Oleg Sentsov, buaiteoir Dhuais Sakharov 2018

© Sergei Venyavsky/Getty Images

Is stiúrthóir agus scríbhneoir scannán Úcránach é Oleg Sentsov, agus duine é a labhair amach go neamhbhalbh in aghaidh ionghabháil na Rúise ar an gCrimé.

Saolaíodh Sentsov in Simferopol i 1976, rinne sé staidéar ar an eacnamaíocht i gCív, agus ina dhiaidh sin ar scríbhneoireacht scripte agus ar stiúradh scannán i Moscó. In 2012, rinne sé a chéad phríomhscannán, i.e. Gámer, scannán a bhuaigh duaiseanna. In 2013, ghlac sé ballraíocht ghníomhach i ngluaiseacht AutoMaidan, a bhí ag éileamh go mbeadh saoirse agus cearta an duine ann san Úcráin, agus chuidigh sé le Réabhlóid EuroMaidan a adhaint. In 2014, i rith ionghabháil mhídhleathach na Crimé, d'eagraigh Sentsov cabhair dhaonnúil do shaighdiúirí na hÚcráine a bhí i sáinn, trínar tugadh bia agus cógais leighis dóibh agus cúnamh chun a dteaghlaigh a aslonnú.

An 10 Bealtaine 2014, gabhadh é in Simferopol sa Chrimé agus tugadh ina aghaidh go raibh sé ag beartú gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta i gcoinne réimeas "de facto" na Rúise sa Chrimé. Thug seirbhís slándála na Rúise ar shiúl chun na Rúise é. Chaith sé bliain faoi choinneáil sular cuireadh os comhair cúirt mhíleata é. Ghearr an chúirt sin pianbhreith 20 bliain air. Thug Amnesty International "seóthriail thar a bheith soiniciúil" ar an triail sin. Chaith údaráis na Rúise leis mar shaoránach Rúiseach cé nach raibh pas Rúiseach riamh aige agus gur fhógair sé nach raibh aige ach saoránacht na hÚcráine.

Cuireadh i leith Sentsov gur cheann feadhna eagraíocht sceimhlitheoireachta é agus go raibh sé beartaithe ag an eagraíocht sin séadchomharthaí sa Chrimé a phléascadh. D'áitigh sé go diongbháilte go raibh sé neamhchiontach agus níor tugadh ar aird aon fhianaise dhochloíte ar a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí coiriúla. Tharraing príomhfhinné an ionchúisimh a chéad-admháil siar agus nocht sé go ndearna sé an admháil sin fad agus a bhí sé á chéasadh. Ag caint dó sa chúirt, rinne Sentsov fonóid faoin bpróiseas bréige agus chuir sé a dhóchas in iúl nach mbeadh eagla ar dhaoine sa Rúis a thuilleadh.

Tar éis pianbhreith a bheith gearrtha air, seoladh Sentsov go dtí áitreabh ardslándála pionóis sa tSibéir, lastuaidh den Chiorcal Artach, na mílte ciliméadar i gcéin óna bhaile dúchais. Agus é i bpríosún lean sé de bheith ag troid ar son na rudaí ar chreid sé go daingean diongbháilte iontu. I mí Bealtaine 2018, chuaigh sé i mbun stailc ocrais a mhair 145 lá, ag éileamh dó go scaoilfí saor gach príosúnach polaitiúil Úcránach sa Rúis. B'éigean dó éirí as faoin mbagairt go ndéanfaí é a bheathú in aghaidh a thola agus mar gheall ar an droch-riocht ina raibh a shláinte.

An 14 Meitheamh 2018, ghlac Parlaimint na hEorpa rún lenar éilíodh go ndéanfaí Oleg Sentsov agus gach saoránach Úcránach atá faoi choinneáil go mídhleathach sa Rúis a scaoileadh saor láithreach agus gan choinníoll.

Thacaigh an comhphobal idirnáisiúnta, grúpaí um chearta an duine, scannánóirí Rúiseacha, stiúrthóirí scannán cáiliúla agus aisteoirí mór le rá, thacaigh siad le Sentsov agus d'iarr siad go scaoilfí saor é. Thug an Lárionad Rúiseach um Chearta Daonna "Memorial" aitheantas dó mar phríosúnach polaitiúil.

I Meán Fómhair 2019, ligeadh Sentsov saor ón bpríosún agus cuireadh ar ais chuig an Úcráin é. Ligeadh saor é mar chuid de chomhaontú idir an Rúis agus an Úcráin maidir le malartú grúpaí cimí ón dá thaobh. I ráiteas a David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa uaidh, chuir sé in iúl gur mhór an faoiseamh dó, agus gurbh údar lúcháire dó, a chloisteáil gur scaoileadh saor Sentsov. Mhol sé é toisc é a bheith ina fhear misniúil a chuir in aghaidh na héagóra le stuaim.

Freasúra Daonlathach i Veiniséala - 2017, Veiniséala

Nadia Murad agus Lamiya Aji Bashar - 2016, An Iaráic

Raif Badawi - 2015, An Araib Shádach

Denis Mukwege - 2014, Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Malala Yousafzai - 2013, an Phacastáin

Nasrin Sotoudeh - 2012, an Iaráin

Jafar Panahi - 2012, an Iaráin

Mohamed Bouazizi – 2011, "An tEarrach Arabach", an Túinéis

Ali Ferzat – 2011, "An tEarrach Arabach", an tSiria

Asmaa Mahfouz - 2011, "An tEarrach Arabach", an Éigipt

Ahmed El Senussi – 2011, "An tEarrach Arabach", an Libia

Razan Zaitouneh – 2011, "An tEarrach Arabach", an tSiria

Guillermo Fariñas – 2010, Cúba

Buaiteoiri