Díospóireachtaí sa Pharlaimint ar chúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann agus sa Chipir

Déanfar próiseas na síochána i dTuaisceart Éireann a phlé le linn seisiúin iomlánaigh de chuid na Parlaiminte sa Bhruiséil inniu an 12 Samhain. Glacfaidh Ardionadaí an AE do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slánadála páirt i ndíospóireacht eile a bheidh ar siúl faoi ghníomhaíochtaí na Tuirce i bhfarraigí na Cipire le déanaí. Cuirfear tús leis na díospóireachtaí timpeall 15.30, Am Lár na hEorpa, agus beidh beochraoladh ar fáil ar an suíomh seo.

Streaming photo - Live from the EP
Díospóireacht ar Thuaisceart Éireann agus ar an gCipir an 12 Samhain

Cuireadh tús le cainteanna uile-pháirtí i mBéal Feirste an mhí seo caite chun dul i ngleic le ceisteanna achrannacha i dTuaisceart Éireann. Táthar ag iarraidh teacht ar chomhaontú maidir le saincheisteanna oidhreachta, agus lenar tharla le linn na dTrioblóidí. Ag labhairt dó in Strasbourg an 20 Deireadh Fómhair dúirt uachtarán na Parlaiminte Martin Schulz gur chóir do na páirtithe ar fad i dTuaisceart Éireann staonadh ó ghníomhartha gríosaithe. Dúirt sé freisin go bhfuil Parlaimint na hEorpa sásta tacú leis an bpróiseas atá ar bun chun institiúidí daingne a bhunú i dTuaisceart Éireann, chun borradh a chur faoin ngeilleagar agus chun a chinntiú go mbeidh todhchaí rachmasach agus shábháilte i ndán do mhuintir an réigiúin.


Sheol an Tuirc longa cabhlaigh agus taighde isteach i gcrios eacnamaíoch eisiach na Cipire an mhí seo caite. Mar thoradh ar an ngníomh sin chuir uachtarán na Cipire Nicos Anastasiades na cainteanna síochána le Tuaisceart na Cipire ar fionraí. Le linn an chruinnithe mullaigh a bhí ar siúl an 23-24 Deireadh Fómhair ghríosaigh ceannairí bhallstát an AE an Tuirc chun srian a chur uirthi féin agus meas a léiriú i leith cheannasacht na Cipire ar a farraige chríche agus i leith chearta na tíre ina crios eacnamaíoch eisiach. Déanfar an cheist seo a phlé sa Pharlaimint inniu chomh maith.


Caithfear vóta ar rialacháin a bhaineann le Tuaisceart Éireann agus leis an gCipir sa Pharlaimint an 13 Samhain.


Cliceáil anseo chun an nuacht is déanaí ó sheirbhís preasa na Parlaiminte a fháil.