Rugadh Jean-Claude Juncker i Lucsamburg sa bhliain 1954. Bhain sé céim sa dlí amach ag Ollscoil Strasbourg agus ceapadh é ina leas-aire saothair ina thír dhúchais nuair nach raibh sé ach 28 bliain d'aois. Bhí sé ina aire airgeadais ar feadh deich mbliana agus bhí sé ina phríomh-aire ar Lucsamburg ó 1995 go dtí 2013. Bhí sé ina uachtarán ar an nGrúpa Euro ó 2005 go 2013 chomh maith. Ainmníodh Jean-Claude Juncker mar iarrthóir Pháirtí an Phobail Eorpaigh d'uachtaránacht an Choimisiúin le linn comhdhála a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath an 7 Márta. Bhain an PPE an líon is mó suíochán amach sna toghcháin Eorpacha; mar sin d'ainmnigh ceannairí na Comhairle Eorpaí Juncker do phost an uachtaráin. Toghadh Juncker ina uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach an 15 Iúil tar éis dó tacaíocht a fháil ó 422 fheisire Eorpach.
With 422 votes in favour, the European Parliament elected Jean-Claude Juncker in a secret ballot on 15 July as President of the new European Commission to take office on 1 November 2014 for a five year term. The minimum number of votes required was 376. (Ábhar léitheoireachta: Parliament elects Jean-Claude Juncker as Commission President )