Parlaimint na hEorpa: Cumhachtaí

Dearbhaíonn Parlaimint na hEorpa a ról institiúideach i gceapadh na mbeartas san Eoraip trí fheidhmiú a cuid feidhmeanna éagsúla. Le rannpháirtíocht na Parlaiminte sa phróiseas reachtach, lena cumhachtaí buiséid agus rialaithe, lena rannpháirtíocht in athbhreithniú ar na conarthaí agus lena ceart idirghabháil a dhéanamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cuirtear ar a cumas prionsabail dhaonlathacha a chaomhnú ar leibhéal Eorpach.

Bunús dlí

Airteagal 223 go hAirteagal 234 agus Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Cuspóirí

Mar institiúid a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh na hEorpa, is í an Pharlaimint bonn daonlathach an Aontais Eorpaigh. Má tá dlisteanacht dhaonlathach le bheith ag AE, caithfidh an Pharlaimint a bheith rannpháirteach go hiomlán i bpróiseas reachtach AE agus grinnscrúdú polaitiúil a fheidhmiú ar institiúidí eile AE thar ceann an phobail.

Cumhachtaí de chineál reachtach agus cumhachtaí daingniúcháin (1.2.4)

Ó tháinig an Ionstraim Eorpach Aonair (IEA) i bhfeidhm, tháinig na conarthaí uile maidir le haontachas Ballstáit nua agus na conarthaí comhlachais uile faoi réir aontú na Parlaiminte. Leis an Ionstraim Eorpach Aonair (IEA), bunaíodh an nós imeachta seo freisin do chomhaontuithe idirnáisiúnta a mbeadh impleachtaí buiséadacha suntasacha acu don Chomhphobal (ag teacht in ionad an nós imeachta idir-réitigh a bunaíodh in 1975). Tugadh isteach le Conradh Maastricht é do chomhaontuithe lena mbunaítear creat institiúideach ar leith nó a chiallaíonn go bhfuil gá le modhnuithe ar ghníomh arna ghlacadh faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta. Caithfidh an Pharlaimint a haontú a thabhairt freisin do ghníomhartha maidir leis an nós imeachta toghchánach (ó Chonradh Maastricht i leith). Ó tháinig Conradh Amstardam i bhfeidhm, tá gá lena haontú más mian leis an gComhairle dearbhú a dhéanamh go bhfuil riosca soiléir ann go ndéanfaidh Ballstát sárú tromchúiseach ar bhunphrionsabail AE, sula seoltar moltaí chuig an mBallstát sin nó sula bhforchuirtear pionóis air. Os a choinne sin, tá gá le toiliú na Comhairle d’aon athbhreithniú ar Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa.

Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, is féidir leis an bParlaimint tús a chur le hathbhreithniú ar chonradh as a stuaim féin agus is aici atá an focal scoir maidir le cibé ar cheart nó nár cheart coinbhinsiún a chomóradh d’fhonn an conradh a leasú amach anseo (Airteagal 48(2) agus (3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE)).

Rannpháirtíocht sa phróiseas reachtach (1.2.3)

Bíonn an Pharlaimint rannpháirteach go leibhéil éagsúla i nglacadh reachtaíocht an Aontais, de réir an bhunúis dlí aonair. Tá sí tagtha chun cinn ó ról comhairliúcháin amháin go comhchinnteoireacht ar chomhchéim leis an gComhairle.

A. An Gnáthnós Imeachta Reachtach

Ó tháinig Conradh Nice i bhfeidhm (1.1.4), bhain nós imeachta na comhchinnteoireachta le 46 bhunús dlí sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Conradh CE). Leis seo, cuireadh an Pharlaimint, i bprionsabal, ar chomhchéim leis an gComhairle. Má bhí comhaontú idir an dá institiúid, glacadh an gníomh ag an gcéad léamh nó ag an dara léamh; mura raibh comhaontú eatarthu, ní fhéadfaí é a ghlacadh ach tar éis idir-réiteach rathúil.

Le Conradh Liospóin (1.1.5), athainmníodh an nós imeachta comhchinnteoireachta mar an gnáthnós imeachta reachtach (Airteagal 294 CFAE). Tar éis an chonartha sin, tháinig os cionn 40 beartas nua faoi réir an nós imeachta seo den chéad uair i réimsí na saoirse, slándála agus ceartais, na trádála seachtraí, an bheartais comhshaoil agus an chomhbheartais talmhaíochta (CBT), mar shampla.

B. Comhairliúchán

Tá feidhm fós ag an nós imeachta comhairliúcháin i réimsí a chumhdaítear in Airteagail 27, 41 agus 48 de CAE agus i gcánachas, iomaíochas, comhchuibhiú reachtaíochta nach mbaineann leis an margadh inmheánach agus roinnt gnéithe den bheartas sóisialta freisin.

C. Comhar (díothaithe)

Tugadh isteach an nós imeachta comhair (sean-Airteagal 252 de Chonradh CE) faoi IEA, agus faoi Chonradh Maastricht leathnaíodh é go formhór na réimsí reachtaíochta ina ngníomhaíonn an Chomhairle trí thromlach. Leis an nós imeachta sin, cuireadh oibleagáid ar an gComhairle leasuithe ón bParlaimint arna nglacadh trí thromlach glan agus arna nglacadh ar láimh ag an gCoimisiún a chur san áireamh ag an dara léamh. Le tabhairt isteach an nós imeachta, cuireadh tús le fíor-chumhacht reachtach don Pharlaimint ach cuireadh deireadh leis tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin (1.1.5).

D. Toiliú

Tugadh isteach nós imeachta an toilithe, ar a dtugtaí ‘nós imeachta an aontaithe’ roimhe sin, le IEA in 1986. Tar éis Chonradh Maastricht, bhain an nós imeachta leis an líon beag réimsí ina ngníomhaíonn an Chomhairle le cinneadh d’aontoil; ó Chonradh Amstardam, rinneadh é sin a theorannú do na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe.

Faoi Chonradh Liospóin, tagann roinnt forálacha nua faoi nós imeachta an toilithe anois, amhail Airteagail 7, 14, 17, 27, 48 agus 50 CAE, Airteagail 19, 83, 86, 218, 223, 311 agus 312 CFAE agus bearta atá le glacadh ag an gComhairle nuair a mheastar go bhfuil gá le gníomh ó AE agus nach bhfuil na cumhachtaí is gá ar fáil sna Conarthaí chuige sin (Airteagal 352 CFAE).

E. An ceart tionscnaimh

Le Conradh Maastricht tugadh an ceart maidir le tionscnamh reachtach don Pharlaimint, ach bhí sé teoranta d’iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh. Coimeádadh an ceart sin i gConradh Liospóin (Airteagal 225 CFAE), agus mínítear ar bhealach níos mine é i gcomhaontú idirinstitiúideach idir an Pharlaimint agus an Coimisiún. Sa bhreis air sin, tá roinnt cásanna sonracha ina dtugtar an ceart díreach tionscnaimh don Pharlaimint. Baineann an ceart díreach seo leis na rialacháin maidir lena comhdhéanamh féin, le toghadh na bhFeisirí agus leis na dálaí ginearálta a rialaíonn feidhmíocht dhualgais na bhFeisirí, chomh maith le cur ar bun na gcoistí fiosrúcháin sealadacha agus na rialacháin agus na dálaí ginearálta a rialaíonn feidhmíocht an Ombudsman.

I rún a glacadh i Meitheamh 2022, dúirt an Pharlaimint ‘go gcreideann sí go láidir gur cheart na Conarthaí a athbhreithniú ionas go dtabharfar ceart ginearálta agus díreach don Pharlaimint, mar aon institiúid AE a thoghtar go díreach agus, dá bhrí sin, an institiúid a dhéanann ionadaíocht ar ghuth na saoránach i bpróiseas cinnteoireachta AE, chun reachtaíocht a thionscnamh’

Cumhachtaí buiséadacha (1.2.5)

Le Conradh Liospóin cuireadh deireadh leis an idirdhealú idir caiteachas éigeantach agus caiteachas neamhéigeantach agus cuireadh an Pharlaimint ar chomhchéim leis an gComhairle sa nós imeachta buiséadach bliantúil, atá cosúil leis an ngnáthnós imeachta reachtach anois.

Tá an Pharlaimint fós ar cheann den dá bhrainse den údarás buiséadach (Airteagal 314 CFAE). Bíonn sí rannpháirteach sa phróiseas buiséadach ón gcéim ullmhúcháin, go háirithe maidir leis na treoirlínte ginearálta agus an cineál caiteachais a leagann síos. Glacann sí an buiséad agus déanann sí faireachán ar a chur chun feidhme (Airteagal 318 CFAE). Tugann sí urscaoileadh maidir le cur chun feidhme an bhuiséid (Airteagal 319 CFAE).

Ar deireadh, caithfidh an Pharlaimint a toiliú a thabhairt chun go nglacfar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) (Airteagal 312 CFAE). Is é CAI do 2014-2020 an chéad cheann a thagann faoi na rialacha a leagtar síos i CFAE.

Grinnscrúdú ar an bhfeidhmeannas

Tá roinnt cumhachtaí grinnscrúdaithe ag an bParlaimint. Go háirithe, déanann sí plé ar an tuarascáil bhliantúil ghinearálta (Airteagal 233 de CFAE) a chuireann an Coimisiún faoina bráid agus, i dteannta na Comhairle, déanann sí maoirseacht ar ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme ón gCoimisiún (Airteagail 290 agus 291 de CFAE).

A. Insealbhú an Choimisiúin

Thosaigh an Pharlaimint ag déanamh formheas neamhfhoirmiúil ar insealbhú an Choimisiúin in 1981 trína chlár a scrúdú agus a fhormheas. Go dtí gur tháinig Conradh Maastricht i bhfeidhm in 1992, áfach, ní raibh gá le formheas na Parlaiminte sula bhféadfadh na Ballstáit, mar chomhlacht coláisteach, Uachtarán agus Comhaltaí an Choimisiúin a cheapadh. Le Conradh Amstardam tugadh nithe ar aghaidh níos faide trína cheangal go mbeadh formheas sonrach na Parlaiminte riachtanach do cheapadh Uachtarán an Choimisiúin, sula gceapfaí na Coimisinéirí eile. Thug an Pharlaimint isteach éisteachtaí na gCoimisinéirí-ainmnithe freisin in 1994. I gcomhréir le Conradh Liospóin, caithfear an t-iarrthóir ar an bpost mar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a roghnú i gcomhréir le torthaí na dtoghchán Eorpach. Mar thoradh air sin, sa rún uaithi an 22 Samhain 2012 maidir le toghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2014, d’áitigh an Pharlaimint ar na páirtithe polaitiúla Eorpacha iarrthóirí a ainmniú ar an bpost mar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ionas go ndéanfaí dlisteanacht pholaitiúil an dá institiúid a atreisiú. Ó 2014 i leith, tá nós imeachta a dtugtar nós imeachta an Spitzenkandidaten air i bhfeidhm. Faoin nós imeachta seo, roimh na toghcháin Eorpacha, ceapann na páirtithe polaitiúla Eorpacha príomhiarrthóirí do ról Uachtarán an Choimisiúin. Cé go bhfuarthas réidh leis ar deireadh in 2019, meastar go bhfuil an próiseas tábhachtach do thrédhearcacht agus do dhlisteanacht pholaitiúil institiúidí AE. (1.3.3).

B. Tairiscint cáinte

Tá foráil ann do thairiscint cáinte (a dtugtar vóta mímhuiníne air freisin) i leith an Choimisiúin ó tháinig Conradh na Róimhe i bhfeidhm. Sa lá atá inniu ann, áirítear forálacha ginearálta maidir le ceart na Parlaiminte vótáil i dtaca le tairiscint cáinte i leith an Choimisiúin in Airteagal 17(8) CAE agus in Airteagal 234 CFAE. Le tairiscint den sórt sin, tá gá le tromlach de dhá thrian de na vótaí a chaitear ina leith agus an tromlach sin a bheith in ionannas le tromlach de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint. Má éiríonn le vóta maidir le tairiscint cáinte an toradh a bhíonn leis ná éirí as an Choimisiúin mar chomhlacht, lena n-áirítear Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i ndáil lena ndualgais arna ndéanamh sa Choimisiún. Go dtí seo, rinne an Pharlaimint iarracht roinnt uaireanta forálacha ábhartha an Chonartha agus na cinn a bhí ann roimhe sin a úsáid, gan toradh, chun fáil réidh le Coláiste Coimisiúin.

C. Ceisteanna Parlaiminteacha

Is féidir le Feisire ar bith ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn a thíolacadh d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí, don Chomhairle, don Choimisiún agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. I gcomhréir le hAirteagal 230 de CFAE, ní mór don Choimisiún freagra ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar cheisteanna a fhaigheann sé ón bParlaimint nó óna Feisirí, agus ní mór don Pharlaimint éisteacht a thabhairt don Chomhairle Eorpach agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Eorpaí agus cinn na Comhairle.

Dá bhrí sin, déantar ceisteanna parlaiminteacha i bhfoirm ceisteanna i scríbhinn nó ó bhéal maille le nó gan díospóireacht agus ceisteanna do Thráth na gCeisteanna.

D. Coistí fiosrúcháin

De réir Airteagal 226 de CFAE, tá sé de chumhacht ag an bParlaimint coiste fiosrúcháin sealadach a chur ar bun chun iniúchadh a dhéanamh ar líomhaintí maidir le sárú nó le drochriarachán i gcur chun feidhme dhlí AE. Leis an airteagal céanna, foráiltear gurb í an Pharlaimint féin a chinnfidh na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán ar a tionscnamh féin tar éis di toiliú a fháil ón gComhairle agus ón gCoimisiún. Go dtí go nglacfar a leithéid de rialachán, feidhmítear an ceart chun fiosrúcháin i gcomhréir le comhaontú idirinstitiúideach ó 1995 a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte mar iarscríbhinn. Tá sé curtha in iúl ag an bParlaimint go minic go bhfuil gá feabhas a chur ar an gcumarsáid agus ar an gcomhar idir na trí institiúid chun gur féidir léi a sainordú bunaithe ar Airteagal 226 de CFAE a chomhlíonadh. In 2014, ghlac an Pharlaimint seasamh i ndáil le togra le haghaidh rialachán maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa. Tá an chaibidlíocht idir na trí institiúid maidir leis an togra seasta i sáinn, áfach. Dá bhrí sin, in Aibreán 2019, ghlac an Pharlaimint rún inar léirigh sí a heasaontas láidir le meon na Comhairle agus an Choimisiúin, atá, tar éis níos mó na ceithre bliana de chruinnithe neamhfhoirmiúla, fós ag cur bac ar chruinniú foirmiúil chun réitigh fhéideartha ar na fadhbanna atá sainaitheanta a phlé. Sa rún uaithi, measann an Pharlaimint go bhfuil teipthe ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún prionsabal an chomhair idirinstitiúidigh a chomhlíonadh agus tugann sí cuireadh dóibh tús in athuair a chur leis an gcaibidlíocht leis an bParlaimint nuathofa.

E. Grinnscrúdú ar an gcomhbheartas eachtrach agus slándála

Tá an Pharlaimint i dteideal go gcoinneofaí ar an eolas í sa réimse sin agus féadfaidh sí ceisteanna nó moltaí a dhíriú chuig an gComhairle. Caithfear dul i gcomhairle léi maidir leis na príomhghnéithe agus na roghanna bunúsacha a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) (Airteagal 36 CAE). Le cur chun feidhme an chomhaontaithe idirinstitiúidigh maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fhónta airgeadais, tá feabhas tagtha freisin ar nósanna imeachta comhairliúcháin CBES a mhéid a bhaineann le gnéithe airgeadais. Cuireadh le tionchar na Parlaiminte trí chruthú ról Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, mar go mbíonn an tArdionadaí mar Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún freisin.

Achomhairc arna dtarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Tá sé de cheart ag an bParlaimint imeachtaí a thionscnamh os comhair Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) i gcásanna ina sáraíonn institiúid eile an Conradh.

Tá sé de cheart aici idirghabháil a dhéanamh, i.e. tacaíocht a thabhairt do cheann de pháirtithe na n-imeachtaí, i gcásanna os comhair CBAE. I gcás cinniúnach, d’fheidhmigh sí an ceart seo sa bhreithiúnas maidir le hIseaglúcóis (Cásanna 138 agus 139/79 an 29 Deireadh Fómhair 1980), áit ar dhearbhaigh CBAE go raibh rialachán ón gComhairle neamhbhailí mar gur sháraigh an Chomhairle a hoibleagáid dul i mbun comhairliúcháin leis an bParlaimint. I gcaingean a bhaineann le mainneachtain gníomhú (Airteagal 265 de CFAE), féadfaidh an Pharlaimint imeachtaí a thionscnamh i gcoinne institiúide os comhair CBAE maidir le sárú ar an gConradh, mar a tharla i gCás 13/83, inar rialaigh CBAE i gcoinne na Comhairle maidir le mainneachtain bearta a dhéanamh i leith an chomhbheartais iompair.

Le Conradh Amstardam, fuair an Pharlaimint an chumhacht caingean a thionscnamh chun gníomh ó institiúid eile a chur ar neamhní, ach chun críche a sainchearta féin a chosaint amháin. Ó tháinig Conradh Nice i bhfeidhm, ní gá don Pharlaimint a léiriú a thuilleadh go bhfuil leas ar leith aici san ábhar, agus dá réir is féidir léi anois imeachtaí a thionscnamh ar an mbealach céanna leis an gComhairle, leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit. Féadfaidh an Pharlaimint bheith ina páirtí cosanta i gcaingean i gcoinne gnímh arna ghlacadh faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta nó nuair atá sé i gceist go mbeadh éifeachtaí dlí ag ceann dá ghníomhartha i dtaca le tríú páirtithe. Dá réir sin, dearbhaíonn Airteagal 263 CFAE rialuithe CBAE i gCásanna 320/81, 294/83 agus 70/88.

Ar deireadh, is féidir leis an bParlaimint tuairim a lorg roimh ré ó CBAE maidir le comhoiriúnacht comhaontú idirnáisiúnta don Chonradh (Airteagal 218 de CFAE).

Achainíocha (4.1.4)

Nuair a fheidhmíonn saoránaigh AE a gceart achainí, seolann siad a n-achainí chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (Airteagal 227 de CFAE).

Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (4.1.5)

Eagraíonn an Pharlaimint, faoi choimirce an Choiste um Achainíocha, éisteacht le daoine a thacaíonn le haon Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chláraítear go rathúil. An 17 Aibreán 2019, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle go foirmiúil Rialachán (AE) 2019/788 maidir le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020.

Ceapadh an Ombudsman

Foráiltear i gConradh Liospóin go dtoghann an Pharlaimint an tOmbudsman Eorpach (Airteagal 228 de CFAE) (1.3.16).

 

Eeva Pavy