Díospóireacht uachtaránachta: príomhiarrthóir na Liobrálaithe Margrethe Vestager 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Margrethe Vestager 

Agus na toghcháin Eorpacha ag druidim linn, glacfaidh Margrethe Vestager - príomhiarrthóir na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe - páirt i ndíospóireacht bheo an 15 Bealtaine.

Is í Margrethe Vestager ón Danmhairg príomhiarrthóir Chomhghuaillíocht na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe don Eoraip. Tá sí ina coimisinéir Eorpach um iomaíocht ón mbliain 2014, roimhe sin bhí sí ina haire rialtais agus ina teachta parlaiminte sa Danmhairg.


Na príomhiarrthóirí


Roimh na toghcháin Eorpacha, is féidir le páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach príomhiarrthóirí a ainmniú chun a bhfeachtas toghcháin ar fud an Aontais Eorpaigh a threorú agus chun bheith ina n-iarrthóirí oifigiúla d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh. Tar éis na dtoghchán, toghfar an príomhiarrthóir arna ainmniú ag an gComhairle, ar féidir leis tromlach sa Pharlaimint a fháil, ina uachtarán ar an gCoimisiúin Eorpach trí vóta Pharlaimint na hEorpa.


Baineadh úsáid as próiseas na spitzenkandidaten don chéad uair sa bhliain 2014. Nuair a d'ainmnigh ballstáit an Aontais Jean-Claude Juncker d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh, bhí torthaí thoghcháin na hEorpa á gcur i gcuntas acu - don chéad uair. Sa Ghearmáinis is éard atá i gceist le spitzenkandidaten ná príomhiarrthóirí, na daoine a chuireann páirtithe chun cinn do sheansailéireacht na Gearmáine.

Díospóireacht bheo


Leis an díospóireacht uachtaránachta an 15 Bealtaine, beidh deis ag toghthóirí an Aontais léargas a fháil ar sheasamh na bpríomhiarrthóirí maidir le réimse leathan ceisteanna. Craolfar an díospóireacht beo ó 21.00 CET ar an leathanach seo agus déanfaidh triúr láithreoirí teilifíse modhnóireacht ar na himeachtaí.


Bhí crannchur ann an 4 Aibreán chun ord na gcainteoirí a shocrú. Tá an díospóireacht á reáchtáil ag Aontas Craoltóireachta na hEorpa.


Tá roinnt páirtithe polaitiúla tar éis níos mó ná príomhiarrthóir amháin a ainmniú, ach duine de na príomhiarrthóirí a bheidh i láthair don díospóireacht. Na príomhiarrthóirí seo a leanas atá ag Comhghuaillíocht na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe don Eoraip:

  • Nicola Beer (49), teachta parlaiminte ón nGearmáin
  • Emma Bonino (71), seanadóir i bparlaimint na hIodáile agus iar-aire gnóthaí eachtracha na hIodáile
  • Violeta Bulc (55), coimisinéir Eorpach um iompar
  • Katalin Cseh (30), bunaitheoir na gluaiseachta Momentum
  • Luis Garicano (52), eacnamaí Spáinneach agus leas-uachtarán an pháirtí ALDE
  • Guy Verhofstadt (66), cathaoirleach ALDE i bParlaimint na hEorpa agus iarphríomh-aire na Beilge.

I bParlaimint na hEorpa suíonn feisirí na Comhghuaillíochta sa ghrúpa ALDE.


Tionólfar na toghcháin Eorpacha in Éirinn Dé hAoine, an 24 Bealtaine. Beidh na stáisiúin vótála ar oscailt ó 07.00 go 22.00.