An feisire Iodálach David Sassoli tofa mar uachtarán nua na Parlaiminte 

 
 

Roinn an leathanach seo: 

Sa dara ballóid den vótáil, toghadh an tIodálach David Sassoli mar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 3 Iúil 2019.

Sa dara babhta den vótáil, fuair an feisire Iodálach de chuid na Sóisialaithe 345 de na vótaí a caitheadh (667 san iomlán). Rugadh an tUasal Sassoli i bhFlórans sa bhliain 1956, is iar-iriseoir teilifíse é agus toghadh é ina fheisire Eorpach don chéad uair sa bhliain 2009.


Ag labhairt dó roimh an nós imeachta toghcháin in Strasbourg an 3 Iúil, chuir Sassoli in iúl gur chaith an-chuid toghthóirí vóta don chéad uair sna toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine: “Tá siad tar éis mandáid a thabhairt dúinn, mar creideann siad san institiúid seo, creideann siad sa daonlathas agus i dtoghcháin shaora. Níor cheart dúinn iad a ligean síos.”

Toghadh David Sassoli ina uachtarán an 3 Iúil 2019 

Dúirt sé freisin: “I rith an reachtais nua seo, ní mór dúinn a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis na hathruithe riachtanacha atá ag teastáil chun an Eoraip a dhéanamh níos láidre agus chun í a nuachóiriú.”


Ceapadh David Sassoli ar feadh dhá bhliain go leith, go dtí Eanáir 2022. Stiúrann an t-uachtarán obair na Parlaiminte agus a comh-chomhlachtaí mar aon leis na díospóireachtaí sa suí iomlánach agus áirithíonn sé go n-urramaítear na Rialacha Nós Imeachta. Déanann sé nó sí ionadaíocht thar ceann na Parlaiminte le hinstitiúidí eile.