Feisirí Pharlaimint na hEorpa

Tá Parlaimint na hEorpa comhdhéanta de 705 Fheisire arna dtoghadh sna 27 mBallstát den Aontas Eorpach méadaithe. Ó 1979, tá na Feisirí á dtoghadh trí vótaíocht chomhchoiteann dhíreach go ceann tréimhse cúig bliana.

Aimsigh na Feisirí de réir Tíre

An Spáinn (na hOileáin Chanáracha)
An Fhrainc (na ranna agus na críocha thar lear)
An Phortaingéil (Maidéara, na hAsóir)
image/svg+xml Éire Málta an Bheilg Lucsamburg an Phortaingéil an tSualainn an Chróit an Bhulgáir an Chipir an Ostair an tSeicia an Danmhairg an Ungáir an Pholainn an tSlóvaic an tSlóivéin an Ghearmáin an Eastóin an Fhionlainn an Laitvia an Liotuáin an Rómáin an Ísiltír an Iodáil an Ghréig an Fhrainc an Spáinn

Cuardaigh d'Fheisire

705 Members

Taispeáin an liosta

Maidir leis na feisirí

Cinneann gach tír di féin conas a reáchtáiltear an toghchán inti, ach caithfidh sí a an comhionannas inscne a ráthú chomh maith le ballóid rúnda. Is le hionadaíocht chionmhar a vótáiltear i dtoghcháin AE. Tá an aois vótála socraithe ag 16 bliana d’aois san Ostair, sa Bheilg, sa Ghearmáin agus i Málta, 17 mbliana d’aois sa Ghréig, agus 18 mbliana d’aois sna Ballstáit eile. Déantar suíocháin a leithdháileadh bunaithe ar an daonra atá i ngach Ballstát ar leith. Is mná iad níos mó ná aon trian de na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Eagraíonn na Feisirí iad féin i ngrúpaí de réir cleamhnachta polaitiúla, seachas de réir náisiúntachta. Roinneann na Feisirí a gcuid ama ar shlí go mbíonn siad seal ina dtoghlaigh, seal in Strasbourg - mar a dtionóltar 12 shuí iomlánach in aghaidh na bliana - agus seal sa Bhruiséil, mar a mbíonn siad ag freastal ar shuíonna iomlánacha breise, agus freisin ar chruinnithe coiste agus ar chruinnithe den ghrúpa polaitiúil lena mbaineann siad. Tá na téamaí agus coinníollacha do na Feisirí leagtha amach i Reacht 2009.