Díospóireacht uachtaránachta: príomhiarrthóir na Clé Eorpaí Nico Cué 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Nico Cué 

Agus na toghcháin Eorpacha ag druidim linn, glacfaidh Nico Cué - príomhiarrthóir na Clé Eorpaí - páirt i ndíospóireacht bheo i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil an 15 Bealtaine.

Is é an Spáinneach Nico Cué príomhiarrthóir na Clé Eorpaí. Tá sé 62 bhliain d’aois. Thosaigh sé ag obair mar oibrí cruach agus é scór bliain d’aois, agus ó 2006 go 2019 bhí sé ina ardrúnaí sa cheardchumann Beilgeach FGBT.


Na príomhiarrthóirí


Roimh na toghcháin Eorpacha, is féidir le páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach príomhiarrthóirí a ainmniú chun a bhfeachtas toghcháin ar fud an Aontais Eorpaigh a threorú agus chun bheith ina n-iarrthóirí oifigiúla d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh. Tar éis na dtoghchán, toghfar an príomhiarrthóir arna ainmniú ag an gComhairle, ar féidir leis tromlach sa Pharlaimint a fháil, ina uachtarán ar an gCoimisiúin Eorpach trí vóta Pharlaimint na hEorpa.


Baineadh úsáid as próiseas na spitzenkandidaten don chéad uair sa bhliain 2014. Nuair a d'ainmnigh ballstáit an Aontais Jean-Claude Juncker d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh, bhí torthaí thoghcháin na hEorpa á gcur i gcuntas acu - don chéad uair. Sa Ghearmáinis is éard atá i gceist le spitzenkandidaten ná príomhiarrthóirí, na daoine a chuireann páirtithe chun cinn do sheansailéireacht na Gearmáine.

Díospóireacht bheo


Leis an díospóireacht uachtaránachta an 15 Bealtaine, beidh deis ag toghthóirí an Aontais léargas a fháil ar sheasamh na bpríomhiarrthóirí maidir le réimse leathan ceisteanna. Cuirfear tús leis an díospóireacht ag 21.00 CET agus déanfaidh triúr láithreoirí teilifíse modhnóireacht ar na himeachtaí.


Bhí crannchur ann an 4 Aibreán chun ord na gcainteoirí a shocrú. Tá an díospóireacht á reáchtáil ag Aontas Craoltóireachta na hEorpa.


Tá roinnt páirtithe polaitiúla tar éis níos mó ná príomhiarrthóir amháin a ainmniú, ach duine de na príomhiarrthóirí a bheidh i láthair don díospóireacht. Beirt iarrthóirí atá ag an gClé Eorpach: Nico Cué agus Violeta Tomič, teachta parlaiminte ón tSlóivéin.


I bParlaimint na hEorpa suíonn feisirí na Clé Eorpaí sa Ghrúpa Cónasctha den Chlé Aontaithe Eorpach - den Chlé Ghlas Nordach.


Tionólfar na toghcháin Eorpacha in Éirinn Dé hAoine, an 24 Bealtaine. Beidh na stáisiúin vótála ar oscailt ó 07.00 go 22.00.