Díospóireacht uachtaránachta: príomhiarrthóir Pháirtí an Phobail Eorpaigh Manfred Weber 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Manfred Weber  

Agus na toghcháin Eorpacha ag druidim linn, glacfaidh Manfred Weber - príomhiarrthoír Pháirtí an Phobail Eorpaigh - páirt i ndíospóireacht bheo sa Pharlaimint an 15 Bealtaine.

Is é Manfred Weber ón nGearmáin príomhiarrthóir Pháirtí an Phobail Eorpaigh. Tá sé 46 bliana d’aois agus tá sé ina fheisire Eorpach ó 2004. Toghadh é ina chathaoirleach ar ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh sa Pharlaimint siar in 2014.


Na príomhiarrthóirí


Roimh na toghcháin Eorpacha, is féidir le páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach príomhiarrthóirí a ainmniú chun a bhfeachtas toghcháin ar fud an Aontais Eorpaigh a threorú agus chun bheith ina n-iarrthóirí oifigiúla d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh. Tar éis na dtoghchán, toghfar an príomhiarrthóir arna ainmniú ag an gComhairle, ar féidir leis tromlach sa Pharlaimint a fháil, ina uachtarán ar an gCoimisiúin Eorpach trí vóta Pharlaimint na hEorpa.


Baineadh úsáid as próiseas na spitzenkandidaten don chéad uair sa bhliain 2014. Nuair a d'ainmnigh ballstáit an Aontais Jean-Claude Juncker d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh, bhí torthaí thoghcháin na hEorpa á gcur i gcuntas acu - don chéad uair. Sa Ghearmáinis is éard atá i gceist le spitzenkandidaten ná príomhiarrthóirí, na daoine a chuireann páirtithe chun cinn do sheansailéireacht na Gearmáine.

Díospóireacht bheo


Leis an díospóireacht uachtaránachta an 15 Bealtaine, beidh deis ag toghthóirí an Aontais léargas a fháil ar sheasamh na bpríomhiarrthóirí maidir le réimse leathan ceisteanna. Craolfar an díospóireacht beo ó 21.00 CET ar an leathanach seo agus déanfaidh triúr láithreoirí teilifíse modhnóireacht ar na himeachtaí.


Bhí crannchur ann an 4 Aibreán chun ord na gcainteoirí a shocrú. Tá an díospóireacht á reáchtáil ag Aontas Craoltóireachta na hEorpa.


Tionólfar na toghcháin Eorpacha in Éirinn Dé hAoine, an 24 Bealtaine. Beidh na stáisiúin vótála ar oscailt ó 07.00 go 22.00.