Ilteangachas ar líne: ‘Níl an saol digiteach scartha ón bhfíorshaol a thuilleadh’ 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Jill Evans (Plaid Cymru, an Bhreatain Bheag) 

Conas is féidir linn a chinntiú nach bhfágtar cainteoirí mionteangacha ar deireadh sa ré dhigiteach? Tá roinnt moltaí ag feisirí Pharlaimint na hEorpa.

Tá 24 theanga oifigiúla ann ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ach tá breis agus 60 teanga dhúchasach réigiúnach nó mhionlaigh san Aontas freisin, teangacha atá ag thart ar 40 milliún duine. Ina measc tá an Bhascais, an Bhreatnais, an Chatalóinis, an Fhreaslainnis, an Ghiúdais agus an tSáimis. Ach an úsáidtear na teangacha seo ar líne?

 

Thug feisirí an choiste um chultúr a gceadú le tuarascáil maidir le comhionannas teanga sa ré dhigiteach an 19 Meitheamh 2018. I vóta iomlánach an 11 Meán Fómhair, thug feisirí na Parlaiminte ar fad a gceadú le tuarascáil an fheisire Bhreatnaigh Jill Evans. Caith súil ar an agallamh thíos leis an bhfeisire de chuid Plaid Cymru.

 

Cén fáth go bhfuil ceist an chomhionannais teanga ar líne chomh tábhachtach agus muid ar fad ag déanamh cumarsáide sna teangacha céanna, an Béarla cuir i gcás?

 

Níl an saol digiteach scartha ón bhfíorshaol a thuilleadh. Iarraimid ar Siri le haghaidh treoracha nó ar Alexa chun amhrán a chasadh. Ní bhíonn cainteoirí mionteangacha nó cainteoirí teangacha nach n-úsáidtear a oiread sin in ann rochtain a fháil ar na seirbhísí sin ina dteangacha féin. De ghnáth bíonn orthu teanga níos mó a roghnú agus iad ar líne. Ar ndóigh, tá go leor teicneolaíochtaí ar fáil i ndornán beag teangacha ceannasacha amháin. Agus ag méadú ar thábhacht na teicneolaíochta sa saol, tá an-imní ar dhaoine go bhféadfadh sé seo dlús a chur le hiompuithe teanga sa saol réadúil.

Ní uirlis chumarsáide amháin iad teangacha. Tá siad fite fuaite le cultúr agus le féiniúlacht. Tá breis agus 80 teanga á labhairt san Aontas Eorpach. Sa Bhreatain Bheag, cosúil le han-chuid tíortha, bhí ar dhaoine bheith ag feachtasaíocht ar son comhionannais teanga, go mór mór i gcás mionteangacha, chun go mbeadh siad in ann úsáid a bhaint as a dteanga féin i ngach gné dá saol.

Conas is féidir linn méadú a dhéanamh ar thábhacht an ilteangachais sa timpeallacht dhigiteach? An bhfuil gá le hinfheistíocht?

Tá infheistíochtaí ollmhóra á ndéanamh i dteicneolaíochtaí teanga sna Stáit Aontaithe agus san Áise, agus tá an Eoraip ag titim ar deiridh. I mo thuarascáil, iarraim ar an gCoimisiún Eorpach clár maoinithe fadtéarmach, comhordaithe a bhunú ar scála mór. Moladh eile atá ann ná gur chóir do na ballstáit cláir litearthachta digiteacha a fhorbairt i mionteangacha agus traenáil i dteicneolaíocht agus in uirlisí teanga a thabhairt isteach i gcuraclaim scoile. Spreagfadh sé sin daoine lena gcuid teangacha a úsáid ar líne a oiread agus is féidir ó aois óg. Chinnteodh sé eolas freisin ar theicneolaíochtaí teanga amhail aistriúchán uathoibríoch, téacs go teanga, agus aithint cainte.

An cheist í seo a bhíonn tionchar aige ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh?

Sa ré dhigiteach, is mór an dúshlán iad constaicí teanga. Sa bhliain 2015, mar shampla, níor cheannaigh ach 16% de mhuintir na hEorpa earraí ar líne ó thíortha eile an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfadh teicneolaíochtaí teanga é seo a réiteach agus an caidreamh idir daoine a fheabhsú agus trádáil trasteorann a chothú. A mhéid a bhaineann le próisis chasta riaracháin, is féidir le teicneolaíochtaí teanga cumas na ndaoine a bheith go hiomlán rannpháirteach ina dtíortha cónaithe a fheabhsú go mór.

Tá cainteoirí mionteangacha - Breatnais nó Bascais cuir i gcás - faoi mhíbhuntáiste digiteach, ach tá cúrsaí mar an gcéanna i gcás roinnt teangacha oifigiúla AE ar nós na Gaeilge, na hEastóinise, na Seicise agus na Danmhairgise. Bhainfeadh teangacha na hEorpa leas ollmhór as infheistíocht i dteicneolaíochtaí, uirlisí agus acmhainní teanga.