Míniú ar bhearta frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh
Is gá dul i ngleic le ceisteanna amhail trodaithe eachtracha, rialuithe teorann agus cistí a scoitheadh chun sceimhlitheoireacht a stopadh. Tuilleadh eolais san alt seo.
Ábhar imní ollmhór is ea an tslándáil do mhuintir na hEorpa: is mian lena bhformhór (77%) go ndéanfadh an tAontas Eorpach níos mó chun dul i ngleic le sceimhlitheoireacht.
Tá bearta i bhfeidhm ag an Aontas chun ionsaithe nua a chosc, ó sheiceálacha níos cuimsithí ag teorainneacha na hEorpa, go comhar póilíneachta agus breithiúnach níos fearr i dtaca le hamhrastaigh a lorg agus déantóirí coire a leanúint, maoiniú na sceimhlitheoireachta a scoitheadh, dul i ngleic le coireacht eagraithe, díriú ar radacú agus nithe eile.
Rialuithe ag na teorainneacha seachtracha a fheabhsú
Chun an tslándáil laistigh de limistéar Schengen a chosaint, rinneadh seiceálacha córasacha ag teorainneacha seachtracha AE a dhéantar ar gach duine a thagann isteach san Aontas - lena n-áirítear saoránaigh AE - a thabhairt isteach i mí Aibreáin 2017.
Chun gluaiseachtaí saoránach, nach saoránaigh den Aontas iad, ar fud limistéar Schengen a thaifeadadh agus dlús a chur le rialuithe, rinne an Pharlaimint agus Airí an Aontais córas cláraithe isteach agus amach nua a chomhaontú i Samhain 2017, agus ba cheart go mbeadh an córas sin ag feidhmiú ó 2022 ar aghaidh.
Maidir le taistealaithe nach as tíortha an Aontais iad agus nach bhfuil víosa uathu chun teacht isteach san Aontas déanfar iad a scagadh tríd an gCóras ETIAS (an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil), ar cheart dó a bheith ag feidhmiú ó 2021 ar aghaidh.
Rialuithe teorann sealadacha
Chun cosc a chur le sceimhlitheoirí ó bheith ag gluaiseacht gan srian ar fud an Aontais Eorpaigh, rinne roinnt tíortha rialuithe sealadacha ag a dteorainneacha a thabhairt isteach. Dar leis an bParlaimint, níl réasún cuí leis na seiceálacha sin ag na teorainneacha inmheánacha agus cuireann siad limistéar Schengen i mbaol agus níl uaithi iad a cheadú ach amháin mar rogha dheiridh.
Faigh tuilleadh eolais inár gcomhad maidir le teorainneacha Schengen.
Teorainneacha seachtracha a dhaingniú
Ba cheart go mbeadh buanchór de 10,000 garda teorann faoi 2027 ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, chun 13,000 km de theorainneacha talún seachtracha agus ionann is 66,000 km de theorainneacha farraige a dhaingniú go héifeachtach. D’fhéadfadh an buanchór nua, ar iarraidh ó thír de chuid an Aontais, rialú ag teorainneacha agus bainistiú imirce a dhéanamh mar aon le coireacht trasteorann a chomhrac.
Trodaithe sceimhlitheoireachta eachtracha a stopadh
Ó 2015, tá ardú tagtha ar líon na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta atá bunaithe ar reiligiún san Aontas Eorpach, agus meastar go bhfuil tuairim is 5,000 duine de chuid AE a thaistil chuig réigiúin choinbhleachta sa tSiria agus san Iaráic chun bheith rannpháirteach i ngrúpaí sceimhlitheoireachta jiohádacha.
Chun coir a dhéanamh as gníomhartha amhail dul i mbun oiliúna nó taisteal chun críocha sceimhlitheoireachta, mar aon le taisteal den sórt sin a eagrú nó a éascú, rinne an Eoraip reachtaíocht maidir le sceimhlitheoireacht a bhaineann le AE ina iomláine a chur i bhfeidhm a chuideoidh, in éineacht le rialuithe nua ag na teorainneacha seachtracha, le dul i ngleic le feiniméan an trodaí eachtraigh.
Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na dtrodaithe sceimhlitheoireachta eachtracha ó 2015. De réir mar a théann an Stát Ioslamach i laige, bhí sé ag áitiú ar a lucht leanúna ionsaithe aonair as a gconlán féin a dhéanamh ina dtíortha dúchais, seachas taisteal chuig an gcailifeacht mar a thugtar air, de réir Europol.
Ag baint úsáid as sonraí aerphaisinéirí
Tá sé d’oibleagáid ar aerlínte a chuireann eitiltí ar fáil chuig nó ón Aontas, sonraí a bpaisinéirí a thabhairt ar láimh do na húdaráis náisiúnta amhail ainmneacha, dátaí taistil, clár taistil agus modh íocaíochta.
Úsáidtear na sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) mar a thugtar air, chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireanna tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Thóg na caibidlíochtaí níos mó ná cúig bliana agus rinne an Pharlaimint coimircí a éileamh i gcomhair sonraí íogaire (lena nochtar bunadh ciníoch, reiligiún, tuairim pholaitiúil, sláinte nó gnéaschlaonadh) agus cosaint sonraí.
Faigh tuilleadh eolais inár gcomhad maidir le PNR.
Ag cur leis an malartú faisnéise
Baineann coirpigh agus sceimhlitheoirí úsáid as céannachtaí bréagacha iomadúla chun na gardaí teorann agus na póilíní a sheachaint. Cuireann sé sin béim ar an tábhacht a bhaineann le faisnéis a roinnt go héifeachtach idir na húdaráis ábhartha - forfheidhmithe dlí, bhreithiúnacha agus faisnéise - sna ballstáit.
In 2018, comhaontaíodh rialacha nua chun córas faisnéise Schengen a neartú ina ndearnadh cineálacha nua foláireamh le haghaidh cásanna a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a thabhairt isteach. Leis an mbunachar sonraí sin, is féidir leis na póilíní agus na gardaí teorann foláirimh a iontráil agus a sheiceáil maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu nó daoine atá ar iarraidh chomh maith le maoin atá caillte nó goidte.
Chun úsáid a bhaint as na bunachair sonraí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ar bhealach níos cliste agus níos spriocdhírithe, ba cheart do chórais faisnéise AE a chuidíonn le teorainneacha, an tslándáil agus an imirce a bhainistiú, malartú sonraí a chumasú. Ba cheart go mbeadh an idir-inoibritheacht nua seo ag feidhmiú tar éis 2023, agus comhéadan aonair a chur ar fáil le haghaidh cuardach, mar aon le seirbhís meaitseála bithmhéadraí chun sainaithint a éascú.
Tacaíonn Europol, gníomhaireacht phóilíneachta an Aontais, leis an malartú faisnéise idir na húdaráis phóilíneachta náisiúnta. I mBealtaine 2016, chomhaontaigh feisirí Eorpacha tuilleadh cumhachtaí a thabhairt do Europol chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta mar aon le haonaid speisialaithe a bhunú amhail Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa, a seoladh an 25 Eanáir 2016.
Maoiniú na sceimhlitheoireachta a scoitheadh
Beart éifeachtach chun sceimhlitheoirí a stopadh is ea a bhfoinsí ioncaim a scoitheadh agus lóistíocht a chur as riocht. Chun an méid sin a chur i gcrích, rinne Parlaimint na hEorpa an Treoir maidir le Sciúradh Airgid a nuashonrú in 2018. Déanfaidh sé an trédhearcacht a mhéadú i gcás na ndaoine ceilte atá bainteach le cuideachtaí agus díreoidh sé ar na rioscaí a bhaineann le hairgeadra fíorúil agus cártaí creidmheasa anaithnide réamhíoctha.
Cion coiriúil is ea sciúradh airgid i dtíortha uile an Aontais, ach ní hionann na sainmhínithe agus na smachtbhannaí i ngach cás. Déanfaidh na rialacha nua chun dul i ngleic le maoiniú coiriúil na bealaí éalaithe sin a dhúnadh.
Meastar go ngineann gníomhaíochtaí coiriúla san Eoraip tuairim is €110 mbilliún gach bliain. Mar sin féin, ní dhéantar ach 1.1% d’fháltais ó choireacht a choigistiú go héifeachtach. I mí Dheireadh Fómhair 2018, comhaontaíodh rialacha nua chun é a dhéanamh níos éasca sócmhainní coiriúla a choigistiú ar fud AE.
Beidh feidhm ag na rialacha uile nua sin ó 2020.
Rochtain ar airm dhainséaracha a laghdú
Déanann AE gach ní is féidir a dhéanamh chun cosc a chur na daoine contráilte seilbh a fháil ar airm dhainséaracha.
Leis an Treoir maidir le hAirm Thine athbhreithnithe, dúntar na bealaí éalaithe dlíthiúla a d’fhág go raibh sceimhlitheoirí in ann airm athchóirithe a úsáid sna hionsaithe i bPáras in 2015 mar shampla. Ceanglaítear leis nach mór do thíortha AE córas faireacháin cuí a bheith i bhfeidhm acu agus na heisceachtaí a dhéantar i gcás sealgairí, músaem agus bailitheoirí a choinneáil.
Rinneadh formhór mór na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip agus úsáid á baint as buamaí de dhéantús baile. Ní bheidh sé chomh héasca do sceimhlitheoirí teacht ar na comhábhair atá riachtanach chun pléascáin a dhéanamh a bhuíochas ar rialacha níos déine a chomhaontaigh an Pharlaimint i mí Aibreán 2019.
Radacú a chosc
Baineann sceimhlitheoirí agus antoiscigh úsáid as an idirlíon chun bolscaireacht agus radacú a scaipeadh. Tá an Pharlaimint ag iarraidh go mbeidh sé d’oibleagáid ar chuideachtaí amhail Facebook nó YouTube ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas laistigh d’uair an chloig amháin tar éis ordú a fháil ó na húdaráis ábhartha.
Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag cur borradh faoin gcibearshlándáil
Bhí an radacú agus conas cur ina choinne ar cheann de phointí fócais coiste speisialta maidir le sceimhlitheoireacht, a rinne a chuid oibre, a mhair ar feadh bliana, a thabhairt chun críche in 2018. Molann an Pharlaimint na seanmóirithe fuatha a chur ar liosta faireachais AE, mar gheall gur féidir leo oibriú gan bhrath faoi láthair má bhogann siad ó thír Eorpach amháin go tír Eorpach eile. Chomh maith leis sin, molann na feisirí príosúnaigh a ndearnadh radacú orthu i bpríosúin a leithscaradh mar aon le hoiliúint shonrach ar radacú a chur ar fáil d’oifigigh AE agus d’oifigigh na mballstát.
Ba sceimhlitheoirí dúchasacha a rinne formhór na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip, saoránaigh na hEorpa a rugadh in AE agus a ndearnadh radacú orthu gan an Eoraip a fhágáil fiú. Mhol an Pharlaimint bearta chun radacú agus antoisceachas a chomhrac i bpríosúin, ar líne agus trí oideachas agus trí chuimsiú sóisialta cheana in 2015.
Breisluach AE
Is ar leibhéal AE atá an príomhfhóram le haghaidh comhar agus comhordú i measc na mballstát sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, cé gur inniúlacht náisiúnta go príomha is ea coireacht a chomhrac agus an tslándáil a áirithiú.
Is iad na feisirí i gcomhar le hairí náisiúnta a dhéanann príomhdhlíthe frithsceimhlitheoireachta AE a chinneadh. Riamh anall, is í an Pharlaimint a dhéanann urraim do chearta bunúsacha agus cosaint sonraí a fhaire, a bhfuil gá leis go háirithe i gcomhthéacs beartais atá bunaithe ar ghéarchéim agus ina bhfuil brú chun ghníomhú.
Is comhthosaíocht í an tslándáil san Eoraip d’institiúidí AE. Tá straitéis frithsceimhlitheoireachta AE bunaithe ar cheithre shraith: cosc, cosaint, tóraíocht agus freagairt. Tá mar aidhm leis an gClár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil 2015-2020 an comhar i measc ballstáit a éascú sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe agus na cibearchoireachta. Saothraíonn an tAontas freisin chun a shlándáil sheachtrach a fheabhsú i gcomhar le tíortha nach tíortha den Aontas iad.