Rialuithe teorann AE agus bainistíocht imirce
Léirítear san alt seo an méid atá á dhéanamh ag feisirí na Parlaiminte chun sreafaí imirce a rialú agus teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint ar bhealach níos fearr.
Chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, tá rialuithe teorann á neartú ag an Aontas, feabhas á chur ar bhainistiú na n-imirceach nua agus filleadh imirceach neamhrialta a dhéanamh níos éifeachtúla. Tá sé ag obair freisin chun imirce dhleathach lucht saothair a neartú agus chun déileáil ar bhealach níos éifeachtúla le hiarratais ar thearmann.
Tuilleadh eolais faoi fhreagairt an Aontais ar an imirce
Cad is imirce neamhrialta ann?
Is éard is imirce neamhrialta ann ná gluaiseacht daoine ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad thar theorainneacha an Aontais gan na ceanglais dhlíthiúla maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí i gceann amháin nó níos mó de thíortha an Aontais a chomhlíonadh.
Líon na dtrasnuithe neamhdhleathacha teorann isteach san Eoraip
In 2015, tháinig méadú suntasach ar líon na dtrasnuithe neamhdhleathacha teorann isteach san Aontas. De réir sonraí ó Frontex, gníomhaireacht teorann an Aontais, bhí níos mó ná 1.8 milliún trasnú neamhdhleathach teorann ann, an líon is airde riamh. Ó shin i leith, tá laghdú suntasach tagtha ar líon na dtrasnuithe neamhdhleathacha teorann.
In 2023, tháinig thart ar 355,300 duine isteach san Aontas go neamhrialta, an líon is airde ó bhí 2016 ann.
Tuilleadh figiúirí faoin imirce in AE
Bainistiú agus slándáil theorainneacha seachtracha an Aontais a neartú
Ní mór an easpa rialuithe ag teorainneacha inmheánacha i limistéar Schengen a bheith fite fuaite le bearta cúiteacha chun na teorainneacha seachtracha a neartú. Leag na Feisirí béim ar dhéine na staide i rún a glacadh i mí Aibreáin 2016.
Seiceálacha córasacha ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus Schengen
Tugadh isteach seiceálacha córasacha ag teorainneacha seachtracha an Aontais ar gach duine a thagann isteach san Aontas — saoránaigh an Aontais ina measc — i mí Aibreáin 2017. I mí Dheireadh Fómhair 2017, thacaigh an Pharlaimint le comhchóras leictreonach chun dlús a chur le seiceálacha ag teorainneacha seachtracha limistéar Schengen agus chun gach taistealaí neamh-AE a chlárú.
ETIAS: údarú do thaistealaithe nach bhfuil díolmhaithe ó cheanglas víosa
Is clár leictreonach tarscaoilte víosaí é an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (Etias) lena gceanglófar ar thaistealaithe ó thíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa údarú taistil leictreonach a fháil sula dtaistealaíonn siad chuig an Aontas. Beidh an t-údarú bailí ar feadh trí bliana nó go dtí go rachaidh an pas in éag agus ceadóidh sé níos mó ná uair amháin dul isteach i Limistéar Schengen le haghaidh tréimhsí fanachta suas le 90 lá laistigh de thréimhse sé mhí. Táthar ag súil go seolfar é in 2024.
Imircigh a scagadh ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus laistigh díobh
I mí Feabhra 2024, d’fhormhuinigh Coiste um Shaoirsí Sibhialta na Parlaiminte comhaontú ar thángthas air leis na rialtais náisiúnta chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha maidir le scagadh daoine ag teorainneacha seachtracha AE. Tá feidhm ag na rialacha nuair a ghabhtar daoine nach gcomhlíonann coinníollacha iontrála Ballstáit agus a thrasnaíonn pointe teorann go neamhrialta, a tarrtháladh ar muir, nó a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag pointe trasnaithe teorann seachtraí.
Má aimsítear saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad san Aontas gan údarú cuí tar éis rialuithe ag teorainneacha seachtracha a sheachaint, ní mór scagthástáil a dhéanamh orthu freisin.
Áirítear ar na seiceálacha sainaithint, méarlorgaireacht, seiceálacha slándála, agus réamh-mheasúnú sláinte agus leochaileachta. Ba cheart go dtógfadh an nós imeachta um scagadh suas le seacht lá.
I gcaibidlíochtaí le rialtais AE, d’éirigh leis na Feisirí Eorpacha sásra faireacháin láidir, neamhspleách a fháil i ngach Ballstát chun cearta bunúsacha na ndaoine a bhfuil scagadh á dhéanamh orthu a chosaint.
Táthar ag súil go nglacfar an rialachán go críochnaitheach mar chuid den chomhaontú nua maidir le himirce agus tearmann faoi mhí Aibreáin 2024.
Cinntí tearmainn níos tapúla ag teorainneacha seachtracha an Aontais
I mí Feabhra 2024 freisin, tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le nós imeachta teorann nua atá le feidhmiú go díreach tar éis an scagtha dóibh siúd a iarrann tearmann ag teorainneacha seachtracha, a ghabhtar i ndáil le trasnú teorann neamhrialta, nó tar éis iad a tharrtháil ar muir. Is é an aidhm atá ann a mheas go tapa ag teorainneacha seachtracha an Aontais an bhfuil iarratais ar thearmann gan bhunús nó neamh-inghlactha.
Tá an nós imeachta éigeantach má tá an t-iarratasóir ina chontúirt don tslándáil náisiúnta nó don ord poiblí, má chuir sé na húdaráis amú nó más as tír ina ndéantar níos lú ná 20 % de na hiarratais ar thearmann a fhormheas de ghnáth an t-iarratasóir.
Ba cheart an nós imeachta a chríochnú laistigh de 12 sheachtain, lena n-áirítear achomhairc. I gcás éileamh a dhiúltú nó a dhíbhe, ba cheart an t-iarratasóir ar theip air a chur ar ais laistigh de 12 sheachtain. Cé go bhfuil iarrthóirí tearmainn ag dul faoin nós imeachta teorann, ní bheidh cead acu dul isteach sa tír AE.
Le linn na caibidlíochta, d’áitigh na Feisirí an méid seo a leanas a áirithiú:
- go bhfuil comhairle dlí saor in aisce ar fáil d’iarratasóirí i ngach nós imeachta riaracháin
- nach mbeadh mionaoisigh neamhthionlactha faoi réir nósanna imeachta teorann, ach amháin má tá riosca slándála ag baint leo
- go gcuirtear coinníollacha glactha cuí ar fáil do theaghlaigh a bhfuil leanaí acu
Socróidh an Coimisiún Eorpach an t-uaslíon iarratas tearmainn ar cheart do gach Ballstát dul chun cinn a dhéanamh ina leith.
Iarrthóirí tearmainn a chur ar ais chuig tíortha sábháilte nach bhfuil san Aontas
Faoin rialachán maidir leis an nós imeachta tearmainn, féadfaidh údaráis náisiúnta a chinneadh go bhfuil iarratas ar thearmann neamh-inghlactha má thagann an t-iarratasóir ó thír shábháilte neamh-AE. Bheadh sé sin ina thír a chaitheann le hiarrthóirí tearmainn i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta a bhfuil glacadh leo.
Ba chóir go mbeadh fíornasc ag na hiarratasóirí tearmainn leis an tír sin a ligfeadh dóibh dul go dtí an tír sin.
Cé go mbeidh tíortha an Aontais fós ag brath ar a liostaí féin de thíortha sábháilte, ar deireadh, beartaítear leis na rialacha cóineasú i dtreo liosta an Aontais de thíortha sábháilte nach bhfuil san Aontas agus de thíortha sábháilte tionscnaimh.
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc
Is sa Tuirc atá an líon is mó dídeanaithe ar domhan, agus thart ar thrí mhilliún duine ag cur fúthu sa tír. Tagann an-chuid dídeanaithe ón Afganastáin, ón Iaráic agus ón tSiria go dtí an Eoraip tríd an Tuirc. Tháinig ballstáit AE ar chomhaontú an 18 Márta 2016 leis an Tuirc maidir le deireadh a chur le himirce neamhrialta ón tír.
Chuir an dá pháirtí in iúl go nglacfadh an Tuirc ar ais go gasta na himircigh uile nach raibh cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus a bhí ag trasnú ón Tuirc go dtí an Ghréig. Chomh maith leis sin, dhéanfadh an Tuirc aon bhearta is gá chun nach n-osclófar bealaí nua don imirce neamhdhleathach, ar muir ná ar tír, idir an Tuirc agus an tAontas Eorpach
Glacadh le rún an 19 Bealtaine 2021 ina leagtar béim ar an ról tábhachtach atá ag an Tuirc agus thart ar 4 milliún dídeanaí cónaithe ann, agus a chuireann na deacrachtaí a bhaineann le géarchéim na ndídeanaithe, go háirithe le linn na paindéime Covid-19, in iúl. Mar sin féin, cháin siad an úsáid a bhaintear as an imirce chun brú polaitiúil a chur nuair a d’fhoilsíodh tuairiscí ina léiritear gur thug údaráis de chuid na Tuirce eolas míthreorach d’imircigh agus do d’iarrthóirí tearmainn chun spreagadh a thabhairt díobh dul go dtí an Eoraip ar tír tríd an nGréig.
Imircigh a chur ar ais ar bhealach níos éifeachtaí
Tá an tAontas Eorpach i mbun iarrachtaí chomh maith a bheartas aisdúichithe a dhéanamh níos éifeachtaí dóibh siúd nach bhfuil i dteideal stádas dídeanaí nó cosanta idirnáisiúnta de chineál eile. Ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn ann ná nuair nach mbíonn doiciméad taistil bailí ag imirceach. Mar sin, tá AE tar éis doiciméad taistil caighdeánach a ghlacadh chun náisiúnaigh tríú tíre a dhíbirt.
Tá an Córas Faisnéise Schengen á neartú freisin chun tacú le tíortha AE maidir le náisiúnaigh tríú-tír nach bhfuil de cheart acu fanacht in AE a chur ar ais.
I mí na Nollag 2020, ghlac Feisirí le tuarascáil ina n-éilítear go gcuirtear an Treoir ó Pharlaimint na hEorpa um Fhilleadh i bhfeidhm ar bhonn níos éifeachtaí. D’iarr Feisirí ar thíortha AE meas a bheith acu ar chearta bunúsacha agus coimircí nóis imeachta agus reachtaíocht AE maidir le himircigh a chur ar ais á gcur i bhfeidhm acu, chomh maith le tús áite a thabhairt d’aisdúichiú deonach.
Ag dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce
De bharr cogaí, géarleanúna, bochtaineachta nó tubaistí nádúrtha bíonn ar na milliúin duine - idir mhná, fhir agus pháistí - a bhfód dúchais a thréigean gach uile bliain chun tearmann a lorg. Tá feisirí Eorpacha den tuairim go bhfuil gá le straitéis fhadtréimhseach ar leibhéal AE chun dul i ngleic leis na bunchúiseanna seo.
D’fhonn dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce, thug feisirí a gceadú an 6 Iúil 2017 leis an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (EFSD). Táthar ag súil go spreagfaidh an Ciste infheistíochtaí príobháideacha san Afraic agus sna tíortha máguaird dar luach suas le €44 bhilliún.
An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta
I mí na Nollag 2015, chuir an Coimisiún togra ar aghaidh maidir le Garda Teorann agus Cósta Eorpach a bhunú d’fhonn bainistiú agus slándáil theorainneacha seachtracha an Aontais a threisiú agus tacú le gardaí teorann náisiúnta.
Rinne an ghníomhaireacht nua, a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2016, Frontex agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha a aontú. Tá sé beartaithebuanchór 10,000 garda teorann a thabhairt don ghníomhaireacht faoi 2027. Tá sainordú níos láidre ag an ngníomhaireacht freisin maidir le filleadh agus comhoibríonn sí ar bhealach níos dlúithe le tíortha nach bhfuil san Aontas.
An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha
I rún a glacadh i mí Iúil 2021, d’fhormheas an Pharlaimint an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (CBCT) athnuaite agus chomhaontaigh sí EUR 6.24 billiún a leithdháileadh air. Ba cheart go gcuideodh an ciste nua le feabhas a chur ar chumas na mBallstát i mbainistiú na dteorainneacha seachtracha agus, ag an am céanna, a áirithiú go n-urramófar cearta bunúsacha. Rannchuideoidh sé freisin le comhbheartas comhchuibhithe víosaí, agus tabharfar isteach bearta cosanta do dhaoine leochaileacha a thagann chun na hEorpa, go háirithe leanaí neamhthionlactha.
Oibreoidh an ciste go dlúth leis an gCiste nua Slándála Inmheánaí, ag díriú ar dhul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht, leis an gcoireacht eagraithe agus leis an gcibearchoireacht. D’fhormheas an Pharlaimint an Ciste Slándála Inmheánaí freisin i mí Iúil 2021 agus buiséad EUR 1.9 billiún aige.
Rialuithe ag teorainneacha inmheánacha
Tá rialuithe teorann á n-athbhunú ag tíortha an Aontais laistigh de limistéar Schengen le blianta beaga anuas agus is minic a mhaireann na rialuithe sin ar feadh tréimhsí fada. Chun an tsaorghluaiseacht a chaomhnú agus aghaidh á tabhairt aige ar fhíorbhagairtí slándála, chuir an Coimisiún togra ar aghaidh in 2021.
I mí Dheireadh Fómhair 2023, chomhaontaigh an Pharlaimint a seasamh agus vótáil sí i bhfabhar dul i mbun caibidlíochta leis an gComhairle.
Mar mhalairt ar rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, cuireann na rialacha nua comhar póilíneachta chun cinn i réigiúin teorann chun aghaidh a thabhairt ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh de limistéar Schengen. Is minic a thagann saoránaigh neamh-AE a gabhadh agus a bhfuil stádas neamhrialta acu ó thír eile de chuid an Aontais, mar sin má tá patróil chomhpháirteacha ag an dá thír, féadfar na himircigh neamhrialta a aistriú ar ais go dtí an chéad tír de chuid an Aontais. Is mian leis na Feisirí roinnt catagóirí, lena n-áirítear mionaoisigh neamhthionlactha, a eisiamh ó fhilleadh den sórt sin.
Molann na Feisirí freisin critéir shoiléire maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a fhorchur mar fhreagairt ar bhagairtí tromchúiseacha. Tá gá le cúis chuí, amhail bagairt aitheanta láithreach sceimhlitheoireachta, sular féidir rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach agus bheadh am ag na rialuithe sin.
Ceadaítear leis an togra freisin rialuithe teorann a athbhunú i roinnt tíortha ar feadh tréimhse suas le dhá bhliain nuair a fhaigheann an Coimisiún fógraí faoi bhagairt an-tromchúiseach a dhéanann difear do go leor tíortha ag an am céanna.
Imircigh neamhrialta a chur ar ais ar bhealach níos éifeachtúla
Doiciméad taistil Eorpach chun imircigh a bhfuil stádas neamhrialta acu a chur ar ais
I mí Mheán Fómhair 2016, d’fhormheas an Pharlaimint togra ón gCoimisiún le haghaidh doiciméad taistil caighdeánach AE chun dlús a chur le filleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhrialta in AE gan pasanna bailí ná cártaí aitheantais bailí. Tá an rialachán infheidhme ó mhí Aibreáin 2017 i leith.
Córas Faisnéise Schengen
Treisíodh Córas Faisnéise Schengen i mí na Samhna 2018 chun cabhrú le tíortha an Aontais náisiúnaigh neamh-AE atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais chuig a dtír thionscnaimh. Tá an méid seo a leanas san áireamh ann anois:
- foláirimh maidir le cinntí um fhilleadh a dhéanann tíortha an Aontais
- údaráis náisiúnta atá freagrach as cinntí um fhilleadh a eisiúint a bhfuil rochtain acu ar shonraí ó Chóras Faisnéise Schengen
- coimircí chun cearta bunúsacha na n-imirceach a chosaint
Treoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh
Is í Treoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh an príomhphíosa reachtaíochta ina leagtar amach na nósanna imeachta agus na critéir nach mór do thíortha an Aontais a chur chun feidhme agus iad ag filleadh daoine ó lasmuigh den Aontas a bhí ag fanacht go neamhrialta.
Ó mhí Mheán Fómhair 2018 i leith, tá an tAontas ag obair chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir an Aontais um Fhilleadh, arb é is aidhm di fad na nósanna imeachta um fhilleadh a laghdú, nasc níos fearr a chinntiú idir nósanna imeachta tearmainn agus nósanna imeachta um fhilleadh, agus éalú a chosc.
Is é is aidhm do na forálacha nua an baol éalaithe a chinneadh, is é sin an baol go ndéanfadh imirceach iarracht dul i bhfolach ó na húdaráis, agus cinneadh á dhéanamh maidir lena stádas. Cuireann na rialacha leasaithe oibleagáidí ar imircigh comhoibriú leis na húdaráis. Ceanglaítear leo freisin ar thíortha an Aontais córas bainistithe maidir le filleadh a chruthú.
I dtuarascáil a glacadh i mí na Nollag 2020, d’iarr na Feisirí go ndéanfaí Treoir AE um Fhilleadh a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr, inar áitíodh ar thíortha AE cearta bunúsacha agus coimircí nós imeachta a urramú agus reachtaíocht AE maidir le filleadh á cur i bhfeidhm acu, chomh maith le tús áite a thabhairt d’fhilleadh deonach.
Inimirce neamhrialta a chosc trí dhul i ngleic le bunchúiseanna na himirce
D’fhéadfadh coinbhleacht, géarleanúint, glanadh eitneach, fíorbhochtaineacht agus tubaistí nádúrtha a bheith ina mbunchúiseanna leis an imirce. I mí Iúil 2015, d’áitigh na Feisirí ar an Aontas Eorpach straitéis fhadtéarmach a ghlacadh chun gníomhú i gcoinne na dtosca sin.
Chun dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce, thacaigh Feisirí Eorpacha an 6 Iúil 2017 le scéim de chuid an Aontais a raibh sé mar aidhm léi €44 bhilliún d’infheistíocht phríobháideach a shlógadh i dtíortha comharsanachta agus san Afraic. Tá sé i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2017.
Gníomhaireacht nua an Aontais Eorpaigh um Thearmann, um Thearmann, um Imirce agus um Lánpháirtíocht
Tá Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ar a dtugtaí EASO roimhe seo, freagrach as tacú le tíortha AE agus rialacha tearmainn á gcur chun feidhme acu, agus é mar aidhm aici córas foriomlán bainistithe imirce an Aontais a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe.
Is ionstraim airgeadais é an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) a thacaíonn le hiarrachtaí an Aontais an imirce a bhainistiú.
I mí na Nollag 2021, d’fhormheas an Pharlaimint buiséad an chiste do 2021-2027, a mhéadaigh go EUR 9.88 billiún.
Comhaontú imirce idir an tAontas agus an Tuirc
Síníodh an comhaontú idir an tAontas agus an Tuirc i mí an Mhárta 2016 mar fhreagairt ar an méadú atá tagtha ar líon na n-imirceach agus na ndídeanaithe neamhrialta a tháinig isteach san Aontas tríd an Tuirc tar éis an chogaidh chathartha sa tSiria. Chomhaontaigh an dá pháirtí dálaí glactha níos fearr a áirithiú do dhídeanaithe sa Tuirc agus bealaí sábháilte dleathacha a oscailt do dhídeanaithe ón tSiria chun na hEorpa.
Faoin gcomhaontú sin, chomhaontaigh an Tuirc na himircigh agus na dídeanaithe neamhrialta uile a tháinig go dtí an Ghréig ón Tuirc tar éis an 20 Márta 2016 a thógáil ar ais. Mar mhalairt air sin, chomhaontaigh an tAontas cúnamh airgeadais a chur ar fáil don Tuirc chun tacú le dídeanaithe a óstáil sa Tuirc, chomh maith le dlús a chur le próiseas aontachais na Tuirce leis an Aontas agus léirscaoileadh víosaí a chur ar fáil do shaoránaigh na Tuirce atá ag taisteal chuig an Aontas.
I dtuarascáil a glacadh an 19 Bealtaine 2021, leag na Feisirí béim ar ról tábhachtach na Tuirce mar óstach do bheagnach ceithre mhilliún dídeanaí, agus thug siad dá n-aire go bhfuil méadú tagtha ar na dúshláin a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim seo mar gheall ar phaindéim Covid-19. Cháin siad, áfach, úsáid an bhrú imirce mar uirlis le haghaidh giaráil pholaitiúil tar éis tuarascálacha gur spreag údaráis na tíre imircigh agus iarrthóirí tearmainn le faisnéis mhíthreorach chun na hEorpa tríd an nGréig.