Aleppo: ‘Géarghá le cabhair dhaonnúil agus le limistéar faoi chosc eitilte’

Tá cúrsaí imithe chun donais sa tSiria le tamall anuas. Easáitíodh níos mó ná 50,000 duine in Aleppo le déanaí tar éis d’fhórsaí rialtas na Siria dul chun cinn a dhéanamh in oirthear na cathrach. Is iad na Clogaid Bhána (nó Cosaint Shibhialta na Siria) an eagraíocht tharrthála is mó atá ag obair in Aleppo. Tháinig ionadaithe ón eagraíocht os comhair na gcoistí um fhorbairt agus um ghnóthaí eachtracha an 5 Nollaig agus thug siad léargas d’fheisirí Eorpacha faoin obair atá ar siúl acu.

Agallamh le hAbdulrahman Al-Mawwas, ionadaí ó na Clogaid Bhána

Is eagraíocht dhaonnúil le timpeall ar 3,000 oibrí deonach í Cosaint Shibhialta na Siria, nó na Clogaid Bhána mar is fearr aithne orthu. Ball de chuid na gClogad Bán is ea Abdulrahman Al-Mawwas. Le beirt bhall eile ón eagraíocht, tugadh cuireadh dó labhairt os comhair na gcoistí um fhorbairt agus um ghnóthaí eachtracha an 5 Nollaig.


Ag cur fáilte dó roimh an Uasal Al-Mawwas, chuir an feisire Sasanach Charles Tannock (Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa) in iúl go bhfuil thart ar 150 oibrí de chuid na gClogad Bán tar éis bás a fháil i gceantar Aleppo ó cuireadh tús leis an gcoimhlint sa bhliain 2011. Tionóladh an cruinniú de chuid na gcoistí um fhorbairt agus um ghnóthaí eachtracha díreach agus an Rúis agus an tSín tar éis diultú le rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le sos cogaidh a chur i bhfeidhm in Aleppo ar feadh seachtaine.


Ag labhairt dó in agallamh tar éis an chruinnithe le feisirí Eorpacha, dúirt príomhoifigeach teagmhála an ghrúpa Abdulrahman Al-Mawwas: “Is é an sprioc atá againn ná oiread daoine a shábháil agus is féidir san am is lú is féidir.” Ag labhairt dó faoi chúrsaí in Aleppo i láthair na huaire, dúirt sé: “Le fírinne, tá breosla, bia agus uisce gann in an-chuid réigiún sa tSiria agus ní in Aleppo amháin. Ach tá Aleppo faoi léigear le corradh le 105 lá. Ar an drochuair, tá an léigear seo á úsáid mar armlón in aghaidh saoránach, agus is coir chogaidh é sin.”


rún a glacadh sa Pharlaimint le linn an tseisiúin iomlánaigh an 24 Samhain, d’iarr feisirí Eorpacha ar na páirtithe ar fad a bhfuil baint acu leis an gcoimhlint sa tSiria deireadh a chur leis an mbuamáil ar shibhialtaigh, agus teacht ar chabhair dhaonnúil ar fud na tíre a chinntiú.


Caith súil ar an agallamh thuas chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na Clogaid Bhána agus faoin obair atá á déanamh acu. (Fotheidil ar fáil i nGaeilge chomh maith.)

Coimhlint na Siria

  • Cabhair dhaonnúil ag teastáil ag 13.5 milliún duine
  • 6.1 milliún duine easáitithe laistigh den tSiria
  • 4.8 milliún duine tar éis an tír a fhágáil
  • Maraíodh níos mó ná 250,000 duine
  • Ceathrar as cúigear ag maireachtáil i mbochtaineacht
  • Laghdú 20 bliain tagtha ar an ionchas saoil sa tír ó cuireadh tús leis an gcoimhlint