Annual report on the control of the financial activities of the European Investment Bank for 2016 (A8-0139/2018 - Marco Valli)
Seán Kelly (PPE). – A Uachtaráin, fáiltím roimh an tuairisc seo agus is dóigh liom gur maith an rud é go mbeadh Feisirí ar an eolas faoi chaiteachas agus imeachtaí Bhanc Infheistíochta na hEorpa, agus tríd an tuairisc seo agus tríd an díospóireacht a bhí againn aréir - agus bhí áthas orm páirt a ghlacadh ann - tagaimid ar an eolas sin.
Freisin, tá ainm in airde ag EIB anois, go háirithe de bharr na dea-oibre atá á déanamh ag EIB maidir le hESI. Reáchtáil mise ceithre nó cúig chruinniú phoiblí i mo cheantar féin. Tháinig Cormac Murphy ó Éirinn agus ó EIB in Éirinn chuig na cruinnithe sin, agus bhí daoine an-sásta leis sin, chomh sásta sin go bhfuilim ag fáil cuireadh gach uile lá ó chathracha agus ó bhailte eile chun cruinniú mar sin, maidir leis an EIB, a reáchtáil chomh maith.
Dá bhrí sin, tá jab an-mhaith á dhéanamh acu agus caithfimid a bheith bródúil astu.