Díospóireacht uachtaránachta: príomhiarrthóir na gCoimeádach Jan Zahradil 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Jan Zahradil  

Agus na toghcháin Eorpacha ag druidim linn, glacfaidh Jan Zahradil - príomhiarrthóir Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa - páirt i ndíospóireacht bheo an 15 Bealtaine.

Is é Jan Zahradil ón tSeicia príomhiarrthóir Chomhghuaillíocht Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa. Tá sé ina fheisire Eorpach ó 2004 agus tá sé 56 bliana d’aois. Toghadh é ina uachtarán ar an gComhghuaillíocht sa bhliain 2009. Bhí sé ina theachta parlaiminte sa tSeicia ó 1998 go 2004.


Na príomhiarrthóirí


Roimh na toghcháin Eorpacha, is féidir le páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach príomhiarrthóirí a ainmniú chun a bhfeachtas toghcháin ar fud an Aontais Eorpaigh a threorú agus chun bheith ina n-iarrthóirí oifigiúla d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh. Tar éis na dtoghchán, toghfar an príomhiarrthóir arna ainmniú ag an gComhairle, ar féidir leis tromlach sa Pharlaimint a fháil, ina uachtarán ar an gCoimisiúin Eorpach trí vóta Pharlaimint na hEorpa.


Baineadh úsáid as próiseas na spitzenkandidaten don chéad uair sa bhliain 2014. Nuair a d'ainmnigh ballstáit an Aontais Jean-Claude Juncker d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh, bhí torthaí thoghcháin na hEorpa á gcur i gcuntas acu - don chéad uair. Sa Ghearmáinis is éard atá i gceist le spitzenkandidaten ná príomhiarrthóirí, na daoine a chuireann páirtithe chun cinn do sheansailéireacht na Gearmáine.

Díospóireacht bheo


Leis an díospóireacht uachtaránachta an 15 Bealtaine, beidh deis ag toghthóirí an Aontais léargas a fháil ar sheasamh na bpríomhiarrthóirí maidir le réimse leathan ceisteanna. Craolfar an díospóireacht beo ó 21.00 CET ar an leathanach seo agus déanfaidh triúr láithreoirí teilifíse modhnóireacht ar na himeachtaí.


Bhí crannchur ann an 4 Aibreán chun ord na gcainteoirí a shocrú. Tá an díospóireacht á reáchtáil ag Aontas Craoltóireachta na hEorpa.


I bParlaimint na hEorpa suíonn feisirí na Comhghuaillíochta sa Ghrúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa.


Tionólfar na toghcháin Eorpacha in Éirinn Dé hAoine, an 24 Bealtaine. Beidh na stáisiúin vótála ar oscailt ó 07.00 go 22.00.