An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú: ag cuidiú le daoine dífhostaithe post a fháil arís

Leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tugtar tacaíocht do dhaoine a chailleann a bpost mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais nó an domhandú. A bhuíochas do €400milliún ón gciste ó 2007 go 2013 bhí na mílte duine in ann athoiliúint a dhéanamh, post nua a chuardach nó a gcuideachta féin a bhunú. Thug an Pharlaimint a ceadú an 17 Meán Fómhair do chlár cabhrach eile d'oibrithe i gceithre bhallstát. Tá tuilleadh eolais san alt seo faoi na hiarratais a cuireadh isteach don chlár cheana.

Ó 2007 tá níos mó ná 100 iarratas ó 20 ballstát faighte ag an gciste ag lorg cómhaoinithe chun cláir thacaíochta a bhunú don bhreis is 100,000 duine a chaill a bpoist de bharr an domhandaithe (56%) nó mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch dhomhanda (44%).


Tháinig an chuid is mó de na hiarratais ó na hearnálacha seo a leanas:

  • an tionscal déanta gluaisteáin - 22.5%
  • innealra agus trealamh - 13.5%
  • teicstíl, déantús córach éadaigh agus brógaí - 12%
  • riomhairí, fóin phóca, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide - 11.6%
  • tionscal foirgníochta - 9.6%


Maidir leis an gcairt


Is iad na húdaráis naisiúnta nó réigiúnacha a dhéanann cásanna a bhainistiú agus a chur chun feidhme faoi chlár an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú. Sa chairt thuas léiríonn méid an bholgáin an méid tacaíochta a lorg tír. Léiríonn suíomh an bholgáin cé mhéad oibrithe a fuair tacaíocht nó a bhí chun tacaíocht a fháil (ais cheartingearach) agus an méid iarratas a chuir gach ballstát isteach (ais chothrománach). Léiríonn dath an bhlogáin an ráta dífhostaíochta atá ann i ngach ballstát.

Tuilleadh faisnéise