Parlaimint na hEorpa: tiomanta le fada don chomhrac in aghaidh na síleála gloine

Tá an Pharlaimint tiomanta don chomhrac chun deireadh a chur le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas. Agus Lá na mBan ar siúl an 8 Márta, caith súil ar ár bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim.

Déanfar ceiliúradh an 8 Márta ar Lá Idirnáisiúnta na mBan

Le blianta anuas, tá torthaí suntasacha i dtéarmaí chothromaíocht inscne bainte amach ag an Aontas Eorpach ach tá go leor iarrachtaí ag teastáil fós má táimid chun fíorchothromaíocht a bhaint amach idir fir agus mná.


Bhí na chéad toghcháin dhíreacha chuig Parlaimint na hEorpa ann sa bhliain 1979 agus toghadh an feimineach mór le rá Simone Veil mar uachtarán. Dhá scór bliain níos déanaí, ag 36%, tá céatadán na mban i bParlaimint na hEorpa níos airde ná riamh; sin i gcomparáid le 17% siar in 1979.


Ag labhairt di roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan 2019, dúirt cathaoirleach an choiste um chomhionannas inscne Vilija Blinkevičiūtė: “Tá cumhacht na mban sa pholaitíocht i gcroílár chearta na mban mar sainítear léi cumas na mban a bheith rannpháirteach agus ról a bheith acu i gcomhrialú ár sochaithe.”


Is bunphrionsabal de chuid an Aontais Eorpaigh, agus prionsabal a chumhdaítear i gconarthaí an Aontais, é an comhionannas idir fir agus mná. Thug an tAontas Eorpach tábhacht riamh do shaincheisteanna an chomhionannais inscne ar a chlár oibre: nuair a síníodh Conradh na Róimhe i mí an Mhárta 1957, leagadh prionsabal an chomhphá ar obair chomhluacha amach in Airteagal 119.


I dtuarascáil a cuireadh chun vóta sa Pharlaimint an 15 Eanáir 2019, leag feisirí Eorpacha béim arís ar an ngá le gannionadaíocht na mban ar liostaí toghchánacha a chomhrac. D’iarr siad ar pháirtithe polaitiúla na hEorpa ionadaíocht chothrom ar mhná agus ar fhir a chinntiú agus iarrthóirí á roghnú nó á n-ainmniú do na toghcháin Eorpacha i mí Bealtaine.


Thug feisirí Eorpacha a gceadú i Meán Fómhair na bliana seo caite le rún maidir le dul i ngleic le bulaíocht agus le ciapadh gnéasach i saol polaitiúil an Aontais Eorpaigh.