Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0356(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0003/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0003/2020

Díospóireachtaí :

PV 11/02/2020 - 4
CRE 11/02/2020 - 4

Vótaí :

PV 12/02/2020 - 11.1
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0026

Téacsanna atá glactha
PDF 111kWORD 42k
Dé Céadaoin, 12 Feabhra 2020 - Strasbourg
An Comhaontú Saorthrádála AE-Vítneam a Thabhairt i gCrích ***
P9_TA(2020)0026A9-0003/2020

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam a thabhairt i gcrích (06050/2019 – C9-0023/2019 – 2018/0356(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06050/2019),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam (06051/2019),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagail 91(1), 100(2), le hAirteagal 207(4) an chéad fhomhír, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0023/2019),

–  ag féachaint dá rún neamhreachtach an 12 Feabhra 2020(1) ar an dréachtchinneadh,

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Iascach,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0003/2020),

1.  ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Shóisialach Vítneam.

(1) Téacsanna a glacadh an dáta sin, P9_TA-PROV(2020)0027.

An nuashonrú is déanaí: 14 Meán Fómhair 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais