An Teanga Ghaeilge

Tír gan teanga, tír gan anam - Pádraig mac Piarais

Baineann an Ghaeilge leis an mbrainse Gaelach de na teangacha Ceilteacha. Is teanga oifigiúil i bPoblach na hEireann í.

Teanga an-ársa í : is in Éirinn atá an fhianaise is luaithe ar Ghaeilge ar fáil, nó i ndúichí sa Bhreatain arb eol imirceoirí ó Eirinn a lonnú iontu. Is le déanaí a dhein teangacha scoite, .i. Nua-Ghaeilge, Gaeilge na hAlban, agus Manainnis, den tsanfhoirl seo na hÉireann den Cheiltis. Bhí an teanga á úsáid thar lear freisin, mar shampla in leabharlann Cambrai, i dtúisceart na Fraince, tá lámhscríbhinn as Gaeilge do théics ón seachtú aois.

Tháinig meath ar úsáid na Gaeilge i rith na gcéadta. An chúis a bhí le seo ná leathnú tionchar an Bhéarla ar fud na tíre de réir a chéile. Ó dheireadh an ochtú céad déag ar aghaidh, is iomaí slad a dhein gorta, aicíd, and imirce ar Gaeilgeoirí ; ba bheag nár díothaíodh go hiomlán iad le linn an Ghorta Mhóir (1846-49) agus ar lean é.

Is sa Ghaeltacht (ceantair cuíosach imeallach), nó i mogaill chathartha, atá an formhór de na daoine a mbíonn an Ghaeilge go laethúil acu chun cónaithe. Daonra an Stáit a thógáil le chéile, is í an fhianaise ó shuirbhéanna difriúla sóisialta go bhfuil lánchumas gníomhach i nGaeilge ag tuairim is 5% den phobal (pobal na Gaeltachta san áireamh ar ndóigh), go bhfuil cumas maith Gaeilge ag 10% de bhreis orthu sin a bhaineann úsáid rialta aisti, agus ar scála íslitheach go cumas fulaingeach go bhfuil Gaeilge áirithe ag 20% go 30% eile.

Clíodhna ní Dhíomasaigh