Tríocha bliain de Dhuais Sakharov: an taispeántas ‘Cosnaíonn siad ár saoirsí’
Chun comóradh a dhéanamh ar 30 bliain Dhuais Sakharov, tá taispeántas grianghrafadóireachta á chur ar siúl ag an bParlaimint, i gcomhar le Magnum Photos.
Bunaíodh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta sa bhliain 1988 in onóir Andrei Sakharov, an t-eolaí núicléach Rúiseach agus gníomhaíoch ar son chearta an duine, agus is ionann í agus an comhartha ómóis is mó a bhronnann an tAontas Eorpach d’iarrachtaí ar son chearta an duine. Tugtar aitheantas agus tacaíocht mhorálta léi do na buaiteoirí a ghlacann misneach agus a théann ó neart go neart agus iad ag troid ar son a gcúiseanna.
30 bliain de Dhuais Sakharov
Tá Duais Sakharov 30 bliain ar an bhfód anois agus chun an ócáid thábhachtach seo a cheiliúradh, tá taispeántas grianghrafadóireachta á chur ar siúl ag an bParlaimint, i gcomhar le Magnum Photos. Cosnaíonn siad ár saoirsí an teideal atá ar an taispeántas; osclaíodh go hoifigiúil é sa Pharlaimint an 12 Nollaig agus taispeánfar ar fud an Aontais Eorpaigh (Baile Átha Cliath san áireamh) i rith 2018 é. Is éard atá sa tionscadal grianghraf ná aistear tumthach i saol laethúil bheirt bhan agus bheirt fhear, baill de Chomhaltacht Sakharov, a bhíonn ag troid ar son chearta an duine san Aetóip, sa Bhoisnia, sa Chambóid agus sa Túinéis.
Tá Asma Kaouech 25 bliana d’aois. Is dlíodóir í. B’ollamh le fealsúnacht é a hathair. Thug sé comhairle mhaith di: ná breathnaigh ar theilifís Ben Ali; is fearr leabhair a léamh, leabhair de chuid Kant agus Heidegger; déan staidéar ar an daonlathas, ar shaoirsí aonair, ar chearta na mban. “Thug sé a lán leabhar faoin bhfeimineachas dom”, arsa an mbean óg seo ón Túinéis a d’fhás aníos sa phríomhchathair ach arb as an deisceart di ó dhúchas.
Léiríonn an grianghrafadóir Iaránach Newsha Tavakolian obair Asma (agus a heagraíocht Fanni Raghman Anni) chun aos óg na Túinéise a choinneáil amach ón radacú. Ina 25 ghrianghraf, taispeánann sí streachailt agus dóchas ghlúin nua na dTúinéiseach, i ndiaidh réabhlóid 2011. Grianghrafadóir: Newsha Tavakolian.
Tá Samrith Vaing 35 bliana d’aois. Is de ghrúpa mionlaigh na mBunong sa Chambóid é. Leanann Jérôme Sessini, grianghrafadóir Francach a bhfuil go leor taithí aige, an obair laethúil atá á déanamh ag Viang chun tacú leis na Bunong ina dtroid i gcoinne ghabháil talún na gcuideachtaí ilnáisiúnta. Grianghrafadóir: Jérôme Sessini.
Chun aithne a chur ar Jadranka Miličević, chun í a thuiscint agus meabhair a bhaint as cé chomh tiomanta is atá sí, is gá cuimhneamh ar na huafáis ar chuir sí suas leo. Is leor a rá go bhfuair 200,000 duine bás sna huafáis sin: léigear Shairéavó; sléacht Srebrenica; cogadh na mBalcán; an ciapadh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin tráth a raibh an náisiúnachas ag teacht chun cinn as smionagar na hiar-Iúgslaive.
Léiríonn saothar an ghrianghrafadóra ón mBeilg Bieke Depooter obair laethúil Jadranka. Is iardhídeanaí ó Chogadh na mBalcán í Jadranka a theith i 1992 ó Shairéavó go dtí an tSeirbia. Tá dhá eagraíocht neamhrialtasacha bunaithe aici chun cabhrú le mná a ndearnadh foréigean agus idirdhealú orthu. Grianghrafadóir: Bieke Depoorter.
Ná scaipimis sna cheithre hairde: tá an sceimhle i réim san Aetóip! Tá an chomhghuaillíocht atá i gcumhacht le 25 bliain ag sárú chearta an duine mar a tharla in aimsir an sceimhle dheirg. Tá an t-atmaisféar plúchtach, an eagla sin a phlúchann thú. Is é an mothúchán sin go bhfuil duine do do leanúint an t-am ar fad, go bhfuil duine ag éisteacht leat, go bhfuil duine do do bhagairt, seo gnáthlá do Ameha Mekonnen, dlíodóir atá 45 bliana agus atá i gceannas ar an gComhairle um Chearta an Duine, an t-aon eagraíocht neamhspleách um chearta an duine san Aetóip. Grianghrafadóir: Enri Canaj.