Sceimhlitheoireacht: ‘Ní mór dúinn gníomhú go sciobtha agus go héifeachtach chun an bhagairt a chomhrac’

Léirigh an t-ionsaí i Londain an 22 Márta go bhfuil an Eoraip i gcónaí faoi bhagairt ag an sceimhlitheoireacht. Rinne feisirí an choiste um shaoirsí sibhialta an fhadhb a phlé le hairí gnóthaí baile na Gearmáine agus na Fraince Thomas de Maizière agus Matthias Fekl an 27 Márta. Chuir an bheirt acu in iúl go gcaithfear teorainneacha seachtracha AE a chosaint. Dúirt siad freisin gur chóir do bhallstáit AE faisnéis a roinnt lena chéile ar bhealach níos fearr, agus dul i ngleic leis an radacú.

LIBE committee
Na hairí Matthias Fekl agus Thomas de Maizière le cathaoirleach an choiste um shaoirsí sibhialta Claude Moraes

Tá ceist na sceimhlitheoireachta tar éis a bheith mar mhír rialta ar chlár oibre na Parlaiminte le fada, agus tá sé léirithe ag na hionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla i gcathracha ar nós na Bruiséile, Nice agus Bheirlín anuraidh go bhfuil gá san Eoraip le comhoibriú níos fearr ó thaobh na frithsceimhlitheoireachta de.


Tháinig airí gnóthaí baile na Fraince agus na Gearmáine os comhair an choiste um shaoirsí sibhialta chun ceist na slándála a phlé an 27 Marta. Ag labhairt dó faoi imeachtaí na seachtaine seo caite in Westminster, dúirt an t-aire Francach Matthias Fekl: “I láthair na huaire, níl saoránach nó ballstát ar bith slán ó ionsaithe sceimhlitheoireachta. Ní mór dúinn gníomhú go sciobtha agus go héifeachtach chun fadhb na sceimhlitheoireachta a chomhrac.”


Trodaithe eachtracha


Ba shaoránaigh AE a rinne an chuid is mó de na hionsaithe a bhí ann san Eoraip le déanaí agus “trodaithe eachtracha” a bhí i gcuid acu. Chuir an bheirt airí in iúl go gcaithfear teorainneacha seachtracha an Aontais chosaint ar bhealach níos fearr. Dúirt an tAire Fekl: “Ní bheimid in ann tairbhe a bhaint as an tsaorghluaiseacht ach amháin má tá na teorainneacha seachtracha daingnithe.”


Thug feisirí Eorpacha a gceadú an 16 Feabhra le rialacha nua chun dul i ngleic le feiniméan na dtrodaithe eachtracha agus chun trodaithe a aithint ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Meastar go bhfuil thart ar 5,000 Eorpach tar éis dul i mbun trodaíochta san Iaráic agus sa tSiria agus má fhaigheann na páirtithe atá ag troid i gcoinne an Stáit Ioslamaigh an ceann is fearr orthu sna míonna amach romhainn, tá gach seans go mbeidh tuilleadh trodaithe ag iarraidh filleadh ar ais ar an Eoraip.


Tá feisirí i mbun ullmhúchán freisin ar “chóras dul isteach-imeachta”. Leis an gcóras sin, clárófar faisnéis ar náisiúnaigh tríú tíortha ag trasnú teorainneacha seachtracha limistéar Schengen. Ag cruinniú an choiste um shaoirsí sibhialta an 27 Márta, chuir an tAire Thomas de Maizière in iúl gur “réamhriachtanas é chun an limistéar Schengen a choinneáil saor ó sheiceálacha teorann”.


Rinneadh plé ag an gcruinniú freisin ar chriptiúchán. Tá údaráis na Ríochta Aontaithe ag iarraidh rochtain a fháil ar theachtaireachtaí ionchódaithe chun an t-ionsaí a bhí ann i Londain an tseachtain seo caite a fhiosrú. Chuir an tAire Fekl in iúl nach féidir iallach a chur ar oibritheoirí idirlíne comhoibriú le fiosrúchán dlíthiúil faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair. D’iarr sé ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht nua a mholadh.


Lúba ar lár


Chuir roinnt feisirí a n-imní in iúl faoi lúba ar lár sna huirlisí reachtacha atá ann cheana féin, sa treoir maidir le taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) mar shampla. Leis an gcóras PNR táthar ag iarraidh sonraí aerphaisinéirí idirnáisiúnta a bhailiú, a úsáid agus a choinneáil ar bhonn níos sistéamaí. Dúirt Monika Holhmeier, feisire Gearmánach de chuid Pháirtí an Phobail Eorpaigh, go gcaithfear an úsáid as na bunachair sonraí reatha a fheabhsú.


Ag labhairt di ar son an Ghrúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa, dúirt an feisire Beilgeach Helga Stevens go mbaineann fíorthábhacht le bearta coisctheacha, dul i ngleic leis an radacú mar shampla. Chuir feisirí eile a n-imní in iúl faoi chosaint sonraí, dúirt Birgit Sippel (Sóisialaithe agus Daonlathaithe, an Ghearmáin) gur chóir go mbeadh a fhios againn faoi céard a dhéantar lenár gcuid sonraí.

Tuilleadh eolais san fhísean seo faoi na bearta atá á ndéanamh ag an Aontas Eorpach chun dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht

Tuilleadh faisnéise