• Tar éis reifreann na seachtaine seo caite sa Ríocht Aontaithe, tiocfaidh feisirí na Parlaiminte le chéile sa Bhruiséil an 28 Meitheamh d'fhonn tionchar an vóta a phlé le hUachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker agus le hionadaí uachtaránacht na hÍsiltíre ar an gComhairle. Cuirfear tús leis an seisiún iomlánach neamhghnách ag 10.00 (Am Lár na hEorpa) agus cuirfear rún neamhreachtach chun vóta ag meánlae. Cuirfidh an rún seo le cruinniú cheannairí na 27 mballstát a thionólfar an 29 Meitheamh.