Tairiscint i gcomhair rúin - B8-0135/2018Tairiscint i gcomhair rúin
B8-0135/2018

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir leis an gcreat don chaidreamh AE-RA amach anseo

7.3.2018 - (2018/2573(RSP))

chun an díospóireacht maidir leis an gcreat don chaidreamh AE-RA amach anseo a thabhairt chun deiridh
de bhun Riail 123(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Guy Verhofstadt Comhordaitheoir agus Cathaoirleach Ghrúpa ALDE
Manfred Weber Cathaoirleach Ghrúpa PPE
Gianni Pittella Cathaoirleach Ghrúpa S&D
Gabriele Zimmer Cathaoirleach Ghrúpa GUE/NGL
Philippe Lamberts, Ska Keller Comhchathaoirligh Ghrúpa Verts/ALE
Danuta Maria Hübner Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla


Nós Imeachta : 2018/2573(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
B8-0135/2018
Téacsanna arna gcur síos :
B8-0135/2018
Téacsanna arna nglacadh :

B8-0135/2018

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcreat don chaidreamh AE-RA amach anseo

(2018/2573 (RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an 7 Nollaig 2000 (‘an Chairt’), a fógraíodh an 12 Nollaig 2007 in Strasbourg agus a tháinig i bhfeidhm le Conradh Liospóin i mí na Nollag 2009,

–  ag féachaint dá rún an 5 Aibreán 2017[1] maidir leis na caibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe i ndiaidh fhógra RA go bhfuil sé i gceist aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus dá rúin an 3 Deireadh Fómhair 2017[2] agus an 13 Nollaig 2017[3] maidir le staid na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe,

–  ag féachaint do na treoirlínte ón gComhairle Eorpach (Airteagal 50) an 29 Aibreán 2017 i ndiaidh fhógra na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 50 CAE agus don Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 ina leagtar síos na treoracha do chaibidlíocht comhaontaithe le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ina leagtar síos na socruithe dá tarraingt siar ón Aontas Eorpach,

–  ag féachaint don Tuarascáil Chomhpháirteach ó idirbheartaithe an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe an 8 Nollaig 2017 maidir leis an dul chun cinn faoi chéim 1 de na caibidlíochtaí faoi Airteagal 50 CAE maidir le tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, agus don Dréacht-Chomhaontú ón gCoimisiún Eorpach um Tharraingt Siar an 28 Feabhra 2018,

–  ag féachaint do na treoirlínte ón gComhairle Eorpach (Airteagal 50) an 15 Nollaig 2017 agus don Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh ón gComhairle an 29 Eanáir 2018 lena bhforlíontar Cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 lena n-údarófar tús a chur le caibidlíochtaí le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhaontú ina leagtar síos na socruithe dá tarraingt siar ón Aontas Eorpach,

–  ag féachaint do Riail 123(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

 

A. de bhrí gurb é cuspóir na gcaibidlíochtaí idir an tAontas Eorpach (AE) agus an Ríocht Aontaithe (RA), de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), foráil a dhéanamh maidir le tarraingt siar rianúil RA ó AE;

 

B. de bhrí go ndearbhaítear in Airteagal 50 CAE gur cheart go gcuirfí san áireamh sna socruithe le haghaidh tharraingt siar RA, an creat don chaidreamh a bheidh aici leis an Aontas amach anseo;

 

C. de bhrí go raibh dul chun cinn leordhóthanach gnóthaithe i mí na Nollag 2017 sna caibidlíochtaí maidir le saincheisteanna an scartha, is iomchuí go bhfuil na caibidlíochtaí in ann deileáil anois leis an gcreat don chaidreamh AE-RA amach anseo, ar choinníoll go mbeidh dul chun cinn déanta i gcomhréir leis an nDréacht-Chomhaontú ón gCoimisiún Eorpach um Tharraingt Siar;

 

D. de bhrí nach féidir tús a chur leis na caibidlíochtaí sin go dtí go mbeidh sainordú faighte ag Príomh-Idirbheartaí AE ó na hinstitiúidí Eorpacha déanamh amhlaidh;

 

E. de bhrí go gcaithfear le haon chomhaontú maidir le creat do chaidreamh amach anseo mar chuid lárnach de shocrú foriomlán na tarraingthe siar agus go mbeidh sé ina bhonn eolais do phlé Pharlaimint na hEorpa le linn nós imeachta a toilithe;

 

F. de bhrí go bhfuil sé chun leasa na gcomhpháirtithe uile go mbeidh an creat do chaidreamh amach anseo chomh mionsonraithe agus is féidir;

 

G. de bhrí go mbeidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír tar éis na tarraingthe siar cibé rud a comhaontófar mar chreat don chaidreamh amach anseo le AE;

 

H. de bhrí, sa bhreis ar na gnéithe a bhí san áireamh i bhfógra na Ríochta Aontaithe an 29 Márta 2017 go bhfuil sé i gceist aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach, gur thug an Príomh-Aire roinnt óráidí i dTeach Lancaster an 17 Eanáir 2017, i bhFlórans an 22 Meán Fómhair 2017, in München an 17 Feabhra 2018 agus an ceann is déanaí i dTeach an Ardmhéara, Londain an 2 Márta 2018; de bhrí nár leag sí amach dearcadh comhsheasmhach go fóill i leith an chaidrimh AE-RA amach anseo;

 

I. de bhrí go mbeidh RA agus AE fós ina ndlúthchomharsana agus go mbeidh a lán leasanna fós i gcoiteann acu; de bhrí go bhféadfaí caidreamh chomh dlúth sin, i bhfoirm comhaontú comhlachais idir AE agus RA, a mheas a bheith ina chreat iomchuí don chaidreamh amach anseo trínar féidir na leasanna coiteanna sin a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear caidreamh nua trádála;

 

J. de bhrí go bhfuil mar bhuntáiste ag comhaontú comhlachais don chaidreamh amach anseo go bhforáiltear leis creat solúbtha don chomhar ar leibhéil éagsúla ar fud raon leathan de réimsí beartais; de bhrí go mbeidh ar an dá pháirtí ardchaighdeáin a choinneáil agus go mbeidh gá lena ngealltanais idirnáisiúnta i roinnt réimsí beartais;

 

K. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach comhaontuithe AE le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a choimirciú, lena n-áirítear Comhaontú LEE;

 

L. de bhrí go bhfuil oibleagáid sháraitheach ag AE agus ag RA, mar Bhallstát atá ag tarraingt siar, cur chuige cuimsitheach agus cómhalartach a áirithiú chun chosaint a dhéanamh ar chearta saoránach AE atá ina gcónaí in RA agus ar chearta saoránach RA atá ina gcónaí in AE 27;

 

M. de bhrí, chun codanna uile Chomhaontú Aoine an Chéasta, 1998 a chaomhnú agus cearta na ndaoine i dTuaisceart Éireann a chosaint, nach mór do RA cloí lena gealltanais chun a áirithiú nach dtarlóidh teorainn chrua ar oileán na hÉireann, trí thograí mionsonracha a chur ar aghaidh sna caibidlíochtaí ar Thuaisceart Éireann faoin gcreat don chaidreamh AE-RA amach anseo, trí réitigh ar leith a fháil do Thuaisceart Éireann, nó, trí mheán ailíniú leantach rialála le acquis AE;

 

N. de bhrí go mbeidh gá le comhaontuithe idirthréimhseacha, lena n-áirítear fadú ama i dtaca le acquis iomlán AE, ionas go seachnófar torthaí tubaisteacha nuair a tharraingeoidh RA siar ó AE, agus chun an deis a thabhairt d’idirbheartaithe AE agus RA comhaontú caidrimh eile a chaibidliú amach anseo;

 

O. de bhrí gurb iomchuí go dtabharfaidh na hinstitiúidí Eorpacha agus na Ballstáit, in éineacht le hinstitiúidí príobháideacha agus poiblí, faoi obair chun ullmhú do gach rud a d’fhéadfadh tarlú mar thoradh ar na caibidlíochtaí;

 

P. de bhrí go bhfuil aontacht na n-institiúidí Eorpacha agus na mBallstát ríthábhachtach chun leasanna an Aontais a chosaint le linn na gcéimeanna caibidlíochta ina dhiaidh sin, go háirithe maidir leis an gcreat don chaidreamh amach anseo, ach chomh maith leis sin chun na caibidlíochtaí sin a thabhairt chun deiridh go rathúil agus go tráthúil;

 

 

1. Ag meabhrú go ndearbhaítear in Airteagal 50(2) CAE go gcuirfí san áireamh sna socruithe le haghaidh tarraingt siar Ballstáit, an creat don chaidreamh a bheidh aige leis an Aontas amach anseo;

2. Á thabhairt dá haire gur cheart creat den sórt sin don chaidreamh amach anseo a bheith i bhfoirm dearbhú polaitiúil a bhaineann leis an gcomhaontú um tharraingt siar; ag cur i dtreis go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa measúnú ar inneachar an dearbhaithe nuair a dhéanfaidh sí toiliú an chomhaontuithe um tharraingt siar a léiriú;

3. Ag athdhearbhú nach bhféadfaí comhaontú idirnáisiúnta maidir leis an gcaidreamh nua idir AE agus an Ríocht Aontaithe a chaibidliú go foirmiúil go dtí go mbeidh RA tar éis AE a fhágáil agus go mbeidh sí ina tríú tír; ag meabhrú nach bhféadfaí an comhaontú sin a thabhairt i gcrích ach le rannpháirtíocht iomlán agus toiliú críochnaitheach Pharlaimint na hEorpa;

4. Ag meabhrú nach dtacóidh Parlaimint na hEorpa le creat do chaidreamh AE-RA amach anseo ach amháin i gcás ina bhfuil sé i gcomhréir dhocht leis na prionsabail seo a leanas:

ní fhéadfadh na cearta agus leasanna céanna a bheith ag tríú tír agus atá ag Ballstát an Aontais Eorpach nó ag Ballstát CSTE/LEE,

ionracas agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, an aontais chustaim agus na ceithre shaoirse a chosaint, gan cur chuige earnáil ar earnáil a lamháil,

neamhspleáchas chinnteoireacht AE a chaomhnú,

dlíchóras AE agus ról CBAE i ndáil leis sin a choimirciú,

go gcloítear i gcónaí le prionsabail dhaonlathacha, le cearta daonna agus leis na saoirsí bunúsacha, mar a shainmhínítear iad go sonrach i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe, sa Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha agus a Phrótacail, i gCairt Shóisialta na hEorpa, i Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus i gconarthaí idirnáisiúnta eile de chuid na Náisiún Aontaithe agus Chomhairle na hEorpa, agus le hurraim do phrionsabal an smachta reachta,

cothrom iomaíochta a áirithiú, go háirithe maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag cloí go leanúnach leis na caighdeáin dá bhforáiltear in oibleagáidí idirnáisiúnta agus i reachtaíocht agus beartais an Aontais i réimse na hiomaíochta atá cóir agus atá bunaithe ar rialacha, lena n-áirítear státchabhair, cearta sóisialta agus oibrithe, go háirithe leibhéil choibhéiseacha cosanta sóisialta agus coimircí i gcoinne dumpáil shóisialta, an comhshaol, athrú aeráide, cosaint an tomhaltóra, sláinte phoiblí, bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta, sláinte agus leas ainmhithe, cánachas, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne imghabháil agus seachaint chánach, sciúradh airgid, cosaint sonraí agus príobháideachas, agus sásra soiléir forfheidhmiúcháin a bheith ann chun comhlíonadh a áirithiú,

comhaontuithe AE le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a choimirciú, lena n-áirítear Comhaontú LEE, agus cothromaíocht fhoriomlán a choinneáil sna caidrimh sin,

cobhsaíocht airgeadais AE a choimirciú agus caighdeáin agus córas rialaitheach agus maoirseachta AE, agus a gcur i bhfeidhm a urramú,

cothromaíocht cheart idir cearta agus oibleagáidí lena n-áirítear, ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh dá réir, i gcás inarb iomchuí;

5. Ag athdhearbhú go bhféadfadh comhaontú comhlachais arna chaibidliú agus arna aontú idir AE agus an Ríocht Aontaithe i ndiaidh tharraingt siar RA de bhun Airteagal 8 CAE agus Airteagal 217 CFAE creat iomchuí a sholáthar don chaidreamh amach anseo, agus creat seasmhach rialaithe a áirithiú, ar cheart sásra láidir um réiteach díospóidí a bheith ar áireamh ann, lena seachnófaí boilsciú ar comhaontuithe déthaobhacha agus na lochtanna atá léirithe inár gcaidreamh leis an Eilvéis.

6. Ag moladh go mbunófaí an caidreamh amach anseo ar na ceithre cholún seo a leanas:

caidreamh trádála agus eacnamaíoch

beartas eachtrach, comhar slándála agus comhar don fhorbairt

slándáil inmheánach

comhar téamach

 

Creat don chaidreamh amach anseo

7. Á thabhairt dá haire, mar gheall ar chomhluachanna ar bhonn comhroinnte idir AE agus RA, ar a ndlúthnaisc agus ailíniú rialaitheach reatha i mbeagnach gach réimse, ar a gcóngaracht gheografach dá chéile, ar a stair chomónta lena n-áirítear ballraíocht RA in AE le níos mó ná 40 bliain, agus chomh maith leis sin mar gheall ar ról RA ina comhalta buan de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus in comhalta de ECAT, leanfaidh RA de bheith ina comhpháirtí tábhachtach ag AE sna ceithre cholún thíos ar fad agus is chun leasa a chéile comhpháirtíocht a bhunú lena n-áireofar comhar leanúnach;

8. Mar sin féin, á thabhairt dá haire, agus í ina tríú tír, nach bhféadfadh comhar mar sin tarlú leis an Ríocht Aontaithe ach i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 4; ag athdhearbhú go bhfuil rialacha comhchoiteanna ceangailteacha, institiúidí comhchoiteanna agus sásraí comhchoitianna maoirseachta, forfheidhmithe agus breithiúnacha ag AE, agus nach bhféadfadh le tríú tíortha, fiú iadsan a bhfuil reachtaíocht chomhionann nó ailíniú iomlán rialaitheach acu, leas a bhaint as na sochair chéanna ná rochtain ar an margadh a fháil agus mar atá ag Ballstáit AE, mar shampla maidir leis na ceithre shaoirse agus ranníocaíochtaí airgeadais ó bhuiséad AE;

9. Á mheas gur cheart a bheith ar áireamh sa chomhaontú ar an gcaidreamh amach anseo, forálacha sonracha maidir le gluaisteacht saoránach ó AE go RA agus ó RA go AE i ndiaidh na hidirthréimhse, ar cheart í a bheith i gcomhréir le méid an chomhair sna ceithre cholún thíos;

10.Á mheabhrú go mbeidh ar Pharlaimint na hEorpa aon chomhaontú a bheidh ann amach anseo a fhormheas; á chur i bhfios go láidir nach mór an Pharlaimint a chur ar an eolas láithreach agus go hiomlán ag gach céim den nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 207, le hAirteagal 217 agus le hAirteagal 218 CFAE agus le cásdlí ábhartha;

(i)   Caidreamh trádála agus eacnamaíoch

11.Á athdhearbhú go mbeadh ballraíocht RA sa Mhargadh Inmheánach agus san Aontas Custaim mar an réiteach ab fhearr do RA agus d’AE27 araon agus gurbh é an t-aon réiteach é lena bhféadfaí leanúint na trádála gan imreas a áirithiú agus buntáistí ár gcaidrimh eacnamaíoch a chaomhnú go hiomlán; á mheabhrú go gceanglaítear le rannpháirtíocht sa mhargadh inmheánach go gcloítear leis na ceithre shaoirse agus go n-ionchorpraítear rialacha comhfhreagracha AE, cothroime iomaíochta lena n-áirítear ceann arna dhéanamh trí chóras iomaíochta agus státchabhrach, córas dlíthe atá ceangailteach ó thaobh CBAE de agus ranníocaíochtaí le buiséad AE; á thabhairt dá haire go ndéantar le haontas custaim bacainní taraifí agus roinnt rialuithe custaim a bhaint, ach go gceanglaítear leis Beartas Trádála AE a chomhlíonadh agus teorainn sheachtrach chomhchoiteann a bheith ann; á thabhairt dá haird go n-eisiann rialtas RA fós an Margadh Inmheánach agus an tAontas Custaim araon;

12.Á thabhairt dá haire gur ceanglas de Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála é sásra cóineasaithe ionsar acquis AE agus ról ceangailteach léirmhíniúcháin CBAE agus nach gceadaítear leis scothroghnóireacht a dhéanamh ar earnálacha an mhargaidh inmheánaigh;

13.Á mheas nach bhfuil seasamh RA faoi láthair ag luí ach amháin le comhaontú trádála, de bhun Airteagal 207 CFAE, a d’fhéadfadh a bheith ina cholún trádála agus eacnamaíoch ag comhaontú comhlachais; ullamh chun plé a dhéanamh ar bhonn na múnlaí eile thuasluaite, ar choinníoll go ndéanfadh RA athbhreithniú ar a línte dearga reatha;

14.Á mheabhrú go bhfuil trí phríomhchuid ina mbunús ag na Comhaontuithe Saorthrádála (CSTanna) is déanaí uile: rochtain ar an margadh, comhar rialála agus rialacha; ag cur an méid seo a leanas i bhfios go láidir, de bhreis ar na prionsabail a leagtar amach i mír 4:

-  ní mór don leibhéal rochtana ar Mhargadh AE a bheith comhfhreagrach le méid an chóineasaithe agus an ailínithe le caighdeáin agus rialacha teicniúla AE, gan aon chur chuige earnáil ar earnáil agus sláine an Mhargaidh Aonair a chaomhnú,

-  ní mór d’uathriail AE i dtaobh dhlí agus chaighdeáin AE a shocrú a bheith ráthaithe, chomh maith le ról CBAE mar an t-aon léirmhínitheoir ar dhlí AE,

-  áirithítear cothroime iomaíochta agus coimircítear caighdeáin AE, seachnaítear sodar go grinneall agus coisctear arbatráiste rialála arna dhéanamh ag oibreoirí margaidh,

-  bunófar rialacha tionscnaimh ar rialacha fabhracha caighdeánacha AE agus ar leas tháirgeoirí AE,

-  ní mór rochtain chómhalartach ar na margaí a chaibidliú agus rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála á gcomhlíonadh go hiomlán lena n-áirítear rialacha le haghaidh earraí, seirbhísí, soláthar poiblí agus, i gcás inarb ábhartha, infheistíocht dhíreach choigríche, agus modhanna uile soláthair seirbhísí, lena n-áirítear gealltanais i leith gluaiseacht daoine nádúrtha thar theorainneacha (Modh 4), agus a rialáil agus urraim iomlán á tabhairt do rialacha AE, i ndáil le prionsabail na córa comhionainne, go háirithe do na hoibrithe;

-  ós rud é gur féidir leis an dibheirsiú rialála a bheith ina chonstaic roimh chaidreamh trádála rianúil agus go bhforchuirfeadh sé ualaí suntasacha ar allmhaireoirí agus onnmhaireoirí araon, ba cheart rialacha maidir le comhar agus comhtháthú rialála a chaibidliú, agus aird shonrach á tabhairt ar FBManna, agus cuimhne á choinneáil ar chineál toilteanach an chomhair rialála agus ar an gceart chun rialála chun leasa an phobail, agus á mheabhrú nach féidir le forálacha i gcomhaontú trádála macasamhlú iomlán a dhéanamh ar an trádáil chéanna gan imreas arna foráil le ballraíocht sa Mhargadh Aonair;

15.Á chur i dtreis gur cheart don chomhaontú AE-RA seo creat an chaidrimh tráchtála atá ann cheana idir AE agus tríú tíortha a choimirciú agus aon saorthairbhiú a sheachaint trí chomhsheasmhacht a áirithiú i dtaobh córas coigeartaithe taraifí agus cuótaí agus rialacha tionscnaimh le haghaidh táirgí a choinneáil maidir le tríú tíortha;

16.Á chur i bhfios gur teoranta atá an rochtain ar an margadh faoi CST agus gur faoi réir eisiamh, forchoimeádas agus eisceachtaí atá sí i gcónaí;

17.Á chur i bhfios go mbeadh sé de thoradh ar an Margadh Aonair a fhágáil go gcaillfeadh RA nós imeachta an phas le haghaidh seirbhísí airgeadais agus an fhéidearthacht brainsí a oscailt in AE faoi réir mhaoirseacht RA; á mheabhrú go bhforáiltear le reachtaíocht AE an fhéidearthacht, i roinnt réimsí, chun rialacha tríú tír a mheas mar rialacha coibhéiseacha arna bunú ar chur chuige comhréireach agus rioscabhunaithe, agus á thabhairt dá haire an obair reachtach leanúnach agus an togra ón gCoimisiún sa réimse seo atá le teacht; á chur i dtreis gur de chineál aontaobhach i gcónaí na cinntí maidir le coibhéis; á chur i dtreis freisin, chun cobhsaíocht airgeadais a choimirciú agus urraim iomlán chóras rialála agus chaighdeáin AE agus a gcur chun feidhme a áirithiú, gur gnáthghné de CSTanna é baint stuama agus teorainneacha i bhforálacha trasteorann na seirbhísí airgeadais;

18.Á chur i bhfios gur cheart go mbeadh san áireamh i gcomhaontú AE-RA sásra láidir um réiteach díospóidí chomh maith le struchtúir rialála; á chur i bhfios go láidir ina thaobh sin inniúlacht CBAE maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí AE a léirmhíniú;

19.Á mheabhrú gurb é a bheadh de thoradh ar sheasamh agus línte dearga RA faoi láthair ná seiceálacha agus fíorú custaim a chuirfeadh isteach ar shlabhraí soláthair agus próisis déantúsaíochta dhomhanda, fiú amháin más féidir bacainní taraifí a sheachaint; á chur i bhfios tábhacht an ailínithe ardchaighdeáin idir Limistéar CBL Aonair AE agus RA; á chreidiúint gur cheart ábhair chánach a chomhcheangal le haon chomhaontú eile idir RA agus AE chun leibhéal uasta comhoibrithe a áirithiú idir AE agus RA agus a spleáchríocha i réimse an chánachais chorparáidigh;

20.Á athdhearbhú, maidir le táirgí bia agus talmhaíochta, gur ar choinníoll go ndéanfaí dlí agus caighdeáin AE uile a urramú go docht go dtugtar rochtain ar mhargadh AE, go háirithe i réimsí na sábháilteachta bia, OGManna, na lotnaidicídí, na dtásc geografach, leas na n-ainmhithe, an lipéadaithe agus na hinrianaitheachta, na gcaighdeán sláintíochta agus fíteashláintíochta, shláinte an duine, shláinte na n-ainmhithe agus fholláine na bplandaí;

(ii)   Beartas eachtrach, comhar slándála agus comhar don fhorbairt

21.Á thabhairt dá haire maidir le CBES, agus RA ina tríú tír, nach mbeidh sí in ann páirt a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta AE agus nach féidir comhsheasaimh ná comhghníomhaíochtaí AE a ghlacadh ach ag Ballstáit AE; á thabhairt le fios, áfach, nach n-eisiatar leis seo sásraí comhairliúcháin chun RA a ailíniú le seasaimh bheartais eachtraigh AE, gníomhaíochtaí comhpháirteacha, go sonrach maidir le cearta an duine, ná comhoibriú iltaobhach, go háirithe in NA, ESCE agus creataí Chomhairle na hEorpa; ag tacú le comhordú maidir le beartas agus cur chun feidhme smachtbhannaí, lena n-áirítear trádbhaic arm agus comhsheasaimh maidir le honnmhairiú arm;

22.Á chur i dtreis go bhféadfaí an chomhpháirtíocht sin a dhéanamh faoin gCreat-chomhaontú Rannpháirtíochta, lena riartar ról tríú tíortha rud a fhágann mar sin go bhféadfadh RA páirt a ghlacadh i misin shibhialtacha agus mhíleata AE (gan aon phríomhról do RA) agus in oibríochtaí, cláir agus tionscadail, malartú faisnéise, oiliúint agus malartú pearsanra míleata agus comhar maidir le beartas armálacha, lena n-áirítear tionscadail arna bhforbairt faoi PESCO; á chur i bhfios nár cheart gur dochar an rannpháirtíocht sin do sheasaimh, do chinntí ná do reachtaíocht AE ábhartha agus go mbeadh sí i gcomhréir leo, lena n-áirítear soláthar agus aistriú i réimse na cosanta; á dhearbhú go dtarlaíonn an chomhar sin ar choinníoll go gcomhlíontar go hiomlán an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus cearta bunúsacha AE;

23.Á thabhairt dá haire go dtarlaíonn aon chomhar sna réimsí thuasluaite lena mbaineann malartú faisnéise rúnaicmithe AE, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an tslándáil, ar choinníoll go mbeadh comhaontú faisnéise slándála ann chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint;

24.Á thabhairt dá haire, bunaithe ar shocruithe tríú tír den chineál céanna, go bhféadfadh RA páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais lena dtacaítear leis an gcosaint agus an tslándáil sheachtrach (amhail an Ciste Eorpach Cosanta, Galileo agus cláir chibearshlándála); oscailte i leith na féidearthachta go leanfadh RA ag cur le hionstraimí AE um maoiniú seachtrach ar mhaithe le cuspóirí comhchoiteanna a bhaint amach, go háirithe sa chomharsanacht chomhchoiteann;

25.Á thabhairt dá haire gur gníomhaí mór sa chomhar forbartha agus sa chabhair dhaonnúil í RA agus go mbeadh comhar AE-RA sna réimsí sin i ndiaidh Brexit chun leasa an dá thaobh;

(iii)   Slándáil inmheánach

26.Á chur i dtreis gur chun leasa AE agus RA araon atá sé comhpháirtíocht a bhunú lena n-áirithítear comhoibriú slándála leanúnach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí comhchoiteanna, go háirithe an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe, agus chun cur isteach ar shreafaí faisnéise sa réimse sin a sheachaint; á thabhairt dá haire nach mbainfidh tríú tíortha (lasmuigh de limistéar Schengen) sochar as aon rochtain faoi phribhléid ar ionstraimí AE, lena n-áirítear bunachair sonraí, sa réimse sin agus ní fhéadann siad páirt a ghlacadh i socrú na dtosaíochtaí, i bhforbairt na spriocanna straitéiseacha ilbhliantúla ná pleananna gníomhaíochta oibriúcháin a stiúradh i gcomhthéacs Thimthriall Beartais AE;

27.Á thabhairt dá haire freisin, de bhreis ar an ngá cosaint a thabhairt, trí shocruithe idirthréimhseacha, do nósanna imeachta agus imscrúduithe lena mbaineann RA, caithfear teacht ar shocruithe ar leith le RA mar thríú tír maidir le comhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla, lena n-áirítear eiseachadadh agus cúnamh dlí frithpháirteach, in áit na socruithe atá ann faoi láthair amhail an Barántas Gabhála Eorpach;

28.Den tuairim gur féidir comhar a fhorbairt amach anseo ar bhonn socruithe tríú tír nach bhfuil i limistéar Schengen lena gcumasaítear sonraí atá ábhartha ó thaobh na slándála de a mhalartú agus comhar oibríochtúil le comhlachtaí agus sásraí AE (amhail Europol agus Eurojust);

29.Á chur i dtreis gur cheart go soláthrófaí leis an gcomhar sin deimhneacht dhlíthiúil, nach mór dó a bheith bunaithe ar choimircí maidir le cearta bunúsacha mar a leagtar amach sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus nach mór dó leibhéal cosanta a sholáthar arb ionann é go bunúsach agus leibhéal na Cairte; á chur i dtreis chomh maith leis sin, gur cheart go n-urramófaí leis caighdeáin AE um chosaint sonraí agus go mbeadh sé ag brath ar fhorfheidhmiú agus réiteach díospóidí éifeachtach; á mheas gur gá réiteach a aimsiú maidir le malartú sonraí AE-RA a rialú i réimse fhorfheidhmiú an dlí, na faisnéise agus oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta; á chur i bhfios go mbeadh cinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún Eorpach ar an rogha ab fhearr agus ba shábháilte; á mheabhrú nach mór do RA i gcás ar bith leibhéal cosanta sonraí a sholáthar atá chomh láidir céanna le rialacha um chosaint sonraí an Aontais;

(iv)   Comhar téamach

30.Á chur i bhfios gur cheart go mbeadh feidhm iomlán agus neamhchoinníollach ag na prionsabail a leagtar amach i mír 4 maidir leis an gcomhar amach anseo le RA i roinnt réimsí comhleasa; á chur i dtreis go mbeadh ar chomhaontuithe den sórt sin cothromaíocht cheart agus oibleagáidí a urramú ar coimhéid iad lena bhfuil ann i gcomhaontuithe den chineál céanna le tríú tíortha eile, ach lena gcuirtear san áireamh an ghaireacht gheografach agus na dlúthnaisc idir AE agus RA;

31.Á chreidiúint, i bhfianaise na bprionsabal agus na gcoinníollacha thuasluaite, agus ar mhaithe le leas na bpaisinéirí, na n-aeriompróirí, na ndéantúsóirí agus cheardchumainn na n-oibrithe, caithfear lúdracht a áirithiú trí mheán comhaontaithe aeriompair agus comhaontaithe sábháilteachta eitlíochta; á chur i dtreis, áfach, go bhfuil méid na rochtana ar an margadh ag brath ar leibhéal an chóineasaithe agus an ailínithe rialála le acquis AE, agus ar shásra láidir um réiteach agus eadránú díospóidí a bhunú; á chur in iúl nach n-eisiann sí, de bhreis air sin, comhar le RA amach anseo chun tacú le tionscadail chomhleasa in earnáil an iompair;

32.Á chur in iúl go bhféadfadh sí a mheas, maidir le hiascach, go ndéanfaí comhaontú comhpháirtíochta déthaobhach ar de chineál núálách tríú tír é a chaibidliú agus é mar aidhm leis leibhéal ard comhair, comhtháthaithe agus cóineasaithe a choimeád, agus rochtain fhrithpháirteach chobhsaí agus leanúnach ar uiscí agus ar acmhainní a áirithiú i gcomhréir le prionsabail CBI, beartas agus forálacha rialála, agus bainistiú inbhuanaithe ar stoic chomhroinnte, chun líonta na stoc sin a athshlánú agus a choimeád níos airde ná na leibhéil ag ar féidir an Uastáirgeacht Inbhuanaithe a tháirgeadh; á chur i bhfios go n-éilítear le bainistiú comhchoiteann ar stoic chomhroinnte go leanfar le hionchur RA i measúnú eolaíoch na stoc sin; á chur i dtreis, áfach, gur gá rochtain chómhalartach ar na margaí le haghaidh táirgí iascaigh a chaibidliú mar chuid den chomhaontú a dhéanfar amach anseo, agus nach mór go mbeadh leibhéal rochtana ar mhargadh intíre AE coinníollach ar leibhéal rochtana árthaí AE ar mheánna RA agus a n-achmhainní chomh maith le leibhéal an chomhair i mbainistiú stoc comhroinnte;

33.Ag cur i bhfios luach an chomhoibrithe chultúrtha agus oideachasúil, lena n-áirítear soghluaisteacht foghlama agus óige, chomh maith le tábhacht na dtionscal cultúrtha agus cruthaitheach, ó thaobh cuidiú le AE a ceangail a dhaingniú le tíortha comharsanachta agus ag fáiltiú roimh chomhar leanúnach idir AE agus RA sna réimsí sin, lena n-áirítear cláir ábhartha, amhail Erasmus nó Eoraip na Cruthaitheachta;

34.Á chur in iúl go bhféadfadh sí, maidir le comhar taighde agus núálaíochta, rannpháirtíocht RA a mheas, mar thríú tír, sa Chreatchlár um Thaighde agus um Nuálaíocht agus i gcláir spáis AE, gan aistriú glan a cheadú ó bhuiséad AE chuig RA, ná aon ról cinnteoireachta a bheith ag RA;

35.Á chreidiúint gurb é an rogha ab fhearr don chomhshaol, gníomhaíocht in aghaidh an athruithe aeráide, an tsláinte phoiblí agus sábháilteacht bia ná go bhfanfadh RA ailínithe le reachtaíocht AE atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear cloí leis na gealltanais agus spriocanna do 2030 a comhaontaíodh cheana féin faoi Phacáiste Beartais d'Aer Glan agus Pacáiste Fuinnimh Ghlain AE; á iarraidh, mura ndéanfar an méid sin, áfach, go mbeadh socruithe ann idir AE agus RA chun dlúthchomhar agus caighdeáin arda a áirithiú maidir leis na saincheisteanna sin agus chun déileáil le saincheisteanna comhshaoil trasteorann; á chur i dtreis nach mór go mbeadh aon chomhar le gníomhaireachtaí AE sna réimsí sin bunaithe ar chomhaontuithe déthaobhacha;

36.Á chur in iúl go bhféadfadh sí a mheas go ndéanfaí socruithe tríú tír den chineál céanna i réimsí an fhuinnimh, na cumarsáide leictreonaí, na cibearshlándála agus TFC; den tuairim, maidir le fuinneamh, nach mór d’aon socruithe den sórt sin sláine an mhargaidh fuinnimh inmheánaigh a urramú, cur le slándáil, inbhuanaitheacht agus iomaíochas fuinnimh agus idirnascairí idir AE agus RA a chur san áireamh; ag súil go gcomhlíonfaidh RA na caighdeáin is airde sábháilteachta agus slándála núicléiche agus cosanta radaíochta, lena n-áirítear le haghaidh loingsiú dramhaíola agus díchoimisiúnaithe;

37.Á chreidiúint gur cheart clár PEACE AE, arb é is aidhm dó sochaí shíochánta agus sheasmhach a threisiú trí athmhuintearas a chothú i dTuaisceart Éireann agus i Réigiún Teorann na hÉireann, a choimeád le rannpháirtíocht leanúnach RA;

(v)  An comhaontú a bheidh ann amach anseo a rialú

38.Á thabhairt le fios gur cheart go n-áireofaí in aon chomhaontú AE-RA mar thríú tír amach anseo córas comhtháiteach agus daingean mar chreat foriomlán don cheithre cholún, lena gcuimseofaí maoirsiú/bainistiú comhroinnte agus leanúnach an chomhaontuithe, sásraí um réiteach díospóidí agus um fhorfheidhmiú i dtaca le forálacha an chomhaontuithe a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm;

39.Á áitiú gur gá don chóras rialála sin uathriail chinnteoireacht agus dhlíchóras AE a chosaint go hiomlán, lena n-áirítear ról CBAE mar an t-aon léirmhínitheoir ar dhlí AE;

40.Á chur i dtreis gur cheart do dhearadh socruithe rialála a bheith ar cóimhéid le cineál, raon feidhme agus doimhneacht an chaidrimh amach anseo agus leibhéal an idirnaisc, an chomhoibrithe agus na gaireachta a chur san áireamh;

41.Á chomhaontú go mbunófaí comhchoiste chun a bheith freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe, aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí léirmhínithe agus bearta ceartaitheacha comhaontaithe a chur chun feidhme de mheon macánta agus uathriail rialála AE a áirithiú go hiomlán, lena n-áirítear sainchearta reachtacha Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle; á chur i bhfios gur cheart go mbeadh ionadaithe AE ar an gcoiste sin faoi réir sásraí cuntasachta ábhartha lena mbaineann Parlaimint na hEorpa

42.Á mheas, le haghaidh forálacha arna mbunú ar choincheapa dlí AE, gur cheart go bhforálfaí leis na socruithe rialála do tharchur a dhéanamh chuig CBAE; á athdhearbhú nach bhféadtar, le haghaidh chur i bhfeidhm agus léirmhíniú fhorálacha an chomhaontaithe seachas na cinn a bhaineann le dlí an Aontais, sásra um réiteach díospóidí malartach a shamhlú ach amháin má dhéanann sé ráthaíochtaí neamhspleáchais agus neamhchlaontachta coibhéiseacha a thairisinct do CBAE;

 

(vi)  Cothroime iomaíochta

 

43.Á mheabhrú gur cheart do RA agus dá spleáchríocha na caighdeáin faoina gealltanais idirnáisiúnta, agus faoi reachtaíocht agus beartais an Aontais a urramú agus a chur chun feidhme go leanúnach, go háirithe sna réimsí dá dtagraítear i mír 4, ar bhealach a léiríonn leithead agus doimhneacht an chaidrimh amach anseo; ag tabhairt dá haire an buntáiste a bhaineann le hailíniú rialála a choimeád arna bhunú ar reachtaíocht an Aontais;

44.Á thabhairt dá haire go mbeidh géarghá le leithead agus doimhneacht an chomhaontaithe le cothroime iomaíochta chun méid an chaidrimh fhoriomláin AE-RA amach anseo a chinneadh; á mheabhrú má chloíonn RA go leanúnach leis an múnla sóisialta Eorpach, go n-imreoidh sé sin ról tábhachtach sa mhéid sin;

45.Á chreidiúint go láidir gur cheart do RA cloí leis na caighdeáin i dtaca le cánacha agus le reachtaíocht i gcoinne sciúradh airgid atá ag teacht chun cinn laistigh d’aquis an Aontais, lena n-áirítear trédhearcacht chánach, malartú faisnéise maidir le gnóthaí cánach agus bearta i gcoinne seachaint cánach agus gur cheart di aghaidh a thabhairt ar an riocht ina bhfuil na críocha atá spleách uirthi agus ar nach bhfuil siad ag cloí le critéir AE i ndáil le dea-rialachas agus ceanglais thrédhearcachta; á áitiú nár cheart rochtain ar aontas na gcustam a thabhairt do RA ach ar an gcoinníoll dhocht go mbeidh sí ailínithe leis na caighdeáin thuasluaite;

46.á athdhearbhú go bhfuil gá coimircí a bhunú chun a áirithiú go ndéanfar caighdeáin airde agus cothroime iomaíochta a chothabháil i réimsí chosaint an chomhshaoil, gníomhaíochtaí i gcoinne athrú aeráide, sábháilteacht bhia agus sláinte phoiblí; á chur i bhfios gur gá rochtain ar an gceartas agus sásra ceart chun gearáin a dhéanamh a áirithiú do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí neamhrialtais i dtaca le forfheidhmiú caighdeán saothair agus comhshaoil;

47.Á thabhairt dá haire mar is amhlaidh leis an gcuid eile den chomhaontú, go mbeidh struchtúir rialachais láidre de dhíth ar na forálacha maidir le cothroime iomaíochta a áireodh sásra iomchuí um bainistiú, um maoirsiú, um réiteach díospóide agus um fhorfheidhmiú le smachtbhannaí agus le bearta idirlinne i gcás inar ghá sin a dhéanamh agus a mbeadh ceanglas ag gabháil leis ar an dá pháirtí chun institiúidí neamhspleácha a bhunú, nó i gcás inarb ábhartha, iad a chothabháil, a bhfuil sé de chumas acu an cur chun feidhme a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach;

(vii)  Rannpháirtíocht ionchasach i gcláir AE

 

48.Á chur i dtreis gurb iad na módúlachtaí i gcomhair rannpháirtíocht RA i ngníomhaíochtaí agus i gcláir AE ná na rialacha is infheidhme maidir le tríú tíortha lasmuigh de LEE; á chur i bhfios gur ghá rannpháirtíocht RA a chomhaontú le AE fad is a dhéantar na rialacha agus sásraí agus coinníollacha rannpháirteachas uile a urramú, lena n-áirítear iad siúd i dtaca le maoiniú, cur chun feidhme, rialú agus urscaoileadh agus gan glan-aistriú ó bhuiséad AE chuig RA a cheadú;

49.á mheabhrú, mar riail ghinearálta, mar thríú thír nach féidir le RA a bheith rannpháirteach i ngníomhaireachtaí AE ná rochtain a bheith aici orthu; á thabhairt dá haire mar sin féin nach gcuireann sé sin as an áireamh comhar ar bhealach atá rialaithe go daingean i gcásanna sonracha a éilíonn comhlíonadh le gach riail ábhartha agus ranníocaíochtaí airgeadais; á thabhairt le fios go mbeidh ar an gcéad CAI eile iarmhairtí chaidrimh AE-RA amach anseo a chur san áireamh ann;

An Comhaontú um Tharraingt Siar

50.Ag fáiltiú roimh an dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2018, a léiríonn den chuid is mó tuairimí na Parlaiminte; á thabhairt dá haire gur dréachtaíodh é ar bhunús na Tuarascála Comhpháirtí a comhaontaíodh an 8 Nollaig 2017 agus ar sheasaimh AE maidir le saincheisteanna eile a bhaineann le scaradh;

51.Ag fáiltiú roimh na forálacha institiúideacha agus na sásraí chun díospóidí a réiteach a fheictear sa dhréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar, lena n-áirítear go gcuirfear tairbhí ar fionraí san idirthréimhse de réir mar a fhoráiltear in airteagal 165 den dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar i gcás nach ndéantar gealltanais agus forálacha a bhaineann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a urramú;

(i)  Cearta na saoránach

 

52.Ag fáiltiú roimh an gcur chuige ginearálta a glacadh maidir le cearta na saoránach i gCuid 2 den Dhréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar ón gCoimisiún Eorpach ach ag athdhearbhú gurb í ceann de na saincheisteanna is tábhachtaí a bhfuil toiliú na Parlaiminte ag brath uirthi ná aghaidh a thabhairt ar gach saincheist atá fós le réiteach i dtaca le cearta na saoránach agus a chinntiú nach ndéanfaidh Brexit difear do chearta shaoránaigh AE atá ina gcónaí go dleathach sin RA agus shaoránaigh RA atá ina gcónaí go dleathach in AE-27; ag tacú le hiniamh na tagairte do nuachair a bheidh ann amach anseo; á thabhairt dá haire na forálacha maidir le nósanna imeachta riaracháin chun stádas cónaitheora bhuain a fháil agus á áitiú go bhfuil gá a chur ar chumas teaghlaigh tús a chur leis an nós imeachta trí bhíthin aon fhoirme amháin atá dearbhaitheach agus ag cur dualgas cruthúnais ar údaráis RA; á chur i bhfios go ngrinnscrúdóidh Parlaimint na hEorpa go bhfuil na nósanna imeachta sin á gcur chun feidhme go héifeachtach agus go bhfuil siad simplí, soiléir agus saor in aisce; á áitiú go ndéanfar cearta i dtaca le saorghluaiseacht ar fud AE amach anseo i gcomhair shaoránaigh RA atá ina gcónaí faoi láthair i mBallstát AE-27 a ráthú, chomh maith le cearta vótála i dtoghcháin áitiúla do gach saoránach atá cumhdaithe ag an gComhaontú um Tharraingt Siar; á iarraidh freisin go mbeidh an ceart ar feadh an tsaoil ag saoránaigh AE a chumhdaítear faoin gComhaontú um Tharraingt Siar filleadh ar RA, an chosaint i gcoinne díbeartha do shaoránaigh atá faoi mhíchumais agus na daoine a thugann aire dóibh, chomh maith le cearta nósanna imeachta a bhaineann le díbirt dá dtagraítear i dTreoir 2004/38/CE agus na cearta do náisiúnaigh ó thríú thíortha atá bunaithe i ndlí AE;

53.Á iarraidh go mbeidh na cearta céanna ag aon saoránach AE a thagann go dtí RA le linn na hidirthréimhse agus atá acu siúd a shroich í roimh thús na hidirthréimhse; á dhiúltú sa chomhthéacs sin go gcoinníonn an páipéar beartais a d'fhoilsigh rialtas RA le déanaí idirdhealuithe idir saoránaigh AE a shroich RA roimh agus tar éis thús na hidirthréimhse;

54.Á athdhearbhú go bhfuil a lán saoránach RA tar éis cur go láidir i gcoinne chailliúint na gceart atá acu faoi láthair de bhun Airteagal 20 nó de bhun an chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; á mholadh go ndéanfadh AE-27 mionscrúdú ar conas a d’fhéadfaí sin a mhaolú laistigh de theorainneacha dhlí príomha AE fad is a chomhlíonfar go hiomlán prionsabail na cómhalartachta, an chothromais, na siméadrachta agus an neamh-idirdhealaithe; á thabhairt dá haire an tarchur le déanaí achainí a tugadh os comhair cúirte san Ísiltír maidir le saoránacht AE a chaomhnú do shaoránaigh de chuid RA tar éis Brexit;

(ii) Éire agus Tuaisceart Éireann

55.Ag fáiltiú roimh an bPrótacal maidir le hÉirinn agus le Tuaisceart Éireann sa dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar ón gCoimisiún Eorpach a dhéanann feidhmiúil rogha an tsocraithe tacaíochta a leagadh amach sa Tuarascáil Chomhpháirteach an 8 Nollaig 2017; ag cur i bhfios go láidir go soláthraíonn sé sin réiteach nithiúil chun an comhar Thuaidh-Theas a chaomhnú agus go seachnaíonn sé teorainn chrua idir Tuaisceart Éireann agus Éirinn, a bhfuil gá leis, i gcás nach féidir aon rogha eile a aimsiú bíodh sin tríd an gcaidreamh AE-RA nó trí bhíthin réitigh shonracha atá le moladh ag RA, dá dtagraítear in mír 49 den Tuarascáil Chomhpháirteach;

56.Ag meabhrú tábhacht ghealltanas RA chun a áirithiú nach ndéanfar maolú ar chearta, lena n-áirítear cearta sóisialta agus daonlathacha, coimircí agus comhionannas deiseanna mar a leagadh amach i gComhaontú Aoine an Chéasta, i gcomhréir le gealltanais na Tuarascála Comhpháirtí; ag áitiú go ndéanfar gach gné den Chomhlimistéar Taistil agus na cearta chun saoirse gluaiseachta atá ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh, mar atá leabaithe i ndlí AE agus i gComhaontú Aoine an Chéasta, a thrasuí;

(iii)  Idirthréimhse

57.Ag athdhearbhú na prionsabail atá ina Rún an 13 Nollaig, tar éis an dáta um tharraingt siar ní bheidh RA mar chuid d’institiúidí agus de chomhlachtaí AE a thuilleadh agus ní bheidh sí in ann rannchuidiú le cinnteoireacht a thuilleadh, agus nach féidir a bheith san idirthréimhse ach fadú an acquis AE, an cur i bhfeidhm leantach d’ionstraimí agus struchtúir AE rialála, buiséadacha, maoirseachta, breithiúnacha agus forfheidhmithe atá ann cheana do RA; ag tacú go hiomlán leis an sainordú caibidlíochta arna leagtha síos i dtreoirlínte caibidlíochta ón gComhairle Eorpach, treoracha caibidlíochta ón gComhairle agus an páipéar seasaimh ón gCoimisiún le déanaí i dtaca leis an tsaincheist seo;

58.Ag fáiltiú agus ag cur in iúl go dtacaíonn sí le Cuid a Ceathair den dréacht-Chomhaontú maidir le socruithe idirthréimhseacha; ag athdhearbhú gur cheart gach ceart a bhronntar ar shaoránaigh ag dlí an Aontais a leathnú i gcaitheamh na hidirthréimhse; ag cur i dtreis go mbaineann sé sin le saoránaigh AE a shroichfidh RA le linn na hidirthréimhse ar cheart dóibh tairbhe a bhaint as na cearta ceannann céanna go háirithe iad siúd a bhaineann le liúntais leanaí, athaontú teaghlaigh agus rochtain ar an sásamh breithiúnach leis an gCúirt Bhreithiúnais;

59.Ag meabhrú gur ghá d’aon socruithe idirthréimhseacha a bheith go hiomlán comhoiriúnach le hoibleagáidí EDT ionas nach gcuirfí isteach ar chaidreamh trádála le tríú tíortha;

 

60.Ag áitiú nach féidir le haon chomhaontú trádála amach anseo a dhéanfaidh RA a chaibidliú le tríú tíortha tar éis di tarraingt siar ón Aontas teacht i bhfeidhm go dtí deireadh na hidirthréimhse ina mbeidh feidhm ag na socruithe idirthréimhse;

61.Ag meabhrú ó dháta tharraingt siar RA ón Aontas Eorpach, nach mbainfidh RA tairbhe a thuilleadh as na comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag AE, nó ag na Ballstáit ag gníomhú dóibh thar a cheann, nó ag AE agus na Ballstát ag gníomhú dóibh go comhpháirteach; á thabhairt dá haire, i rith na hidirthréimhse, go mbeidh RA fós faoi cheangal ag na hoibleagáidí a eascraíonn ó na comhaontuithe sin; ag cur i dtreis go bhfuil an dualgas ar RA go príomha chun socruithe a lorg leis na tríú tíortha sin i gcás ina bhfuil comhaontú i bhfeidhm más mian léi éifeachtaí na gcomhaontuithe atá ann cheana a choinneáil maidir le RA agus nach mbeidh RA in ann páirt a ghlacadh sna struchtúir rialachais agus sna nósanna imeachta cinnteoireachta dá bhforáiltear ag na comhaontuithe sin;

62.Á thabhairt le fios, mar chuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar, nach féidir na socruithe idirthréimhseacha a chur chun feidhme ach amháin nuair a thiocfaidh an comhaontú sin i bhfeidhm;

(iv) Saincheisteanna eile an scartha

 

63.Ag iarraidh go dtiocfar gan mhoill ar chomhaontú ar gach foráil i dtaca le scaradh mar a leagtar amach i gCuid a Trí den dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar agus tathantaíonn sí ar RA teacht chun na caibidlíochtaí le seasamh soiléir, i gcás nach bhfuil ceann aici cheana féin, ar na saincheisteanna uile atá fós le socrú a bhaineann lena tarraingt siar rianúil;

 

Ullmhacht

64.Á chur i bhfios a thábhachtaí atá an obair atá déanta ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar leibhéil éagsúla i dtaca le feasacht a ardú agus i dtaca le hullmhacht; á chur i dtreis, ós rud é gur ann d’éiginnteachtí mar thoradh ar Brexit, ní mór ní hamháin do na hinstitiúidí AE, ach freisin na húdaráis náisiúnta, oibreoirí eacnamaíocha agus go háirithe saoránaigh bheith curtha ar airdeall agus faisnéis cheart a fháil ionas gur féidir leo ullmhú go leordhóthaineach do gach cineál cásanna, lena n-áirítear cás nach mbeidh aon chomhaontú ann; ag áitiú, go háirithe, go ndéanfaí gníomhaíochtaí a bhunú ionsar an líon is mó d’earnálacha agus de dhaoine lena mbaineann, lena n-áirítear na réimsí seo a leanas:

Rochtain leanúnach agus shábháilte ar chógais d’úsáid tréadliachta agus do dhaoine, feistí leighis d’othair, lena n-áirítear soláthar slán agus comhsheasmhach de raidiseatóip;

Seirbhísí airgeadais i gcomhair oibreoirí eacnamúla,

Ullmhacht FBManna agus oibreoirí beaga, lena n-áirítear táirgeoirí bia agus táirgeoirí táirgí iascaigh, trádáil le RA, a d’fhéadfadh nósanna imeachta agus ceanglais onnmhairithe, lena n-áirítear nósanna imeachta agus ceanglais sláintíochta agus fíteashláintíochta, bheith rompu den chéad uair;

Teorainneacha agus srianta a d'fhéadfadh eascairt ón gcreat dlí nua i gcomhair paisinéirí agus earraí a iompair agus an tionchar a imreofar ar chodanna díreach in am den slabhra soláthar, próiseáil agus dáilte bia,

Toilleadh chun lipéadú ceart, inrianaitheacht agus fíorbhunús táirgí talmhaíochta agus iascaigh a áirithiú, chun caighdeáin i dtaca le sábháilteacht bia agus leas ainmhithe a áirithiú chomh maith le faisnéis bheacht do thomhaltóirí ar tháirgí bia,

Creat dlíthiúil i dtaca le cosaint sonraí,

Aithint iomlán, ag an gCoimisiún, ar reachtaíocht AE a bheidh le modhnú mar thoradh ar Brexit;

 

*

*  *

 

65.Á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh, chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig Rialtas na Ríochta Aontaithe.

Ráiteas GUE/NGL faoin rún maidir leis an gcreat don chaidreamh AE-RA amach anseo

 

Tá imní mhór orainn gur chuir an dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar, a aistríonn go foirm dhlíthiúil an Tuarascáil Chomhpháirteach an 8 Nollaig 2017, colg ar rialtas na Breataine. I gcomhréir leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig agus leis na Treoirlínte ón gComhairle an 15 Nollaig, is oth linn nach bhfuil Rialtas na Breataine ag gníomhú de mheon macánta agus go mbraithimid dá bharr sin gur cheart d’aird AE a bheith dírithe ar a áirithiú go mbeidh na gealltanais a rinneadh i rith na chéad chéime á n-urramú go hiomlán agus go ndéanfar iad a aistriú go dílis i dtéarmaí dlíthiúla chomh tapa agus is féidir.

 

Cé go bhfuil codanna dearfacha sa dréachtrún, go háirithe sna réimsí sin ina ndearna na grúpaí polaitiúla idirghabháil ar leibhéal an Choiste, mar sin féin tá fadhbanna i roinnt codanna di freisin. Go háirithe, táimid go tréan i gcoinne a mhéid atá sa dréacht-rún i dtaca le Cosaint agus Slándáil.

 

D’ainneoin go bhfuil amhras orainn faoi roinnt de na míreanna a bhaineann le caidrimh amach anseo, braithimid go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go leanfaidh na grúpaí polaitiúla ag obair go dlúth lena chéile agus go háirithe chun a áirithiú go gcosnóidh agus go gcaomhnóidh an Comhaontú um Tharraingt Siar cearta na milliún saoránach a ndéanfaidh tarraingt siar RA ón AE difear dóibh agus chun Comhaontú Aoine an Chéasta a chaomhnú ina iomláine.

 

 

An nuashonrú is déanaí: 12 Márta 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais