dtagraítear in Airteagal 160g, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 160i, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;
   (ba) aon bharúlacha a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 160j(1);
   (c) faisnéis maidir leis an bhformheas tríd an gcruinniú ginearálta ▌dá dtagraítear in Airteagal 160k.

3.  Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeadh faisnéis bhreise ag gabháil leis an iarratas ar dheimhniú réamhdheighilte a fháil, amhail, go háirithe:

   (a) ar an líon fostaithe tráth a rinneadh dréacht-téarmaí na deighilte a tharraingt suas;
   (b) ar na fochuideachtaí agus a leithdháileadh geografach faoi seach;
   (c) maidir leis an gcuideachta na hoibleagáidí a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí a chomhlíonadh;

Chun críche na míre seo, féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, mura soláthrófar í, a iarraidh ar údaráis ábhartha eile.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 2a, lena n-áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan an gá le teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.

5.   Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar a leagtar síos in Airteagal 160n, fíoróidh an t-údarás inniúil i mBallstát na cuideachta atá á deighilt go n-áireofar i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 160e faisnéis maidir leis na nósanna imeachta lena ndéantar na socruithe ábhartha a shocrú agus maidir leis na roghanna is féidir a bheith ann le haghaidh na socruithe sin.

6.   Mar chuid den mheasúnú ▌dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis seo a leanas:

   (a) na doiciméid agus an fhaisnéis uile arna dtíolacadh don údarás i gcomhréir le mír 2 agus le mír 2a;
   (c) tásc ón gcuideachta go bhfuil tús curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 160n(3) agus (4), i gcás inarb ábhartha.

7.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích laistigh de thrí mhí ón dáta a gheofar na doiciméid agus an fhaisnéis maidir le cruinniú ginearálta na cuideachta an deighilt trasteorann a fhormheas. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh air:

   (a) i gcás ina gcinnfear go ndéanann an deighilt trasteorann ▌ na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an t-údarás inniúil an deimhniú réamhdheighilte;
   (b) i gcás ina gcinnfear nach ndéanann an deighilt trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh nó nach bhfuil na nósanna imeachta agus/nó na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, ní eiseoidh an t-údarás inniúil an deimhniú réamhdheighilte agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Sa chás sin, féadfaidh an t-údarás inniúil an deis a thabhairt don chuideachta na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh nó na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse iomchuí ama.

8.  Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil an deimhniú réamhdheighilte a eisiúint, má chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun deighilt trasteorann arbh é ba thoradh léi gur seachnaíodh an dlí náisiúnta nó dlí AE, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm léi gurb in é an toradh a bheadh uirthi, nó gur cuireadh ar bun í chun críocha coiriúla.

9.  Más rud é, tríd an ngrinnscrúdú ar dhlíthiúlacht dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil móramhras ar an údarás inniúil gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun an deighilt trasteorann, arbh é ba thoradh léi gur seachnaíodh an dlí náisiúnta nó dlí AE, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm léi gurb in é an toradh a bheadh uirthi, nó gur cuireadh ar bun í chun críocha coiriúla, déanfaidh sé fíorais agus cúinsí ábhartha a chur san áireamh, amhail, i gcás inarb ábhartha agus gan iad a bhreithniú ina n-aonar, tosca táscacha a bhfuil an t-údarás inniúil ar an eolas fúthu, le linn an ghrinnscrúdaithe ar dhlíthiúlacht dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear trí chomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha. Is ar bhonn cás ar chás, trí nós imeachta arna rialú leis an dlí náisiúnta, a dhéanfar an measúnú chun críocha na míre seo.

10.  I gcás inar gá, chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 7, faisnéis bhreise a chur san áireamh nó gníomhaíochtaí breise imscrúdaitheacha a dhéanamh, féadfar síneadh trí mhí ar a mhéid a chur leis an tréimhse trí mhí amhail dá bhforáiltear i mír 6.

11.  I gcás nach féidir an measúnú a dhéanamh laistigh de na spriocdhátaí amhail dá bhforáiltear san Airteagal seo de bharr chastacht nós imeachta na deighilte trasteorann, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an t-iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna le haon mhoill sula rachaidh an spriocdháta bunaidh in éag.

12.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla lena mbaineann an deighilt trasteorann, lena n-áirítear iad sin ó Bhallstát na gcuideachtaí is faighteoir, agus faisnéis agus doiciméid a fháil ó na húdaráis sin agus ón gcuideachta atá riachtanach chun an rialú ar dhlíthiúlacht a chur i gcrích, faoi chuimsiú an chreata nós imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Féadfaidh an t-údarás inniúil dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách le linn an mheasúnaithe.

Airteagal 160q

▌ An deimhniú réamhdheighilte a tharchur

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go roinnfear an deimhniú réamhdheighilte leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 160r(1) trí chóras idirnasctha na gclár arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 22.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar an deimhniú réamhdheighilte trí chóras idirnasctha na gclár arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 22.

3.  Beidh an rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 saor in aisce do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 160r(1) agus do na cláir.

Airteagal 160r

Grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht na deighilte trasteorann

1.  Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t-údarás eile a bheidh inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na deighilte trasteorann a mhéid a bhaineann leis an gcuid sin den nós imeachta a bhaineann le cur i gcrích na deighilte trasteorann a rialaítear le dlí Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir agus chun an deighilt trasteorann a fhormheas i gcás ▌ina bhfuil na coinníollacha ▌agus na forimiúlachtaí ábhartha uile comhlíonta go cuí.

Áiritheoidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla go háirithe go ndéanfaidh na cuideachtaí is faighteoir atá molta forálacha sin an dlí náisiúnta maidir le hionchorprú agus clárú cuideachtaí agus, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh na socruithe maidir le rannpháirtíocht fostaithe socraithe i gcomhréir le hAirteagal 160n.

2.  Chun críche mhír 1, déanfaidh an chuideachta atá á deighilt dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann arna bhformheas tríd an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k a chur faoi bhráid gach údarás dá dtagraítear i ▌ mír 1.

3.  Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfar an t-iarratas dá dtagraítear i mír 1, ón gcuideachta a bhfuil an deighilt trasteorann á déanamh aici, lena n-áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a thíolacadh, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.

4.  Déanfaidh ▌ an t-údarás dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an deighilt trasteorann a fhormheas a luaithe a bheidh a mheasúnú ar na coinníollacha ábhartha curtha i gcrích aige.

5.  Glacfaidh aon údarás inniúil, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, leis an deimhniú réamhdheighilte, dá dtagraítear in Airteagal 160q(2), a bheith ina fhianú doshéanta ar chur i gcrích ceart nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí na réamhdheighilte i mBallstát na cuideachta atá á deighilt, nach féidir an deighilt trasteorann a fhormheas dá íonais.

Airteagal 160s

Clárú

1.  Le dlí ▌ Bhallstáit na cuideachta atá á deighilt agus na gcuideachtaí is faighteoir, ▌cinnfear, i ndáil le críoch an Stáit sin, na socruithe, i gcomhréir le Airteagal 16, chun cur i gcrích na deighilte trasteorann a nochtadh sa chlár ▌.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a chur isteach ina gcláir, a bheidh ar fáil agus inrochtana go poiblí trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22:

   (a) i ▌gclár Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir – gur toradh ar dheighilt trasteorann é clárú na cuideachta is faighteoir;
   (b) i gclár Bhallstát na gcuideachtaí is faighteoirdátaí clárúcháin na gcuideachtaí is faighteoir;
   (c) i gclár Bhallstát na cuideachta atá á deighilt – i gcás deighilt iomlán, dáta an scriosta as an gclár ▌;
   (d) i ▌gclár Bhallstát na cuideachta atá á deighilt – gur toradh ar dheighilt trasteorann é an chuideachta a scriosadh nó a bhaint;
   (e) i gcláir Bhallstáit na cuideachta atá á deighilt agus na gcuideachtaí is faighteoir uimhreacha clárúcháin, ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta atá á deighilt agus na gcuideachtaí is faighteoir faoi seach.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na cláir i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoir fógra chuig an gclárlann i mBallstát na cuideachta atá á deighilt, trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22, go bhfuil na cuideachtaí is faighteoir cláraithe. I gcás deighilt iomlán, déanfar an chuideachta atá deighilt a scriosadh as an gclár láithreach ar na fógraí sin go léir a fháil.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an clár i mBallstáit na cuideachta atá á deighilt fógra chuig an gclárlann i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoir, trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22, go bhfuil éifeacht leis an deighilt trasteorann.

Airteagal 160t

An dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann

Is le dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt a shocrófar an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann. Beidh an dáta sin i ndiaidh an grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 160o, ▌agus Airteagal 160r a chur i gcrích agus i ndiaidh na fógraí uile dá dtagraítear in Airteagal 160s(3) a fháil.

Airteagal 160u

Iarmhairtí na deighilte trasteorann

1.  Beidh, mar gheall ar an deighilt trasteorann a theacht in éifeacht agus amhail ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 160t, na hiarmhairtí seo a leanas ag deighilt trasteorann iomlán a dhéanfar i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo:

   (a) déanfar sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta atá á deighilt, lena n-áirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, a aistriú chuig ▌na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir leis an leithdháileadh a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;
   (b) tiocfaidh comhaltaí na cuideachta atá á deighilt chun bheith ina gcomhaltaí de na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir le leithdháileadh na scaireanna a shonraítear i dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, mura ní é go bhfeidhmeoidh siad an ceart chun imeachta dá dtagraítear in Airteagal 160l(1);
   (c) cearta agus oibleagáidí sin na cuideachta atá á deighilt a eascróidh as na conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus a bheidh ann an tráth a thiocfaidh an deighilt trasteorann in éifeacht, aistreofar chuig na cuideachtaí is faighteoir iad.
   (d) an chuideachta atá á deighilt, scoirfidh sí de bheith ann;

2.   Beidh, mar gheall ar an deighilt trasteorann a theacht in éifeacht agus amhail ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 160t, na hiarmhairtí seo a leanas ag deighilt trasteorann pháirteach a dhéanfar i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo:

   (a) déanfar roinnt de na sócmhainní agus dliteanais sin na cuideachta atá á deighilt, lena n-áirítear conarthaí, creidmheasanna, cearta agus oibleagáidí, a aistriú chuig ▌an gcuideachta is faighteoir chuig na cuideachtaí is faighteoir agus is ag an gcuideachta atá á deighilt a bheidh an fuílleach i gcomhréir leis an leithdháileadh a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;
   (b) tiocfaidh ar a laghad roinnt de chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt chun bheith ina gcomhaltaí den chuideachta is faighteoir de na cuideachtaí is faighteoir agus fanfaidh ar a laghad roinnt de na comhaltaí sa chuideachta atá á deighilt nó tiocfaidh siad chun bheith ina gcomhaltaí díobh araon i gcomhréir leis an leithdháileadh scaireanna a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, mura ní é go bhfeidhmeoidh siad an ceart chun imeachta dá dtagraítear in Airteagal 160l(1);
   (c) cearta agus oibleagáidí sin na cuideachta atá á deighilt a eascróidh as na conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus a bheidh ann an tráth a thiocfaidh an deighilt trasteorann in éifeacht, agus a leithdháilfear ar an gcuideachta is faighteoir nó ar na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, aistreofar iad chuig an gcuideachta is faighteoir nó chuig na cuideachtaí is faighteoir faoi seach.

3.  Beidh, mar gheall ar an deighilt trasteorann a theacht in éifeacht agus amhail ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 160t, na hiarmhairtí seo a leanas ag deighilt trasteorann trí scaradh a dhéanfar i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo:

   (a) Déanfar an chuid de na sócmhainní agus dliteanais sin na cuideachta atá á deighilt, lena n-áirítear conarthaí, creidmheasanna, cearta agus oibleagáidí, a aistriú chuig an gcuideachta is faighteoir nó chuig na cuideachtaí is faighteoir agus is ag an gcuideachta atá á deighilt a bheidh an fuílleach i gcomhréir leis an leithdháileadh a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;
   (aa) déanfar scaireanna na cuideachta is faighteoir nó na gcuideachtaí is faighteoir a leithdháileadh ar an gcuideachta atá á deighilt.
   (b) cearta agus oibleagáidí sin na cuideachta atá á deighilt a eascróidh as na conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus a bheidh ann an tráth a thiocfaidh an deighilt trasteorann in éifeacht, agus a leithdháilfear ar an gcuideachta is faighteoir nó ar na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, aistreofar iad chuig an gcuideachta is faighteoir nó chuig na cuideachtaí is faighteoir faoi seach.

4.  I gcás nach ndéanfar sócmhainn nó dliteanas de chuid na cuideachta atá á deighilt a leithdháileadh go sainráite faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann amhail dá dtagraítear in Airteagal 160e pointe (m) agus i gcás ina bhfágfaidh léirmhíniú ar na téarmaí sin nach féidir cinneadh a dhéanamh maidir lena leithdháileadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an tsócmhainn, an cúiteamh ina leith nó an dliteanas a leithdháileadh ar na cuideachtaí is faighteoir uile nó, i gcás deighilt pháirteach nó deightilt trí scaradh, ar na cuideachtaí is faighteoir uile agus ar an gcuideachta atá á deighilt i gcoibhneas le sciar na nglansócmhainní a leithdháilfear ar gach ceann de na cuideachtaí sin faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann. In aon chás, beidh feidhm ag Airteagal 160m(2).

5.   Má cheanglaítear le dlíthe na mBallstát, i gcás ▌deighilt trasteorann a chumhdaítear leis an gcaibidil seo, foirmiúlachtaí speisialta a chomhlánú sula ngabhfaidh éifeacht le haistriú sócmhainní, ceart agus oibleagáidí áirithe ag an gcuideachta atá á deighilt amhail in aghaidh tríú páirtithe, an chuideachta atá á deighilt nó na cuideachtaí is faighteoir, de réir mar is iomchuí, is ea a dhéanfaidh na foirmiúlachtaí sin.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar scaireanna i gcuideachta is faighteoir a mhalartú ar scaireanna sa chuideachta atá á deighilt, ar scaireanna iad atá i seilbh na cuideachta féin nó trí bhíthin duine atá ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann na cuideachta.

Airteagal 160ua

Foirmiúlachtaí simplithe

I gcás ina ndéanfar deighilt mar ‘dheighilt trí scaradh’ amhail dá dtagraítear in Airteagal 160b (3) pointe (c), ní bheidh, uime sin, feidhm ag Airteagal 160e pointí b, c, f, i, p agus q ná ag Airteagail 160g, 160i agus 160l.

Airteagal 160v

Dliteanas na saineolaithe neamhspleácha

Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena rialófar ar a laghad dliteanas sibhialta an tsaineolaí neamhspleách a bheidh freagrach as an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 160i a tharraingt suas.

Beidh rialacha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh an saineolaí nó an duine dleathach ar thar a cheann a bheidh an saineolaí ag obair, neamhspleách agus nach mbeidh aon choinbhleacht leasa aige leis an gcuideachta a bhfuil iarratas á dhéanamh aici ar an deimhniú réamhdheighilte agus go mbeidh tuairim an tsaineolaí neamhchlaonta, oibiachtúil, agus tugtha d’fhonn cúnamh a thabhairt don údarás inniúil i gcomhréir leis na ceanglais neamhchlaontachta agus neamhspleáchais faoin dlí is infheidhme nó na caighdeáin ghairmiúla a bhfuil an saineolaí faoina réir.

Airteagal 160w

Bailíocht

Ní fhéadfar deighilt trasteorann ar ghabh éifeacht léi i gcomhréir leis na forálacha lena dtrasuitear an Treoir seo a chur ar neamhní.”

Ní dhéanann sé sin difear do chumhachtaí na mBallstát, inter alia, i réimse an dlí choiriúil, i réimse mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, i réimse an dlí shóisialta, i réimse an chánachais agus i réimse fhorfheidhmiú an dlí, bearta agus pionóis a fhorchur, i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, tar éis an dáta a ghabh éifeacht leis an deighilt trasteorann.”

"

Airteagal 2

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na bearta agus na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Féadfar pionóis choiriúla i leith sáruithe tromchúiseacha a áireamh ar na rialacha sin.

Beidh na bearta agus na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 3

Trasuí

1.  Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [OP: socraigh an dáta = an lá deiridh den mhí 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir sin nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí leis an tagairt sin a dhéanamh.

2.  Maidir le téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo, déanfaidh na Ballstáit é a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.  Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis ... [Iarrtar ar OP dáta deiridh thréimhse thrasuí na Treorach seo a chur isteach] meastóireacht ar an Treoir seo, lena n-áirítear meastóireacht ar sholáthar faisnéise d’fhostaithe, comhairliúchán le fostaithe agus rannpháirtíocht fostaithe a chur chun feidhme i gcomhthéacs na n-oibríochtaí trasteorann, lena n-áirítear measúnú ar na rialacha maidir leis an sciar d’ionadaithe na bhfostaithe in orgán riaracháin na cuideachta a thiocfaidh as an oibríocht trasteorann, agus ar a éifeachtaí atá na coimircí maidir leis an gcaibidlíocht i dtaobh chearta rannpháirtíochta na bhfostaithe agus mianach dinimiciúil na gcuideachtaí a bhfuil forás ag teacht orthu i gcomhthéacs trasteorann á chur san áireamh, agus Tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar na tátail, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann le creat comhchuibhithe a thabhairt isteach i ndlí an Aontais maidir le hionadaíocht na bhfostaithe ar leibhéal an bhoird, a mbeidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach ag gabháil léi.

Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú, go háirithe trí shonraí a sholáthar maidir le líon na gcomhshónna, na gcumasc agus na ndeighiltí trasteorann, a bhfad ama agus a gcostais ghaolmhara, trí shonraí a sholáthar maidir le cásanna inar obadh deimhniú réamhdheighilte mar aon le sonraí staidrimh comhiomlánaithe a sholáthar maidir le líon na gcaibidlíochtaí i dtaobh chearta rannpháirtíochta na bhfostaithe in oibríochtaí trasteorann, agus trí shonraí a sholáthar maidir le feidhmiú agus éifeachtaí rialacha dlínse is infheidhme in oibríochtaí trasteorann.

2.  Sa tuarascáil, déanfar meastóireacht go háirithe ar na nósanna imeachta dá dtagraítear i gCaibidil -I de Theideal II agus i gCaibidil IV de Theideal II, go mór mór maidir lena bhfad ama agus leis na costais a bhaineann leo.

3.  Beidh sa tuarascáil measúnú ar a indéanta atá sé rialacha a sholáthar i gcomhair cineálacha deighiltí trasteorann nach gcumhdaítear leis an Treoir seo, lena n-áirítear, go háirithe, deighilt trasteorann trí éadáil.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6

Seolaithe

Is faoi bhráid na mBallstát a chuirtear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 24.
(2)*NÍL BAILCHRÍOCH DHLÍTHEANGEOLAÍOCH DÉANTA AR AN TÉACS GO FÓILL
(3)IO C , , lch. .
(4) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019.
(5)Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (códú) (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(6) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/24/CE, Treoir 2002/47/CE, Treoir 2004/25/CE, Treoir 2005/56/CE, Treoir 2007/36/CE, Treoir 2011/35/AE, Treoir 2012/30/AE agus Treoir 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(7) Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).
(8) Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail chun críocha fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28).
(9) Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, Lch. 87).
(10) Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cosaint chearta na bhfostaithe i gcás aistriú gnóthas, gnóthaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnóthaí (IO L 82, 22.3.2001, lch. 16.).
(11) Treoir 2001/86/CE ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 lena bhforlíontar an Reacht do chuideachta Eorpach (SE) maidir le rannpháirtíocht fostaithe (IO L 294, 10.11.2001, lch. 22).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
(13) Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).
(14) Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna (IO L 225, 12.8.1998, lch. 1).
(15) Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).
(16) Treoir 2009/133/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar chumaisc, deighiltí, páirtdeighiltí, aistrithe sócmhainní agus malartuithe scaireanna i dtaobh cuideachtaí Ballstát éagsúil agus ar aistriú oifige cláraithe SE nó SCE idir Bhallstáit (IO L 310, 25.11.2009, lch. 34).
(17) Treoir /2015/2376/AE ón gComhairle an 8 Nollaig 2015 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais IO L 332, 18.12.2015, lch. 1).
(18) Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach i réimse na cánach (IO L. 146, 3.6.2016, lch. 8).
(19) Treoir 2018/822/AE ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann (IO L 139, 5.6.2018, lch. 1).
(20) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(21) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(22) IO L 123, 12.5. 2016, lch. 1.


Neamhchosaintí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach ***I
PDF 195kWORD 60k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le neamhchosaintí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach (COM(2018)0093 – C8-0112/2018 – 2018/0042(COD))
P8_TA-PROV(2019)0431A8-0384/2018

(An gnáthnós Imeachta Reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0093),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0112//2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Lúnasa 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0384/2018),

1.  ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le neamhchosaintí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach(3)

P8_TC1-COD(2018)0042


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach(4),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(5),

▌,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(6),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Le hAirteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), tugtar, faoi choinníollacha áirithe, cóir fhabhrach do bhannaí faoi chumhdach. I dTreoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8)(9), sonraítear bunghnéithe na mbannaí faoi chumhdach agus déantar foráil do chomhshainiú ar bhannaí faoi chumhdach.

(2)  An 20 Nollaig 2013, d'iarr an Coimisiún ar an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) tuairim a thabhairt ar a iomchuí atá na hualaí riosca a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. De réir thuairim ÚBE,(10) is láimhseáil stuamachta iomchuí, i bprionsabal, láimhseáil fhabhrach na n-ualaí riosca a leagtar síos in Airteagal 129 den Rialachán sin. Mhol ÚBE, áfach, go ndéanfaí tuilleadh machnaimh ar an deis atá ann na ceanglais incháilitheachta, mar a leagtar amach le hAirteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a chomhlánú chun go gcumhdófaí, ar a laghad, réimse an mhaolaithe riosca leachtachta, réimse an rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh, ról an údaráis inniúil, agus go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar na ceanglais atá ann cheana maidir le nochtadh d'infheisteoirí(11).

(3)  I bhfianaise thuairim ÚBE, is iomchuí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú trí cheanglais bhreise maidir le bannaí faoi chumhdach a chur leis, rud a neartóidh cáilíocht na mbannaí faoi chumhdach atá incháilithe do láimhseáil fhabhrach caipitil amhail dá bhforáiltear in Airteagal 129 den Rialachán sin.

(4)  De bhun an tríú fomhír d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh údaráis inniúla cur i bhfeidhm an cheanglais maidir le neamhchosaintí chun cáiliú do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, amhail mar a leagtar síos i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 129(1), a tharscaoileadh i bpáirt, agus féadfaidh siad neamhchosaint atá incháilithe do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa a cheadú suas le huasmhéid 10 % de neamhchosaint iomlán mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid eisiúna. Ní bheidh feidhm ag an tarscaoileadh i bpáirt sin, áfach, ach amháin tar éis réamhchomhairliúchán le ÚBE agus ar an gcoinníoll amháin gur féidir fadhbanna suntasacha comhchruinnithe a d’fhéadfadh a bheith sna Ballstáit lena mbaineann a dhoiciméadú mar thoradh ar chur i bhfeidhm an cheanglais maidir le céim 1 den cháilíocht chreidmheasa. Ós rud é go bhfuil sé ag éirí níos deacra, i bhformhór na mBallstát laistigh den limistéar euro agus lasmuigh de, na ceanglais maidir le neamhchosaintí a cháiliú do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, amhail mar a bhunaigh Institiúidí um Measúnú Creidmheasa Seachtrach, a chomhlíonadh, mheas na Ballstáit sin ina bhfuil na margaí is mó do bhannaí faoi chumhdach gur ghá an tarscaoileadh sin a chur i bhfeidhm. Chun simpliú a dhéanamh ar úsáid neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa mar chomhthaobhacht le haghaidh bannaí faoi chumhdach agus chun aghaidh a thabhairt ar an deacracht sin, is gá Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú ▌. In áit an deis a bheith ag na húdaráis inniúla na ceanglais a tharscaoileadh, is iomchuí riail a bhunú lena gceadófar neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa suas le huasmhéid 10 % de neamhchosaint iomlán mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid eisiúna gan an gá le dul i gcomhairle le ÚBE. Is gá foráil a dhéanamh do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa a úsáid i leith taiscí gearrthéarma, agus i leith díorthaigh i mBallstáit shonracha i gcásanna ina mbeadh sé ródheacair an ceanglas maidir le céim 1 nó céim 2 den cháilíocht chreidmheasa a chomhlíonadh. Ba cheart d’údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) de Threoir (AE) 2019…(12) a bheith in ann, tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, úsáid chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa a lamháil i gcás conarthaí díorthacha chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna comhchruinnithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

(5)  I gcomhréir le pointe (d)(ii) agus pointe (f)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is sócmhainní incháilithe is féidir a úsáid mar chomhthaobhacht le haghaidh bannaí faoi chumhdach suas le huasmhéid 10 % de mhéid ainmniúil eisiúint na mbannaí faoi chumhdach gan íoc (an ‘tairseach 10 %’) iad iasachtaí arna n-urrú ag aonaid shinsearacha arna n-eisiúint ag Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó ag eintitis urrúsaithe choibhéiseacha a urrúsaíonn neamhchosaintí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála. Le hAirteagal 496 den Rialachán sin, áfach, ceadaítear d’údaráis inniúil an tairseach 10 % a tharscaoileadh. Ina theannta sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún le hAirteagal 503(4) den Rialachán céanna athbhreithniú a dhéanamh ar a iomchuí atá an maolú lena gceadaítear d’údaráis inniúla an tairseach 10 % a tharscaoileadh. An 22 Nollaig 2013, d’iarr an Coimisiún ar ÚBE tuairim a thabhairt ina leith sin. Sa tuairim uaidh dar dáta an 1 Iúil 2014, mhaígh ÚBE go n-eascródh ábhair imní stuamachta as aonaid shinsearacha, arna n-eisiúint ag Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó ag eintitis urrúsaithe choibhéiseacha a urrúsaíonn neamhchosaintí ar mhaoin cónaithe nó ar mhaoin tráchtála, a úsáid mar chomhthaobhacht mar gheall ar an struchtúr dhá shraith atá ag clár bannaí faoi chumhdach a bhfuil aonaid urrúsaithe ina dtaca dó agus, dá bhrí sin, go mbeadh trédhearcacht neamhleor maidir le cáilíocht chreidmheasa an chomhthiomsaithe chumhdaigh mar thoradh air. Dá bharr sin, mhol ÚBE go ndéanfaí, tar éis an 31 Nollaig 2017, deireadh a chur leis an maolú ar an tairseach 10 % i gcomhair aonaid urrúsaithe shinsearacha a leagtar síos faoi láthair in Airteagal 496 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013(13).

(6)  Ní cheadaítear urrúis, a bhfuil morgáistí cónaithe nó tráchtála ina dtaca dóibh, a áireamh ach i líon teoranta creataí náisiúnta um bannaí faoi chumhdach. Tá laghdú ag teacht ar úsáid na struchtúr sin agus meastar go gcuireann siad castacht nach gá le clár na mbannaí faoi chumhdach. Is iomchuí, dá bhrí sin, deireadh a chur, scun scan, le húsáid na struchtúr sin mar shócmhainní incháilithe. Dá bhrí sin, ba cheart pointe (d)(ii) agus pointe (f)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar aon le hAirteagal 496 den Rialachán sin, a scriosadh.

(7)  Úsáideadh struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú laistigh de ghrúpa a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar chomhthaobhacht incháilithe freisin i gcomhréir le pointe (d)(ii) agus pointe (f)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 129(1) den Rialachán sin. Níl rioscaí breise ó thaobh na stuamachta ag baint le struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú laistigh de ghrúpa mar ní chruthaíonn siad na deacrachtaí céanna castachta agus a chruthaíonn úsáid iasachtaí arna n-urrú ag aonaid shinsearacha arna n-eisiúint ag Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó ag eintitis urrúsaithe choibhéiseacha a urrúsaíonn neamhchosaintí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála. De réir ÚBE, ba cheart comhthaobhú bannaí faoi chumhdach trí bhíthin stuchtúir chomhthiomsaithe bannaí faoi chumhdach a cheadú gan teorainneacha i dtaca le líon na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna(14). Dá réir sin, ba cheart pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 129(1) a leasú chun deireadh a chur leis an gceanglas an teorainn 15 % nó 10 % a chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa i struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú laistigh de ghrúpa. Is le hAirteagal 8 de Threoir (AE) 2019../… a rialaítear na struchtúir bannaí faoi chumhdach sin arna gcomhthiomsú laistigh de ghrúpa(15).

(8)  Ceanglaítear le hAirteagal 129(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go ndéanfaí na prionsabail luachála le haghaidh maoin dhochorraithe a chomthaobhaíonn bannaí faoi chumhdach, a leagtar amach in Airteagal 229(1) den Rialachán sin, a chur i bhfeidhm maidir le bannaí faoi chumhdach chun go gcomhlíonfadh na bannaí sin na ceanglais maidir le láimhseáil fhabhrach. Maidir leis na ceanglais i ndáil le hincháilitheacht sócmhainní atá ina gcomhthaobhacht le haghaidh bannaí faoi chumhdach, baineann siad leis na gnéithe cáilíochta ginearálta lena n-áirithítear stóinseacht an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith faoi réir Threoir (AE) 20../…(16). Dá réir sin, ba cheart na forálacha maidir le modheolaíocht luachála a bheith faoi réir na Treorach sin freisin. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag na caighdeáin theicniúla rialála a shainordaítear le hAirteagal 124(4)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na critéir cháilitheachta le haghaidh bannaí faoi chumhdach amhail mar a leagtar amach in Airteagal 129 den Rialachán sin. Dá bhrí sin, is gá Airteagal 129(3) den Rialachán sin a leasú chuige sin.

(9)  Tá teorainneacha iasachta/luacha riachtanach chun cáilíocht chreidmheasa na mbannaí faoi chumhdach a áirithiú. Bunaítear le hAirteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ▌teorainneacha iasachta/luacha le haghaidh morgáistí agus le haghaidh liain mhuirí ar longa ach ní shonraítear leis conas is ceart na teorainneacha sin a chur i bhfeidhm, rud ar féidir éiginnteacht teacht as. ▌Ba cheart teorainneacha iasachta/luacha a chur i bhfeidhm mar theorainneacha cumhdaigh boga, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon teorainneacha le méid na bun-iasachta ach nach féidir an iasacht sin a áireamh mar chomhthaobhacht ach amháin laistigh de na teorainneacha iasachta/luacha a fhorchuirtear ar na sócmhainní. ▌Le teorainneacha iasachta/luacha cinntear sciar céatadáin na hiasachta a chuirfear san áireamh sa cheanglas maidir le cumhdach dliteanas. Dá bhrí sin, is iomchuí a shonrú go gcinntear le ▌teorainneacha iasachta/luacha an sciar den iasacht a chuirtear san áireamh i gcumhdach an bhanna faoi chumhdach.

(10)  Chun soiléireacht níos fearr a áirithiú, ba cheart a shonrú freisin go mbeidh feidhm ag na teorainneacha iasachta/luacha ar feadh aibíocht iomlán na hiasachta. Níor cheart an cóimheas iasachta/luacha iarbhír a athrú ach ba cheart é a choinneáil ag teorainn 80 % de luach na maoine i gcás iasachtaí cónaithe, agus ag teorainn 60 % nó 70% de luach na maoine i gcás iasachtaí tráchtála agus long. Ba cheart maoin tráchtála dhochorraithe a thuiscint i gcomhréir leis an tuiscint fhorleathan ar an gcineál sin maoine a bheith ina maoin ‘neamhchónaithe’ dhochorraithe, agus, freisin, nuair is i seilbh eagraíochtaí neamhbhrabúis atá sí.

(11)  Chun cáilíocht na mbannaí faoi chumhdach dá dtugtar an láimhseáil fhabhrach caipitil amhail dá bhforáiltear in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fheabhsú tuilleadh, ba cheart an láimhseáil fhabhrach sin a bheith faoi réir íosleibhéal rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh, rud arb ionann é agus leibhéal comhthaobhachta a bheidh os cionn na gceanglas maidir le cumhdach amhail dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir (AE) 2019/…(17). Is é a bheadh mar thoradh ar an gceanglas sin go maolófaí na rioscaí ab ábhartha a thiocfadh as dócmhainneacht an eisitheora nó a réiteach. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit íosleibhéal níos airde rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh a chur i bhfeidhm maidir le bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá lonnaithe ar a gcríoch féin, níor cheart go gcuirfeadh sé sin toirmeasc ar institiúidí creidmheasa faoi infheistíocht a dhéanamh i mbannaí faoi chumhdach eile lena ngabhann íosleibhéal níos ísle rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh lena gcomhlíontar an Rialachán seo ná faoi leas a bhaint as a fhorálacha.

(12)  Ceann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 129(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 is ea go bhfaighidh an institiúid chreidmheasa a dhéanann infheistíocht i mbannaí faoi chumhdach faisnéis áirithe maidir leis na bannaí faoi chumhdach ar bhonn leathbhliantúil ar a laghad. Is cuid bhunriachtanach de bhannaí faoi chumhdach iad ceanglais trédhearcachta lena n-áirithítear leibhéal nochta aonfhoirmeach agus lena lamháiltear d’infheisteoirí an measúnú riosca is gá a dhéanamh, rud a fheabhsaíonn inchomparáideacht, trédhearcacht agus cobhsaíocht mhargaidh. Dá bhrí sin, is iomchuí a áirithiú go mbeidh feidhm ag ceanglais trédhearcachta maidir le gach banna faoi chumhdach is féidir a bhaint amach trí na ceanglais sin a leagan síos i dTreoir (AE) 2019../…(18) mar ghné struchtúrach choiteann de bhannaí faoi chumhdach. Dá réir sin, ba cheart Airteagal 129(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a scriosadh.

(13)  Is ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha iad bannaí faoi chumhdach agus, mar sin de, eisítear iad agus aibíocht sceidealaithe roinnt blianta ag gabháil leo. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú nach gcuirfear isteach ar bhannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2007 nó roimh ... [OP: Cuir isteach dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart díolúine fós a bheith ag bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2007 ó na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le sócmhainní incháilithe, rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh agus sócmhainní ionadaithe. Sa bhreis air sin, ba cheart díolúine a bheith ag bannaí faoi chumhdach eile lena gcomhlíontar ▌ Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a eisíodh roimh ... [OP: Cuir isteach dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ó na ceanglais maidir le rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh agus sócmhainní ionadaithe, agus ba cheart go leanfaidís de bheith incháilithe don láimhseáil fhabhrach amhail mar a leagtar amach sa Rialachán sin go dtí a n-aibíocht.

(14)  Ba cheart an Rialachán sin a chur i bhfeidhm i gcomhar le Treoir (AE) 2019/...(19). Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach an creat nua lena mbunófar gnéithe struchtúracha i dtaca le bannaí faoi chumhdach agus na ceanglais leasaithe a bhaineann le láimhseáil fhabhrach, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a chur siar ionas go ndéanfar é i gcomhthráth leis an dáta óna bhfuil na Ballstáit leis na forálacha lena dtrasuitear an Treoir sin a chur i bhfeidhm.

(15)  Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(1)   Leasaítear Airteagal 129 mar a leanas:

(a)  leasaítear mír 1 mar a leanas:(20)

(i)  leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

–  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:"

“Chun bheith incháilithe don láimhseáil fhabhrach a leagtar amach i míreanna 4 agus 5, leis na bannaí faoi chumhdach amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2019/xxxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,(21)* cumhdófar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 3, 3a agus 3b den Airteagal sin agus déanfar iad a chomhthaobhú le haon cheann de na sócmhainní incháilithe seo a leanas:

______________________________

* I dTreoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE (IO C […], […], lch. […])].”.

"

–  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

"(c) neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do ▌chéim 1,▌ nó do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, nó neamhchosaintí i bhfoirm taiscí gearrthéarma lena ngabhann aibíocht nach sia ná 100 lá i gcás ina n-úsáidtear na taiscí sin chun an ceanglas um maolán leachtachta le haghaidh comhthiomsú cumhdaigh in Airteagal 16 agus conarthaí díorthacha a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir (AE) 2019./…(22) ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa, i gcás ina gceadaíonn na húdaráis inniúla neamhchosaintí i bhfoirm conarthaí díorthacha, amhail mar a leagtar amach sa Chaibidil seo.";

"

–  i bpointe (d), scriostar pointe (ii);

–  i bpointe (f), scriostar pointe (ii);

(ii)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"

"Chun críocha mhír 1(a), maidir le neamhchosaintí a tharla de dhroim tharchur nó bhainistiú íocaíochtaí na bhféichiúnaithe i leith iasachtaí, nó de bharr fáltais leachtachta maidir le hiasachtaí, arna n-urrú le maoin gheallta de chuid ▌na n-urrús fiachais, ní chuirfear san áireamh iad i ríomh na dteorainneacha dá dtagraítear sa chaibidil sin.";

"

(iii)  scriostar an tríú fomhír;

(b)  cuirtear na míreanna seo a leanas ▌ isteach:"

"1a. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

   (a) i gcás neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do ▌chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh an neamhchosaint thar 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid chreidmheasa eisiúna;
   (b) i gcás neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do ▌chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh an neamhchosaint thar 10 % de neamhchosaint iomlán mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid chreidmheasa eisiúna;
   (c) i gcás neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa i bhfoirm taiscí gearrthéarma lena ngabhann aibíocht nach sia ná 100 lá agus i gcás conarthaí díorthacha d’institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidhmheasa, ní rachaidh na neamchosaintí thar 8 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna;

Maidir leis na húdaráis inniúla arna n-ainmiú de bhun Airteagal 18(2) de Threoir (AE) 2019/...(23), féadfaidh siad, tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, neamhchosaintí a cheadú i bhfoirm conarthaí díorthach d’institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa ach ní fhéadfaidh siad sin a dhéanamh ach amháin i gcás inar féidir doiciméadú a dhéanamh ar fhadhbanna suntsacha comhchruinnithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn sna Ballstáit lena mbaineann mar thoradh ar na ceanglais, dá dtagraítear sa mhír seo, i leith chéim 1 agus chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, a chur i bhfeidhm;

   (d) maidir leis an neamhchosaint iomlán ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do ▌ chéim 1, do chéim do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh sí thar 15 % de neamhchosaint iomlán mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna. Maidir leis an neamhchosaint iomlán ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa nó do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh sí thar 10% de neamhchosaint iomlán mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna.

1b.   ▌Ní bheidh feidhm ag mír 1a maidir le húsáid bannaí faoi chumhdach mar chomhthaobhacht incháilithe mar a cheadaítear de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2019/...+.

1c.  Chun críocha phointe (d)(i) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag an teorainn 80 % ar bhonn iasacht ar iasacht agus cinnfear léi an sciar den iasacht a chuirtear san áireamh i gcumhdach na ndliteanas atá nasctha leis an mbanna faoi chumhdach agus beidh feidhm aici i rith aibíocht iomlán na hiasachta.

1d.  Chun críocha phointí (f)(i) agus (g) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag an teorainn 60 % nó 70 % ar bhonn iasacht ar iasacht agus cinnfear léi an sciar den iasacht a chuirtear san áireamh i gcumhdach na ndliteanas atá nasctha leis an mbanna faoi chumhdach agus beidh feidhm aici i rith aibíocht iomlán na hiasachta.";

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

"3. I gcás maoin dhochorraithe agus long a chomthaobhaíonn bannaí faoi chumhdach atá i gcomhréir leis an Rialachán seo, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 208. Déanfar na ceanglais i leith faireachán a dhéanamh ar luachanna maoine a leagtar síos i bpointe (a) de mhír 3 d’Airteagal 2018 a chomhlíonadh go minic agus uair sa bhliain ar a laghad i gcás gach maoine dochorraithe agus loinge.";

"

(d)  cuirtear na míreanna ▌seo a leanas isteach:"

"3a. Sa bhreis ar na sócmhainní incháilithe a liostaítear i mír 1 a chomhthaobhú, beidh bannaí faoi chumhdach faoi réir íosleibhéal rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh 5 % amhail a shainmhínítear in Airteagal 3(12) de Threoir (AE) 2019/...(24).

Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh méid ainmniúil iomlán na sócmhainní cumhdaigh uile ar aon luach ar a laghad le méid ainmniúil iomlán na mbannaí faoi chumhdach gan íoc ('prionsabal ainmniúil') agus is iad sócmhainní incháilithe, amhail mar a leagtar amach i mír 1, a bheidh iontu.

Ní bheidh na sócmhainní a chuirtear san áireamh in íosleibhéal rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh faoi réir na dteorainneacha ar mhéid neamhchosanta amhail mar a leagtar amach i ▌ mír 1a ná ní áireofar iad faoi chomhair na dteorainneacha sin.

Féadfaidh na Ballstáit íosleibhéal níos ísle rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh a chur i bhfeidhm maidir le bannaí faoi chumhdach nó féadfaidh siad údarú a thabhairt dá n-údaráis inniúla an leibhéal sin a rialáil, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

   (a) go ríomhfar rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh bunaithe ar chur chuige foirmiúil lena ndéantar riosca ▌foluiteach na sócmhainní a chur san áireamh nó ar chur chuige foirmiúil faoina bhfuil luacháil na sócmhainní faoi réir luach iasachta morgáiste mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(74);
   (b) nach féidir íosleibhéal rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh a bheith níos ísle ná 2 % bunaithe ar an bprionsabal ainmniúil.

Ní bheidh na sócmhainní a chuirtear san áireamh in íosleibhéal rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh faoi réir na dteorainneacha ar mhéid neamhchosanta amhail mar a leagtar amach i ▌ mír 1a ná ní áireofar iad faoi chomhair na dteorainneacha sin.

3b.  Féadfar sócmhainní incháilithe dá dtagraítear i mír 1 a chur san áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh mar shócmhainní ionadaithe amhail a shainmhínítear in Airteagal 3(11) de Threoir (AE) 2019/...(25) le haghaidh na sócmhainní príomha amhail a shainmhínítear in Airteagal 3(10) den Treoir sin, faoi réir na dteorainneacha ar cháilíocht chreidmheasa agus ar mhéid neamhchosanta amhail mar a leagtar amach i míreanna 1 agus 1a den Airteagal seo.";

"

(e)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 agus mhír 7:"

"6. Ní bheidh bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2007 faoi réir cheanglais mhír 1, mhír 1a, mhír 3, mhír 3a agus mhír 3b. Beidh siad incháilithe don láimhseáil fhabhrach faoi mhíreanna 4 agus 5 go dtí a n-aibíocht.

7.  Bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh ... [OP cuir isteach an dáta a dtiocfaidh an Rialachán leasaitheach seo i bhfeidhm] lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, sa leagan is infheidhme dáta a n-eisiúna, ní bheidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar síos i míreanna 3a agus 3b. Beidh siad incháilithe don láimhseáil fhabhrach faoi mhíreanna 4 agus 5 go dtí a n-aibíocht."

"

(2)  i bpointe (a) d’Airteagal 416(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):"

"(ii) is bannaí iad amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...(26) diomaite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (i) den phointe seo;";

"

(3)  in Airteagal 425, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

"1. Tabharfaidh institiúidí tuarascáil ar a n-insreafaí leachtachta. Is éard a bheidh in insreafaí leachtachta caidhpeáilte na hinsreafaí leachtachta arna dteorannú do 75 % d'eis-sreafaí leachtachta. Féadfaidh institiúidí insreafaí leachtachta ó thaiscí a taisceadh le hinstitiúidí eile agus a cháilíonn do na láimhseálacha a leagtar amach in Airteagal 113(6) nó (7) a dhíolmhú ón teorainn sin. Féadfaidh institiúidí insreafaí leachtachta ó airgead atá dlite ó iasachtaithe agus ó infheisteoirí bannaí a bhaineann le hiasachtú morgáistí arna chistiú le bannaí atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4), (5) nó (6) nó le bannaí faoi chumhdach amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+

a dhíolmhú ón teorainn sin. Féadfaidh institiúidí insreafaí a dhíolmhú ó iasachtaí spreagtha atá ceadaithe ag na hinstitiúidí. Faoi réir réamhfhaomhadh ón údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht ar bhonn aonair, féadfaidh an institiúid insreafaí a dhíolmhú ina n-iomláine nó i bpáirt i gcás inar máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide nó fochuideachta eile de chuid na máthairinstitiúide céanna é an soláthraí nó i gcás ina mbeidh an soláthraí nasctha leis an institiúid trí ghaol de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE.";

"

(4)  i bpointe (b) d’Airteagal 427(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (x):"

"(x) dliteanais a eascraíonn as urrúis arna n-eisiúint, atá cáilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) nó amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...(27);";

"

(5)  i bpointe (h) d’Airteagal 428(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):"

"(iii) arna maoiniú le cistiú meaitseála (faoi bhealach) trí bhannaí atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) nó trí bhannaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+;";

"

(6)  Scriostar Airteagal 496;

(7)  i bpointe 6 d’Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

"(c) is bannaí iad amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...(28) diomaite díobh siúd dá dtagraítear i bpointe (b) den phointe seo.".

"

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón ... [OP: cuir isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) de Threoir (AE) 2019/...+]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)IO C 382, 23.10.2018, lch. 2.
(2)IO C 367, 10.10.2018, lch. 56.
(3)*NÍL BAILCHRÍOCH DHLÍTHEANGEOLAÍOCH DÉANTA AR AN TÉACS GO FÓILL
(4)IO C 382, 23.10.2018, lch. 2.
(5)IO C 367, 10.10.2018, lch. 56.
(6) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019.
(7)Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(8)+ OP: Cuir isteach uimhir Threoir (AE) 20xx/xx maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE agus comhlánaigh fonóta 5.
(9) Treoir (AE) 2019/... maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE (IO L, ..., lch. ...).
(10)Tuairim ón Údarás Baincéireachta Eorpach maidir le láimhseáil fhabhrach caipitil na mbannaí faoi chumhdach, ÚBE/Op/2014/04.
(11)Moltaí AE COM 1-A go 1-D a leagtar amach i dTuairim ÚBE/Op/2014/04.
(12)+ OP: Cuir isteach uimhir na Treorach (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE.
(13)Moladh AE COM 2 a leagtar amach i dTuairim ÚBE/Op/2014/04.
(14)Ibid.
(15)+OP: Cuir isteach uimhir na Treorach (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE.
(16)+OP: Cuir isteach uimhir na Treorach (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE.
(17)+OP: Cuir isteach uimhir na Treorach (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE.
(18)+OP: Cuir isteach uimhir na Treorach (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE.
(19)+OP: Cuir isteach uimhir na Treorach (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE.
(20)
(21)+IO: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE]
(22)+OP: Cuir isteach uimhir na Treorach (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE
(23)+ OP: Cuir isteach uimhir na Treorach (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE.
(24)+ OP: Cuir isteach uimhir na Treorach (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE.
(25)+OP: Cuir isteach uimhir na Treorach (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE.
(26)+OP: Cuir isteach uimhir na Treorach (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE.
(27)+OP: Cuir isteach uimhir na Treorach (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE.
(28)+OP: Cuir isteach uimhir na Treorach (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE.


Bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach ***I
PDF 306kWORD 103k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE (COM(2018)0094 – C8-0113/2018 – 2018/0043(COD))
P8_TA-PROV(2019)0432A8-0390/2018

(An gnáthnós Imeachta Reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0094),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 53 agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0113/2018),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0390/2018),

1.  ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á thabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceist na mbannaí faoi chumhdach agus na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE(2)

P8_TC1-COD(2018)0043


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal ▌114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Foráiltear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) maidir le ceanglais an-ghinearálta a bhaineann le heilimintí struchtúracha bannaí faoi chumhdach. Ní bhaineann na ceanglais sin ach leis an riachtanas atá ann go n-eiseoidh institiúid chreidmheasa a bhfuil a hoifig chláraithe i mBallstát na bannaí faoi chumhdach agus go mbeidh siad faoi réir maoirseacht phoiblí speisialta agus sásra dé-iontaoibhe. Le creataí náisiúnta bannaí faoi chumhdach téitear i ngleic leis na fadhbanna sin agus rialáiltear iad i bhfad níos mionsonraithe. Tá forálacha struchtúracha eile sna creataí náisiúnta sin freisin, go háirithe rialacha maidir le comhdhéanamh an chomhthiomsaithe cumhdaigh, critéir incháilitheachta sócmhainní, an deis sócmhainní a chomhthiomsú, na hoibleagáidí trédhearcachta agus tuairiscithe agus na rialacha maidir le maolú riosca leachtachta. Tá difríochtaí idir cur chuige rialála na mBallstát i leith ábhair shubstainteacha freisin. I roinnt Ballstát níl aon chreat náisiúnta tiomnaithe le haghaidh bannaí faoi chumhdach. Dá dheasca sin níl na príomheilimintí struchtúracha atá le comhlíonadh ag bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint san Aontas leagtha amach fós i ndlí an Aontais.

(2)  In Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) tá coinníollacha sa bhreis ar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE chun láimhseáil stuamachta fhabhrach a fháil i leith ceanglais chaipitil lena gceadaítear d'institiúidí creidmheasa a infheistíonn i mbannaí faoi chumhdach níos lú caipitil a bheith ina seilbh ná mar a bhíonn nuair a infheistíonn siad i sócmhainní eile. Cé go méadaítear leibhéal comhchuibhithe bannaí faoi chumhdach laistigh den Aontas leis na ceanglais bhreise sin, comhlíonann siad an cuspóir sonrach na coinníollacha a shainiú a bhaineann le láimhseáil fhabhrach a fháil d'infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus ní infheidhme na ceanglais sin lasmuigh de chreat Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(3)  I ngníomhartha eile de dhlí an Aontais, amhail Rialachán Tarmligthe 2015/61 (AE) ón gCoimisiún(7), Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún(8) agus Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9), tagraítear freisin don sainmhíniú a leagtar amach i dTreoir 2009/65/CE mar thagairt chun sainaithint a dhéanamh ar bhannaí faoi chumhdach a bhféadfar an láimhseáil fhabhrach a thabhairt dóibh a dheonaíonn na gníomhartha sin d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach. Ach bíonn difríochtaí idir foclaíocht na ngníomhartha sin de réir a gcuspóir agus a n-ábhar agus, dá bhrí sin, níl aon úsáid chomhsheasmhach á baint as an téarma 'bannaí faoi chumhdach'.

(4)  Is féidir glacadh leis ▌go bhfuil láimhseáil bannaí faoi chumhdach comhchuibhithe ar an iomlán i leith na gcoinníollacha atá le hinfheistíocht i mbannaí faoi chumhdach. Os a choinne sin, tá easpa comhchuibhithe san Aontas i leith na gcoinníollacha atá le bannaí faoi chumhdach a eisiúint agus tá roinnt iarmhairtí leis sin. Ar an gcéad dul síos, tugtar láimhseáil fhabhrach go comhionann d’ionstraimí nach ionann a gcineál chomh maith lena leibhéal riosca agus cosanta infheisteoirí. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh éagsúlachtaí idir creataí náisiúnta nó easpa creata den sórt sin, mar aon le heaspa sainmhíniú comhaontaithe ar bhannaí faoi chumhdach, bacainní a chruthú roimh fhorbairt mhargadh aonair do bhannaí faoi chumhdach ▌atá comhtháite i ndáiríre. Ar an tríú dul síos, is féidir go gcruthóidh na héagsúlachtaí ▌idir coimircí sna rialacha náisiúnta rioscaí i leith ▌ cobhsaíocht airgeadais i gcás inar féidir bannaí faoi chumhdach le leibhéil éagsúla cosanta infheisteoirí, a cheannach faoin sonrúchán sin ar fud an Aontais agus d’fhéadfaí láimhseáil stuamachta fhabhrach a thabhairt dóibh faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

(5)  Trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar roinnt gnéithe de na córais náisiúnta, in éineacht an dea-chleachtais aitheanta, ba cheart dá bhrí sin go n-áiritheofaí go ndéanfar forbairt rianúil leanúnach ar mhargaí dea-fheidhmeacha i mbannaí faoi chumhdach san Aontas agus ▌chun rioscaí agus leochaileachtaí féideartha i leith cobhsaíocht airgeadais a theorannú. Leis an gcomhchuibhiú ar bhonn prionsabal den sórt sin ba cheart go socrófaí bunlíne choiteann le haghaidh cheist na mbannaí faoi chumhdach uile san Aontas. Chun comhchuibhiú a dhéanamh ní mór do gach Ballstát creat bannaí faoi chumhdach a bhunú agus ba cheart gurbh fhusa, dá bharr sin, margadh i mbannaí faoi chumhdach a fhorbairt sna Ballstáit sin nach bhfuil aon cheann ann. Le margadh den chineál sin chuirfí foinse chobhsaí mhaoiniúcháin ar fáil d'institiúidí creidmheasa arbh fhearr a gcumas, ar an mbonn sin, morgáistí inacmhainne a chur ar fáil do thomhaltóirí agus cuideachtaí agus a chuirfeadh infheistíochtaí níos sábháilte ar fáil d'infheisteoirí.

(6)  D’eisigh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (‘BERS’) moladh(10) lenar iarradh ar údaráis náisiúnta inniúla agus ar an Údarás Baincéireachta Eorpach ('‘ÚBE'’) dea-chleachtais maidir le bannaí faoi chumhdach a shainaithint agus comhchuibhiú na gcreataí náisiúnta a spreagadh. Moladh ann freisin go gcomhordódh ÚBE gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, go háirithe i leith cáilíocht agus leithscaradh comhthiomsuithe cumhdaigh, scoiteacht féimheachta na mbannaí faoi chumhdach, na rioscaí sócmhainne agus dliteanais a mbíonn éifeacht acu ar chomhthiomsuithe cumhdaigh agus nochtadh chomhdhéanamh chomhthiomsuithe cumhdaigh. Iarradh sa mholadh freisin ar ÚBE faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú mhargadh na mbannaí faoi chumhdach trí thagairt do na dea-chleachtais arna sainaithint ag ÚBE go ceann dhá bhliain, chun an gá le beart reachtach a mheas agus a chur faoi bhráid BERS agus an Choimisiúin.

(7)  D’iarr an Coimisiún comhairle ó ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 503(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i mí na Nollag 2013.

(8)  Mar fhreagra ar mholadh an 20 Nollaig 2012 ó BERS agus ar iarraidh ón gCoimisiún ar chomhairle Nollaig 2013, d’eisigh ÚBE tuarascáil an 1 Iúil 2014(11). Tá moladh sa tuarascáil sin go ndéanfaí creataí náisiúnta dlíthiúla, rialála agus maoirseachta i leith bannaí faoi chumhdach a chóineasú a thuilleadh chun níos mó tacaíochta a thabhairt ▌ do láimhseáil aonair ualaí riosca fabhracha a bheith ann le haghaidh bannaí faoi chumhdach san Aontas.

(9)  Mar a bheartaigh BERS, rinne ÚBE faireachán breise ar fheidhmiú an mhargaidh i mbannaí faoi chumhdach trí thagairt do na dea-chleachtais mar a bhí leagtha amach sa mholadh sin ar feadh dhá bhliain. Ar an mbonn sin, chuir ÚBE an dara tuarascáil maidir le bannaí faoi chumhdach ar fáil do BERS, don Chomhairle agus don Choimisiún an 20 Nollaig 2016(12). Bhí an chonclúid sa tuarascáil sin go bhfuil gá tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh chun a áirithiú go mbeadh sainmhínithe agus láimhseáil rialála níos comhsheasmhaí ann i leith bannaí faoi chumhdach san Aontas. Bhí conclúid sa tuarascáil freisin gur cheart comhchuibhiú a bhunú ar na margaí dea-fheidhmeacha atá ann cheana i roinnt Ballstát.

(10)  Is iad na hinstitiúidí creidmheasa a d'eisíodh bannaí faoi chumhdach go dtí seo. Baineann an ionstraim le maoiniú a chur ar fáil le haghaidh iasachtaí, agus tá sé ar cheann de phríomhghníomhaíochtaí na n-institiúidí creidmheasa iasachtaí a thabhairt ar mórscála. Dá réir sin tá sé de cheanglais sa dlí de chuid an Aontais maidir le láimhseáil fhabhrach a thabhairt do bhannaí faoi chumhdach nach mór institiúidí creidmheasa iad a eisiúint.

(11)  Áirithítear trí cheist na mbannaí faoi chumhdach a fhágáil faoi na hinstitiúidí creidmheasa amháin go mbeidh an t-eolas is gá ag an eisitheoir chun an riosca creidmheasa a bhainistiú a bhaineann leis na hiasachtaí sa chomhthiomsú cumhdaigh. Lena chois sin, áirithítear ar an dóigh sin go mbeidh an t-eisitheoir faoi réir ceanglais chaipitil atá ina gcúltaca ag an gcosaint infheisteoirí atá ag an sásra dé-iontaoibhe, sásra a thugann teideal don infheisteoir agus don chontrapháirtí chonradh díorthach ar an eisitheoir bannaí faoi chumhdach agus ar na sócmhainní faoi chumhdach araon. Dá bhrí sin, trí eisiúint bannaí faoi chumhdach a fhágáil faoi na hinstitiúidí creidmheasa amháin, áirithítear go mbeidh na bannaí faoi chumhdach ina n-uirlis mhaoiniúcháin shábháilte éifeachtúil, rud a chuireann leis an gcosaint infheisteoirí agus leis an gcobhsaíocht airgeadais, dhá chuspóir de chuid na mbeartas poiblí chun an leasa ghinearálta. Bheadh sé i gcomhréir freisin le cur chuige margaí dea-fheidhmeacha nach ceadaítear ach d’institiúidí creidmheasa bannaí faoi chumhdach a eisiúint iontu.

(12)  Dá bhrí sin, is iomchuí gur cheart an chumhacht bannaí faoi chumhdach a eisiúint faoi dlí an Aontais a thabhairt d’institiúidí creidmheasa de réir bhrí Airteagal 4(1)(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus do na hinstitiúidí sin amháin. Is éard atá mar chomhartha sóirt ag institiúidí creidmheasa sainmhorgáiste ná nach nglacann siad le taiscí ach ina n-ionad sin cistí inaisíoctha eile ón bpobal, agus, dá bhrí sin, comhlíonann siad an sainmhíniú sin. Gan dochar do ghníomhaíochtaí coimhdeacha a cheadaítear faoin dlí náisiúnta infheidhme, is institiúidí iad institiúidí creidmheasa sainmhorgáistí nach ndéanann ach iasachtaí a chur ar fáil do mhorgáistí agus don earnáil phoiblí, lena n-áirítear iasachtaí cistiúcháin ceannaithe ó institiúidí creidmheasa eile. Is é is príomhchuspóir don Treoir seo na coinníollacha a rialáil faoinar féidir leis na hinstitiúidí creidmheasa sin bannaí faoi chumhdach a eisiúint mar uirlis mhaoiniúcháin trí na ceanglais táirgí agus an mhaoirseacht ar tháirgí sonracha a bhfuil siad faoina réir a bhunú chun a áirithiú go mbeidh ardleibhéal cosanta infheisteoirí ann.

(13)  Is gá sásra dé-iontaoibhe a bheith ann agus is cuid é de chuid mhór creataí náisiúnta bannaí faoi chumhdach agus is buneilimint é de bhannaí faoi chumhdach dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE. Dá bhrí sin, is gá an coincheap sin a shonrú chun a áirithiú go mbeidh teideal ag infheisteoirí agus contrapháirtithe chonarthaí díorthacha ar fud an Aontais ar an eisitheoir bannaí faoi chumhdach agus ar na sócmhainní cumhdaigh araon faoi choinníollacha comhchuibhithe.

(14)  Ba cheart scoiteacht féimheachta a bheith ina gné riachtanach de bhannaí faoi chumhdach freisin chun a áirithiú go n-aisíocfar na hinfheisteoirí i ▌mbannaí faoi chumhdach ar dháta aibíochta an bhanna. Is féidir go gcuirfidh dlús uathoibríoch le haisíocaíocht de dhroim mhainneachtain an eisitheora isteach ar an rangú díobh sin a rinne infheistíocht i mbannaí faoi chumhdach. Tá sé tábhachtach ▌a áirithiú go n-aisíoctar infheisteoirí i gcomhréir leis an sceideal conarthach, fiú i gcás mainneachtana. Dá réir sin, tá baint dhíreach ag an scoiteacht féimheachta leis an sásra dé-iontaoibhe agus mar sin de, is ceart í a bheith ina bunghné de chreat na mbannaí faoi chumhdach.

(15)  Bunghné eile atá le creataí náisiúnta um bannaí faoi chumhdach atá ann cheana ná an ceanglas gur cheart na sócmhainní cumhdaigh a bheith ar ardcháilíocht chun stóinseacht an chomhthiomsaithe cumhdaigh a áirithiú. Déantar na sócmhainní cumhdaigh sin a aithint trí shaintréithe a bhaineann leis na héilimh ar íocaíocht agus leis na sócmhainní comhthaobhachta lena ndéantar na sócmhainní cumhdaigh sin a urrúsú. Dá bhrí sin, is iomchuí saintréithe cáilíochta ginearálta a leagan amach ar cheart sócmhainní a bheith i gcomhréir leo chun bheith incháilithe chun a n-úsáide mar chumhdach do shócmhainní. Ba cheart na sócmhainní atá liostaithe i bpointí (a) go (g) d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mheas mar shócmhainní cumhdaigh incháilithe laistigh de chreat bannaí faoi chumhdach. Áirítear leis sin an cás nach gcomhlíonann sócmhainní faoi chumhdach den sórt sin aon cheann de na ceanglais a leagtar amach sna pointí sin a thuilleadh, ach meastar iad a bheith incháilithe faoi phointe (b) de mhír 1, a fhad is a chomhlíonann siad ceanglais na Treorach seo. D’fhéadfaí iasachtaí le gnóthais phoiblí nó atá á rathú acu mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(b) de Threoir 2006/111/CE ón gCoimisiún a mheas a bheith ina sócmhainní faoi chumhdach incháilithe ar choinníoll go soláthraíonn na ngnóthais phoiblí seirbhísí poiblí chun gníomhaíochtaí atá ríthábhachtach don tsochaí a choimeád ar bun. Ina theannta sin, ba cheart go soláthródh gnóthais phoiblí a gcuid seirbhísí faoi chonradh lamháltais nó faoi cheadú ó údarás poiblí, ba cheart go mbeadh siad faoi réir maoirseacht phoiblí agus ba cheart go mbeadh cumhachtaí leordhóthanacha chun ioncam a ghiniúint acu chun a sócmhainneacht a áirithiú. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit sócmhainní a cheadú i bhfoirm iasachtaí le gnóthais phoiblí nó i bhfoirm iasachtaí atá ráthaithe acu ina gcreat náisiúnta, ba cheart dóibh aird chuí a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh sé sin a imirt ar iomaíocht i dtaca leis na sócmhainní sin. Níor cheart a mheas, gan beann ar a n-úinéireacht, gur gnóthais phoiblí iad institiúidí creidmheasa nó cuideachtaí árachais. Dá bhrí sin, ba cheart neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa a mheas mar shócmhainní incháilithe faoi chumhdach faoi Airteagal 6(1)(a) nó (b) den Treoir seo, ag brath ar cibé acu an gcomhlíonann siad nó nach gcomhlíonann siad ceanglais Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart nochtadh do chuideachtaí árachais a mheas freisin mar shócmhainní faoi chumhdach incháilithe faoi Airteagal 6(1)(b) den Treoir seo. D’fhéadfaí sócmhainní eile faoi chumhdach atá ar chaighdeán comhchosúil ardcháilíochta a mheas freisin a bheith incháilithe faoin Treoir seo, ar choinníoll go gcomhlíonann sócmhainní faoi chumhdach den sórt sin ceanglais na Treorach seo, lena n-áirítear na ceanglais a bhaineann leis na sócmhainní comhthaobhachta lena n-urrúsaítear an t-éileamh ar íocaíocht. I gcás sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta, ba cheart úinéireacht a thaifeadadh i gclár poiblí chun in-fhorfheidhmitheacht a áirithiú. I gcás nach ann do chlár poiblí, ba cheart go mbeadh sé indéanta do na Ballstáit foirm mhalartach dheimhniúchán úinéireachta agus éilimh a sholáthar atá inchomparáide leis an gceann sin a sholáthraítear trí chlárú poiblí na sócmhainne fisicí ualaithe. I gcás ina mbainfidh na Ballstáit feidhm as foirm mhalartach dheimhniúcháin den sórt sin, ba cheart dóibh freisin nós imeachta a sholáthar chun athruithe a thabhairt isteach ar thaifeadadh úinéireachta agus teidil. Ba cheart an tsaoirse a bheith ▌ag na Ballstáit sócmhainní áirithe a eisiamh ina gcreataí náisiúnta. Chun infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach a chumasú chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar an riosca ar chlár banna faoi chumhdach, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin maidir le rialacha faoi éagsúlú riosca maidir le gráinneacht agus tiúchan ábhartha ar líon na n-iasachtaí nó neamhchosaint sa linn cumhdaigh agus ar líon na gcontrapháirtithe. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an leibhéal iomchuí gráinneachta agus comhchruinnithe ábhartha a iarrtar ina ndlí náisiúnta.

(16)  Tá saintréithe struchtúracha sonracha ag bannaí faoi chumhdach arbh é is aidhm leo infheisteoirí a chosaint i gcónaí. Ar na saintréithe sin tá an ceanglas go bhfuil teideal ag infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach ní hamháin ar an eisitheoir ach, chomh maith leis sin, ar shócmhainní i gcomhthiomsú cumhdaigh tiomnaithe. ▌Ní hionann na ceanglais struchtúracha sin a bhaineann le táirgí agus na ceanglais stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach. Níor cheart na ceanglais struchtúracha a bhaineann le táirgí a bheith dírithe ar shláinte stuamachta na hinstitiúide eisiúna a áirithiú, ach ar infheisteoirí a chosaint trí cheanglais shonracha a fhorchur ar an mbanna faoi chumhdach féin. Chomh maith leis an gceanglas sonrach sócmhainní faoi chumhdach ar ardcháilíocht a úsáid, is iomchuí ceanglais ghinearálta ghnéithe na linne cumhdaigh a rialáil chun cosaint infheisteoirí a neartú a thuilleadh. Ba cheart go n-áireofaí sna ceanglais sin rialacha sonracha a bhfuil mar aidhm leo an linn cumhdaigh a chosaint, amhail rialacha maidir le leithscaradh na sócmhainní faoi chumhdach. Is féidir leithscaradh a bhaint amach ar bhealaí éagsúla, amhail ar chlár comhardaithe, trí bhíthin Meán Shainchuspóireach (SPV) nó modhanna eile. Mar sin féin, is é is cuspóir le leithscaradh na sócmhainní ná chun iad a chur thar acmhainn dhlíthiúil na gcreidiúnaithe cé is moite de shealbhóirí bhanna faoi chumhdach. Ba cheart suíomh na sócmhainní faoi chumhdach a rialáil freisin lena áirithiú go gcomhlíontar cearta an infheisteora ▌. Tá sé tábhachtach freisin go leagfadh na Ballstáit síos rialacha maidir le comhdhéanamh na linne cumhdaigh ▌. Ar a bharr sin, ba cheart sainmhíniú ar na ceanglais chumhdaigh a chur sa Treoir seo, gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit cead a thabhairt maolú a dhéanamh ar mhodhanna éagsúla, cuir i gcás, rioscaí airgeadra agus rátaí úis. Is féidir ríomh an chumhdaigh agus na gcoinníollacha faoinar féidir conarthaí díorthacha a chuimsiú sa linn cumhdaigh a shainiú freisin chun a áirithiú go mbeidh linnte cumhdaigh faoi réir comhchaighdeáin ardcháilíochta ar fud an Aontais. Ba cheart go ndéanfaí an cumhdach a ríomh de réir an phrionsabail ainmniúil don phríomhshuim. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann feidhm a bhaint as modh ríomha eile seachas an prionsabal ainmniúil ar choinníoll go bhfuil sé níos stuama, is é sin le rá, nach mbeadh cóimheas cumhdaigh níos airde ann mar thoradh air, sa chás gurb é an t-uimhreoir iad na sócmhainní faoi chumhdach mar a ríomhtar iad agus gurb é an t-ainmneoir iad na dliteanais bhannaí faoi chumhdach mar a ríomhtar iad. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann leibhéal rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh ar bhannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa lonnaithe sa Bhallstát lena mbaineann atá níos airde ná an ceanglas cumhdaigh in Airteagal 15 a cheangal.

(17)  Tá sé á cheangal ag roinnt Ballstát cheana go ndéanfaidh monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh cúraimí sonracha maidir le cáilíocht na sócmhainní incháilithe agus go n-áiritheoidh sé go mbeidh ceanglais náisiúnta chumhdaigh á gcomhlíonadh. Dá bhrí sin, d’fhonn láimhseáil na mbannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais a chomhchuibhiú, tá sé tábhachtach go saineofar go soiléir cúraimí agus freagrachtaí an mhonatóra ar chomhthiomsú cumhdaigh, i gcás ina bhfuil sé leagtha síos sa chreat náisiúnta gur gá monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh a bheith ann. Ní chuireann faireachán ar an linn cumhdaigh freagrachtaí na n-údarás náisiúnta inniúil maidir le maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach ar ceal, go háirithe i dtaca le comhlíonadh leis na ceanglais in Airteagail 6 go 12 agus Airteagail 14 go 17 den Treoir seo.

(17a)  Leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 roinnt coinníollacha maidir le bannaí faoi chumhdach arna gcomhthaobhú le heintitis urrúsúcháin. Baineann ceann de na coinníollacha sin leis an méid is féidir an cineál sócmhainn chomhthaobhachta a úsáid agus cuireann sí teorainn 10 % nó 15 % de mhéid na mbannaí faoi chumhdach gan íoc le húsáid na struchtúr sin. Is féidir leis na húdaráis inniúla an choinníoll sin a tharscaoileadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Bhí an chonclúid in athbhreithniú an Choimisiún ar a iomchuí atá an tarscaoileadh sin nár cheart cead a thabhairt ionstraimí urrúsúcháin ná bannaí faoi chumhdach a úsáid mar chomhthaobhacht le bannaí faoi chumhdach a eisiúint ach amháin i gcás bannaí faoi chumhdach eile (‘struchtúir de bhannaí faoi chumhdach inghrúpa comhthiomsaithe’) agus gur cheart cead a thabhairt sin a dhéanamh gan teorainneacha trí thagairt a dhéanamh do mhéid na mbannaí faoi chumhdach gan íoc. Chun leibhéal barrfheabhsaithe trédhearcachta a ráthú, níor cheart bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go hinmheánach ó institiúidí creidmheasa éagsúla laistigh den ghrúpa a bheith i linnte chumhdaigh i gcomhair bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go seachtrach. Mar aon leis sin, ós rud é go soláthraíonn úsáid struchtúir inghrúpa banna faoi chumhdach comhthiomsaithe díolúine ó na teorainneacha maidir le neamhchosaint institiúid chreidmheasa de bhun Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart go gceanglófaí go gcáileoidh na bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go seachtrach agus go hinmheánach don chéim cáilíochta creidmheasa 1 ar uair an eisithe nó, i gcás athrú ina dhiaidh sin sa chéim cáilíochta creidmheasa agus faoi réir formheas na n-údarás inniúil, céim cáilíochta creidmheasa 2. I gcás nach gcomhlíonann na bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go seachtrach nó go hinmheánach an ceanglas sin a thuilleadh, ní cháileoidh na sócmhainní faoi chumhdach arna n-eisiúint go hinmheánach a thuilleadh mar shócmhainní incháilithe faoi Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus, mar thoradh air sin, ní bhainfidh na bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go seachtrach ón linn cumhdaigh ábhartha tairbhe as an díolúine in Airteagal 129(1aa) an Rialacháin sin. I gcás nach gcomhlíonann na bannaí sin faoi chumhdach arna n-eisiúint go hinmheánach an ceanglas céim cáilíochta creidmheasa ábhartha a thuilleadh, ba cheart dóibh, áfach, a bheith ina sócmhainní faoi chumhdach incháilithe chun críche na Treorach seo ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais go léir a leagtar síos sa Treoir seo, agus ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh na bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go seachtrach agus arna gcobhú ag na bannaí faoi chumhdach sin arna n-eisiúint go hinmheánach nó sócmhainní eile a chomhlíonann an Treoir seo in ann feidhm a bhaint freisin as an lipéad Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach. Tá sé beartaithe go gceadófaí úsáid struchtúir den sórt sin mar rogha do na Ballstáit. Dá bhrí sin, le go mbeadh an rogha seo ar fáil go héifeachtach d’institiúidí creidmheasa a bhaineann le grúpa lonnaithe i mBallstáit éagsúla, ba cheart go mbeadh an rogha sin feidhmithe ag na Ballstáit ábhartha uile agus ba cheart go mbeadh an fhoráil sin trasuite ina reachtaíocht acu.

(18)  Bíonn deacrachtaí ag mioninstitiúidí creidmheasa nuair a eisíonn siad bannaí faoi chumhdach mar gur minic a bhíonn réamhchostais arda a bhaineann le bunú clár bannaí faoi chumhdach. Tá tábhacht ar leith le leachtacht i margaí i mbannaí faoi chumhdach freisin agus is de réir chainníocht na mbannaí gan íoc a shocraítear an leachtacht sin den chuid is mó. Dá bhrí sin, is iomchuí cead a thabhairt do dhá institiúid creidmheasa nó níos mó cómhaoiniú a dhéanamh chun gur féidir le mioninstitiúidí creidmheasa bannaí faoi chumhdach a eisiúint. Ar an gcaoi sin, d'fhéadfadh roinnt institiúidí creidmheasa sócmhainní faoi chumhdach a chomhthiomsú mar shócmhainní chomhthaobhachta le haghaidh bannaí faoi chumhdach a d'eiseodh institiúid chreidmheasa amháin agus b’fhusa dá bharr sin bannaí faoi chumhdach a eisiúint sna Ballstáit sin nach bhfuil margadh dea-fhorbartha iontu faoi láthair. Ba cheart go n-áiritheodh na ceanglais maidir le húsáid chomhaontuithe comhchistiúcháin go gcomhlíonann sócmhainní faoi chumhdach a ndíoltar leis nó, i gcás go bhfuil an rogha sin ceadaithe ag Ballstát, a n-aistrítear trí bhíthin socrú comhthaobhachta airgeadais de bhun Treoir 2002/47/CE chuig na hinstitiúidí creidmheasa eisiúna, go gcomhlíonann siad na riachtanais ▌incháilitheachtaagus leithscartha i gcomhair sócmhainní faoi chumhdach faoi dhlí an Aontais.

(20)  Cuid riachtanach den chineál sin ionstraime airgeadais is ea trédhearcacht an chomhthiomsaithe cumhdaigh mar go gcuireann sí leis an inchomparáideacht agus chun gur féidir le hinfheisteoirí dá barr an mheastóireacht riosca is gá a dhéanamh. I dTreoir 2003/71/CE(13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tá rialacha maidir le dréachtú, formheas agus dáileadh na réamheolairí a bheidh le foilsiú nuair a thairgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad i gcomhair trádála ar mhargadh rialáilte atá suite i mBallstát nó atá ag feidhmiú i mBallstát. D'fhorbair reachtóirí náisiúnta agus rannpháirtithe sa mhargadh de réir a chéile roinnt tionscnamh maidir leis an bhfaisnéis atá le nochtadh d'infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach forlíontach ar Threoir 2003/71/CE. Is gá, áfach, a shonrú i ndlí an Aontais cén t-íosleibhéal coiteann faisnéise ba cheart a chur ar fáil d'infheisteoirí sula gceannóidh siad bannaí faoi chumhdach nó tráth a dhéantar bannaí faoi chumhdach a cheannach. Ba cheart an cead a thabhairt do na Ballstáit na híoscheanglais sin a fhorlíonadh le forálacha breise.

(21)  Buneilimint chun cosaint infheisteoirí na mbannaí faoi chumhdach a áirithiú is ea riosca leachtachta na hionstraime a mhaolú. Tá sin ríthábhachtach chun a áirithiú go n-aisíocfar go tapa na dliteanais a bhaineann leis an mbanna faoi chumhdach. Is iomchuí, mar sin, maolán leachtachta comhthiomsaithe cumhdaigh a thabhairt isteach chun dul i ngleic le rioscaí ganntanais leachtachta, amhail neamhréireanna in aibíochtaí agus rátaí úis, briseadh ar íocaíochtaí, rioscaí cóimheasctha, díorthaigh agus dliteanais oibríochtúla eile gan íoc laistigh de chlár na mbannaí faoi chumhdach. D’fhéadfadh cásanna ina bhfuil sé deacair an ceanglas maidir le maolán leachtachta na linne cumhdaigh a chomhlíonadh tarlú don institiúid chreidmheasa, mar shampla le linn i dtráth struis nuair a bhaintear feidhm as an maolán chun eis-sreafaí a chumhdach. Ba cheart do na húdaráis inniúla ainmnithe de bhun Airteagal 18(2) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an mhaoláin leachtachta le haghaidh linn cumhdaigh agus, más gá, bearta a ghlacadh chun a cheangal ar an institiúid chreidmheasa é a athbhunú. Tá difríocht idir an maolán leachtachta le haghaidh an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus na ceanglais leachtachta ginearálta a fhorchuirtear ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le gníomhartha eile de chuid dhlí an Aontais ós rud é go mbaineann an maolán go díreach leis an gcomhthiomsú cumhdaigh agus go bhfuil sé dírithe ar na rioscaí leachtachta a bhaineann go sonrach leis a mhaolú. Chun ualaí rialála a íoslaghdú ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit idirghníomhaíocht iomchuí a cheadú le ceanglais leachtachta arna bhunú le gníomhartha eile de chuid dhlí an Aontais ▌ lena bhfuil cuspóirí seachas maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a chinneadh, go dtí an dáta a dhéanfaí na gníomhartha sin de dhlí an Aontais a leasú, nár cheart an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta a bheith infheidhme ach amháin i gcás nach bhforchuirfear aon cheanglas leachtachta eile ar an institiúid chreidmheasa faoi dhlí an Aontais ▌ le linn na tréimhse atá cumhdaithe ag na ceanglais eile sin. Ba cheart go seachnófaí le cinneadh den sórt sin institiúidí creidmheasa a bheith faoi réir oibleagáide chun na heis-sreafaí a chumhdach le sócmhainní leachtacha éagsúla don tréimhse chéanna. Tugann an fhoráil sin le tuiscint, áfach, go ndéanfaí athmheasúnú ar an bhféidearthacht do na Ballstáit chun cinneadh a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag maolán leachtachta na linne cumhdaigh i gcomhthéacs athruithe amach anseo ar na ceanglais leachtachta i gcomhair institiúidí creidmheasa faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear an rialachán tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 460 de Rialachán (AE) 575/2013. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar rioscaí leachtachta trí mhodhanna eile seachas trí shócmhainní leachtacha a sholáthar, mar shampla trí bhannaí faoi chumhdach a eisiúint faoi réir struchtúir aibíochta insínte áit a dtugann na truicir aghaidh ar an nganntanas leachtachta nó strus. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh maidir le ríomh an mhaoláin leachtachta a bhunú ar dháta aibíochta deiridh an bhanna faoi chumhdach, ag cur síntí aibíochta féideartha san áireamh, i gcás ina dtabharfaidh na truicir aghaidh ar na rioscaí leachtachta. Ina theannta sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a cheadú nach mbaineann na ceanglais leachtachta le haghaidh linn cumhdaigh i gcás bannaí faoi chumhdach atá faoi réir na gceanglas cistiúcháin a mheaitseáil i gcás ina mbíonn íocaíochtaí isteach a thagann go conarthach ar íocaíochtaí atá ag dul amach ar íocaíochtaí iad agus a chuirtear i sócmhainní fíorleachtacha atá idir an dá linn.

(22)  I roinnt Ballstát, ceapadh struchtúir nuálacha i gcomhair próifílí aibíochta d’fhonn aghaidh a thabhairt ar rioscaí leachtachta féideartha, neamhréireanna in aibíochtaí san áireamh. Ar na struchtúir sin tá an deis an aibíocht atá beartaithe don bhanna faoi chumhdach a shíneadh ar feadh tréimhse áirithe ama nó ligean do na sreafaí airgid ó na sócmhainní faoi chumhdach ▌a aistriú go díreach chuig sealbhóirí bannaí faoi chumhdach. D’fhonn struchtúir aibíochtaí insínte a chomhchuibhiú ar fud an Aontais, tá sé tábhachtach go n-áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na coinníollacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt na struchtúir sin ▌ a shainaithint róchasta agus nach mbeidh infheisteoirí neamhchosanta ar níos mó rioscaí. Gné thábhachtach de sin ná a áirithiú nach bhféadfaidh institiúidí creidmheasa síneadh a chur leis an aibíocht de réir a lánrogha féin. Níor cheart go gceadófaí aibíocht a bhaint amach ach amháin más rud é go bhfuil tús curtha le himeachtaí arna mbunú faoin dlí náisiúnta agus ina bhfuiltear ag súil go mbeidh siad ann amach anseo, nó go meastar go mbeidh siad ann amach anseo. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag truicir den sórt sin mainneachtain an mhainneachtain, mar shampla trí aghaidh a thabhairt ar easpa leachtachta, cliseadh margaidh nó suaitheadh sa mhargadh a chosc. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag truicir den sórt sin mainneachtain an mhainneachtain, mar shampla trí aghaidh a thabhairt ar easpa leachtachta, cliseadh margaidh nó suaitheadh sa mhargadh a chosc.

(23)  Is eilimint lena sainítear bannaí faoi chumhdach é creat maoirseachta poiblí ar leith a bheith ann, de réir Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE. Ní shainítear sa Treoir sin, áfach, cineál ná ábhair na maoirseachta sin ná na húdaráis ba cheart a bheith freagrach aisti. Tá sé ríthábhachtach mar sin go ndéanfar buneilimintí na maoirseachta poiblí sin ar bhannaí faoi chumhdach a chomhchuibhiú agus go leagfar amach go soiléir cúraimí agus freagrachtaí na n-údarás inniúil náisiúnta a dhéanfaidh í.

(24)  Ós rud é nach bhfuil baint ag an maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach le maoirseacht na n-institiúidí creidmheasa san Aontas Eorpach, is ceart an deis a bheith ag na Ballstáit údaráis inniúla náisiúnta eile a cheapadh chun na cúraimí maoirseachta éagsúla sin a dhéanamh in áit an údaráis a bhfuil maoirseacht ghinearálta na hinstitiúide creidmheasa faoina chúram. Os a choinne sin, d'fhonn a áirithiú go mbeidh cur i bhfeidhm na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais comhsheasmhach, is gá a cheangal go mbeidh na húdaráis inniúla a bheidh i mbun maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach ag obair i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla a bheidh i mbun maoirseacht ghinearálta ar na hinstitiúidí creidmheasa.

(25)  Ba cheart é a bheith ina choinníoll ▌ le maoirseacht phoiblí ar na bannaí faoi chumhdach cead a dheonú ▌ ar institiúidí creidmheasa bannaí faoi chumhdach a eisiúint. Ós rud é nár cheart cead a thabhairt ach do na hinstitiúidí creidmheasa bannaí faoi chumhdach a eisiúint, ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll leis an gcead sin go bhfuair an institiúid údarú mar institiúid chreidmheasa. I gcás na Ballstáit a ghlacann páirt sa Sásra Maoirseachta Aonair, go bhfuil de chúram ar an mBanc Ceannais Eorpach institiúidí creidmheasa a údarú i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 4 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle, níor cheart ach na húdaráis arna n-ainmniú de bhun na Treorach seo amháin a bheith inniúil ar chead a thabhairt bannaí faoi chumhdach a eisiúint agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach a fheidhmiú. Ina theannta sin, ba cheart forálacha lena rialaítear na coinníollacha faoinar féidir le hinstitiúidí creidmheasa arna n-údarú faoi dhlí an Aontais cead a fháil bannaí faoi chumhdach a eisiúint faoi chlár bannaí faoi chumhdach ▌a chur san áireamh sa Treoir seo.

(26)  Ba cheart go mbainfeadh raon feidhme an cheada le clár na mbannaí faoi chumhdach ▌. Ba cheart go mbeadh clár den sórt sin faoi réir maoirseacht faoin Treoir seo. Féadfaidh institiúid chreidmheasa níos mó ná aon chlár bannaí faoi chumhdach a bheith aici. Sa chás sin, ba cheart cead leithleach do gach clár a bheith de dhíth. Féadfar ceann amháin nó níos mó de linnte cumhdaigh ▌a bheith san áireamh i gclár bannaí faoi chumhdach. Ní hionann i gcónaí iliomad linn cumhdaigh nó eisiúintí éagsúla (Uimhreacha éagsúla Aitheantais Idirnáisiúnta Urrús) faoin gclár bannaí faoi chumhdach agus cláir ar leith bannaí faoi chumhdach.

(26a)  Níl sé de cheanglas ar na cláir bannaí faoi chumhdach atá ann cheana cead nua a fháil a luaithe a bheidh na rialacha nua faoin dlí náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo chun bheith infheidhme. Ba cheart don institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach ceanglais uile na Treorach seo a chomhlíonadh, áfach. Ba cheart do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoin Treoir seo mar chuid den mhaoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach an comhlíonadh sin a mhaoirsiú. D’fhéadfadh na Ballstáit treoir a thabhairt faoin dlí náisiúnta maidir le conas nós imeachta um chomhlíonadh an nós imeachta a reáchtáil i ndiaidh an dáta óna bhfuil na Ballstáit chun na forálacha lenar trasuíodh an Treoir seo a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann clár bannaí faoi chumhdach a athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar an ngá le hathrú ar an gcead maidir leis an gclár sin. Mar thoradh ar an ngá sin athrú a dhéanamh ar an tsamhail ghnó atá ag an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach, mar shampla tar éis athrú a theacht ar an gcreat náisiúnta bannaí faoi chumhdach nó cinntí arna ndéanamh ag an institiúid creidmheasa. D’fhéadfaí a mheas go bhfuil na hathruithe sin suntasach nuair a éilíonn siad athmheasúnú ar na coinníollacha faoinar deonaíodh cead bannaí a eisiúint.

(26b)  I gcás ina ndéanfaidh Ballstát foráil chun riarthóir speisialta a cheapadh, ba cheart dó bheith in ann rialacha a leagan síos maidir le hinniúlachtaí agus ceanglais oibríochtúla riarthóir speisialta den sórt sin. D’fhéadfadh na rialacha sin a eisiamh go bhféadfadh an riarthóir speisialta taiscí nó cistí inaisíoctha eile a bhailiú ó thomhaltóirí agus ó infheisteoirí miondíola, ach is ó infheisteoirí gairmiúla amháin a cheadaítear taiscí nó cistí inaisíoctha eile a bhailiú.

(27)  Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a forchuireadh ar na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach agus chun láimhseáil agus comhlíonadh comhchosúla a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a cheapadh a bheidh éifeachtach comhréireach athchomhairleach. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla. Ba cheart do na Ballstáit a roghnaíonn foráil a dhéanamh do phionóis choiriúla in ionad pionóis riaracháin na forálacha ábhartha ón ndlí coiriúil chur in iúl don Choimisiún.

(28)  Ba cheart na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile sin atá leagtha síos ag na Ballstáit ceanglais sár-riachtanacha áirithe a chomhlíonadh maidir le seolaithe na bpionós nó na mbeart sin, leis na critéir atá le cur san áireamh ina gcur i bhfeidhm, le hoibleagáidí foilsithe na n-údarás inniúil a bhfuil maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach faoina gcúram, leis an gcumhacht pionóis a ghearradh agus le leibhéal na bpionós riaracháin airgid a fhéadfar a fhorchur. Sula ndéanfar aon chinneadh maidir le pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhorchur, ba cheart go dtabharfaí an deis don seolaí éisteacht a fháil. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón gceart éisteacht a fháil i ndáil le bearta riaracháin eile. Ba cheart aon eisceacht den sórt sin a theorannú do chásanna ina bhfuil garchontúirt do ghníomhaíocht phráinneach chun caillteanais shuntasacha a chosc do thríú páirtithe amhail infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach nó chun damáiste suntasach don chóras airgeadais a chosc nó a leigheas. I gcásanna den sórt sin, ba cheart an deis a thabhairt don seolaí éisteacht a fháil tar éis an beart a fhorchur.

(29)  Ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla a bheidh ag déanamh maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach na himthosca ábhartha uile san áireamh d’fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach na bpionós riaracháin agus na mbeart eile sna mBallstáit a áirithiú, agus cinneadh á dhéanamh faoin gcineál pionóis riaracháin nó birt riaracháin eile agus faoi leibhéal na bpionós sin. D’fhéadfadh na Ballstáit bearta riaracháin a áireamh i ndáil le síneadh a chur le haibíocht faoi struchtúir aibíochta insínte. I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir leis na bearta sin, d’fhéadfadh na bearta sin cur ar chumas na n-údarás inniúil síneadh aibíochta a neamhbhailíochtú agus coinníollacha a leagan síos maidir leis an neamhbhailíochtú sin chun aghaidh a thabhairt ar an gcás inar sháraigh institiúid chreidmheasa an aibíocht atá ag sárú na gcuspóirí atá leagtha síos sa dlí náisiúnta, nó chun cobhsaíocht airgeadais agus cosaint infheisteoirí a áirithiú.

(30)  Chun sáruithe ionchasacha na gceanglas i gcomhair eisiúint agus margú ▌ na mbannaí faoi chumhdach a bhrath, ba cheart na cumhachtaí imscrúdúcháin is gá a bheith ag na húdaráis inniúla i mbun maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach, agus ba cheart sásraí éifeachtacha a bheith acu chun tuairisciú na sáruithe ionchasacha nó iarbhír a spreagadh. Ba cheart na sásraí sin a bheith gan dochar do chearta cosanta aon duine nó eintitis a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca chur i bhfeidhm na gcumhachtaí agus na sásraí sin.

(31)  Ina theannta sin, ba cheart é a bheith de chumhacht ag na húdaráis inniúla i mbun maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach pionóis a ghearradh agus bearta riaracháin eile a ghlacadh chun an raon feidhme gníomhaíochta is mó is féidir i ndiaidh sárú a áirithiú agus chun gur fusa tuilleadh sáruithe a chosc, is cuma cé acu atá cáiliú pionóis riaracháin nó birt riaracháin eile faoin dlí náisiúnta ag bearta den chineál sin nó nach bhfuil. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le pionóis bhreise, agus leibhéil níos airde pionós riaracháin airgid ná na cinn dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(32)  Bíonn na dlíthe náisiúnta atá ann cheana maidir le bannaí faoi chumhdach faoi réir rialáil mhionshonraithe ar an leibhéal náisiúnta agus maoirseacht ar eisiúint na mbannaí faoi chumhdach agus clár lena áirithiú go gcosnófar cearta ▌ infheisteoirí i gcónaí i dtaobh eisiúint na mbannaí faoi chumhdach. Áirítear leis an maoirseacht sin faireachán leanúnach ar ghnéithe an chláir, ar na ceanglais chumhdaigh agus ar cháilíocht an chomhthiomsaithe cumhdaigh. Eilimint riachtanach de chosaint infheisteoirí is ea leibhéal leordhóthanach faisnéise a bheith ag infheisteoirí faoin gcreat rialála lena rialaítear eisiúint na mbannaí faoi chumhdach. Is iomchuí mar sin a áirithiú go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla faisnéis go rialta a bhaineann lena mbearta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus maidir leis an dóigh a ndéanann siad maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach.

(33)  Faoi láthair, cuirtear bannaí faoi chumhdach ar an margadh san Aontas Eorpach faoi ainmníochtaí agus lipéid náisiúnta, agus tá cuid acu sin bunaithe le fada, cé nach bhfuil cuid eile acu nach. ▌Is cosúil gur ciallmhar mar sin cead a thabhairt d’institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach san Aontas an lipéad sonrach ‘Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach’ a úsáid agus iad ag díol bannaí faoi chumhdach le hinfheisteoirí sna Ballstáit agus sna tríú tíortha araon, ar choinníoll go gcomhlíonann na bannaí faoi chumhdach sin na ceanglais atá leagtha amach sa Treoir seo. Más rud é go gcomhlíonann bannaí faoi chumhdach freisin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart go mbeadh cead ag institiúidí creidmheasa úsáid a bhaint as an lipéad ‘Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach (Préimh)’. D’fhéadfadh an lipéad sin, a chuireann in iúl gur chomhlíonadh ceanglais shonracha bhreise a bhfuil cáilíocht neartaithe na bannaí agus go bhfuil an-tuiscint orthu mar thoradh orthu, a bheith an-tarraingteach fiú amháin má tá lipéid sheanbhunaithe náisiúnta sna Ballstáit. Is éard is aidhm leis an dá lipéad ‘Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach’ agus ‘Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach (Préimh)’ ná é a dhéanamh níos fusa do ▌ na hinfheisteoirí sin cáilíochtaí na mbannaí faoi chumhdach a mheas agus, dá bhrí sin, iad a dhéanamh níos tarraingtí mar mheán infheistíochta laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Ba cheart úsáid na lipéad sin a bheith roghnach, áfach, agus ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit a bheith a n-ainmníochtaí náisiúnta agus a gcreat lipéadaithe ▌féin a chothabháil maille leis na lipéid 'Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach'.

(34)  D’fhonn cur i bhfeidhm na Treorach seo a mheas, ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar le ÚBE faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na mbannaí faoi chumhdach san Aontas Eorpach agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi leibhéal na cosanta infheisteoirí agus forbairt na margaí i mbannaí faoi chumhdach. Ba cheart an tuarascáil a dhíriú freisin ar na forbairtí i dtaca leis na sócmhainní lena ndéantar eisiúint na mbannaí faoi chumhdach ▌a chomhthaobhú. Tá méadú tagtha ar úsáid struchtúir aibíochta insínte. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú agus maidir leis na rioscaí agus na tairbhí a eascraíonn as eisiúint bannaí faoi chumhdach a bhfuil aibíochtaí insínte acu. Tá aicme nua ionstraimí airgeadais faoi ainm Nótaí Urraithe Eorpacha (NUEanna), cumhdaithe ag sócmhainní atá níos baolaí ná neamhchosaint phoiblí agus morgáistí agus nach sócmhainní faoi chumhdach incháilithe faoin Treoir seo iad, molta ag rannpháirtithe sa mhargadh agus ag dreamanna eile mar ionstraim bhreise do bhainc chun an fíorgheilleagar a mhaoiniú. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le ÚBE an 3 Deireadh Fómhair 2017 i gcomhair measúnú ar an méid a d’fhéadfadh NUEanna feidhm a bhaint as na “dea-chleachtais” atá sainithe ag ÚBE i gcomhair bannaí faoi chumhdach traidisiúnta, cóireáil riosca iomchuí NUEanna agus éifeacht fhéideartha shaincheisteanna NUEanna ar leibhéil ualaithe ó chlár comhardaithe bainc. Mar fhreagairt air sin, d’eisigh ÚBE tuarascáil an 24 Iúil 2018. I gcomhthreo le tuarascáil ÚBE, d’fhoilsigh an Coimisiún staidéar an 12 Deireadh Fómhair 2018. Chinn an staidéar ón gCoimisiún agus tuarascáil ÚBE go raibh tuilleadh measúnaithe de dhíth maidir le, mar shampla, cóireáil rialúcháin. Ba cheart don Choimisiún dá bhrí sin leanúint de bheith ag measúnú cibé acu an mbeadh nó nach mbeadh creat reachtach iomchuí i gcomhair ESNanna agus tuarascáil a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir lena thorthaí, mar aon le togra reachtach, más iomchuí.

(35)  Faoi láthair, níl córas coibhéise ann i leith bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha ▌ aitheantas a fháil ón Aontas ach amháin i gcomhthéacs stuamachta i gcás ina dtugtar láimhseáil fhabhrach ó thaobh leachtachta do roinnt bannaí tríú tír faoi choinníollacha áirithe. Mar sin de, ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar le ÚBE an gá agus an tábhacht a mheas atá le córas coibhéise a thabhairt isteach i gcomhair eisitheoirí tríú tír agus infheisteoirí bhannaí faoi chumhdach. Ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an dáta a bheidh na forálacha lena dtrasuífear an Treoir seo le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maille le togra reachtach, más iomchuí, faoin gceist seo.

(36)  Is saintréith de chuid bannaí faoi chumhdach go mbíonn aibíocht roinnt blianta sceidealta acu. Dá bhrí sin, is gá bearta idirthréimhseacha a chur san áireamh chun a áirithiú i leith bannaí faoi chumhdach ▌a eisíodh roimh ... [OP: Cuir isteach an dáta atá luaite sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo] nach n-imreofar tionchar orthu. Ba cheart dá bhrí sin do bhannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an dáta sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach agus ba cheart go mbeadh go gheobhaidh siad díolúine ó fhormhór na gceanglas nua leagtha síos sa Treoir seo. Ba cheart go mbeadh bannaí faoi chumhdach den sórt sin in ann leanúint de bheith tagartha mar bhannaí faoi chumhdach ar choinníoll go bhfuil a gcomhlíonadh le hAirteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE, mar is infheidhme ar an dáta a eisíodh iad, agus le ceanglais na Treorach seo atá infheidhme orthu, faoi réir maoirseacht ag na húdaráis inniúla ainmnithe de bhun na Treorach seo. Níor cheart go gcuimseodh an mhaoirseacht sin ceanglais na Treorach seo óna bhfuil díolúine ag bannaí faoi chumhdach den sórt sin. I roinnt Ballstát, bíonn ISINanna ar oscailt ar feadh tréimhse níos faide, rud a cheadaíonn do bhannaí faoi chumhdach de bheith eisithe go leanúnach faoin gcód sin agus é mar aidhm aige méid (méid na heisiúna) na mbannaí faoi chumhdach sin (saincheisteanna sconna) a mhéadú. Ba cheart do na bearta idirthréimhseacha cumhdach a dhéanamh ar shaincheisteanna sconna maidir le bannaí faoi chumhdach faoi ISINanna arna oscailt roimh [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 1 lá] faoi réir líon teorainneacha.

(37)  Mar thoradh ar chreat aonfhoirmeach um bannaí faoi chumhdach a leagan síos, is ceart an cur síos ar bhannaí faoi chumhdach in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE a leasú. Sainítear bannaí faoi chumhdach i dTreoir 2014/59/AE trí thagairt d’Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE agus as siocair gur cheart an cur síos sin a leasú, is ceart Treoir 2014/59/AE a leasú freisin. Thairis sin, chun nach ndéanfar difear do na bannaí faoi chumhdach a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE roimh ... [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta atá luaite sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo], ba cheart tagairt do na bannaí sin agus iad a shainiú i gcónaí mar bhannaí faoi chumhdach go dtí dáta a n-aibíochta. Ba cheart dá bhrí sin Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE a leasú dá réir.

(38)  I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin(14), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar leis na doiciméid sin a tharchur.

(39)  Toisc nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, creat coiteann um bannaí faoi chumhdach a bhunú chun a áirithiú go gcomhfhreagraíonn tréithe struchtúracha na mbannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais leis an bpróifíl riosca níos ísle lena dtugtar bonn cirt do láimhseáil fhabhrach an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach, ach, de bharr an ghá le an margadh i mbannaí faoi chumhdach a fhorbairt agus tacú le hinfheistíochtaí trasteorann san Aontas, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(39a)  Chuathas i gcomhairle le Banc Ceannais Eorpach agus thug sé a thuairim an 22 Lúnasa 2018.

(40)  Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) agus thug sé tuairim uaidh an …(16). Déanann na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach méideanna móra sonraí pearsanta a phróiseáil. Ba cheart go mbeadh próiseáil den sórt sin i gcomhréir i gcónaí le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí). Ar an gcaoi chéanna, nuair a choimeádann an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, mar a éilítear leis an Treoir, bunachar sonraí lárnach de smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a chuireann na húdaráis inniúla náisiúnta chuige ar bun, ba cheart go ndéanfaí próiseáil sonraí pearsanta ag an Údaráis i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME, AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Treoir seo na rialacha cosanta infheisteoirí a leanas lena mbaineann:

(1)  ceanglais maidir le bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(2)  gnéithe struchtúrtha na mbannaí faoi chumhdach;

(3)  maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach;

(4)  ceanglais foilsithe ▌i ndáil le bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 2

Raon feidhme

Baineann an Treoir seo le bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá bunaithe san Aontas.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn “banna faoi chumhdach” oibleagáid fiachais atá eisithe ag institiúid chreidmheasa i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear ceanglais éigeantacha na Treorach seo agus atá urrúsaithe ag sócmhainní faoi chumhdach air ar féidir le hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach dul ina n-iontaoibh ▌mar chreidiúnaithe tosaíochta;

(2)  ciallaíonn “clár bannaí faoi chumhdach” na gnéithe struchtúracha d’eisiúint bhannaí faoi chumhdach a cinneadh le rialacha reachtúla, téarmaí conarthacha agus coinníollacha conarthacha, i gcomhréir leis an gcead arna dheonú don institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(3)  ciallaíonn “linn cumhdaigh” tacar sócmhainní sainmhínithe go soiléir a urraíonn an oibleagáid íocaíochta ceangailte leis na bannaí faoi chumhdach agus atá leithscartha ó shócmhainní eile atá ag an institiúid chreidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(3a)  ciallaíonn “sócmhainní faoi chumhdach” sócmhainní a áirítear i linn cumhdaigh;

(3b)  ciallaíonn “sócmhainní comhthaobhachta” na sócmhainní fisiceacha agus sócmhainní i bhfoirm neamhchosaintí a n-urraíonn na sócmhainní faoi chumhdach;

(3c)  ciallaíonn “leithscaradh” na gníomhaíochtaí a dhéanann an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach chun sócmhainní faoi chumhdach a aithint agus iad a chur thar acmhainn dhlíthiúil na gcreidiúnaithe cé is moite d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus contrapháirtithe conarthaí díorthacha;

(4)  ciallaíonn “institiúid chreidmheasa” institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(5)  ciallaíonn “institiúid speisialaithe creidmheasa morgáiste” institiúid chreidmheasa a chistíonn iasachtaí amháin nó go príomha trí bhannaí faoi chumhdach a eisiúint, atá ceadaithe de réir an dlí iasachtaí morgáiste agus earnála poiblí a dhéanamh agus nach bhfuil ceadaithe éarlaisí a ghlacadh ach a ghlacann cistí in-aisíoctha eile ón bpobal;

(6)  ciallaíonn “luasghéarú uathoibríoch” dáil ina thagann go huathoibríoch banna faoi chumhdach a bheith dlite agus iníoctha láithreach bonn ar dhócmhainneacht nó réiteach eisitheora agus go bhfuil ina leith éileamh infhorfheidhmithe ar aisíocaíocht ag am níos luaithe ná an dáta aibíochta bunaidh ag na ▌ hinfheisteoirí banna faoi chumhdach;

(7)  ciallaíonn “luach margaidh”, chun críocha maoine dochorraithe, go bhfuil luach margaidh sainithe i bpointe (76) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(8)  ciallaíonn “luach iasachta morgáiste”, chun críocha maoine dochorraithe, an luach iasachta morgáiste mar a shainmhínítear i bpointe (74) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(10)  ciallaíonn “sócmhainní príomhúla” ▌sócmhainní cinsealacha faoi chumhdach lena socraítear nádúr na linne cumhdaigh;

(11)  ciallaíonn “sócmhainní ionadaíochta’” sócmhainní faoi chumhdach a rannchuidíonn le ceanglais chumhdaigh, cé is moite de na sócmhainní príomhúla;

(12)  ciallaíonn “ró-urrúsú comhthaobhach” leibhéal reachtach, conarthach nó deonach na comhthaobhachta ina iomláine a sháraíonn an ceanglas cumhdaigh ▌de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 15;

(13)  ciallaíonn “ceanglais chistithe meaitseála” rialacha lena leagtar síos nach mór meaitseáil a dhéanamh idir na sreafaí airgid idir dliteanais agus sócmhainní a bhfuil íocaíocht ina leith dlite trína áirithiú i dtéarmaí conarthacha go bhfaighfear íocaíochtaí ó iasachtóirí agus contrapháirtithe na gconarthaí díorthach sula ndéanfar íocaíochtaí d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus do chontrapháirtithe na gconarthaí díorthach go mbeidh na suimeanna sin ▌a gheofar ó iasachtóirí cothrom ar a laghad le luach na n-íocaíochtaí atá le híoc ▌ le hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus le contrapháirtithe na gconarthaí díorthach, agus go gcuirtear na méideanna a fhaightear ó hiasachtaithe agus ó chontrapháirtithe na gconarthaí díorthach san áireamh sa linn cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 16(3) go dtí go mbeidh na híocaíochtaí dlite do na hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus contrapháirtithe na gconarthaí díorthach;

(14)  ciallaíonn “glan-eis-sreabhadh airgeadra intíre” gach eis-sreabhadh íocaíochta a thiocfaidh chun a bheith iníoctha ar aon lá féilire, lena n-áirítear íocaíochtaí príomhshuime agus úis mar aon le híocaíochtaí faoi chonarthaí díorthach an chláir bannaí faoi chumhdach, glan gach insreabhadh íocaíochta a thiocfaidh chun a bheith iníoctha ar an lá féilire céanna le haghaidh na n-éileamh a bhaineann leis na sócmhainní faoi chumhdach;

(15)  ciallaíonn “struchtúr aibíochta insínte” sásra lena soláthraítear deis aibíocht sceidealta bannaí faoi chumhdach a shíneadh ar feadh tréimhse réamhshocraithe ama agus i gcás ina dtarlóidh truicear sonrach;

(16)  ciallaíonn “maoirseacht phoiblí ar bhanna faoi chumhdach” maoirseacht ar chláir bannaí faoi chumhdach lena n-áirítear comhlíonadh agus forfheidhmiú na gceanglas is infheidhme maidir le heisiúint na mbannaí faoi chumhdach;

(17)  ciallaíonn “riarthóir speisialta” an duine nó an t-eintiteas a ceapadh chun clár bannaí faoi chumhdach a riar i gcás dócmhainneacht institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faoin gclár sin, nó nuair a cinneadh go bhfuil ag cliseadh ar institiúid chreidmheasa den sórt sin nó gur dócha go gclisfear air de bhun Airteagal 32(1) de Threoir 2014/59/AE nó, i gcásanna eisceachtúla, i gcás ina chinnfidh an t-údarás ábhartha inniúil go bhfuil feidhmiú cuí na hinstitiúide creidmheasa sin go mór i mbaol;

(17a)  ciallaíonn “réiteach” réiteach mar a shainítear i bpointe (1) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;

(18)  ciallaíonn “grúpa” grúpa mar a shainmhínítear é i bpointe (137) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

TEIDEAL II

GNÉITHE STRUCHTÚRACHA NA mBANNAÍ FAOI CHUMHDACH

Caibidil 1

Dé-iontaoibh agus scoiteacht féimheachta

Airteagal 4

Dé-iontaoibh

1.  Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena dtabharfar teidlíocht do na hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus contrapháirtithe conarthaí díorthacha a chomhlíonann Airteagal 11 ar na teidil seo a leanas:

(a)  teideal i leith na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(b)  i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach; teideal céadtosaíochta ar an bpríomhshuim agus aon ús fabhraithe agus ús amach anseo ó shócmhainní faoi chumhdach;

(c)  i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach agus i gcás nach féidir an teideal céadtosaíochta a chomhlíonadh go hiomlán dá dtagraítear i bpointe (b), teideal ar eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa sin, institiúid atá rangaithe pari passu le teidil ghnáthchreidiúnaithe neamhurraithe na hinstitiúide creidmheasa a arna socrú i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear an rangú i ngnáthnósanna imeachta dócmhainneachta.

2.  Beidh na teidil dá dtagraítear i mír 1 teoranta d’íoc iomlán oibleagáidí atá ceangailte leis na bannaí faoi chumhdach.

3.  Chun críocha phointe (c) de mhír 1 i gcás dócmhainneachta de chuid institiúide speisialta creidmheasa morgáiste, féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena ndámhfar teideal d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus contrapháirtithe conarthaí díorthacha a chomhlíonann Airteagal 11 atá rangaithe ar leibhéal níos sinsearaí ná teideal ghnáthchreidiúnaithe neamhurraithe na hinstitiúide speisialaithe creidmheasa morgáiste sin, rud a shocrófar de réir na ndlíthe náisiúnta lena rialaítear rangú creidiúnaithe i ngnáthnósanna imeachta dócmhainneachta, ach an t-éileamh sin fós rangaithe ar leibhéal níos sóisearaí ná aon cheann de na creidiúnaithe tosaíochta eile.

Airteagal 5

Scoiteacht féimheachta na mbannaí faoi chumhdach

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na hoibleagaidí a ghabhann leis na bannaí faoi chumhdach faoi réir luathú uathoibríoch de dhroim dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.

Caibidil 2

Linn cumhdaigh agus cumhdach

Cuid 1

Sócmhainní incháilithe

Airteagal 6

Sócmhainní cumhdaigh incháilithe

1.  Éileoidh na Ballstáit go mbeidh bannaí faoi chumhdach i gcónaí urrúsaithe ag an méid seo a leanas:

(a)  sócmhainní ardcháilíochta mar incháilithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ar choinníoll go gcomhlíonann an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach ceanglais mhíreanna (1a) go (3) d’Airteagal 129 den Rialachán sin;

(b)  sócmhainní cumhdaigh ardcháilíochta lena n-áirithítear go bhfuil éileamh ar íocaíocht ag an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach mar a leagtar amach i mír 2 agus atá urrúsaithe ag sócmhainní comhthaobhachta mar a leagtar amach i mír 3; nó

(c)  sócmhainní i bhfoirm iasachtaí atá le tabhairt do ghnóthais phoiblí nó arna ráthú ag gnóthais phoiblí de réir mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/111/CE ón gCoimisiún, faoi réir mhír 4.

2.  Beidh an t-éileamh ar íocaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 faoi réir na gceanglas dlí seo a leanas:

(a)  is ionann an tsócmhainn agus éileamh ar íocaíocht airgid a mbíonn íosluach athraithigh aige i gcónaí, atá bailí agus in-fhorfheidhmithe de réir dlí, nach bhfuil faoi réir coinníollacha seachas an coinníoll go n-aibeoidh an t-éileamh ar dháta éigin amach anseo agus go mbeidh an t-éileamh urrúsaithe le morgáiste, muirear, lian nó ráthaíocht eile;

(b)  tá an morgáiste, an táille, an lian nó an ráthaíocht eile lena n-urrúsaítear an t-éileamh ar íocaíocht in-fhorfheidhmithe;

(c)  comhlíonadh gach ceanglas dlíthiúil maidir leis an morgáiste, an táille, an lian nó ráthaíocht eile a bhunú lena n-urrúsaítear an t-éileamh ar íocaíocht ;

(d)  cuireann an morgáiste, an táille, an lian nó an ráthaíocht eile lena n-urrúsaítear an t-éileamh ar íocaíocht ar chumas na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach luach an éilimh a aisghabháil gan moill mhíchuí.

Éileoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach in-fhorfheidhmitheacht na n-éileamh ar íocaíocht agus sócmhainní comhthaobhachta sula n-áirítear iad sa linn cumhdaigh.

3.  Comhlíonfaidh na sócmhainní comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)  i gcás sócmhainní fisiceacha, tá caighdeáin luachála ann a nglactar leo i gcoitinne i measc saineolaithe agus atá oiriúnach don tsócmhainn fhisiceach lena mbaineann agus tá clár poiblí ann ina ndéantar taifid úinéireachta agus éilimh ar na sócmhainní fisiceacha sin;

(b)  i gcás sócmhainní i bhfoirm neamhchosaintí, is intuigthe sábháilteacht agus fóntacht an chontrapháirtí neamhchosanta as cumhachtaí ardaithe cánach nó as bheith faoi réir maoirseacht phoiblí leanúnach ar fhóntacht oibríochtúil agus ar inréiteacht airgeadais an chontrapháirtí.

Le sócmhainní comhthaobhachta fisiceacha dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, rannchuideofar le cumhdach na ndliteanas a ghabhann leis an mbanna faoi chumhdach suas leis an méid is lú de phríomhshuim na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 70 % de luach na sócmhainní comhthaobhachta fisiceacha sin. Sócmhainní comhthaobhachta fisiceacha dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus atá incháilithe faoi phointe (a) de mhír 1, ní gá dóibh an teorainn de 70 % nó na teorainneacha atá i bpointe (a) go pointe (g) d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonadh.

Más rud é, chun críocha phointe (a) den mhír seo, nach ann d’aon chlár poiblí le haghaidh sócmhainn fhisiceach ar leith, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le foirm mhalartach dheimhnithe úinéireachta agus maidir le héilimh ar an tsócmhainn fhisiceach sin, a mhéid atá sé inchomparáide leis an gcosaint a sholáthraítear le clár poiblí sa chiall is go gceadaítear léi, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena mbaineann, do thríú páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann leis na sócmhainní fisiceacha ualaithe a shainaithint, le húinéireacht a chur i leith, le doiciméadacht agus cur i leith na n-ualach agus le hin-fhorfheidhmeacht na leasanna urrúis.

4.  Chun críocha phointe (c) de mhír 1, bannaí faoi chumhdach arna n-urrúsú ag iasachtaí nó arna ráthú mar shócmhainní príomhúla ag gnóthais phoiblí, beidh siad faoi réir íosleibhéal 10 % de rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh, mar a shainítear in Airteagal 3(12), agus gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  déanfaidh na gnóthais phoiblí seirbhísí poiblí riachtanacha a sholáthar ar bhonn ceadúnais, conradh lamháltais nó foirm eile iontaoibhe arna deonú ag údarás poiblí;

(b)  tá na gnóthais phoiblí faoi réir maoirseacht phoiblí;

(c)  tá cumhachtaí leordhóthanacha ginte ioncaim ag na gnóthais phoiblí, agus déanann na gnóthais phoiblí sin iad a áirithiú;

(i)  beidh solúbthacht leordhóthanach acu i ndáil le táillí, muirir agus infháltais i leith na seirbhíse arna soláthar a bhailiú agus a mhéadú chun a bhfóntacht agus a n-inréiteacht airgeadais a áirithiú;

(ii)  gheobhaidh siad deontais leordhóthanacha ar bhonn reachtúil chun a bhfóntacht agus a n-inréiteacht airgeadais a áirithiú mar mhalairt ar sheirbhísí poiblí riachtanacha a sholáthar; nó

(iii)  beidh comhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú déanta acu le húdarás poiblí.

5.  Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis an modheolaíocht agus leis an bpróiseas chun luacháil a dhéanamh ar shócmhainní fisiceacha a úsáidtear mar shócmhainní comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1. Áiritheofar an méid seo a leanas ar a laghad leis na rialacha sin:

(a)  i gcás gach sócmhainne comhthaobhachta fisicí, gurb ann do luacháil reatha arb ionann í agus an luach margaidh nó an luach iasachta morgáiste, nó ar lú í ná an luach margaidh nó an luach iasachta morgáiste seo, tráth a dhéantar an tsócmhainn chumhdaigh a áireamh sa linn cumhdaigh;

(b)  go ndéanann luachálaí an luacháil, ar luachálaí é nó í ag a bhfuil na cáilíochtaí, an cumas agus an taithí is gá; agus

(c)  go bhfuil an luachálaí neamhspleách ar an bpróiseas cinnteoireachta creidmheasa, nach n-áiríonn sé nó sí eilimintí amhantracha sa mheasúnú ar luach na sócmhainne comhthaobhachta agus go ndéanann sé nó sí luach na sócmhainne comhthaobhachta a dhoiciméadú ar bhealach trédhearcach agus soiléir.

6.   Éileoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta curtha ar bun ag na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach chun faireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil na sócmhainní fisiceacha a úsáidtear mar shócmhainní comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 árachaithe a ndóthain in aghaidh riosca damáiste agus go bhfuil an t-éileamh árachais leithscartha i gcomhréir le hAirteagal 12.

7.  ▌Éileoidh na Ballstáit go ndoiciméadfaidh institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na sócmhainní cumhdaigh ▌amhail dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 agus comhlíonadh a mbeartas maidir le hiasachtaí▌leis an Airteagal seo a thabhairt.

8.  Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena n-áiritheofar éagsúlú riosca sa linn cumhdaigh i ndáil le gráinneacht agus tiúchan ábhair i gcás sócmhainní nach dtagraítear dóibh mar incháilithe faoi phointe (a) de mhír 1.

Airteagal 7

Sócmhainní comhthaobhachta atá suite lasmuigh ▌den Aontas

1.  Faoi réir ▌mhír 2, féadfaidh na Ballstáit a cheadú d’institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach sócmhainní atá urrúsaithe ag sócmhainní comhthaobhachta atá lonnaithe lasmuigh ▌den Aontas ▌a áireamh sa linn cumhdaigh.

2.  Nuair a dhéanann Ballstáit foráil maidir le cuimsiú na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh siad cosaint infheisteoirí trí cheanglas a dhéanamh de go bhfíoróidh institiúidí creidmheasa go gcomhlíonann na sócmhainní comhthaobhachta sin na ceanglais go léir a leagtar amach in Airteagal 6. Áiritheoidh na Ballstáit go dtairgfear leis na sócmhainní comhthaobhachta sin leibhéal slándála atá cosúil le sócmhainní comhthaobhachta atá lonnaithe san Aontas agus go mbeidh réadú na sócmhainní comhthaobhachta sin in-fhorfheidhmithe le dlí ar dhóigh atá coibhéiseach i ndáiríre le réadú sócmhainní comhthaobhachta atá lonnaithe san Aontas.

Airteagal 8

Struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa

Is féidir le Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le húsáid ▌▌ bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa faoina n-úsáidtear bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúid chreidmheasa ar le grúpa í (‘bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go hinmheánach’) mar shócmhainní cumhdaigh le haghaidh eisiúint sheachtrach bannaí faoi chumhdach a rinne institiúid chreidmheasa eile ar leis an ngrúpa céanna í (‘bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go seachtrach’). Beidh ar áireamh sna rialacha sin na ceanglais seo a leanas ▌:

(a)  go ndíolfar na bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go hinmheánach leis an institiúid chreidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go seachtrach;

(b)  go n-úsáidfear na bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go hinmheánach mar shócmhainní cumhdaigh sa linn cumhdaigh le haghaidh na mbannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go seachtrach agus go dtaifeadtar iad ar chlár comhardaithe na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach a eisítear go seachtrach;

(ba)  nach gcuimseofar sa linn cumhdaigh le haghaidh na mbannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go seachtrach ach bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go hinmheánach ag institiúid chreidmheasa aonair laistigh den ghrúpa;

(c)  go bhfuil sé beartaithe ag an institiúid chreidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach iad a dhíol le hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach lasmuigh den ghrúpa;

(d)  go mbeidh na bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go hinmheánach agus go seachtrach araon incháilithe le haghaidh chéim cáilíochta creidmheasa 1 dá dtagraítear i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tráth a n-eisiúna agus go mbeidh siad urrúsaithe ag sócmhainní cumhdaigh incháilithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 6;

(da)  i gcás struchtúir trasteorann de bhannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa, go comhlíonfaidh sócmhainní cumhdaigh na mbannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go hinmheánach ceanglais incháilitheachta agus chumhdaigh na mbannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go seachtrach.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla a cheadú gur i gcás bannaí faoi chumhdach a cháilíonn do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa tar éis athrú a dhéanamh ar chéim na cáilíochta creidmheasa a bhaineann leo, go leanfaidís de bheith ina gcuid de struchtúr de bhannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa ar choinníoll go gcinneann na húdaráis inniúla nárbh ann don athrú ar chéim na cáilíochta creidmheasa mar thoradh ar shárú ar cheanglais don cheadú mar a leagtar amach i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 19(2). Cuirfidh údaráis inniúla aon chinneadh de bhun na fomhíre seo in iúl do ÚBE ina dhiaidh sin.

Airteagal 9

Comhchistiú

1.  Ceadóidh na Ballstáit sócmhainní cumhdaigh incháilithe a thionscain institiúid chreidmheasa agus a cheannaigh institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach atá le húsáid mar shócmhainní cumhdaigh ▌le haghaidh eisiúint na mbannaí faoi chumhdach ▌. Déanfaidh na Ballstáit na ceannacháin sin a rialáil chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6 agus Airteagal 12.

2.  Sa bhreis ar an gceanglas a leagtar amach i mír 1, féadfaidh na Ballstáit aistrithe a cheadú trí shocrú comhthaobhachta airgeadais de bhun Threoir 2002/47/CE.

Maidir le sócmhainní arna dtionscnamh ag gnóthas nach institiúid chreidmheasa é, féadfaidh na Ballstáit a n-úsáid mar shócmhainní cumhdaigh a cheadú. I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit an rogha sin a fheidhmiú, éileoidh siad go ndéanfaidh an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach measúnú ar chaighdeáin deonaithe creidmheasa an ghnóthais óna gceannaíonn sí sócmhainní cumhdaigh, nó, déanfaidh siad féin measúnú críochnúil ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí.

Airteagal 10

Comhdhéanamh na linne cumhdaigh

Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí rialacha a leagan síos maidir le comhdhéanamh na linnte cumhdaigh. Leis na rialacha sin, leagfar síos, i gcás inarb ábhartha, na coinníollacha d’institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach chun go n-áireofar sócmhainní príomha a bhfuil saintréithe éagsúla acu i dtéarmaí ghnéithe struchtúracha, shaolré ▌ nó phróifíl riosca na sócmhainní cumhdaigh lena mbaineann.

Airteagal 11

Conarthaí díorthach sa linn cumhdaigh

1.  Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí chead a thabhairt conarthaí díorthach a chur sa linn cumhdaigh ach amháin i gcás ina mbeidh na ceanglais seo a leanas ar a laghad comhlíonta:

(a)  tá na conarthaí díorthach sa linn cumhdaigh go heisiach chun críocha fálú riosca, déantar a dtoirt a choigeartú i gcás laghdú ar an riosca fálaithe agus baintear iad nuair a scoirfidh an riosca fálaithe de bheith ann;

(b)  tá na conarthaí díorthach doiciméadaithe go leordhóthanach;

(c)  ní féidir na conarthaí díorthach a leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 12;

(d)  ní féidir na conarthaí díorthach a fhoirceannadh de dhroim dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(e)  tá na rialacha a leagtar síos i gcomhréir le mír 2 comhlíonta sna conarthaí díorthach.

2.  D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais atá liostaithe i mír 1, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le ▌conarthaí díorthach sa linn cumhdaigh.

Sonrófar leis na rialacha sin, a mhéid is ábhartha:

(a)  na critéir incháilitheachta le haghaidh na gcontrapháirtithe fálaithe;

(b)   an doiciméadú is gá a sholáthar maidir le conarthaí díorthach.

Airteagal 12

Leithscaradh sócmhainní cumhdaigh

1.  Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena rialófar leithscaradh na sócmhainní cumhdaigh. Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad ar áireamh sna rialacha sin:

(a)  beidh na sócmhainní cumhdaigh ▌go léir inaitheanta ag an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach gach uile thráth;

(b)  beidh na sócmhainní cumhdaigh ▌go léir sa linn cumhdaigh faoi réir leithscaradh atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá in-fhorfheidhmithe ag an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(c)  beidh gach sócmhainn cumhdaigh ▌sa linn cumhdaigh cosanta ar éilimh tríú páirtí agus nach bhfuil siad ina gcuid d’eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach go dtí go sásófar an t-éileamh tosaíochta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1).

Chun críocha na chéad fhomhíre, áiritheofar aon chomhthaobhacht a fuarthas maidir le suíomhanna conarthaí díorthach leis na sócmhainní ▌cumhdaigh.

2.  Beidh feidhm ag leithscaradh na sócmhainní ▌cumhdaigh dá dtagraítear i mír 1 freisin i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 13

Monatóir ar linn cumhdaigh

1.  Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gceapfaidh na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach monatóir chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar an linn cumhdaigh i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach idir Airteagal 6 agus Airteagal 12 agus idir Airteagal 14 agus Airteagal 17.

2.  I gcás ina bhfeidhmeoidh na Ballstáit an rogha dá foráiltear i mír 1, beidh orthu rialacha a leagan síos maidir leis na gnéithe a leanas ar a laghad:

(a)  an monatóir ar an linn cumhdaigh a cheapadh agus a chur as oifig;

(b)  aon chritéir incháilitheachta maidir leis an monatóir ar an linn cumhdaigh;

(c)  ról agus dualgais an mhonatóra ar an linn cumhdaigh, lena n-áirítear i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(d)  an oibleagáid tuairisciú do na húdaráis inniúla atá ainmnithe de bhun Airteagal 18(2);

(e)  an ceart rochtana ar ▌fhaisnéis is gá le haghaidh dualgais mhonatóir na linne cumhdaigh a dhéanamh.

3.   I gcás ina bhfeidhmeoidh na Ballstáit an rogha dá bhforáiltear i mír 1, beidh monatóir ar linn cumhdaigh scoite agus neamhspleách ón institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach agus ó iniúchóir na hinstitiúide creidmheasa sin.

4.  Féadfaidh na Ballstáit monatóir ar linn cumhdaigh nach bhfuil ar leithligh ón institiúid chreidmheasa a cheadú sna cásanna seo a leanas:

(a)  tá an monatóir inmheánach ar an linn cumhdaigh neamhspleách ó phróiseas cinnteoireachta creidmheasa na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(b)  gan dochar do litir (a) de mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar monatóir inmheánach ar an linn cumhdaigh a chur as a phost mar mhonatóir ar linn cumhdaigh gan formheas roimh ré ó chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach, ar comhlacht é atá ag gníomhú ina fheidhm mhaoirseachta; agus

(c)  tá rochtain dhíreach ag an monatóir inmheánach ar an linn cumhdaigh ar an gcomhlacht bainistíochta ag gníomhú ina fheidhm mhaoirseachta, i gcás inar gá.

4.  I gcás ina bhfeidhmeoidh Ballstáit an rogha dá foráiltear i mír 1, cuirfidh siad sin in iúl do ÚBE.

Airteagal 14

Faisnéis don infheisteoir

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis ar fáil faoi chláir na mbannaí faoi chumhdach atá mionsonraithe a ndóthain le gur féidir le hinfheisteoirí próifíl agus rioscaí an chláir sin a mheas agus dícheall cuí a dhéanamh.

2.  Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil d’infheisteoirí go ráithiúil ar a laghad, agus go mbeidh an fhaisnéis punainne seo a leanas ar a laghad san áireamh:

(a)  luach na linne cumhdaigh agus na mbannaí faoi chumhdach gan íoc;

(aa)  liosta de na hUimhreacha Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (ISINanna) i ndáil le gach banna faoi chumhdach arna eisiúint faoin gclár sin;

(b)  dáileachán geografach agus cineál na sócmhainní ▌cumhdaigh, méid a n-iasachtaí agus modh luachála na n-iasachtaí;

(c)  sonraí ▌faoi rioscaí a bhaineann leis an margadh, lena n-áirítear riosca ráta úis, riosca airgeadra, agus rioscaí a bhaineann le creidmheas ▌agus leachtacht;

(d)  struchtúr aibíochta na sócmhainní ▌cumhdaigh agus na mbannaí faoi chumhdach, lena n-áirítear forléargas ar na truicir shínte aibíochta más infheidhme;

(e)  leibhéil an chumhdaigh atá ag teastáil agus atá ar fáil, agus leibhéil ró-urrúsú na comhthaobhachta reachtúla, conarthach agus deonaí;

(f)  céatadán na n-iasachtaí ina meastar gur tharla mainneachtain de bhun Airteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in aon chás inar mó na hiasachtaí ná nócha lá thar téarma.

I gcás na mbannaí faoi chumhdach a eisítear go seachtrach faoi struchtúir de bhannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa amhail dá dtagraítear in Airteagal 8, áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar d’infheisteoirí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (f) den chéad fhomhír den mhír seo, nó nasc chuici sin, i ndáil le gach banna faoi chumhdach arna eisiúint go hinmheánach ag an ngrúpa.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil d’infheisteoirí ar bhonn comhiomlánaithe ar a laghad. ▌

3.  Áiritheoidh na Ballstáit cosaint infheisteoirí trína cheangal ar institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach an fhaisnéis a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí i gcomhréir le mír 1 agus 2 a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Ní gá go n-éileoidh na Ballstáit ar na hinstitiúidí creidmheasa sin an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar pháipéar.

Roinn II

Ceanglais maidir le cumhdach agus leachtacht

Airteagal 15

Ceanglais maidir le cumhdach

1.  Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trína éileamh nach mór do na cláir bannaí faoi chumhdach na ceanglais chumhdaigh ▌ i míreanna 2 go 8 ar a laghad a chomhlíonadh i gcónaí.

2.  Déanfar dliteanais uile na mbannaí faoi chumhdach a chumhdach in éilimh íocaíochta a bheidh ag gabháil leis na sócmhainní cumhdaigh.

3.  Áireofar sna dliteanais dá dtagraítear i mír 2:

(a)  na hoibleagáidí i dtaca le híocaíocht phríomhshuim na mbannaí faoi chumhdach agus gan íoc;

(b)  na hoibleagáidí i dtaca le híocaíocht aon úis ar bhannaí faoi chumhdach agus gan íoc;

(c)  oibleagáidí a bheidh ag gabháil le conarthaí díorthach atá i seilbh i gcomhréir le hAirteagal 11; agus

(d)  na costais a bhfuiltear ag súil leo i gcás fhoirceannadh na gclár bannaí faoi chumhdach a chothabháil agus a riar ▌.

Chun críocha phointe (d), féadfaidh na Ballstáit ríomh cnapshuime a cheadú.

4.  Rannchuideoidh na sócmhainní cumhdaigh seo a leanas leis an gceanglas cumhdaigh:

(a)   sócmhainní príomhúla;

(b)   sócmhainní ionadaíochta;

(c)   sócmhainní leachtacha i seilbh i gcomhréir le hAirteagal 16; agus

(d)  oibleagáidí a bheidh ag gabháil le conarthaí díorthach atá i seilbh i gcomhréir le hAirteagal 11.

Ní rannchuidíonn éilimh neamh-chomhthaobhaithe ina mbreithnítear go ndearnadh mainneachtain de bhun Airteagal 178 de Rialachán (EU) Uimh. 575/2013 le cumhdach.

5.  Chun críocha phointe (c) de mhír 3 agus phointe (d) de mhír 4, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le luacháil conarthaí díorthach.

6.  Áiritheofar sa ríomh ar mhéid an chumhdaigh atá de dhíth go mbeidh príomhshuim chomhiomlán na sócmhainní cumhdaigh uile cothrom le príomhshuim chomhiomlán na mbannaí faoi chumhdach agus gan íoc nó níos mó ná an méid sin (‘prionsabal ainmniúil’).

▌Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le prionsabail ríofa eile ar an gcoinníoll nach gcruthaíonn siad cóimheas níos airde cumhdaigh ná an leibhéal arna ríomh faoin bprionsabal ainmniúil.

Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir le haon ús is iníoctha agus is infhaighte maidir le bannaí faoi chumhdach agus gan íoc a ríomh, lena léireofar prionsabail fhónta stuamachta i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme.

7.  De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 6, féadfaidh na Ballstáit, ar shlí a léireoidh prionsabail fhónta stuamachta agus i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, foráil a dhéanamh maidir leis an ús is infhaighte amach anseo ar an tsócmhainn i ndiaidh an úis is iníoctha ar an mbanna faoi chumhdach comhfhreagrach a bheith curtha san áireamh chun cothromaíocht a bhaint amach idir aon ghannchion i ndáil leis an oibleagáid i dtaca le híoc na príomhshuime a bheidh ag gabháil leis an mbanna faoi chumhdach, i gcás ina mbeidh dlúthchomhar ann de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 523/2014 ón gCoimisiún, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)  maidir le híocaíochtaí a fuarthas le linn shaolré na sócmhainne cumhdaigh agus atá riachtanach le haghaidh chumhdach na hoibleagáide íocaíochta a bheidh ag gabháil leis an mbanna faoi chumhdach comhfhreagrach, go ndéanfar iad a leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 12 nó go n-áireofar iad sa linn cumhdaigh i bhfoirm sócmhainní cumhdaigh dá dtagraítear in Airteagal 6 go dtí go mbeidh na híocaíochtaí dlite; agus

(b)  nach bhféadfar an tsócmhainn chumhdaigh a réamhíoc ach amháin tríd an rogha seachadta a fheidhmiú, mar a shainmhínítear sa rialachán tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó, i gcás bannaí faoi chumhdach inghlaoite ar par ag an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach, trí pharmhéid na sócmhainne cumhdaithe ar a laghad a bheith íoctha ag iasachtaí na sócmhainne cumhdaigh.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ríomh na sócmhainní cumhdaigh agus ríomh na ndliteanas bunaithe ar an modheolaíocht chéanna. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le prionsabail ríofa eile ar choinníoll nach gcruthóidh siad cóimheas níos airde cumhdaigh ná an leibhéal arna ríomh faoin modheolaíocht chéanna.

Airteagal 16

An ceanglas um maolán leachtachta le haghaidh linn cumhdaigh

1.  Áiritheoidh na Ballstáit cosaint infheisteoirí trína cheangal go mbeidh i gcónaí sa linn cumhdaigh maolán leachtachta ina mbeidh sócmhainní leachtacha ar fáil chun eis-sreabhadh leachtachta chlár na mbannaí faoi chumhdach a chumhdach.

2.  Leis an maolán leachtachta le haghaidh linn cumhdaigh, clúdófar uasmhéid carnach eis-sreabhadh na leachtachta glaine ar feadh 180 lá féilire.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuimseofar i maolán leachtachta na linne cumhdaigh dá dtagraítear i mír 1 na cineálacha sócmhainní seo a leanas, arna leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Treoir seo:

(a)  sócmhainní atá cáilithe mar shócmhainní ar leibhéal 1, leibhéal 2A leibhéal 2B de bhun Airteagail 10, 11 agus 12 den rialachán tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 460 de Rialachán (AE) 575/2013, arna luacháil i gcomhréir le hAirteagal 9 den rialachán tarmligthe sin, agus gan bheith féineisithe i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den rialachán tarmligthe sin;

(b)  neamhchosaintí gearrthéarmacha ar institiúidí creidmheasa atá incháilithe do ▌chéim 1 nó do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, nó taiscí gearrthéarmacha chuig institiúidí creidmheasa atá incháilithe do chéimeanna 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 129(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na cineálacha sócmhainní leachtacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír a shrianadh.

▌Áiritheoidh na Ballstáit ▌nach féidir éilimh neamh-chomhthaobhaithe ó neamhchosaintí a mheasfar a bheith ar mainneachtain de bhun Airteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheith ina gcuid de mhaolán leachtachta na linne cumhdaigh.

4.  I gcás ina mbeidh an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faoi réir ceanglais leachtachta a leagtar amach ▌i ngníomhartha eile an Aontais as a leanfaidh forluí le maolán leachtachta na linne cumhdaigh,féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear mír 1, mír 2 agus mír 3 ar feadh na tréimhse dá foráiltear sna gníomhartha sin de chuid dhlí an Aontais ▌. Ní fhéadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an rogha sin ach amháin go dtí an dáta a mbeidh feidhm ag leasú ar na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais chun an forluí a dhíchur agus cuirfidh siad an Coimisiún agus ÚBE ar an eolas in áit ar bith ina ndéanfaidh siad amhlaidh.

5.  Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt an phríomhshuim le haghaidh struchtúir aibíochta insínte a ríomh bunaithe ar an dáta aibíochta deiridh i gcomhréir le téarmaí agus le coinníollacha an bhanna faoi chumhdach.

6.  Féadfaidh na Ballstáit a cheadú nach mbaineann na ceanglais a leagtar amach i mír 1 leis na bannaí faoi chumhdach atá faoi réir ceanglais cistithe meaitseála.

Airteagal 17

Coinníollacha le haghaidh struchtúir aibíochta insínte

1.  Féadfaidh na Ballstáit eisiúint bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte a cheadú i gcás ina n-áiritheofar cosaint d’infheisteoirí tríd an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)  ní féidir an aibíocht a fhadú ach faoi réir truicir oibiachtúla arna mbunú sa dlí náisiúnta, agus gan faoi réir rogha na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(b)  sonraítear na truicir sínte aibíochta sna téarmaí conarthacha agus i gcoinníollacha an bhanna faoi chumhdach;

(c)  is leor é an fhaisnéis a chuirtear ar fáil don infheisteoir faoin struchtúr aibíochta chun iad a chumasú riosca an bhanna faoi chumhdach a dhéanamh amach, agus áirítear léi cur síos mionsonraithe ar an méid a leanas:

(i)  truicir na síntí aibíochta;

(ii)  iarmhairtí ▌i leith síntí aibíochta i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(iii)  ról na n-údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 18(2) agus, i gcás inarb ábhartha, an riarthóra speisialta maidir leis an síneadh aibíochta ▌;

(d)  is féidir dáta aibíochta deiridh an bhanna faoi chumhdach a dhéanamh amach i gcónaí;

(e)  i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach, ní dhéanann síntí aibíochta difear d’aicmiú infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach nó seicheamhú sceideal aibíochta bunaidh na gclár bannaí faoi chumhdach a aisiompú;

(f)  ní athraíonn síneadh tréimhse na haibíochta gnéithe struchtúracha na mbannaí faoi chumhdach maidir leis an dé-iontaoibh dá dtagraítear in Airteagal 4 agus an scoiteacht féimheachta dá dtagraítear in Airteagal 5.

2.  Na Ballstáit ina gceadaítear eisiúint bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte, cuirfidh siad a gcinneadh in iúl do ÚBE maidir leis sin.

TEIDEAL III

MAOIRSEACHT PHOIBLÍ AR BHANNAÍ FAOI CHUMHDACH

Airteagal 18

Maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach

1.  Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí fhoráil a dhéanamh go bhfuil eisiúint bannaí faoi chumhdach faoi réir maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach.

2.  Chun críocha na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach dá dtagraítear i mír 1, ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó. Cuirfidh siad na húdaráis ainmnithe sin in iúl don Choimisiún agus do ÚBE agus léireoidh siad aon roinnt ar fheidhmeanna agus ar dhualgais.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun fhomhír 2 faireachán ar eisiúint bannaí faoi chumhdach ionas gur féidir leo measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcláróidh institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach a gcuid idirbheart go léir maidir leis an gclár bannaí faoi chumhdach agus go bhfuil córais agus próisis doiciméadúcháin leordhóthanacha iomchuí i bhfeidhm acu.

5.  Ina theannta sin áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na bearta iomchuí i bhfeidhm chun na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun mhír 2 a chumasú teacht ar an bhfaisnéis atá de dhíth chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sna forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo, imscrúdú a dhéanamh ar na sáruithe féideartha ar na ceanglais sin, agus pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 23.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an saineolas, na hacmhainní, an cumas oibríochtúil, na cumhachtaí agus an neamhspleáchas is gá ag na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun mhír 2, chun na feidhmeanna a bhaineann leis an maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach a chomhlíonadh.

Airteagal 19

Cead le haghaidh cláir bannaí faoi chumhdach

1.  Áiritheoidh na Ballstáit cosaint infheisteoirí trína cheangal go mbeidh cead clár bhannaí faoi chumhdach faighte sula n-eiseofar bannaí faoi chumhdach faoi gclár sin. Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht na ceadanna sin a thabhairt d’údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2).

2.  Leagfaidh na Ballstáit na ceanglais síos maidir leis an gcead dá dtagraítear i mír 1, lena n-áireofar an méid a leanas ar a laghad:

(a)  clár leordhóthanach oibríochtaí lena leagtar amach eisiúint bannaí faoi chumhdach;

(b)  beartais leordhóthanacha, próisis agus modheolaíochtaí dírithe ar chosaint infheisteoirí chun iasachtaí atá san áireamh leis an linn cumhdaigh a fhormheas, a leasú, a athnuachan agus a athmhaoiniú;

(c)  lucht bainistíochta agus foireann atá tiomnaithe don chlár bannaí faoi chumhdach lena mbaineann cáilíochtaí leordhóthanacha agus eolas leordhóthanach maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus riar an chláir bannaí faoi chumhdach;

(d)  leagan amach riarachán na linne cumhdaigh agus an faireachán air lena gcomhlíontar na ceanglais ábhartha atá leagtar síos sna forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo.

Airteagal 20

Maoirseacht phoiblí ar bhanna faoi chumhdach i gcás dócmhainneachta nó réitigh

1.  Comhoibreoidh údaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) leis an údarás réitigh i gcás réiteach ar institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach d’fhonn a áirithiú go gcaomhnófar cearta agus leasanna na n-infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach, lena n-áirítear ar a laghad bainistiú leanúnach agus fónta chlár na mbannaí faoi chumhdach le linn thréimhse an phróisis réitigh a fhíorú.

2.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh le go gceapfar riarthóir speisialta ▌chun a áirithiú go gcaomhnófar cearta agus leasanna na n-infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach, lena n-áirítear ar a laghad bainistiú leanúnach agus fónta chlár na mbannaí faoi chumhdach le linn na tréimhse riachtanaí ▌.

I gcás ina n-úsáidfidh na Ballstáit an rogha sin, féadfaidh siad a cheangal ar a gcuid údarás inniúil arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) ceapadh agus dífhostú an riarthóra speisialta a fhormheas agus éileoidh siad ar a laghad go rachfar i gcomhairle leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) maidir le ceapadh agus cur as oifig an riarthóra speisialta.

3.  I gcás ina ndéanfaidh Ballstáit foráil maidir le riarthóir speisialta a cheapadh i gcomhréir le mír 2, glacfaidh siad rialacha lena leagfar síos cúraimí agus dualgais an riarthóra speisialta sin maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)  na dliteanais a bhaineann leis na bannaí faoi chumhdach a urscaoileadh;

(b)  sócmhainní sa linn cumhdaigh a bhainistiú agus a réadú, lena n-áirítear a n-aistriú i dteannta le dliteanais bannaí faoi chumhdach chuig institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(c)  na hidirbhearta dlíthiúla is gá a dhéanamh le go mbeidh riaradh iomchuí ar an linn cumhdaigh, le haghaidh faireachán leanúnach ar chumhdach na ndliteanas a ghabhann leis na bannaí faoi chumhdach, chun imeachtaí a thionscnamh chun sócmhainní a thabhairt ar ais sa linn cumhdaigh agus chun na sócmhainní atá fágtha ▌a aistriú chuig eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa a d’eisigh na bannaí faoi chumhdach tar éis gach dliteanas banna faoi chumhdach a bheith comhlíonta. Chun na gcríoch sin, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do riarthóir speisialta oibriú, i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach, faoin údarú atá i seilbh na hinstitiúide creidmheasa sin, faoi réir ag na ceanglais oibríochtúla céanna.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit comhordú agus malartú faisnéise chun críocha an phróisis dócmhainneachta nó réitigh idir na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2), an riarthóir speisialta i gcás gur ceapadh an riarthóir sin agus an t-údarás réitigh.

Airteagal 21

Tuairisciú do na húdaráis inniúla

1.  Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí cheanglas a dhéanamh de go ndéanfaidh na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2 faoi chláir bannaí faoi chumhdach a thuairisciú do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2). Déanfaidh na húdaráis inniúla sin an tuairisciú ar bhonn rialta agus ar bhonn iarratais. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le minicíocht na tuairisce rialta sin ▌.

2.  Tá ceangal sna hoibleagáidí tuairiscithe atá le leagan síos de bhun mhír 1 go n-áireofar san fhaisnéis atá le soláthar faisnéis maidir leis an méid seo a leanas ▌ar a laghad ▌:

(c)  incháilitheacht na gceanglas maidir le sócmhainní agus linn cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 6 go 11;

(d)  leithscaradh sócmhainní cumhdaigh sa linn cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 12;

(e)  feidhmiú an mhonatóra ar an linn cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 13;

(g)  ceanglais maidir le cumhdach i gcomhréir le hAirteagal 15;

(h)  maolán leachtachta na linne cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 16;

(i)  na coinníollacha le haghaidh struchtúir aibíochta insínte i gcomhréir le hAirteagal 17.

3.  Déanfaidh na Ballstáit foráil le haghaidh rialacha maidir le tuairisciú ▌a leagtar amach i mír 2 ag na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) i gcás dócmhainneacht nó réiteach institiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 22

Cumhachtaí na n-údarás inniúil chun críocha maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach

1.  Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí na cumhachtaí uile maoirseachta, imscrúdúcháin agus smachtbhannaí is gá chun cúram na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach a thabhairt d’údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2).

2.  Áireofar leis na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)  an chumhacht ceadanna a dhámhachtain nó a dhiúltú de bhun Airteagal 19;

(b)  an chumhacht athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an gclár bannaí faoi chumhdach d’fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na Treorach seo;

(c)  an chumhacht iniúchtaí ar an láithreán agus lasmuigh den láithreán a dhéanamh;

(d)  an chumhacht smachtbhannaí riaracháin ▌agus bearta riaracháin eile a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 23;

(e)  an chumhacht treoirlínte maoirseachta maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

Airteagal 23

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.  Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla, féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena mbunófar smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a bheidh infheidhme ar a laghad i gcás:

(a)  go bhfuil cead faighte ag institiúid chreidmheasa le haghaidh clár bannaí faoi chumhdach trí ráitis bhréagacha nó trí mhodhanna mírialta eile;

(b)  nach gcomhlíonann institiúid chreidmheasa na coinníollacha faoinar ▌tugadh cead le haghaidh clár bannaí faoi chumhdach a thuilleadh;

(c)  eisíonn institiúid chreidmheasa bannaí faoi chumhdach gan an cead a fháil i gcomhréir leis na forálacha lena dtrasuitear Airteagal 19;

(d)  ní chomhlíonann institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais a leagtar amach sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 4;

(e)  eisíonn institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach bannaí faoi chumhdach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 5;

(f)  eisíonn institiúid chreidmheasa bannaí faoi chumhdach gan an cead a fháil i gcomhréir leis na forálacha lenar trasuíodh Airteagal 6;

(g)  gur i gcás institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach, go ndéanann an institiúid sin bannaí faoi chumhdach arna gcomhthaobhú ag sócmhainní atá suite lasmuigh den Aontas a eisiúint de shárú ar na ceanglais a leagtar síos sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 7;

(h)  comhthaobhaíonn institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach bannaí faoi chumhdach atá i struchtúr de bhannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in ionghrúpa de shárú ar na ceanglais a leagtar síos sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 8;

(i)  ní chomhlíonann institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na coinníollacha le haghaidh cómhaoinithe a leagtar síos sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 9;

(j)  ní chomhlíonann institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais maidir le comhdhéanamh na linne cumhdaigh a leagtar síos sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 10;

(k)  i gcás na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach, áiríonn an institiúid sin conarthaí díorthach sa linn cumhdaigh seachas chun críocha fálaithe nó ní chomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos sna forálacha lenar trasuíodh Airteagal 11;

(l)  i gcás na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach, ní chomhlíonann an institiúid sin na ceanglais maidir le leithscaradh na sócmhainní ▌cumhdaigh i gcomhréir leis na forálacha lena dtrasuitear Airteagal 12;

(m)  ní thuairiscíonn institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis a nó cuireann sí faisnéis neamhiomlán nó míchruinn a chur ar fáil de shárú ar na forálacha lenar trasuíodh Airteagal 14;

(n)  i gcás na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach, ní choimeádann an institiúid sin arís agus arís eile nó ar dhóigh leanúnach maolán leachtachta ar linn cumhdaigh de shárú ar na forálacha lena dtrasuitear Airteagal 16;

(o)  ní chomhlíonann an institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach agus le struchtúir aibíochta insínte na coinníollacha maidir le struchtúir aibíochta insínte a leagtar síos sna forálacha lena dtrasuitear Airteagal 17 a chomhlíonadh;

(p)  ní thuairiscíonn institiúid chreidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis nó cuireann sí faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn ar fáil faoi na hoibleagáidí de shárú ar na forálacha lena dtrasuitear pointí (a) go (i) d’Airteagal 21(2).

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan foráil a dhéanamh maidir le pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile i gcás sáruithe atá faoi réir pionóis choiriúla faoina ndlí náisiúnta. Sna cásanna sin, cuirfidh na Ballstáit forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún.

2.  Beidh na pionóis agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach comhréireach athchomhairleach agus áireofar an méid seo a leanas ar a laghad iontu:

(a)  tarraingt siar ceada le haghaidh clár bannaí faoi chumhdach;

(b)  ráiteas poiblí, ina léireofar céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 24;

(c)  ordú ina gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus gan bheith i mbun na hiompraíochta sin in athuair;

(d)  smachtbhannaí airgid riaracháin.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfear na pionóis ▌agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme go héifeachtach.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit, agus iad ag déanamh cinneadh maidir le cineál pionós riaracháin nó bearta riaracháin eile agus maidir le méid na bpionós riaracháin airgid sin, go cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh na cásanna seo a leanas, más ábhartha:

(a)  tromchúis an tsáraithe agus a fhad a mhair sé;

(b)  méid freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)  acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú, lena n-áirítear láimhdeachas iomlán duine dhlítheanaigh nó ioncam bliantúil duine nádúrtha;

(d)  méid na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(e)  na caillteanais tríú páirtithe mar gheall ar shárú, a mhéid is féidir na caillteanais sin a dhéanamh amach;

(f)  an méid a chomhoibrigh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú leis na húdaráis inniúla;

(g)  sáruithe a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú roimhe sin;

(h)  aon iarmhairtí sistéamacha iarbhír nó féideartha de thoradh an tsáraithe.

5.  I gcás ina mbeidh feidhm ag na forálacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le daoine dlítheanacha, áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus maidir le daoine aonair eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit, sula ndéanfar aon chinneadh lena bhforchuirfear pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile mar atá leagtha amach i mír 2, go dtabharfaidh na húdaráis inniúla a ainmníodh de bhun Airteagal 18(2), an deis don duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann é féin a chur in iúl. Féadfar feidhm a bheith ag eisceachtaí ón gceart éisteachta maidir le glacadh na mbeart riaracháin eile sin i gcás ina mbeidh gá le gníomhaíocht phráinneach chun caillteanais shuntasacha do thríú páirtithe nó damáiste suntasach don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, tabharfar an deis don duine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an beart riaracháin sin a bheith glactha agus, i gcás ar gá, déanfar athbhreithniú ar an mbeart sin.

7.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon chinneadh lena bhforchuirfear pionóis nó bearta riaracháin eile mar a leagtar amach i mír 2, réasúnaithe mar is ceart agus go mbeidh sé faoi réir cead achomhairc.

Airteagal 24

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhoilsiú

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar leis na forálacha lena dtrasuitear an Treoir seo rialacha lena gceanglófar go bhfoilseofar pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile gan moill mhíchuí ar shuíomhanna gréasáin oifigiúla na n-údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2). Tá feidhm ag na hoibleagáidí céanna i gcás ina gcinnfidh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla de bhun na chéad abairte agus na fomhíre deireanaí d’Airteagal 23(1).

2.  Ceanglófar leis na rialacha a ghlacfar de bhun mhír 1 go bhfoilseofar ar a laghad aon chinneadh ▌ nach ndearnadh achomharc déanta ina leith nó nach féidir achomharc a dhéanamh ina leith a thuilleadh agus a fhorchuirfear de dheasca sárú ar na forálacha lenar trasuíodh an Treoir seo.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar leis an bhfoilseachán sin faisnéis faoi chineál agus saghas an tsáraithe agus céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar a bhforchuireadh an pionós nó beart. Faoi réir mhír 4, áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhfoilseofar an fhaisnéis sin gan moill mhíchuí tar éis don seolaí a bheith curtha ar an eolas faoin bpionós nó faoin mbeart sin agus chomh maith leis sin faoin bhfoilsiú ar shuíomhanna gréasáin oifigiúla na n-údarás inniúil maidir leis an gcinneadh lena bhforchuirtear an pionós nó an beart sin.

4.  I gcás ina gceadóidh Ballstáit cinneadh a fhoilsiú lena bhforchuirtear pionóis a bhfuil ábhar achomhairc ina n-aghaidh ar feitheamh, foilseoidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) freisin, gan moill mhíchuí, ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla, faisnéis maidir le stádas an achomhairc agus lena thoradh.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) an cinneadh lena bhforchuirtear pionóis a fhoilsiú ar bhonn anaithnid agus ▌i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)  i gcás ina ngearrfar an pionós nó an beart ar dhuine nádúrtha agus go gcinnfear go bhfuil sé díréireach sonraí pearsanta a fhoilsiú;

(b)  i gcás ina gcuirfeadh foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt;

(c)  i gcás ina mbeadh an foilsiú ina chúis, a mhéid is féidir a dhéanamh amach, le damáiste díréireach do na hinstitiúidí nó do na daoine nádúrtha atá i gceist.

6.  I gcás ina bhfoilseoidh Ballstát cinneadh lena bhforchuirtear pionós nó beart ar bhonn anaithnid, féadfaidh sé foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar.

7.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar freisin aon rialú deiridh cúirte lena gcuirtear ar neamhní cinneadh lena bhforchuirtear pionós nó ▌beart.

8.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfanfaidh aon fhoilseachán dá dtagraítear i mír 2 go mír 6, ar shuíomhanna gréasáin oifigiúil na n-údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 18(2) go ceann cúig bliana tar éis dháta a fhoilsithe. Sonraí pearsanta a bheidh san fhoilsiú, ní choinneofar ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil iad ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Déanfar an tréimhse choinneála sin a chinneadh agus na tréimhsí teorann dá bhforáiltear i reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann á gcur san áireamh ach, in aon chás, ní bheidh sí níos faide ná deich mbliana.

9.  Cuirfidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) ÚBE ar an eolas faoi aon phionóis agus bearta riaracháin eile arna bhforchur, lena n-áireofar, nuair is iomchuí, aon achomharc ina dtaobh agus an toradh a bhí orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis mar aon le sonraí faoin mbreithiúnas críochnaitheach i ndáil le haon phionós arna fhorchur, agus cuirfear na húdaráis inniúla an méid sin faoi bhráid ÚBE.

10.  Coimeádfaidh ÚBE bunachar sonraí lárnach de phionóisriaracháin agus bearta riaracháin eile a cuireadh in iúl dóibh. Is iad na húdaráis inniúla amháin a mbeidh rochtain acu ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 9.

Airteagal 25

Oibleagáidí comhair

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla a fheidhmíonn maoirseacht ghinearálta ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais is infheidhme maidir leis na hinstitiúidí sin agus leis an údarás réitigh i gcás réiteach institiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.

2.  Ina theannta sin áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) i ndlúthchomhar le chéile. Beidh soláthar faisnéise dá chéile atá ábhartha d’fheidhmiú chúraimí maoirseachta na n-údarás eile faoi na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo san áireamh sa chomhoibriú sin.

3.  Chun críocha an dara habairt de mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) na nithe seo a leanas:

(a)  gach faisnéis ábhartha a chur in iúl ar iarratas ó údarás inniúil ▌eile ainmnithe de bhun Airteagal 18(2);

(b)  aon fhaisnéis atá riachtanach a chur in iúl ar a dtionscnamh féin d’údaráis inniúla eile ainmnithe de bhun Airteagal 18(2) sna Ballstáit eile.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 i gcomhar le ÚBE nó, i gcás inarb ábhartha, le ÚEUM, chun críocha na Treorach seo.

5.  Chun críocha an Airteagail seo, measfar go bhfuil faisnéis ríthábhachtach más féidir léi tionchar suntasach a imirt ar an measúnú ar eisiúint bannaí faoi chumhdach i mBallstát eile.

Airteagal 26

Ceanglais maidir le nochtadh

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) an fhaisnéis seo a leanas ar a suíomhanna gréasáin oifigiúil:

(a)  téacsanna a ndlíthe náisiúnta, rialacháin, rialacha riaracháin agus na treorach ginearálta arna nglacadh maidir le bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(b)  liosta institiúidí creidmheasa a bhfuil cead acu bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(c)  liosta na mbannaí faoi chumhdach ar ceadmhach an lipéad ‘Banna Eorpach faoi Chumhdach a úsáid leo agus liosta na mbannaí ar ceadmhach an lipéad ‘Banna Eorpach faoi Chumhdach (Préimh)’ leo.

2.  Beidh an fhaisnéis a fhoilseofar i gcomhréir leis an gcéad mhír cuimsitheach agus cruinn go leor chun gur féidir comparáid a bhfuil ciall léi a dhéanamh ar na cineálacha cur chuige éagsúla arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát éagsúil. Nuashonrófar an fhaisnéis sin chun aon athrú a chur san áireamh.

3.  Chun críocha phointe (b) agus phointe (c) de mhír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) ÚBE ▌ar an eolas faoi liostaí na n-institiúidí creidmheasa agus na mbannaí faoi chumhdach ar bhonn bliantúil.

TEIDEAL IV

LIPÉADÚ

Airteagal 27

Lipéadú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an lipéad ‘Banna Eorpach a Chumhdach’ agus a aistriúchán i dteangacha oifigiúla uile an Aontais ach amháin le haghaidh bannaí faoi chumhdach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sna forálacha lena dtrasuitear an Treoir seo.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an lipéad ‘Banna Eorpach a Chumhdach (Préimh)’ agus a aistriúchán i dteangacha oifigiúla uile an Aontais ach amháin le haghaidh bannaí faoi chumhdach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sna forálacha lena dtrasuitear an Treoir seo agus a chomhlíonann ceanglais incháilitheachta Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

TEIDEAL V

LEASUITHE AR THREORACHA EILE

Airteagal 28

Leasú ar Threoir 2009/65/CE

Leasaítear Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE mar a leanas:

(1)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"

“Féadfaidh Ballstáit an teorainn 5 % a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 1 a ardú go dtí uasmhéid 25 % i gcás ina mbeidh na bannaí eisithe roimh [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 1 lá] agus i gcás ina mbeidh na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo comhlíonta ag na bannaí sin, sa leagan is infheidhme ar dháta a n-eisiúna, agus má bhíonn na bannaí ina mbannaí faoi chumhdach de réir an tsainmhínithe i gcomhréir le pointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 20XX/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

____________________________

* [OP: cuirtear isteach tagairt do Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE (IO C […], […], lch. […])].”.

"

(2)  scriostar an tríú fomhír.

Airteagal 29

Leasú ar Threoir 2014/59/AE

In Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 96:"

"(96) ciallaíonn ‘banna faoi chumhdach’ ionstraim dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, sa leagan is infheidhme ar dháta a eisiúna, agus eisithe roimh ... [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 1 lá] nó banna faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 20XX/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;

__________________________________

* Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

** [OP: cuirtear isteach tagairt do Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE (IO C […], […], lch. […])].”.

"

TEIDEAL VI

FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 30

Bearta idirthréimhseacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an ... [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 1 lá] agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE sa leagan is infheidhme ar dháta a n-eisiúna, nach mbeidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 5 go 12 agus in Airteagail 15, 16, 17 agus 19 den Treoir seo, ach féadfar tagairt dóibh fós mar bhannaí faoi chumhdach i gcomhréir leis an Treoir seo go dtí go mbeidh siad aibí.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 18(2) den Treoir seo maoirseacht ar chomhlíonadh na mbannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint roimh... [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 1 lá], i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE sa leagan is infheidhme ar dháta a n-eisiúna, agus i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo is infheidhme i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

2.  Féadfaidh na Ballstáit a cheadú feidhm a bheith ag an gcéad mhír maidir le heisiúintí leanúnacha i ndáil le bannaí faoi chumhdach a ndéanfar oscailt ISIN ina leith roimh ... [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo] suas le 24 mhí tar éis ... [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo] ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na heisiúintí sin na ceanglais seo a leanas ar fad:

(a)  go dtitfidh dáta aibíochta an bhanna faoi chumhdach roimh an... [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 5 bliana];

(b)  nach sáróidh méid iomlán na n-eisiúintí leanúnacha arna ndéanamh tar éis ... [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 1 lá] dhá oiread de mhéid iomlán na mbannaí faoi chumhdach agus gan íoc an [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 1 lá];

(c)  nach sáróidh méid iomlán eisiúna an bhanna faoi chumhdach tráth na haibíochta EUR 6 000 000 000 nó an méid comhionann in airgeadra intíre;

(d)  go bhfuil na sócmhainní comhthaobhachta lonnaithe sa Bhallstát a d’fheidhmigh an rogha sin agus an Treoir seo á dtrasuí.

Airteagal 31

Athbhreithniú agus tuairisciú

1.  Faoi XX [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 2 bhliain], cuirfidh an Coimisiún, i dlúthchomhar le ÚBE, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maille le togra reachtach, más iomchuí, maidir le cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar córas coibhéise a thabhairt isteach le haghaidh institiúidí creidmheasa tríú tír a eisíonn bannaí faoi chumhdach, agus le haghaidh infheisteoirí sna faoi chumhdach sin, chomh maith leis an gcaoi a ndéanfar an córas sin a thabhairt isteach, agus forbairtí idirnáisiúnta i réimse na mbannaí faoi chumhdach, go háirithe forbairt creataí reachtacha i dtríú tíortha, á gcur san áireamh acu.

2.  Faoi XX [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 3 bliana], déanfaidh an Coimisiún, i dlúthchomhar le ÚBE, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ar chur chun feidhme na Treorach seo i dtaca le leibhéal na cosanta infheisteoirí agus leis na forbairtí i ndáil le bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint san Aontas Eorpach, agus moltaí le haghaidh gníomhaíocht bhreise. Áireofar na forbairtí seo a leanas sa tuarascáil:

(a)  forbairtí i dtaca le líon na gceadanna chun bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(b)  forbairtí i ndáil le líon na mbannaí faoi chumhdach a eisíodh i gcomhréir leis na forálacha lenar trasuíodh an Treoir seo agus i gcomhréir le hAirteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)  forbairtí maidir leis na sócmhainní lena gcomhthaobhaítear eisiúint na mbannaí faoi chumhdach;

(d)  forbairtí i leith leibhéal an ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh;

(e)  infheistíochtaí trasteorann i mbannaí faoi chumhdach, lena n-áirítear infheistíocht isteach ó thríú tíortha agus infheistíocht amach ▌chucu;

(f)  forbairtí i dtaca le heisiúint bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte;

(g)  forbairtí maidir leis na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le neamhchosaintí a úsáid amhail dá dtagraítear in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(h)  feidhmiú mhargaí na mbannaí faoi chumhdach.

3.  Chun críocha mhír 2, faoin ... [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 2 bhliain] aistreoidh na Ballstáit faisnéis maidir le pointí (a) go (g) chuig an gCoimisiún.

4.  Faoin ... [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 2 bhliain], tar éis staidéar a ordú agus a fháil lena ndéantar measúnú ar na rioscaí agus ar na sochair a thagann as bannaí faoi chumhdach le struchtúir aibíochta insínte acu agus tar éis dul i gcomhairle le ÚBE, glacfaidh an Coimisiún tuarascáil agus cuirfidh sé an staidéar sin agus an tuarascáil sin, maille le togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

5.  Faoin ... [OP: cuirtear isteach an dáta a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 32(1) den Treoir seo + 2 bhliain], glacfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an bhféidearthacht ionstraim dé-iontaoibhe a thabhairt isteach, ar a dtabharfaí ‘Nótaí Urraithe Eorpacha’. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maille le togra reachtach, más iomchuí.

Airteagal 32

Trasuí

1.  Déanfaidh na Ballstáit a ghlacadh agus a fhoilsiú, faoin ... [le cur isteach – teacht i bhfeidhm + 18 mí], ar a dhéanaí, pé dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm, ar a dhéanaí, ón ... [spriocdháta don trasuí + 12 mhí].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh cén tslí leis an tagairt sin a dhéanamh.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 34

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas i ndáil le hathrú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 maidir le ceanglais ó thaobh cumhdach leachtachta de le haghaidh Institiúidí Creidmheasa

D'fhéadfadh forluí a bheith ann maidir leis na ceanglais atá ar institiúidí creidmheasa maolán leachtachta ginearálta a choinneáil, mar a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61, mar thoradh ar na ceanglais maidir le maolán leachtachta tiomnaithe le haghaidh bannaí faoi chumhdach a leagtar amach in Airteagal 16 den togra le haghaidh [Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceist na mbannaí faoi chumhdach agus na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE].

Chun aghaidh a thabhairt ar an bhforluí sin agus chun a áirithiú, san am céanna, go gcuirfear maolán leachtachta tiomnaithe le haghaidh bannaí faoi chumhdach i bhfeidhm freisin le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gcóimheas cumhdaigh ar leachtacht (LCR), tá an Coimisiún toilteanach a Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 a leasú chun freastal ar staid shonrach na mbannaí faoi chumhdach. Ba cheart leasú den chineál sin a ghlacadh agus go leor ama ann le gur féidir leis teacht i bhfeidhm roimh dháta chur i bhfeidhm na Treorach maidir le ceist na mbannaí faoi chumhdach agus na maoirseachta ar bhannaí faoi chumhdach.”

(1)IO C 367, 10.10.2018, lch. 56.
(2)*NÍL BAILCHRÍOCH DHLÍTHEANGEOLAÍOCH DÉANTA AR AN TÉACS GO FÓILL
(3)IO C 367, 10.10.2018, lch. 56.
(4)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019.
(5)Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(6)Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(7)Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).
(8)Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena ndéantar forlíonadh ar Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1).
(9)Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(10)Moladh ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 20 Nollaig 2012 maidir le hinstitiúidí creidmheasa a chistiú (BERS/2012/2) (2013/T 119/01).
(11)Tuarascáil ó ÚBE maidir le creataí bannaí faoi chumhdach agus láimhseáil chaipitil (2014).
(12)Tuarascáil ó ÚBÉ maidir le bannaí faoi chumhdach - Moltaí i dtaca le comhchuibhiú creataí bannaí faoi chumhdach san Aontas Eorpach (2016) ÚBE-Op-2016-23.
(13)Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad sa trádáil agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).
(14)IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(15)Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(16)[IO C (...).]


InvestEU ***I
PDF 464kWORD 142k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár InvestEU (COM(2018)0439 – C8-0257/2018 – 2018/0229(COD))
P8_TA(2019)0433A8-0482/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0439),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 173 agus an tríú mír d’Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0257/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint don litir óna hUachtarán chuig cathaoirligh na gcoistí an 25 Eanáir 2019, ina dtugtar cuntas ar chur chuige na Parlaiminte maidir le cláir earnála sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) iar-2020,

–  ag féachaint don litir ón gComhairle chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2019, lena ndeimhnítear an tuiscint choiteann ar tháinig na comhreachtóirí uirthi le linn na caibidlíochta,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Buiséid agus an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta faoi Riail 55 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus chomh maith leis sin na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A8-0482/2018),

1.  ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Aibreán 2019 d’fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár InvestEU

P8_TC1-COD(2018)0229


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173 agus an tríú mír d'Airteagal 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(4),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(5),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(6),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  B'ionann gníomhaíochtaí infheistíochtaí an bhonneagair san Aontas in 2016 agus 1,8 % d'OTI an Aontais Eorpaigh, titim ó 2,2 % in 2009, agus bhí siad thart ar 20 % faoi bhun rátaí infheistíochta roimh an ngéarchéim airgeadais dhomhanda. Dá bhrí sin, cé gur féidir téarnamh ar chóimheasa infheistíochta de réir OTI san Aontas a bhreathnú, fanann sé faoi bhun an mhéid a bhféadfaí a bheith ag súil leis i dtréimhse téarnaimh láidir agus ní leor é chun blianta na tearcinfheistíochta a chúiteamh. Rud atá níos tábhachtaí fós, ní chumhdaíonn leibhéil na hinfheistíochta agus na réamhaisnéisí atá ann faoi láthair, riachtanais infheistíochta struchtúracha an Aontais maidir le fás fadtéarmach a chothú i gcoinne athrú teicneolaíoch agus iomaíochas domhanda, lena n-áirítear an nuálaíocht, scileanna, bonneagar, fiontair bheaga agus mheánmhéide ('FBManna') agus an gá chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thábhachtacha shochaíocha amhail an inbhuanaitheacht nó aosú an daonra. Dá bharr sin, tá gá le tacaíocht leanúnach chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh agus ar chásanna infheistíochta fo-optamacha chun an bhearna infheistíochta in earnálacha spriocdhírithe a laghdú agus cuspóirí an Aontais a ghnóthú.

(2)  Cuireadh i bhfios sna meastóireachtaí gur eascair roinnt forluí as an raon éagsúil d'ionstraimí airgeadais a tugadh isteach faoi thréimhse Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020. Chruthaigh an raon éagsúil sin castachtaí d'idirghabhálaithe agus d’fhaighteoirí deiridh a raibh orthu déileáil le rialacha incháilitheachta agus tuairiscithe difriúla. Mar gheall ar an easpa rialacha comhoiriúnacha freisin, cuireadh bac ar chumaisc roinnt cistí de chuid an Aontais, cé go mbeadh cumaisc den sórt sin tairbheach chun tacú le tionscadail a bhfuil gá acu le cineálacha difriúla cistiúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart ciste aonair, Ciste InvestEU a bhunú, ag tógáil freisin ar an taithí ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, a cuireadh ar bun faoin bPlean Infheistíochta don Eoraip, chun go ndéanfar tacaíocht a bheidh ag feidhmiú ar bhonn níos éifeachtúla a bhaint amach d’fhaighteoirí deiridh tríd an tairiscint airgeadais a lánpháirtiú agus a shimpliú faoi scéim ráthaíochta buiséadaí aonair, lena gcuirfear dá bhrí sin, feabhas ar an tionchar a bheidh ag idirghabháil an Aontais agus lena laghdófar an costas a bheidh ar bhuiséad an Aontais.

(3)  Sna blianta deireanacha, ghlac an tAontas straitéisí uailmhianacha chun an Margadh Aonair a chur i gcrích agus chun spreagadh a thabhairt d’fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach agus poist, amhail an Straitéis Eoraip 2020, Aontas na Margaí Caipitil, an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach, an Clár Oibre Eorpach don Chultúr, an pacáiste maidir le Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa ar fad, Plean Gníomhaíochta an Aontais don Gheilleagar Ciorclach, an Straitéis maidir le Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí, Leibhéal uaillmhéine an Aontais i ndáil le Slándáil agus Cosaint ▌, an Straitéis Spáis don Eoraip agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart do Chiste InvestEU sineirgíochtaí a shaothrú agus a neartú idir na straitéisí sin a threisíonn a chéile trí thacaíocht don infheistíocht agus rochtain ar mhaoiniú a sholáthar.

(4)  Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach um chomhordú na mbeartas eacnamaíoch an creat a úsáidtear chun tosaíochtaí náisiúnta athchóiriúcháin a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin. I gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i gcás inarb iomchuí, ceapann na Ballstáit a gcuid straitéisí infheistíochta ilbhliantúla náisiúnta féin sa dóigh is go dtacaíonn siad le cur chun feidhme na dtosaíochtaí athchóiriúcháin sin. Ba cheart na straitéisí a chur i láthair in éineacht leis na Cláir Náisiúnta um Athchóiriú bhliantúla chun na tionscadail infheistíochta tosaíochta dá dtabharfar tacaíocht le cistiú náisiúnta nó cistiú ón Aontas, nó leis an dá chineál cistithe sin, a achoimriú agus a chomhordú. Ba cheart leas a bhaint astu freisin chun cistiú ón Aontas a úsáid ar dhóigh chomhleanúnach agus chun a oiread tairbhe is féidir a bhaint as breisluach na tacaíochta airgeadais a bheidh le fáil, go háirithe ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, ón Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí agus ó Chiste InvestEU i gcás inarb ábhartha.

(5)  Ba cheart do Chiste InvestEU a bheith ina rannchuidiú chun feabhas a chur ar iomaíochas agus ar chóineasú socheacnamaíoch an Aontais, lena n-áirítear i réimse na nuálaíochta ▌, an digitiú, an úsáid éifeachtúil acmhainní i gcomhréir le geilleagar ciorclach, an inbhuanaitheacht agus cuimsitheacht fhás eacnamaíoch an Aontais agus athléimneacht shóisialta agus ▌lánpháirtiú mhargaí caipitil an Aontais, lena n-áirítear réitigh a thugann aghaidh ar a n-ilroinnt agus a dhéanann foinsí maoinithe d’fhiontair san Aontas a éagsúlú. Chun na críche sin, ba cheart do Chiste InvestEU tacú le tionscadail atá inmharthana ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de trí fhoráil a dhéanamh maidir le creat i ndáil le hionstraimí fiachais, roinnte riosca agus cothromais a úsáid faoina gcuirfear taca le ráthaíocht ó buiséad an Aontais agus le ranníocaíochtaí airgeadais ó chomhpháirtithe cur chun feidhme de réir mar is ábhartha. Ba cheart dó bheith dírithe ar an éileamh agus ag an am céanna ba cheart don tacaíocht faoi Chiste InvestEU a bheith dírithe ar thairbhí straitéiseacha, fad-téarmacha a chur ar fáil i bpríomhréimsí bheartais an Aontais nach ndéanfaí cistiú orthu nó nach ndéanfaí cistiú leordhóthanach orthu murach sin, ag rannchuidiú le cuspóirí bheartais an Aontais a chomhlíonadh ar an gcaoi sin. Ba cheart don tacaíocht faoin gCiste raon leathan earnálacha agus réigiún a chumhdach agus comhchruinniú earnála nó geografach iomarcach a sheachaint ag an am céanna.

(5a)  Is earnálacha athléimneacha iad earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta atá i mbun fáis go mear san Aontas agus a ghineann luach eacnamaíoch agus cultúrtha araon ó mhaoin intleachtúil agus ó chruthaitheacht aonair. De bharr chomh doláimhsithe atá a gcuid sócmhainní, áfach, cuirtear srian ar a rochtain ar mhaoiniú príobháideach atá ríthábhachtach chun infheistiú, méadú agus dul san iomaíocht a dhéanamh ar leibhéal idirnáisiúnta. Ba cheart do Chlár InvestEU rochtain ar mhaoiniú do FBManna agus d’eagraíochtaí ó na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a éascú ar bhonn leanúnach.

(6)  Ba cheart do Chiste InvestEU tacú le hinfheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha, chun fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, infheistíocht agus fostaíocht a chothú, agus a rannchuideoidh ar an gcaoi sin le leas feabhsaithe na saoránach agus dáileadh ioncaim níos cothroime agus le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach níos mó san Aontas. Ba cheart do thionscadail arna gcistiú ag InvestEU caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta an Aontais, lena n-áirítear cearta saothair, a chomhlíonadh. Ba cheart do Chiste InvestEU tacaíocht ón Aontas a sholáthraítear le deontais a chomhlánú nuair a dhéanann sé idirghabháil.

(7)  Rinne an tAontas formhuiniú ar na cuspóirí a leagtar amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus ina Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus i gComhaontú Pháras in 2015 mar aon le Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí 2015-2030. Chun na cuspóirí comhaontaithe a ghnóthú, lena n-áirítear na cuspóirí sin atá neadaithe i mbeartais chomhshaoil an Aontais, cuirfear dlús suntasach le gníomhú ar son forbairt inbhuanaithe. Dá bhrí sin, ba cheart prionsabail na forbartha inbhuanaithe a fheiceáil go soiléir i ndearadh Chiste InvestEU.

(8)  Ba cheart do Chlár InvestEU rannchuidiú le córas airgeadais inbhuanaithe san Aontas a thógáil ina dtacófar le caipiteal príobháideach a atreorú chuig infheistíochtaí inbhuanaithe i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú(7).

(9)  Mar léiriú ar a thábhachtaí atá dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais i dtaca le Comhaontú Pháras agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh Clár InvestEU le príomhshruthú gníomhaíochtaí aeráide agus le sprioc fhoriomlán de 25 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bhaint amach mar thacaíocht do chuspóirí aeráide thar thréimhse CAI 2021-2027, agus le sprioc bhliantúil de 30 % a luaithe agus is féidir agus faoi 2027 ar a dhéanaí. Le gníomhaíochtaí faoi Chlár InvestEU, meastar go gcaithfear ar a laghad 40 % d'imchlúdach airgeadais foriomlán Chlár InvestEU ar chuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme Chlár InvestEU agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin i gcomhthéacs na bpróiseas meastóireachtaí agus athbhreithnithe ábhartha.

(10)  Rianófar ranníocaíocht Chiste InvestEU chun an sprioc aeráide a bhaint amach le córas rianaithe aeráide de chuid an Aontais arna fhorbairt ag an gCoimisiún i gcomhar le comhpháirtithe féideartha cur chun feidhme agus úsáid á baint ar bhealach iomchuí as an gcritéar arna bhunú ag [an Rialachán lena mbunaítear creat maidir le hinfheistíocht inbhuanaithe a éascú(8)] chun a chinneadh an mbeidh gníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ba cheart do Chlár InvestEU rannchuidiú le cur chun feidhme gnéithe eile de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) freisin.

(11)  De réir Thuarascáil Rioscaí Domhanda 2018 arna heisiúint ag an bhFóram Domhanda Eacnamaíoch, is leis an gcomhshaol a bhaineann leath den deich riosca is criticiúla atá ag bagairt ar an ngeilleagar domhanda. Áirítear ar na rioscaí sin truailliú an aeir, na hithreach, an uisce intíre agus na n-aigéan, imeachtaí foircneacha aimsire, caillteanais na bithéagsúlachta agus na clistí maidir le maolú agus oiriúnú a dhéanamh ar an athrú aeráide. Tá na prionsabail chomhshaoil neadaithe go daingean sna Conarthaí agus ina lán de bheartais an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart príomhshruthú cuspóirí comhshaoil a chur chun cinn in oibríochtaí lena mbaineann Ciste InvestEU. Ba cheart cosaint an chomhshaoil agus bearta coiscthe agus bainistithe riosca a bhaineann léi a lánpháirtiú in ullmhú agus i gcur chun feidhme infheistíochtaí. Ba cheart don Aontas Eorpach a chaiteachas a bhaineann le rialú na bithéagsúlachta agus truailliú an aeir a rianú freisin chun na hoibleagáidí tuairiscithe faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus faoi Threoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart an infheistíocht a leithdháilfear ar chuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil a rianú ag baint úsáid as modhanna comhchoiteanna atá comhleanúnach leis na modhanna sin arna bhforbairt faoi chláir eile de chuid an Aontais a bhaineann le bainistiú aeráide, bithéagsúlachta agus truaillithe aeir chun gur féidir an tionchar aonair nó an tionchar comhcheangailte a bheidh ag infheistíochtaí ar phríomh-chomhchodanna an chaipitil nádúrtha, lena n-áirítear an t-aer, an t-uisce, an talamh agus an bhithéagsúlacht, a mheasúnú.

(12)  Ba cheart go ndéanfadh an comhpháirtí cur chun feidhme tionscadail infheistíochta a fhaigheann tacaíocht shuntasach ón Aontas, go háirithe i réimse an bhonneagair, a scagadh chun a chinneadh an bhfuil tionchar comhshaoil, aeráide nó sóisialta acu agus má tá, ba cheart iad a bheith faoi réir díonadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de i gcomhréir le treoracha ar cheart don Choimisiún iad a fhorbairt i ndlúthchomhar le comhpháirtithe cur chun feidhme féideartha faoi Chlár InvestEU agus, úsáid á baint ar bhealach iomchuí as na critéir arna mbunú ag [an Rialachán lena mbunaítear creat maidir le hinfheistíocht inbhuanaithe a éascú] chun a chinneadh an bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus comhleanúnach leis na treoracha arna bhforbairt le haghaidh cláir eile de chuid an Aontais. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart do threoir den sórt sin forálacha leormhaithe a áireamh chun ualach riaracháin míchuí a sheachaint agus ba cheart tionscadail ar lú iad ná méid áirithe mar a shainítear sa treoir a eisiamh ón díonadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. I gcás go gcinnfeadh an comhpháirtí cur chun feidhme nach bhfuil gá aon díonadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de a dhéanamh, ba cheart dó bonn cirt a thabhairt don Choiste Infheistíochta. Maidir le hoibríochtaí nach bhfuil i gcomhréir le gnóthú na gcuspóirí aeráide, níor cheart go mbeadh na hoibríochtaí sin incháilithe le haghaidh tacaíocht faoin Rialachán seo.

(13)  Mar gheall ar rátaí ísle infheistíochta an bhonneagair san Aontas le linn na géarchéime airgeadais, baineadh an bonn de chumas an Aontais chun borradh a chur faoin bhfás inbhuanaithe, faoin iomaíochas agus faoin gcóineasú. Tá infheistíochtaí measartha mór sa bhonneagar Eorpach, go háirithe maidir le hidirnascacht agus éifeachtúlacht fuinnimh agus maidir le Limistéar Iompair Eorpach Aonair a chruthú, bunriachtanach chun spriocanna inbhuanaitheachta an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear gealltanais an Aontais maidir leis na SDGanna, agus spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030. Dá réir sin, ba cheart don tacaíocht ó Chiste InvestEU díriú ar infheistíochtaí in iompar, fuinneamh, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí fuinnimh in-athnuaite agus foinsí íseal-astaíochta fuinnimh eile atá sábháilte agus inbhuanaithe, agus infheistíochtaí i mbonneagar comhshaoil, gníomhaíochta aeráide, muirí agus digiteach. Ba cheart do Chlár InvestEU tús áite a thabhairt do réimsí atá gann ar infheistíocht, agus ina bhfuil gá le tuilleadh infheistíochta. Chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag tacaíocht mhaoiniúcháin an Aontais agus as an mbreisluach a bheidh ag an tacaíocht sin, is iomchuí próiseas infheistíochta cuíchóirithe a chur chun cinn chun léargas a thabhairt ar na tionscadail a bheidh ar na bacáin agus sineirgíochtaí a uasmhéadú ar fud chláir ábhartha an Aontais i réimsí amhail an t-iompar, an fuinneamh agus an digiteáil. Agus aird á tabhairt ar bhagairtí sábháilteachta agus slándála, ba cheart go n-áireofaí athléimneacht bonneagair do thionscadail infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, lena n-áirítear cothabháil agus sábháilteacht bonneagair, agus prionsabail maidir le saoránaigh a chosaint i spásanna poiblí a chur san áireamh. Ba cheart dó sin a bheith comhlántach le hiarrachtaí cistí eile de chuid an Aontais amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa lena dtugtar tacaíocht do chomhchodanna slándála maidir le hinfheistíochtaí i spásanna poiblí, in iompar, i bhfuinneamh agus i mbonneagar criticiúil eile.

(13a)  Ba cheart do Chlár InvestEU rannchuidiú, i gcás inarb iomchuí, le cuspóirí na [Treorach athbhreithnithe maidir le Fuinneamh Inathnuaite] agus an [Rialacháin Rialachais], chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh i gcinntí infheistíochta a chur chun cinn.

(13b)   Is deis í fíor-ilmhódúlacht chun líonra iompair atá éifeachtúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a chruthú a bhaineann feidhm as acmhainneacht uasta gach modh iompair agus a chruthaíonn sineirgíochtaí eatarthu. D’fhéadfadh Clár InvestEU tacú le hinfheistíocht i moil iompair ilmhódúla , a bhfuil baol suntasach ag baint leo d’infheisteoirí príobháideacha, d’ainneoin a n-acmhainneacht shuntasach eacnamaíoch agus a gcás gnó. D’fhéadfadh an Clár rannchuidiú freisin le forbairt agus imlonnú Chórais Chliste Iompair (CCI). Ba cheart go gcabhródh Clár InvestEU le dlús a chur le hiarrachtaí chun teicneolaíochtaí a dhearadh agus iad a chur i bhfeidhm a chabhróidh le sábháilteacht feithiclí agus bonneagar bóithre a fheabhsú.

(13c)  Ba cheart do Chlár InvestEU rannchuidiú le beartais AE maidir le farraigí agus aigéin, trí thionscadail agus fiontair i réimse an Gheilleagair Ghoirm, agus a Phrionsabail Airgeadais. D’fhéadfaí a áireamh leis sin idirghabhálacha i réimse na fiontraíochta agus tionsclaíochta muirí, tionscail muirí nuálaigh agus iomaíoch, chomh maith le fuinneamh inathnuaite muirí agus an geilleagar ciorclach.

(14)  Cé go bhfuil leibhéal foriomlán na hinfheistíochta san Aontas ag méadú, ní leor an infheistíocht go fóill i ngníomhaíochtaí ardriosca amhail an taighde agus an nuálaíocht. Mar gheall ar an tearcinfheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht dá bharr sin, tá damáiste á dhéanamh d'iomaíochas tionsclaíoch agus eacnamaíoch an Aontais agus do chaighdeán beatha a chuid saoránach. Ba cheart do Chiste InvestEU na táirgí airgeadais iomchuí a sholáthar chun na céimeanna éagsúla de thimthriall na nuálaíochta agus raon leathan geallsealbhóirí a chumhdach, go háirithe chun go bhféadfar réitigh a mhéadú agus a imlonnú ar scála tráchtála san Aontas, chun go mbeidh na réitigh sin iomaíoch ar na margaí domhanda agus chun barr feabhais an Aontais i dteicneolaíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn ar leibhéal domhanda, i sineirgíocht le Fís Eorpach, lena n-áirítear an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach. I ndáil leis sin, ba cheart don taithí a fhaightear ó na hionstraimí arna imlonnú faoi Fhís 2020 amhail InnovFin, chun éascú a dhéanamh ar rochtain ar mhaoiniú agus luas a chur léi do ghnólachtaí nuálacha, a bheith ina bhonn láidir chun an tacaíocht spriocdhírithe sin a sheachadadh.

(14 a)  Is réimse tábhachtach í an turasóireacht do gheilleagar an Aontais agus ba cheart go rannchuideodh Clár InvestEU lena hiomaíochas fadtéarmach a neartú trí thacú le gníomhaíochtaí a chuireann turasóireacht inbhuanaithe, nuálach agus dhigiteach chun cinn.

(15)  Tá géarghá le hiarracht shuntasach a dhéanamh chun infheistiú sa chlaochlú digiteach, agus borradh a chur faoi, agus na tairbhí uile a bhainfear as sin a roinnt ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí an Aontais. Ba cheart creat beartais láidir na Straitéise maidir le Margadh Aonair Digiteach a mheaitseáil le hinfheistíocht atá chomh huaillmhianach céanna, lena n-áirítear an intleacht shaorga i gcomhréir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach.

(16)  ▌Is FBManna iad os cionn 99% de ghnólachtaí san Aontas agus baineann suntas agus ríthábhacht lena luach eacnamaíoch ▌. Tá dúshláin rompu, áfach, nuair a iarrann siad rochtain ar mhaoiniú mar gheall ar an ardriosca agus an easpa comhthaobhachta leormhaithe a bhraitear leo. Bíonn dúshláin bhreise ann mar gheall ar an ngá atá ag FBManna agus fiontair an gheilleagair shóisialta leanúint de bheith iomaíoch trí dhul i mbun gníomhaíochtaí digiteála, gníomhaíochtaí idirnáisiúnaithe, claochlú de réir loighic an gheilleagair chiorclaigh, gníomhaíochtaí nuálacha agus trí oiliúint bhreise a chur ar a lucht saothair. Ina theannta sin, i gcomparáid le fiontair níos mó, níl rochtain acu ach ar thacar foinsí maoinithe atá níos teoranta: go hiondúil, ní eisíonn siad bannaí, níl acu ach rochtain theoranta ar stocmhalartáin nó ar infheisteoirí institiúideacha móra. Tá réitigh nuálacha amhail sealbhú gnólachta nó rannpháirtíocht i ngnólacht a bhfuil fostaithe ina bhun ag éirí níos coitianta freisin i measc FBManna agus fiontair an gheilleagair shóisialta. Is mó ná riamh an dúshlán atá roimh na FBManna sin a ndíríonn a ngníomhaíochtaí ar shócmhainní doláimhsithe chun rochtain a fháil ar mhaoiniú. Bíonn FBManna san Aontas ag brath cuid mhór ar bhainc agus ar mhaoiniú fiachais i bhfoirm rótharraingtí bainc, iasachtaí bainc nó léasú. Is gá tacú le FBManna a bhfuil na dúshláin sin thuas rompu trína dhéanamh níos éasca dóibh rochtain a fháil ar mhaoiniú agus foinsí maoinithe éagsúlaithe a sholáthar chun cur le cumas FBManna maoiniú a dhéanamh ar a gcruthú, a bhfás, a nuálaíocht agus a bhforbairt inbhuanaithe, a n-íomaíochas a áirithiú, teacht slán ón gcor chun donais eacnamaíoch, agus an geilleagar agus an córas airgeadais a dhéanamh níos seasmhaí le linn cor chun donais nó suaitheadh eacnamaíoch agus a bheidh in acmhainn poist agus folláine shóisialta a chruthú. Tá sé sin comhlántach freisin leis na tionscnaimh a cuireadh i gcrích cheana féin i gcomhthéacs Aontas na Margaí Caipitil. Dá bhrí sin, ba cheart do Chiste InvestEU tógáil ar chláir rathúla amhail COSME agus caipiteal oibre agus infheistíocht i rith saolré cuideachta, maoiniú d’idirbhearta léasaithe agus deis chun díriú ar tháirgí airgeadais sonracha, níos spriocdhírithe, a sholáthar.

(17)  Mar a leagadh amach sa pháipéar machnaimh maidir le gné shóisialta na hEorpa(10) agus i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta(11) agus i gcreat an Aontais maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é, Aontas atá níos cuimsithí agus níos cothroime a thógáil chun dul i ngleic leis an éagothromaíocht agus beartais maidir le cuimsiú sóisialta san Eoraip a chothú. Tá tionchar ag an neamhionannas deiseanna go háirithe ar rochtain ar an oideachas, ar an oiliúint, ar an gcultúr, ar an bhfostaíocht, ar an tsláinte agus ar sheirbhísí sóisialta. Má dhéantar infheistíocht sa gheilleagar sóisialta agus sa gheilleagar a bhaineann le scileanna agus caipiteal daonna, mar aon le pobail leochaileacha a lánpháirtiú sa tsochaí, is féidir deiseanna eacnamaíocha a fheabhsú, go háirithe má dhéantar iad a chomhordú ar leibhéal an Aontais. Ba cheart úsáid a bhaint as Ciste InvestEU chun tacú le hinfheistíocht san oideachas agus san oiliúint, lena n-áirítear athsciliú agus uas-sciliú oibrithe, inter alia i réigiúin atá i dtuilleamaí geilleagar atá dian ar charbón agus a ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin difear dóibh, cuidiú leis an bhfostaíocht a mhéadú, go háirithe i measc na ndaoine atá gan scileanna agus daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, agus feabhas a chur ar an staid maidir le comhionannas inscne, comhionannas deiseanna, an dlúthpháirtíocht idir na glúnta, earnáil na sláinte agus na seirbhísí sóisialta, tithíocht shóisialta, easpa dídine, an chuimsitheacht dhigiteach, forbairt phobail, ról agus ionad daoine óga sa tsochaí agus daoine leochaileacha freisin, lena n-áirítear náisiúnaigh tríú tíortha. Ba cheart do Chiste InvestEU rannchuidiú le cultúr agus cruthaitheacht na hEorpa a thacú. Chun cur i gcoinne an claochlaithe dhomhain ar na sochaithe san Aontas agus ar mhargadh an lucht saothair sna deich mbliana atá amach romhainn, is gá infheistiú i gcaipiteal daonna, bonneagar sóisialta, micreamhaoiniú, maoiniú fiontair shóisialta agus eiticiúil agus samhlacha gnó nua an gheilleagair shóisialta, lena n-áirítear infheistíocht a bhfuil tionchar sóisialta aici agus conarthaí sóisialta de réir torthaí. Ba cheart go ndéanfadh Clár InvestEU, éiceachóras margaidh shóisialta nuaghinte a neartú, lena méadófar an soláthar maoiniúcháin agus an rochtain ar mhaoiniú do mhicrifhiontair agus d’fhiontair shóisialta agus d’institiúidí sóisialta agus dlúthpháirtíochta, chun riar ar éileamh na bhfiontar sin is mó a bhfuil gá acu leis. Sa tuarascáil ón Tascfhórsa Ardleibhéil um Infheistiú sa Bhonneagar Sóisialta san Eoraip(12), sainaithníodh bearna infheistíochta iomlán de EUR 1.5 trilliún ar a laghad don tréimhse idir 2018 agus 2030, sa bhonneagar agus sna seirbhísí sóisialta, lena n-áirítear maidir leis an oideachas, oiliúint, an tsláinte agus tithíocht, a éilíonn tacaíocht, lena n-áirítear ag leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart lántairbhe a bhaint as an gcomhchumhacht atá ag caipiteal poiblí, tráchtála agus daonchairdiúil, mar aon le tacaíocht ó chineálacha malartacha soláthraithe airgeadais amhail gníomhaithe eiticiúla, sóisialta agus inbhuanaithe, agus ó fhondúireachtaí, chun tacú le forbairt an tslabhra luacha margaidh shóisialta agus le hAontas a bheidh níos athléimní.

(18)  Ba cheart do Chiste InvestEU feidhmiú faoi cheithre ionú beartais, lena léireofar príomhthosaíochtaí bheartais an Aontais, eadhon bonneagar inbhuanaithe; an taighde, an nuálaíocht agus an digiteáil: FBManna; agus infheistíocht shóisialta agus scileanna.

(18a)  Cé gur cheart d’ionú FBM díriú go príomha ar nithe a rachaidh chun tairbhe do FBManna, tá cuideachtaí meánchaipitlithe beaga incháilithe faoin ionú seo freisin. Ba cheart do chuideachtaí meánchaipitlithe a bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht faoi na trí ionú eile.

(19)  Ba cheart do gach ionú beartais a bheith comhdhéanta de dhá urrann, is é sin le rá urrann an Aontais agus urrann Ballstáit. Ba cheart d’urrann an Aontais aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha ar fud an Aontais nó a bhaineann go sonrach le Ballstát, ar dhóigh chomhréireach; ba cheart breisluach Eorpach soiléir a bheith ag na gníomhaíochtaí dar tugadh tacaíocht. Ba cheart d’urrann an Bhallstáit an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit, chomh maith le húdaráis réigiúnacha trína mBallstát, sciar dá n-acmhainní Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte a ranníoc chun ráthaíocht AE a sholáthar agus ráthaíocht AE a úsáid le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh sonracha nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha ina gcríoch féin, mar a leagtar amach sa chomhaontú ranníocaíochta, lena n-áirítear limistéir leochaileacha agus iargúlta amhail na réigiúin is forimeallaí de chuid an Aontais, chun cuspóirí an Chiste a sheachadadh faoi bhainistíocht chomhroinnte. Níor cheart do ghníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht ó Chiste InvestEU trí urrann an Aontais nó trí urrann Ballstáit, maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh.

(20)  Ba cheart d’urrann an Bhallstáit a bheith saindeartha chun go bhféadfaí cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte a úsáid chun ráthaíocht arna heisiúint ag an Aontas a sholáthar. Mhéadódh an fhéidearthacht sin breisluach na ráthaíochta buiséadaí, a bhfuil an tAontas mar chúltaca aici, trína chur ar fáil do raon níos leithne faighteoirí agus tionscadal airgeadais agus trí éagsúlú a dhéanamh ar na modhanna chun cuspóirí na gcistí a bhaint amach faoi bhainistíocht chomhroinnte, agus bainistiú riosca comhsheasmhach ar na dliteanais theagmhasacha a áirithiú san am céanna tríd an ráthaíocht a thug an Coimisiún faoi bhainistíocht indíreach a chur chun feidhme. Ba cheart don Aontas oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá bhforáiltear leis na comhaontuithe ráthaíochta a tugadh i gcrích idir an Coimisiún agus comhpháirtithe cur chun feidhme faoi urrann an Bhallstáit a ráthú, agus ba cheart do na Cistí atá faoi bhainistíocht chomhroinnte soláthar na ráthaíochta a chur ar fáil, tar éis ráta soláthair arna chinneadh ag an gCoimisiún agus arna leagan amach sa chomhaontú ranníocaíochta arna shíniú leis an mBallstát, atá bunaithe ar chineál na n-oibríochtaí agus ar na caillteanais a mheastar a thiocfaidh astu, agus is amhlaidh go n-iompródh an Ballstát caillteanais os cionn na gcaillteanas measta trí ráthaíocht chomhuaineach i bhfabhar an Aontais a eisiúint. Ba cheart socruithe den sórt sin a thabhairt i gcrích faoi réir comhaontú ranníocaíochta aonair le gach Ballstát a dhéanfaidh an rogha sin go deonach. Ba cheart don chomhaontú ráthaíochta aon chomhaontú ráthaíochta sonrach amháin nó níos mó ná sin a chuirfear chun feidhme laistigh den Bhallstát lena mbaineann a chuimsiú, mar aon le haon imfhálú réigiúnach, ar bhonn rialacha Chiste InvestEU. Chun an ráta soláthair a leagan amach ar bhonn cás ar chás, ní mór maolú a dhéanamh ar [Airteagal 211(1)] de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046(13) (an 'Rialachán Airgeadais'). Soláthraítear leis an dearadh sin, tacar aonair rialacha le haghaidh ráthaíochtaí buiséadacha dá dtugtar tacaíocht ó chistí atá á mbainistiú go lárnach nó ó chistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, lena ndéanfaí a gcomhcheangal a éascú.

(20a)  Ba cheart comhpháirtíocht idir an Coimisiún agus Grúpa BEI a bhunú ag tarraingt ar na láidreachtaí atá ag gach comhpháirtí chun an tionchar beartais uasta, éifeachtúlacht imlonnaithe, maoirseacht bhuiséadach agus bainistithe riosca iomchuí a áirithiú agus ba cheart go dtacódh an chomhpháirtíocht le rochtain dhíreach éifeachtach agus chuimsitheach.

(20b)  Ba cheart don Choimisiún tuairimí a lorg ó chomhpháirtithe cur chun feidhme féideartha eile chomh maith le Grúpa BEI maidir le treoirlínte infheistíochta, rianú aeráide agus treoirdhoiciméid agus modheolaíochtaí coitianta maidir le hinbhuanaitheacht, de réir mar is iomchuí, d’fhonn cuimsitheacht agus oibríochtúlacht a áirithiú, go dtí go gcuirfear na comhlachtaí rialachais ar bun, agus ina dhiaidh sin ba cheart do rannpháirtíocht comhpháirtithe cur chun feidhme tarlú faoi chuimsiú an bhoird chomhairligh agus an bhoird stiúrtha.

(21)  Ba cheart do Chiste InvestEU a bheith oscailte do ranníocaíochtaí ó thríú tíortha ar baill iad de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus is iarrthóirí ionchasacha, tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos idir an tAontas agus na tíortha sin. Leis sin, ba cheart go bhféadfaí leanúint den chomhar leis na tíortha ábhartha, i gcás inarb iomchuí, go háirithe i réimsí an taighde agus na nuálaíochta, mar aon le FBManna.

(22)  Leagtar síos leis an Rialachán seo, imchlúdach airgeadais do bhearta eile de Chlár InvestEU le hais ráthaíocht AE a sholáthar, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe idirinstitiúidigh nua: phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013, idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais