Cosnaíonn siad ár saoirsí

Chun comóradh a dhéanamh ar 30 bliain na duaise, cuireann an Pharlaimint mar aon le ceathrar grianghrafadóirí ó Magnum scéalta na ngníomhaithe atá ar son chearta an duine sa lá atá inniu ann inár láthair.

Is éard atá sa tionscadal grianghraf dar teideal "Cosnaíonn siad ár saoirsí" ná aistear tumthach i saol laethúil bheirt bhan agus bheirt fhear a bhíonn ag troid ar son chearta an duine sa Chambóid, sa Túinéis, san Aetóip agus sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin.

Asma Kaouech, an Túinéis

le Newsha Tavakolian

Asma Kaouech, Sakharov Fellow

© Newsha Tavakolian / Magnum Photos, 2017

Léiríonn an grianghrafadóir Iaránach Newsha Tavakolian obair Asma Kaouech agus í ag iarraidh aos óg na Túinéise a choinneáil amach ón radacú.  Ina 25 ghrianghraf, taispeánann sí streachailt agus dóchas ghlúin nua na dTúinéiseach, i ndiaidh réabhlóid 2011.

Ameha Mekonnen, an Aetóip

le Enri Canaj

Ameha Mekonnen, Sakharov Fellow

© Enri Canaj / Magnum Photos, 2017

Tá Enri Canaj taobh thiar den cheamara a leanann obair agus saol an dlíodóra ón Aetóip Ameha Mekonnen.  Tá an t-iarfhostaí seirbhíse poiblí Ameha mar cheann ar an gComhairle um Chearta an Duine anois, eagraíocht a chosnaíonn an ceart atá ag iriseoirí agus ag blagálaithe a dtuairimí a léiriú gan srian.

Jadranka Miličević, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

le Bieke Depoorter

Jadranka Miličević, Sakharov Fellow

© Bieke Depoorter / Magnum Photos, 2017

Léiríonn obair an ghrianghrafadóra ón mBeilg Bieke Depooter i 25 fhráma shocra an dlúithe dhomhain a bhaineann le hobair laethúil Jadranka Miličević.  Is iardhídeanaí ó Chogadh na mBalcán í Jadranka a theith i 1992 ó Shairéavó go dtí an tSeirbia. Tá dhá eagraíocht neamhrialtasacha - Cure agus Care - bunaithe aici chun cabhrú le mná a ndearnadh foréigean agus idirdhealú orthu.

Samrith Vaing, an Chambóid

le Jérôme Sessini

Samrith Vaing, Sakharov Fellow

© Jérôme Sessini / Magnum Photos, 2017

Leanann Jérôme Sessini, an grianghrafadóir Francach a bhfuil go leor taithí aige, an obair laethúil atá á déanamh ag Samrith Viang sa Chambóid chun tacú le mionlach eitneach Bunong ina dtroid i gcoinne ghabháil talún na gcuideachtaí ilnáisiúnta.  Cuireann Sessini bunús na saolta sin in iúl trí úsáid a bhaint as dubh agus bán.