Ar chlár oibre na Parlaiminte an tseachtain seo: Brexit, buiséad an Aontais, cáin chorparáide 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Ar chlár oibre na bhfeisirí ag seisiún iomlánach an Mhárta i Strasbourg: buiséad fadtéarmach an Aontais, caidreamh AE leis an Ríocht Aontaithe amach anseo, agus díospóid trádála le Meiriceá.

Agus seisiún iomlánach ar siúl in Strasbourg an 12-15 Márta, déanfar plé ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh le hAntónio Costa, Príomh-Aire na Portaingéile. Is é an tUasal Costa an tríú ceannaire Eorpach a thiocfaidh os comhair na bhfeisirí mar chuid de shraith díospóireachtaí sa Pharlaimint faoi thodhchaí an Aontais. Tionóladh díospóireacht iomlánach leis an Taoiseach Leo Varadkar an 17 Eanáir.

 

Déanfar plé sa Pharlaimint an 13 Márta ar thodhchaí an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Cuirfear rún ar an ábhar chun vóta an lá dár gcionn.

 

Chomh maith leis an mbuiséad bliantúil, tá buiséad fadtéarmach ag an Aontas Eorpach freisin, ar feadh tréimhse seacht mbliana go hiondúil. Glaoitear an Creat Airgeadais Ilbhliantúil air. Cuirfear rún chun vóta an 14 Márta maidir le seasamh na Parlaiminte ar an mbuiséad don tréimhse tar éis 2020. Tá feisirí ag iarraidh tuilleadh airgid a chur ar fáil don taighde, agus chun tacú leis an aos óg agus le gnólachtaí beaga. Is ionann buiséad an Aontais Eorpaigh agus tuairim is 1% den saibhreas a chruthaíonn geilleagair na mballstát in aghaidh na bliana.

 

Cuirfear moladh chun vóta an 15 Márta i dtaca le leasú ó bhonn a dhéanamh ar chóras cánach corparáide an Aontais. Tá feisirí ag iarraidh a chinntiú nach mbíonn buntáiste éagórach ag cuideachtaí ilnáisiúnta, agus de réir na moltaí, bheadh orthu a gcuid cánacha a íoc san áit a ndearnadh a mbrabús.

Beidh an seisiún iomlánach ar siúl in Strasbourg an 12-15 Márta 2018 

Tar éis fhógra an Uachtaráin Donald Trump le déanaí faoi “chogaí trádála”, déanfar plé sa Pharlaimint an 14 Márta ar chinneadh na Stát Aontaithe taraifí a ghearradh ar iompórtálacha cruach agus alúmanaim agus ar na hiarmhairtí a bheadh aige seo do shaoránaigh agus do ghnólachtaí na hEorpa. Beidh an Coimisinéir Cecilia Malmström i láthair ag an díospóireacht.

 

Pléifear sábháilteacht iriseoirí sa tSlóvaic agus ar fud an Aontais Eorpaigh i ndíospóireacht iomlánach eile an 14 Márta. Tionólfar an díospóireacht i bhfianaise dhúnmharú an iriseora iniúchta Ján Kuciak in iardheisceart na Slóvaice an mhí seo caite.  

 

Pléifear an choimhlint sa tSiria agus a bhfuil á bhfulaingt ag na Siriaigh le linn díospóireachta an 13 Márta. Pléifear go mór mór an staid in oirthear Ghouta. Cuirfear rún ar an ábhar chun vóta an 15 Márta agus meastar go n-éileoidh feisirí Eorpacha ar rialtas Bashar al-Assad agus ar a chomhghuaillithe deireadh a chur leis an gcogaíocht agus cabhair dhaonnúil a ligean isteach.