Beartas frithdhumpála: rialacha AE i gcoinne cleachtais éagóracha trádála
Is éard atá i gceist le reachtaíocht frithdhumpála ná ionstraim cosanta trádála chun táirgeoirí an Aontais Eorpaigh a chosaint ar chleachtais trádála éagóracha.
Tá an tAontas Eorpach ar son saorthrádála mar déanann sé margaí nua a oscailt d’earraí agus do sheirbhísí an Aontais, méadaítear deiseanna infheistíochta agus cruthaítear fostaíocht. Cuirtear isteach ar thrádáil, áfach, nuair a dhéantar praghsanna earraí allmhairithe a ísliú go saorga mar gheall ar idirghabháil an stáit, nó má tháirgtear an iomarca de tháirge áirithe chun é a dhíol ar phraghas íseal ar an gcoigríoch.
Chun cuideachtaí (agus fostaithe) na hEorpa a chosaint ó dhamáiste mar gheall ar iomaíocht éagórach, uaireanta bíonn ar an Aontas dul i muinín ionstraimí frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais. Caitheann an tAontas Eorpach cloí, áfach, le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála.
Tá an tAontas Eorpach agus a bhallstáit ina mbaill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (WTO). Tá sé de chumhacht ag an WTO breithiúnas a thabhairt i ndíospóidí trádála agus cinntí a chur i bhfeidhm. Tá baill na hEagraíochta in ann gearán a dhéanamh de bharr sáruithe ar rialacha an WTO agus is féidir leo cúiteamh a lorg. De ghnáth, is é an Coimisiún Eorpach a ionadaíonn tíortha AE san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
Úsáideann an tAontas Eorpach ionstraimí cosanta trádála ar bhonn níos annaimhe ná dlínsí eile, i gcás 0.21% d’allmhairí an Aontais. Ach tá cosaint ó tháirgí dumpáilte nó fóirdheonaithe tar éis a bheith ríthábhachtach do roinnt earnálacha san Aontas Eorpach.
Is ar an tSín is mó atá dleachtanna frithdhumpála an Aontais dírithe. I mí Dheireadh Fómhair 2016 bhí dleachtanna i bhfeidhm i gcás níos mó ná 50 táirgí ón tSín (alúmanam, rothair, suimint, ceimiceáin, ceirmigh, gloine, páipéar, grianphainéil agus cruach).
Tograí nua
D’fhonn go mbeidh sé ar chumas an Aontais leasanna na hEorpa a chosaint ar bhealach níos fearr, thug feisirí Eorpacha a gceadú an 15 Samhain 2017 le rialacha níos déine chun dul i ngleic le hallmhairí atá saor san éagóir. Leis na rialacha nua, cuirfear san áireamh an tionchar a bhíonn ag dumpáil shóisialta nó chomhshaoil agus bearta frithdhumpála á socrú.
I vóta eile an 30 Bealtaine 2018, thug feisirí Eorpacha a gceadú le tuilleadh rialacha chun cur ar chumas an Aontais Eorpaigh taraifí níos airde a chur ar allmhairí dumpáilte nó fóirdheonaithe. Cuirfear deasca cúnaimh ar bun chun cabhrú le comhlachtaí beaga agus meánmhéide gearáin a dhéanamh i gcás cleachtais thrádála mhíchothroma, agus éireoidh fiosrúcháin fhrithdhumpála níos giorra.
Tiocfaidh an dá thogra thuas i bhfeidhm tar éis don Chomhairle iad a cheadú agus iad a bheith foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.