Na suíocháin sa Seomra Tionóil 

Is í Comhdháil na nUachtarán (ceannairí na ngrúpaí polaitiúla agus Uachtarán na Parlaiminte) a chinneann, ag tús gach téarma reachtaigh, an chaoi a ndéantar na suíocháin sa Seomra Tionóil a leithdháileadh ar ghrúpaí polaitiúla, ar Fheisirí neamhcheangailte agus ar ionadaithe institiúidí AE.

Le cúpla téarma anuas, tá grúpaí polaitiúla á gcur le chéile ar nós dingeacha i bpíchairt, agus ceannairí na ngrúpaí ar fad sa chéad sraith.