#IamEurope: glac páirt inár gcomórtas grianghrafadóireachta!
Beidh Lá Oscailte ar siúl sa Pharlaimint sa Bhruiséil an 4 Bealtaine. Fonn ort a bheith i láthair? Cuir isteach ar ár gcomórtas grianghrafadóireachta ar Instagram!
An 23-26 Bealtaine 2019 beidh na chéad toghcháin Eorpacha eile ar siúl ina dtabharfar an deis do gach Eorpach a roghnú cé a dhéanfaidh ionadaíocht orthu sa Pharlaimint. Ba iad na toghcháin Eorpacha dheireanacha na toghcháin thrasnáisiúnta ba mhó riamh a reáchtáladh ag an am céanna. An uair seo tá níos mó fós i ngeall leo. Nuair a chaithfidh tú do vóta, cabhróidh tú chun todhchaí na mór-roinne seo againn a mhúnlú.
Cúpla seachtain roimh na toghcháin, osclóidh an Pharlaimint sa Bhruiséil a doirse don phobal at 4 Bealtaine. Is deis ar leith atá sa Lá Oscailte do chách eolas a chur ar an gcaoi a bhfeidhmíonn Parlaimint na hEorpa, ar na tosaíochtaí atá aici agus ar thionchar obair na bhfeisirí ar shaol na ndaoine san Eoraip. Glac páirt inár gcomórtas grianghrafadóireachta ar Instagram agus d’fhéadfá turas go dtí an Bhruiséil a bhuachan!
Na rialacha
- Roinn grianghraf duitse nó de dhuine de do chairde nó de do theaghlach linn ar Instagram.
- Inis dúinn an scéal a bhaineann leis an ngrianghraf, agus bain úsáid as an haischlib #IamEurope. Agus déan @europeanparliament a chlibeáil sa ghrianghraf!
- Cláraigh ar an suíomh gréasáin An Uair Seo Beidh Mé Ag Vótáil.
- Chun an comórtas a bhuachan, ba chóir go mbeadh cónaí ort i mballstát AE (an Ríocht Aontaithe san áireamh) agus caithfear a bheith os cionn 18 mbliana d’aois.
- Ba chóir go mbeadh cóipcheart iomlán agat ar an ngrianghraf freisin, agus caithfidh do chuntas Instagram a bheith oscailte.
- Bheadh ort a bheith in ann taisteal go dtí an Bhruiséil an 4 Bealtaine.
- Glacfar le grianghraif go dtí 12.00 CET an 1 Aibreán 2019.
An duais
Roghnóidh muid cúigear buaiteoirí. Le linn an chomórtais, athphostálfar cuid de na grianghraif is fearr ar chuntas Instagram na Parlaiminte, agus tabharfar cuireadh freisin don duine a fuair an líon is mó ❤ freastal ar an Lá Oscailte. Taispeánfar grianghraf na mbuaiteoirí sa Pharlaimint sa Bhruiséil.
Chun inspioráid a fháil, caith súil ar an ngrianghraf thuas de chuid an grianghrafadóra Rómánaigh Mihaela Noroc nó ar na grianghraif thíos.
Tuilleadh faisnéise
- (oscail i gclib nua) #IamEurope ar Instagram