Éisteachtaí an lae inniu: Jyrki Katainen, Frans Timmermans agus Jonathan Hill 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Cuireadh tús leis na héisteachtaí parlaiminteacha an 29 Meán Fómhair. Cuirfear ceisteanna ar Jyrki Katainen, Frans Timmermans agus Jonathan Hill inniu 

Cuireadh tús le héisteachtaí na gcoimisinéirí an 29 Meán Fómhair. Inniu beidh deis ag feisirí Eorpacha saineolas agus cumas na leas-uachtarán Jyrki Katainen agus Frans Timmermans a scrúdú sa Pharlaimint. Beidh ar Katainen teacht os comhair na gcoistí parlaiminteacha cuí de réir na réimsí freagrachta a bheidh aige. Cuirfear ceisteanna ar Timmermans ag cruinniú oscailte de Chomhdháil na nUachtarán, agus tionólfar éisteacht bhreise d'iarrthóir na Ríochta Aontaithe Jonathan Hill chomh maith.

Sula gcuirfidh foireann Jean-Claude-Juncker tús lena tréimhse oifige ní mór d'fheisirí mionscrúdú a dhéanamh ar na coimisinéirí ainmnithe. Tá ceapadh na gcoimisinéirí ar fad faoi réir fhormheas na Parlaiminte agus beidh ar na hiarrthóirí ar fad teacht os comhair na gcoistí parlaiminteacha cuí de réir na réimsí freagrachta a bheidh acu.


Cuireadh tús leis na héisteachtaí an 29 Meán Fómhair. Chun súil siar as Béarla a fháil ar na héisteachtaí a bhí ar siúl roimhe seo cliceáil anseo. Bhí éisteachtaí Alenka Bratušek, Valdis Dombrovskis, Andrus Ansip agus Federica Mogherini ar siúl inné an 6 Deireadh Fómhair.


Éisteachtaí ar an 7 Deireadh Fómhair


Is é Jyrki Katainen ón bhFionlainn an leas-uachtarán le freagracht as fostaíocht, fás, infheistíocht agus iomaíochas. Cuireadh tús lena éisteacht inniu ag 10.00 (Am Lár na hEorpa).Tá feisirí ó na coistí seo a leanas ag cur ceisteanna air: Gnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta; Fostaíocht agus Gnóthaí Sóisialta; Tionsclaíocht, Taighde agus Fuinneamh; Iompar agus Tuarasóireacht; agus Forbairt Réigiúnach. Is féidir an ceistiúchán a leanúint anseo.


Ainmníodh Frans Timmermans ón Ísiltír mar an leas-uachtarán le freagracht as rialáil níos fearr, caidreamh idirinstitiúideach, forlámhas an dlí agus an Chairt um Chearta Bunúsacha. Is í Comhdháil na nUachtarán a chuirfidh ceisteanna air. Tá an Chomhdháil comhdhéanta d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus de chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla ach beidh cruinniú an lae inniu oscailte do na feisirí ar fad. Cuirfear tús leis an éisteacht ag 14.30 inniu. Beo anseo.


Bhí éisteacht Jonathan Hill, ón Ríocht Aontaithe, ar siúl an tseachtain seo caite. D'ainmnigh Jean-Claude Juncker é mar an coimisinéir le freagracht as cobhsaíocht airgeadais, seirbhísí airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil. Tionólfar éisteacht bhreise de chuid an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta ag 13.00 inniu. Beidh beochraoladh ar fáil anseo.


Bain úsáid as an haischlib #EPhearings2014 chun na tvuíteanna is déanaí faoi na héisteachtaí a fháil. Is féidir leat súil a choinneáil ar chúrsaí lenár Lárionad Tvuíteála chomh maith - ar fáil anseo. Is féidir tvuíteanna ó choistí na Parlaiminte a fháil anseo. Chun teacht ar bharúlacha na ngrúpaí polaitiúla cliceáil ar na nascanna ar dheis.


Beidh súil siar ar na héisteachtaí ar fáil as Béarla ar ár leathanach Storify anseo. Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na hiarrthóirí agus faoin bpróiseas i gcoitinne caith súil ar an suíomh seo.