Ceist pharlaiminteach - O-000039/2017Ceist pharlaiminteach
O-000039/2017

VP/HR - Cur chun feidhme na dTreoirlínte ón gComhairle maidir le LGBTI, go háirithe maidir le géarleanúint ar fhir homaighnéasacha (nó a mheastar a bheith homaighnéasach) sa tSeisnia, an Rúis

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000039/2017
ar an gCoimisiún (Leas-Uachtarán / Ardionadaí)
Rule 128
Soraya Post, Tanja Fajon, Elena Valenciano, Knut Fleckenstein, Pier Antonio Panzeri, thar ceann an Ghrúpa S&D
Ulrike Lunacek, Rebecca Harms, Heidi Hautala, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE
Dennis de Jong, Malin Björk, Eleonora Forenza, Marisa Matias, Helmut Scholz, Stefan Eck, Cornelia Ernst, Merja Kyllönen, Rina Ronja Kari, Marina Albiol Guzmán, Gabriele Zimmer, thar ceann an Ghrúpa GUE/NGL
Marietje Schaake, thar ceann an Ghrúpa ALDE
Ian Duncan, thar ceann an Ghrúpa ECR

Nós Imeachta : 2017/2688(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000039/2017
Téacsanna arna gcur síos :
O-000039/2017 (B8-0219/2017)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

I dTreoirlínte AE maidir le LGBTI, forordaítear cur chuige réamhghníomhach do Thoscaireachtaí AE, agus d’ambasáidí náisiúnta na mBallstát, maidir le cearta LGBTI a chur chun cinn.

Tuairiscíodh le déanaí sa nuachtán Rúiseach, Novaya Gazeta, gur cuireadh 100 fear ar a laghad faoi choinneáil sa tSeisnia, an Rúis, ar amhras iad a bheith homaighnéasach, agus rinneadh céasadh trom orthu agus uiríslíodh iad i bpríosúin neamhoifigiúla. Tuairiscíodh gur maraíodh triúr ar a laghad. Tá go leor fear fós faoi choinneáil i gcoinníollacha uafásacha i bpríosúin, ina ndéantar céasadh orthu agus ina gcaitear ar bhealach mídhaonna leo. Sheán údaráis áitiúla na líomhaintí sin, agus d’fhreagair siad dóibh trí thuilleadh fuatha a ghríosú i gcoinne daoine homaighnéasacha (nó a mheastar a bheith homaighnéasach). Leanann údaráis náisiúnta na Rúise orthu ag tabhairt neamhaird ar na fíricí seo.

Le tamall anuas, tá an staid dhlíthiúil agus/nó an saol mar atá sé i ndáiríre do dhaoine LGBTI ag dul go mór in olcas i roinnt tíortha eile freisin, lena n-áirítear an Nigéir, Uganda, an Éigipt, Sead agus an Indinéis.

Cad atá déanta ag SEGS sa chás áirithe seo maidir le Seisnia, agus an ndeachthas i gcomhairle le heagraíochtaí LGBTI le linn an phróisis? Ar ardaigh SEGS an tsaincheist seo leis na húdaráis Rúiseacha ábhartha chun cosaint dhlíthiúil agus fhisiciúil a áirithiú do na híospartaigh, agus chomh maith leis sin do chosantóirí chearta an duine agus d’iriseoirí atá tar éis aird a tharraingt ar an tsaincheist seo?

Cad atá á dhéanamh ag SEGS chun a chinntiú go gcuirtear na Treoirlínte ón gComhairle maidir le LGBTI i bhfeidhm go comhleanúnach agus go comhsheasmhach i dtíortha éagsúla?