Conas a dhéantar Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh?  

Ó eagraíodh na chéad toghcháin dhíreacha i 1979, bíonn toghcháin Eorpacha ar siúl gach cúig bliana. In 2019, reáchtáladh na toghcháin ón 23-26 Bealtaine.

Toghann gach Ballstát líon socraithe Feisirí de Pharlaimint na hEorpa; ó sheisear ag ballstáit bheaga amhail Málta, Lucsamburg agus an Chipir go 96 ag an nGearmáin, an líon is mó. Tá an Pharlaiming comhdhéanta de 705 Fheisire a dhéanann ionadaíocht ar gach Ballstát AE. Toghadh 751 Feisire i mí na Bealtaine 2019, ach laghdaíodh an líon sin go 705 tar éis athruithe iar-Bhreatimeachta i Feabhra 2020. Fágann an laghdú sin gur féidir cur leis an líon má dhéantar an tAontas a mhéadú amach anseo, agus déanfar an chuid eile de na suíocháin a d’fhág an Ríocht Aontaithe folamh a athdháileadh ar thíortha a bhí faoi ghannionadaíocht go pointe roimhe seo.


leithdháileadh na suíochán leagtha síos i gconarthaí AE. Tá líon níos mó suíochán ag tíortha móra ná mar atá ag tíortha beaga, ach mar gheall ar phrionsabal na “comhréireachta céimlaghdaithí” tá níos mó suíochán ag na tíortha beaga per capita ná atá ag tíortha atá níos mó.


Tá toghcháin Pharlaimint na hEorpa rialaithe d’fhormhór ag dlíthe agus traidisiúin náisiúnta toghcháin, ach tá rialacha comhchoiteanna AE ann freisin, atá leagtha síos in Acht Toghcháin 1976.

An 23 go dtí an 26  ; Bealtaine 2019, reáchtálfar na chéad toghcháin eile

Roinn an t-athlua seo: