An Clár Erasmus+ 30 bliain ar an bhfód: ceiliúradh sa Pharlaimint

Tá an clár Erasmus ag cur le beatha mhuintir na hEorpa le 30 bliain anuas. Rinneadh 30 bliain an chláir a cheiliúradh ag ócáid sa Pharlaimint in Strasbourg an 13 Meitheamh.

Rinne Christine staidéar ar ailtireacht san Aithin, chuaigh Michele go Búdaipeist - iad beirt mar mhic léinn Erasmus.

Ó 1987, tá maoiniú curtha ar fáil ag an Aontas Eorpach don chlár Erasmus+, clár a thug an deis do níos mó ná naoi milliún mac léinn as ceann ceann na hEorpa seal a chaitheamh in institiúid ardoideachais eile nó le heagraíocht ar an gcoigríoch.

Tá fianaise ann go mbíonn tionchar dearfach ag an gclár Erasmus+ ar dheiseanna fostaíochta ina dhiaidh sin. Is deis é freisin chun feabhas a chur ar do chuid scileanna teanga, chun féinmhuinín agus neamhspleáchas a chothú agus chun tú féin a thumadh isteach i gcultúr nua.

Déanfar 30 bliain an chláir a cheiliúradh ar fud an Aontais Eorpaigh: tionólfar comhdhálacha, fóraim, díospóireachtaí agus taispeántais sna ballstáit uilig. Rinneadh an ócáid a cheiliúradh ag searmanas bronnta i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg an 13 Meitheamh chomh maith. Chuir Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean Claude Juncker fáilte roimh iar-rannpháirtí amháin as na tíortha ar fad a ghlacann páirt sa scéim.

Ba chóir do mbeadh Erasmus ar fáil do gach duine óg san Eoraip, beag beann ar an oideachas a cuireadh orthu nó ar ioncam a dteaghlach
Antonio Tajani, Uachtarán na Parlaiminte

Ag labhairt dó ag an searmanas in Strasbourg, dúirt an tUasal Tajani: “Ba chóir do mbeadh Erasmus ar fáil do gach duine óg san Eoraip, beag beann ar an oideachas a cuireadh orthu nó ar ioncam a dteaghlach. Caithfear, mar sin, buiséad AE a chur ar fáil leis na hacmhainní is gá. Agus trí mhaoiniú Erasmus a mhéadú, is féidir óg-dhífhostaíocht a laghdú freisin.”

Sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha (2014-2020) cuireadh €14.7 billiún ar fáil don chlár Erasmus, méadú 40% i gcomparáid leis an gcreat roimhe sin.

Ag labhairt di in Strasbourg an 13 Meitheamh, dúirt cathaoirleach an choiste um chultúr Petra Kammerevert: “Dúirt iar-uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jacques Delors fadó ‘Ní féidir leat titim i ngrá leis an margadh aonair’. Measaim go raibh láncheart aige. Sin an t-athrú a bhfuilimid ag iarraidh a dhéanamh leis an gclár seo, agus a thaispeáint gur é an aidhm ná daoine a thabhairt le chéile.”

Caith súil ar an bhfíseán thuas chun tuilleadh a fhoghlaim.

Is iomaí deis a thugann an clár Erasmus+ do dhaoine a bheith rannpháirteach sa tsochaí

Tuilleadh faisnéise