Parlaimint na hEorpa: Ordinary legislative procedure  

Mar a oibríonn sé

Step list:

#1Togra ón gCoimisiún

Tíolacann an Coimisiún Eorpach togra reachtach do Pharlaimint na hEorpa

Gníomhaithe a bhfuil ceart tionscnaimh acu
  • An Banc Eorpach Infheistíochta      
  • An Banc Ceannais Eorpach      
  • Parlaimint na hEorpa      
  • Tionscnamh ó na saoránaigh      
  • An ceathrú cuid de na Ballstáit      
Details
  • Sprioc-am: 

    Níl aon teorainn ama ann a mhéid a bhaineann le tograí ón gCoimisiún a thíolacadh.

     
  • Vóta: 

    Déanann Coláiste na gCoimisinéirí na tograí ón gCoimisiún a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn (nach mbíonn aon phlé ag gabháil leis) nó trí nós imeachta ó bhéal (lena ngabhann plé). Má iarrtar vóta, déanann an Coimisiún a chinneadh trí thromlach simplí.

     
  • An doiciméad a leanann as: 

    Is é a bhíonn sa doiciméad a chuireann an Coimisiún síos mar thogra: Togra le haghaidh rialachán (nó treoir nó cinneadh) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le [hábhar].

    Is é atá i dtagairt an doiciméid: COM(an bhliain i 4 dhigit)uimhir i 4 dhigit

     
  • Staidreamh: 

    I rith an 7ú téarma parlaiminteach (2009-2014) thíolaic an Coimisiún 584 togra faoin gcomhchinnteoireacht/faoin ngnáthnós imeachta reachtach; méadú ó 508 i rith an 6ú téarma parlaiminteach (2004-2009) agus 432 i rith an 5ú téarma parlaiminteach (1999-2004).
    I rith an 7ú téarma parlaiminteach, b'ionann tograí don chomhchinnteoireacht/don ghnáthnós imeachta reachtach agus 89% den 658 togra reachtach a thíolaic an Coimisiún, i gcomparáid le 49% i rith an 6ú téarma parlaiminteach (as 1041 togra), 42% i rith an 5ú téarma parlaiminteach (as 1028 togra) agus 21% i rith an 4ú téarma parlaiminteach (1994-1999).

     
    

#2 An chéad léamh sa Pharlaimint

Le linn an chéad léamh, scrúdaíonn Parlaimint na hEorpa an togra ón gCoimisiún agus féadann sí an togra sin a ghlacadh nó a leasú.

Details
  • Sprioc-am: 

    Níl aon teorainn ama ann do chéad léamh na Parlaiminte.

     
  • Vóta: 

    Is tromlach simplí de na vótaí a chaitear a bhíonn i gceist sna vótaí i gcoiste agus sna vótaí sa suí iomlánach.

     
  • An doiciméad a leanann as: 

    Glacann an Pharlaimint Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh..

     
  • Staidreamh: 

    I rith an 7ú téarma parlaiminteach (2009-2014) is chuig an gCoiste um an gComhshaol a chuaigh 14% de chomhaid na comhchinnteoireachta/an ghnáthnóis imeachta reachtaigh, is chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta a chuaigh 11%, is chuig an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta a chuaigh 10%, agus 10% chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta freisin.
    Mar chomparáid leis sin, i rith an 6ú téarma parlaiminteach (2004-2009) is chuig an gCoiste um an gComhshaol a chuaigh 20% de na comhaid chomhchinnteoireachta, is chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla a chuaigh 18.3% agus is chuig an gCoiste um Iompar a chuaigh 11.4%.

     
    

#3 An chéad léamh sa Chomhairle

Le linn a chéad léamh, féadann an Chomhairle a chinneadh go nglacann sé leis an seasamh ón bParlaimint agus sa chás sin glactar an gníomh reachtach, nó féadann sí an seasamh ón bParlaimint a leasú agus an togra a chur ar ais chuig an bParlaimint le haghaidh an dara léamh.

Details
  • Sprioc-am: 

    Níl aon teorainn ama ann do chéad léamh na Comhairle.

     
  • Vóta: 

    Déanann an Chomhairle a chinneadh trí thromlach cáilithe, mura rud é go bhfuil an seasamh a ghlacann sí éagsúil ón seasamh atá ag an gCoimisiún, agus sa chás sin ní mór go ndéantar an cinneadh d'aon ghuth.

     
  • Rannpháirtíocht an tsaoránach: 

    Faigh amach cén seasamh atá á ghlacadh ag an rialtas sin agatsa maidir le reachtaíocht atá molta agus seol do chuidse barúlacha agus ábhair imní chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha.

     
  • An doiciméad a leanann as: 

    Má ghlacann an Chomhairle an seasamh ón bParlaimint gan aon athrú a dhéanamh, glactar an gníomh reachtach agus foilsítear é mar Threoir (nó rialachán nó cinneadh) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle..

    Má mholann an Chomhairle athruithe a dhéanamh ar an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh, is é an doiciméad a leanann as sin: Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh

     
  • Staidreamh: 

    I rith an 7ú téarma parlaiminteach, comhaontaíodh 85% de na comhaid ar an gcéad léamh (415 as 488 comhad a cuireadh i gcrích), i gcomparáid le 72% sa téarma roimhe sin (2004-2009) agus 29% i rith an 5ú téarma parlaiminteach (1999-2004).

    Sa 7ú téarma parlaiminteach, is 17 mí a bhí sa mheántréimhse ama a ghlac sé ó leagadh síos an togra ón gCoimisiún go dtí gur síníodh an gníomh tar éis próiseas glactha an ghnímh a bheith tugtha chun críche ar an gcéad léamh. I rith an 6ú téarma parlaiminteach, is 16 mí a bhí sa mheántréimhse ama chun comhaid a thabhairt chun críche, 11 mí i gcás an 5ú téarma parlaiminteach.

     
Toradh:
  1. Glactar an togra reachtach   The vast majority of proposals are adopted at this stage    
  2. Bogann an togra reachtach ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile  
    

#4 An dara léamh sa Pharlaimint

Scrúdaíonn an Pharlaimint an seasamh ón gComhairle agus déanann sí é a fhormheas, rud a d’fhágfadh an gníomh formheasta, nó diúltaíonn sí dó, rud a d’fhágfadh go dtifeadh an gníomh ar lár agus go gcuirfí deireadh leis an nós imeachta ina iomláine, nó molann sí leasuithe agus cuireann sí an togra ar ais chuig an gComhairle don dara léamh.

Details
  • Sprioc-am: 

    Bíonn 3 mhí ag an bParlaimint chun an dara léamh a sheoladh, ach gur féidir an tréimhse sin a fhadú aon mhí amháin.

     
  • Vóta: 

    Déanann an coiste parlaiminteach atá freagrach a chinneadh trí thromlach simplí de na vótaí a chaitear.

    Gníomhaíonn an suí iomlánach trí thromlach simplí de na vótaí a chaitear más rud é go bhformheasann sé an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh gan aon leasuithe a dhéanamh. Maidir le haon leasuithe ar an seasamh ón gComhairle, nó maidir le diúltú don seasamh, ní mór iad sin a fhormheas le tromlach glan de na Feisirí.

     
  • Rannpháirtíocht an tsaoránach: 

    Is fíorbheag deis atá ann athruithe a dhéanamh ar an dréacht-téacs. Ní féidir a dhéanamh leis na leasuithe ach amháin leasuithe a mhol an Pharlaimint roimhe sin a thabhairt ar ais arís, lena léirítear comhréiteach idir an Pharlaimint agus an Chomhairle nó lena léirítear staid dhlíthiúil nua. Fós féin is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’Fheisirí agus a iarraidh orthu vótáil i bhfabhar nó i gcoinne aon leasuithe agus i bhfabhar nó i gcoinne na tuarascála.

     
  • An doiciméad a leanann as: 

    Má fhormheasann an Pharlaimint an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, glacann sí Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh. Glactar an gníomh reachtach agus foilsítear é mar Threoir (nó rialachán nó cinneadh) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Má vótálann Parlaimint na hEorpa chun an seasamh ón gComhairle a mhodhnú, glacann sí Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an dara léamh.

     
  • Staidreamh: 

    Sa 7ú téarma parlaiminteach, glacadh 40 de 488 comhad an ghnáthnóis imeachta reachtaigh (8%) trí chomhaontú luath ar an dara léamh, mar a thugtar air, mar a nglacann an Pharlaimint seasamh réamhchaibidlithe ón gComhairle ar an gcéad léamh (arna chaibidliú idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún) agus gan aon leasuithe a dhéanamh, rud a chiallaíonn go bhfuil an gníomh glactha. Is 32 mí a bhí i meántréimhse ama an nós imeachta le haghaidh comhaontú luath ar an dara léamh.

    Sa 6ú téarma parlaiminteach (2004-2009), rinneadh 10% na gcomhad a ghlacadh trí chomhaontú luath ar an dara léamh, agus ghlac siad sin ar an meán 25 mí in aghaidh an chomhaid. Sa 5ú téarma parlaiminteach, rinneadh 25% na gcomhad a ghlacadh trí chomhaontú luath ar an dara léamh, agus ghlac siad sin ar an meán 23 mí.

     
Toradh:
  1. Glactar an togra reachtach   
  2. Ní ghlactar an togra reachtach   
  3. Bogann an togra reachtach ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile  
    

#5 An dara léamh sa Chomhairle

Scrúdaíonn an Chomhairle an seasamh ón bParlaimint ar an dara léamh agus déanann sí leasuithe uile na Parlaiminte a fhormheas, rud a chiallaíonn go nglactar an gníomh, sin nó ní fhormheasann sí na leasuithe uile agus as sin déantar Coiste Idir-réitigh a chomóradh.

Details
  • Sprioc-am: 

    Bíonn 3 mhí ag an gComhairle chun an dara léamh a sheoladh, ach gur féidir an tréimhse sin a fhadú aon mhí amháin.

     
  • Vóta: 

    Vótálann an Chomhairle trí thromlach cáilithe ar leasuithe na Parlaiminte a bhfuil tuairim dheimhneach tugtha ag an gCoimisiún ina dtaobh, agus vótálann sí d'aon ghuth ar na leasuithe a bhfuil tuairim dhiúltach tugtha ag an gCoimisiún ina dtaobh.

     
  • Rannpháirtíocht an tsaoránach: 

    Is do leasuithe na Parlaiminte amháin a fhéadann an Chomhairle freagairt. Is féidir leat an seasamh atá agat féin i leith na leasuithe ar leith a chur in iúl do do rialtas.

     
  • An doiciméad a leanann as: 

    Má fhormheasann an Chomhairle an seasamh ón bParlaimint ar an dara léamh, glactar an gníomh reachtach agus foilsítear é mar Threoir (nó rialachán nó cinneadh) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Mura bhformheasann an Chomhairle an seasamh ón bParlaimint ar an dara léamh, ní leanann doiciméad oifigiúil ar bith as an méid sin.

     
  • Staidreamh: 

    I rith an 7ú téarma parlaiminteach, comhaontaíodh 5% de na comhaid chomhchinnteoireachta uile ar an dara léamh (gan comhaontuithe luatha ar an dara léamh san áireamh), i gcomparáid le 13% i rith an 6ú téarma parlaiminteach agus 24% i rith an 5ú téarma parlaiminteach.

    Sa 7ú téarma parlaiminteach, is 32 mí a bhí i meántréimhse ama an nós imeachta le haghaidh comhaontú ar an dara léamh (gan comhaontuithe luatha ar an dara léamh san áireamh). Bhí an meántréimhse ama mar an gcéanna i rith an 6ú téarma parlaiminteach, i gcomparáid le 24 mí i rith an 5ú téarma parlaiminteach.

     
Toradh:
  1. Glactar an togra reachtach   
  2. Bogann an togra reachtach ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile  
    

#6 Idir-réiteach

Féachann an Coiste Idir-Réitigh, atá comhdhéanta de líon Feisirí is comhionann le líon na n ionadaithe ón gComhairle, le teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach. Mura n éiríonn leis sa mhéid sin, titeann an gníomh reachtach ar lár agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta. Má chomhaontaítear téacs comhpháirteach, cuirtear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle é le haghaidh an tríú léamh.

Details
  • Sprioc-am: 

    Ní mór an Coiste Idir-réitigh a chomóradh laistigh de 6 seachtaine (ar féidir é a fadú go dtí 8 seachtaine). Bíonn 6 seachtaine (nó 8 seachtaine má chomhaontaítear é sin go comhpháirteach) ag an gcoiste le téacs comhpháirteach a chomhaontú.

     
  • Vóta: 

    Déanann toscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh an téacs comhpháirteach a fhormheas le tromlach glan (i láthair na huaire, sin 15 vóta ar a laghad as 28), agus vótálann ionadaithe na Comhairle de ghnáth trí thromlach cáilithe (cé go bhfuil eisceachtaí áirithe ann ina mbíonn gá le vóta d'aon toil).

     
  • Rannpháirtíocht an tsaoránach: 

    Is ar éigean má tá deis ar bith ann le leasuithe a thabhairt isteach, ach is féidir leat na pointí a chreideann tú féin nár cheart a bheith curtha sa téacs reachtach críochnaitheach a chur in iúl do na Feisirí atá rannpháirteach sa choiste idir-réitigh agus do do rialtas.

     
  • An doiciméad a leanann as: 

    Má thagtar ar chomhaontú, cuireann an coiste "téacs comhpháirteach" nó (an teideal iomlán) "Téacs comhpháirteach a d'fhormheas an Coiste Idir-Réitigh" i dtoll a chéile.

     
  • Staidreamh: 

    I rith an 7ú téarma parlaiminteach, cuireadh 2% de na comhaid (9 gcomhad) chun idir-réitigh, laghdú ó 5% (24 comhad) sa 6ú téarma parlaiminteach agus 20% sa 5ú téarma parlaiminteach. Le blianta beaga anuas, is iondúil gur próiseas idir-réitigh amháin nó dhó a bhí ann in aghaidh na bliana.
    Níor éirigh leis an gCoiste Comhpháirteach téacs comhpháirteach a fhormheas orthu seo a leanas:
    Glór-theileafónaíocht in 1994
    An Coiste um Urrúis in 1998
    An Treoir maidir le hAm Oibre in 2009
    An Rialachán maidir le Bianna Núíosacha in 2011

     
Toradh:
  1. Ní ghlactar an togra reachtach   
  2. Bogann an togra reachtach ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile  
    

#7a An tríú léamh sa Pharlaimint

Déanann Parlaimint na hEorpa an téacs comhpháirteach a scrúdú, agus vótáil air, sa suí iomlánach. Ní féidir léi an fhoclaíocht sa téacs comhpháirteach a athrú. Má dhiúltaíonn sí dó, nó má mhainníonn sí gníomhú ar an téacs, ní ghlactar an gníomh agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta. Má dhéanann an Pharlaimint agus an Chomhairle an téacs comhpháirteach a fhormheas, glactar an gníomh.

Details
  • Sprioc-am: 

    Ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle araon gníomhú laistigh de 6 seachtaine (nó 8 seachtaine má chomhaontaíonn siad eatarthu é) ón dáta a ndearnadh an téacs comhpháirteach a fhormheas.

     
  • Vóta: 

    Formheasann an Pharlaimint an seasamh comhpháirteach le tromlach simplí de na vótaí a chaitear. Formheasann an Chomhairle an téacs comhpháirteach trí thromlach cáilithe.

     
  • Rannpháirtíocht an tsaoránach: 

    Ní féidir an téacs comhpháirteach a athrú. Níl tú in ann a dhéanamh ach a iarraidh ar FPEanna agus/nó ar do rialtas an téacs comhpháirteach a fhormheas nó diúltú dó.

     
  • An doiciméad a leanann as: 

    Glacann Parlaimint na hEorpa rún reachtach maidir leis an téacs comhpháirteach a d'fhormheas an Coiste Idir-Réitigh ina ndéanann sí an téacs comhpháirteach a fhormheas nó diúltú dó.

    Ní chuireann an Chomhairle aon doiciméad oifigiúil ar fáil.

    Má dhéantar an téacs comhpháirteach a fhormheas, glactar an gníomh reachtach agus foilsítear é mar Threoir (nó rialachán nó cinneadh) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

     
  • Staidreamh: 

    Go dtí seo, tá diúltaithe ag an bParlaimint do thrí théacs chomhpháirteacha.
    Cosaint aireagán biteicneolaíoch i 1995
    Tairiscintí táthcheangail in 2001
    Seirbhísí Calafoirt in 2003
    Níor dhiúltaigh an Chomhairle do théacs comhpháirteach riamh.
    Sa 7ú téarma parlaiminteach (2009-2014) ba 29 mí a bhí sa mheántréimhse ama a thóg sé ar chomhaid a dhul go rathúil tríd an idir-réiteach - ó thogra an Choimisiúin go dtí tráth a sínithe, i gcomparáid le 43 mí sa 6ú téarma parlaiminteach agus 31 mí sa 5ú téarma parlaiminteach.

     
Toradh:
  1. Glactar an togra reachtach   
  2. Ní ghlactar an togra reachtach   
    

#7b An tríú léamh sa Chomhairle

Scrúdaíonn an Chomhairle an téacs comhpháirteach. Ní féidir léi an fhoclaíocht a athrú. Más rud é go ndiúltaíonn sí dó, nó nach ngníomhaíonn sí air, titeann an gníomh ar lár agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta. Má fhormheasann sí an téacs, agus go bhformheasann an Pharlaimint freisin é, glactar an gníomh.

Details
  • Sprioc-am: 

    Ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle araon gníomhú laistigh de 6 seachtaine (nó 8 seachtaine má chomhaontaíonn siad eatarthu é) ón dáta a ndearnadh an téacs comhpháirteach a fhormheas.

     
  • Vóta: 

    Formheasann an Pharlaimint an seasamh comhpháirteach le tromlach simplí de na vótaí a chaitear. Formheasann an Chomhairle an téacs comhpháirteach trí thromlach cáilithe.

     
  • Rannpháirtíocht an tsaoránach: 

    Ní féidir an téacs comhpháirteach a athrú. Níl tú in ann a dhéanamh ach a iarraidh ar FPEanna agus/nó ar do rialtas an téacs comhpháirteach a fhormheas nó diúltú dó.

     
  • An doiciméad a leanann as: 

    Glacann Parlaimint na hEorpa rún reachtach maidir leis an téacs comhpháirteach a d'fhormheas an Coiste Idir-Réitigh ina ndéanann sí an téacs comhpháirteach a fhormheas nó diúltú dó.

    Ní chuireann an Chomhairle aon doiciméad oifigiúil ar fáil.

    Má dhéantar an téacs comhpháirteach a fhormheas, glactar an gníomh reachtach agus foilsítear é mar Threoir (nó rialachán nó cinneadh) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

     
  • Staidreamh: 

    Go dtí seo, tá diúltaithe ag an bParlaimint do thrí théacs chomhpháirteacha:
    Cosaint aireagán biteicneolaíoch i 1995
    Tairiscintí táthcheangail in 2001
    Seirbhísí Calafoirt in 2003
    Níor dhiúltaigh an Chomhairle do théacs comhpháirteach riamh.
    Sa 6ú téarma parlaiminteach, ba 43.9 mí a bhí sa mheántréimhse ama a thóg sé ar chomhaid a dhul go rathúil tríd an idir-réiteach – ón togra ón gCoimisiún go dtí tráth a sínithe, i gcomparáid le 31.9 mí sa 5ú téarma parlaiminteach. Ba 28.8 mí a ghlac an nós imeachta ba ghiorra le linn an 6ú téarma parlaiminteach, agus 154.9 mí a thóg sé ar an nós imeachta ab fhaide.

     
Toradh:
  1. Glactar an togra reachtach   
  2. Ní ghlactar an togra reachtach   
    

Toradh:

  1. Tá an togra glactha

    Ó bhíonn téacs críochnaitheach togra reachtaigh formheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon, síníonn Uachtaráin agus Ard-Rúnaithe an dá institiúid go comhpháirteach é. I ndiaidh an tsínithe, foilsítear na téacsanna san Iris Oifigiúil agus déantar téacs oifigiúil díobh.

    • Tá rialacháin ceangailteach go díreach ar fud AE amhail ón dáta a leagtar síos san Iris Oifigiúil.
    • Leagtar síos i dtreoracha na torthaí deiridh atá le baint amach i ngach Ballstát, ach fágtar faoi na rialtais náisiúnta é a chinneadh cén chaoi a ndéanfaidh siad a gcuid dlíthe a oiriúnú chun na spriocanna sin a bhaint amach. I ngach Treoir, sonraítear an dáta faoina gcaithfidh na dlíthe náisiúnta a bheith oiriúnaithe.
    • Tá feidhm ag cinntí maidir le cásanna sonracha, lena mbaineann údaráis ar leith nó daoine aonair agus tá siad láncheangailteach.
     
         
  2. Níl an togra glactha

    Má dhiúltaítear do thogra reachtach ag aon chéim den nós imeachta, nó mura féidir leis an bParlaimint agus leis an gComhairle teacht ar chomhréiteach, ní ghlactar an togra agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta. Ní féidir nós imeachta nua a thosú ach amháin le togra nua ón gCoimisiún.

     
     
                                                                                                 
This article in PDF format 

Tuilleadh eolais:

#1 Togra ón gCoimisiún:
Rannpháirtíocht an tsaoránach 

  1. Má mheasann tú féin gur cheart do AE reachtaíocht a thionscnamh, tá cúpla rud is féidir leat a dhéanamh:
    1. tús a chur le tionscnamh ó na saoránaigh - má bhailíonn tú 1 milliún síniú ar a laghad ó shaoránaigh AE i 7 mBallstát ar a laghad, agus é sin a dhéanamh laistigh de bhliain, is féidir leat a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach gníomhú i réimse a thagann faoina réimse freagrachtaí. Tá tuilleadh faoin tionscnamh ó na saoránaigh le fáil ar
    2. stocaireacht a dhéanamh ar Fheisirí, ar féidir leosan
      1. an próiseas a thionscnamh lena n iarrann an Pharlaimint ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh. Ní féidir é seo a dhéanamh ach amháin sna cásanna ina measann an Pharlaimint go bhfuil gá le reachtaíocht AE chun cabhrú le cur chun feidhme na gConarthaí. Má dhiúltaíonn an Coimisiún togra a thíolacadh, tá air míniú a thabhairt. div>
      2. a iarraidh ar choiste Parlaiminteach tuarascáil féintionscnaimh a tharraingt suas, lenar féidir, a thúisce a bheidh sé formheasta ag an bParlaimint, brú a chur ar an gCoimisiún teacht suas le tograí nua. Ní tuarascáil cheangailteach í an tuarascáil féintionscnaimh.
      3. ceist a chur ar an gCoimisiún, agus d'fhéadfadh sé go mbreithneodh an Coimisiún ansin reachtaíocht a thabhairt isteach bunaithe ar an gceist sin. Tá tuilleadh faoi cheisteanna le fáil ar
      4. dearbhú i scríbhinn a sheoladh; agus má shíníonn níos mó ná leath na bhFeisirí é seoltar ar aghaidh chuig an gCoimisiún an dearbhú agus iarrtar air gníomhaíocht a dhéanamh. Tá tuilleadh faoi dhearbhuithe i scríbhinn le fáil ar
    3. achainí a dhéanamh ar Pharlaimint na hEorpa Tá tuilleadh faoi achainíocha le fáil ar
  2. A thúisce a chuireann an Coimisiún tús le reachtaíocht a ullmhú nó a athbhreithniú, is gnách leis comhairliúchán poiblí a oscailt a thugann deis do pháirtithe leasmhara agus do shaineolaithe a dtuairimí a thabhairt. Tá tuilleadh faoi chomhairliúcháin phoiblí le fáil ar
 
Go back to infography     

#2 An chéad léamh sa Pharlaimint:
Rannpháirtíocht an tsaoránaigh 

Nuair a chuirtear togra chuig an bParlaimint, is gnách go gcuireann an rapóirtéir agus na ‘scáthrapóirtéirí’ (Feisirí arna gceapadh de ghnáth ag gach ceann de na grúpaí polaitiúla chun nós imeachta a leanúint) tús le tuairimí a bhailiú ó pháirtithe lena mbaineann. Is féidir leatsa do thuairim féin a chur chucu, chuig aon chomhalta eile den choiste, nó chuig aon Fheisire.


I gcéim an choiste, is féidir le Feisire ar bith leasuithe a chur síos ach is é an coiste freagrach, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad a fhéadfaidh leasuithe a chur síos sa suí iomlánach.


Uaireanta, eagraíonn coistí éisteachtaí poiblí, a bhféadfadh tusa freastal orthu.


Déantar cruinnithe coiste agus an suí iomlánach a chraoladh beo trí shruthú gréasáin. Is féidir leat féachaint ar an sruthú sin ar EPTV


Is féidir leat a rá le do FPE cad iad na leasuithe atá curtha síos a mheasann tú féin a bheith tairbheach nó a mhalairt.

 
Go back to infography     
 
 

Complete texts: 

#1 Togra ón gCoimisiúnl 

An téacs iomlán 
Ullmhaíonn an Coimisiún Eorpach tograí reachtacha ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air ag institiúidí nó tíortha eile AE, nó tar éis tionscnamh ó na saoránaigh, agus is minic gur i ndiaidh comhairliúcháin phoiblí a dhéanann sé amhlaidh. Déantar an leagan deiridh den togra a chur ar aghaidh ag an am céanna chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na parlaimintí náisiúnta, agus, i gcásanna áirithe, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.
  1. Cuirtear tús leis an ngnáthnós imeachta nuair a dhéantar togra reachtach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
  2. I láthair na huaire, tá feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach maidir le 85 réimse beartais sainithe a chuimsíonn an chuid is mó de réimsí inniúlachta AE.
  3. Is leis an gCoimisiún Eorpach a luíonn an ‘ceart tionscnaimh’. Is é atá freagrach as formhór na dtograí reachtacha a thíolacadh. Féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle, áfach, a iarraidh ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh agus i gcorrchás atá sainithe go maith féadann institiúidí eile teacht aníos le tograí.
  4. Féadann an Pharlaimint (trí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í) a iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh sna cásanna ina gceapann an Pharlaimint go bhfuil gá le reachtaíocht AE chun cabhrú leis na Conarthaí a chur chun feidhme. Má dhiúltaíonn an Coimisiún togra a thíolacadh, tá air míniú a thabhairt.
  5. Féadann an Chomhairle (ag gníomhú di trí thromlach simplí) a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun aon staidéir a mheasann na hairí a bheith fóinteach chun comhaidhmeanna a ghnóthú, agus aon tograí iomchuí a chur faoina bráid.
  6. Sna cásanna an-sonrach seo a leanas, ceadaíonn na Conarthaí an gnáthnós imeachta reachtach a sheoladh:
    • ar thionscnamh an cheathrú cuid de na Ballstáit (comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, comhar póilíneachta)
    • ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach (airteagail áirithe de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh)
    • arna iarraidh sin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (cúirteanna speisialaithe a bhunú a bheidh i gceangal leis an gCúirt Ghinearálta chun aicmí áirithe caingne nó imeachtaí i réimsí áirithe a éisteacht agus a chinneadh ag an gcéad chéim, forálacha áirithe de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh)
    • arna iarraidh sin ag an mBanc Eorpach Infheistíochta
  7. Féadann togra ón gCoimisiún a bheith ann freisin i ndiaidh Tionscnamh ó Shaoránaigh na hEorpa.
  8. Is as próiseas comhairliúcháin fairsing a thagann togra ón gCoimisiún, ar próiseas é is féidir a sheoladh ar bhealaí éagsúla (measúnú tionchair éigeantach, tuarascálacha ó shaineolaithe, comhairliúchán le saineolaithe náisiúnta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus/nó le heagraíochtaí neamhrialtasacha, comhairliúchán trí Pháipéir Ghlasa agus trí Pháipéir Bhána etc.).
  9. Déantar próiseas comhairliúcháin a sheoladh freisin i measc na ranna éagsúla sa Choimisiún chun a áirithiú go gcuirtear gnéithe uile an ábhair i dtrácht san áireamh (comhairliúchán idir-seirbhíse).
  10. Is gnách gurb é Coláiste na gCoimisinéirí a ghlacann an togra ón gCoimisiún bunaithe ar nós imeachta i scríbhinn (gan aon phlé i measc na gCoimisinéirí) nó buanaithe ar nós imeachta ó bhéal (déanann Coláiste na gCoimisinéirí plé ar an sainchomhad), agus foilsítear an togra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
  11. Déanann an Coimisiún a thogra reachtach (rialachán, treoir nó cinneadh de ghnáth) a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ach tíolacann sé freisin é do pharlaimintí náisiúnta uile AE agus, i gcás inarb infheidhme, do Choiste na Réigiún agus don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Ról na bparlaimintí náisiúnta

  1. De réir Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta agus Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, tá ocht seachtaine ag na parlaimintí náisiúnta le tuairim réasúnaithe a eisiúint má mheasann siad nach gcomhlíonann an dréachtreachtaíocht prionsabal na coimhdeachta. Tá dhá vóta ag gach parlaimint náisiúnta. I gcórais pharlaiminteacha ina bhfuil dhá sheomra, tá vóta amháin ag gach aon seomra.
  2. Má tá 1/3 ar a laghad de na parlaimintí náisiúnta den tuairim nach gcomhlíonann an dréachtreachtaíocht prionsabal na coimhdeachta, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar an dréachtreachtaíocht sin (‘cárta buí’). Laghdaíonn an tairseach sin go dtí ¼ i gcás dréacht-togra reachtach arna thíolacadh ar bhonn Airteagal 76 CFAE (comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus comhar póilíneachta). I ndiaidh athbhreithniú ‘cárta bhuí’ a dhéanamh, féadann an institiúid um údarú (an Coimisiún de ghnáth) a chinneadh an reachtaíocht a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar.
  3. Ina theannta sin, faoin ngnáthnós imeachta reachtach, má mheasann tromlach simplí de na parlaimint náisiúnta nach gcomhlíonann dréacht-togra reachtach prionsabal na coimhdeachta, ní mór don Choimisiún an dréacht a athscrúdú (‘cárta flannbhuí’). Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadann an Coimisiún a chinneadh an togra a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar. Má chinneann an Coimisiún an togra a choinneáil, ní mór dó a sheasamh a fhírinniú. Ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ansin, sula gcríochnófar an chéad léamh, a bhreithniú an gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. Má mheasann an Pharlaimint trí thromlach simplí dá Feisirí nó an Chomhairle trí thromlach 55% dá comhaltaí nach gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta, ligtear an togra reachtach ar lár.

Tuairimí ó Choiste na Réigiún agus ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta

  1. Ní mór don Choimisiún agus don Chomhairle dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta (CES) agus le Coiste na Réigiún (CnaR) maidir le saincheisteanna áirithe nó nuair a mheasann an Chomhairle gurb iomchuí é sin a dhéanamh. Mar shampla, ní mór do CES a thuairim a thabhairt ar an mbeartas eacnamaíoch agus sóisialta agus ní mór dul i gcomhairle le CnaR maidir le cúrsaí comhshaoil, oideachais agus iompair. Is féidir leis an gComhairle nó leis an gCoimisiún teorainn ama a leagan síos maidir le tuairimí a thíolacadh. Tá an rogha ag Parlaimint na hEorpa freisin dul i gcomhairle leis an dá Choiste. Sa bhreis air sin, is féidir leis na Coistí tuairimí a eisiúint ar a dtionscnamh féin.
Go back to infography     

#2 An chéad léamh i bParlaimint na hEorpa 

An téacs iomlán 
Tarchuireann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an togra chuig coiste parlaiminteach, agus ceapann an coiste sin rapóirtéir a mbíonn sé de fhreagracht air nó uirthi dréacht-tuarascáil a tharraingt suas ina mbíonn leasuithe ar théacs an togra. Vótálann an coiste ar an tuarascáil sin agus ar aon leasuithe ar an tuarascáil a chuireann Feisirí eile síos. Ansin, déanann Parlaimint na hEorpa plé agus vótáil ar an togra reachtach i suí iomlánach bunaithe ar an tuarascáil ón gcoiste agus ar na leasuithe. Is é an seasamh ón bParlaimint a bhíonn mar thoradh air sin. Is féidir leis an bParlaimint glacadh leis an togra gan aon athruithe ná aon leasuithe a dhéanamh. I bhfíor-chorrchás is féidir leis an Uachtarán a iarraidh ar an gCoimisiún an togra a tharraingt siar. Déantar an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle.
  1. Ó thagann togra reachtach ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, déanann an tUachtarán, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis na seirbhísí teicniúla ábhartha, an togra a tharchur chuig an gcoiste freagrach.
  2. Roghnaítear an coiste ag brath ar an ábhar a chuimsítear sa togra.
  3. D’fhéadfadh sé go dtabharfaí an deis do choistí eile a dtuairim a thabhairt má bhaineann an t ábhar leosan chomh maith.
  4. Má bhíonn coinbhleacht ann i dtaobh inniúlachta, mar shampla más ábhar é a thagann mórán ar aon chéim faoi inniúlachtaí dhá choiste nó níos mó, is é Comhdháil na nUachtarán a chinneann an nós imeachta bunaithe ar mholadh ó Choiste Chathaoirligh na gCoistí.
  5. Féadtar díospóidí maidir le hinniúlacht a réiteach trí nósanna imeachta a mbíonn coistí comhlachaithe páirteach iontu nó le cruinnithe agus vótaí i gcoiste comhpháirteach.
  6. Oibríonn coiste comhlachaithe ar an togra ag an am céanna leis an gcoiste freagrach agus leantar clár ama atá comhaontaithe go comhpháirteach acu. Sainaithníonn na rapóirtéirí sa dá choiste cad iad na réimsí den téacs a thagann faoina n-inniúlacht eisiach nó a bhfuil inniúlacht chomhpháirteach ag gabháil leo agus comhaontaíonn siad eatarthu an chaoi a gcomhoibreoidh siad lena chéile. Coinníonn na rapóirtéirí a chéile ar an eolas agus ba cheart go mbeadh na téacsanna a mholann siad do na coistí agus an seasamh a ghlacann siad i ndáil le leasuithe comhaontaithe go comhpháirteach acu. Ba cheart go nglacfadh an coiste freagrach, gan vótáil, le leasuithe ó choiste comhlachaithe i gcás ina mbaineann siad le nithe a thagann faoi inniúlacht eisiach an choiste chomhlachaithe.
  7. Más rud é nach mbíonn coiste freagrach agus coiste comhlachaithe aontaithe i dtaca le hinniúlacht, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a rialú cé acu inniúlacht a ghabhann le cén coiste, nó is féidir léi a shocrú go mbeadh cruinnithe coiste comhpháirteacha ann má bhíonn an inniúlacht mórán comhionann ag an dá choiste.
  8. Sa chás gur ann do chruinnithe coiste comhpháirteacha, déanann na rapóirtéirí lena mbaineann dréacht-tuarascáil aonair a tharraingt suas, a ndéanann na coistí atá páirteach i gcruinnithe comhpháirteacha faoi chomhchathaoirleacht í a scrúdú agus vótáil uirthi.
  9. Déanann an coiste parlaiminteach atá freagrach bunús dlí an togra a fhíorú ar dtús. Is féidir leis a iarraidh ar an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla a thuairim a thabhairt, agus is féidir leis an gcoiste sin, ar a thionscnamh féin, a chinneadh an bunús dlí a sheiceáil.
  10. Más rud é go mbíonn impleachtaí airgeadais ag an togra, ní mór don choiste freagrach a fhíorú freisin go bhfuil sé ag luí leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil, i.e. go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ann. Is féidir leis an gcoiste atá freagrach as gnóthaí buiséadacha freisin seiceáil den sórt sin a dhéanamh ar a thionscnamh féin.
  11. Is féidir leis an gcoiste freagrach, le grúpa polaitiúil, nó le 40 Feisire ar a laghad agóid a dhéanamh má mheasann siad nach bhfuil na cearta atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha AE á gcomhlíonadh ag an togra nó ag codanna den togra.
  12. Ó thugtar freagracht as an togra do choiste, ceapann sé rapóirtéir as measc a chomhaltaí féin. I gcleachtas, is iad na comhordaitheoirí is ionadaithe ar na grúpaí polaitiúla a chinneann cé acu grúpa polaitiúil a bheidh ag déileáil leis an tuarascáil. Molann an grúpa sin rapóirtéir as measc a chomhaltaí coiste nó a bhuanchomhaltaí ionaid.
  13. Féadtar rapóirtéirí a roghnú roimh ré bunaithe ar chlár reachtach bliantúil an Choimisiúin, rud a thugann deis dóibh a bheith ag faire an togra i rith na céime ullmhúcháin sula ndéantar é a thíolacadh don Pharlaimint.
  14. Féadann grúpaí polaitiúla eile scáthrapóirtéir a cheapadh, arb é nó í sin a bhíonn freagrach as seasamh an ghrúpa a ullmhú agus as faireachán a dhéanamh ar obair an rapóirtéara.
  15. Stiúrann an rapóirtéir an togra trí na céimeanna éagsúla den nós imeachta, agus é nó í ag cur comhairle ar an gcoiste (le linn an bhreithnithe ag céim an choiste) agus ar an bParlaimint ina hiomláine (ag céim an tsuí iomlánaigh) maidir leis an gcur chuige ginearálta.
  16. Is é nó í an rapóirtéir atá freagrach as dréacht-tuarascáil a thíolacadh don choiste, ina mbíonn a chuid/cuid leasuithe ar an togra ón gCoimisiún.
  17. Is iondúil go mbíonn roinnt cruinnithe éagsúla ag an gcoiste parlaiminteach chun an dréacht-tuarascáil a scrúdú.
  18. Nuair a bhíonn sainchomhaid chonspóideacha nó ‘theicniúla’ ann, ní hannamh go n-eagraítear éisteachtaí le saineolaithe nó go ndéantar staidéir nó measúnuithe tionchair a choimisiúnú.
  19. I rith díospóireachtaí coiste, féadann an Coimisiún a thogra a chosaint agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste a fhreagairt.
  20. Ós rud é go bhfaigheann an Chomhairle an togra ón gCoimisiún ag an am céanna leis an bParlaimint, agus go dtosaíonn sí ag obair air ag an am céanna freisin, is nós leis an gcoiste a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle é a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an togra sa Chomhairle agus ina meithleacha.
  21. Déanann coistí comhlachais agus coistí a thugann tuairim a gcuid tuairimí a chur faoi bhráid an choiste ceannais.
  22. Is féidir le Feisire ar bith leasuithe a chur síos faoin sprioc-am a bhíonn leagtha síos ag an gcoiste freagrach. Ní mór vótáil ar na leasuithe uile sa choiste freagrach, agus is le tromlach simplí a dhéantar an vótáil ann.
  23. Sula ndéanann an coiste freagrach an vótáil chríochnaitheach ar thogra le haghaidh gníomh reachtach, iarrann sé ar an gCoimisiún an seasamh a ghlacann sé maidir leis na leasuithe uile arna nglacadh ag an gcoiste a chur in iúl agus iarrann sé ar an gComhairle a bharúil ina leith a thabhairt. Mura mbíonn an Coimisiún in ann ráiteas den sórt sin a dhéanamh nó má mura mbíonn sé sásta glacadh leis na leasuithe go léir atá glactha ag coiste, féadann an coiste an vótáil chríochnaitheach a chur ar atráth.
  24. A thúisce a bhíonn an tuarascáil glactha sa choiste, cuirtear ar an gclár oibre don suí iomlánach í.
  25. Féadann grúpa polaitiúil de 40 Feisire ar a laghad leasuithe ar an tuarascáil a chur síos agus iad a chur faoi réir vótála sa suí iomlánach. Mar riail ghinearálta, is é an sprioc-am chun leasuithe nua a chur síos sa suí iomlánach ná meán lae ar Chéadaoin na seachtaine roimh an tseisiúin.
  26. Pléitear an togra reachtach sa suí iomlánach bunaithe ar an tuarascáil a bhíonn tarraingthe suas ag an gcoiste freagrach, lena n áirítear aon leasuithe molta, dréacht-rún reachtach agus, más iomchuí, ráiteas míniúcháin ón rapóirtéir.
  27. Le linn na díospóireachta sa suí iomlánach roimh an vótáil, déanann an Coimisinéir a bhíonn i láthair seasamh an Choimisiúin i dtaca le haon leasuithe atá curtha síos a fhógairt agus míníonn sé nó sí an seasamh sin. Is í an Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil an sainchomhad faoina cúram a ullmhaíonn seasamh an Choimisiúin i leith leasuithe PE agus bíonn an seasamh sin formheasta ag Coláiste na gCoimisinéirí. I gcleachtas, is é an Grúpa um chaidreamh idir-institiúideach (GCI), ar a bhfuil comhaltaí ó oifigí feidhmiúcháin an Choimisiúin atá freagrach as an gcaidreamh idir-institiúideach, a ullmhaíonn é agus déanann an Coláiste é a dhaingniú ina dhiaidh sin.
  28. Ar dtús, vótálann an Pharlaimint ar na leasuithe ar an togra ón gCoimisiún. Ansin, vótálann sí ar an togra, bíodh sé leasaithe nó ná bíodh, agus ina dhiaidh sin arís vótáiltear ar na leasuithe ar an dréacht-rún reachtach. Ar deireadh, vótálann an Pharlaimint ar an dréacht-rún reachtach ina iomláine. Is é a mbíonn sa rún reachtach ná ráiteas á rá cibé an ndéanann an Pharlaimint an togra a fhormheas, an ndiúltaíonn sí dó nó an leasaíonn sí é.
  29. Is le tromlach simplí a dhéantar an vótáil ar fad atá liostaithe thuas, i.e. tromlach de na vótaí a chaitear.
  30. Mura nglacann an Pharlaimint an rún reachtach, déantar an togra a tharchur ar ais chuig an gcoiste freagrach.
  31. Is féidir leis an bParlaimint:
    • diúltú don togra ina iomláine
    • an togra a fhormheas gan aon leasuithe a dhéanamh
    • é a fhormheas ach faoi réir leasuithe
  32. Mura bhfaigheann an togra ón gCoimisiún, arna leasú, tromlach na vótaí a chaitear, nó má ghlactar tairiscint chun diúltú don togra, arna chur síos ag an gcoiste freagrach nó ag 40 Feisire ar a laghad, déanfaidh an Pharlaimint an vótáil ar an rún reachtach (a tharlaíonn de ghnáth i ndiaidh na vótála críochnaithí ar an togra arna leasú) a fhionraí agus iarrfaidh sé ar an gCoimisiún a thogra a tharraingt siar. Má dhéanann an Coimisiún amhlaidh, tagann deireadh leis an nós imeachta reachtach. Má dhiúltaíonn an Coimisiún déanamh amhlaidh, déantar an t ábhar a tharchur ar ais chuig an gcoiste parlaiminteach.
  33. Más rud é go bhformheastar an togra ón gCoimisiún ina iomláine, ach ar bhonn leasuithe, cuirtear an vótáil ar an dréachtrún reachtach ar atráth go dtí go dtugann an Coimisiún ráiteas faoina sheasamh ar gach ceann de na leasuithe. Mura mbíonn an Coimisiún i riocht ráiteas den sórt sin a dhéanamh ag deireadh na vótála sa Pharlaimint ar a thogra, cuireann sé in iúl don Uachtarán nó don choiste freagrach cén uair a measann sé go mbeidh sé in ann ráiteas a dhéanamh agus cuirtear an togra ar an dréachtchlár oibre don chéad seisiún iomlánach eile i ndiaidh an dáta sin.
  34. Má deir an Coimisiún nach bhfuil sé ar intinn aige leasuithe uile na Parlaiminte a ghlacadh, déanann an rapóirtéir nó cathaoirleach an choiste fhreagraigh togra foirmiúil a thíolacadh don Pharlaimint i dtaobh ar chóir leanúint ar aghaidh leis an vótáil ar an dréachtrún reachtach. Sula ndéanann siad an togra, féadann siad a iarraidh ar an Uachtarán breithniú na míre a fhionraí. Más rud é go gcinneann an Pharlaimint an vótáil a chur ar atráth, tarchuirtear an t ábhar ar ais chuig an gcoiste freagrach le hathbhreithniú a dhéanamh air. Ní bheidh inghlactha ach leasuithe arna gcur síos ag an gcoiste freagrach, ar leasuithe iad a fhéachann le teacht ar chomhréiteach leis an gCoimisiún.
  35. Déanann an tUachtarán téacs an togra, arna fhormheas ag an bParlaimint, agus an rún a bhíonn ag gabháil leis, a chur ar aghaidh, mar sheasamh na Parlaiminte, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
  36. Ó bhíonn an chéad léamh críochnaithe ag an bParlaimint, féadann an Coimisiún 'togra modhnaithe' a ghlacadh ina gcorpraítear líon áirithe de leasuithe na Parlaiminte.
  37. Ní leagtar síos aon teorann ama sa Chonradh le haghaidh an chéad léamh sa Pharlaimint.

NB: Ó tháinig Conradh Amstardam i bhfeidhm, táthar in ann an gnáthnós imeachta reachtach a thabhairt chun críche ar an gcéad léamh. Le blianta beaga anuas, is mó atá comhaontuithe á ndéanamh ar an gcéad léamh.

Go back to infography     

#3 An chéad léamh sa Chomhairle 

An téacs iomlán 
Bíonn obair ullmhúcháin ar siúl sa Chomhairle an t achar a bhíonn an chéad léamh ar siúl sa Pharlaimint, ach is bunaithe ar an seasamh ón bParlaimint amháin a fhéadfaidh an Chomhairle an chéad léamh aici féin a sheoladh go foirmiúil. Is féidir leis an gComhairle: (1) glacadh leis an seasamh ó PE, agus sa chás sin glactar an gníomh reachtach; nó (2) athruithe ar an seasamh ón bParlaimint a ghlacadh, as a leanann an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, agus a chuirtear chuig an bParlaimint le haghaidh an dara léamh.
  1. Cuirtear an togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle ag an am céanna agus a théann sé chuig Parlaimint na hEorpa.
  2. Dá réir sin, bíonn an obair ullmhúcháin ar siúl sa Chomhairle ag an am céanna le Parlaimint na hEorpa, ach ní fhéadann an Chomhairle a sheasamh a ghlacadh go dtí go mbíonn gníomh déanta ag an bParlaimint.
  3. Spreagtar na hinstitiúidí le faisnéis a mhalartú maidir leis an dul chun cinn agus le tráthchlár na gcaibidlíochtaí faoi chuimsiú an ghnáthnós imeachta reachtaigh.
  4. Mar is amhlaidh sa Pharlaimint, níl aon teorainn ama ann don chéad léamh sa Chomhairle.
  5. Déantar cinntí na Comhairle a ullmhú laistigh de mheithleacha sonracha atá comhdhéanta d'ionadaithe na mBallstát agus arb é an t ionadaí ón tír ag a bhfuil an uachtaránacht uainíochta sé mhí a bhíonn ina chathaoirleach, le cúnamh ó rúnaíocht na Comhairle. Tuairiscíonn na meithleacha chuig Coiste na mBuanionadaithe (Coreper, Cuid I nó Cuid II), a ullmhaíonn gach cinneadh ón gComhairle a ghlactar ar leibhéal aireachta.
  6. Sula dtagtar chomh fada leis an seasamh ar an gcéad léamh, is féidir leis an gComhairle dhá chéim idirmheánacha a ghlacadh:
    1. Féadann an Chomhairle teacht ar chomhaontú i bprionsabal – ar a dtugtar an cur chuige ginearálta de ghnáth – sula mbeidh a seasamh féin tugtha ag Parlaimint na hEorpa. Is annamh a tharlaíonn sé sin agus nuair a tharlaíonn is sna cásanna iad den chuid is mó ina bhfuil spreagadh mór ann le teacht ar chomhaontú ar an gcéad léamh.
    2. Níos minice, tagann an Chomhairle ar dtús ar ‘chomhaontú polaitiúil’, ina leagtar síos cuntas leathan ar an seasamh ar an gcéad léamh atá á moladh aici. Cuireann an mheitheal bailchríoch ar mhionsonraí an chomhaontaithe seo, déanann na dlítheangeolaithe (saineolaithe dlí do gach teanga a mhaoirsíonn beaichte dlí agus teanga na dtéacsanna) é a fhíorú agus, ag cruinniú ina dhiaidh sin, glacann an Chomhairle go foirmiúil é mar an seasamh ar an gcéad léamh.
    Sa dá chás sin, ní thugann an Chomhairle a seasamh chun críche ach amháin tar éis di leasuithe na Parlaiminte ar an gcéad léamh a fháil mar aon leis an togra leasaithe ón gCoimisiún a thagann as.
  7. Féadtar seasamh ar an gcéad léamh a ghlacadh gan aon díospóireacht más rud é gur thángthas ar chomhaontú ag an gcéim ullmhúcháin (ítim ‘A’ ar an gclár oibre) nó le díospóireacht (ítim ‘B’) nó, i gcásanna eisceachtúla, trí nós imeachta i scríbhinn. Sa chéad dá chás a luaitear anseo, bíonn na pléití go poiblí.
  8. Déanann an Chomhairle a cinneadh trí thromlach cáilithe ach amháin i gcás tograí a bhaineann le cánachas, le slándáil shóisialta, leis an mbeartas eachtrach, le cosaint agus le comhar póilíneachta oibriúcháin, mar a mbíonn gá le comhaontú d’aon toil.
  9. Tá ceithre rud is féidir tarlú ag an gcéad léamh sa Chomhairle:
    1. Mura bhfuil aon leasuithe glactha ag an bParlaimint agus mura mian leis an gComhairle an togra ón gCoimisiún a athrú, is féidir léi an gníomh a fhormheas le tromlach cáilithe. Ansin, glactar an gníomh.
    2. Má tá leasuithe tugtha isteach ag an bParlaimint, bíonn glacadh an ghnímh ag brath ar an gComhairle na leasuithe uile a fhormheas le tromlach cáilithe, i gcás ina mbíonn na leasuithe sin curtha isteach ina thogra leasaithe ag an gCoimisiún, nó d'aon toil mura mbíonn sé sin déanta ag an gCoimisiún. Má fhormheasann an Chomhairle leasuithe uile na Parlaiminte, glactar an gníomh.
    Ó bhíonn gníomh glactha, déantar é a thíolacadh d’Uachtaráin agus d’Ard-Rúnaithe na Parlaiminte agus na Comhairle i gcomhair a shínithe, agus foilsítear é san Iris Oifigiúil.
    1. Cé nach bhfuil sé leagtha síos go sainráite sa Chonradh, glactar leis go coitianta go bhféadann an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, diúltú don togra ón gCoimisiún ina iomláine.

      Féadann an Coimisiún, tráth ar bith i rith an chéad léamh, a chinneadh go ndéanfaidh sé a thogra a tharraingt siar nó a athrú.
    2. Mura nglacann an Chomhairle leasuithe uile na Parlaiminte nó más mian léi a cuid athruithe féin a thabhairt isteach, glacann sí seasamh ar an gcéad léamh.
  10. Cuirtear téacs an tseasaimh ar an gcéad léamh chuig an bParlaimint, in éineacht le ráiteas de na cúiseanna, mar aon le haon ráiteas a dhéanann an Chomhairle agus/nó an Coimisiún i gcomhair mhiontuairiscí na Comhairle. Cuireann an Coimisiún a sheasamh féin in iúl don Pharlaimint.
  11. Cuirtear an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh in iúl i bhfógra don Pharlaimint de ghnáth ag an seisiún iomlánach a bhíonn ann tar éis an seasamh sin a ghlacadh go foirmiúil. Cuirtear tús leis an teorainneacha ama a leagtar síos sa Chonradh maidir leis na céimeanna den nós imeachta a bhíonn ann ina dhiaidh sin tar éis don Pharlaimint a fhógairt sa suí iomlánach go bhfuil an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh faighte aici (an lá tar éis na fógartha, a dhéantar de ghnáth ar an Déardaoin).
  12. Aon uair is féidir é, bíonn teagmhálacha neamhfhoirmiúla ann le linn na tréimhse idir an comhaontú polaitiúil agus an fógra foirmiúil de sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh d’fhonn comhaontú (luath) ar an dara léamh a éascú (ar a dtugtar freisin “seasamh caibidlithe ar an gcéad léamh”).

Nuair a bhíonn sé mar aidhm ag na comhreachtóirí comhaontú a bhaint amach ar an gcéad léamh, is minic leo cruinnithe neamhfhoirmiúla a eagrú ar a bhfreastalaíonn ionadaithe ón bParlaimint (rapóirtéir agus, i gcás inarb iomchuí, scáthrapóirtéirí), ón gComhairle (cathaoirleach na meithle agus/nó Coreper) agus ón gCoimisiún (an roinn atá freagrach as an sainchomhad agus Ard-Rúnaíocht an Choimisiúin), a dtugtar ‘cruinnithe tríthaobhacha’ orthu.

Is í an aidhm atá ann a áirithiú go mbíonn leasuithe na Parlaiminte, arna nglacadh sa suí iomlánach, inghlactha don Chomhairle. Is minic ról idirghabhála agus eagarthóireachta ag an gCoimisiún i ndáil leis na téacsanna comhréitigh sin.

Go back to infography     

#4 An dara léamh i bParlaimint na hEorpa 

An téacs iomlán 
Bíonn 3 mhí (ar féidir é a fhadú go 4 mhí) ag Parlaimint na hEorpa chun an seasamh ón gComhairle a scrúdú. Cuirtear an seasamh ón gComhairle ar dtús chuig an gcoiste freagrach, agus ullmhaíonn an coiste sin moladh do dhara léamh na Parlaiminte. Déantar vótáil sa suí iomlánach ar an moladh agus d'fhéadfadh sé go ndéanfaí vótáil freisin ar líon teoranta leasuithe ar an moladh. Tá 4 thoradh éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ar an dara léamh: (1) Formheasann an Pharlaimint an seasamh ón gComhairle agus glactar an gníomh; (2) Ní ghlacann an Pharlaimint cinneadh laistigh den teorainn ama, agus sa chás sin glactar an gníomh mar a leasaigh an Chomhairle é ar an gcéad léamh sa Chomhairle; (3) Diúltaíonn an Pharlaimint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, agus sa chás sin ní ghlactar an gníomh agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta; (4) Molann an Pharlaimint leasuithe ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh agus cuireann sí a seasamh féin ar aghaidh chuig an gComhairle don dara léamh.
  1. Mura gcomhaontaíonn an Chomhairle le seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, glacann sí seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh a chuirtear ar aghaidh chuig an bParlaimint. Faigheann an Pharlaimint freisin teachtaireacht ón gCoimisiún ina mínítear an seasamh atá ag an gCoimisiún i leith an tseasaimh ón gComhairle agus an chúis atá aige le tacú leis an seasamh sin nó cur ina choinne.
  2. Is é a bhíonn sa doiciméadacht a fhaigheann an Pharlaimint:
    • an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh
    • na dearbhuithe uile a rinneadh i miontuairiscí na Comhairle nuair a bhí an seasamh á ghlacadh
    • na cúiseanna a bhí ag an gComhairle lena sheasamh a ghlacadh
    • seasamh an Choimisiúin
  3. Ar an doiciméadacht a fháil agus tar éis a fíoraithe, déanann an tUachtarán fógra sa suí iomlánach lena n-admhaítear go bhfuarthas an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh mar aon leis an teachtaireacht ón gCoimisiún ina leith. Cuirtear an comhad ar aghaidh go huathoibríoch chuig an gcoiste freagrach, arb é an coiste céanna é a bhí freagrach don chéad léamh. Bíonn na doiciméid ar fáil sna teangacha oifigiúla uile.
  4. Murab ionann agus don chéad léamh, bíonn an dara léamh faoi réir teorainneacha diana ama. Ní mór don Pharlaimint gníomhú laistigh de 3 mhí (ar féidir le PE nó an Chomhairle a iarraidh go ndéanfaí an tréimhse sin a fhadú go dtí 4 mhí). Cé go measann an Pharlaimint gurb é fógairt an tseasaimh ón gComhairle ag an gcéad léamh sa suí iomlánach an dáta tosaigh, mheasann an Chomhairle go dtosaíonn an tráthchlár amhail ón dáta a bhfaightear an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, i bprionsabal Luan sheachtain an tseisiúin iomlánaigh.
  5. Bíonn an dara léamh sa choiste mórán mar a chéile leis an nós imeachta don chéad léamh, ach gurb é an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an téacs atá le leasú seachas an togra ón gCoimisiún. Is é an coiste freagrach amháin a ullmhaíonn tuarascáil; ní bhíonn aon tuairimí ann ó choistí eile.
  6. Féadtar a iarraidh ar an gComhairle cur i láthair a dhéanamh ar an seasamh atá aici ag an gcéad chruinniú den choiste freagrach.
  7. Déanann an rapóirtéir (de ghnáth an Feisire céanna a tharraing suas an tuarascáil ar an gcéad léamh) dréacht de ‘mholadh’ a tharraingt suas, i.e. tuarascáil ar an dara léamh.
  8. Bíonn ar áireamh sa dréachtmholadh leasuithe atá á moladh ag an rapóirtéir. Is iad lánchomhaltaí nó buanchomhaltaí ionaid an choiste fhreagraigh, agus iadsan amháin, a fhéadfaidh leasuithe breise a chur síos.
  9. Bíonn srianta i bhfeidhm ar leasuithe don dara léamh sa choiste agus sa suí iomlánach. Is incheadaithe iad sa chás amháin go bhféachann siad leis an méid seo a leanas a bhaint amach:
    1. an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh a aisriú go hiomlán nó go páirteach
    2. teacht ar chomhréiteach idir an Pharlaimint agus an Chomhairle
    3. leasú a dhéanamh ar chuid de théacs na Comhairle nach raibh sa togra bunaidh ón gCoimisiún nó atá éagsúil ó thaobh inneachair de leis an togra sin
    4. fíoras nua nó cúinse dlíthiúil nua atá tagtha chun cinn ó bhí an chéad léamh ann a chur san áireamh.
  10. Rialaíonn cathaoirleach an choiste fhreagraigh ar inghlacthacht na leasuithe.
  11. Má bhí toghcháin PE ann ó bhí an chéad léamh ann, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh nach bhfuil feidhm ag na srianta.
  12. Sula ndéantar an vótáil, féadann an coiste a iarraidh ar an gcathaoirleach agus ar an rapóirtéir na leasuithe a phlé sa choiste tráth a mbíonn ionadaí ón gComhairle agus an Coimisinéir freagrach i láthair. Tar éis an phlé sin, féadann an rapóirtéir leasuithe comhréitigh a chur síos.
  13. Cinneann an coiste ar na leasuithe agus ar an moladh don dara léamh trí thromlach simplí.
  14. I ndiaidh na vótála sa choiste, cuirtear an moladh ar aghaidh chuig an suí iomlánach.
  15. Moltar sa rún go ndéanfar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh a fhormheas, a leasú nó diúltú dó agus bíonn réasúnú gearr ann maidir leis an gcinneadh a mholtar.
  16. Déantar an seasamh ón gComhairle agus moladh an choiste ar an dara léamh a chur go huathoibríoch ar an dréacht-chlár don seisiún iomlánach i gcomhair na Céadaoin roimh an sprioc-am le haghaidh an dara léamh sa Pharlaimint, ach is féidir déileáil leis i seisiún iomlánach níos túisce ná sin.
  17. Féadfaidh an coiste freagrach, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire aonair ar a laghad leasuithe a chur síos don suí iomlánach.
  18. Bíonn feidhm ag na srianta céanna maidir le leasuithe sa suí iomlánach agus a bhfuil feidhm acu maidir le céim an choiste. Rialaíonn Uachtarán na Parlaiminte ar inghlacthacht leasuithe a chuirtear síos don suí iomlánach. Níl dul thar chinneadh an Uachtaráin.
  19. Sula ndéantar vótáil ar aon leasú sa suí iomlánach, féadann an tUachtarán a iarraidh ar an gCoimisiún a thabhairt le fios cibé an mbeadh sé toilteanach glacadh leo nó nach mbeadh.
  20. Sna cásanna sin, tugann an Coimisinéir freagrach míniú ar sheasamh an Choimisiúin i leith na leasuithe le linn na díospóireachta sa suí iomlánach roimh an vótáil. Faoi mar a bhí ag an gcéad léamh, is é an grúpa um chaidreamh idir-institiúideach a ullmhaíonn seasamh an Choimisiúin agus déanann na Coimisinéirí an seasamh sin a dhaingniú ina dhiaidh sin.
  21. Féadtar a iarraidh freisin ar an gComhairle a barúlacha a thabhairt.
  22. I measc na dtorthaí a d’fhéadfadh a bheith ar an dara léamh, tá siad seo a leanas:
    1. diúltú don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh
    2. ní bhíonn vótáil na Parlaiminte ann laistigh den teorainn ama
    3. formheastar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh gan aon leasú a dhéanamh (comhaontú luath ar an dara léamh)
    4. molann an Pharlaimint leasuithe ar sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh
  23. Is féidir leis an gcoiste freagrach, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad a mholadh go ndiúltófar don seasamh ón gComhairle. Ní mór an moladh sin a ghlacadh le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann Parlaimint na hEorpa - i.e. tromlach glan. Caitear vóta ar aon togra den sórt sin sula leantar den vótáil ar na leasuithe.
  24. Má dhiúltaítear don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, cuirtear deireadh leis an nós imeachta reachtach: ní féidir an nós imeachta sin a athsheoladh ach amháin le togra nua ón gCoimisiún. Amhail ó mhí Eanáir 2015, níor tharla sé seo ach uair amháin - in Iúil 2005 ar an treoir maidir le paitinní bogearraí (Treoir maidir le hinphaitinneacht airgeáin arna gcur i bhfeidhm ar bhonn ríomhaireachta). Diúltaíodh don seasamh ón gComhairle le tromlach an-mhór de FPEanna (648 in aghaidh 14, agus 18 ag staonadh), agus chuir sé sin deireadh iomlán leis an togra. D’ardaigh sé sin an cheist i dtaobh an féidir leis an gCoimisiún togra a tharraingt siar tar éis don togra sin a bheith imithe tríd an gcéad léamh. Cé go maíonn an Coimisiún go bhfuil an ceart aige a thogra a tharraingt siar tráth ar bith, áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle ó bhíonn a seasamh ar an gcéad léamh glactha ag an gComhairle gurb é an téacs sin agus nach é an togra ón gCoimisiún atá mar bhonn don chuid eile den nós imeachta; agus dá thoradh sin, nach féidir leis an gCoimisiún téacs a tharraingt siar nach bhfuil ‘úinéireacht’ a thuilleadh aige air.
  25. Más rud é go mainníonn an Pharlaimint cinneadh a dhéanamh faoin sprioc-am, meastar an gníomh a bheith glactha i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh.
  26. Más rud é go bhformheasann an Pharlaimint an seasamh ón gComhairle gan aon leasú a dhéanamh, bíonn gá le tromlach simplí de na Feisirí a chaitheann vóta.
  27. Nuair a bhíonn gníomh reachtach glactha, déantar é a thíolacadh d’Uachtaráin agus d’Ard-Rúnaithe na Parlaiminte agus na Comhairle i gcomhair a shínithe, agus foilsítear é san Iris Oifigiúil.
  28. Ar deireadh, d’fhéadfadh an Pharlaimint leasuithe a mholadh ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh. Bíonn ar na leasuithe sin na critéir don dara léamh a chomhall agus ní mór gach ceann díobh a fhormheas le tromlach glan de na feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint.
  29. Cuirtear toradh an vótála in iúl i bhfógra don Chomhairle agus don Choimisiún.
  30. Ceanglaítear go sonrach sa Chonradh go dtabharfaidh an Coimisiún tuairim i scríbhinn i dtaobh leasuithe na Parlaiminte agus cinntear leis sin an cineál vótála atá riachtanach sa Chomhairle: más rud é, mar shampla, gur mian leis an gComhairle leasú de chuid na Parlaiminte a ghlacadh a bhfuil tuairim dhiúltach tugtha ag an gCoimisiún ina dtaobh, ní mór an leasú sin a ghlacadh d'aon toil.
Go back to infography     

#5 An dara léamh sa Chomhairle 

An téacs iomlán 
Bíonn 3 mhí (ar féidir é a fhadú go 4 mhí) ag an gComhairle chun an seasamh ón bParlaimint ar an dara léamh a scrúdú. Déantar an seasamh ón gCoimisiún Eorpach i dtaobh leasuithe na Parlaiminte ar an dara léamh a chur in iúl freisin don Chomhairle. Déanann an Chomhairle (1) leasuithe uile na Parlaiminte a fhormheas, agus sa chás sin glactar an gníomh reachtach, sin nó (2) ní fhormheasann sí na leasuithe uile. Sa chás nach bhformheasann sí na leasuithe eile, déanann Uachtarán na Comhairle, i gcomhaontú le hUachtarán na Parlaiminte, cruinniú den Choiste Idir-réitigh a chomóradh.
  1. Ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar an dara léamh a fháil go hoifigiúil, sna teangacha oifigiúla uile, tosaíonn an tréimhse ama atá ag an gComhairle don dara léamh.
  2. Bíonn 3 mhí (nó i gcásanna áirithe 4 mhí) ag an gComhairle anois le gníomhú.
  3. Féadfaidh an Chomhairle leasuithe na Parlaiminte a ghlacadh nó diúltú dóibh. Sula ndéanann sí a cinneadh, faigheann sí tuairim ón gCoimisiún ina dtaobh.
  4. Tá an nós imeachta comhchosúil leis an ullmhúchán don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh: déanann an mheitheal inniúil seasamh a ullmhú a thíolactar chuig Coreper agus a ndéanann an Chomhairle é a ghlacadh.
  5. Chun na caibidlíochtaí a thabhairt chun críche go rathúil, cuireann an Pharlaimint agus an Chomhairle tús leis an gcaibidlíocht ar an dara léamh nuair a bhíonn an togra ag an bParlaimint, go háirithe sna cásanna ar dealraitheach gur féidir teacht ar chomhaontú ar an dara léamh.
  6. Féadann na teagmhálacha neamhfhoirmiúla sin a bheith i bhfoirm cruinnithe déthaobhacha idir ionadaithe ón bParlaimint agus Uachtaránacht na Comhairle nó, mar is minice an cás, ina gcruinnithe tríthaobhacha agus an Coimisiún san áireamh iontu. Mar gheall ar nádúr ad-hoc na dteagmhálacha sin, níl aon fhormáid ‘chaighdeánach’ ionadaíochta leagtha síos ar pháipéar ach, mar riail ghinearálta, bíonn rapóirtéir na Parlaiminte (agus i gcás inar gá sin na scáthrapóirtéirí ó ghrúpaí polaitiúla eile ina theannta nó ina teannta) agus cathaoirleach na meithle ábhartha den Chomhairle ag a mbíonn cúnamh ó riarachán na Comhairle páirteach iontu. Is gnách gur oifigigh a bhfuil cúram an tsainchomhaid orthu a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún, agus cúnamh ar fáil dóibhsean ó Ard-Rúnaíocht agus ó Sheirbhís Dlí an Choimisiúin.
  7. Is é is cuspóir do na teagmhálacha sin ná teacht ar chomhaontú maidir le pacáiste leasuithe atá inghlactha don Chomhairle agus don Pharlaimint. Tá tábhacht freisin le tuairim an Choimisiúin, mar gur leis an tuairim sin a chinntear an cineál vótála sa Chomhairle a bheidh riachtanach i dtaobh leasuithe na Parlaiminte.
  8. I gcás ina mbíonn rath ar na caibidlíochtaí, seolann cathaoirleach Coreper litir chuig cathaoirleach an choiste fhreagraigh sa Pharlaimint ina ngeallann an Chomhairle go ndéanfaidh sí leasuithe na Parlaiminte a fhormheas má tá siad ag teacht leis an gcomhréiteach atá sainaitheanta go comhpháirteach ag an gComhairle agus ag an bParlaimint.
  9. Déantar na leasuithe comhréitigh ansin a chur síos sa choiste nó, níos minice ná sin, díreach os comhair an tseisiúin iomlánaigh. Is iondúil go mbíonn siad comhshínithe thar ceann a ngrúpaí ag an rapóirtéir agus ag na scáthrapóirtéirí atá ina bpáirtithe don chomhaontú, chun an t áirithiú is mó is féidir a thabhairt go mbainfear amach an tromlach is gá. Déanann na grúpaí polaitiúla lena mbaineann laistigh den Pharlaimint comhordú ar a gcuid vótaí chun cabhrú leis na leasuithe atá caibidlithe leis an gComhairle a ghlacadh.
  10. Braitheann an líon vótaí a bhfuil gá leis sa dara léamh ag an gComhairle ar an tuairim ón gCoimisiún maidir le leasuithe na Parlaiminte. Is féidir na leasuithe a dtugann an Coimisiún tuairim dhearfach ina dtaobh a fhormheas le tromlach cáilithe sa Chomhairle. Bíonn gá le formheas d’aon toil sa Chomhairle maidir le leasuithe a dtugann an Coimisiún tuairim dhiúltach ina dtaobh.
  11. Má dhéanann an Chomhairle leasuithe uile na Parlaiminte ar an dara léamh a fhormheas, meastar go bhfuil an gníomh reachtach glactha. Síníonn Uachtaráin agus Ard-Rúnaithe Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an téacs reachtach agus foilsítear san Iris Oifigiúil é.
  12. Mura bhformheasann an Chomhairle leasuithe uile na Parlaiminte, déanann Uachtarán na Comhairle i gcomhaontú le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa cruinniú den Choiste Idir-réitigh a chomóradh laistigh de 6 seachtaine (ar féidir an tréimhse sin a fhadú 2 sheachtain) ón tráth a ndéanann an Chomhairle an diúltú.
Go back to infography     

#6 Idir-réiteach 

An téacs iomlán 
Laistigh de 6 seachtaine (ar féidir é a fhadú go dtí 8 seachtaine) ón tráth a ndiúltaíonn an Chomhairle seasamh na Parlaiminte ar an dara léamh a ghlacadh, déanann Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an Coiste Idir-réitigh a chomóradh, ar a mbíonn líon Feisirí is comhionann le líon na n ionadaithe ón gComhairle. Bíonn 6 seachtaine (ar féidir é a fhadú go dtí 8 seachtaine) ag an gCoiste Idir-réitigh le cinneadh a ghlacadh ar théacs comhpháirteach atá bunaithe ar na seasaimh ón bParlaimint agus ón gComhairle ar an dara léamh. Más rud é (1) nach bhformheasann an Coiste Idir-réitigh an téacs comhpháirteach, titeann an gníomh reachtach ar lár agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta. Más rud é (2) go bhformheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach, cuirtear an téacs ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle le haghaidh an tríú léamh.
  1. Mura bhformheasann an Chomhairle leasuithe uile na Parlaiminte ar an dara léamh, déantar Coiste Idir-réitigh a chomóradh.
  2. Faoi chuimsiú an Choiste Idir-réitigh, déanann an dá chomhreachtóir – Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle – caibidlíocht dhíreach agus é mar aidhm acu teacht ar chomhaontú i dtéacs comhpháirteach.
  3. Ní foláir an Coiste Idir-réitigh a chomóradh laistigh de 6 seachtaine (nó 8 seachtaine, má bhíonn fadú comhaontaithe) ón tráth a dtugann an Chomhairle an dara léamh chun críche agus fógra oifigiúil a bheith curtha chuig an bParlaimint á chur in iúl di nach nglacfaidh an Chomhairle le leasuithe na Parlaiminte ar an dara léamh.
  4. Déantar gach togra reachtach a bhfuil gá le hidir-réiteach lena aghaidh a phlé ar leithligh laistigh de Choiste Idir-réitigh atá ann go sonrach chuige sin.
  5. Is é Uachtarán na Comhairle, le comhaontú Uachtarán na Parlaiminte, a dhéanann an Coiste Idir-réitigh a chomóradh. Meastar é a bheith comórtha nuair a bhíonn céad chruinniú an Choiste ann.
  6. Ó lá an chéad chruinnithe, bíonn 6 seachtaine aige (is féidir a fhadú 2 sheachtain ar a mhéad ar thionscnamh na Parlaiminte nó na Comhairle agus de chomhthoil a chéile) chun caibidlíocht a dhéanamh ar an téacs comhpháirteach agus chun é a fhormheas.
  7. Sula gcuireann an coiste tús go hoifigiúil lena chuid oibre, bíonn cruinnithe tríthaobhacha réamhullmhúcháin agus cruinnithe teicniúla ann a thúisce is léir nach mbeidh an Chomhairle in ann glacadh le leasuithe na Parlaiminte ar an dara léamh. Féadtar briseadh a ghlacadh ó chruinnithe an Choiste Idir-réitigh freisin agus caibidlíochtaí i gcruinnithe tríthaobhacha a bheith ann idir an dá linn.
  8. Sna cruinnithe tríthaobhacha agus teicniúla, tugtar le chéile foirne beaga de chaibidleoirí ón bParlaimint, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, a dtuairiscíonn gach foireann díobh ar ais chuig a dtoscaireacht laistigh den Choiste Idir-réitigh.
  9. Sna cruinnithe tríthaobhacha, is iad cathaoirleach na toscaireachta chuig an gCoiste Idir-réitigh, cathaoirleach an choiste fhreagraigh sa Pharlaimint agus an rapóirtéir, a fhaigheann cúnamh ó chomhaltaí rúnaíocht idir-réitigh na Parlaiminte agus, más gá, comhalta den tseirbhís dlí a dhéanann ionadaíocht ar an bParlaimint.
  10. Déanann comhalta ionaid nó buanchomhalta (cathaoirleach Coreper I nó II faoi seach) an Bhallstáit ag a bhfuil an Uachtaránacht ionadaíocht ar an gComhairle, agus faigheann sé cúnamh ó chomhaltaí rúnaíocht na Comhairle, lena n áirítear a seirbhís dlí.
  11. Déanann Ard-Rúnaí na roinne ar a bhfuil cúram an tsainchomhaid ionadaíocht ar an gCoimisiún Eorpach, agus faigheann sé cúnamh ó shaineolaithe, óna sheirbhís dlí agus óna riarachán.
  12. Is iondúil go mbíonn saineolaithe agus seirbhísigh shibhialta ó an trí institiúid i láthair ag cruinnithe tríthaobhacha teicniúla neamhfhoirmiúla.
  13. Bíonn na caibidlíochtaí sa chruinniú tríthaobhach bunaithe ar 'dhoiciméad oibre ceithre cholún’ ina leagtar amach na seasaimh a ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle.
    1. An seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh
    2. Leasuithe na Parlaiminte ar an dara léamh
    3. An Seasamh ón gComhairle ar leasuithe na Parlaiminte (glacadh, diúltú nó téacs comhréitigh féideartha)
    4. An seasamh ó thoscaireacht na Parlaiminte ar mholtaí na Comhairle.
  14. I rith na gcaibidlíochtaí, féachann an dá thoscaireacht le teacht ar chomhréiteach ar leasuithe nach bhfuil lánaontú fós ann ina dtaobh. Chun na críche sin, d'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar mheithleacha beaga, bídís ar an leibhéal polaitiúil nó ar an leibhéal teicniúil, obair bhreise maidir le dréachtú mionsonraithe a dhéanamh.
  15. Déanann na caibidleoirí faoi seach na torthaí ó gach cruinniú thríthaobhach a thíolacadh i gcomhair a bhformheasta do thoscaireachtaí na Parlaiminte agus na Comhairle: i gcás inar gá sin, déantar socrú le haghaidh tuilleadh cruinnithe tríthaobhacha nó cruinnithe neamhfhoirmiúla eile.
  16. Is é a bhíonn sa Choiste Idir-réitigh féin dhá thoscaireacht atá ar cóimhéid: ceann ó Pharlaimint na hEorpa agus ceann ón gComhairle.
    1. Bíonn toscaireacht na Comhairle comhdhéanta d'ionadaí amháin ó gach Ballstát (airí, nó níos iondúla, ionadaithe Coreper na mBallstát). Is é an t-aire in oifig sa Chomhairle ar a bhfuil cúram an tsainchomhaid a bhíonn ina chathaoirleach ar thoscaireacht na Comhairle. Gníomhaíonn an toscaireacht le tromlach cáilithe (ach amháin i gcás sainchomhad a gceanglaítear aontoilíocht ina dtaobh de réir an Chonartha).
    2. Bíonn toscaireacht na Parlaiminte comhdhéanta de líon comhionann Feisirí – 28 – móide 28 gcomhalta ionaid (nach féidir leo sin vótáil ach amháin nuair a bhíonn comhalta dá ngrúpa polaitiúil as láthair). Tá triúr de leas-uachtaráin PE ina mbuanchomhaltaí den Choiste Idir-réitigh agus is ar bhonn uainíochta a dhéanann siadsan comhchathaoirleacht air. Is iad na grúpaí polaitiúla a cheapann na 25 Fheisire eile sa toscaireacht, i gcomhréir le méid gach grúpa laistigh den Pharlaimint. Tagann an móramh de ghnáth ón gcoiste parlaiminteach atá freagrach as an sainchomhad. I bhformhór na gcásanna, féachann an toscaireacht a chuid oibre a dhéanamh ar bhonn comhthola. Sa chás go mbíonn vótáil ann, glactar cinntí na toscaireachtaí trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í (i.e. 15 vóta i láthair na huaire). Tá tuilleadh faisnéise faoi thoscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh le fáil anseo thíos.
    3. Déanann an Coimisiún, arb é an Coimisinéir atá freagrach as an sainchomhad a fhónann mar ionadaí air i bprionsabal, páirt a ghlacadh freisin in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh d'fhonn na seasaimh a ghlacann an Pharlaimint agus an Chomhairle a thabhairt le chéile.
  17. Mar is amhlaidh leis na cruinnithe tríthaobhacha, is é an phríomhuirlis oibre a bhíonn ann ná an doiciméad comhpháirteach oibre i gceithre cholún (féach pointe 13), agus é aistrithe go dtí na teangacha oifigiúla uile. Bíonn ag an gcoiste freisin an togra ón gCoimisiún agus an tuairim ón gCoimisiún maidir le leasuithe na Parlaiminte ar an dara léamh.
  18. Is leas-uachtarán de chuig na Parlaiminte agus aire de chuid an Bhallstáit ag a bhfuil an Uachtaránacht a dhéanann cathaoirleacht go comhpháirteach ar an gCoiste Idir-réitigh. Bíonn na cruinnithe gach re sea in áitreamh na Parlaiminte agus in áitreamh na Comhairle, agus iad sin sa Bhruiséil den chuid is mó.
  19. Tosaíonn formhór na gcruinnithe Coiste Idir-réitigh le cruinniú tríthaobhach ina soiléiríonn an dá chomhreachtóir an seasamh atá acu féin, bunaithe ar an sainordú atá faighte acu óna n institiúidí faoi seach. Fónann an Coimisiún mar éascaitheoir.
  20. Bíonn an institiúid a óstaíonn an chéad chruinniú den Choiste Idir-réitigh freagrach as eagar a chur ar an téacs comhpháirteach agus as an litir a chuirfear ar aghaidh, agus, tar éis an gníomh reachtach a bheith glactha go cinntitheach ag an bParlaimint agus ag an gComhairle, is í an institiúid sin atá freagrach as an gníomh a fháil sínithe ag Uachtaráin an dá institiúid agus as a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
  21. Mura dtagann toscaireachtaí na Parlaiminte agus na Comhairle ar chomhaontú sa Choiste Idir-réitigh, titeann an togra ina iomláine ar lár. Is bunaithe ar thogra nua ón gCoimisiún, agus é sin amháin, a fhéadfaidh nós imeachta nua a bheith. Amhail ó mhí Eanáir 2015, ní raibh ach ceithre chás ann nár éirigh leis an gCoiste Idir-réitigh teacht ar chomhaontú ar théacs comhpháirteach ("Glór-theileafónaíocht" (1994), "An Coiste um Urrúis" (1998), “An Treoir maidir le hAm Oibre”(2009) agus “An Rialachán maidir le Bianna Núíosacha” (2011)).
  22. Más rud é go dtagann toscaireachtaí na Parlaiminte agus na Comhairle ar chomhréiteach, ní mór don Choiste Idir-réitigh "téacs comhpháirteach" a fhormheas. Déanann toscaireacht na Comhairle é a fhormheas le tromlach cáilithe (nó d’aon toil sna cásanna a sonraítear é sin sa Chonradh) agus vótálann toscaireacht na Parlaiminte le tromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann í.
  23. A thúisce a bhítear tar éis teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach laistigh den Choiste Idir-réitigh (nó ina dhiaidh sin trí mhalartú litreacha idir comhchathaoirligh an Choiste), déanann Ard-Rúnaíocht na hinstitiúide inar tionóladh an chéad chruinniú an dréacht-téacs reachtach a dhréachtú, agus déantar é sin i bprionsabal sa teanga a bhí in úsáid le linn na gcaibidlíochtaí. Cuirtear leagan sealadach ar fáil ar láithreán gréasáin na Parlaiminte chomh luath agus is féidir tar éis críoch na gcaibidlíochtaí ag: https://www.europarl.europa.eu/code/default_ga.htm.
  24. I ndiaidh athbhreithniú dlíthiúil/teanga a bheith déanta ar an doiciméad, cuirtear ar fáil é i dteangacha oifigiúla uile AE.
  25. Déanann comhchathaoirligh an Choiste Idir-réitigh an téacs comhpháirteach, mar aon le litir chumhdaigh, a sheoladh chuig Uachtarán na Parlaiminte agus chuig Uachtarán-in-oifig na Comhairle. Bíonn aon dearbhuithe ó na hinstitiúidí ag gabháil mar iarscríbhinn leis an litir sin. Déantar an litir a dhíriú freisin, chun críocha faisnéise, chuig ionadaí an Choimisiúin a ghlac páirt sa Choiste Idir-réitigh.
  26. Bíonn ar an bParlaimint ina hiomláine agus ar an gComhairle an comhaontú ar thángthas air sa Choiste Idir-réitigh a dheimhniú. Déanann an dá institiúid vótáil ar leithligh ar an téacs comhpháirteach mar atá sé, agus ní bhíonn aon deis acu é a leasú tuilleadh.

Toscaireacht na Parlaiminte san Idir-réiteach

  1. Is toscaireacht atá comhdhéanta de líon Feisirí is comhionann le líon comhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht ar PE sa nós imeachta idir-réitigh. Déantar an toscaireacht a cheapadh go leithleach le haghaidh gach nós imeachta idir-réitigh. Is é is cúram dó ionadaíocht a dhéanamh ar an bParlaimint ina hiomláine le linn na gcaibidlíochtaí leis an gComhairle.
  2. Ag tús gach téarma pharlaimintigh, nó ag tráth eile i rith an téarma pharlaimintigh má tharlaíonn mórathruithe i gcomhdhéanamh polaitiúil foriomlán Pharlaimint na hEorpa, déanann Comhdháil na nUachtarán comhdhéanamh polaitiúil na dtoscaireachtaí chuig an gCoiste Idir-réitigh a chinneadh ag teacht leis an neart coibhneasta atá ag na grúpaí polaitiúla.
  3. 3. Bunaithe ar chomhdhéanamh polaitiúil na Parlaiminte tar éis na dtoghchán i mBealtaine 2014, tá toscaireachtaí na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh comhdhéanta de:
    • EPP: 9 chomhalta
    • S&D: 8 gcomhalta
    • ECR: 3 chomhalta
    • ALDE: 2 chomhalta
    • GUE/NGL: 2 chomhalta
    • Na Glasaigh: 2 chomhalta
    • EFDD: 2 chomhalta
  4. Déantar an triúr leas-uachtarán ag a bhfuil freagracht speisialta don idir-réiteach a áireamh i ngach toscaireacht agus i gcuóta na gcomhaltaí ó gach grúpa polaitiúil. Duine den triúr a bhíonn ina chathaoirleach ar gach ceann de na toscaireachtaí: socraíonn siad ina measc féin cé acu a bheidh freagrach as cén nós imeachta idir-réitigh agus dá thoradh sin cé acu a bheith ina chathaoirleach ar cén toscaireacht. Is comhaltaí ex officio den toscaireacht freisin iad an rapóirtéir/na rapóirtéirí agus cathaoirleach an choiste pharlaimintigh atá freagrach, agus áirítear iad sin i gcuóta a ngrúpa pholaitiúil.
  5. Is iad gach grúpa polaitiúil a cheapann an chuid eile de chomhaltaí na toscaireachta le haghaidh nós imeachta idir-réitigh ar leith. Tagann a bhformhór díobh ón gcoiste freagrach nó ó na coistí a thugann tuairim. Más rud é go mbíonn feidhm ag an nós imeachta le coistí comhlachaithe, ní mór go mbeadh an rapóirtéir ó aon choiste comhlachaithe san áireamh ar thoscaireacht na Parlaiminte. Ní mór do na grúpaí polaitiúla líon comhionann de chomhaltaí ionaid a cheapadh freisin, a fhéadann páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí na toscaireachta ach nach bhféadann vóta a chaitheamh ach amháin nuair a ghníomhaíonn siad mar ionadaí do lánchomhalta.

Eagar na toscaireachta

  1. Bíonn cruinniú bunaitheach ag toscaireacht na Parlaiminte chun sainordú a thabhairt don fhoireann chaibidlíochta – ar gnách gurb iad sin an leas-uachtarán atá ina chathaoirleach ar an toscaireacht, cathaoirleach an choiste fhreagraigh agus an rapóirtéir/na rapóirtéirí – ionas gur féidir tús a chur le cruinnithe tríthaobhacha.
  2. Bíonn an Coimisiún i láthair ag an gcruinniú sin agus ag gach cruinniú eile ina dhiaidh sin a bhíonn ag toscaireacht na Parlaiminte. Bítear ag súil go ndéanfaidh ionadaithe an Choimisiúin tuairim an Choimisiúin i dtaobh leasuithe na Parlaiminte ar an dara léamh a chur i láthair agus a mhíniú agus b’fhéidir freisin faisnéis a thabhairt faoi aon rud nua ina leith seo atá ag tarlú sa Chomhairle agus a bhfuil siad ar an eolas fúthu.
  3. Déanann comhaltaí na toscaireachta faireachán ar an dul chun cinn sa nós imeachta idir-réitigh, agus ar bhonn leanúnach ag cruinnithe ina dhiaidh sin.
  4. Is é príomhaidhm na gcruinnithe toscaireachta ná nuashonrú a dhéanamh ar shainordú na foirne caibidlíochta agus plé a dhéanamh ar aon téacsanna comhréitigh. Aontaítear le leasuithe áirithe nó le moltaí comhréitigh, faoi réir a gcomhaontaithe ar an iomlán. Má bhíonn ceisteanna fós le réiteach, tugann an toscaireacht teagasc don fhoireann chaibidlíochta faoin gcaoi le leanúint de na caibidlíochtaí leis an gComhairle. Breithníonn toscaireacht na Parlaiminte freisin saincheisteanna a bhaineann leis an nós imeachta, mar shampla, cibé ar cheart cruinniú tríthaobhach eile a eagrú nó cibé an féidir Coiste Idir-réitigh a chomóradh agus, más féidir, cathain.
  5. Ag deireadh an nós imeachta, déanann an toscaireacht an comhaontú ar thángthas air san idir-réiteach a fhormheas go foirmiúil nó diúltú dó. Bíonn sé mar aidhm ag an toscaireacht gníomhú ar bhonn comhthola. Má bhíonn gá le vótáil, áfach, bíonn gá le tacaíocht ó thromlach glan de na comhaltaí (15 ar a laghad as líon féideartha de 28) chun formheas a dhéanamh..
  6. Faigheann an toscaireacht cúnamh ó sheirbhís thiomnaithe de chuid riarachán na Parlaiminte, an Rúnaíocht um Idir-réiteach agus Comhchinnteoireacht, agus ó sheirbhísí speisialaithe: e.g. an tseirbhís dlí, dlítheangeolaithe agus an tseirbhís phreasa.
Go back to infography     

#7An tríú léamh i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle 

An téacs iomlán 
Déanann Parlaimint na hEorpa an téacs comhpháirteach a scrúdú, agus vótáil air, sa suí iomlánach. Ní féidir léi an fhoclaíocht sa téacs comhpháirteach a athrú. Má dhiúltaíonn sí dó, nó má mhainníonn sí gníomhú ar an téacs, ní ghlactar an gníomh agus cuirtear deireadh leis an nós imeachta. Má dhéanann an Pharlaimint agus an Chomhairle an téacs comhpháirteach a fhormheas, glactar an gníomh.
  1. Má fhormheasann an Coiste Idir-réitigh an téacs comhpháirteach, ní mór do Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine agus don Chomhairle an téacs a fhormheas i dtríú léamh. Vótálann an dá institiúid go leithleach ar an téacs comhpháirteach. Ní féidir é a leasú tuilleadh.
  2. Tar éis an nós imeachta idir-réitigh a thabhairt chun críche go ráthúil, ullmhaítear dréacht-téacs comhpháirteach bunaithe ar an doiciméad oibre comhpháirteach agus ar aon mhodhnuithe a comhaontaíodh san idir-réiteach. Déantar é a leagan síos i dteanga amháin ar dtús ansin aistrítear é go dtí na teangacha oifigiúla eile. Déantar an leagan den dréacht-téacs comhpháirteach atá sa teanga bhunaidh a sheoladh chuig comhaltaí na toscaireachta.
  3. Déantar an téacs comhpháirteach críochnaitheach, a bhfuil fíorú dlítheangeolaíoch déanta air sa Pharlaimint agus sa Chomhairle araon, a chur ar aghaidh go foirmiúil chuig comhchathaoirligh an Choiste Idir-réitigh agus chuig Uachtarán na Parlaiminte agus chuig Uachtarán-in-oifig na Comhairle. Bíonn aon dearbhuithe ó na hinstitiúidí ag gabháil mar iarscríbhinn lena litir.
  4. Déantar an tríú léamh a sheoladh in imeacht tréimhse 6 seachtaine ó dháta na litreach sin. Féadtar an teorainn ama a fhadú 2 sheachtain ar a mhéad ar thionscnamh na Parlaiminte nó na Comhairle agus de chomhthoil a chéile.

An Pharlaimint

  1. I rith na tréimhse 6 seachtaine (a bhféadfaí é a fhadú go 8 seachtaine), faigheann comhaltaí thoscaireacht Pharlaimint na hEorpa an téacs comhpháirteach ina dteanga féin, mar aon le tuarascáil ina dtugtar cuntas ar na céimeanna éagsúla agus ar thorthaí an nós imeachta idir-réitigh, lena n áirítear taifead den vótáil ag an toscaireacht ag deireadh an nós imeachta idir-réitigh. Déantar an téacs comhpháirteach críochnaitheach, an tuarascáil arna tarraingt suas ag an rapóirtéir agus ag cathaoirleach na toscaireachta, an litir chumhdaigh, agus aon dearbhuithe institiúideacha a sheoladh chuig an tseirbhís um an suí iomlánach sa Pharlaimint. Ag an tráth seo, foilsítear na leaganacha den chomhaontú sna teangacha éagsúla ar láithreán gréasáin na Parlaiminte.
  2. Sula gcaitear vóta ar an téacs comhpháirteach, bíonn díospóireacht sa suí iomlánach ar thoradh na gcaibidlíochtaí agus ar an gcomhaontú ar thángthas air (nó nár thángthas air) leis an gComhairle. Is iondúil go gcuirtear tús leis an díospóireacht le ráiteas ón leas-uachtarán a bhí ina chathaoirleach ar an toscaireacht agus le ráiteas ón rapóirtéir. Ansin, caitear vóta sa suí iomlánach ar an téacs comhpháirteach. Déantar é a fhormheas le tromlach simplí de na vótaí a chaitear; sin nó diúltaítear don téacs comhpháirteach.
  3. Amhail ó Eanáir 2015, dhiúltaigh an Pharlaimint do théacsanna comhpháirteacha trí huaire:

An Chomhairle

  1. Bíonn ar an gComhairle an téacs comhpháirteach a fhormheas freisin, agus is iondúil gur fearr léi vótáil air sin tar éis an tríú léamh ag an bParlaimint. Déanann an Chomhairle a cinneadh le tromlach cáilithe.
  2. I gcleachtas, ní chothaíonn formheas an téacs chomhpháirtigh ag an gComhairle fadhb ar bith, ós rud é go mbíonn toscaireacht na Comhairle ar an gCoiste Idir-réitigh comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát. Go dtí seo, níor dhiúltaigh an Chomhairle riamh do chomhaontú ar thángthas air in idir-réiteach.
  3. Má theipeann ar cheachtar institiúid an téacs comhpháirteach a fhormheas, tagann deireadh leis an nós imeachta reachtach: ní féidir é a atosú ach amháin le togra nua ón gCoimisiún.
  4. Má ghlacann an Pharlaimint agus an Chomhairle araon an téacs, déantar é a thíolacadh i gcomhair a shínithe d’Uachtaráin agus d’Ard-Rúnaithe Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus ina dhiaidh sin foilsítear é san Iris Oifigiúil.
 
Go back to infography      
This article in PDF format 

Conradh 

An Conradh Ar Fheidhmiú An Aontais Eorpaigh (Leagan Comhdhlúite) : Airteagal 294 (sean-Airteagal 251 CCE)

  1. Nuair a thagraítear sna Conarthaí don ghnáthnós imeachta reachtach chun gníomh a ghlacadh, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas.
  2. Tíolacfaidh an Coimisiún togra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

An chéad léamh

  1. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa a seasamh sa chéad léamh agus cuirfidh sí i bhfios don Chomhairle é.
  2. Má fhormheasann an Chomhairle seasamh Pharlaimint na hEorpa, glacfar an gníomh i dtrácht sa fhriotal a fhreagraíonn do sheasamh Pharlaimint na hEorpa.
  3. Más rud é nach bhformheasfaidh an Chomhairle seasamh Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh sí a seasamh sa chéad léamh agus cuirfidh sí in iúl do Pharlaimint na hEorpa é.
  4. Tabharfaidh an Chomhairle gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoi na cúiseanna a thug uirthi a seasamh a ghlacadh sa chéad léamh. Tabharfaidh an Coimisiún gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoina sheasamh.

An dara léamh

  1. Más rud é, laistigh de thrí mhí ón dáta a gcuirfear an t-eolas sin chuici:
    1. go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle sa chéad léamh a fhormheas nó nach mbeidh cinneadh glactha aici, measfar go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha sa fhriotal a fhreagraíonn do sheasamh na Comhairle;
    2. go ndiúltóidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle sa chéad léamh, trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha;
    3. go molfaidh Parlaimint na hEorpa, trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, leasuithe ar sheasamh na Comhairle sa chéad léamh, cuirfear an téacs arna leasú amhlaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún a thabharfaidh tuairim ar na leasuithe sin.
  2. Má dhéanann an Chomhairle, laistigh de thrí mhí ó na leasuithe a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe:
    1. na leasuithe sin uile a fhormheas, measfar go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha;
    2. gan na leasuithe uile a fhormheas, comórfaidh Uachtarán na Comhairle, le comhaontú Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, cruinniú den Choiste Idir-réitigh laistigh de shé seachtaine.
  3. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar na leasuithe a bhfuil tuairim dhiúltach tugtha ag an gCoimisiún ina dtaobh.

Idir-réiteach

  1. Beidh de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, a chomhdhéanfar de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus a chomhlíon de chomhaltaí a ionadóidh Parlaimint na hEorpa, teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, trí thromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus trí thromlach de na comhaltaí a ionadóidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de shé seachtaine óna chomóradh ar bhonn sheasaimh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa dara léamh.
  2. Beidh an Coimisiún rannpháirteach in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh agus glacfaidh sé gach tionscnamh is gá d'fhonn seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a thabhairt le chéile.
  3. Más rud é nach bhformheasfaidh an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh de shé seachtaine óna chomóradh, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha.

An tríú léamh

  1. Má fhormheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh den tréimhse sin, beidh tréimhse sé seachtaine ag Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na vótaí arna gcaitheamh, agus ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis an fhormheasa sin chun an gníomh i dtrácht a ghlacadh i gcomhréir leis an téacs comhpháirteach. Má theipeann orthu sin a dhéanamh, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha.
  2. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar na tréimhsí trí mhí agus sé seachtaine dá dtagraítear san Airteagal seo a fhadú mí amháin nó dhá sheachtain faoi seach ar a mhéid.

Forálacha speisialta

  1. Más rud é, sna cásanna dá bhforáiltear sna Conarthaí, go gcuirfear gníomh reachtach faoi réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh ar thionscnamh ó ghrúpa Ballstát, nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach, nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais, ní bheidh feidhm ag mír 2, ag an dara habairt de mhír 6 ná ag mír 9.

Sna cásanna sin, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an gníomh arna bheartú in iúl don Choimisiún mar aon lena seasaimh sa chéad léamh agus sa dara léamh. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a thuairim a iarraidh ar an gCoimisiún i gcaitheamh an nós imeachta, agus féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin freisin. Féadfaidh sé freisin, má mheasann sé gur gá, a bheith rannpháirteach sa Choiste Idir-réitigh i gcomhréir le mír 11.


EN C 326/174 Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh 26.10.2012

 
This article in PDF format  --> Areas where the ordinary legislative procedure applies (PDF) Guide to the ordinary legislative procedure, Council, 2010  

Gluais 

Achainíocha ar Pharlaimint na hEorpa 

Is féidir le haon saoránach de AE, le duine a bhfuil gnáthchónaí air in AE nó le cuideachta, eagraíocht nó comhlachas a bhfuil a cheannáras aige in AE achainí a dhéanamh ar an bParlaimint maidir le hábhar ar bith a thagann faoi réimse freagrachtaí AE agus a dhéanann difear go díreach dóibh. Tugann na hachainíocha sin an deis do Pharlaimint na hEorpa aird a tharraingt ar aon sárú atá á dhéanamh ar chearta shaoránaigh na hEorpa ag Ballstát, ag údarás áitiúil nó ag institiúid eile.

Aontoilíocht (sa Chomhairle) 

Éilíonn an aontoilíocht go gcomhaontaíonn na Ballstáit uile ag cruinniú laistigh den Chomhairle ar an togra sular féidir é a ghlacadh. Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, níl ach líon srianta beartas ann a meastar a bheith íogair agus atá faoi réir vótála d’aon toil.

Ard-Rúnaí na Comhairle 

Ceann Ard-Rúnaíocht na Comhairle a thugann cúnamh don Chomhairle agus don Chomhairle Eorpach. In éineacht le hUachtarán na Comhairle, síníonn sé na gníomhartha reachtacha uile a ghlacann an Pharlaimint agus an Chomhairle go comhpháirteach.

Ard-Rúnaí Pharlaimint na hEorpa 

An t‑oifigeach is sinsearaí sa Pharlaimint, agus is é atá freagrach as riarachán na Parlaiminte. Áirithíonn sé go ndéantar gnó na Parlaiminte go rianúil faoi cheannaireacht an Uachtaráin agus an Bhiúró. In éineacht leis an Uachtarán, fíoraíonn sé agus síníonn sé na gníomhartha reachtacha uile a ghlacann an Pharlaimint agus an Chomhairle go comhpháirteach.

An Banc Ceannais Eorpach 

Déanann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) bainistiú ar airgeadra aonair AE – an euro – agus féachann sé lena áirithiú gur ann do chobhsaíocht praghsanna in AE. Is é atá freagrach as beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta AE a cheapadh agus a chur chun feidhme. Is ceann de 7 n-institiúid AE é an Banc.

An Banc Eorpach Infheistíochta 

Tugann an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) tacaíocht do thionscadail i dtíortha AE, agus infheistíonn sé i dtíortha ar Ballstáit a bheidh iontu amach anseo agus i dtíortha comhpháirtíochta. Faigheann sé airgead ar iasacht ar na margaí caipitil seachas a bheith ag tarraingt as buiséad AE agus tugann sé an t‑airgead sin ar iasacht ar théarmaí fabhracha ar mhaithe le tionscadail atá ag luí le cuspóirí beartais AE. Tá an banc faoi úinéireacht na 28 mBallstát AE.

Cárta buí 

Nuair a thugann an Coimisiún togra reachtach nua isteach, seoltar ar aghaidh chuig na parlaimintí náisiúnta é. Má fhaigheann an tríú cuid díobh nach gcomhlíonann an dréachtreacht prionsabal na coimhdeachta, bíonn ar an gCoimisiún an togra a athbhreithniú agus a chinneadh cibé an ndéanfaidh sé é a choinneáil, a leasú nó a tharraingt siar agus bíonn air a chinneadh a fhírinniú.

Cárta flannbhuí 

Nuair a thugann an Coimisiún togra reachtach nua isteach, seoltar chuig na parlaimintí náisiúnta é. Má fheictear do thromlach na gcomhlachtaí sin nach bhfuil prionsabal na coimhdeachta á chomhlíonadh sa dréachtreachtaíocht, ní mór don Choimisiún an togra a athscrúdú. Má choinníonn sé an togra, ní mór don Choimisiún a sheasamh a fhírinniú i dtuairim réasúnaithe. Má vótálann an Chomhairle agus an Pharlaimint in aghaidh an togra ar an gcéad léamh, tréigfear an togra.

Ceart tionscnaimh 

Déanann ceart tionscnaimh an Choimisiúin é a chumhachtú chun tograí a dhéanamh, bíodh sin i ngeall ar fhoráil chuige sin a bheidh déanta go sainráite sna Conarthaí nó mar go measann an Coimisiún go bhfuil gá leis. Féadann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa freisin a iarraidh ar an gCoimisiún tograí a tharraingt suas.

Ceisteanna Parlaiminteacha 

Déanann FPEanna ceisteanna parlaiminteacha a dhíriú chuig institiúidí agus comhlachtaí eile AE. Ní mór don fhaighteoir freagra a thabhairt laistigh de thréimhse ama ar leith. Is foirm dhíreach de ghrinnscrúdú parlaiminteach ar institiúidí agus comhlachtaí eile AE iad na ceisteanna parlaiminteacha.

An Chomhairle Eorpach 

Sa Chomhairle Eorpach, tagann le chéile Ceannairí Stáit nó Rialtais Bhallstáit AE. Déanann sí cinntí maidir le tosaíochtaí polaitiúla leathana agus maidir le tionscnaimh thábhachtacha. Níl aon chumhacht reachtach aici. Is ceann de 7 n-institiúid AE í an Chomhairle.

Cinneadh 

Tá ‘cinneadh’ ceangailteach orthu siúd chuig a ndírítear é (e.g. tír de AE nó cuideachta aonair) agus tá sé infheidhme go díreach.

Coimhdeacht 

De réir phrionsabal na coimhdeachta, níor cheart go ngníomhódh AE (ach amháin i réimsí a thig faoina inniúlacht eisiach) mura rud é go mbeadh gníomhaíocht AE níos éifeachtaí ná gníomhaíocht a ghlacfaí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Déantar seiceálacha leanúnacha chun a fhíorú go bhfuil údar maith le gníomhaíocht ar leibhéal AE.

Coimisinéir 

Tá an Coimisiún Eorpach comhdhéanta de na Coimisinéirí, a bhfuil freagracht as réimse sonrach beartais sannta ag Uachtarán an Choimisiúin dóibh. Is 28 gcoimisinéir atá ann i láthair na huaire: duine as gach Ballstát.

An Coimisiún Eorpach 

Is é an Coimisiún Eorpach (CE) comhlacht feidhmiúcháin AE agus seasann sé do leasanna AE ina iomláine. Molann sé reachtaíocht AE nua agus áirithíonn sé go ndéantar an reachtaíocht sin a chur i bhfeidhm i gceart. Is ceann de 7 n-institiúid AE é an Coimisiún.

Coiste comhlachaithe 

Má tá mórán an inniúlacht chéanna ag dhá choiste nó níos mó i dtaobh ábhar atá le plé sa Pharlaimint, nó i dtaobh codanna den tsaincheist, déantar coiste freagrach de cheann de na coistí agus is coiste comhlachaithe nó coistí comhlachaithe an ceann nó na cinn eile. Déanann an coiste freagrach agus an coiste comhlachaithe tráthchlár don obair a chomhaontú eatarthu go comhpháirteach, coinníonn na rapóirtéirí a chéile ar an eolas agus féachann siad le haontú ar na téacsanna atá le moladh dá gcoistí agus ar an seasamh a ghlacann siad i ndáil le leasuithe. Roinneann siad na réimsí inniúlachta eatarthu.

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 

Is é atá i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ná coiste comhairleach AE ar a bhfuil 353 chomhalta a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta, ar fhostóirí agus ar oibrithe. Ní mór dul i gcomhairle léi faoi chinnteoireacht AE i dtaca leis an mbeartas eacnamaíoch agus sóisialta.

Coiste idir-réitigh 

Bíonn an Coiste Idir-réitigh ina shuí i rith na céime idir-réitigh den ghnáthnós imeachta reachtach. Is é comhdhéanamh an Choiste: ionadaí amháin ó gach Ballstát agus líon comhionann FPEanna (28/28 i láthair na huaire). Bíonn an coiste freagrach as téacs comhpháirteach a tharraingt suas, a chuirtear ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an bParlaimint i gcomhair a fhormheasta ar an tríú léamh.

Coiste i bParlaimint na hEorpa 

Déanann 20 buanchoiste na Parlaiminte tograí reachtacha a tharraingt suas, a leasú agus a ghlacadh, agus ansin vótálann an Pharlaimint ina hiomláine orthu i rith na seisiún iomlánach. Is léiriú é comhdhéanamh polaitiúil na gcoistí de chomhdhéanamh na Parlaiminte. Is féidir leis an bParlaimint fochoistí, coistí sealadacha speisialta agus coistí foirmiúla fiosrúcháin a chur ar bun.

Coiste na Réigiún 

Is comhlacht comhairleach de AE é Coiste na Réigiún ar a bhfuil 353 chomhalta a dhéanann ionadaíocht thar ceann údaráis áitiúla agus réigiúnacha. Ní mór dul i gcomhairle leis an gCoiste le linn cinnteoireachta AE sna réimsí seo a leanas: comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, gréasáin bhonneagair thras-Eorpacha, sláinte, oideachas agus cultúr, an beartas fostaíochta, an beartas sóisialta, an comhshaol, gairmoiliúint agus iompar.

Coláiste na gCoimisinéirí 

Tá an Coláiste comhdhéanta de na 28 gCoimisinéir Eorpach.

Comhairle an Aontais Eorpaigh 

Déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh, ar a dtugtar an Chomhairle de ghnáth (Comhairle na nAirí roimhe seo), ionadaíocht ar rialtais Bhallstáit AE. In éineacht le Parlaimint na hEorpa, glacann an Chomhairle reachtaíocht a thagann i dtogra ón gCoimisiún Eorpach. Is ceann de 7 n-institiúid AE í an Chomhairle.

Comhairliúchán poiblí 

I gcomhairliúcháin phoiblí iarrann an Coimisiún Eorpach ar gheallsealbhóirí éagsúla, amhail údaráis phoiblí, údaráis na mBallstát, fiontair, eagraíochtaí (príobháideacha), comhlachais tionscail nó saoránaigh, a dtuairimí ar an reachtaíocht atá beartaithe a thíolacadh. Is iondúil gur i bhfoirm ceistiúcháin le ceisteanna oscailte agus ceisteanna iata a bhíonn an comhairliúchán.

Comhchinnteoireacht 

Téarma a bhíodh in úsáid roimhe seo don ghnáthnós imeachta reachtach, mar a thugtar anois air. Tá an téarma sin fós in úsáid go forleathan ar bhonn neamhoifigiúil.

Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí 

Tá Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí sa Pharlaimint comhdhéanta de chathaoirligh na mbuanchoistí agus na gcoistí sealadacha uile. Is é an cúram atá uirthi ná feabhas a chur ar an gcomhar idir coistí na Parlaiminte.

Comhdháil na nUachtarán 

Eagraíonn Comhdháil na nUachtarán gnó agus pleanáil reachtach na Parlaiminte, cinneann sí freagrachtaí agus comhaltas na gcoistí agus na dtoscaireachtaí agus is í atá freagrach as an gcaidreamh le hinstitiúidí eile AE, leis na parlaimintí náisiúnta agus le tíortha lasmuigh de AE. Is comhaltaí den Chomhdháil iad Uachtarán PE agus cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla.

Comhréireacht 

De réir phrionsabal na comhréireachta, ní mór rannpháirtíocht institiúidí AE a theorannú go dtína bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach.

Na Conarthaí 

Is comhaontú ceangailteach idir Ballstáit AE atá i gconradh. Leagtar amach ann cuspóirí AE, na rialacha d’institiúidí AE, mar a dhéantar cinntí agus an ghaolmhaireacht atá idir AE agus a Bhallstáit.

Conradh Amstardam 

Tháinig Conradh Amstardam i bhfeidhm an 1 Bealtaine 1999. Ba é an cuspóir a bhí leis athchóiriú a dhéanamh ar institiúidí AE mar bheart ullmhúcháin do Bhallstáit nua a theacht isteach san Aontas. Sa chonradh sin, rinneadh leasú, athuimhriú agus comhdhlúthú ar Chonradh AE agus ar Chonradh CEE, agus méadaíodh úsáid na comhchinnteoireachta.

Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) 

I gConradh Liospóin rinneadh Conradh Maastricht, a bhí i bhfeidhm ó 1993, a leasú agus a athainmniú go dtí an Conradh ar an Aontas Eorpach. Déanann sé AE a bhunú mar eintiteas dlíthiúil agus sainíonn sé a luachanna, a aidhmeanna, a institiúidí agus a inniúlachtaí. Is é ceann den dá phríomhchonradh é ar a bhfuil AE anois fothaithe.

Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) 

Thosaigh an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) amach ar dtús i 1958 mar Chonradh na Róimhe, ach is mór atá sé leasaithe ó shin. Leagtar amach ann mionsonraí eagraíochtúla agus feidhme AE. Is é ceann den dá phríomhchonradh é ar a bhfuil AE anois fothaithe.

Conradh Liospóin 

Tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Is é atá ann ná an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus an Conradh ar Fheidhmiú AE (CFAE). Le Conradh Liospóin tugadh tuilleadh cumhachta don Pharlaimint, athraíodh na nósanna imeachta vótála sa Chomhairle, tugadh isteach an tionscnamh ó na saoránaigh, cruthaíodh uachtarán buan ar an gComhairle Eorpach, Ard-Ionadaí nua do Ghnóthaí Eachtracha mar aon le seirbhís taidhleoireachta nua AE agus rinneadh soiléiriú ar na cumhachtaí a bhaineann le AE, ar na cumhachtaí a bhaineann le Ballstáit AE agus ar na cumhachtaí atá roinnte eatarthu. D’athraigh sé an t-ainm ar an gcomhchinnteoireacht go dtí an gnáthnós imeachta reachtach agus mhéadaigh sé an líon réimsí a gcuirtear an gnáthnós imeachta reachtach i bhfeidhm ina leith.

Conradh Maastricht 

Tháinig Conradh Maastricht, nó an Conradh ar an Aontas Eorpach, i bhfeidhm an 1 Samhain 1993. Le Conradh Maastricht bunaíodh an tAontas Eorpach (ba iad na Comhphobail Eorpacha a bhí in AE roimhe sin), tugadh isteach an chomhchinnteoireacht agus comhar idir rialtais AE maidir le cosaint agus le ceartas agus gnóthaí baile. Réitigh sé an bealach don Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus thug sé isteach gnéithe d’aontas polaitíochta (saoránacht, comhbheartas eachtrach agus gnóthaí inmheánacha).

Conradh Nice 

Tháinig Conradh Nice i bhfeidhm an 1 Feabhra 2003. Ba é an cuspóir a bhí leis ná athchóiriú a dhéanamh ar na hinstitiúidí ionas go bhféadfadh AE feidhmiú go héifeachtúil tar éis don Aontas méadú go dtí 25 Bhallstát. Tugadh isteach modhanna chun comhdhéanamh an Choimisiúin a athrú agus chun an córas vótála sa Chomhairle a athshainiú.

COREPER 

Coiste den Chomhairle atá comhdhéanta de bhuanionadaithe na mBallstát, agus is é a ullmhaíonn obair na Comhairle. Bíonn leas-ambasadóirí ar COREPER I agus is ambasadóirí a bhíonn ar COREPER II.

Cruinnithe coiste comhpháirteacha 

Má dhéantar ábhar a tharchur chuig an bParlaimint agus nach féidir an t‑ábhar sin a thabhairt do choiste freagrach amháin de bhrí go dtagann sé go soiléir faoi inniúlachtaí roinnt coistí éagsúla, déanann na rapóirtéirí faoi seach dréacht-tuarascáil aonair a tharraingt suas a gcaitear vóta go comhpháirteach air sna coistí lena mbaineann faoi chathaoirleacht chomhpháirteach na gcathaoirleach coiste.

Cruinniú tríthaobhach 

Cruinnithe neamhfhoirmiúla a mbíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i láthair acu. Is é is cuspóir dóibh teacht ar chomhaontú (ar phacáiste leasuithe nó ar fhoclaíocht na ndlíthe) atá inghlactha don Chomhairle agus don Pharlaimint.

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 

Déanann an Chúirt Bhreithiúnais (CBE) léirmhíniú ar dhlí AE agus déanann sí cinnte go gcuirtear i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna Ballstáit go léir é. Is í freisin a réitíonn díospóidí dlíthiúla idir rialtais AE, daoine aonair, cuideachtaí nó eagraíochtaí agus institiúidí AE. Is ceann de 7 n-institiúid AE í an Chúirt.

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa 

Déanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchóireacht ar airgeadas AE. Is é an ról atá aici ná feabhas a chur ar bhainistiú airgeadais AE agus tuairisciú ar an úsáid a bhaintear as cistí poiblí. Is ceann de 7 n-institiúid AE í an Chúirt.

Dearbhú i scríbhinn 

Is é is dearbhú i scríbhinn ann ná téacs ina bhfuil 200 focal ar a mhéad maidir le hábhar a thig faoi réimse gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a ndéanann suas le cúigear Feisirí é a thíolacadh. Má dhéanann tromlach de na Feisirí é a shíniú, cuirtear ar aghaidh é chuig an institiúid a bhfuil sé dírithe chuige. Is féidir le Feisirí leas a bhaint as dearbhuithe i scríbhinn chun díospóireacht a sheoladh nó a athsheoladh ar ábhar a thig faoi réimse freagrachtaí AE.

Dlí AE 

Tá dlí AE roinnte ina reachtaíocht ‘phríomha’ agus ina reachtaíocht ‘thánaisteach’. Is iad na conarthaí (an reachtaíocht phríomha) an bunús do gach gníomhaíocht a dhéanann AE. Díorthaíonn an reachtaíocht thánaisteach – lena n-áirítear rialacháin, treoracha agus cinntí – ó na prionsabail agus na cuspóirí a leagtar amach sna conarthaí.

Éisteacht 

Is féidir le coiste parlaiminteach éisteacht a eagrú le saineolaithe má mheasann an coiste go bhfuil sé sin tairbheach dá chuid oibre. Is iondúil go dtionóltar na héisteachtaí sin go poiblí.

Feisire de Pharlaimint na hEorpa 

Déantar Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh go díreach ar feadh tréimhse cúig bliana. Déanann na 751 FPE ionadaíocht ar shaoránaigh AE.

An gnáthnós imeachta reachtach 

Faoin ngnáthnós imeachta reachtach (ar a dtugtaí comhchinnteoireacht), déanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt lena chéile cinneadh maidir le tograí ón gCoimisiún i dtaobh raon leathan réimsí (mar shampla, rialachas eacnamaíoch, inimirce, fuinneamh, iompar, an comhshaol agus cosaint an tomhaltóra). Is ar an tslí sin a ghlactar formhór dhlí AE anois.

An Grúpa um Chaidreamh Idir-institiúideach  

Comhlacht den Choimisiún atá freagrach as an gcaidreamh polaitiúil, reachtach agus riaracháin a chomhordú leis na hinstitiúidí eile, go háirithe le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle. Tagann i mbail a chéile ann comhaltaí ó oifigí na gCoimisinéirí a bhfuil cúram orthu i dtaobh faireachán a dhéanamh ar ghnóthaí idir-institiúideacha.

Grúpa polaitiúil 

Is bunaithe ar chleamhnacht pholaitiúil seachas ar bhonn náisiúnta a eagraíonn na Feisirí iad féin. Tá 8 ngrúpa pholaitiúla i bParlaimint na hEorpa faoi láthair. Ní fhéadfaidh Feisirí a bheith ach i ngrúpa polaitiúil amháin. Tá roinnt Feisirí ann nach mbaineann le grúpa polaitiúil ar bith agus tugtar Feisirí neamhcheangailte orthu siúd.

Idir-réiteach 

Is é an t-idir-réiteach an tríú céim, agus an chéim dheiridh, den ghnáthnós imeachta reachtach. Tarlaíonn sé nuair nach bhfuil an Pharlaimint agus an Chomhairle in ann teacht ar chomhaontú i dtaobh togra reachtach i rith an chéad dá léamh. Bíonn toscaireachtaí ón gComhairle agus ón bParlaimint ag iarraidh teacht ar chomhréiteach atá inghlactha don dá institiúid.

Iris Oifigiúil 

Is é atá in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO) ná reachtaíocht, faisnéis, fógraí agus obair ullmhúcháin reachtach a bhaineann le AE. Foilsítear é gach lá oibre i dteangacha oifigiúla uile AE. Is iad na gníomhartha reachtacha a fhoilsítear in IO, agus iadsan amháin, a ngabhann ceangal dlí leo.

Ítim A 

Roinntear cláir oibre na Comhairle ina Ítimí A agus ina Ítimí B. Is iad Ítimí A na míreanna sin a bhfuiltear tar éis teacht ar chomhaontú ina dtaobh agus is féidir a ghlacadh gan aon díospóireacht. Ní chuireann sé seo bac ar aon chomhalta den Chomhairle ná den Choimisiún a thuairim a thabhairt nuair a bhíonn vótáil á dhéanamh ar an ítim.

Ítim B 

Roinntear cláir oibre na Comhairle ina Ítimí A agus ina Ítimí B. Is iad Ítimí B na míreanna sin nach bhfuil aon chomhaontú ann ina dtaobh agus a ndéanfar díospóireacht orthu. Is minic leo a bheith ina saincheisteanna atá íogair ó thaobh polaitíochta de.

Páipéar Bán 

Is é is Páipéir Bhána ón gCoimisiún ann ná doiciméid ina bhfuil moltaí le haghaidh gníomhaíocht AE i réimse sonrach. I gcásanna áirithe tagann siad i ndiaidh Páipéar Uaine a foilsíodh chun próiseas comhairliúcháin a sheoladh ar an leibhéal Eorpach. Nuair a léiríonn an Chomhairle go bhfuil sí i bhfabhar a bhfuil i bPáipéar Bán, d'fhéadfadh clár gníomhaíochta don Aontas sa réimse lena mbaineann leanúint as sin.

Páipéar Uaine 

Foilsíonn an Coimisiún Eorpach Páipéir Uaine chun plé a spreagadh le páirtithe leasmhara ar an leibhéal Eorpach. D’fhéadfadh sé go leanfadh tograí le haghaidh gníomhaíocht AE as sin, a dtugtar cuntas orthu i bPáipéir Bhána.

Parlaimint na hEorpa 

Tá Parlaimint na hEorpa (PE) comhdhéanta de 751 FPE atá tofa go díreach as 28 dtír agus déanann sí ionadaíocht ar shaoránaigh AE. Gníomhaíonn sí mar chomhreachtóir leis an gComhairle ar bheagnach dlí AE ar fad agus coimeádann sí na hinstitiúidí eile cuntasach as a ngníomhaíochtaí. Is ceann de 7 n-institiúid AE í an Pharlaimint.

Rapóirtéir 

Sin Feisire, arna cheapadh ag an gcoiste parlaiminteach atá freagrach as an togra reachtach a láimhseáil, a dhéanann an togra a stiúrú tríd an bParlaimint agus a ullmhaíonn tuarascáil ar an togra sin.

Rialachán 

Is é is ‘rialachán’ ann ná foirm de dhlí AE atá infheidhme go díreach agus a bhfuil feidhm cheangailteach dhlíthiúil aige i ngach Ballstát. Ní gá do na rialtais náisiúnta aon ghníomhaíocht a dhéanamh chun rialacháin AE a chur chun feidhme.

Scáthrapóirtéir 

Is Feisire atá sa scáthrapóirtéir a dhéanann faireachán ar shainchomhad nó ar thuarascáil ón bParlaimint thar ceann grúpa polaitiúil seachas an grúpa lena mbaineannn an rapóirtéir.

Seisiún iomlánach 

Bíonn seisiúin iomlánacha na Parlaiminte ann 12 uair sa bhliain in Strasbourg, agus bíonn seisiúin iomlánacha níos giorra ann sa Bhruiséil. Tagann gach duine de na 751 FPE le chéile sa seisiún iomlánach chun díospóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht AE, agus vótáil ar an reachtaíocht sin, agus chun seasamh a ghlacadh ar shaincheisteanna polaitiúla.

Téacs comhpháirteach 

Téacs arna ghlacadh ag an gCoiste Idir-réitigh i rith an nós imeachta idir-réitigh. Is vótáil aonair a bhíonn le déanamh air sa Pharlaimint agus sa Chomhairle agus ní fhéadtar leasuithe a chur síos ina leith.

Teanga oifigiúil 

Tá 24 theanga oifigiúil AE ann: An Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris. Foilsítear an dlí AE go léir i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.

Tionscnamh ó na saoránaigh 

Leis an tionscnamh ó na saoránaigh, féadann 1 milliún saoránach ón gceathrú cuid ar a laghad de Bhallstáit AE a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tograí a cheapadh le haghaidh dlíthe nua i réimsí ina bhfuil inniúlacht ag an gCoimisiún.

Togra modhnaithe (Togra ón gCoimisiún tar éis an chéad léamh in PE) 

Idir an chéad léamh sa Pharlaimint agus an chéad léamh sa Chomhairle, is féidir leis an gCoimisiún a thogra a athrú chun leasuithe ón bParlaimint a chur ann a mheasann an Coimisiún féin a chuirfeadh feabhas ar an togra tosaigh agus/nó ar dócha go n-éascódh siad teacht ar chomhaontú idir an Pharlaimint agus an Chomhairle.

Treoir 

Is gníomh reachtach atá i ‘dtreoir’ a leagann síos an sprioc atá le baint amach ag tíortha uile AE, ach a fhágann faoi gach Ballstát ann féin an modh lena bhaint amach a roghnú.

Tromlach cáilithe sa Chomhairle 

Baintear tromlach cáilithe amach sa Chomhairle nuair a vótálann 55% de na Ballstáit i bhfabhar an togra - 16 bhallstát ar a laghad, agus nuair atá tacaíocht ag an togra ag líon Ballstát ar comhionann é agus 65% ar a laghad de dhaonra an AE. Féadann ceathrar ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle mionlach blocála a chruthú.

Tromlach glan (i bParlaimint an hEorpa) 

Is é is tromlach glan ann ná tromlach de na Feisirí uile (lena n-áirítear iadsan atá as láthair nó nach bhfuil ag vótáil). I gcumraíocht reatha na Parlaiminte ina bhfuil 751 FPE, is 376 vóta é an tairseach le haghaidh tromlach glan.

Tromlach simplí (i bParlaimint na hEorpa)  

Déantar togra a ghlactar le tromlach simplí a fhormheas más rud é go bhfuil an líon vótaí ‘Tá’ níos airde ná an líon vótaí ‘Níl’.

Tuairim (ó choiste) 

Is féidir leis an gcoiste parlaiminteach a bhfuil an cúram air i dtaobh saincheist áirithe a iarraidh ar choistí eile a dtuairim a thabhairt uathu. Is minic a thugtar cuireadh do chathaoirleach agus do rapóirtéir an choiste a thugann tuairim uaidh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den choiste freagrach. Is minic gur i dtuarascáil i scríbhinn a bhíonn an tuairim.

Tuarascáil 

Nuair a chuirtear togra ón gCoimisiún ar aghaidh chuig coiste parlaiminteach, ceapann an coiste rapóirtéir chun tuarascáil a ullmhú. Is iondúil gurb é a bhíonn sa tuarascáil: leasuithe ar an togra, réasúnuithe gearra agus ráiteas míniúcháin, lena n‑áirítear ráiteas airgeadais lena meastar an tionchar airgeadais a bheidh ag an tuarascáil agus a comhréireacht leis an mbuiséad fadtéarmach.

Tuarascáil féintionscnaimh 

Sa bhreis ar thuarascálacha reachtacha, is féidir le coistí parlaiminteacha ‘tuarascálacha féintionscnaimh’ a tháirgeadh ar shaincheisteanna a thagann faoina réimse freagrachtaí. Is féidir leis na tuarascálacha sin a bheith mar bhealach chun feasacht a mhúscailt ar shaincheist ar leith.

Uachtarán Pharlaimint na hEorpa 

Is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a bhíonn ina chathaoirleach ar na seisiúin iomlánacha, ar Chomhdháil na nUachtarán agus ar an mBiúró (atá comhdhéanta de leas-uachtaráin PE). Déanann sé ionadaíocht ar an bParlaimint laistigh de AE agus go hidirnáisiúnta.

Uachtaránacht na Comhairle 

Déantar uainíocht idir na Ballstáit ar Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar feadh tréimhsí 6 mhí. Tá 10 bhfoirmíocht den Chomhairle ann, a mbíonn an t-aire ón mBallstát uachtaránachta ar a bhfuil freagracht na réimse faoi seach ina chathaoirleach ar an bhfoirmíocht ar leith, seachas an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha atá faoi bhuanchathaoirleacht an Ard-Ionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

 
This article in PDF format   

Roinn