Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt chun críche an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gaimbia, agus an Phrótacail ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta sin (08974/2019 – C9-0106/2019 – 2019/0076(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (08974/2019),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gaimbia (08984/2019),
– ag féachaint don dréachtPhrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gaimbia (09949/2019),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0106/2019),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus do Riail (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0026/2019),
1. ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú agus an prótacal a thabhairt chun críche;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Phoblacht na Gaimbia.