Cad is Parlaimint na hEorpa ann? (físeán)

Is í an Pharlaimint institiúid dhírthofa an Aontais Eorpaigh. Déanann a 705 chomhalta ionadaíocht do thart ar 450 milliún duine. Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim.

Déanann an Pharlaimint ionadaíocht ar shaoránaigh AE. Leasaíonn agus cuireann feisirí dlíthe nua i bhfeidhm a mbíonn tionchar díreach acu ar thart ar 450 milliún duine.


Is comhreachtóir anois í an Pharlaimint, a roinneann an chumhacht leis an gComhairle chun tograí reachtacha a ghlacadh agus a leasú agus chun buiséad AE a chinneadh. Déanann sí maoirsiú freisin ar obair an Choimisiúin.


Suíonn feisirí Pharlaimint na hEorpa i ngrúpaí polaitiúla - ní eagraítear iad de réir náisiúntachta, ach de réir cleamhnachta polaitiúla. I láthair na huaire, tá seacht ngrúpa pholaitiúla sa Pharlaimint. Toghtar Uachtarán na Parlaiminte ar feadh téarma inathnuaite dhá bhliain go leith, is é sin leath shaolré Parlaiminte.

Is í Parlaimint na hEorpa, croí beo an daonlathais Eorpaigh, an t-aon institiúid AE a thoghtar go díreach! Ionadaíonn sí do leas saoránaigh AE. Déanann FPEnna dlíthe a phlé, a leasú agus a rith, dlíthe a mbíonn tionchar díreach acu ar 450,000 milliún Eorpach. Tuilleadh eolais faoin tslí a n-oibríonn Parlaimint na hEorpa