Laghdú ar tháillí fánaíochta ón 30 Aibreán

Tógfar céim eile chun deireadh a chur le táillí fánaíochta an 30 Aibreán nuair a laghdófar táillí fánaíochta laistigh den Aontas Eorpach. Agus ón 15 Meitheamh 2017 ní ghearrfar muirear ar bith ort má chuireann tú glaoch ar chara nó má sheolann tú ríomhphost le do ghuthán póca agus tú thar lear. Mar chuid den chomhaontú seo, cuirfear na chéad rialacha uile-Eorpacha i bhfeidhm chun rochtain ar an idirlíon oscailte a chosaint freisin.

Calling and surfing in the EU will be cheaper from 30/04/2016 ©AP Images/ European Union-EP
Laghdófar táillí fánaíochta an 30 Aibreán 2016 ©AP Images/EU-EP

Léiríodh i suirbhé de chuid an Choimisiúin Eorpaigh go múchann 28% na dtaistealaithe san Aontas Eorpach a nguthán póca agus iad thar lear chun táillí fánaíochta a sheachaint. Le níos mó ná ocht mbliana anuas tá na táillí seo á n-ísliú ag an Aontas Eorpach, agus tar éis do chaibidleoirí na Parlaiminte, na Comhairle agus an Choimisiúin teacht ar chomhaontú an 30 Meitheamh 2015, cuirfear deireadh iomlán leo an 15 Meitheamh 2017. Is cuma cá bhfuil tú san Aontas Eorpach, na táillí céanna a bheidh i gceist. Thug feisirí Eorpacha a gceadú leis an gcomhaontú seo i mí Dheireadh Fómhair 2015. Mar chuid den chomhaontú, cuirfear na chéad rialacha uile-Eorpacha i bhfeidhm chun rochtain ar an idirlíon oscailte a chosaint freisin. 


Laghdófar táillí fánaíochta cheana féin an 30 Aibreán 2016, agus beidh mar fhormhuirear uasta ansin 5¢/nóiméad do ghlaonna, 2¢ do théacsanna agus 5¢ in aghaidh an mheigibhirt de shonraí. Mar shampla má bhaineann costas 8¢/nóiméad le glao teileafóin agus tú sa bhaile, an t-uasphraghas agus tú ar an gcoigríoch ná 13¢/nóiméad.


Tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse seo an 15 Meitheamh 2017 agus ón lá sin ar aghaidh beidh tomhaltóirí in ann glaonna a dhéanamh agus a fháil, téacsteachtaireachtaí a sheoladh agus seirbhísí sonraí a úsáid gan méid ar bith a íoc de bhreis ar tháillí intíre. Tuilleadh sa chairt thíos.


Uastháillí fánaíochta (gan cáin bhreisluacha a áireamh)


I bhfeidhm

An 30 Aibreán 2016 go dtí an 14 Meitheamh 2017

Ón 15 Meitheamh 2017

Glao amach

19¢/nóim.

Praghas intíre + formhuirear suas le 5¢

Táillí céanna, is cuma cá bhfuil tú san AE

Téacsteachtaireacht amach

Praghas intíre + formhuirear suas le 2¢

Meigibheart de shonraí

20¢

Praghas intíre + formhuirear suas le 5¢

Téacsteachtaireacht isteach

Saor ó chostas

Glao isteach

5¢/nóim.

I gcás glaonna a fhaightear, is é an formhuirear uasta a bheidh ann meánráta ualaithe na rátaí uasta críochnaithe soghluaiste ar fud an AE, leagfaidh an Coimisiún seo amach.


Ag labhairt di an tseachtain seo, dúirt Pilar del Castillo Vera, ball Spáinneach de Pháirtí an Phobail Eorpaigh: "Lá iontach a bheidh ann do thomhaltóirí! Bainfidh siad leas as táillí fánaíochta níos ísle ar ghlaonna gutháin, ar shonraí agus ar théacsteachtaireachtaí agus iad ag taisteal san Aontas Eorpach. Seo an chéim dheireanach sula gcuirfear deireadh ar fad le táillí fánaíochta i Meitheamh 2017."


Cliceáil anseo chun an nuacht is déanaí ó sheirbhís preasa na Parlaiminte a fháil.

An chéad chéim eile: laghdófar muirir fánaíochta ón 30 Aibreán 2016 agus cuirfear deireadh ar fad leo sa bhliain 2017