Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/0813(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0028/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0028/2019

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 26/11/2019 - 8.5

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2019)0063

Téacsanna atá glactha
PDF 120kWORD 41k
Dé Máirt, 26 Samhain 2019 - Strasbourg Eagrán sealadach
Ainmniú Comhalta den Chúirt Iniúchóirí - Alex Brenninkmeijer
P9_TA-PROV(2019)0063A9-0028/2019

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2019 maidir le hainmniú Alex Brenninkmeijer mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0126/2019 – 2019/0813(NLE))

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0126/2019),

–  ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0028/2019),

A.  de bhrí go ndeachaigh Coiste um Rialú Buiséadach na Parlaiminte ar aghaidh le dintiúir an ainmnithigh a mheas, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

B.  de bhrí, ag an gcruinniú a bhí aige an 12 Samhain 2019, gur thug an Coiste um Rialú Buiséadach éisteacht d’ainmnitheach na Comhairle le haghaidh comhaltas sa Chúirt Iniúchóirí;

1.  ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Alex Brenninkmeijer ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar eolas, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.

An nuashonrú is déanaí: 27 Samhain 2019Fógra dlíthiúil