Toghcháin Eorpacha 2019: an ráta vótála is airde le scór bliain anuas
Agus deireadh tagtha le toghcháin 2019 bhí roinnt nithe fós le socrú: cuireadh na grúpaí polaitiúla ar bun agus toghadh uachtarán nua na Parlaiminte in Strasbourg an 2-4 Iúil.
Tháinig níos mó ná 50% de thoghthóirí incháilithe an Aontais amach le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha an 23-26 Bealtaine, an ráta vótála is airde le 20 bliain anuas agus an chéad mhéadú ar an ráta vótála ó bhí na chéad toghcháin ann siar in 1979.
Mhéadaigh an ráta vótála in 21 bhallstát, bhí méadú 10 pointe céatadáin ann i seacht mballstát. Tá na rátaí vótála ó thíortha uile an Aontais ar fáil anseo.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir leis na toghcháin, caith súil ar ár mblag beo.
Caith súil ar an suíomh seo, áit a bhfuil na torthaí deiridh ar fáil.
Tar éis na dtoghchán, tagann na feisirí le chéile i bhfoirm grúpaí polaitiúla. Sna grúpaí sin, bíonn feisirí ó bhallstáit éagsúla bunaithe ar a gcleamhnachtaí polaitiúla. Is féidir grúpaí a chruthú freisin ag tráth níos déanaí le linn théarma reachtach na Parlaiminte. Faoi láthair tá ocht ngrúpa polaitiúla ann i bParlaimint na hEorpa.
Chun go mbeadh stádas foirmiúil ag grúpa polaitiúil, ní mór go mbeadh ar a laghad 25 fheisire ann agus iadsan tofa in ar a laghad an ceathrú cuid de na ballstáit (i.e. seacht mballstát ar a laghad). Ní fhéadfaidh na feisirí a bheith bainteach ach le haon ghrúpa polaitiúil amháin.
Próiseas na bpríomhiarrthóirí
Roimh na toghcháin Eorpacha, is féidir le páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach príomhiarrthóirí a ainmniú chun a bhfeachtas toghcháin ar fud an Aontais Eorpaigh a threorú agus chun bheith ina n-iarrthóirí oifigiúla d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh. Tar éis na dtoghchán, toghfar an príomhiarrthóir arna ainmniú ag an gComhairle, ar féidir leis tromlach sa Pharlaimint a fháil, ina uachtarán ar an gCoimisiúin Eorpach trí vóta Pharlaimint na hEorpa.
Baineadh úsáid as próiseas na spitzenkandidaten don chéad uair sa bhliain 2014. Nuair a d'ainmnigh ballstáit an Aontais Jean-Claude Juncker d’uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh, bhí torthaí thoghcháin na hEorpa á gcur i gcuntas acu - don chéad uair. Sa Ghearmáinis is éard atá i gceist le spitzenkandidaten ná príomhiarrthóirí, na daoine a chuireann páirtithe chun cinn do sheansailéireacht na Gearmáine. I bhfianaise thorthaí na dtoghchán, déanfaidh na príomhiarrthóirí iarracht anois tromlach a bhaint amach sa Pharlaimint.