Teagmháil 

Is féidir leat dul i dteagmháil le Parlaimint na hEorpa trína Aonad um Fhiosrúcháin ó Shaoránaigh (Ask EP), a fhreagróidh do cheisteanna faoin bParlaimint, faoina gníomhaíochtaí, faoina eagraíocht agus rialacha, agus faoina cumhachtaí agus a nósanna imeachta.

 

Parlaimint na hEorpa i do thírse 

Tá oifig eolais ag Parlaimint na hEorpa i ngach Ballstát. Cad atá i gceist leis sin go praiticiúil?

 
 

Teagmháil leis an Stiúrthóir Gréasáin

Tá an Stiúrthóir Gréasáin freagrach as dea-fheidhmiú láithreán gréasáin Pharlaimint na hEorpa agus cur i láthair ceart a leathanach mar aon lena forbairt leanúnach. Fáiltímid roimh bhur dtuairimí ar an láithreán seo agus aon mholtaí a d'fhéadfadh a bheith agat chun an láithreán a dhéanamh níos soláimhsithe don úsáideoir.

Tá bosca ríomhphoist ar fáil sa chaoi gur féidir leat aon deacrachtaí teicniúla a chur in iúl.

Ní mór go mbeadh baint ag ábhar na ríomhphost le feidhmiú nó cur i láthair teicniúil an láithreáin - naisc bhriste, faisnéis mhíchruinn, earráidí teanga, sonraí in easnamh, ríomhphoist phreabacha agus fadhbanna rochtain a fháil ar an láithreán.

Déanfaimid iarracht freagra a thabhairt ar do ríomhphost laistigh de thréimhse réasúnta.