Éisteachtaí an lae inniu: Moscovici, Hogan, Bieńkowska, Georgieva agus Vestager

Osclaíodh éisteachtaí na gcoimisinéirí an 29 Meán Fómhair. Inniu beidh deis ag feisirí saineolas agus cumas...

day4_ga.jpg
Cuireadh tús leis na héisteachtaí parlaiminteacha an 29 Meán Fómhair.

Sula gcuirfidh an Coimisiún Eorpach nua tús lena thréimhse oifige beidh deis ag feisirí mionscrúdú a dhéanamh ar na coimisinéirí ainmnithe. Tá ceapadh na gcoimisinéirí ar fad faoi réir fhormheas na Parlaiminte agus beidh ar na hiarrthóirí teacht os comhair na gcoistí parlaiminteacha cuí de réir na réimsí freagrachta a bheidh acu. Cuireadh tús leis na héisteachtaí an 29 Meán Fómhair. Bhí deis ag feisirí ceisteanna a chur ar  Corina Crețu, Marianne Thyssen, Jonathan Hill, Vĕra Jourová, Tibor Navracsics agus Miguel Arias Cañete inné. Cliceáil anseo chun súil siar as Béarla a fháil ar na héisteachtaí sin.


Beidh tionchar ag na héisteachtaí ar vóta na Parlaiminte ar cheapadh na gcoimisinéirí. Beidh an vóta sin ar siúl an 22 Deireadh Fómhair.


Éisteachtaí ar an 2 Deireadh Fómhair


Is é an coimisinéir ainmnithe Pierre Moscovici atá freagrach as gnóthaí geilleagracha  agus airgeadaíochta i gCoimisiún Juncker. Cuirfear tús lena éisteacht inniu ag 09.00 (Am Lár na hEorpa). Beoshruth ar fáil anseo.


Ainmníodh an tÉireannach Phil Hogan mar an Coimisinéir um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt na Tuaithe. Cuirfidh comhaltaí an Choiste Talmhaíochta ceisteanna air maidin inniu. Beo anseo. Beidh tvuíteanna ar fáil anseo le linn na héisteachta.


Is í Elżbieta Bieńkowska iarrthóir na Polainne. Is iad na cúraimí a tugadh di ná: an margadh inmheánach, tionsclaíocht, fiontraíocht agus gnóthais bheaga/mheanmhéide. Cuirfear tús lena héisteacht ag 13.30 inniu. Beidh an físeán ar fáil anseo.


Is í Kristalina Georgieva ón mBulgáir an coimisinéir-ainmnithe le freagracht as acmhainní daonna agus cúrsaí buiséid. Beidh a héisteacht ag tosnú ag 13.30 chomh maith agus is féidir súil a chaitheamh ar an gceistiúchán anseo.


Beidh deis ag Margrethe Vestager ó 18.00 inniu. Mar an Coimisinéir um Iomaíochas cuirfidh comhaltaí an Choiste um Chúrsaí Eacnamaíocha agus Airgeadais ceisteanna uirthi. Beoshruth anseo.


Bain úsáid as an haischlib #EPhearings2014 chun na tvuíteanna is déanaí faoi na héisteachtaí a fháil. Is féidir leat súil a choinneáil ar chúrsaí lenár Lárionad Tvuíteála chomh maith - ar fáil anseo.


Beidh súil siar ar na héisteachtaí ar fáil as Béarla ar ár leathanach Storify anseo. Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na hiarrthóirí agus faoin bpróiseas i gcoitinne caith súil ar an suíomh seo.