Suirbhé: ba chóir don Aontas Eorpach a bheith níos gníomhaí ó thaobh cosanta de

Foilsíodh páipéar an Choimisiúin Eorpaigh an 7 Meitheamh maidir le todhchaí na cosanta san Aontas Eorpach. Tuilleadh san alt thíos faoi ról na Parlaiminte.

Defense story pic_
Gá le tuilleadh comhoibrithe ar leibhéal AE ó thaobh cosanta de ©AP Images/European Union - EP

Dar le torthaí an tsuirbhé is déanaí ó Eorabharaiméadar, tá seachtar Eorpach as deichniúr den tuairim gur chóir don Aontas Eorpach a bheith níos gníomhaí a mhéid a bhaineann le cúrsaí slándála agus cosanta. Tá cás láidir déanta ag feisirí Eorpacha le fad an lá ar son tuilleadh comhoibrithe idir bhallstáit AE ó thaobh cosanta de.

Chun muintir na hEorpa a chosaint, tá feisirí den tuairim gur chóir do bhallstáit an Aontais tuilleadh a infheistiú, faisnéis agus acmhainní a roinnt ar bhealach níos fearr, agus an t-airgead a chuirtear amú de bharr dúblála a laghdú. Má dhéantar seo, chuirfí le héifeachtúlacht, rud a rachadh chun sochair do na ballstáit ar fad, agus ní bheadh gá le h-arm Eorpach a bhunú.

Sa bhliain 2016, chaith na Stáit Aontaithe €546 billiún ar an gcosaint. Bhí ballstáit AE sa dara háit le caiteachas de €206 billiún san iomlán, agus bhí an tSín sa tríú háit (€131 billiún). Tá feisirí Eorpacha ag moladh go láidir go gcaithfeadh ballstáit AE ar a laghad 2% dá n-olltáirgeacht intíre ar chosaint, ach ní leor infheistíocht amháin. Meastar go gcuireann ballstáit AE thart ar €26.4 billiún amú gach bliain de bharr dúblála, róthoillte agus bacainní ar sholáthar trealaimh cosanta.

I vóta an 22 Samhain 2016, leag feisirí moltaí amach i dtaca le hacmhainní a roinnt, fórsaí ilnáisiúnta a bhunú agus ceanncheathrú oibríochta AE a oscailt. Trí sin ar fad a dhéanamh, táthar ag súil go mbeadh AE in ann dul i ngleic le bagairtí slándála ar bhealach níos sciobtha agus níos daingne.

D’fhonn luach níos fearr a fháil ar ár gcuid airgid, tháinig an Coimisiún Eorpach suas leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint agus leis an gCiste Eorpach Cosanta i Samhain 2016. I vóta an 14 Nollaig 2016, d’fháiltigh feisirí roimh na pleananna. Tá feisirí ag iarraidh chomh maith leas a bhaint as féidearthachtaí Chonradh Liospóin. Chuir siad in iúl i vóta an 16 Márta go bhfuil na huirlisí ann cheana féin chun borradh a chur faoi chomhar san Eoraip ó thaobh cosanta de, tá gá áfach le toil pholaitiúil.

Ba mhaith le feisirí chomh maith an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (EDA) a neartú, lánúsáid a bhaint as an mBuanchomhar Struchtúrtha (PeSCo) agus córas na gcathghrúpaí AE a chumasc leis