Ó fheirm go forc: rialú níos fearr ar gach céim den bhiashlabhra

Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh tomhaltóirí AE siúráilte go bhfuil an bia atá á cheannach acu sábháilte.

Caith súil ar an bhfíseán thuas chun tuilleadh a fhoghlaim

Léirigh an scannal maidir le feoil capaill siar in 2013 go gcaithfear tuilleadh a dhéanamh chun ardchaighdeán bia a chinntiú. Tar éis vóta an 15 Márta, tá feisirí Eorpacha ag moladh go láidreofaí iniúchtaí oifigiúla san earnáil agraibhia. Tar éis d'fheisirí Eorpacha a gceadú a thabhairt leis na rialacha nua an 15 Márta, beidh pionóis chomhoiriúnaithe níos déine ann i gcomhair calaoiseoirí. Tá fórálacha ann chomh maith maidir le sláinte agus leas ainmhithe, agus beidh iniúchtaí níos éifeachtaí ann san earnáil agraibhia, lena n-áirítear iniúchtaí gan choinne. Táthar ag súil freisin go mbeidh údaráis na mballstát in ann dul i ngleic le géarchéimeanna bia ar bhealach níos sciobtha. Leis an reachtaíocht nua seo, táthar ag iarraidh chomh maith iontaibh an phobail as an mbiashlabhra a thabhairt ar ais.


Tá na hathruithe seo ag teastáil chun cleachtais chalaoiseacha a chosc, géarchéimeanna bia ar nós an scannail maidir le feoil capaill a bhain creathadh as an Eoraip siar in 2013. Tharraing an scannal sin go leor ceisteanna anuas faoi éifeachtach na n-iniúchtaí san earnáil bhia.


Is í Karin Kadenbach, feisire Ostarach de chuid na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe, atá i gceannas ar stiúradh na reachtaíochta tríd an bParlaimint. Ag labhairt di roimh an vóta, dúirt sí: “Tá an dlí seo dírithe ar scannail bhia a chosc, ach tá níos mó i gceist leis: Tá an ceart ag muintir na hEorpa chun an tsláinte is fearr is féidir, mar atá ag ainmhithe agus fásra freisin. Agus sin an fáth a dteastaíonn rialuithe diana, fiúntacha fud fad na hEorpa.”


Tá an reachtaíocht nua dírithe ar fheabhas a chur ar shláinte agus leas ainmhithe chomh maith: “Ar ndóigh tá marú dírithe ar ainmhí a chur chun báis, ach is í an cheist, a mhéid ba chóir go gcuirfí san áireamh cosaint agus leas na n-ainmhithe. Cumhdaítear sa téacs mar shampla go mbeadh tréidlia i láthair roimh an marú.”


Sábháilteacht bhia san Aontas Eorpach


Tá rialacha AE maidir le sábháilteacht bhia ar na rialacha is déine ar domhan. De bharr thionchar an domhandaithe agus biashlabhraí atá ag éirí níos casta, uaireanta bíonn sé níos éasca calaois a dhéanamh áfach.


Tar éis d'feisirí Eorpacha a gceadú a thabhairt leis na rialacha an 15 Márta, tiocfaidh siad i bhfeidhm roimh dheireadh 2019. Is fiú €750 billiún é tionscal bia an Aontais Eorpaigh agus tá thart ar 48 milliún duine fostaithe san earnáil.


Cuirfear tús leis an díospóireacht thart ar 17.30, Am Lár na hEorpa, an 14 Márta.