Próiseas daonlathach an Aontais Eorpaigh i níos lú ná noiméad amháin (físeán)

Conas a dhéantar cinntí san Aontas Eorpach? An bhfuil próiseas cinnteoireachta AE chomh casta sin? Breathnaigh ar an bhfíseán chun tuiscint níos fearr a fháil air... laistigh de 20 soicind!

Tá cuma chasta air ach is próiseas an-shimplí é i ndáiríre: i bprionsabal, is é an Coimisiún a mholann dlíthe nua, agus is iad an Pharlaimint agus an Chomhairle a ghlacann iad. Téann an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe sainleasa ar nós eagraíochtaí neamhrialtasacha, ionadaithe den tionscal agus den tsochaí shibhialta, agus feisirí Eorpacha.


Déanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar thograí de chuid an Choimisiúin agus molann siad leasuithe. Má aontaíonn an dá institiúid ar na leasuithe, is féidir an reachtaíocht atá beartaithe a ghlacadh.

Céard a chuireann moill ar chinntí AE? Ní féidir dlíthe ar son 450 milliún duine in 27 dtír a gcur i bhfeidhm thar oíche, más mian leat an cinneadh ceart a dhéanamh! Cuid ríthábhachtach de dhaonlathas ar bith is ea díospóireachtaí, a chiallaíonn go gcloistear guth an uile dhuine agus go dtagtar ar chomhréiteach.