Ceist pharlaiminteach - O-000064/2011Ceist pharlaiminteach
O-000064/2011

Ualach an mhíchothaithe san Eoraip

24.3.2011

CEIST Ó BHÉAL MAILLE LE DÍOSPÓIREACHT O-000064/2011
chuig an gCoimisiún
Rule 115
Jim Higgins, Pat the Cope Gallagher, Alain Cadec, Nessa Childers, Joanna Katarzyna Skrzydlewska, Liam Aylward, Filip Kaczmarek, Marc Tarabella, Vasilica Viorica Dăncilă, Michel Dantin, Gabriele Albertini, Anne Delvaux, Bairbre de Brún, Alojz Peterle, Ramon Tremosa i Balcells, Bill Newton Dunn, Angelika Werthmann, Gay Mitchell, Seán Kelly, Jacqueline Foster, Elizabeth Lynne, Mary Honeyball, Pavel Poc, Roberta Angelilli, Fiona Hall, Monika Smolková, Antigoni Papadopoulou, Marian Harkin, Gaston Franco, Marie-Thérèse Sanchez-Schmid, Nathalie Griesbeck, Renate Sommer, Dimitar Stoyanov, Louis Michel, Hans-Peter Martin, Dominique Riquet, Ioan Enciu, Zuzana Roithová, Konstantinos Poupakis, Daciana Octavia Sârbu, Georgios Papanikolaou, Elena Oana Antonescu

Is fadhb dháiríre do shláinte an phobail san Eoraip í an míchothú ar a gcaithfidh rialtais an AE EUR 120 billiún a chaitheamh gach bliain.

Tá mórán tosca ann is cúis leis an míchothú, lena n-áirítear easpa rochtana ar bhia folláine, easpa goile, coinníollacha meitibileacha nó gan a bheith in ann ithe de bharr breoiteachta nó máinliachta. Is féidir le míchothú moill a chur ar bhiseach nó fad a chur le seal san ospidéal, arb iad so-ghabhálacht ionfhabhtaithe agus níos lú neamhspleáchais agus drochchaighdeán saoil a bhíonn mar thoradh orthu sin.

Léiríonn staidéir ar an mórchóir a cuireadh le chéile i dtuarascáil 2009 an Tionscail um Chothú Leighis ar ‘Dul i ngleic leis an Míchothú’ go bhfuil duine as gach ceathrar san ospidéal i mbaol míchothaithe nó go bhfuil míchothú ag an duine sin cheana, agus go bhfuil suas le 90% de dhaoine atá i gcúram fadtéarmach i measc an phobail i mbaol míchothaithe chomh maith. Agus daonra na hEorpa ag dul in aois go tapa, tiocfaidh méadú ar chostais shóisialta agus eacnamaíocha an mhíchothaithe sna blianta atá romhainn, mura nglacfar bearta coincréiteacha chun feasacht a ardú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb dháiríre seo.

Meán cost-éifeachtúil chun aghaidh a thabhairt ar ualach an mhíchothaithe a bheadh ann dá ndéanfaí nósanna cothaithe a fheabhsú, treoirlínte cothaithe cuimsitheacha a fhorbairt agus dá gcuirfí feabhas ar rochtain na n-othar ar theiripí cothaitheacha.

 I bhfianaise mhéid na faidhbe agus a laghad aitheantais a thugtar di, an rachaidh an Coimisiún i mbun feachtais phan-Eorpaigh chun feasacht a ardú i leith ualach an mhíchothaithe san Eoraip?

 Cad atá i gceist ag an gCoimisiún a dhéanamh – ó thaobh moltaí nó reachtaíocht a chur chun cinn – d’fhonn cabhrú leis na Ballstáit cothú agus cúram cothaithe a lánpháirtiú ina straitéisí um shláinte an phobail agus um ghalair a bhainistiú?

 An dtabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar ualach an mhíchothaithe i ndaoine aosta mar chuid dá phlean gníomhaíochta um aosú gníomhach a bheidh le moladh in 2011?

Tabled: 24.3.2011

Forwarded: 28.3.2011

Deadline for reply: 4.3.2011