Ceist pharlaiminteach - O-000018/2017Ceist pharlaiminteach
O-000018/2017

Cáin a ghearradh ar chalafoirt

13.3.2017

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000018/2017
ar an gCoimisiún
Rule 128
Franck Proust, Renaud Muselier, Michèle Alliot-Marie, Hugues Bayet, Ivo Belet, Alain Cadec, Arnaud Danjean, Michel Dantin, Rachida Dati, Angélique Delahaye, Esther de Lange, Marielle de Sarnez, Gérard Deprez, Nathalie Griesbeck, Françoise Grossetête, Brice Hortefeux, Agnes Jongerius, Marc Joulaud, Philippe Juvin, Jérôme Lavrilleux, Constance Le Grip, Jeroen Lenaers, Louis Michel, Nadine Morano, Elisabeth Morin-Chartier, Maurice Ponga, Frédérique Ries, Robert Rochefort, Claude Rolin, Dominique Riquet, Tokia Saïfi, Anne Sander, Kathleen Van Brempt, Peter van Dalen, Wim van de Camp, Cora van Nieuwenhuizen, Lambert van Nistelrooij, Tom Vandenkendelaere, Hilde Vautmans

I mí Iúil 2013, sheol an Coimisiún ceistneoir maidir le córais agus cánachas na gcalafort chuig gach Ballstát chun staid na gcalafort a shoiléiriú i bhfianaise rialacha AE maidir le státchabhair. Ó shin i leith, ar bhonn an cheistneora, tá tús curtha ag an gCoimisiún le nósanna imeachta foirmiúla a bhaineann le díolúine ó cháin chorparáide do chalafoirt trí Bhallstát (an Ísiltír, an Fhrainc agus an Bheilg). Measann an Coimisiún gur státchabhair atá sa díolúine cánach sin, agus go ndéantar iomaíocht a shaobhadh dá bhrí sin.

Mar sin féin, ní gníomhaithe socheacnamaíocha iad na calafoirt Eorpacha dála gníomhaithe eile. Féadann údaráis chalafoirt dul i mbun misin phoiblí in amanna amhail oibríochtaí póilíní uiscebhealaí nó rochtain chuí a ráthú do gach oibreoir iompair (go háirithe dreidireacht). Bíonn siad rannpháirteach freisin i bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta na gcríoch a bhfreastalaíonn siad orthu. Mar chrainn taca don earnáil iompair Eorpach, is pointí rochtana agus nóid idirmhódúla iad, agus tá ról cinntitheach acu maidir le hearraí agus fuinneamh a sholáthar i dtír ina hiomláine. Ar deireadh thiar, fágann an éagobhsaíocht dhlíthiúil agus an cur chuige stát-ar-stát sin go bhfuil peirspictíochtaí infheistíochta i bhfad níos casta ann do na calafoirt agus do na húdaráis áitiúla a thacaíonn leo.

I bhfianaise a bhfuil thuas, an bhféadann an Coimisiún:

– a bheith níos trédhearcaí i leith thorthaí an cheistneora a seoladh chuig na Ballstáit i mí Iúil 2013?

– gealltanas a thabhairt go gcuirfidh sé tréithe agus seachtrachtaí dearfacha na gcalafort a léirítear thuas san áireamh ina chur chuige?